tuarascáil bhliantúil don bhliain dar críoch 31...
Post on 08-Jul-2020
2 Views
Preview:
TRANSCRIPT
Tuarascáil Bhliantúil
Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
Tuarascáil Bhliantúil Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2017
Clár
1 Ráiteas an Chathaoirligh 1
2 An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta 4
3 Beartais Chuntasaíochta NESDO 12
4 Aguisín 1: Comhaltas Bhord NESDO 15
5 Aguisín 2: Comhaltas Chomhairle NESC 15
6 Aguisín 3: Ráitis Airgeadais arna síniú
ag Bord NESDO 18
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
1
Caibidil 1 Ráiteas an Chathaoirligh
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
2
Ráiteas an Chathaoirligh
Bunaíodh an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Sóisialach (NESDO) faoin
Acht um an Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Shóisialach, 2006.
Is é NESDO an comhlacht corparáideach don Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus
Shóisialta (NESC), a chuireann comhairle ar an Taoiseach maidir le saincheisteanna a
bhaineann le beartas straitéiseach i ndáil le forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus
timpeallachta inbhuanaithe in Éirinn.
Cuireann NESDO seirbhísí iomlána riaracháin agus tacaíochta ar fáil do NESC agus
cuireann gach tuarascáil, moladh agus conclúid a eascraíonn ó thionscadail an
chomhlachta sin faoi bhráid an Rialtais agus déanann na socruithe maidir le míreanna
den sórt sin a fhoilsiú chomh maith.
Tugann Treoirlínte maidir le Beartais agus Nósanna Imeachta NESDO breac-chuntas
ar shocruithe rialachais chorparáideach na hOifige, lena n-áirítear feidhmeanna agus
freagrachtaí Bhord agus Foireann NESDO. Comhlíonann na Treoirlínte Cód Cleachtais
chun Comhlachtaí Stáit a Rialú agus déantar athbhreithniú orthu ar bhonn rialta. Tá
mé sásta go bhfuil NESDO ag comhlíonadh na dTreoirlínte sin.
Reáchtáil Coiste Iniúchta NESDO ceithre chruinniú le linn na bliana 2017 ar an 17
Aibreán, an 16 Meitheamh, an 29 Meán Fómhair agus an 15 Nollaig. Tá an Coiste
comhdhéanta de:
An tUasal Ray Henry (Cathaoirleach)
An tUasal Paul McGarry, Roinn an Gnóthaí Eachtracha agus Trádála
An Dr Helen Johnston, NESC.
Feidhmíonn IAU Roinn an Taoisigh mar acmhainn do Bhord agus do lucht
bainistíochta NESDO ó thaobh dearbhú a sholáthar ar leordhóthanacht agus
éifeachtacht córas rialaithe inmheánaigh na heagraíochta, lena n-áirítear rialuithe
airgeadais, oibríochtúla agus comhlíontachta agus bainistíocht riosca.
Leagtar amach sa doiciméad Nósanna Imeachta maidir le Rialú Inmheánach
Airgeadais NESDO na caighdeáin agus na nósanna imeachta cuntasaíochta ar fad,
lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le hairgead tirim, párolla, fáltais, íocaíochtaí,
taisteal agus costas, soláthar, sócmhainní seasta, slándáil teicneolaíocht faisnéise,
rialú buiséid agus coinneáil agus bainistíocht taifead.
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
3
I rith na bliana 2017 rinne Coiste Iniúchta NESDO tuarascáil an Aonaid Iniúchta
Inmheánaigh ar na rialuithe inmheánacha atá i bhfeidhm i NESDO chomh maith le
hiniúchtaí ar an gClár Sócmhainní Seasta agus Soláthar NESDO 2017 a iniúchadh. Níor
thángthas ar aon fhadhbanna suntasacha. Dheimhnigh an Coiste Iniúchta go raibh sé
sásta maidir le leordhóthanacht agus oiriúnacht chóras na rialuithe inmheánacha
laistigh de NESDO.
Feidhmíonn an duine céanna sna poist mar Phríomhoifigeach NESDO agus mar
Stiúrthóir NESC, agus íoctar an duine sin maidir lena phost mar Stiúrthóir NESC agus
ní fhaigheann sé aon luach saothair bhreise, díolaíochtaí ná costais bhreise maidir
lena ról mar Phríomhoifigeach NESDO. Íoctar gach comhalta foirne de chuid NESDO
agus NESC, lena n-áirítear an Príomhoifigeach/Stiúrthóir, de réir ciorcláin ábhartha pá
arna n-eisiúint ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Is deimhin liom go
bhfuil na ciorcláin seo á gcomhlíonadh go hiomlán ag NESDO.
