Transcript

beatha le bua

Pictiúr Clúdaigh © Redferns/Getty Images.

Pictiúr le © Getty Images.

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

RO

RY

GA

LLA

GH

ERbeatha le bua

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

R O R Y G A L L A G H E R

Cúlra

Tá clú agus cáil ar Rory Gallagher mar ghiotáraí den scoth i measc lucht éisteachta an rac-cheoil sa tír seo agus thar lear. Deir go leor daoine go raibh sé ar an ghiotáraí ab fhearr dá raibh riamh ann, b’fhéidir. Rugadh é i mBaile Átha Seannaigh i dTír Chonaill ar 2ú Márta 1948. Fuair sé bás i 1995 nuair nach raibh sé ach 47 d’aois. Laoch sa rac-cheol a bhí ann agus d’fhág sé cnuasach iontach ceoil ina dhiaidh a bhfuil dúil mhór ag daoine ann go fóill.

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

© MICHAEL OCHS ARCHIVES/

STRINGER/GETTY IMAGES

R O R Y G A L L A G H E R

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

R O R Y G A L L A G H E R

Ba de theaghlach é a bhí sáite sa cheol. Bhí a athair ina bhall de bhanna ceoil agus amhránaí agus aisteoir a bhí ina mháthair. Spreag a thuismitheoirí é féin agus a dheartháir Dónal le ceol a fhoghlaim. Bhog an teaghlach go Doire nuair a bhí Rory agus Dónal iontach óg. Níor fhan siad i bhfad ansin agus bhog siad go Corcaigh go luath ina dhiaidh. Tógadh i gCorcaigh é agus deir muintir Chorcaí go fóill gur le cathair Chorcaí é. Is ansin a chuaigh sé ar scoil ach ní raibh mórán dúile aige sa scolaíocht. Ba ghnách leis giotár a thabhairt leis ar scoil go minic le bheith ag cleachtadh chomh minic agus ab fhéidir. Dúirt duine de na múinteoirí leis lá amháin gur cheart dó an giotár a fhágáil sa bhaile nó ní dhéanfadh sé maitheas ar bith dó. Níor éist Rory leis an chomhairle sin ar ndóigh. Ní minic nach mbíonn an ceart ag an mhúinteoir!

7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

R O R Y G A L L A G H E R

© REDFERNS/GETTY IMAGES

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

R O R Y G A L L A G H E R

Ag dul leis an cheol

Ní raibh Rory ach 9 d’aois nuair a fuair sé a chéad ghiotár. D’fhoghlaim sé uirlisí ceoil eile fosta. Nuair a bhí sé 12 d’aois bhain sé an chéad duais i gcomórtas ceoil agus cheannaigh sé a chéad ghiotár leictreach leis an airgead. Trí bliana ina dhiaidh sin cheannaigh sé an giotár a choinnigh sé agus a d’úsáid sé i rith an chuid eile dá shaol. Fender Stratocaster a bhí ann agus chosain sé £100 – suim mhór airgid ag an am!

Chuir sé spéis mhór sa cheol ‘ghorm’ go háirithe a bhí ag teacht as Meiriceá ag an am. Ach ní raibh sé furasta ag an am sin teacht ar an cheol. Ní raibh an tIdirlíon ná Youtube ann ag an am sin! Ní raibh mórán ar an raidió ach oiread. B’éigean dó éisteacht le Radio Luxembourg le teacht ar an chineál ceoil a raibh spéis aige ann. D’fhág sé an scoil chomh luath agus ab

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

9

R O R Y G A L L A G H E R

fhéidir leis agus chuaigh sé le banna seó ag taisteal na hEorpa. D’fhoghlaim sé cuid mhór agus é ag taisteal. Bhí sé ábalta teacht ar níos mó den cheol a raibh suim aige ann. De réir a chéile thuig sé go gcaithfeadh sé a shaol leis an rac-cheol.

