an Áit a bhfuil cónaí orm - curriculum | ccea · an Áit a bhfuil cónaí orm is é...

26
An Áit a bhFuil Cónaí Orm Is é príomhthéama an aonaid seo páistí a chur ar an eolas faoi nádúr idirspleách na scoile agus an phobail áitiúil, an áit a bhfuil cónaí orthu. Tá sé tábhachtach go bhfoghlaimeoidh páistí óga faoi na dóigheanna a dtig leo cur leis an áit a bhfuil cónaí orthu. Maireachtáil mar bhall de phobal Forbairt phearsanta agus Comhthuiscint: Bonnchéim Bliain 2 Snáithe 2: Comhthuiscint sa Phobal Áitiúil agus sa Mhórphobal Aonad 7: An Áit a bhFuil Cónaí Orm Aonaid Chomhlántacha: ‘Réiteach le Daoine Eile’ ‘Tá mé ag Foghlaim...’ ‘Gráinne agus Tríona’ 2 Bliain Bonnchéim

Upload: others

Post on 20-May-2020

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

An Áit a bhFuilCónaí Orm

Is é príomhthéama an aonaid seo páistí a chur ar an eolas faoi nádúr idirspleách na scoile agus an phobail áitiúil, an áit a bhfuil cónaí orthu. Tá sé tábhachtach go bhfoghlaimeoidh páistí óga faoi na dóigheanna a dtig leo cur leis an áit a bhfuil cónaí orthu.

Maireachtáil mar bhall de phobal

Forbairt phearsanta agus Comhthuiscint: Bonnchéim Bliain 2Snáithe 2: Comhthuiscint sa Phobal Áitiúil agus sa MhórphobalAonad 7: An Áit a bhFuil Cónaí OrmAonaid Chomhlántacha: ‘Réiteach le Daoine Eile’ ‘Tá mé ag Foghlaim...’ ‘Gráinne agus Tríona’

2BliainBonnchéim

Cur chuige teagaisc

IdirspleáchasIs próiseas leanúnach dúinn uilig é comhthuiscint a fhorbairt. Má dhéantar idirspleáchas a eiseamláiriú ar bhonn laethúil ar scoil, beidh sin ina chuidiú ag na páistí an tábhacht atá le hidirspleachas sna comhthéacsanna ina maireann siad a thuiscint: sa bhaile, ar scoil, sa phobal agus sa saol mór.

Le cuidiú leis na páistí tuiscint a fháil ar nádúr idirspleách na scoile, bíodh baint acu le tascanna a phlé agus a dháileadh amach. Thig leat seo a bhaint amach fosta trí dheiseanna a thabhairt do pháistí níos sine a bheith páirteach in imeachtaí le páistí óga. Le cuidiú leis na páistí meas a bheith acu ar ionchur daoine níos sine agus ar ionchur na ndaoine sin nach bhfuil aithne acu orthu, bíodh deiseanna acu a bheith ag obair le baill an mhórphobail, mar shampla, Am Ciorcail idirghlúine a reáchtáil inar féidir comhdheacrachtaí agus comheispéiris a roinnt.

Is cuid den saol laethúil é athrú. Braitheann an dearcadh atá againn ar athrú ar an taithí atá againn air.

Is rud maith é do pháistí taithí a fháil ar athrú mar chuid de ghnáthaimh an lae. Nuair a mhínítear athrú agus nuair a thugtar cúis leis, bíonn sé níos fusa glacadh leis. Is minic a chruthaítear deiseanna nua mar gheall ar athrú. Má bhíonn dearcadh dearfach agat féin ar athrú, cuideoidh sé sin leis na páistí glacadh le hathrú mar ghnáthimeacht a thitfidh amach arís agus arís eile.

Le léargas cothrom a thabhairt ar dhaoine as tíortha eile, bain úsáid as réimse leabhar, deiseanna TFC agus eispéiris phraiticiúla. Bain úsáid as eolas a léiríonn cathracha nua-aimseartha chomh maith le bailte tuaithe, éadaí nua-aimseartha chomh maith le feisteas náisiúnta, tithe na mbocht chomh maith le tithe lucht an airgid, srl.

Athrú

Léargas Cothrom

Dul chun cinn san fhoghlaim

Thig liom na daoine a oibríonn sa seomra ranga againn a ainmniú.

Thig liom labhairt faoin obair a dhéanann siad.

Thig liom labhairt faoi dhóigheanna a dtig liom cuidiú lena gcuid oibre a dhéanamh níos fusa.

Tá a fhios agam go bhfuil sé cothrom go ndéanfaidh mé mo dhícheall le bheith cuidiúil.

Thig liom moltaí a thabhairt maidir leis an dóigh le timpeallacht an ranga a fheabhsú.

Thig liom labhairt faoi dhaoine a chuidíonn sa phobal s’againne.

Thig liom labhairt faoi dhaoine a oibríonn go deonach sa phobal s’againne.

Thig liom eagraíochtaí do dhaoine óga sa phobal s’againne a liostú.

Thig liom labhairt faoi dhóigheanna a dtig linn uilig cuidiú leis an timpeallacht.

Thig liom labhairt faoi dhóigheanna a gcuidím féin leis an timpeallacht.

Croí-eispéiris foghlaim le bheith mar bhall de phobal

Áit :- a ndéanann páistí roghanna, a ndéanann siad a súgradh féin a eagrú agus a n-éiríonn siad

neamhspleách ar dhaoine fásta i ngnáthghníomhaíochtaí an lae, mar shampla, glanadh suas má dhoirteann siad rud éigin, ag cur a naprún orthu, agus ag cur a gcuid oibre ar taispeáint;

- a bhfoghlaimíonn siad faoi chomhoibriú, sealaíocht agus roinnt;- a bhfanann siad i mbun gníomhaíochtaí go deireadh, gníomhaíochtaí deacra san áireamh; agus- a gcuidíonn siad le haire a thabhairt do phlandaí agus ainmhithe.

Ag tógáil ar an Réamhscolaíocht

Ag obair ag an Bhonnchéim

Maireachtáil mar bhall de phobal a fhiosrú agus a phlé:

Ag dul i dtreo Eochairchéim 1Iad féin a fhorbairt mar bhaill den phobal:

- tosú ar an chaidreamh atá acu le daoine fásta agus le páistí eile a aithint;- tosú ar thuiscint a fháil ar idirspleáchas phobal an ranga/na scoile agus orthu

féin mar bhaill rannpáirteacha; agus- a n-aird a dhíriú ar an dearcadh atá acu i leith daoine eile i bpobal na scoile.

