bhunscoileanna agus d’fhoirne tacaíochta do dhaltaí fad a .../eolas...2 tacú le folláine...
TRANSCRIPT
-
Bealtaine
2020
Tacaíocht d’Ardteistiméireacht /LCA/
Tacaíocht d’Fholláine Daltaí: Treoir d’Iar-
bhunscoileanna agus d’Fhoirne Tacaíochta do Dhaltaí
fad a Bhíonn Scoileanna Dúnta le linn Sriantachtaí
Sláinte Phoiblí de dheasca COVID-19
-
2
Tacú le Folláine Daltaí:
Treoir d’Iar-Bhunscoileanna agus
d’Fhoirne Tacaíochta do Dhaltaí
1. Réamhrá
Tá an phaindéim dhomhanda COVID-19 tar éis muid a scaoileadh isteach i ndomhan nach
raibh aon choinne againn leis. Géarchéim mar seo, bíonn tionchar aici ar fholláine an uile
dhuine. Bíonn daoine buartha faoina sláinte féin agus faoi shláinte na ndaoine atá
muinteartha leo. De bharr na mbeart sláinte phoiblí a cuireadh i bhfeidhm in Éirinn mar
fhreagairt ar phaindéim Covid-19 chun srian a chur le scaipeadh an víris, tá dúshláin eile ann
a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’fholláine daoine. I measc na ndúshlán do phobail scoile
tá dúnadh na scoileanna agus cur siar scrúduithe na hArdteistiméireachta.
Tá an cumas ionainn ar fad muid féin a chur in oiriúint do rudaí nua. Sin an bhrí atá le
hathléimneacht. Ag deireadh na héigeandála seo, beidh ár bhformhór níos fearr de agus
beidh scileanna nua sealbhaithe acu. Bainfidh ár bhformhór leas as an eolas agus as an
gcomhairle phraiticiúil ar shlite nua maireachtála agus ar conas bheith gníomhach agus i
dteagmháil le daoine eile i gcónaí. Daoine eile, beidh sé deacair orthu, ar chúiseanna
éagsúla, iad féin a chur in oiriúint agus beidh níos mó tacaíochta, idir phraiticiúil agus
sóisialta, uathu chun go dtiocfaidh siad slán as. Beidh líon beag eile ann nach n-éireoidh leo
na hathruithe a ghabhann leis an ngéarchéim seo a chur i bhfeidhm agus a bhféadfadh
ardleibhéal tacaíochta praiticiúla agus meabhairshláinte a bheith de dhíth orthu.
Tá pobail scoile ag foghlaim conas iad féin a chur in oiriúint do na dúshláin atá fúthu ag an
am seo agus tá a ndícheall á ndéanamh acu chun teagmháil a choimeád lena ndaltaí chun
gur féidir leanúint den teagasc agus den fhoghlaim agus chun na teagmhálacha agus na
tacaíochtaí sóisialta atá lárnach d’fholláine an duine óig a choimeád beo. Tá treoir faighte
ag na scoileanna ón Roinn Oideachais agus Scileanna cheana ar leanúnachas an teagaisc
agus na foghlama, lena n-áirítear treoir bhreise do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta
oideachais.acu agu/nó atá i mbaol a bheith faoi mhíbhuntáiste oideachais, chun díriú ar na
hathruithe a rinneadh le déanaí ar shaol múinteoirí agus daltaí agus chun tacú le
leanúnachas an oideachais le linn Covid-19 (anseo). Tá raon acmhainní curtha i dtoll a
chéile ag NEPS a thacóidh le folláine an uile dhuine sa phobal scoile ag an am seo – daltaí,
tuismitheoirí agus foireann na scoile (anseo). Ina theannta sin, tá leathanach gréasáin ar
leith bunaithe ag NEPS agus an Roinn, i gcomhar leis an Roinn Sláinte agus FSS, ar a
bhfaighfear eolas agus naisc chuig tacaíochtaí atá ar fáil do dhaltaí Ardteistiméireachta ag
an am seo (anseo).
De ghnáth bíonn ról lárnach ag na scoileanna ó thaobh folláine na ndaltaí sa scoil a thacú
agus a fhorbairt, agus is í an Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí a théann i gceannas air seo
ar leibhéal na scoile agus ar leibhéal an dalta aonair. Agus rudaí chomh éiginnte agus atá,
beidh dúshláin nua le sárú ag an bhFoireann Tacaíochta do Dhaltaí agus iad ag iarraidh
díriú ar riachtanais na ndaltaí sa ghéarchéim seo agus soláthar a dhéanamh do na grúpaí
éagsúla daltaí a mbeidh tacaíochtaí de chineálacha éagsúla de dhíth orthu.
Is é aidhm an doiciméid seo, mar sin, treoir agus acmhainní breise a chur ar fáil d’Fhoirne
Tacaíochta do Dhaltaí le linn Covid-19 agus naisc a chur ar fáil chuig na hacmhainní agus
na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil.
https://www.education.ie/en/The-Department/Announcements/information-for-schools-preschools-and-third-level-institutions-on-the-coronavirus.html#guidancehttps://www.education.ie/en/The-Department/Announcements/information-for-schools-preschools-and-third-level-institutions-on-the-coronavirus.html#guidancehttps://www.education.ie/covid19/wellbeing/https://www.education.ie/covid19/wellbeing/https://www.gov.ie/en/publication/d8920c-leaving-cert-2020/https://www.gov.ie/en/publication/d8920c-leaving-cert-2020/
-
3
2. Ról na bhFoirne Tacaíochta do Dhaltaí le linn COVID-19
Tá scothchórais sholúbtha forbartha ag na scoileanna chun folláine daltaí a chur chun cinn
agus chun tacú le daltaí atá i gcruachás. Tá Foireann Tacaíochta do Dhaltaí ainmnithe ag
mórchuid scoileanna, agus tá córais agus struchtúir chomhionanna ag scoileanna eile faoi
ainmneacha difriúla amhail ‘Foireann Cúraim’ nó ‘Foireann Tréadchúraim’. Slí amháin nó slí
eile, beidh na struchtúir a bhí bunaithe sna scoileanna cheana féin an-tábhachtach chun
fadhbanna agus daltaí a aithint a phléifidh an Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí agus a
ndéanfar beart/iarbheart cuí ina leith. Is gnách d’Fhoirne Tacaíochta do Dhaltaí cruinnithe ar
an láthair a bheidh acu sa scoil, ach fad a bheidh an scaradh sóisialta i bhfeidhm, beidh
orthu cianchruinnithe a eagrú le teicneolaíocht shlán. Agus an saol chomh éiginnte agus atá,
ba chóir go dtabharfadh na struchtúir agus an pearsanra scoile a bhfuil aithne ag daltaí orthu
suaimhneas dóibh agus go gciallóidh sé go mbeidh leanúnachas ann.
2.1 Ról na bhFoirne Tacaíochta do Dhaltaí ó thaobh tacú le folláine daltaí
Is é foilseachán na Roinne Oideachais agus Scileanna, Ráiteas Polasaí Folláine
agus Creat Cleachtais (2018-2023) bundoiciméad na scoileanna ó thaobh folláine daltaí a
chur chun cinn. Is gné lárnach de seo an Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí, an fhoireann atá
freagrach ar deireadh as soláthar a dhéanamh do leas agus d’fholláine na ndaltaí uile.
Gheofar miontreoir faoin bhFoireann Tacaíochta do Dhaltaí ar roinn NEPS de
shuíomh gréasáin na Roinne anseo. Trí Chontanam Tacaíochta a chur i bhfeidhm, is feidir
leis an bhFoireann Tacaíochta do Dhaltaí soláthar a dhéanamh do riachtanais oideachais,
shóisialta, mhothúchánacha, iompraíochta agus foghlama na daltaí uile chun a bhfolláine
leanúnach a chinntiú.
I measc phríomhbhaill na bhFoirne Tacaíochta do Dhaltaí bíonn ionadaithe ón mbainistíocht
shinsearach (príomhoide/leas-phríomhoide), ceann bliana, treoirchomhairleoir agus
comhordaitheoir na gcúntóirí riachtanas speisialta oideachais. Sna scoileanna ina bhfuil
poist mar seo, d’fhéadfadh comhordaitheoir teagmhála baile, scoile agus an phobail,
Foireann Tionscadail um Chríochnú na Scolaíochta, ionadaithe ó fhoireann tréadchúraim na
scoile (m.sh. séiplíneach) agus foireann tacaíochta teagaisc eile a bheith ar an bhfoireann.