Tá NESDO tiomanta a cuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Acht um Íoc Pras Cuntas,
1997. Cloíodh lena beartas maidir le híocaíocht a dhéanamh ar na sonraisc go léir
laistigh de chreataí ama forordaithe le linn na bliana, agus rinneadh nócha a trí faoin
gcéad (93%) d’íocaíochtaí laistigh de 15 lá ó dháta fála na sonrasc. Ní rabhthas faoi
dhliteanas ús a íoc maidir leis an fhoráil a bhaineann le híocaíochtaí malla.
Dearbhaím nár tharla aon imeachtaí móra tar éis dháta an chláir comhordaithe le linn
na bliana 2017.
Martin Fraser
Cathaoirleach
An Oifig Náisiúnta d’Fhorbairt Eacnamaíoch agus Sóisialach
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
4
Caibidil 2 An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Sóisialta
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
5
Clár Oibre NESC 2017
D'fhoilsigh NESC na tuarascálacha seo a leanas in 2017:
Ag Dul i dtreo Eacnamaíocht Chiorclach in Éirinn: Tugtar le fios (i dTuarascáil NESC
Uimh. 144) go bhfuil cleachtais na heacnamaíochta ciorclaí ag dul ó neart go neart,
ach go bhfuil gníomh ag teastáil chun cur leis an mbuntáiste luath. Léirítear sa
tuarascáil roinnt de na ceannródaithe sin is mó atá chun cinn in eacnamaíocht
chiorclach na hÉireann, a gcoinníonn a gcuid dtáirgí agus a gcuid seirbhísí acmhainní
in úsáid ar feadh tréimhse níos faide, a bhaineann an luach is mó astu agus a
fhaigheann táirgí agus ábhair ar ais.
Cuimsítear sa tuarascáil seo deich gcás-staidéar a rinneadh ar ghnóthaí agus ar
fhiontair shóisialta. Léirítear sa taighde, arna chur i gcrích ag an Dr Simon O’Rafferty,
na deiseanna atá ar fáil do ghnóthaí agus d'fhiontair shóisialta, agus tarraingítear aird
ag an am céanna ar na dúshláin rialála agus shóisialta a bhaineann le héascaíocht a
dhéanamh ar an aistriú chuig eacnamaíocht chiorclach.
Ina tuarascáil, d'fháiltigh an Chomhairle roimh an taighde as léargais úra a chur ar fáil
ar an eacnamaíocht chiorclach in Éirinn trí athruithe i ndearadh táirgí, próisis
táirgeachta, bainistíocht dramhaíola, tomhaltas agus soláthar. Leag an Chomhairle
béim go léirítear sa taighde go bhfuil pócaí nuálacha nach mbeifí ag súil leis i roinnt
gnóthaí dea-bhunaithe atá suite ar theorainn na heacnamaíochta geilleagraí.
Áirítear réimse cuideachtaí agus fiontair shóisialta sna cás-staidéir a bhfuil béim
leagtha orthu sa tuarascáil: gnólacht a dhéanann trealamh IT a athchóiriú agus a
athmhonarú; monaróir a dhéanann múirín nach bhfuil aon mhóin ann; eagraíocht a
bhaineann tochtanna óna chéile agus a athchúrsálann iad; cuideachta eile a
chuireann oideachas, fostaíocht pobail agus oiliúint ar fáil trí throscán, péint, rothair
agus faisean a athúsáid, a dheisiú agus dearadh saolré; gnólacht a dhéanann snáithín
stáplach poileistear as Teireataláit Pholaitéine (PET) athchúrsáilte; cuideachta atá ag
tiontú teas dramhaíola atá ar fáil in uisce te ina fhuinneamh; eintiteas atá ag cruthú
sineirgí idir gnóthaí a bhfuil an iomarca ábhar nó ábhair nach bhfuil ag teastáil uathu
acu; saindearthóir troscán ag a bhfuil bua faoi leith aige i ngluaiseacht fheidhmeach i
ndaoine; obair a mheaitseálann miondíoltóirí bia a bhfuil fuílleach bia acu le
carthanachtaí; agus scéim roinnte carranna.