- idirspleáchas phobal na scoile a aithint;- a bheith eolach ar an dóigh le hidirghníomhú i bpobal na scoile, an dóigh a n-éisteann siad

lena chéile, an dóigh a bhfreagraíonn siad dá chéile agus an dóigh a gcaitheann siad lena chéile;

- a bheith eolach ar cé agus ar cad é a théann i bhfeidhm ar a dtuairimí, a mothúcháin agus a n-iompar ar scoil;

- a bheith eolach ar cé agus ar cad é a théann i bhfeidhm ar a dtuairimí, a mothúcháin agus a n-iompar sa bhaile; agus

- tuiscint a bheith acu ar an dóigh ar féidir a dtimpeallacht a dhéanamh níos fearr nó níos measa agus an ról a d’fhéadfadh a bheith acu féin.

Bonnchéim Bliain 2 Snáithe 2: Comhthuiscint sa Phobal Áitiúil agus sa Mhórphobal An Áit a bhFuil Cónaí Orm

2

‘Obair ar siúl’ atá sa phleanáil agus is leis an mhúinteoir agus leis na páistí araon í. Tá sé tábhachtach cuimhneamh gur cheart eolas a chur léi nó a bhaint di de réir mar a théann an topaic chun cinn agus de réir mar a fhorbraíonn an fhoghlaim. Is é a rinne an rang sa ghrianghraf, agus iad ag foghlaim faoi dhaoine i bpobal na scoile agus sa phobal áitiúil, an seisiún a bhí acu le maor tráchta na scoile a nascadh leis na héadaí oibre a chaitheann an duine seo.

Cuspóir foghlamaA ról i bpobal na scoile a thuiscint

Foghlaim le chéile

3

Bainistiú eolais

Tosú le fócas. Ceisteanna a chur agus ceisteanna a fhreagairt leis an tasc a shoiléiriú;

Faisnéis a roghnú (le cuidiú) ó ábhair agus áiseanna atá curtha ar fáil agus bealaí a mholadh le faisnéis a fháil;

Treoracha a leanúint a bhaineann le tasc. Tosú ar phleanáil; agus

Modhanna simplí le faisnéis a chlárú a aithint agus a úsáid.

Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta faoi dheireadh na Bonnchéime

Smaointeoireacht, fadhbréiteach agus cinnteoireacht

A léiriú go bhfuil siad ábalta rudaí a chur de ghlanmheabhair trí thaithí agus scéalta a thabhairt chun cuimhne agus a struchtúrú;

Breathnuithe a dhéanamh agus cuntais a thabhairt ar an méid a thugann siad faoi deara;

Cumas a léiriú imeachtaí agus faisnéis a sheicheamhú agus a chur in ord agus an rud iomlán/codanna a fheiceáil. A rá cé acu atá réada agus imeachtaí cosúil lena chéile/éagsúil lena chéile, réada a chur i ngrúpaí; agus

Tuartha simplí a dhéanamh agus féidearthachtaí a fhiosrú.

Bheith cruthaitheach

Bheith fiosrach agus ceisteanna a chur faoin domhan thart orthu. Na céadfaí uilig a úsáid le spreagthaí a fhiosrú agus le freagairt dóibh;

Bheith in ann labhairt ar na cuimhní agus ar an taithí acu;

Súgradh a dhéanamh ar mhaithe le sult mar chineál de léiriú cruthaitheach. Bheith sásta tabhairt faoi dhúshláin; agus

Léiriú a dhéanamh le smaointe a thriail.

Ag obair le daoine eile

Bheith sásta bheith páirteach. An dóigh a fhoghlaim le bheith ag obair agus ag súgradh le chéile;

Nósanna éisteachta, sealaíochta, roinnte agus comhoibrithe a fhorbairt;

Bheith ábalta foghlaim agus rudaí á léiriú ag daoine eile;

Bheith eolach ar an dóigh ar féidir lena ngníomhartha dul i bhfeidhm ar dhaoine eile;

Focail a úsáid a bheadh oiriúnach do dhaoine agus do chásanna éagsúla; agus

Bheith muiníneach le daoine fásta agus le páistí eile i gcomhthéacsanna éagsúla.

Féinbhainistiú

Labhairt faoin rud atá ar siúl acu agus faoin méid atá foghlamtha acu;

Cumas a fhorbairt fócasú, aird a choinneáil agus cloí le tascanna go deireadh;

Feasacht a fhorbairt ar a gcuid mothúchán i dtaca leis an fhoghlaim de, ar na rudaí is maith leo agus na rudaí nach maith leo;

Bheith ábalta roghanna agus cinntí a dhéanamh; agus

Cuidiú a iarraidh ar dhuine fásta nó ar chara.

TimpeallachtBall de..

Páirt a ghlacadh

Focail agus abairtí a chluinfidh agus a úsáidfidh mé

Trasna an Churaclaim: An fhoghlaim a nascadh

An t-idirspleáchas i mo shaol féin agus sa saol mór a fhiosrú

Teanga agus Litearthacht An Domhan Thart Orainn An Domhan Thart Orainn

Eolas a chur ar ghnéithe den timpeallacht

Smaoinigh

Oibrí Deonach

4

Úsáid shóisialta teanga a fhorbairt trí labhairt le daoine fásta agus le daltaí eile

Pobal

Gníomhaíocht 3A bheith páirteachFiosraíonn na páistí na heagraíochtaí a bhfuil siad ina mbaill díobh agus déanann siad machnamh ar an dóigh a bhfuil sin ina chuidiú acu foghlaim faoi obair foirne agus faoi chomhfhreagracht.

Gníomhaíocht 4An áit seo thart ormDéantar an áit a bhfuil cónaí ar na páistí agus an dearcadh atá ag daoine eile ar an áit sin a fhiosrú.

Gníomhaíocht 1Daoine a bhfuil aithne agam orthuDéantar róil agus freagrachtaí daoine i bpobal na scoile a fhiosrú.

Gníomhaíocht 2Daoine ar mhaith liom aithne a chur orthuFoghlaimíonn na páistí faoi dhaoine sa phobal. Beidh tuiscint níos fearr acu ar an dóigh a dtiocfadh leo a bheith ina mbaill rannpháirteacha den phobal sin.