I ndiaidh trí bliana tháinig Rory ar ais go hÉirinn agus bhunaigh sé a ghrúpa féin. Taste a thug sé ar an ghrúpa seo agus d’éirigh go maith leis. Níor mhair an grúpa ach cúpla bliain, áfach. Faoin am sin bhí Rory ag éirí clúiteach agus chinn sé ar ghrúpa eile a bhunú faoina ainm féin. Bhunaigh sé stíl ar leith dá chuid féin ar chloígh sé léi ar feadh a shaoil. Ba iad na 1970í an tréimhse ab fhearr dó. Chuir sé amach 10 n-albam le linn an ama sin. Bhí na 1980í iontach maith dó chomh maith agus lean sé de bheith ag déanamh albam agus ag taisteal ar turas.

R O R Y

G A L L A G H E R

© REDFERNS/GETTY IMAGES

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

R O R Y G A L L A G H E R

Deireadh an bhóthair

Bíodh nár ghlac Rory drugaí bhí dúil mhór aige san alcól agus d’ól sé barraíocht. I ndiaidh blianta den andúil sin d’éirigh sé iontach tinn. Bhí damáiste mór déanta aige don ae. I Mí Eanáir 1995 chuaigh sé isteach san ospidéal ach fuair sé bás tamall ina dhiaidh sin. Bhí an chéad laoch Éireannach sa rac-cheol marbh. Cuireadh é ina chathair dhúchais féin, Corcaigh.

1 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

R O R Y G A L L A G H E R

© WIREIMAGE/GETTY IMAGES

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

R O R Y G A L L A G H E R

Oidhreacht

Níor tháinig laoch rac-cheoil as Éirinn roimh Rory Gallagher. Bhí a stíl féin aige agus d’fhan sé dílis dó sin i rith an ama. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór ar go leor ceoltóirí eile amhail The Edge (U2), Slash (Guns ‘n Roses), Brian May (Queen) agus Johnny Marr (The Smiths). Tá dúil mhór ag daoine ina chuid ceoil go fóill. Agus mar a bhí a lucht leanúna dílis dó, bhí Rory dílis dá stíl ceoil fosta. Dhíol sé níos mó ná 30 milliún albam ar fad go dtí seo. Cuireadh amach ‘albam caillte’ ar na mallaibh a rinne sé in San Francisco i 1979. Níor thaitin sé leis an toradh a bhí ar an albam ag an am agus níor thug sé cead don chomhlacht ceoil é a chur ar díol. Bhain sé go leor gradam lena linn fosta. Mar shampla, bhain sé Gradam Idirnáisiúnta don Ghiotáraí Is Fearr i 1972. Bhí dúil mhór ag muintir Bhéal Feirste ann fosta.

1 5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

R O R Y G A L L A G H E R

© REDFERNS/GETTY IMAGES

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

R O R Y G A L L A G H E R

Nuair a tháinig sé go Béal Feirste le ceolchoirm a dhéanamh, bhí idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh i láthair. Rinne siad dearmad de na trioblóidí i mBéal Feirste ar feadh tamaill nuair a bhí siad ag éisteacht le Rory ar stáitse.

Ómós

Is iomaí rud a dúradh faoi Rory Gallagher agus is iomaí ardmholadh a fuair sé. Ach is é an rud a dúirt Jimi Hendrix faoi Rory an t-ardmholadh is mó a fuair sé, b’fhéidir. Bhí Jimi Hendrix ar an réalta is mó sa rac-cheol ag tús na 1970í agus bhí clú agus cáil air mar ghiotáraí. Bhí tuairisceoir ag cur agallaimh air agus chuir sé an cheist seo a leanas air:

– ‘Bhuel, a Jimi, cad é mar a mhothaíonn sé bheith ar an ghiotáraí is fearr ar domhan?’

- ‘Níl a fhios agam,’ arsa Jimi. ‘Beidh ort an cheist sin a chur ar Rory Gallagher.’

1 7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

R O R Y G A L L A G H E R

© REDFERNS/GETTY IMAGES

R O R Y

© REDFERNS/GETTY IMAGES

G A L L A G H E R


Top Related