Bíonn síceolaí NEPS ar fáil, leis, d’Fhoirne Tacaíochta do Dhaltaí. (Féach na sonraí thíos).
2.2 Seirbhísí do Dhaltaí a Chumrú (daltaí Ardteistiméireachta san áireamh)
Is eol do na príomh-ionadaithe ar Fhoirne Tacaíochta do Dhaltaí – baill ón mbainistíocht, ón
roinn treorach, ón roinn oideachais speisialta agus ó fhoirne bainistíochta teagmhas criticiúil
-- conas dul i gcomhar le chéile chun riachtanais daltaí a aithint agus tacaíochtaí oiriúnacha
a chur ar fáil dóibh. I gcás scoileanna DEIS, is féidir go mbeidh tacaíocht ar fáil ó
Chomhordaitheoirí teagmhála baile, scoile agus an phobail agus ón Fhoireann Tionscadail
um Chríochnú na Scolaíochta. Ó dúnadh na scoileanna ar an 12 Márta 2020, tá slite
cruthaitheacha nuálacha aimsithe ag na scoileanna chun tacú le daltaí, trí theagmháil
ghutháin agus raon réiteach teicneolaíochta a úsáid chun labhairt le daltaí leochaileacha
agus lena dteaghlaigh. Tá gá níos mó i mbliana ná in aon bhliain eile ag daltaí
Ardteistiméireachta le tacaíocht ó na Foirne Tacaíochta do Dhaltaí chun an imní a bhaint
díobh. Tá cruinnithe seachtainiúla den Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí eagraithe ag
scoileanna áirithe agus tá modhanna cumarsáide oiriúnacha aontaithe acu chun údair imní a
chur in iúl agus atreorú a dhéanamh idir bhaill foirne. Tá a bhformhór tar éis daltaí a mbeidh
https://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/wellbeing-policy-statement-and-framework-for-practice-2018–2023.pdfhttps://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/wellbeing-policy-statement-and-framework-for-practice-2018–2023.pdfhttps://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/wellbeing-policy-statement-and-framework-for-practice-2018–2023.pdfhttps://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/wellbeing-policy-statement-and-framework-for-practice-2018–2023.pdfhttps://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/wellbeing-policy-statement-and-framework-for-practice-2018–2023.pdfhttps://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/wellbeing-policy-statement-and-framework-for-practice-2018–2023.pdfhttps://www.education.ie/en/Publications/Policy-Reports/wellbeing-policy-statement-and-framework-for-practice-2018–2023.pdfhttps://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Services/National-Educational-Psychological-Service-NEPS-/Student-Support-Teams-in-Post-Primary-Schools.pdfhttps://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Services/National-Educational-Psychological-Service-NEPS-/Student-Support-Teams-in-Post-Primary-Schools.pdf
-
4
tacaíochtaí spriocdhírithe de dhíth orthu a aithint, na daltaí is leochailí ina measc. Roinneann
baill na bhFoirne Tacaíochta do Dhaltaí an cúram go cothrom orthu féin dul chun cainte le
gach dalta nó teaghlach, de réir mar a bheadh oiriúnach. Tá ról tábhachtach ag
gairmchomhairleoir na scoile ó thaobh freagairt do riachtanais na ndaltaí Ardteistiméireachta
ag an am seo. Gheofar tuilleadh eolais ar ról an ghairmchomhairleora in Aguisín 1.
2.3 Contanam Tacaíochta maidir le Folláine Daltaí
Gheofar thíos leibhéil éagsúla tacaíochta do dhaltaí, daltaí Ardteistiméireachta ina measc,
agus iad mapáilte ar an gCreat Contanam Tacaíochta, a bhfuil cur amach ag na scoileanna
uile air.
Leibhéal 1: Tacaíocht don Uile Dhalta
I gceist anseo tá tacaíocht ionbháúil, phraiticiúil agus phragmatach ó mhúinteoirí don
uile dalta a bhfuil gá acu léi. Molaimid dul i muinín cur chuige trína ndéantar
freagairtí a normalú. Ina measc sin bheadh: Eolas faoin ngéarchéim
• Straitéisí féinchabhracha agus straitéisí chun déileáil le deacrachtaí a neartú
• Naisc chuig seirbhísí níos oiriúnacha, más gá
Ag Leibhéal 1, i bhfianaise dúshláin na géarchéime seo, is féidir go gcuirfidh múínteoirí na
nithe seo a leanas ar fáil: ríomhphoist chun imní a bhaint de dhaltaí, soiléire, tacaíocht le linn
cianteagaisc agus cianfhoghlama agus gnáth-thacaíochtaí praiticiúla eile. Má táthar buartha
faoi rannpháirtíocht dalta, cuireann an múinteoir é sin in iúl don Fhoireann Tacaíochta do
Dhaltaí sa ghnáthshlí.
Leibhéal 1: Ról na Foirne Tacaíochta do Dhaltaí
Leagtha amach thíos tá roinnt de na róil a d’fhéadfadh a bheith ag Foirne Tacaíochta do
Dhaltaí. Níl na róil seo ceaptha le bheith uilechuimsitheach nó deifnídeach. Glactar leis go
bhféadfadh a cur chuige féin a bheith ag gach scoil ó thaobh róil agus freagrachtaí, ag brath
ar chomhthéacs na scoile agus ar an bpearsanra atá ar fáil.
Príomhoide/Leas-Phríomhoidí/Ceann Bliana
• Córas cumarsáide éifeachtach dhá bhealach a bheith ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaltaí • Rannpháirtíocht daltaí in obair scoile a sheiceáil lena múinteoirí ábhair -- daltaí a d’fhéadfadh
a bheith i mbaol nó nach bhfuil rannpháirteach a aithint • Nasc a chruthú leis an rúnaí/comhordaitheoir scrúduithe agus an scéala is déanaí a thabhairt
don Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí i dtaobh Ardteistiméireacht 2020
Treoirchomhairleoir:
i. Oideachas agus Gairmthreoir • Gairmthreoir a chur ar fáil do ranganna/ghrúpaí beaga chun an t-eolas is déanaí ar
CAO/DARE/HEAR/SUSI/roghanna FET faoi phrintíseachtaí / cúrsaí iar-Ardteistimeireachta agus
mar sin de a phlé • Daltaí a choimeád ar an eolas faoi roghanna eile oideachais nár smaoinigh siad orthu go hiomlán
roimhe seo, m.sh. staidéar in Éirinn seachas thar lear, roghanna oiliúna, printíseachtaí, cúrsaí iar-
Ardteistiméireachta/FETAC • Tacaíochtaí praiticiúla eagraíochtúla le haghaidh dul siar ó thaobh scileanna staidéir/scileanna dul
faoi scrúdú/dul siar a phleanáil • An scéala is déanaí a thabhairt faoi ghairmeacha ar leith/roghanna oideachais agus naisc a chur
ar fáil i ríomhphoist/ar shuíomh gréasáin na scoile
-
5
ii. Tacaíocht Phearsanta Treoirchomhairleoireachta • Gairmthreoir a chur ar fáil i seisiúin ranga / i ngrúpaí beaga
chun díriú ar fhéinchabhair agus ar na daltaí a spreagadh chun
eolas a chuardach ar fholláine ghinearálta, teicnící glactha sosa, freagairtí a normalú,
strus/imní/eagla a bhainistiú.
Comhordaitheoir RSO:
• Ceist a chur ar na daltaí maidir le: Pleananna Tacaíocht do Dhaltaí (le haghaidh daltaí a bhfuil
riachtanais speisialta oideachais aitheanta acu) • Iarratais ar shocruithe réasúnta ag scrúduithe teastais (RACE) a sheiceáil • Na hacmhainní forlíontacha is gá chun tacú le daltaí RSO ullmhú don Ardteistiméireacht a
sholathar, agus a n-úsáid a threorú
Tréadchúram (séiplínigh, teagascóirí, comhairleoirí má tá siad ar fáil)
• Seiceáil isteach le daltaí atá ag fáil tacaíocht phearsanta • Tacaíocht phearsanta leanúnach a chur ar fáil (i gcomhar leis an Treoirchomhairleoir
Comhordaitheoir Baile, Scoile agus an Phobail (más ann)
• Teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí daltaí agus / nó tuismitheoirí leochaileacha.