EagraíochtaíBheith

páirteach i…CúramMeas

Cumainn

Roinnt

5

Gníomhaíochtaí foghlama

Gníomhaíocht Foghlama 1: Daoine a bhfuil aithne agam orthu

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Aithneoimid agus ainmneoimid daoine a oibríonn linn agus a chuidíonn linn a bheith ag obair le chéile sa seomra ranga.Beimid ábalta labhairt faoin obair a dhéanann siad agus faoin dóigh a dtig linn cuidiú leo.

CROÍ-CHOINCHEAP

Tosaíonn páistí ag cur lena n-eolas agus lena dtuiscint ar chúram agus roinnt trí bheith ag idirghníomhú lena dteaghlach, le cairde, le daoine ar scoil agus, de réir a chéile, leis an phobal áitiúil. Le go dtuigfidh daoine óga nádúr idirspleách an bhaile agus an tseomra ranga, chomh maith lena ról féin mar rannpháirtithe, caithfear a oiread deiseanna agus is féidir a thabhairt dóibh le freagracht a léiriú. Ba chóir go bhfágfadh na deiseanna seo go mbíonn siad in ann freagracht a léiriú mar dhaoine aonair, agus nuair a bhíonn siad ag obair le daoine eile a bhfuil aithne acu orthu agus a bhfuil muinín acu astu.

Is den dea-chleachtas go fóill é duine fásta a bheith ann le beannú do na páistí agus iad ag teacht isteach sa seomra ranga ar maidin. Mothaíonn na páistí go bhfuil fáilte rompu, mar a bhí amhlaidh i mBliain 1. Déan iarracht an beannú a threisiú trí rud éigin dearfach a rá nó trí lámh a leagan ar a ngualainn, b’fhéidir. Cé go bhfuil sé úsáideach beannú do

Beannú agus Fáiltiú

GNÉITHE LE SONRÚBeidh aithne ag na páistí ar na daoine sin i bpobal na scoile ar bhuail siad leo i mBliain 1. Tógann aonad na bliana seo ar an eolas agus ar an tuiscint ar idirspleáchas a d’fhorbair siad i mBliain 1.

DE DHÍTH- Measúnú Rioscaí (Áis A)- Taifead Cuairteoirí (Áis B)

LE DÉANAMH- Beannú agus Failtiú- Cruinniú na Maidine- Measúnú Rioscaí- Daoine a Chuidíonn Linn sa Seomra

Ranga

na daltaí lena fháil amach cén spionn atá orthu, is deis atá ann fosta do na páistí blúiríní beaga eolais a roinnt leat. Léiríonn sé dóibh cé chomh tábhachtach agus atá sé meas a bheith againn ar a chéile agus ainmneacha daoine eile a úsáid agus muid ag beannú dóibh. Mol do na páistí beannú duit féin chomh maith.

6

Cruinniú na MaidineGo luath ar maidin, bailigh na páistí le chéile ar feadh tamall gairid lena bhfuil beartaithe agat don lá sin a phlé leo. Thiocfadh leat na himeachtaí a léiriú ar sceideal ar féidir é a athrú gach lá, mar shampla, ar ‘líne níocháin’. Tá seo tábhachtach go háirithe má tá na páistí ag dúil le gníomhaíocht nach mbeidh ann ar chúis éigin. Má bhíonn athrú sa ghnáthamh, agus má thugtar cúis leis an athrú, bíonn sin ina chuidiú ag páistí a thuiscint go dtarlaíonn athrú agus nach gcaithfidh sé bheith ina thubaiste mhór!

Measúnú Rioscaí Má bhíonn deis ag na páistí tabhairt faoi mheasúnú rioscaí, beidh seo ina chuidiú acu tuar a dhéanamh, barúlacha a chosaint, réitigh fhéideartha a ghiniúint, naisc a dhéanamh idir cúis agus iarmhairt agus torthaí a mheas i gcomhthéacs a thuigeann siad. Beidh tú in ann go leor deiseanna a chur ar fáil do na páistí a bheith páirteach i measúnú rioscaí le linn na bliana. Mar shampla, thiocfadh leis na páistí cuidiú leat measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le siúlóid dúlra, le turas chuig an ionad garraíodóireachta nó le cuairt ó shiopadóir áitiúil.

Ba chóir an ghníomhaíocht seo a dhéanamh le chéile an chéad chúpla uair, mar shampla, nuair a bhíonn na páistí agus na daoine fásta uilig le chéile le himeachtaí an lae a phleanáil.

Daoine a Chuidíonn Linn sa Seomra RangaIarr ar na páistí liosta a dhéanamh de dhaoine a chuidíonn leis an seomra ranga a choinneáil mar ba chóir dó a bheith. Ar an dóigh seo, gheobhaidh tú léargas ar an tuiscint atá acu ar ionchur daoine eile. Cuir ceisteanna dúshlánacha ar na páistí lena chinntiú go gcuireann siad daoine nach bhfeiceann siad/nach bhfeiceann siad gó rómhinic iad san áireamh. Dála na gníomhaíochta ar Mheasúnú Rioscaí, fágfaidh an ghníomhaíocht seo go mbeidh deis ag na páistí naisc a dhéanamh idir cúis agus iarmhairt agus léirthuiscint a fháil ar idirspleáchas phobal iomlán na scoile.

Nuair a bheidh an liosta déanta ag na páistí, cuir ceist orthu cén duine ar an liosta ar mhaith leo cuireadh a chur air/uirthi cuairt a thabhairt ar an seomra ranga. Spreag iad le ceisteanna a chumadh le cur ar an duine faoina p(h)ost. Ansin, iarr orthu smaoineamh ar bhealaí a dtiocfadh leo cuidiú leis an chuairt a phleanáil agus a reáchtáil. Thiocfadh leat tús abairte ar nós An gcuideodh sé dá_________? a úsáid. Ansin thiocfadh leis na páistí smaoineamh ar na róil a bheadh ina gcuidiú acu an chuairt a reáchtáil, mar shampla, daoine leis an chuireadh a dhéanamh, leis an chuireadh a scríobh, leis an chuireadh a chur ar an duine, le fáilte a chur roimh an duine ar an lá, le grianghraif a thógáil, le bheith mar chathaoirleach, srl.

