struchtúr an chill
Post on 02-Jan-2016
65 Views
Preview:
DESCRIPTION
TRANSCRIPT
Struchtúr an Chill
Tá gach orgánach déanta as cealla. Tá micreascóip ag tástáil chun iad a fheiceáil.
Úsáideann na heolaithe micreascóip chun staidéar a dhéanamh ar chealla.
2 cineál (a) micreascóip sholais (b) leictreon mhicreascóp
Orgánach aoncheallach - aon chill amháin iontu
Orgánach ilcheallach - bíonn an chuid cealla acu
Teoiric na gcealla – Deir an teoiric seo
go bhfuil gach rud beo déanta as cealla.
Cruth & feidhm éagsúla ag cealla difriúla.
Gnáth chill bíonn craiceann tanaí (cill scannán) thart ar shubstaint a bhíonn mar a bheadh glóthach ann (an cíteplasma).
Bíonn corp cruinn (an núicléas) istigh sa chíteplasma. Bíonn iliomad gráinníní agus struchtúir bheaga ar a dtugtar orgánáidí sa chíteaplasma freisin.
An bun struchtúr a bhíonn ar chill
Chill ainmhithe
Cill scannán
Núicléas
Citeaplasma
Chill Plandaí
Núicléas
Folúisín
Clóroplast
Cill Scannán
Cill bhalla
Citeaplasma
Cealla na n-ainmhithe
Cealla na bplandaí
Níl aon chill bhalla acu.
Bíonn cill bhalla ceallalós thart ar an gcill scánnán plasma.
Bíonn folúisíní an beag nó ní bhíonn aon folúisíní acu.
Bíonn folúisíní i gcealla na bplandaí (spásanna móra ina mbíonn sreabhán.
Níl aon clóraplastí acu.
Glas a bhíonn cealla plandaí mar go mbíonn clóraifi ll iontu. Bíonn an chlóraifi ll laistigh den chill i struchtúir ar a dtugtar clóraplastí
Mion struchtúr na cille
Pór núicleasach
Cromatin (DNA)
Scannán núicleasach
Miteacoindre
Cill bhalla
Cill scannán
citeaplasma
Folúisín
Ribeasóim
Clóraplast
Bíonn an chill scannán an thanaí (ní féidir é a fheiceáil ach le leictreon mhicreascóp).
Cill scannán: déanta as lipidí (saillte) & phróitéiní
Lipidí: Sraith dhúbailte fosfailipide (déchiseal lipidí) Próitéiní: baint leis an gcóras imdhíonach & is
próitéin iompair iad.
Bíonn móilíní in ann gluaiseacht taobh istigh den chillscannán féin.
Cill scannán (Scannán Plasma)
Feidhmeanna Cuireann an cillscannán cruth ar an gcill agus
bíonn sé mar thaca aici
Is é an cillscannán a rialaíonn gabháil substaintí isteach is amach tríd an gcill trí fheidhmiú mar bhac tréscaoilteach roghnaíoch. (i.e. is é is ciall leis sin go scaoileann an cillscannán substaintí áirithe isteach agus amach as an gcill agus go mbacann sé substaintí áirithe eile.)
Próitéin
Dé –chiseal lipídí
An Cillbhalla Cillbhalla thart ar chealla plandaí. Tálann an
cíteplasma an cillbhalla
Feidhm: neart a chur sa phlanda agus tacú leis.
Bíonn an cillbhalla lán-tréscaoilteach agus ligeann sé do na móilíní dul tríd.
Is é an núicléas a rialaíonn an chill.
Coinníonn an núicléas gníomhaíoachtaí na cille ar siúl agus go mbíonn baint mhór aige leis an gcilldeighilt
An Núicléas
Struchtúr - scannán núicleach thart air an núicléas. Póireanna sa núicléas (ligeann said d’ábhar taisteal idir an núicléas agus an cíteplasma.)
Bíonn substaint leath sreabhach (núicléaplasma) sa núicléas.
Núiclín & chrómaitin sa núicleaplasma.
Núiclín: Sféar beag a dhéanann aigéad ribeanúicléasach(RNA). Déantar ribeasóim as an aigéad ribeanúicléasach taobh amuigh sa cíteplasma. Fágann an mRNA an núicléas & téann sé go dtí na ribeasóim.
