beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh roald dahl in...

22

Upload: others

Post on 27-Jun-2020

6 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad
Page 2: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

beatha le bua

Page 3: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

Arna fhoilsiú i 2005 ag Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig agus Cànan, le tacaíocht ón Bhuidheann Eadar-roinneil airson Ionnsachadh agus Leasachadh Coimhearsnachd (An Grúpa um Fhoghlaim agus Forbairt Pobail).

© Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig thar ceann na nÚdarás a bhfuil ionadaíocht acu ar MRG 2005.

Faigheann Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig tacaíocht ó Bhòrd na Gàidhlig.

Pictiúr Clúdaigh © Roald Dahl Museum and Story Centre.

Pictiúr le Roald Dahl Nominee Limited (RDNL).

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a atáirgeadh i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig.

Arna dhearadh ag Cànan Teo.

Arna aistriú agus arna tháirgeadh ag Multimedia CCEA.

Tá CCEA fíorbhuíoch as cead a fháil an áis seo a aistriú agus a chur in oiriúint ó Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig.

R Dahl Book.indd 2 16/03/2012 12:31:54

Page 4: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

RO

AL

D

DA

HL

beatha le bua

Téacs le Ailig O’Henley

Page 5: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

4

ROALD DAHL

Roald Dahl

Is beag scríbhneoir do pháistí, áit ar bith ar an domhan, is mó clú ná Roald Dahl. Sa dara leath den fhichiú haois scríobh sé cuid mhór leabhar do pháistí. Ina measc bhí James and the Giant Peach, Charlie and the Chocolate Factory agus Matilda. Cé go bhfuair sé bás i 1990 tá a chuid oibre beo go fóill. Tá Hollywood ag déanamh scannán dá chuid leabhar. Tá a chuid oibre le feiceáil ar stáitse ar fud an domhain. Agus tá páistí agus daoine fásta tógtha go fóill leis an scríbhneoireacht iontach ina chuid leabhar.

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

Page 6: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

5

ROALD DAHL

5

© RDNL

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

ROALD DAHL

Page 7: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

6

ROALD DAHL

Cérbh é Roald Dahl?

Rugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad an t-ainm Roald air mar chuimhne ar an taiscéalaí clúiteach as an Iorrua, Roald Amundsen. Ar an drochuair, fuair a dheirfiúr Astri bás nuair a bhí Dahl 3 bliana d’aois. Agus fuair a athair Harald bás beagán seachtainí ina dhiaidh sin le taom croí.

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

Page 8: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

Laethanta scoile

Rud aisteach é mar fhear a bhí ina scríbhneoir, níor thaitin an scoil le Dahl. Bhí sé an-mhaith ag an spórt, go háirithe ag an dornálaíocht. Dúirt a mhúinteoir Béarla nach raibh “an cumas aige a chuid smaointe a chur ar pháipéar”. Ach bhí buntáiste amháin leis an scoil dheireanach ar a raibh sé. Tharla sé go raibh scoil Repton in aice le monarcha seacláide Cadbury in Derby. Agus is minic a tugadh barra nua seacláide do na scoláirí le triail a bhaint astu. Bhí tionchar aige seo ar Dahl nuair a scríobh sé Charlie and the Chocolate Factory.

7

ROALD DAHLoooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

Page 9: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

8

ROALD DAHL

An Afraic agus Blianta an Dara Cogadh Domhanda

Cé go raibh a mháthair ag iarraidh air dul ar an ollscoil, roghnaigh Dahl bealach eile i ndiaidh na scoile. Chuaigh sé ag obair don chomhlacht ola Shell. Bhí sé ag obair ina fhear díolacháin in Dar-es-Salaam sa Tansáin. Thosaigh an Dara Cogadh Domhanda nuair a bhí sé 23 bliain d’aois agus chuaigh sé san aerfhórsa in Nairobi. Roimh i bhfad bhí sé ina phíolóta ag troid in aghaidh na nIodáileach i bhfásach na Libia.

Is beag nár maraíodh i 1940 é de thimpiste. Scríobh sé faoi sin in Shot Down Over Libya, an chéad ghearrscéal a scríobh sé a cuireadh i gcló. Chaith sé am sa Ghréig agus sa tSiria fosta, agus bhí sé ina cheannasaí ar chomhlacht eitleán.

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

Page 10: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

9

ROALD DAHL

9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© RDNL

ROALD DAHL

Page 11: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

ROALD

Page 12: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

DAHL

© RDNL

Page 13: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

1 2

ROALD DAHL

1 2

Meiriceá

Sa bhliain 1942 cuireadh Dahl go Washington sna Stáit Aontaithe. Is ansin a thosaigh sé ag tarraignt clú air féin mar scríbhneoir. Bhuail sé le CS Forrester, an fear a scríobh Captaen Hornblower. D’iarr seisean ar Dahl gach rud a d’éirigh dó sa chogadh a scríobh síos. Bhí an méid a scríobh Dahl chomh maith sin gur cuireadh i gcló é in iris i Meiriceá. Ina dhiaidh sin fuair sé clú as a bheith ag scríobh gearrscéalta do pháipéir nuachta agus irisí sna Stáit Aontaithe.