Ar lá na cuairte, déan cinnte de go gcuireann na páistí ceist ar an aoi faoi na dóigheanna a dtiocfadh leo cuidiú leis/léi. B’fhéidir go mbeadh sé fóirsteanach do na páistí bealaí a mholadh ina dtiocfadh leis an aoi cuidiú leo féin. Coinnigh Leabhar Cuairteoirí Ranga agus bain úsáid as grianghraf leis an chuairt a thaifeadadh. Breac síos cinntí tábhachtacha ar bith a dhéantar. Thiocfadh leat fosta, na páistí a chur ag obair i ngrúpaí leis an chuairt a thaifeadadh agus meáin éagsúla in úsáid acu, mar shampla, péint, líníocht, grianghraf nó colláis. Thiocfadh leat iad seo a shábháil i Leabhar Gearrthóga Cuairteoirí Ranga. Tá teimpléad in Áis B a thig leat a chur in oiriúint, de réir mar is gá, le cruthaitheacht a spreagadh. Déan meastóireacht rialta ar na cinntí a éiríonn as na cuairteanna seo agus cuir in oiriúint iad de réir mar is cuí.

Le cuidiú leis na páistí mothú go bhfuil siad rannpháirteach sa phlé agus go nglactar lena dtuairimí (Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste), bailigh thart ar leathanach smeach-chairte ar an urlár iad agus taifead a gcuid tuairimí ar dhóigh struchtúrtha (féach Áis A). Níos faide ar aghaidh sa bhliain, agus taithí níos fearr acu ar mheasúnú rioscaí agus ar an scríbhneoireacht, iarr orthu rioscaí a mheasúnú ina ngrúpaí agus a gcuid torthaí a chur i láthair an ranga. Ar an dóigh seo, beidh na páistí freagrach astu féin agus as daoine eile, agus iad ag foghlaim faoin dóigh le bheith ag obair le chéile, le meas a bheith acu ar smaointe daoine eile, agus le comhaontú a bhaint amach maidir le gnáthaimh an tseomra ranga.

7

Gníomhaíocht Foghlama 2: Daoine ar mhaith liom aithne a chur orthu

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Tabharfaimid cuairt ar bhall amháin den phobal áitiúil.

Tabharfaidh ball amháin den phobal áitiúil cuairt orainne.

Ainmneoimid na dóigheanna a dtig linn cur leis an phobal agus a dtig leis an phobal cur lenár bhfolláine.

CROÍ-CHOINCHEAP

Tá páistí an lae inniu níos eolaí ar a bpobal áitiúil agus ar na deiseanna atá ann le gníomhaíochtaí a dhéanamh taobh amuigh den scoil. Tá sé tábhachtach gur eispéiris dhearfacha iad seo, mar is orthu seo a bheidh a dtuiscint ar an dóigh a gcuireann siad féin le nádúr idirspleách an phobail áitiúil agus an domhain mhóir bunaithe.

Cuairteanna ar…

GNÉITHE LE SONRÚEispéireas foghlama saibhir é do pháistí cuairt a thabhairt ar áit taobh amuigh den scoil. Ba chóir an chuairt a phlé agus a phleanáil le chéile roimh ré agus tuilleadh gníomhaíochtaí a dhéanamh ina diaidh. Tá béim san aonad seo ar an cheantar áitiúil, áit ar a dtig cuairteanna gairide éifeachtacha a thabhairt. Ná déan dearmad ar na físcheamaraí agus ar na ceamaraí digiteacha leis an chuairt a thaifeadadh!

DE DHÍTH - Cuairt a bhunú ar ábhar spéise- Ceamara digiteach- Físcheamara

LE DÉANAMH- Cuairteanna ar…- Cuairteanna ó…

Faoi Bhliain 2, beidh baint níos mó ag na páistí i do rang le gníomhaíochtaí sa phobal áitiúil, agus beidh go leor acu eolach ar áiseanna áitiúla. Pleanáil cuairt ar ionad áitiúil leis na páistí. Faigh smaointe ó na páistí iad féin tríd an tsuim a léiríonn siad agus iad i mbun comhrá nó trí phlé a éiríonn as obair topaice. Thig leat eolas a fháil fosta ó nuachtáin áitiúla agus phobail agus ón fhoireann teagaisc agus neamhtheagaisc, a mbeidh go leor acu ina gcónaí sa cheantar áitiúil.

8

Bíodh ról ag na páistí maidir leis an chuairt a phleanáil, trí úsáid a bhaint as léaráidí oiriúnacha, amanna oscailte a iarraidh ar an ghuthán, modh taistil a phleanáil, litreacha buíochais a scríobh, srl. Déan cinnte de go bhfeiceann na páistí an obair uilig a dhéanann na daoine san ionad sa dóigh go mbeidh tuiscint níos fearr acu ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an obair sin. Féach fosta Measúnú Rioscaí i nGníomhaíocht 1. Tá sé tábhachtach an chuairt agus na cuspóirí foghlama a phleanáil agus a phlé leo siúd san ionad a chomh maith.

Áiteanna ar fiú cuairt a thabhairt orthu:

PáircGarraí ScóirGairdín ÁitiúilIonad Garraíodóireachta

FeirmBúistéirSiopa Torthaí agus Glasraí

Bíonn cuairteanna den chineál seo ina gcuidiú ag páistí naisc a dhéanamh. Foghlaimíonn páistí, mar shampla, go bhfaightear bainne ó bha, go bhfaightear feoil ó bhulláin, go bhfaightear torthaí agus glasraí ó fhoinsí áitiúla agus domhanda araon, srl. Spreagann Gníomhaíocht 4 san Aonad seo páistí le smaoineamh ar shaincheisteanna áitiúla agus domhanda.

Iarsmalann Taispeántas Ealaíne/GailearaíLimistéar Fiadhúlra

Bíonn cuairteanna den chineál seo úsáideach le taighde a dhéanamh ar an stair áitiúil, ar cheardaithe, ar ealaíontóirí nó ar an dúlra.

Stáisiún Dóiteáin Stáisiún OtharcharrannaStáisiún PóilíníOtharlannAerfort

Bíonn cuairteanna den chineál seo úsáideach le nasc a dhéanamh idir cúis agus iarmhairt agus leis na róil atá ag oibrithe riachtanacha a fhiosrú.

Siúlóid ón Scoil Thart ar an Cheantar

Is deis é seo lena fháil amach cad é atá ar eolas ag na páistí faoina gceantar féin. Cuir ceist ar na páistí An bhfuil a fhios agaibh cén úsáid a bhaintear as an fhoirgneamh seo? Cé a rachadh ann? Cad chuige a rachadh siad ann? Cad é a dhéanfadh siad ann? An rachfadh sibh féin ann? Cad chuige a/nach rachfadh sibh?