Chinn an Chomhairle, áfach, go bhfuil acmhainneacht iomlán eacnamaíocht
chiorclach na hÉireann le sainaithint fós. Cé gur gnéithe lárnacha iad den chur chuige
ciorclach go mbeadh éifeachtúlacht acmhainne i gceist agus go ndéanfaí dramhaíl a
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
6
íoslaghdú, tá sé d'acmhainneacht aige a bheith i bhfad níos forleithne ná sin. Tuigeann
go leor rialtas anois gur cuid den aistriú chuig eacnamaíocht agus sochaí íseal-
charbóin iad an eacnamaíocht chiorclach agus an bhitheacnamaíocht. Mar gheall ar
léargais thábhachtacha ó Albain, ón Ísiltír agus ón bhFionlainn léirítear an ról
tábhachtach atá ag tacaíochtaí nuálacha maidir le teacht a bheith ar tháirgí, seirbhísí
agus teicneolaíochtaí nua. Tá tacaíocht beartais láidir agus lárnach ag teastáil chun an
eacnamaíocht chiorclach a neadú i dtosaíochtaí beartais náisiúnta, lena n-áirítear
beartais a bhaineann le fiontar, réigiúin, an tuath agus gníomhú ar son na haeráide.
D'fhéadfadh cur chuige tacúil i leith na heacnamaíochta ciorclaí in Éirinn cuidiú le
fiontair na hÉireann buntáiste iomaíoch a bhaint amach.
Machnamh ar Bheartas Bonneagair agus ar Fhorbairtí Institiúide sa RA: (Páipéar
Rúnaíochta 12 NESC) Sa pháipéar seo, déantar cur síos agus déantar machnamh ar
fhorbairt chur chuige na RA maidir le beartas agus pleanáil bonneagair. Is é is cuspóir
leis fráma tagartha a chur ar fáil chun beartas bonneagair a fhorbairt in Éirinn agus
muid ag filleadh ar leibhéil níos airde infheistíochta. Dírítear sa pháipéar ar
shaincheisteanna institiúideacha agus rialachais: an chaoi a ndéantar pleananna i
leith an bhonneagair a chur le chéile, agus an chaoi a ndéantar cinntí i leith beartas a
dhéanamh, arna bhfreagairt ag páirtithe leasmhara, a chur i bhfeidhm, a chothabháil
agus a mheas.
Luachanna an Nádúir: Ó Bhunúsach go Ríthábhachtach (Sraith Taighde Uimh. 10 an
NESC) Sa pháipéar seo, leis an Dr Craig Bullock, déantar cur síos ar an gcaidreamh atá
idir luachanna daoine agus an timpeallacht nádúrtha, caipiteal nádúrtha agus
seirbhísí éiceachórais ach go háirithe. Scrúdaítear péire de phríomhdhearcthaí an
disciplíne maidir le luachanna: mar a chaitear le luachanna san eacnamaíocht
nuachlasaiceach, agus an cás ar son go leor luachanna soch-chultúrtha arna gcur ar
aghaidh ag disciplíní dá leithéid ar nós na síceolaíochta sóisialta agus na
heacnamaíochta éiceolaíche. Chomh maith leis sin déantar cur síos ar
mhodheolaíochtaí éagsúla chun na luachanna seo a spreagadh, ina n-úsáidtear cuir
chuige cáilíochtúla nó cainníochtúla. Ar deireadh, tugtar roinnt tuairimí ar an
gcaidreamh le hinbhuanaitheacht, ar chaighdeán an tsaoil agus ar chuntasaíocht
comhshaoil.
Meas ar an Nádúr: Dearcthaí agus Saincheisteanna: (Sraith Taighde Uimh. 11 an
NESC) I bpáipéar an Dr Bresnihan féachtar ar chuid de na hargóintí a thacaíonn le cur
chuige an Chaipitil Nádúrtha a ghlacadh agus ar bhealaí ina gcuirtear ina n-aghaidh.
Tugtar achoimre ar na dearcthaí éagsúla agus caolchúiseacha a bhíonn ann ar an
mbealach trínar chóir meas a bheith ar an nádúr ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta de
agus ar conas mar is féidir na luachanna seo a aistriú ina straitéisí caomhnaithe. Mar
gheall air sin, is mó seans go mbeidh díospóireacht níos leithne ann maidir le bealaí
éagsúla ar féidir linn féachaint ar an nádúr, meas a bheith againn uirthi agus í a eagrú
ar bhealaí ina ndearnadh neamhaird uirthi le fiche nó tríocha bliain anuas.
