céard é sin?...leigheas a bhí ag fionnán dom,’ arsa learaí. ‘ná bac fionnán,’ arsa...
TRANSCRIPT
-
Céard é sin? Céard é sin?
Siobhán Ní Dhúill Steve Simpson a mhaisigh
Leagan Connachtach C
-
An chéad eagrán 2007
© An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2007
Obair ealaíne© Steve Simpson, 2007
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe
ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na
bunscoileanna lán-Ghaeilge.
Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh
Dearadh agus leagan amach: Designit
Printset and Design Teo a chlóbhuail in Éirinn
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1
-
Baile Átha Cliath
Céard é sin?
Siobhán Ní DhúillSteve Simpson a mhaisigh
-
Oíche chiúin ghealaí a bhí ann. Bhí
Learaí Leipreachán ag obair leis
go sásta.
‘Tic teaic tiú, péire bróga nua.
Cuirfidh mise an tairne agus
cuirfidh tusa an crú.’3
-
Tar éis scaithimh bhuail tuirse é.
‘Tá mé tuirseach,’ ar seisean.
‘An-tuirseach. Tá sé thar am
baile agam.’
Bhailigh Learaí na bróga a bhí
déanta aige agus chuir sé ina mhála
iad. Bhailigh sé a chuid giuirléidí le
chéile agus chuir sé ina mhála iad.
Ansin chuir sé an mála ar a dhroim
agus thug sé aghaidh ar an mbaile.
4
-
5
-
‘Tic teaic tiú, péire bróga nua.
Cuirfidh mise an tairne agus
cuirfidh tusa an crú.’
Bhí Learaí ar a bhealach abhaile
agus é breá sásta leis féin nuair
a chuala sé torann aisteach:
Hic! Hic! Hic!
6
-
Baineadh geit as Learaí. Ní raibh
torann mar é cloiste riamh cheana
aige.
‘Céard é sin?’ ar seisean agus
sheas sé gan cor as.7
-
Chuir Learaí cluas air féin.
Bhreathnaigh sé ina thimpeall. Ach
ní raibh duine ná deoraí le feiceáil.8
-
Ach níorbh fhada gur thuig Learaí
gurbh as a bhéal féin a bhí an
torann aisteach seo ag teacht.
Ansin chuala sé an torann arís:
Hic! Hic! Hic!
‘Céard é sin?’ arsa Learaí. ‘Céard
a bheadh ag déanamh torainn mar
sin?’
9
-
Léim Learaí suas agus anuas.
‘Caithfidh mé mo bhéal a dhúnadh,’
ar seisean. ‘Agus ansin stopfaidh sé.’
Dhún Learaí a bhéal ach … níor stop
an torann.
10
-
Ach mar sin féin … níor stop an
torann.
Rith sé soir agus rith sé siar.
11
-
Nuair nár stop an torann bhuail
faitíos Learaí.
‘Tá mé ag ceapadh go bhfuil galar
éicint orm,’ ar seisean. ‘Caithfidh
mé a ghabháil chuig an dochtúir.’
12
-
Bhreathnaigh Fionnán Frog amach
agus chonaic sé a chara Learaí
ag gabháil síos an bóthar.
13
-
‘Heileó, a Learaí,’ arsa Fionnán.
‘Cén chaoi a bhfuil tú?’
‘Hic! Hic! Hic!’ arsa Learaí.
Scairt Fionnán amach ag gáire.
‘Cén fáth a bhfuil tú ag gáire fúm?’
a d’fhiafraigh Learaí de. ‘Tá mé ag
ceapadh go bhfuil galar éicint orm.’
‘Níl ná galar,’ arsa Fionnán. ‘Fail
atá ort.’14
-
‘Fail?’ arsa Learaí. ‘Céard é sin?
Tá súil agam nach gcaithfidh mé
a ghabháil chuig an dochtúir.’
‘Ní chaithfidh tú, muise,’ arsa
Fionnán. ‘Tá leigheas agamsa duit.
Nach minic a bhíonn fail orm féin.’15
-
‘Tar anseo chugam,’ arsa Fionnán
le Learaí ansin, ‘agus seas ar do
chloigeann.’