Dírigh aird na bpáistí ar fhoirgnimh áitiúla, mar shampla, eaglaisí, áiteanna adhartha eile, hallaí pobail, bainc, siopaí carthanachta, srl. Agus eaglaisí agus áiteanna adhartha eile á bplé agaibh (idir Chríostaí agus Neamh-Chríostaí), is féidir cosúlachtaí agus éagsúlachtaí a phlé agus an teanga shainiúil a bhaineann le gach cultúr a úsáid. Mar a léiríonn Connolly et al (2002, lch 52), éiríonn páistí níos eolaí ar an éagsúlacht ag an aois seo agus “má spreagtar iad le meas a bheith acu ar an éagsúlacht, is lú seans go mbeidh dearcthaí diúltacha acu amach anseo”.

Bheadh cuairteanna den chineál seo ina gcuidiú ag na páistí dá mbeadh siad ag dearadh gairdín don scoil nó dá rang. Is féidir itheachán folláin a chur chun cinn trí thorthaí agus ghlasraí a fhás. Léiríonn cuairteanna den chineál seo cén dóigh ar féidir taighde, fíricí agus barúlacha a úsáid le cuidiú le pleanáil éifeachtach a dhéanamh.

9

Gníomhaíocht Foghlama 2: Daoine ar mhaith liomaithne a chur orthu (ar lean)

10

Cuairteanna ó…Murar féidir cuairt oideachasúil a eagrú, iarr ar bhall den phobal áitiúil cuairt a thabhairt ar an seomra ranga. Thiocfadh leat an chuairt a shocrú roimh an chuairt ar an ionad sa cheantar áitiúil chomh maith. Má tá na páistí le bheith mar bhaill rannpháirteacha dá bpobal, caithfidh siad a bheith rannpháirteach go gníomhach agus go feidhmiúil. Bíodh gníomh éigin le déanamh ag na páistí i ndiaidh na cuairte. Ar deireadh, déan cinnte de nach ndaingníonn na cuairteoirí a roghnaíonn tú steiréitíopaí inscne!

Roinnt moltaí maidir le cuairteanna:

Cuairteoirí Nasc féideartha

Ealaíontóir nó ceardaí áitiúil Gníomhaíochtaí Ealaíne agus Deartha a bhaineann leis an topaic

Báicéir áitiúil Gníomhaíocht fiontraíochta, mar shampla:- bocairí sláintiúla a dhéanamh don ghrúpa drámaíochta áitiúil agus labhairt le

páistí réamhscoile faoin saol ar scoil;- rudaí a bhácáil do sheandaoine a bhfuil siad le cuairt a thabhairt orthu; nó- sólaistí a chur ar fáil d’aíonna speisialta.

Tá naisc ann fosta le heolaíocht agus le huimhearthacht.

Siopa bláthanna In áit na páistí a bheith ag ceol mar chór sa phobal áitiúil, thiocfadh leis an rang iomlán bláthanna a chur ar fáil do lón pobail. Thiocfadh leis na páistí na táblaí a chóiriú, naipcíní a fhilleadh, sceanra a leagan amach agus bláthanna a ullmhú agus a thabhairt ann. Níl sé leath chomh mealltach le hamhránaíocht ach léiríonn sé do na páistí an obair a dhéantar sa chúlra agus na ‘laochra gan iomrá’ a bhíonn de dhíth le himeachtaí den chineál seo a reáchtáil!

Bainisteoir ar áras áitiúil seandaoine

Thiocfadh leis na páistí moltaí a dhéanamh maidir le cuairt a thabhairt ar áras áitiúil seandaoine. Ba chóir dóibh níos mó na carúil na Nollag a mholadh. Thiocfadh leat seo a nascadh leis an Ghníomhaíocht ar Mheasúnú Rioscaí: athbhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le cuairt ar áras seandaoine agus ionchais réadúla a leagan amach do na páistí faoina mbeidh le feiceáil ann agus faoi iompar cuí.

Cumainn áitiúla spóirt C.O., Saincheisteanna sláinte (féach Gníomhaíocht 3 fosta)

Sólann C.O., Saincheisteanna sláinte (féach Gníomhaíocht 3 fosta)

An Chomhairle Áitiúil Saincheisteanna timpeallachta (féach Gníomhaíocht 4 fosta)

Leabharlannaí Ábhair agus topaicí curaclaim (féach Gníomhaíocht 3 fosta)

Daoine ón phobal, mar shampla gaolta, duine ó chumann áitiúil, srl.

Am ciorcail, cluichí clóis

Duine le labhairt leis an rang maidir le fadhb sláinte nó míchumas páiste áirithe – ach cead a fháil ón pháiste agus óna t(h)uismitheoirí/c(h)úramóirí ar dtús agus moltaí a fháil maidir leis an duine ab oiriúnaí

Comhthuiscint: comhbhá agus comhoibriúSeirbhísí Peiripitéiteacha

Gníomhaire taistil An Domhan Thart Orainn11

Gníomhaíocht foghlama 3: A bheith páirteach

CRITÉIR RATHA MHOLTA

Ainmneoimid gníomhaíocht, eagraíocht nó cumann amháin ar a laghad do pháistí sa cheantar áitiúil.

Labhróimid faoi rudaí a thig le páistí a dhéanamh in eagraíocht nó i gcumann amháin ar a laghad sa cheantar áitiúil.

CROÍ-CHOINCEAP

Má bhíonn páistí óga páirteach i ngníomhaíochtaí, i gcumainn agus in eagraíochtaí sa phobal áitiúil, daingneofar na naisc atá acu leis an phobal sin. Trí na gníomhaíochtaí seo, feicfidh siad iad féin mar bhaill rannpháirteacha idirghníomhacha den phobal.

Comharthaí agus Siombailí

GNÉITHE LE SONRÚMá tá páistí le breathnú orthu féin mar bhaill luachmhara rannpháirteacha den phobal, bíonn sé ina chuidiú acu a bheith ina mbaill de ghrúpa áitiúil. De réir Airteagal 15 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste, tá sé de cheart ag páistí teacht le chéile agus a bheith ina mbaill de ghrupaí nó d’eagraíochtaí, fad is nach gcuireann sin isteach ar chearta daoine eile.