Áiríodh iad seo a leanas ar na himeachtaí NESC a reáchtáladh in 2017:
Ag Dul i dtreo Eacnamaíocht Chiorclach in Éirinn – Cruinniú Comhchéime, Ar an 5
Aibreán 2017, d'óstáil NESC cruinniú comhchéime ar na deiseanna agus ar na dúshláin
straitéiseacha a bhaineann le cleachtais agus beartais na heacnamaíochta ciorclaí a
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
7
chur chun cinn in Éirinn. Le linn an phlé, díríodh ar dhúshláin eacnamaíochta,
shóisialta agus comhshaoil bunaithe ar shamplaí faoi leith den taithí a bhí ag
cuideachtaí agus fiontair shóisialta na hÉireann. Chomh maith le bheith dírithe ar
Éirinn, áiríodh mar chuid den cheardlann rannpháirtíocht as an Ísiltír agus as Albain,
tíortha ina bhfuil dul chun cinn déanta i gcleachtais agus i mbeartais na
heacnamaíochta ciorclaí. Fad is a bhí pacáiste thogra an AE maidir leis an
eacnamaíocht chiorclach á thabhairt chun críche, rinneadh machnamh ar cheist
thábhachtach: cén chruth a bheadh ar chur chuige uaillmhianach i leith eacnamaíocht
chiorclach na hÉireann a fhorbairt? Ar na cainteoirí de chuid na hÉireann, áiríodh: An
Dr Simon O’Rafferty; Cecil Conaty, Wellman/Indorama; An Dr Sarah Miller,
Rediscovery Centre; agus Tim Duggan, Enrich Soils. Áiríodh ar na cainteoirí
idirnáisiúnta: Paola Migliorini, Stiúrthóireacht i bhfeighil na hEacnamaíochta Ciorclaí,
An Coimisiún Eorpach; An tOllamh Jacqueline Cramer, Ollscoil Utrecht; Ramon
Arratia, Ball Corporation; Iain Gulland, Zero Waste Scotland, agus Emma Shaw, The
Library of Things.
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
8
Comhráite i ndáil le hEacnamaíocht Chiorclach in Éirinn–Seoladh na Tuarascála, an
25 Deireadh Fómhair, 2017. Sheol NESC an tuarascáil taighde, Ag Dul i dtreo
Eacnamaíocht Chiorclach in Éirinn: Cás-staidéir na hÉireann, a scríobh an Dr Simon O’
Rafferty mar aon le Tráchtanna na Comhairle. Déantar taifead sa taighde ar na
deiseanna agus ar na dúshláin atá roimh dheich n-eagraíocht cás-staidéir agus iad ag
obair chun cleachtais níos ciorclaí a thabhairt isteach ina ngnóthaí agus ina múnlaí
fiontraíochta sóisialta. Cuireann an cur chuige 'ón mbun aníos' seo i leith scrúdú a
dhéanamh ar an eacnamaíocht chiorclach go mór le hábhar na díospóireachta atá ag
teacht chun cinn in Éirinn.
Cruinnithe Idirnáisiúnta Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta Bhallstáit an AE (ESCanna)
Ghlac NESC páirt i gcruinniú bliantúil Chomhairlí Eacnamaíocha agus Sóisialta
bhallstáit an Aontais Eorpaigh agus Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.
Tionóladh cruinniú 2017 Chomhairle Eacnamaíochta, Sóisialta agus Comhshaoil i mí
an Mheithimh i Málta. Chomh maith le heolas a roinnt ar obair na gcomhairlí agus ar
an riocht atá ar an dialóg shóisialta agus shibhialta i ngach ceann de na ballstáit,
pléadh an téama 'I dTreo Margadh Fostaíochta atá Cothrom agus Ionchuimsitheach i
gComhthéacs na Soghluaiseachta laistigh den Aontas' ag an gcruinniú.
Cruinnithe Idirnáisiúnta de chuid Líonra Eorpach na gComhairlí um Fhorbairt Inbhuanaithe (EEAC)
Reáchtáladh an 25ú Comhdháil Bhliantúil de chuid Líonra Eorpach na gComhairlí
Comhairleacha um Fhorbairt Inbhuanaithe (EEAC) ar an 12 Deireadh Fómhair 2017 i
Maastricht, an Ísiltír. Bá é teideal na himeachta ná: I dTreo Chlár Oibre 2030 agus ina
dhiaidh: Comhoibriú san Eoraip laistigh d'idirphlé saoránaigh-eolaíocht-beartas nua.