Athbhreithniú a dhéanamh, i gcomhairle leis an bPríomhoide agus an Fhoireann Cúraim, ar
chliantghrúpa Chomhordaitheoir teagmhála baile, scoile agus an phobail, ag cur san áireamh go
bhféadfadh fadhbanna a bheith ag teaghlaigh/daltaí eile, nár aithníodh roimhe seo, de dheasca
Covid-19.
• Riachtanais phraiticiúla a aithint m.sh. áit staidéir agus foinsí tacaíochta praiticiúla, m.sh. teacht ar TF agus ar Wi-Fi
• Príomhnaisc idir an scoil agus an pobal a aithint, m.sh. meantóirí/oibrithe óige a thacódh leis na
daltaí • Caidreamh a dhéanamh leis an SCP, EWOanna, gníomhaireachtaí pobail agus gníomhaireachtaí
reachtúla chun tacú le teaghlaigh/daltaí Teagmháil a dhéanamh le daltaí leochaileacha
Foireann Thionscadal um Chríochnú na Scolaíochta (más ann)
• Seiceáil isteach leis an dalta agus tacaíocht/idirghabháil a chur ar fáil do dhaltaí is eol don
Fhoireann seo • Riachtanais daltaí a aithint agus teagmháil a dhéanamh leis an gComhordaitheoir teagmhála
baile, scoile agus an phobail • Gníomhaíochtaí ar líne a chur ar fáil chun daltaí a mhealladh le bheith rannpháirteach sa scoil
agus san fhoghlaim
Síceolaí Ainmnithe na Scoile
• Comhairle agus tacaíocht a chur ar fáil don Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí.
Moltar do gach ball den Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí iad féin a chur ar an eolas maidir
leis na tacaíochtaí éagsúla ar líne atá ar fáil do dhaoine óga, a gheofar in Aguisín 2. Ba chóir
a chur san áireamh go bhfuil acmhainní saor in aisce ar fáil ó mhórchuid de na seirbhísí seo
chun déileáil leis na deacrachtaí ar leith a ghabhann le hArdteistiméireacht 2020 le linn
ghéarchéim Covid-19.
Leibhéal 2: Tacaíocht do Dhaltaí Áirithe Is féidir go n-aithneoidh an Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí daltaí leochaileacha, daltaí
Ardteistiméireachta ina measc, a bhféadfadh tacaíocht níos fócasaithe, níos saincheaptha a
bheith de dhíth orthu. Tá treoir curtha i dtoll a chéile ag NEPS d’fhoirne scoile faoin tslí leis
-
6
an tacaíocht seo a chur ar fáil agus cabhrú le múínteoirí labhairt lena ndaltaí ar shlí thacúil
shólásach. Leagtar amach sa treoir seo slite ina bhféadfadh múinteoirí tacaíocht a thairiscint
tríd an gcur chuige ‘Éist, Cosain, Ceangail, Dea-shampla & Múin’, a bhfuil cur amach ag
mórchuid múinteoirí air cheana. Luíonn an cur chuige seo leis an ngnáthchaidreamh idir
múinteoirí agus daltaí agus leis na gnáth-theorainneacha ar a gcuid oibre le daltaí.
Gheofar an treoir seo – Folláine: Treoir d’Fhoirne Scoile atá ag Tacú le Daltaí - in Aguisín 3
Leibhéal 2: Ról na Foirne Tacaíochta do Dhaltaí
Príomhoide/Leas-Phríomhoidí/Ceann Bliana
• Córas cumarsáide éifeachtach dhá bhealach a bheith ar fáil do thuismitheoirí agus do dhaltaí • Rannpháirtíocht daltaí i ranganna a sheiceáil -- daltaí a d’fhéadfadh a bheith i mbaol nó nach
bhfuil rannpháirteach a aithint • Uimhir theagmhála/seoladh ríomhphoist ar leith a chur ar fáil do thuismitheoirí daltaí atá buartha
mar gheall ar dhéileáil le deacrachtaí, imní agus strus.
Treoirchomhairleoir:
i. Oideachas agus Gairmthreoir • Seisiún treorach 1:1/ grúpa beag ar fáil chun tacú le gach dalta ina (h)aonar chun: • Smaoineamh ar na roghanna reatha maidir le hiarratais agus impleachtaí pearsanta CAO/ DARE/
HEAR / SUSI / roghanna FET, printíseachtaí /cúrsaí iar-Ardteistiméireachta srl. • Plé a dhéanamh ar na deacrachtaí a ghabhann le cosáin oideachais agus gairme a roghnú. • Pleananna oideachais / cosáin ghairme a athbhreithniú, a dheimhniú, a oiriúnú nó a fhorbairt • Féachaint ar bhealaí malartacha Ardoideachais / Breisoideachais mar is cuí
• ii. Tacaíocht Phearsanta Treoirchomhairleoireachta
• Treoirchomhairleoireacht 1:1 a chur ar fáil dóibh siúd a atreoraíonn an Fhoireann Tacaíochta nó a
aithnítear trí rang-ghrúpaí comhairleoireachta • Treoirchomhairleoireacht 1:1 a chur ar fáil do dhaltaí mar is cuí • An cur chuige ‘Éist, Cosain, Ceangail, Dea-shampla & Múin’ a gheofar in Aguisín 3 a leanúint • Atreoruithe chuig tacaíochtaí Leibhéal 3 a chur ar fáil mar is cuí, is é sin i gcás daltaí nach leor an
tacaíocht ar Leibhéal 2 chun cabhrú leo filleadh ar a ngnáthleibhéal feidhmíochta, nó do leibhéal
atá gar dó sin. • Atreorú/Naisc chuig seirbhísí Leibhéal 3 a chur ar fáil nuair is gá
Comhordaitheoir RSO:
• Daltaí a bhfuil gá acu le freagairt Leibhéal 2 a aithint • Na príomhriachtanais tacaíochta foghlama agus na hacmhainní forlíontacha is gá chun tacú le
dalta a aithint • An cur chuige ‘Éist, Cosain, Ceangail, Dea-shampla & Múin’ a gheofar in Aguisín 3 a leanúint
Tréadchúram (séiplínigh, teagascóirí agus comhairleoirí más ann) An cur chuige ‘Éist, Cosain,
Ceangail, Dea-shampla & Múin’ a gheofar in Aguisín 3 a leanúint Tacaíocht/meantóireacht a
chur ar fáil • Oibriú i gcomhar leis an Treoirchomhairleoir: • Atreorú/Naisc chuig seirbhísí Leibhéal 3 a chur ar fáil nuair is gá
-
7
Teagmhálaí Baile, Scoile agus an Phobail (más ann)
• An cur chuige ‘Éist, Cosain, Ceangail, Dea-shampla & Múin’
a leagtar amach in Aguisín 3 a leanúint • Teagmháil a dhéanamh le tuismitheoirí chun daltaí nach bhfuil rannpháirteach níos mó a nascadh
leis an nGairmchomhairleoir • Tacú le daltaí chun teagmháil a athbhunú le foireann scoile • Tuismitheoirí/daltaí a nascadh le tacaíocht pobalbhunaithe ar nós tionscadail pobail/oibrithe óige
áitiúla • Naisc a athbhunú le tuismitheoirí a raibh caidreamh roimhe seo ag an gComhordaitheoir
teagmhála baile, scoile agus an phobail leo Atreorú/nasc chuig seirbhísí Leibhéal 3 nuair
is gá
Foireann Tionscadail um Chríochnú na Scolaíochta (más ann)
• Seiceáil isteach agus cuir tacaíocht/idirghabhálacha ar fáil i gcónaí do dhaltaí a raibh teagmháil
acu leis an bhFoireann seo cheana agus d’aon dalta eile a mbeadh tacaíocht ón Fhoireann seo
de dhíth orthu de bharr athrú ar a saol. • Tacaíocht ar líne laistigh de struchtúr na scoile a chur ar fáil ar leibhéal 2 agus i gcomhar leis an
gComhordaitheoir teagmhála baile, scoile agus an phobail.