DE DHÍTH - Grianghraif de chomharthaí/

shiombailí timpeallachta agus cultúir

- Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1 agus 2 (Féach rannán na nÁiseanna Breise san Aonad seo)

LE DÉANAMH- Comharthaí agus Siombailí- Grúpaí Lena mBainimid - Saincheisteanna Áitiúla

I nGníomhaíocht 2, moladh go dtabharfadh na páistí cuairt ar ionad sa phobal áitiúil. Má dhéanann sibh turas siúlóide, beidh tú in ann aird na bpáistí a dhíriú ar na comharthaí timpeallachta agus siombailí cultúir atá le feiceáil, mar shampla:- cros eaglaise;- comharthaí bóthair;- lógónna eagraíochtaí;- ‘tor ar lasadh’.

12

Is féidir seo a dhéanamh má úsáideann sibh modh eile taistil chomh maith.

Más féidir é, tóg grianghraif roimh an turas de chomharthaí/shiombailí ar bith a bheidh le feiceáil agaibh, agus bain úsáid astu seo le plé a spreagadh/cluichí cuimhne a imirt agus sibh ar ais sa seomra ranga. Caithfimid uilig a bheith eolach ar chomharthaí agus ar shiombailí inár bpobal. Baineann go leor cumann agus eagraíochtaí úsáid as comharthaí agus siombailí, a bhíonn le feiceáil ar a suaitheantas go minic. Bíonn mana ag cuid acu chomh maith. Iarrann go leor de na heagraíochtaí seo ar na baill éadaí ar leith nó éide a chaitheamh. Má tá fáil ag na páistí ar cuid ar bith acu seo, iarr orthu iad a thabhairt isteach agus a mhíniú (agus duine fásta eolach a bheith leo más féidir).

Grúpaí Lena mBainimid Iarr ar na páistí cur i láthair a dhéanamh faoi eagraíocht nó cumann ar bith a bhfuil siad ina mbaill díobh, mar shampla, cumann damhsa, snámha, spóirt, na Gasóga, na Banóglaigh srl. Sa dóigh go mothóidh gach páiste go bhfuil luach leis/léi, spreag na páistí sin nach bhfuil ina mbaill de chumann ar bith taobh amuigh den scoil, cur i láthair a dhéanamh faoi ghrúpa lena mbaineann siad ar scoil. Iarr moltaí ar na páistí faoi dhóigheanna a dtig leo insint do dhaoine eile faoi na grúpaí seo. Má bhaineann níos mó ná duine amháin leis an ghrúpa chéanna, thiocfadh leo a bheith ag obair le chéile.

Leis an chur i láthair a dhéanamh, thiocfadh leis na páistí póstaer a úsáid, mar shampla, a léiríonn siombail na nGasóg agus a thugann eolas ar na gníomhaíochtaí agus na rudaí eile a thig le páistí a dhéanamh ann. Spreag na páistí le cur i láthair cothrom a dhéanamh, ina léirítear na buntáistí agus na míbhuntáistí atá i gceist, mar shampla, bainim sult as an snámh ach bíonn orm éirí go han-luath ar maidin le cleachtadh a dhéanamh nuair a bhíonn an linn snámha druidte don phobal. Iarr orthu gan ainmneacha na mball eile ná ainmneacha na gceannairí

a lua. Spreag na páistí le teastais nó suaitheantais ar bith a bhain siad a thabhairt isteach agus lena mhíniú cad é a rinne siad lena mbaint. Spreag na páistí eile le machnamh a dhéanamh ar a mbeadh orthu a dhéanamh le gradaim den chineál seo a bhaint. Pléigí na gradaim sin a bhaineann le heaglaisí. Chomh maith leis sin, spreag an lucht éisteachta le ceisteanna ábhartha a chur, mar shampla, cén aois a chaithfidh a bheith agat le dul isteach ann? Agus cén creideamh a chaithfidh a bheith agat le dul isteach ann?

Ansin, déan taispeántas gnóthachtála agus grianghraif phearsanta de na páistí sa rang nó grianghraif as nuachtáin in úsáid agat. Thig leis na páistí cur leis seo i rith na bliana. Más féidir é, iarr ar cheannaire an ghrúpa cuidiú leis an chur i láthair, cinnteoidh sé seo go dtabharfaidh na páistí eolas cruinn faoin chumann/eagraíocht. Thiocfadh leat fosta siombailí a sheasann don eagraíocht a chrochadh as an Chrann Cuidithe (féach Aonad Gorm, Gníomhaíocht 2). Ar deireadh, déan cinnte de go bhfuil ceannaire an ghrúpa soiléir faoi chuspóir na cuairte – seisiún eolais agus ní deis earcaíochta!

Saincheisteanna Áitiúla Má chuireann páistí eolas ar na grúpaí a ndéanann freastal orthu sa cheantar áitiúil, beidh siad níos eolaí ar na mórcheisteanna a théann i bhfeidhm orthu ina bpobal, mar shampla, easpa áiteanna súgartha, easpa áiseanna cosanta gar d’uisce, áis páistí atá le druidim, athruithe maidir leis an lá scoile, srl. Spreag na páistí le díospóireacht a dhéanamh ar na ceisteanna seo, leis na buntáistí agus míbhuntáistí a phlé agus le teacht ar chinneadh ranga maidir le rud a thiocfadh leo a dhéanamh. Bíonn cásanna réadúla den chineál seo ina gcuidiú ag na páistí mothú gur baill rannpháirteacha den phobal iad – pobal an ranga, pobal na scoile nó an pobal áitiúil. Is féidir modheolaíochtaí éagsúla a úsáid le deis a thabhairt do gach páiste páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta, mar shampla, Vótáil Cnaipí (Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéimeanna 1&2 lch 23). Faoin mhodheolaíocht seo, bain úsáid as trí nó ceithre cinn de na moltaí a rinne na páistí. Ansin, tabhair cnaipe greamaitheach do gach páiste lena chur in aice leis an mholadh is fearr leis/léi. Glacfar leis an mholadh a bhfuil an líon is mó cnaipí in aice leis. Ina áit sin, thiocfadh leis na páistí Díospóireacht Siúil (lch 75) a úsáid. Cuirtear ‘Aontaím’ ag taobh amháin den seomra agus ‘Easaontaím’ ag an taobh eile. Is féidir ‘Níl Mé Cinnte’ a bheith i lár an tseomra agus thig le gach páiste a b(h)arúil a chur in iúl trí bhogadh chuig an áit is oiriúnaí. Tá sé tábhachtach go gcuirfear an cinneadh deiridh i bhfeidhm le hionchur ó na páistí.

bí páirteachbíbí pápáiáirrteachrteachirtrteteaeacachch

13

Gníomhaíocht Foghlama 4: An áit seo thart orm

CRITÉAR RATHA MOLTA

Ainmneoimid dóigheanna a dtig linn aire a thabhairt don timpeallacht áitiúil.

