freagracht chorparáideach 2007 lucht féachana agus lucht … cr report irish... · 2019-10-22 ·...

60
Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht Éisteachta / Foireann / Idirbheartaíochtaí Gnó / Rialtas agus Rialálaithe / Comhshaol /

Upload: others

Post on 09-Aug-2020

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Freagracht Chorparáideach 2007Lucht Féachana agus Lucht Éisteachta / Foireann / Idirbheartaíochtaí Gnó / Rialtas agus Rialálaithe / Comhshaol /

Page 2: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Tugann an Coimisiún Eorpach an sainmhíniú seo ar Fhreagracht Shóisialta Chorparáideach: Coincheap trína ndéanann cuideachtaí cúramaí sóisialta agus comhshaoil a chomhtháthú lena ngnáthchleachtais ghnó agus lena n-idirbheartaíocht lena bpáirtithe leasmhara, ar bhonn deonach. Áirítear leis seo bainistíocht ar athrú ag an leibhéal cuideachta i modh freagrach ón taobh sóisialta de. Tá forbairt de réir a chéile ar úsáid an téarma seo agus go hiondúil anois is d’Fhreagracht Chorparáideach a dhéantar tagairt.

Page 3: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Réamhrá

04 Réamhfhocal 05 MaidirleRTÉ

Gníomhaíochtaí 2006/07

09 Olltoghchán200713 AgfreastalarriachtanaisárLuchtÉisteachta25 FoireannRTÉ33 IdirbheartaíochtaíGnóRTÉ39 RialtasagusRialálaithe43 AnComhshaol

Cad atá i ndán dúinn

52 Idirchultúrachas55 Cuspóirí2007/0856 Aiseolas

CLÁR

Page 4: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 5: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

The Broadcasting Act 2001 states that RTÉ must:

“…provideacomprehensiverange ofprogrammesintheIrishand

EnglishlanguagethatreflectstheculturaldiversityofthewholeislandofIrelandandinclude,bothonradioandtelevision...programmesthatentertain,informandeducate,pro-videcoverageofsporting,religiousactivitiesandcaterfortheexpecta-tionsofthecommunitygenerallyaswellasmembersofthecommunitywithspecialorminorityinterestsandwhich,ineverycase,respecthumandignity.” Section 28(2) (a)

RTÉ in its programme output across radio and television fulfils this obligation. RTÉ’s programmes reflect the interests and needs of contemporary Ireland. RTÉ provides the vast majority of all television programming made in Ireland and that reflects the experience of living in the country today.

In this initial CR Report we ad-dress how we meet the needs of our audiences under the following headings:

• Understanding and responding to our audiences

• Feedback from our audience• Audience Council • Safeguarding children• Informing citizenship• Reflecting our changing society• Developing talent • Working with communities.

This is not a comprehensive list; it is indicative of the many types of interactions with our audiences and it is a list that will be amended, and added to, as our CR reporting develops in the years to come. We also present a case study on how we have worked with members of one particular sector of our Televi-sion audience who have special requirements and expectations – those who are hard of hearing and need access to subtitling for programmes.

Understandingandrespondingtoouraudiences

As the national PSB, RTÉ is involved in public life throughout the country. We receive unique involvement and views from the public - with many of our programmes encouraging active audience participation.

ProvisionofprogrammesThe main way that we impact on viewers and listeners is through our programmes. Programmes can enrich the quality of society as a whole and can touch people’s lives in a way no other media can. Television, radio and our internet presence have the ability to com-municate to millions of people the issues and arguments surrounding responsible behaviour and encour-age people to take action, as well as expose unethical activities. We also provide people with the tools to participate, learn and become active members of our democratic society.

As a Public Service Broadcaster, RTÉ must make programmes for minori-ties as well as majorities. We must reflect the full spectrum of opinions and values, attitudes and cultures, interests and occupations that go to make-up the patchwork of life in Ireland today. RTÉ’s programme-makers and content providers have a special responsibility to reflect in a fair and generous manner the in-terests and values of all the people in Ireland.

Children form a special part of our audience and they are catered for with special programming such as TheDen and services such asMusicintheClassroom. A recent develop-ment is the e-gazette from RTÉ lyric fm’s breakfast show which is attached at Appendix 3.

Meetingtheneedsofouraudiences �

Réamhrá

Page 6: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

D’fhoilsigh RTÉ a chéad thuarascáil maidir le Freagracht Chorparáideach (CR) i mí Lúnasa 2006. Léirigh an tuarascáil, a léirigh seasamh de chuid an chomhlachta, gealltanas RTÉ mar Chraoltóir Seirbhíse Poiblí (PSB) seirbhís chraolacháin gan sárú a chur ar fáil don lucht éisteachta.

Is eagraíocht é RTÉ atá bunaithe ar mhuinín – bunchloch PSB. Is féidir muinín a bheith ag an lucht éisteachta go mbeidh RTÉ neamhspleách, neamhchlaonta agus ionraic ina ghníomhaíochtaí go léir. Is féidir leo muinín a bheith acu as RTÉ go gcuirfidh sé seirbhís gan chlaonadh bunaithe ar luachanna daonlathacha, sóisialta agus cultúir shochaí na hÉireann ar fáil – nó ar shlí eile, go bhfreastalóidh RTÉ ar a gcuid riachtanas.