Thug lucht eagraithe na comhdhála faoi deara gur mar gheall ar thaidhleoireacht, ar
chomhairle beartais bunaithe ar eolaíocht agus ar ghealltanais pholaitíochta a
rabhthas ábalta Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus Comhaontú Pháras
a chur i gcrích. D'áitigh siad áfach, go raibh gá le hathsmaoineamh a dhéanamh ar an
idirphlé idir eolaíocht, beartas agus sochaí le go bhféadfaí Clár Oibre 2030 a chur i
bhfeidhm. Áiríodh mar chuid den chomhdháil go roinnfeadh saineolaithe a bhfuil
aitheantas idirnáisiúnta acu agus lucht ceaptha beartas eolas ar a chéile, agus go
mbeadh cainteanna comhchéime ann ar réimse ábhar gaolmhar. D'fhreastail
rannpháirtithe ó bhallstáit éagsúla de chuid an AE – i.e cathaoirligh ar chomhairlí
comhairleacha, comhaltaí comhairle, lucht ceaptha beartas, ceannairí tuairimíochta
agus saineolaithe éagsúla.
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
9
Cruinnithe NESC a tionóladh le linn 2017
I ndiaidh athbhunú na Comhairle, eagraíodh trí chruinniú in 2017: an 23 Bealtaine, an
24 Meán Fómhair agus an 18 Nollaig. Mar chuid den téarma nua seo den Chomhairle
bhí ainmní amháin ar iarraidh ann in aghaidh gach piléir mar gheall ar athrú in
ionadaíocht Roinne Rialtais. Ní raibh ach triúr den seachtar ball neamhspleácha
socraithe.
Le linn 2017, rinne an Rúnaíocht an iliomad cur i láthair ar obair an NESC, bhí sí
rannpháirteach chomh maith i réimse comhdhálacha, seimineár agus ceardlann agus
d’fhreastail ar líon coistí agus ar ghrúpaí oibre. Tá roinnt de na gníomhaíochtaí sin
liostaithe thíos.
Bhí an Stiúrthóir, an Dr. Rory O’Donnell, ina chomhalta ar na comhlachtaí seo a leanas:
An Grúpa um Rialachas Eacnamaíoch, an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha;
Grúpa Maoirseachta Atógáil Éireann, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais
Áitiúil;
Cathaoirleach Ghrúpa Chomhairleach an Chreata Náisiúnta Pleanála;
Grúpa Stiúrtha d'athbhreithniú ar threoir maidir le hanailís costais is tairbhe,
IGEES, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; agus
Grúpa Stiúrtha don Dialóg Náisiúnta maidir le Gníomhú ar son na hAeráide (NDCA)
An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil
Tugadh cuireadh don Stiúrthóir le bheith ina aoichainteoir agus ina rannpháirtí ag na himeachtaí seo a leanas:
‘‘Cáin Chorparáide: Cothroime, Freagracht agus Ceannaireacht’, Baile Átha Cliath,
mí Feabhra;
'Imeacht Seirbhíse Poiblí Sinsearach maidir leis an gCreat Náisiúnta Pleanála',
Coiste Feidhmiúcháin Líonra Rúnaí Cúnta na Státseirbhíse (ASN), Baile Átha Cliath,
mí Feabhra;
'Comhdháil Bhliantúil Chumann Pleanála UCC', Corcaigh, mí Feabhra;
'Úinéireacht nó Cíos' 'Céard atá i ndán d'Éirinn', Seimineár de chuid na
Gníomhaireachta Tithíochta, Baile Átha Cliath, mí Márta;
'An Léargas Nua Réigiúnach: Treonna Nua' Cumann na Léann Réigiúnach, Baile
Átha Cliath, mí Meithimh;
Aitheasc chuig Bord Ceartas Sóisialta na hÉireann, Loch Garman, mí Meithimh;
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
10
Rannpháirtí in athbhreithniú IMF ar chur chuige na hÉireann maidir le rialachas
agus bainistíocht a dhéanamh ar infheistíocht chaipitil phoiblí agus ar bhonneagar,
Baile Átha Cliath, mí Iúil agus
Siompóisiam Idirnáisiúnta na Cóiré ar Dhialóg Shóisialta, trí skype, mí na Samhna.
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
11
An Dr. Larry O'Connell (Eacnamaí Sinsearach):
Le linn 2017 bhí an Dr O'Connell ina chomhalta de:
Grúpa Anailísíochta Tithíochta, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil;
Grúpa Stiúrtha Tionscadail do Chleachtadh Thodhchaí na Teicneolaíochta, An
Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta;
Coiste Monatóireachta an Chláir Forbartha Tuaithe (RDP) 2014-2020 agus
Grúpa Comhairleach Inniúlachta Gáis.