CROÍ-CHOINCHEAP

Tá béim ar cheisteanna comhshaoil san aonad seo.

Bain úsáid as an Idirlíon leis an domhan, an ilchríoch, an tír, an contae agus an scoil a thaispeáint do na páistí. Bain úsáid as léarscáil mhór den cheantar agus as grianghraif a thug na páistí isteach le labhairt faoi ghnéithe áitiúla. Déan taispeántas ranga dar teideal “An Áit a bhFuil Cónaí Orm” a léiríonn roinnt áiteanna thart ar an scoil agus ceangail den léarscáil iad le ribín daite. Iarr ar na páistí an tsráid nó an bóthar ar a bhfuil cónaí orthu a tharraingt lena dteach féin agus a bhfuil suite ar an dá thaobh de a thaispeáint. Ansin, iarr orthu na fuaimeanna is féidir leo a chluinstin gar dá dteach a liostú, agus a líníocht a phlé/a mhíniú do dhaoine eile. Bain úsáid bioráin dhaite leis an áit a bhfuil cónaí ar gach páiste a mharcáil ar an léarscáil.

Cá bhFuil Mé?

GNÉITHE LE SONRÚBíonn an t-eolas atá ag páistí ar a gceantar féin bunaithe ar an táithí atá acu ar an áit sin agus is minic gur táithí teoranta é seo. Tá sé mar aidhm ag an aonad seo páistí a spreagadh le labhairt faoi na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann leis an áit a bhfuil cónaí orthu. Le tacú leis an phlé, spreag na páistí lena gcuid barúlacha a mhíniú.

DE DHÍTH- Rudaí Is Maith Linn/Rudaí Ba Mhaith Linn a Athrú (Áis C)

LE DÉANAMH - Cá bhFuil Mé? - Ealaín agus Dearadh - Síolta a Fhás- An bhFuil sé Cothrom? - Ceisteanna Comhshaoil - Athchúrsáil

14

Ealaín agus Dearadh

Tabhair na páistí ar cuairt chuig an ceantar áitiúil le foirgneamh, crann nó plandaí (mar shampla, sabhaircíní, coinnle corra, rósanna, srl.) a tharraingt agus le grianghraif a thógáil díobh. Iarr ar na páistí na líníochtaí a chríochnú agus méadaigh na grianghraif lena gcur leis an taispeántas. B’fhéidir gur mhaith le cuid de na páistí bróidnéireacht nó colláis a dhéanamh. B’fhéidir gur mhaith le roinnt eile acu cré a úsáid nó samhail 3T a dhéanamh le hábhair in-athchúrsáilte.

An bhFuil sé Cothrom?I ndiaidh do na páistí an bia a d’fhás siad a ithe, labhair leo faoi Thrádáil Chóir agus spreag iad le smaoineamh ar an domhan mór. Spreag iad le machnamh a dhéanamh ar na naisc atá acu leis na daoine a chuireann bia ar fáil dúinn. Cuir ceist orthu cé a bhain an sochar is mó as an bhia a d’fhás siad? An síleann siad go bhfuil seo cothrom? Taispeáin banana don rang agus cuir ceist orthu cé ba chóir an sochar is mó a bhaint as bananaí a fhás. Bain úsáid as an Idirlíon le turas banana ón Chairib chun na hÉireann a fhiosrú. Pléigh líon na ndaoine a raibh baint acu leis seo – ón uair a baineadh an banana go dtí gur bhain sé an siopa torthaí amach. Mínigh gur cuireadh tús le Trádáil Chóir lena chinntiú go gcaithfí go cothrom le hoibrithe agus go saothródh siad go leor airgid le híoc as na bunriachtanais acu – bia, dídean, éadaí, leigheas agus scolaíocht. Cuir siombail na Trádála Córa leis na cinn atá bailithe agaibh cheana féin.

Síolta a FhásTabhair síolta do na páistí le go dtig leo iad a chur agus fhás sa seomra ranga. Ba chóir síolta a fhásfaidh ina rud álainn (ar nós bláthanna), nó ina rud is féidir a ithe (ar nós prátaí nó leitíse) a chur ar fáil. Más féidir é, fiosraigh dóigheanna ar féidir seo a dhéanamh i ngairdín beag. Bain úsáid as na bláthanna agus as an bhia a fhásann sibh ar ócáidí speisialta, agus tóg grianghraif de na hócáidí seo le cur leis an taispeántas “An Áit a bhFuil Cónaí Orm”. Thiocfadh leat an ghníomhaíocht seo a dhéanamh i ndiaidh do na páistí cuairt a thabhairt ar gharraí scóir nó i ndiaidh do gharraíodóir áitiúil cuairt a thabhairt ar an rang. Ar na cuairteanna, thiocfadh leis na saineolaithe comhairle a chur ar na páistí maidir leis na plandaí a thiocfadh leo a fhás agus na dóigheanna is fearr lena gcur.

Ceisteanna Comhshaoil Spreag na páistí le labhairt ar ghnéithe dearfacha den áit a bhfuil cónaí orthu. Má tá gnéithe speisialta ann amhail críochchomhartha nó suíomh ársa, iarr orthu smaoineamh ar ghnáthrudaí fosta mar atá ceol na n-éan, calóga sneachta, comharsana maithe, cairde sa cheantar, srl. Bain úsáid as Áis C lena gcuid freagraí a thaifeadadh. Ansin, iarr orthu smaoineamh ar chuid de na rudaí nach bhfuil chomh maith sin faoin áit a bhfuil cónaí orthu. Mar shampla, an gcaitheann daoine bruscar nó guma coganta ar an talamh? An ndéanann daoine barraíocht calláin san oíche? An bhfuil seo cothrom? Ar Áis C, taifead rud ar bith ba mhaith leo a athrú. Cad e a dhéanann an pobal áitiúil faoi na fadhbanna seo? Cad é a thiocfadh leis an scoil a dhéanamh?An dtiocfadh leis an rang rud ar bith a dhéanamh?