Síceolaí Ainmnithe na Scoile
• Comhairle/tacaíocht/naisc don Fhoireann Tacaíocht do Dhaltaí • Comhairle/Tacaíocht maidir leis an gcur chuige ‘Éist, Cosain, Ceangail, Dea-shampla & Múin’ a
gheofar in Aguisín 3 • Comhairle/tacaíocht do Ghairmchomhairleoirí • Comhairle/tacaíocht do dhaltaí agus do thuismitheoirí a chuirtear ar fáil trí struchtúir na scoile.
Leibhéal 3: Tacaíocht don Bheagán
Leibhéal 3: Ról na Foirne Tacaíochta do Dhaltaí Beidh eolas ag an bhFoireann Tacaíochta do Dhaltaí cheana ar na daltaí sin a aithníodh
cheana mar dhaltaí a bhfuil ardleibhéal tacaíochta scoile de dhíth orthu, as riachtanais
fisiciúla, sóisialta, mothúchánacha nó iompraíochta. Beidh raon tacaíochtaí de dhíth ar na
daltaí seo. Fágfaidh dúnadh na scoileanna agus na srianta sláinte phoiblí a ghabhann le
COVID-19 go mbeidh daltaí áirithe faoi strus agus go hiomlán tría chéile dá bharr. Áirítear air
sin an strus agus an imní a bhíonn ar dhaltaí Ardteistiméireachta.
I gcás daltaí áirithe, is féidir nach leor na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil ar Leibhéil 1 agus 2
de bhrí go bhfuil siad buartha faoin todhchaí, agus go bhfuil nithe eile ag cur isteach orthu
chomh maith. Sna cásanna sin, beidh sé de chúram ar an bhFoireann Tacaíochta do Dhaltaí
comhairle a thabhairt ar cibé ar chóir daltaí a atreorú chuig seirbhísí eile. I gcás daltaí faoi
18 mbliana, nuair a bhraitear gur gá, cuirfidh an Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí comhairle
ar na tuismitheoirí faoin tslí le teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí sin. Gheofar in
Aguisín 2 raon iomlán na dtacaíochtaí atá ar fáil ó FSS nó a mhaoiníonn an FSS.
2.4 Tacaíocht NEPS do Scoileanna agus do Dhaltaí
Mar fhreagairt ar an ngéarchéim seo, tá acmhainní éagsúla ar líne curtha i dtoll a chéile ag
NEPS chun tacú le daltaí agus múinteoirí. Tá NEPS i dteagmháil leis an Roinn Sláinte agus
le FSS chun freagairtí éifeachtacha a phleanáil ar riachtanais daltaí, agus gach comhairle
-
8
faoi shláinte phoiblí a chomhlíonadh ag an am céanna.
Seo a leanas na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag NEPS do
na scoileanna i láthair na huaire:
• Tá tús áite tugtha ag NEPS do scoileanna atá ag tacú le daltaí Ardteistiméireachta.
• I gcás ina mbraitheann an Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí go rachadh sé chun leas
dalta a bheith faoi chúram síceolaí, is féidir leis an scoil síceolaí a iarraidh ar an
ngnáthshlí.
• Aontófar é le múinteoirí, tuismitheoirí agus daltaí sula n-iarrtar ar shíceolaí NEPS a
bheith páirteach agus is iad comhairle agus tacaíocht do mhúínteoirí, tuismitheoirí agus
daltaí a chuirfidh an síceolaí ar fáil.
• Beidh síceolaí NEPS ar fáil, leis, chun tacú leis an bhfoireann scoile i dtaca le folláine ar
leibhéal na scoile uile.
Aguisín 1: Ról an Treoirchomhairleora
Sa tsamhail tacaíochta seo, cuirfear treoirchomhairle maidir le gairmeacha, oideachas agus
cúinsí pearsanta ar fáil ar Leibhéil 1, 2 agus 3 de réir Threoirphlean na Scoile Uile. Is í aidhm
na treorach sna scoileanna cabhrú le daltaí feasacht agus tuiscint ar a mbuanna agus ar a
gcumais féin a fhorbairt; féidireachtaí agus deiseanna a scrúdú; dul i neamhspleáchas agus i
bhfreagracht maidir lena saol féin; roghanna eolacha a dhéanamh faoina saol féin agus na
roghanna sin a chur i bhfeidhm. Mar fhreagairt ar COVID-19, tá beart teagmhasach curtha i
bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tacú le leanúnachas na
gairmchomhairleoireachta. Cabhróidh na treoirlínte sa doiciméad seo le ceannairí iar-
bhunscoileanna dul i mbun pleanála chun go mbeidh gairmchomhairleoireacht leanúnach ar
fáil tríd an teicneolaíocht nó ar an idirlíon. Gheofar na treoirlínte seo agus eolas níos
mionsonraithe anseo.
Cuireann an treoirchomhairleoir tacaíocht ar fáil do dhaltaí chun gairmeacha agus pleananna
oideachais a athbhreithniú agus chun cinntí eolacha a dhéanamh as a leanfaidh laghdú ar
imní agus ar strus. Bíonn an ghairmthreoir maidir le gairmeacha, oideachas agus cúinsí
pearsanta a chuirtear ar fáil bunaithe ar an treoirchreat scoile uile maidir le treoir don uile
dhuine, treoir do dhaltaí áirithe agus treoir don bheagán. Ar aon dul le dea-chleachtas agus i
gcomhairle le bainisteoirí na scoile, is féidir seisiúin bheaga ranga/grúpa a chur ar fáil agus
iad a thacú tuilleadh le seisiúin gairmchomhairleoireachta 1-1.
Gheobhaidh Gairmchomhairleoirí tuilleadh eolais anseo agus anseo.
Aguisín 2: Tacaíochtaí do dhaoine óga
Childline (ISPCC)
• Seirbhís éisteachta 24 uair an chloig do dhaoine óga suas go 18 mbliana
• Saorghlaoigh ar 1800 666 666 (uair ar bith, lá nó oíche)
• Seol téacs chuig 50101 (óna 10 ar maidin go dtí a 4 tráthnóna gach lá)
• Labhair ar líne ag www.childline.ie (óna 10 ar maidin go dtí a 4 tráthnóna gach lá)
https://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Post-Primary-School-Policies/Policies/Guidance-Plan.htmlhttps://www.education.ie/en/Schools-Colleges/Information/Post-Primary-School-Policies/Policies/Guidance-Plan.htmlhttps://www.ncge.ie/school-guidance-handbook/ncge-whole-school-guidance-frameworkhttps://www.ncge.ie/school-guidance-handbook/ncge-whole-school-guidance-frameworkhttps://www.ncge.ie/school-guidance-handbook/ncge-whole-school-guidance-frameworkhttps://www.ncge.ie/school-guidance-handbook/ncge-whole-school-guidance-frameworkhttps://www.ncge.ie/school-guidance-handbook/ncge-whole-school-guidance-frameworkhttps://www.ncge.ie/https://www.ncge.ie/https://www.ncge.ie/http://www.igc.ie/http://www.igc.ie/http://www.childline.ie/http://www.childline.ie/
-
9
Seirbhísí Óige BeLonG To
• Cuireann BeLonG To tacaíocht ar fáil do dhaoine óga leispiacha, aeracha,
déghnéasacha agus trasinscneacha (LADT+) in Éirinn
• Seol LGBTI+ i dtéacs chuig 086 1800 280 chun labhairt faoi rún le saorálaí oilte
géarchéime (uair ar bith, lá nó oíche, seans go ngearrfar rátaí caighdeánacha SMS)
• Gheofar tuilleadh eolais ag www.belongto.org
Jigsaw
• Tá Líne Thacaíochta Jigsaw ar fáil mar fhoinse tacaíochta agus comhairle
meabhairshláinte do dhaoine óga idir 12 agus 25 bliain d’aois, agus do thuismitheoirí
agus do dhaoine fásta in Éirinn atá buartha fúthu.