‘Ar mo chloigeann?’ arsa Learaí.
‘Sea,’ arsa Fionnán. ‘Ar do
chloigeann.’
Sheas Learaí ar a chloigeann mar a
d’iarr Fionnán air.16
-
Nuair a bhí Learaí ina sheasamh ar
a chloigeann shín Fionnán deoch
chuige.
‘Ól é sin anois agus stopfaidh an
fhail,’ ar seisean.
‘Céard atá ann?’ arsa Learaí.
‘Braon uisce,’ arsa Fionnán. ‘Caith
siar é go beo.’17
-
Nuair a bhí an t-uisce ólta ag Learaí
dúirt Fionnán leis go bhféadfadh sé
seasamh ar a chosa arís.
‘Tá an fhail imithe díom anois.
Tá mé thar a bheith buíoch díot,
a Fhionnáin,’ arsa Learaí leis an
bhfrog agus síos an bóthar leis
go sásta.18
-
Bhreathnaigh Labhrás Luch amach
agus chonaic sé a chara Learaí
ag gabháil síos an bóthar.19
-
‘Heileó, a Learaí,’ arsa Labhrás.
‘Cén chaoi a bhfuil tú?’
‘Hic! Hic! Hic!’ arsa Learaí.
Scairt Labhrás amach ag gáire.
‘Cén fáth a bhfuil tú ag gáire fúm?’
a d’fhiafraigh Learaí de. ‘Tá mé ag
ceapadh go bhfuil galar éicint orm.’
‘Níl ná galar,’ arsa Labhrás. ‘Fail
atá ort.’
‘Sin é a dúirt Fionnán Frog chomh
maith,’ arsa Learaí.20
-
‘Tá leigheas agamsa duit,’ arsa
Labhrás le Learaí ansin. ‘Nach
minic a bhíonn fail orm féin.’
‘Tá súil agam gur fearr é ná an
leigheas a bhí ag Fionnán dom,’
arsa Learaí.
‘Ná bac Fionnán,’ arsa Labhrás.
‘Tá an leigheas atá agamsa
thar cionn ar fad.’21
-
22
-
‘Tar anseo chugam,’ arsa Labhrás
leis an leipreachán ansin. ‘Anois
iompaigh do dhroim liom agus
dún do shúile.’
‘An gcaithfidh mé seasamh ar mo
chloigeann?’ arsa Learaí.
‘Ní chaithfidh,’ arsa Labhrás.
‘An gcaithfidh mé deoch uisce a ól?’
arsa Learaí.
‘Ní chaithfidh,’ arsa Labhrás. ‘Níl
le déanamh agat ach do shúile a
dhúnadh agus seasamh ansin
gan cor asat.’23
-
Dhún Learaí a shúile agus sheas sé
gan cor as. Ach níor stop an fhail.
‘Hic! Hic! Hic! Níl maith ar bith leis
an leigheas seo,’ arsa Learaí tar éis
scaithimh. ‘Tá fail fós orm.’
‘Fan scaitheamh eile,’ arsa Labhrás
leis.24
-
Nuair a chuala Learaí pléasc taobh
thiar de ba bheag nár thit an t-anam
as. D’oscail sé a shúile agus
d’iompaigh sé timpeall.
25
-
‘Éist!’ arsa Labhrás Luch leis.
Chuir Learaí Leipreachán cluas air
féin.
‘Ní chloisim tada,’ ar seisean.
‘Nach in é díreach é,’ arsa an luch.
‘Ní chloiseann tú tada. Tá an fhail
imithe díot anois.’26
-
‘Nach iontach go deo an leigheas é
sin atá agat!’ arsa an leipreachán.
‘Tá mé thar a bheith buíoch díot,
a Labhráis. Fan go gcloise Fionnán
Frog go raibh leigheas níos fearr
agatsa ná mar a bhí aige féin!’27
-
‘Tic teaic tiú, péire bróga nua.
Cuirfidh mise an tairne agus
cuirfidh tusa an crú.’28
-
Oíche chiúin ghealaí a bhí ann.
Bhí Learaí Leipreachán
ag obair leis go sásta …