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

Page 14: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

1 3

ROALD DAHL

1 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© RDNL

ROALD DAHL

Page 15: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

1 4

ROALD DAHL

1 4

An chéad leabhar

Tá cuid mhór daoine den bharúil gurb é James and the Giant Peach an chéad leabhar do pháistí a scríobh Dahl, ach níl sin fíor. Is é The Gremlins an chéad leabhar a d’fhoilsigh sé, i 1943. Scríobh sé é do Disney mar script scannáin ar dtús agus ansin thiontaigh sé é ina leabhar. Scríobh sé dornán scripteanna scannáin eile. Ina measc bhí an scéal James Bond You Only Live Twice agus an scannán do pháistí Chitty Chitty Bang Bang.

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

Page 16: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

1 5

ROALD DAHL

1 5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© RDNL

ROALD DAHL

Page 17: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

1 61 6

Ar ais i Sasana

Tháinig Dahl agus a theaghlach ar ais go Sasana i 1960. Chuaigh siad a chónaí i mbaile Great Missenden in Buckinghamshire. Ba é ‘Teach na Giofóige’ an t-ainm a bhí acu ar an teach s’acu. Is anseo a scríobh Dahl an chuid is mó de na leabhair is fearr a scríobh sé. Ba ghnách leis scríobh i gcró beag ag bun an ghairdín. Tháinig James and the Giant Peach amach sa bhliain 1961, Charlie and the Chocolate Factory i 1964, Fantastic Mr Fox i 1970 agus Danny the Champion of the World i 1975.

Ach bhí air éirí as an scríbhneoireacht ar feadh tamaill de bharr trioblóidí pearsanta ina shaol. Fuair a iníon is sine, Olivia, bás de bharr galar intinne. Agus ansin bhí a mhac, Theo, i dtimpiste bóthair.

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

ROALD DAHL

Page 18: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

1 7

ROALD DAHL

Ní raibh sé ach trí mhí d’aois agus rinneadh dochar mór dá inchinn. Shíl cuid mhór nach mbeadh sé i bhfad beo. Ach chruthaigh Dahl comhla ar leith le cuidiú lena inchinn. Tá daoine ag úsáid go fóill an chomhla Wade-Dahl-Till le huisce a thabhairt ar shiúl ón inchinn. Léiriú eile a bhí ann ar na buanna éagsúla a bhí ag Dahl. Bhí a chéad bhean, Patricia Neal, tinn tamall fosta. Tháinig trí stróc mhóra uirthi. Ach le cuidiú Dahl fuair sí biseach, agus chuaigh sí ar ais chuig a cuid oibre mar aisteoir.

1 7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

Page 19: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

1 8

ROALD DAHL

An Oidhreacht

D’ ainneoin na ndeacrachtaí lean Dahl ag obair. Scríobh sé sraith de scéalta dubhacha do dhaoine fásta. Is é Tales of the Unexpected an teideal a bhí ar an tsraith seo, agus bhí sé ar an teilifís sna 1980í. Tháinig leabhair do pháistí amach ina dhiaidh sin, leithéidí The BFG, The Witches, Boy agus scéal a shaoil féin Going Solo.

San am seo bhí na milliúin ar fud an domhain ag ceannach na leabhar eile a scríobh sé. Díoladh dhá mhilliún cóip de Charlie and the Chocolate Factory sa tSín amháin. Ba é Matilda an dara leabhar deireanach a scríobh sé, agus díoladh os cionn leathmhilliún cóip de sa Bhreatain taobh istigh de shé mhí. Is é sin an díolachán is mó sa tír riamh ar leabhar do pháistí ag an am.

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

Page 20: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad

Fuair Roald Dahl bás sa bhliain 1990 agus é 74 d’aois. Bhí sé ag obair go dtí an bomaite deireanach ar a leabhar The Vicar of Nibbleswicke. Sa bhliain 2005 osclaíodh iarsmalann in Great Missenden i gcuimhne ar a shaol agus ar a chuid oibre. Tháinig eagrán nua den scannán Charlie and the Chocolate Factory amach ó shin ina raibh Johnny Depp mar phríomhaisteoir. Agus tá a chuid leabhar chomh tarraingteach agus a bhí riamh do pháistí agus do dhaoine fásta. De réir cosúlachta, beidh cuimhne ar shaothar Roald Dahl go ceann i bhfad.

1 9

ROALD DAHLoooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

Page 21: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad
Page 22: beatha le bua - nicurriculum.org.uk › docs › inclusion_and_sen › ... · ugadh Roald Dahl in Cardiff sa Bhreatain Bheag i 1916. Ba as an Iorrua a thuismistheoirí. Thug siad