• Saorghlaoigh ar 1800 544729 (óna 1 go 5 tráthnóna, Luan go hAoine)
• Seol CALL ME i dtéacs chuig 086 180 3880, agus luaigh an lá agus an t-am is oiriúnaí
duit le glao a fháil (óna 9 go dtí a 5, Luan go hAoine)
• Seol ríomhphost chuig [email protected] (chun freagra a fháil óna 9 go dtí a 5, Luan go
hAoine) Gheofar tuilleadh eolais ag www.jigsaw.ie nó www.jigsawonline.ie
Barnardos
• Cuireann Barnardos seirbhís tacaíochta teileafóin náisiúnta do thuismitheoirí ar fáil go
náisiúnta mar fhreagairt ar na dúshláin a ghabhann le paindéim Covid-19. Saorghlaoigh
ar 1800 910 123 (óna 10 go dtí a 2, Luan go hAoine)
• Cuireann Barnardos seirbhís méala teileafóin ar fáil do pháistí, do bhaill den phobal atá
ag lorg eolais agus tacaíochta maidir le bás. Glaoigh ar 01 473 2110 (óna 10 go dtí a 2,
Luan go Déardaoin)
SpunOut.ie
• Cuireann SpunOut.ie raon leathan alt agus píosaí eolais ar fáil do dhaoine óga, ar
thopaicí éagsúla, an mheabhairshláinte ina measc.
• Seol SPUNOUT i dtéacs chuig 086 1800 280 chun labhairt le saorálaí oilte (seans go
ngearrfar rátaí caighdeánacha teachtaireachta)
• Oscail www.spunout.ie chun tuilleadh eolais a fháil
Tacaíochtaí eile ar líne
Ar láithreán gréasáin YourMentalHealth.ie gheofar eolas agus naisc chuig gach tacaíocht
agus seirbhís mheabhairshláinte atá ar fáil sa tír agus i gceantair éagsúla, ó FSS agus óna
comhpháirtithe maoinithe. Nó is féidir glaoch saor in aisce ar Líne Eolais YourMentalHealth
chun tacaíochtaí agus seirbhísí a fháil - 1800 111 888 (uair ar bith, lá nó oíche).
Tacaíochtaí comhairleoireachta ar líne Turn2Me & MyMind
Cuireann Turn2Me cur chuige trí shraith ar fáil i leith folláine mheabhrach; féinchabhair,
grúpaí tacaíochta agus tacaíocht ghairmiúil. Cuirtear comhairleoireacht agus grúpaí
tacaíochta ar fáil i bhfoirm sheirbhísí ar líne.
www.turn2me.ie www.mymind.org
Is do dhaoine atá buartha nó imníoch faoi ábhair ar leith an tacaíocht a chuireann na
gníomhaireachtaí éagsúla atá liostaithe thuas ar fáil. I gcás daltaí a bhfuil riachtanais chasta
http://www.belongto.org/http://www.belongto.org/http://www.jigsaw.ie/http://www.jigsaw.ie/http://www.jigsaw.ie/http://www.jigsawonline.ie/https://www.barnardos.ie/how-you-can-help/fundraising/covid-19-crisis-appeal-for-children/support-for-parents-during-covid-19-crisishttps://www.barnardos.ie/our-services/work-with-families/bereavement-serviceshttps://www.barnardos.ie/our-services/work-with-families/bereavement-serviceshttps://www.barnardos.ie/our-services/work-with-families/bereavement-serviceshttp://www.spunout.ie/http://www.spunout.ie/http://www.yourmentalhealth.ie/http://www.yourmentalhealth.ie/http://www.turn2me.ie/http://www.turn2me.ie/http://www.mymind.org/http://www.mymind.org/
-
10
meabhairshláinte acu gheofar rochtain ar chabhair tríd an
dochtúir teaghlaigh nó tríd an ionad sláinte nó seirbhísí
éigeandála ospidéil, mar a fheicfear thíos.
Dochtúir teaghlaigh agus ionaid sláinte
Féadann dochtúirí teaghlaigh tacú le duine ar bith atá i ngéarchéim. Iarr ar dhuine éigin eile
dul go dtí an dochtúir in éineacht leat, más féidir. Aimsigh seirbhís dochtúra atá gar duit.
• GP nó ionad sláinte
• Seirbhís dochtúra lasmuigh de ghnáthuaireanta
Seirbhísí éigeandála ospidéil
Gabh chuig an roinn éigeandála i d’ospidéal ginearálta áitiúil. nó glaoigh orthu
Seirbhísí éigeandála teileafóin
Is féidir teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála ar 999 nó 112.
Na Samáraigh
Tá seirbhís fóin na Samárach ar fáil 24 uair an chloig mar sheirbhís rúnda neamh-
dhaorbhreithiúnach.
• Saorghlaoigh ar 116 123
• Ríomhphost [email protected]
• Oscail www.samaritans.ie go bhfaighe tú sonraí na croibhe is gaire duit
Seirbhísí teachtaireachta tacaíochta
Tá seirbhís tacaíochta nua meabhairshláinte i bhfoirm teachtaireachtaí ar fáil 24 uair sa lá, 7
lá na seachtaine. Cuireann sé tacaíocht gan ainm ar fáil láithreach nuair a bhíonn práinn leis.
Is é aidhm na seirbhíse tú a nascadh le saorálaí oilte laistigh de chúig nóiméad. Éistfidh an
saorálaí leat, agus cabhróidh sí nó sé leat do chuid smaointe a shoiléiriú, ionas gurb eol duit
gur féidir leat an chéad bheart eile a dhéanamh i dtreo réiteach a fháil ar d’fhadhb.
Seol YMH i dtéacs chuig 086 1800 280 (Seans go ngearrfar rátaí caighdeánacha SMS)
Aguisín 3: Folláine: Treoir d’Fhoirne Scoile atá ag Tacú le Daltaí
Réamhrá Cuireadh an treoir seo i dtoll a chéile chun cabhrú leat dul chun cainte, ar shlí sholásach,
thacúil, le daltaí a bhféadfadh tacaíocht ón Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí a bheith de
dhíth orthu. Is féidir go mbeidh an tacaíocht seo ina chabhair do dhaltaí Ardteistiméireachta
ach go háirithe, a d’fhéadfadh a bheith faoi strus.
Cabhróidh an treoir seo leat comharthaí struis i ndaltaí a aithint. Cuirfidh sé ar do chumas
tacaíocht a thabhairt láithreach trí úsáid a bhaint as an gcur chuige Éist, Cosain, Ceangail,
Dea-Shampla & Múin agus naisc chuig tacaíochtaí breise a thabhairt do dhaltaí nuair is gá.
Mar bhall d’Fhoireann Tacaíochta do Dhaltaí nó de struchtúr den chineál céanna ar nós
Foireann Cúraim nó Foireann Tréadchúraim, beidh deis ar leith agat cabhrú le do dhaltaí,
toisc gurb eol dúinn ó dhea-chleachtas gur fearr le daltaí tacaíocht a fháil ó dhaoine a bhfuil
aithne acu orthu agus a bhfuil iontaoibh acu iontu. Díreach mar a chabhraíonn tú chun daltaí
a chur i dteagmháil leis na seirbhísí cuí acadúla agus tréadchúraim sa ghnáthshaol, beidh ar
do chumas cabhrú leis na daltaí seo filleadh ar a gcuid obair scoile, leanúint den fhoghlaim
agus tascanna scoile a chríochnú. Tá taithí ag neart múinteoirí cheana féin ar thacaíocht
mar seo a chur ar fáil. Is cuid den ghnáthchaidreamh é idir múinteoirí agus daltaí agus ní gá
scileanna speisialta chuige. Is féidir an tacaíocht seo a chur ar fáil i bhfoirm fhíorúil (m.sh. i
https://www.hse.ie/eng/services/maps/https://www.hse.ie/eng/services/maps/https://www.hse.ie/eng/services/maps/https://www.hse.ie/eng/services/maps/https://www.hse.ie/eng/services/list/2/primarycare/gp-out-of-hours/https://www.hse.ie/eng/services/list/2/primarycare/gp-out-of-hours/https://www.hse.ie/eng/services/maps/https://www.hse.ie/eng/services/maps/http://www.samaritans.ie/http://www.samaritans.ie/
-
11
ríomhphost, físghlao, glao gutháin) nó duine le duine ag
brath ar na srianta sláinte a bheidh i bhfeidhm de réir mar
a théann an saol ar aghaidh.