Léiríonn Freagracht Chorparáideach croíluachanna na sochaí ina bhfuilimid. Tá cur chuige RTÉ maidir le Freagracht Chorparáideach bunaithe ar an mbuntuiscint mhorálta, go bhfuil sé d’fhreagracht orainn an rud ceart a dhéanamh ó thaobh shochaí na hÉireann. Trína ghníomhaíochtaí maidir le Freagracht Chorparáideach, déanann RTÉ tréaniarracht dearbhú breise a thabhairt don lucht éisteachta, rud atá tuillte acu ó Chraoltóir Seirbhíse Poiblí.

Chuir tuarascáil maidir le Freagracht Chorparáideach RTÉ 2006 anailís ar fáil faoi éagsúlacht gníomhaíochtaí maidir le Freagracht Chorparáideach na hEagraíochta. Aithníodh agus díríodh ar na príomhgheallsealbhóirí seo a leanas:

• An Lucht Éisteachta • An Fhoireann• Idirbheartaíochtaí Gnó• Rialtas agus Rialálaithe• An Comhshaol.

Is féidir leagan Béarla agus Gaeilge den Tuarascáil sin a íoschóipeáil ag an seoladh seowww.rte.ie/about/policies.html

I dtuarascáil na bliana seo 2007, tugtar cuntas ar roinnt gníomhaíochtaí a ndeachaigh RTÉ ina mbun le bliain anuas i ngach aon cheann de phríomhréimsí na ngeallsealbhóirí. Is liosta táscach seachas liosta cuimsitheach atá ann. Bunaithe ar aiseolas, cuirtear cás-staidéir i láthair a thugann samplaí coincréite ar cad atá á dhéanamh agus leagtar amach roinnt cuspóirí don bhliain atá amach romhainn toisc go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh gníomhaíochtaí maidir le Freagracht Chorparáideach spriocdhírithe, tomhasta agus leanúnach. Ní rud é gníomhaíocht maidir le Freagracht Chorparáideach RTÉ a tharlaíonn anois agus arís nó go bliantúil agus sin amháin; is infheistíocht don am atá le teacht atá i gceist – agus geallúint do lucht éisteachta RTÉ.

RÉAMHFHOCAL0�

Page 7: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Is Craoltóir Seirbhíse Poiblí é RTÉ, eagraíocht neamhbhrabúis faoi úinéireacht mhuintir na hÉireann. Is é RTÉ ceannródaí tras-mheán na hÉireann, a sholáthraíonn seirbhísí teilifíse, raidió agus seirbhísí ar líne saor go haer, seirbhísí atá cuimsitheach agus éifeachtach ó thaobh costais de don phobal, ar seirbhísí iad atá ar ardchaighdeán agus atá neamhchlaonta de réir oibleagáidí reachtúla RTÉ. Tá RTÉ comhdhéanta de shé Rannán Comhtháite Gnó (IBDanna) agus ceannáras corparáideach. Seo a leanas na sé IBDanna:

• Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ• Teilifís RTÉ• Raidió RTÉ• Foilsitheoireacht RTÉ• Grúpaí Oirfide RTÉ• RTÉ Network Limited (RTÉNL).

Oibríonn RTÉ dhá chainéal teilifíse comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún raidió, RTÉ Radio 1, RTÉ 2fm, RTÉ lyric fm agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Táirgeann RTÉ an iris is mó díol in Éirinn freisin, the RTÉ Guide; oibrítear an tseirbhís teilitéacs is mó atá chun cinn in Éirinn, RTÉ Aertel, agus soláthraítear eolas maidir leis an nuacht is déanaí, cúrsaí reatha agus siamsaíochta ar an láithreán gréasáin meán is mó tóir in Éirinn, RTÉ.ie.

Soláthraíonn RTÉ aon uair an chloig de chláir teilifíse Gaeilge in aghaidh an lae, gan chostas, chuig TG4.

Cuireann RTÉ go mór leis na healaíona in Éirinn freisin agus sampla maith de sin an tacaíocht a thugann RTÉ do chúig ghrúpa oirfide – Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Ceolfhoireann Choirme RTÉ, Ceathairéad Téadach Vanbrugh RTÉ, Cór Fiolarmónach RTÉ agus Cór na nÓg RTÉ.

Is oibreoir líonra cumarsáide é RTÉNL, fochuideachta faoi úinéireacht iomlán RTÉ, ag a bhfuil portfóilió ollmhór de láithreáin fhorbartha agus acmhainní intí innealtóireachta, pleanála agus tógála.

Soláthraíonn RTÉ cláir gan sárú feadh na seánraí go léir don lucht éisteachta: idir sobalchláir agus cláir spóirt, gníomhaíochtaí stíl mhaireachtála agus drámaíocht chomhaimseartha. Tá sé mar aidhm againn ról suntasach agus leanúnach a bheith againn i saol na hÉireann – agus tionchar a bheith againn.