An Dr Helen Johnston (Anailísí Beartas Sinsearach):
I rith na bliana 2017 bhí an Dr Johnston ina comhalta de:
An Lárionad um Staidéar Trasteorann (Cathaoirleach);
An Grúpa Comhairleach Teicniúil maidir le Táscairí agus Sonraí Bochtaineachta;
Bord Tionscnamh Forbartha Leanaí agus Coiste Comhairleach Taighde Iarthar
Thamhlachta;
An tIonad don Líonra um Fhorfheidhmiú Seirbhísí Éifeachtacha;
An Grúpa Comhairleach um Meastóireacht ar an gClár Cothaithe;
Grúpa Comhairleach Taighde Focus Ireland;
Líonra Bainisteoirí Taighde.
Coiste Comhairleach Áitiúil den Chomhdháil Dhomhanda faoi Shláinte Meabhrach
na mBan; agus
Grúpa Tionscadail Saotharlainne EP-DEM
Tugadh cuireadh di a bheith ina haoichainteoir ag na himeachtaí seo a leanas:
‘Fís ar Fad ach gan Athrú? Cinntitheoirí i gCur i bhFeidhm’, Clár Dochtúireachta
Rialachais na hInstitiúide Poiblí Riaracháin, Baile Átha Cliath, Eanáir;
'Méid na hOibleagáide', Comhdháil maidir le Brí a Thabhairt do Chearta
Eacnamaíochta, Sóisialta agus Cultúrtha, Baile Átha Cliath, mí Márta;
'Stát Leasa na hÉireann san Aonú hAois is Fiche', Seoladh Leabhair, Baile Átha
Cliath, mí Márta;
'Rochtain ar Sheirbhísí Ardchaighdeáin', Fóram maidir le hIonchuimsiú Sóisialta,
Baile Átha Cliath, mí Bealtaine;
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
12
'Ráthaíocht in aghaidh na Bochtaineachta – Comhairliúchán agus Teagmháil le
Páirtithe Leasmhara', Seimineár Buiséadaithe Comhionannais, Baile Átha Cliath,
mí Meithimh;
'Líonta Tí agus Caighdeán na Seirbhísí Tacaíochta' Scoil Samhraidh Leasa
Shóisialaigh, Baile Átha Cliath, mí Lúnasa;
'Taighde a Bhainistiú i ndáil le beartas', Taighde de chuid an Údaráis Náisiúnta
Míchumais agus Seimineár Oiliúna Beartais, Baile Átha Cliath, mí Meán Fómhair;
‘Fís ar Fad ach gan Athrú? Cinntitheoirí i gCur i bhFeidhm’, Teastas Iarchéime de
chuid Choláiste na Tríonóide san Eolaíocht Forfheidhmithe, Tamhlacht, mí na
Samhna; agus
'An Chúis go mBaineann Tábhacht le hIonchuimsiú Gníomhach: An duine a chur
ag croílár na seirbhíse', Comhdháil INOU, Baile Átha Cliath, mí na Samhna.
Rinne sí taighde agus scríobh sí:
'Ráthaíocht in aghaidh na Bochtaineachta – Próiseas Éabhlóideach i dtreo an
bhochtaineacht a laghdú' in Administration, Iml. 65, Uimh. 3, 2017.
An Dr Damian Thomas (Anailísí Beartas Sinsearach):
I rith na bliana 2017 rinne an Dr Thomas cuir i láthair agus bhí sé rannpháirteach sna
himeachtaí seo a leanas:
'Cur chuige nua do Bheartas Bonneagair – an cás ar son Larionad Beartas
Bonneagair' chuig toscaireacht Bainistíochta Sócmhainní Infheistíochta Poiblí
(PIMA) an IMF, Baile Átha Cliath, mí Iúil;
Comhdháil Bhliantúil na Léann Réigiúnach, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath,
mí Meithimh;
Comhdháil Bhliantúil Chumann na Léann Réigiúnach, Baile Átha Cliath, mí Mheán
Fómhair;
agus
An Dr Anne-Marie McGauran (Anailísí Beartas):
I rith na bliana 2017, bhí an Dr. McGauran ina comhalta de:
Bord na heagraíochta Teaghlach Amháin (Cisteoir agus Leas-Chathaoirleach);
Grúpa Comhairleach Chlár um Shláinte Gnéis & Thoirchis Ghéarchéime an FSS
(Cathaoirleach); agus
Grúpa Stiúrtha Monatóireachta Comhtháite an ESRI
Rinne sí cur i láthair agus bhí sí rannpháirteach sna cruinnithe agus sna himeachtaí seo a leanas:
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
13
'Leas Sóisialach agus Gníomhachtú do Pháirtnéirí, NERI, Baile Átha Cliath;
'Taithí Lucht Déanta Beartas' Tionscadal Saotharlainne EP Dems, Baile Átha Cliath;
agus
'Beartas Poiblí a chur i bhfeidhm', UCD agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha
Cliath.