Is fiú súil a chaitheamh ar ordlathas riachtanas Maslow chun athléimneacht a chothú. Ní mór
tosú trí dhíriú ar na riachtanais bhunúsacha. Ní féidir le daoine leas a bhaint as a gcumas
athléimneachta go dtí go mbraitheann siad sábháilte. Tá sé tábhachtach daoine a cheangal
lena gcórais tacaíochta, de bhrí gur fearr an toradh a bhíonn ag daoine a bhfuil naisc acu le
daoine eile.
Agus tacaíocht á cur ar fáil do dhaltaí, tá sé thar a bheith tábhachtach a bheith meabhrach ar
do riachtanais féin. Mar sin, ní mór duit:
• Dul ar luas compordach
• Aire bhunúsach a thabhairt duit féin: bia, codladh agus bheith gníomhach go fisiciúil
• Aird a choimeád ar do leibhéal struis féin
• Bheith feasach ar theorainneacha na tacaíochta is féidir leat a chur ar fáil agus ar
d’inniúlachtaí gairmiúla. Cuimhnigh daoine a atreorú go seirbhísí eile más cuí.
• Iarr tacaíocht ar dhaoine eile
• Gheofar tuilleadh eolais anseo ar fholláine agus ar fhéinchúram do mhúinteoirí
Tacaíocht chianda a chur ar fáil Agus tacaíocht do dhaltaí á pleanáil, smaoinigh ar na nithe seo:
• Roghnaigh an modh cumarsáide is oiriúnaí (m.sh. ríomhphost, físghlao, glao gutháin)
agus bí cinnte go mbeidh sé sábháilte, slán agus furasta don dalta a úsáid
• Socraigh cá háit a gcuirfidh tú tacaíocht ar fáil do dhaltaí. Roghnaigh spás inar féidir
leatsa agus an dalta a bheith sábháilte agus labhairt go príobháideach
• Abair leo siúd a chónaíonn leat go mbeidh an seomra in úsáid le haghaidh glao/
físchomhdhála.
• Socraigh an t-am a mbeidh tú ar fáil
• Socraigh an tslí a gcomhroinnfidh tú eolas leis na daltaí
https://www.education.ie/en/The-Department/Announcements/teacher-wellbeing-self-care-during-the-covid-19-coronavirus-school-closures.pdfhttps://www.education.ie/en/The-Department/Announcements/teacher-wellbeing-self-care-during-the-covid-19-coronavirus-school-closures.pdf
-
12
• Féach siar ar an eolas atá agat ar naisc atreoruithe
agus bí ar an eolas faoi cathain agus conas is cóir daltaí
a atreorú chuig seirbhísí tacaíochta eile, más gá
• Bíodh liosta teagmhálaithe éigeandála suas chun dáta agat agus liosta de na
gníomhaireachtaí agus seirbhísí atreoraithe cuí atá ar fáil. Féach Aguisín 2.
• Bíodh cóip dhigiteach agat de liosta gníomhaireachtaí agus ábhar síocoideachais le
cur ar aghaidh chuig an dalta (dalta)
• Tá sé tábhachtach go mbeifeá ar do chompord ó thaobh do chumas gairmiúil chun
tacú le daltaí ar an tslí seo, go dtuigfeá na teorainneacha le do chumas agus conas
daltaí a atreorú, agus conas agus cá háit ar féidir leat tacaíocht a fháil duit féin.
• Bí i dteagmháil go rialta le do chomhghleacaithe le go roinnfeadh sibh eolais agus
tacaíocht ar a chéile. Tá sé tábhachtach, leis, go mbeadh maoirseacht ghairmiúil ar
fáil duit féin agus/nó go mbeadh teagmháil agat le comhghleacaithe a thacódh leat.
• Cuimhnigh, agus tacaíocht neamhfhíseach á tairiscint agat, go bhfuil sé tábhachtach
go labhrófá go mall soiléir ciúin agus go léireofá ionbhá agus cineáltas trí do ghuth
agus do chuid focal. Éist go haireach agus taispeáin go bhfuil tú ag
éisteacht trí fhuaimeanna dearfacha a dhéanamh.
Tá an cumas ionainn ar fad muid féin a chur in oiriúint do rudaí nua. Sin an bhrí atá le
hathléimneacht. Éireoidh lenár bhformhór teacht slán as paindéim COVID-19, agus
scileanna nua a fhoghlaim lena linn, Bainfidh formhór ár ndaltaí leas as an eolas agus as an
gcomhairle phraiticiúil ar shlite nua maireachtála agus ar conas bheith gníomhach agus i
dteagmháil le daoine eile i gcónaí. Beidh daltaí eile ann, áfach, a bhraithfidh faoi strus níos
mó ná mar is gnách agus a mbeidh sé deacair orthu, ar chúiseanna éagsúla, teacht slán as.
Beidh níos mó tacaíochta, idir phraiticiúil agus sóisialta, ó na daltaí seo, chun go dtiocfaidh
siad slán as. Nuair a bhíonn daltaí faoi strus, is féidir nach mbraithfidh siad sábháilte ná i
gceannas ar a saol féin. I do cháil mar mhúinteoir/ghairmchomhairleoir, tá deis agat dóchas
a spreagadh sna daltaí trí thacú leo go ciúin.
Ní mór a chur san áireamh go mbeidh daltaí ann nach dteastóidh aon tacaíocht bhreise uathu.
Bí ag súil le hathléimneacht, ach bí ag faire amach dóibh siúd a d’fhéadfadh a bheith ag streachailt.
Ag an am seo, is féidir le hathrú teacht ar smaointe, mothúcháin agus iompraíocht daltaí. Is
féidir go bhfuil siad buartha agus imníoch, mar shampla, faoina éiginnte atá scrúduithe na
hArdteistiméireachta. Is féidir go bhfuil siad buartha faoi bhall dá dteaghlach féin atá breoite
nó a chaill post nó is féidir gur cailleadh duine éigin a bhí muinteartha leo. Agus athrú agus
éiginnteacht mar sin ina saol, ní haon ionadh go mbeidís imníoch, suaite, agus buartha. I
gcásanna mar seo, is gnách go mbeadh sé deacair ar dhaltaí codladh maith a fháil, díriú ar a
gcuid oibre, éisteacht le daoine eile agus obair a chríochnú. Is féidir go mbeidh siad
cantalach, faoi bhrón, feargach nó imníoch agus iad ag smaoineamh ar a bhfuil tite amach
go dtí seo agus ar céard a d’fhéadfadh a bheith rompu. Gheofar tuilleadh eolais anseo.
Nuair a bhíonn daltaí ag caint le chéile faoin gcuid eispéireas, smaointe agus mothúchán, bí
ag faire amach d’fhachtóirí riosca a chuirfeadh frithghníomhú díobhálach in iúl. Ar na
fachtóirí riosca sin tá:
https://www.gov.ie/en/campaigns/together/https://www.gov.ie/en/campaigns/together/https://www.gov.ie/en/campaigns/together/https://www.gov.ie/en/publication/256911-leaving-cert-2020-practical-supports/#other-supportshttps://www.gov.ie/en/publication/256911-leaving-cert-2020-practical-supports/#other-supports
-
13
• Cás dúshlánach teaghlaigh
• Bás a chuaigh i gcion orthu le déanaí
• Bheith bocht nó ag maireachtáil i bpobal faoi
mhíbhuntáiste
• Deacrachtaí meabhairshláinte sular thosaigh an ghéarchéim seo
• Deacrachtaí foghlama
• Claonadh chun foirfeachta
Is gnách do dhaoine a bheith buartha uaireanta faoi COVID-19. Mar sin féin, má tá dalta
buartha go leanúnach agus cloíte ag an mbuairt sin, nó más deacair di nó dó gnáthrudaí a
dhéanamh ina saol laethúil, seans gurbh fhiú duit an dalta (agus a t(h)uismitheoirí) a threorú
chuig na seirbhísí gairmiúla cuí. Gheofar tuilleadh eolais in Aguisín 2 nó iarr tacaíocht agus
comhairle ar do shíceolaí NEPS.