Athchúrsáil Cé chomh heolach agus atá na páistí ar an tionscnamh Laghdaigh, Athúsáid agus Athchúrsáil – sa bhaile, ar scoil agus sa cheantar áitiúil? Thiocfadh leat an tsiombail seo a chur leis na cinn a phléigh sibh i nGníomhaíocht 3. Déan iad seo a nascadh le “Rudaí Ba Mhaith Linn a Athrú” in Áis C. Spreag na páistí le smaoineamh ar dhóigheanna a dtiocfadh leis an rang agus leis an scoil iomlán díriú ar chúrsaí comhshaoil. Mar shampla: An dtiocfadh linn tús a chur le tionscnamh? Cad é a bheadh orainn a fháil amach? Cad é mar a thiocfadh linn é a eagrú? An bhfuil sé cothrom acmhainní an Domhain a chur amú? An mbeadh sé fóirsteanach cuairt a thabhairt ar áit athchúrsála sa cheantar áitiúil? Cad chuige a/nach mbeadh? Cothaigh scileanna smaointeoireachta na bpáistí trí iarraidh orthu díospóireacht a dhéanamh ar cheisteanna comhshaoil (ó bhéal nó trí dhíospóireacht siúil a dhéanamh mar a rinneadh i nGníomhaíocht 3). Mar shampla, ar chóir do gach páiste siúl ar scoil?

15

Áis A

Gníomhaíocht foghlama 1 : Daoine a bhfuil aithne agam orthuForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Vialait

16

MeaM aMeaMMMeMeaea

17

Measúnú Rioscaí Bhliain 2

Cuairt ar Dáta

Caithfimid a bheith cúramach: Déanfaimid:

Ar an chosán

Ag trasnú an bhóthair ag

An dóigh a dtiocfadh leis an rang cur isteach ar dhaoine eile ag

Áis B

Gníomhaíocht foghlama 1 : Daoine a bhfuil aithne agam orthuForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Vialait

Taifea eiiiiffTaTaiaififefeeCuairt ar Dáta

18

19

Grianghraf

Líníocht, pictiúr, colláis den chuairteoir agus den obair a dhéanann sé/sí

Rudaí a dhéanaimid go maith

A __________, Chuideodh sé go mór linn dá dtiocfadh leat …

Bheinn breá sásta dá …

Áis C

Gníomhaíocht foghlama 4 : An áit seo thart ormForbairt Phearsanta agus Comhthuiscint Aonad Vialait

Idd íRuRududadaíaí IsIs Linn a ALiLininn Ann a AA

20

21

Nótaí

Hedderwick, M. The Second Katie Morag Storybook (2000) Red Fox 978-0099264743

Hedderwick, M. Katie Morag and the Dancing Class (2007) Bodley Head 978-0370329109

Hughes, S. Helpers (1992) Red Fox 0 09992650 4

Omerod, J. Who’s Who In Our Street? (2000) Random House 0 09926289 4

Ross, T. agus Willis, J. The Pet Person (1997) Harper Collins 0 00664597 6

Talbot, M. Shy Roland (2003) Andersen Press 1 84270271 8

Umansky, K. agus Chamberlain, M. You Can Swim, Jim (1998) Red Fox 0 09966941 2

Umansky, K. agus Chamberlain, M. Need a Trim, Jim (2000) Red Fox 0 09926546 X

Omerod, J. Ms McDonald Has a Class (1995) Clarion Books - Houghton Mifflin 0 39577611 2

Shephard, C. et al. Jabulani!: Ideas for Making Music (2004) Hawthorn Press Ltd. 1 90345851 X

Rosen, M. Sonsense Nongs (2001) A&C Black 978-0713659351- ‘Ging Gang Goolie’- ‘When I was Walking Down the Beach’

Hickman, S et al. Music Express Foundation Stage (2003) A & C Black 978-0713665826- ‘When We’re on the Farm’

Amhráin agus rainn mholta

Connolly, P., Smith, A. agus Kelly, B. Too Young to Notice (2002) Community Relations Council

Connolly, P. Fair Play (2001) Barnardo’s

Murphy, K. A Companion To An Ulster Wean’s A-Z Community Relations Council

Magson, M. agus Utley, C. Exploring Clay with Children (2007) A & C Black 978-0713688184

Chandler, D. agus Unwin, M. RSPB Children’s Guide to Birdwatching (2007) A&C Black 978-0713687958

Lynagh, N. agus Potter, M. Joined Up: Developing Good Relations in the School Community (2005) NICIE and The Corrymeela Community 1 87373930 3

The Lift Off Initiative Teachers. The Right Start (2007) The Lift Initiative (Amnesty International, UTU and INTO) www.liftoffschools.com

School Councils Toolkit www.schoolcouncils.org

Gairdín Scoile a Chruthú www.theschoolgarden.com

Trádáil Chóir www.fairtrade.org.uk

Tionscadal na Saimbia – Daltaí scoile as Éirinn ag tabhairt cuairte ar scoil sa Saimbia www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/518/gaeilge/

Ag Foghlaim Teanga Chomharthaíochta www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/370/gaeilge/

Físeán de ghasúr óg as Tír Chónaill a bhfuil dúil mhór aige i bPeil Ghaelach. www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/430/gaeilge/

Físeán de chailín óg as Doire a bhfuil dúil mhór aici i nDamhnsa Gaelach www.bbc.co.uk/irish/video_audio/player/474/gaeilge/

Áiseanna breise molta

An tÁisaonad Leabhar Mór Neamhfhicsin A – An Scoil (2010) An tÁisaonad 9780077120313

Bennett, J. Seaside Poems (2006, paperback ed) Oxford University Press 978-0192763273

Browne, E. Handa’s Surprise (1995) Walker Books 0 74453634 0

Butterworth, N. Wonderful Earth (1990) John Hunt Ltd. 1 85608005 6

Chamberlin, M. agus R. Mama and Panya’s Pancakes (2005) Barefoot Books 1 84148139 4

Dahl, R. The Twits (2001) Puffin 0 14131138 X

Donaldson, J. The Smartest Giant in Town (2003) Macmillan 0 33396396 2

Goodhart, P. You Choose (2004) Picture Corgi 0 55254708 5

Hedderwick, M. The Big Katie Morag Storybook New Ed (2000) Red Fox 0 09972031 0

Scéalta molta