Chomh maith leis sin rinne sí maoirsiú ar thráchtas máistreachta ar easpa dídine ag
Lárionad Léann na nInscí agus na mBan, Coláiste na Tríonóide.
An Dr Jeanne Moore (Anailísí Beartais):
I rith na bliana 2017, bhí an Dr. Moore ina comhalta de:
Grúpa Comhordaithe um Thaighde Náisiúnta Inbhuanaithe;
Meastóir Taighde Inbhuanaithe EPA agus Grúpa Forléargais Náisiúnta; agus
Na Coistí Stiúrtha ar thrí thionscadal taighde EPA.
Tugadh cuireadh di a bheith ina haoichainteoir ag na himeachtaí seo a leanas:
'Muinín an Phobail a Chothú' Díospóireacht Phainéil, Comhdháil Bhliantúil Eirgrid,
Baile Átha Cliath, mí Eanáir;
Cathaoirleach, 'Seisiúin Maidine: na hImpleachtaí a bheidh ag an mBreatimeacht
ar an gComhshaol ar Oileán na hÉireann', Parlaimint na hEorpa, Baile Átha Cliath,
mí Meithimh;
Fóram Domhanda ar an Eacnamaíocht Chiorclach' Heilsincí, an Fhionlainn, mí
Meithimh;
'Dea-iompar: Athrú Iompair agus Athrú Aeráide', Future Earth/Acadamh Ríoga na
hÉireann, Baile Átha Cliath, mí na Samhna; agus
'Coiste um Beartas Comhshaoil, Ibec, Baile Átha Cliath, mí na Samhna.
.
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
14
Caibidil 3 Beartais Chuntasaíochta NESDO
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
15
Beartais Chuntasaíochta
1.1.1 Coinbhinsiún an Chostais Stairiúil
Ullmhaítear na Ráitis Airgeadais ar bhonn fabhruithe faoi choinbhinsiún an chostais
stairiúil de réir prionsabail chuntasaíochta a nglactar leo go ginearálta seachas sa chás
go luaitear a mhalairt.
1.1.2 Aithint Ioncam
Aithnítear Deontas i gCabhair a fhaightear ó Roinn an Taoisigh sna Ráitis Airgeadais
ar bhonn fáltais airgid.
Aithnítear ioncam a fhaightear ó dhíolachán foilseachán agus ioncam comhdhála
nuair a dhéantar sonrasc ina leith. Sa chás go léirítear nach féidir na hairgid a fháil,
déantar foráil maidir le fiacha amhrasacha.
Comhoibríonn NESDO le heagraíochtaí eile ar thionscadail chomhchistithe a
d’fhéadfadh seasamh níos faide ná aon bhliain amháin. Aithnítear an t-ioncam seo ar
bhonn fáltais airgid.
1.1.3 Airgeadra Eachtrach
Déantar idirbhearta in airgeadraí seachas an euro a thaifeadadh ag na rátaí arna rialú
ar dháta na n-idirbheart nó ar dháta conraithe. Aistrítear sócmhainní airgeadaíochta
agus dliteanais go euro ar dháta an chláir comhardaithe nó ar dháta conraithe.
Déileáiltear le difríochtaí sa ráta malairte sa Ráiteas Chuntas Ioncaim agus
Caiteachais.
1.1.4 Sócmhainní Inláimhsithe
Léirítear sócmhainní seasta ag costas lúide dímheas carntha. Déantar dímheas a
ríomh chun costas sócmhainní inláimhsithe a dhíscríobh dá luachanna iarmharacha
measta thar a saol úsáideach measta trí thráthchodanna comhionanna.
Tá saol úsáideach measta sócmhainní inláimhsithe le tagairt don dímheas a ríomhtar
mar seo a leanas:
Troscán: 5/10 mbliana;
Trealamh: 5 bliana.
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
16
Aoisliúntas
Tá baill foirne NESDO ina mbaill den scéim pinsin d'Fhostaithe Stáit Neamhbhunaithe.