1 Curtha in oiriúint ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) do scoileanna na hÉireann ó
ábhair Gharchabhair Shíceolaíochta a d’fhorbair na cumainn seo a leanas: American Red Cross (2014);
International Federation of Red Cross and Red Crescent Societies (2020); National Child Traumatic Stress
Network National Centre for PTSD; Adams Psychology Services.
, COSAIN, CEANGAIL, DEA-SHAMPLA & MÚIN
An chéad chéim ná éisteacht agus aird a thabhairt ar an méid atá á rá ag do dhaltaí. Is féidir
go dtaispeánfaidh siad a gcuid mothúchán ar shlite neamhbhriathartha, ar nós deacrachtaí i
mbainistiú na mothúchán agus i ndíriú ar an obair. Bíodh a fhios ag na daltaí go bhfuil tú ar
fáil le héiseacht agus le labhairt leo faoin méid atá ag tarlú, agus/nó cabhrú leo atreorú a
fháil chuig seirbhísí tacaíochta eile, más gá. (Féach na Ceisteanna/Moltaí maidir le Labhairt
agus Éisteacht le do dhaltaí ag deireadh an doiciméid seo)
• Bí ag éisteacht do leideanna a thabharfadh le fios go bhfuil dalta i gcruchás. Scríobh
síos cúpla sampla a bheadh ina chabhair duit féin. Éist le riachtanais mhothúchánacha
agus phraiticiúla na ndaltaí. Má tá dalta buartha, fiafraigh díobh an fáth.
• Má tá dalta thar a bheith imníoch nó buartha, suaimhnigh iad trína rá gur gnáthrud é na
mothúcháin sin a bheith ann le linn géarchéime mar seo.
• Cad atá ag cur isteach ar iarrachtaí an dalta chun obair scoile a dhéanamh/bheith
páirteach i gceachtanna ar líne?
• Cad é an chúis nach féidir le dalta tascanna scoile a chríochnú?
Éist, féach agus tabhair aird ar aon athruithe ar
• Iompraíocht agus/nó ar ghiúmar
• Obair scoile/rannpháirtíocht i dtascanna, ceachtanna, nó acmhainní ar líne
Iompraíocht sa bhaile a phléann tuismitheoirí/caomhnóirí leat.
-
14
ÉIST, , CEANGAIL, DEA-SHAMPLA & MÚIN
Ainneoin a éiginnte atá an saol le linn Covid-19, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daltaí go
bhfuil foireann na scoile ag déanamh a ndícheall ar a son. Bheadh na rudaí seo a leanas, nó
cuid díobh, ina chabhair chun daltaí a shuaimhniú ionas go mbraithfidh siad níos sábháilte:
• Cumarsáid rialta a bheith agat leo/ An scéala is déanaí a thabhairt dóibh go rialta. Eolas
cruinn suas chun dáta a thabhairt dóibh. Ceisteanna a fhreagairt go simplí agus go
macánta, ionas go ndéanfar aon doiléire maidir le cúrsaí mar atá a shoiléiriú dóibh. Bíodh
a fhios ag na daltaí nach iadsan amháin atá buartha.
• Inis do na daltaí an méid atá á dhéanamh ag an scoil agus ag an bpobal i gcoitinne chun
cabhrú leo bheith sábháilte agus chun ullmhú do na scrúduithe.
• Cuir an féinchúram chun cinn trí na rudaí seo a leanas a mholadh dóibh: sceideal laethúil
a bheith acu, béilí maithe a ithe, dóthain codlata a fháil, dul amach ag aclaíocht gach lá
agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí taitneamhacha. Gheofar tuilleadh eolais anseo.
• Bí tuisceanach mar gheall ar leibhéal reatha feidhmíochta an dalta agus déan iarracht a
bheith solúbtha ina leith ionas go maolóidh tú aon strus breise atá orthu.
• Mol don dalta teorainn a chur leis an úsáid a bhaineann siad as na meáin. Cuir i
gcuimhne dóibh go mbíonn tuairiscí ann nach bhfuil aon bhunús leo agus liostaigh dóibh
na háiteanna inar féidir eolas iontaofa suas chun dáta a fháil.
• Liostaigh rudaí eile a dhéanann tú a chabhraíonn leis na daltaí. Moltar an liosta a
chomhroinnt le múinteoirí eile i ríomhphost chun liosta a thiomsú de rudaí a chabhródh
leis na daltaí.
ÉIST, COSAINT, , DEA-SHAMPLA & MÚIN
Is fiú moladh do na daltaí cabhair a iarraidh ar dhaoine eile sa scoil agus sa phobal.
Cabhróidh sé sin leo an ceann is fearr a fháil ar a gcuid deacrachtaí. Is í an tacaíocht
shóisialta a chabhróidh leis na daltaí athléimneacht a chothú sna hamanna dúshlánacha seo
mar sin cruthaigh slite nua chun teagmháil a dhéanamh leis na daltaí. Neartóidh na
teagmhálacha sin an uile dhuine. Féach an féidir na modhanna seo a leanas nó cuid díobh
a úsáid chun teagmháil a choimeád ar bun:
• Tús áite a thabhairt don ghaol idir dhaoine. Má bhíonn deiseanna rialta ag daltaí chun
labhairt le daoine nó chun tacaíocht shóisialta a fháil, braithfidh siad go bhfuil an saol
níos rialta. Mol do na daltaí labhairt lena gcairde tríd an teicneolaíocht agus trí ghrúpa
fíorúla staidéir/sosanna lóin agus mar sin de.
• Déan ‘Seiceáil isteach’ le daltaí leis an teicneolaíocht, más gá -- glao gutháin, téacs,
Zoom, ríomhphost agus mar sin de.
• Aimsigh acmhainní a thacódh leis na daltaí. Tóg ar an neart atá sna daltaí cheana
féin trí mholadh dóibh smaoineamh ar rudaí a d’fhoghlaim siad roimhe seo a chabhródh
leo dul i dtaithí ar an ngéarchéim seo.
• Meabhraigh do na daltaí nár tharla a leithéid seo de ghéarchéim riamh roimhe seo agus
go bhfuil na scoileanna ag déanamh a ndícheall chun tacú leis na daltaí agus an saol
chomh éiginnte agus atá.
https://www.gov.ie/en/publication/d8920c-leaving-cert-2020/https://www.gov.ie/en/publication/d8920c-leaving-cert-2020/
-
15
ÉIST, COSAIN, CEANGAIL, & MÚIN
Agus tú ag cabhrú leis na daltaí sa ghéarchéim seo gan choinne, seans go n-éireoidh níos
fearr leat má choimeádann tú an méid seo a leanas i gcuimhne:
• Do smaointe, do mhothúcháin agus do fhreagairtí féin, de bhrí go mbeidh tionchar acu
siúd ar do dhaltaí.
• Rachaidh d’iompraíocht féin agus do fhreagairt féin ar an ngéarchéim i gcion ar
iompraíocht agus ar fhreagairt do dhaltaí. Beidh do dhaltaí ag faire ortsa, ag lorg
leideanna briathartha agus neamhbhriathartha.
• Admhaigh gur géarchéim é, ach léirigh an tslí ar féidir le daoine teacht le chéile chun
cabhrú lena chéile maireachtáil tríd an ngéarchéim.
ÉIST, COSAIN, CEANGAIL, DEA-SHAMPLA &
Labhair leis na daltaí faoin méid is féidir a bheith ag súil leis sa ghéarchéim seo (freagairtí
mothúchánacha, iompraíochta, cognaíocha agus fiseolaíoch). Is gnáthfhreagairtí iad seo ar
imeachtaí neamhghnácha. Féach anseo.
• Ní mar a chéile a fhreagraíonn aon bheirt do ghéarchéim, fiú laistigh den aon
teaghlach.
• Ní hionann an méid ama a bhíonn de dhíth ar aon bheirt chun dul i dtaithí ar athrú sa
saol.
• Spreag do dhaltaí chun straitéisí dearfacha a úsáid chun déileáil le deacrachtaí, ionas
go mbeidh ar a gcumas déileáil leis an ngéarchéim seo. Féach anseo.