Stóráiltear ábhair géiniteach/oidhreachtúil sna crómasóim. (aigéad dí-oscai-ribeanúicléasach (DNA) & próitéin atá sa crómasóim.)
Orgánach ilcheallach DNA céanna i ngach uile ceall.
CíteplasmaGlóthach uisciúil ar a dtugtar bonn
substaint é an cíteplasma. Orgánáidí ar fuaidreamh sa bhonn
substaint. Orgánáidí m.sh. miteacoindre, ribeasóim,
núicléas etc.
Miteacoindre Miteacoindre ag gach cill ach amháin baictéar. 2 scannán - mín seachtrach & fillte in-
mheánach. Criostae a thugtar ar na fillteacha sa scannán
inmheánach. Bíonn go leor einsímí ar a dromchla. Feidhm an mhitecoindre –Riospráid na gceall
sa mhitecoindre. Rialú scaoileadh an fhuinnimh.
Go leor miteacoindre i gcealla a mbíonn go leor fuinnimh ag teastáil uathu m.sh. cealla an ae, matán, barr an péacán, bun na bhfréamhacha i bplandaí.
Tá a bhfoinse DNA féin ag miteachoindre.
Scannán mín seachtrach
Scannán inmheánach
Miteacoindre
Bíonn lí clóraifill iontu a chuireann an dath glas ar phlandaí.
Struchtúr - Cruth dioscaí. Scannán seachtrach & scannán inmheánach sa
chlóraplast. Bonn substaint uisciúil (stróma) ann. Lannóga sa ghránam atá neadaithe sa stroma. Feidhm an chlóraplast - Déanann na chlóraplastaí
carbaihiodráití ó sholas na gréine. Fótaisintéis.
Clóraplastaí
Gráinne stáirseDNA Clóraplast
Scannán inmheánach
Scannán eismheánach
Clóraplast
Bíonn ribeasóim i ngach cill. Is struchtúr beaga & cruth uilleach orthu.
Aigéad ribeanúicleasach (RNA) a dhéantar sna ribeasóim
Feidhm: próitéiní a dhéanamh.
Ribeasóim
Aicmítear cealla i 2 príomh saghas - Prócarótacha agus Eocarótacha.
Bíonn scannán timpeall DNA cealla eocarótacha. Tá núicléas acu.
(Tagann an tainm eocarótacha ón Ghréigis a chiallaíonn “fíor núicléas”)
Tá orgánáid sa chill le scannán timpeall orthu.
Cealla Prócarótacha agus Eocarótacha
Cealla prócarótacha – ciallaíonn an téarma seo “riamh núicléas” Níl aon núicléas acu.
Tá DNA a dhéanann fáinne (crómasóim). Níl aon scannán timpeall an DNA & níl aon orgánáid
sa chill.
Prócarótacha Eocarótacha
Gan NúicléasGan Orgánáidí m.sh.chlóraplastaí,mitecoindreCealla beaga m.sh.bactéir
NúicléasOrgánáidí m.sh.chlóraplastaí,miteacoindreCealla móra m.sh.fungais, plandaí, ainmhí
Codanna Struchtúr Feidhm
Cillscannán Lipidí & Próitéiní. Níl aon chruth cinnte
rialaíonn gabháil substaintí
Núicléas Scannán timpeall crómasóim
Rialaíonn sé an chill
Núiclín DNA, RNA, próitéin Déantar RNA anseo
Scannán Núicléach
Scannán plasma dúbailte
Coinníonn sé an núicléas
Póireanna Núicléach
Coimpléascach - próitéin
rialaíonn gabháil substaintí sa núicléas
Folúisín Spás sa cíteplasma Stór uisce & salann
Miteacoindre Orgánáid le 2 scannán
Tarlaíonn riospráid anseo
Ribeasóim RNA & próitéin Déanann siad próitéiní
Cillbhalla Ceallalós -polaisiúicrid
Neart a chur sa planda & tacú leis
Chlóraplaist Scannán dúbailte le clóraifi ll
Tarlaíonn fótaisintéis anseo.
Achoimre den chillstruchtúr
top related