Is scéim neamhranníocach í an scéim seo do phinsean scoir agus do shochair
chnapshuime an oifigigh féin. Tá ranníocaíochtaí iníoctha don Scéim do Chéilí agus
Leanaí. Cuireann NESDO na ranníocaíochtaí sin ar ais chuig an Roinn Airgeadais trí
Roinn an Taoisigh. Dá réir sin, níl aon dliteanas ar NESDO maidir le socruithe
aoisliúntais na foirne seo.
Le linn na bliana 2017, thug Roinn an Taoisigh triúr comhaltaí foirne ar iasacht do
NESDO, a bhí clúdaithe ag scéimeanna aoisliúntais a bhí i bhfeidhm sa Roinn sin.
Rinne NESDO aisíocaíocht leis an Roinn maidir le tuarastal, ÁSPC fostóra agus
aoisliúntas na gcomhaltaí foirne áirithe seo. D’fhabhraigh aisíocaíochtaí ar bhonn
míosúil agus cuireadh síos ar an Ráiteas Ioncaim agus Caiteachais iad. Glac Roinn an
Taoisigh freagracht as párolla agus feidhm aoisliúntais maidir leis na comhaltaí foirne
seo.
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
17
Aguisíní
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
18
Aguisín 1: Comhaltas Bhord NESDO
An tUasal Martin Fraser, Roinn an Taoisigh (Cathaoirleach)
Elizabeth Canavan Uasal, Roinn an Taoisigh
Príomhoifigeach NESDO, An Dr Rory O’Donnell
Aguisín 2: Comhaltas Chomhairle NESC
Is mar seo a leanas a ainmníodh comhaltaí na Comhairle do 2011-2016:
An tUasal Martin Fraser (Cathaoirleach)
Elizabeth Canavan Uasal, (Leaschathaoirleach)
Triúr Comhaltaí ó Ghnólachtaí agus Fostóirí:
Maeve McElwee Uasal, Stiúrthóir Caidrimh Fostóirí, Ibec
An tUasal Tom Parlon, Ard-Stiúrthóir, CIF
An tUasal Ian Talbot, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, Chambers Ireland
Triúr Comhaltaí ó Cheardchumainn:
Patricia King Uasal, Ard-Rúnaí, ICTU
An tUasal Tom Geraghty, Ard-Rúnaí, PSEU
An tUasal Shay Cody, Ard-Rúnaí, IMPACT
Triúr Comhaltaí ó ghrúpaí Feirmeoireachta agus Talmhaíochta:
An tUasal Damian McDonald, Ard-Stiúrthóir, IFA
An tUasal John Enright, Ard-Rúnaí, ICMSA
An tUasal TJ Flanagan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, ICOS
Triúr Comhaltaí ó ghrúpaí Pobail agus Deonacha:
An Dr Seán Healy, Social Justice Ireland
Brid O'Brien Uasal, Eagraíocht Náisiúnta na hÉireann do Dhaoine Dífhostaithe
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
19
An tUasal James Doorley, Stiúrthóir Cúnta, Comhairle Náisiúnta na nÓg
Triúr Comhaltaí ó ghrúpaí Comhshaoil:
An tUasal Michael Ewing, Comhordaitheoir, Environmental Pillar
Kate Ruddock Uasal, Leas-Stiúrthóir, Friends of the Earth Ireland
Oonagh Duggan Uasal, Leascheann na Rannóige: Beartas agus Tacaíocht, Cairde
Éanlaithe Éireann
Ceithre Comhaltaí ón tSeirbhís Phoiblí:
An tUasal Derek Moran, Ard-Rúnaí, An Roinn Airgeadais
An Dr Orlaigh Quinn, Ard-Rúnaí, An Roinn Gnó, Fiontair agus Nuálaíochta
An tUasal John McCarthy, Ard-Rúnaí, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtas
Áitiúil
An tUasal Robert Watt, Ard-Rúnaí, An Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
Comhaltaí neamhspleácha arna n-ainmniú ag an Taoiseach:
An tUasal Philip Hamell, Roinn an Taoisigh
An tOllamh Edgar Morgenroth, DCU
An Dr Michelle Norris, Scoil na hEolaíochta Sóisialta Feidhmí, Institiúid Geary UCD
Stiúrthóir NESC, an Dr Rory O’Donnell
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
20
Aguisín 3: Ráitis Airgeadais arna síniú ag Bord NESDO
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
21
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
22
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
23
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
24
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
25
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
26
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
27
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
28
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
29
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
30
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
31
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
32
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
33
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
34
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
35
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
36
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
37
AN OIFIG NÁISIÚNTA UM FHORBAIRT EACNAMAÍOCH AGUS SHÓISIALTA TUARASCÁIL BHLIANTÚIL 2017
38
top related