• Cabhraigh le do dhaltaí a réitigh féin a fháil ar fhadhbanna laethúla.
• Spreag iad chun smaoineamh ar shlite ina bhféadfaidís cabhrú le daoine eile.
• Meabhraigh dóibh go dtiocfaidh siad slán as an ngéarchéim seo, go bhfaighidh siad
cabhair agus go mbeidh deireadh leis ar ball. Más rud é nach maolaíonn ar strus dalta
ar ball, ba chóir dóibh é sin a chur in iúl do thuismitheoirí nó do mhúinteoir.
An comhrá a thabhairt chun críche:
• Achoimrigh an comhrá trí dhíriú ar na príomhphointí agus ar na rudaí a dhéanfar.
Aontaigh cibé an bhfuil gá le comhrá eile, agus má tá, aontaigh am oiriúnach.
Más gá nasc a thabhairt nó atreorú a dhéanamh, féach an liosta seirbhísí in Aguisín 2
(Is féidir gur mhaith le múinteoirí ábhair tacaíocht agus comhairle a iarraidh ar
ghairmchomhairleoir na scoile maidir le daoine a atreorú chuig seirbhísí
meabhairshláinte).
https://www.gov.ie/en/publication/256911-leaving-cert-2020-practical-supports/https://www.gov.ie/en/publication/256911-leaving-cert-2020-practical-supports/https://www.gov.ie/en/publication/d8920c-leaving-cert-2020/https://www.gov.ie/en/publication/d8920c-leaving-cert-2020/
-
16
Ceisteanna agus moltaí faoin tslí le héisteacht agus labhairt le daltaí
Na príomhrudaí is cóir do mhúinteoirí/gairmchomhairleoirí a chur san áireamh:
• Conas atá ag éirí liom caidreamh a bhunú agus a choimeád ar siúl? • An bhfuilim ag éisteacht? • Conas atá an dalta seo faoi láthair? • An dtuigim an méid atá á rá ag an dalta? • An dtuigim na rudaí atá déanamh buartha di/dó?
• An bhfuilim ag cur na tuisceana sin in iúl don dalta? Céard eile is féidir liom a dhéanamh chun
cás an dalta a thuiscint? Tús an chomhrá
• Cuir tú féin in aithne mura bhfuil aithne ag an dalta ort. • Conas is féidir liom cabhrú leat? • Cad iad ina slite is mó ina bhféadfainn cabhrú leat?
Conas éisteacht agus ionbhá a léiriú:
• Inis dom cad atá ag cur isteach ort...
• Cloisim go bhfuil tú buartha faoi... • Tuigim go bhfuil imní ort – tá imní ar an-chuid de dhaltaí na hArdteistiméireachta...
• Is gnách a bheith faoi bhrón, feargach, trína chéile, imníoch, frustrachas a bheith ort...
• Cloisim an méid a deir tú faoi...
• Tuigim go maith an fáth a mhothaíonn tú mar seo… I gcás mar seo, is gnách do dhaoine
mothú mar seo.
• B’fhéidir go bhféadfaimis díriú ar roinnt rudaí a chabhródh leat...
• Is géarchéim é seo, agus tuigim go bhfuil sé an-dúshlánach ar fad. Féachaimis an bhfuil aon rud a
d’fhéadfá a dhéanamh chun an saol a dhéanamh níos éasca ort féin.
• Ar mhaith leat féachaint ar chúpla rud a chabhródh leat, b’fhéidir?
• Seo na rudaí atá ar bun againn chun tacú leatsa agus leis na daoine eile i do rang... • An aon chabhair é má deirim go bhfuil an-chuid daoine sa ghéarchéim seo a mhothaíonn díreach
mar a mhothaíonn tusa? Is féidir leis na mothúcháin seo cur isteach go mór ar dhaoine, mar sin
b’fhéidir gurbh fhiú iad a phlé. An chéad rud ná na mothúcháin a admháil, mar atá déanta agat, an
chéad rud eile ná slí a fháil chun iad a chur i leataobh beagán. Ar mhaith leat é sin a phlé
tuilleadh?
• Is féidir go gcabhródh sé leat do chuid imní go léir a dhéanamh i mbabhta amháin nó dhó sa lá, ar
feadh leathuair an chloig san iarnóin, mar shampla. Má bhraitheann tú imníoch ag amanna eile
den lá nó den oíche, iarr ar an imní filleadh níos déanaí, nó go ndíreoidh tú ar an imní ag an am
atá curtha i leataobh agat dó. Tabharfaidh sé sin am duit chun rudaí eile a dhéanamh.
• Is géarchéim é seo, agus tuigim go bhfuil sé an-dúshlánach ar fad. Féachaimis an bhfuil aon rud a
d’fhéadfá a dhéanamh chun an saol a dhéanamh níos éasca ort féin.
• Táim buartha fút agus sílim go mb’fhiú tú a atreorú chuig duine éigin eile a chabhródh leat, má tá
tú sásta
-
17
Ráitis mhachnamhacha:
• Ón méid a deir tú, tuigim ....
• Is cosúil, ón méid a deir tú... Is cosúil go bhfuil tú ...
Ráitis chun rudaí a shoiléiriú
• Abair liom é má táim mícheart, ach sílim, ón méid a deir tú, ...
• An bhfuil an ceart agam nuair a deirim...
Ráitis thacúla
• Ní haon ionadh go bhfuil .. ort
• Sin scéal crua... Is oth liom go mór go bhfuil rudaí chomh deacair ort agus atá.
• Dealraíonn sé dom go bhfuil tú beagáinín crua ort féin, b’fhéidir.
• Is féidir linn é seo a phlé tuilleadh amárach, más maith leat.
Ráitis agus moltaí a chumhachtaíonn an dalta:
• Cad a rinne tú uaireanta eile chun sólás a thabhairt duit féin nuair a bhí an saol crua ort? • Cad a chabhródh leat anois suaimhneas a fháil? • Tá bileog eolais agam anseo agus roinnt smaointe air faoi conas déileáil le deacrachtaí. B’fhéidir
go mbeadh smaoineamh nó dhó anseo a chabhródh leat.
• Ní hionann na rudaí a thugainn suaimhneas d’aon bheirt. Nuair a bhíonn an saol deacair ormsa,
cabhraíonn sé liom má .. An bhféadfadh rud éigin mar sin cabhrú leatsa?
Moltaí faoin tslí le tacaíocht a thabhairt
Déan Ná déan Déan níos mó éisteachta ná labhairt agus tú
ag iarraidh údair imní a aithint Ná cuir brú ar dhaoine eile chun labhairt mura
bhfuil fonn orthu
Cuir ceisteanna séimhe chun teacht ar an
bhfírinne Ná tabhair breithiúnas
Cuir ceisteanna oscailte: cathain, cá háit, cén
rud, cén duine? Ná húsáid focail theicniúla
Glac le mothúcháin agus tuiscint daoine eile ar
imeachtaí Inis dom fút féin nó faoi fhadhbanna nó
trioblóidí pearsanta atá agat
Déan mothúcháin agus freagairtí an dalta a
normalú Ná tabhair gealltanas ná dearbhú nach féidir a
chomhlíonadh
Tabhair aitheantas d’acmhainní inmheánacha
agus do chumas an dalta déileáil leis an
bhfadhb
Ná roinn scéal ná taithí duine ar bith eile
Bí foighneach agus coimeád smacht ort féin Ná bain mí-úsáid as iontaoibh ná as ábhar a roinneadh leat faoi rún
Tabhair seans do dhaoine mothúcháin a chur
in iúl agus a phróiseáil Ná húsáid focail theicniúla
Tabhair eolas mar gheall ar Covid-19. Bí
macánta faoin méid nach bhfuil ar eolas
agat. Is víreas nua é seo agus táimid go léir
ag foghlaim faoi.
Ná cuir brú ar dhaoine eile chun labhairt mura
bhfuil fonn orthu
Éist le roghanna na ndaltaí agus cabhrú leo
rogha a dhéanamh astu. Féach chuige go
mbíonn gach rud faoi rún ach amháin dá
-
18
gcuirfeadh nithe atá á bplé duine nó daoine
eile i mbaol
Féach chuige go gclóitear leis an bprionsabal
‘Ná déan dochar’.