Is tráth spreagúil agus dúshlánach é seo do RTÉ de réir mar a bhogann craolachán na hÉireann san aois dhigiteach. Is modh nua go maith craolacháin é craolachán digiteach agus is éard a bhíonn i gceist leis formáid dhigiteach a chur in áit comharthaí analógacha. Ceadaíonn sin comhartha ar chaighdeán níos fearr agus cuidíonn an t-athrú ar an teicneolaíocht chun rogha níos fearr a sholáthar don lucht éisteachta. Tá RTÉ ag tacú faoi láthair le Rialtas na hÉireann chun seirbhísí digiteacha a fhorbairt do raidió agus do theilifís trastíre chun ár ndualgas Seirbhíse Poiblí a chomhlíonadh agus teacht ar ár lucht éisteachta go léir.

MAIDIRLERTÉ 0�

Page 8: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 9: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Gníomhaíochtaí 2006/07

Page 10: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 11: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Tá an próiseas ina n-athraítear agus ina ndeonaítear cumhacht pholaitiúil laistigh d’aon daonlathas ríthábhachtach do chách. Ní mór toghcháin a reáchtáil mar is cóir agus ní mór go bhfeicfeadh agus go dtuigfeadh cách go bhfuil siad cóir. Is fíorthástáil ar fholláine agus ar éifeachtacht gach Craoltóir Seirbhíse Poiblí i ngach daonlathas mar a chlúdaítear feachtas olltoghcháin.

TTá na meáin lárnach do gach straitéis feachtais toghcháin agus tuigtear go forleathan gurb iad na meáin chraolacháin is mó a mbíonn tionchair acu as na meáin go léir. Tá freagrachtaí sonracha ar Chraoltóir Seirbhíse Poiblí i ndáil leis an bpróiseas daonlathach. Is gné lárnach i bhFís RTÉ cur le muinín mhuintir na hÉireann agus nuachtaguscúrsaíreathaasholátharabhíonnneamhchlaontaaguscóir. Is i rith toghcháin náisiúnta is tábhachtaí a bhíonn sé sin.

Déanann RTÉ iarracht a chinntiú go mbíonn an clúdach toghcháin go léir spéisiúil, cruthaitheach agus eolasach mar aon le bheith neamhchlaonta agus cóir. Mar sin maidir le Toghchán2007, chaith RTÉ os cionn bliana ag pleanáil an chlúdaigh is uaillmhianaí riamh ar Theilifís, ar Raidió agus, don chéad uair, ar láithreán gréasáin a bhí deartha go sonrach ag RTÉ don Toghchán.

PleanáilDéanann an Príomh-Stiúrthóir cathaoirleacht ar an gCoiste Stiúrtha Olltoghcháin, a bhíonn freagrach as gach clúdach ar fheachtais toghcháin a fheiceáil roimh ré agus a athbhreithniú. Is coiste leanúnach é an Coiste agus é ionadaíoch ar gach réimse iomchuí san Eagraíocht; chasadar ar a chéile sé huaire i rith 2006. Tháinig méadú mór ar ghníomhaíocht an Choiste roimh thréimhse an toghcháin, agus go háirithe nuair a fógraíodh dáta an toghcháin agus castar le chéile iad nuair is gá, roinnt uaireanta sa tseachtain ar uairibh.

Rinneadh obair ullmhúcháin fíor-dhian maidir le clúdach Toghchán2007 – díríodh ar acmhainní daonna agus teicniúla a bhí riachtanach chun córas ríomhaireachta nua níos fearr a oibriú a bhailigh torthaí de réir mar a bhíodar á bhfógairt sna hionaid chomhairimh éagsúla ar fud na tíre. Bhailigh an córas Teicneolaíochta Faisnéise nua an t-eolas don Raidió, don Teilifís (a raibh córas grafaicí nua acu), don chóras Ar Líne agus d’Aertel. Thug sin an deis do RTÉ an t-eolas ba údarásaí agus ba thapúla maidir le torthaí a sholáthar - don lucht éisteachta ar fud an domhain.

Bhí foireann ó gach aon chuid den Eagraíocht tiomanta clúdach RTÉ ar an bhfeachtas agus ar an gcomhaireamh toghcháin a bheith chomh éifeachtach agus ab fhéidir leo.

RTÉAGUSOLLTOGHCHÁN2007 0�

Page 12: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

CláirRéamh-ThoghcháinSholáthair RTÉ clúdach forleathan ar an bhfeachtas toghcháin ar gach clár Nuachta ar an sceideal agus ar go leor cláir Chúrsaí Reatha agus gnéchláir – lena n-áirítear craoltaí beo ó phríomh-dháilcheantair. Cuireadh leis an méid sin trí mhéid suntasach d’ábhar breise mar iad seo a leanas:

• Cláir bhreise PrimeTime chun saincheisteanna toghcháin thábhachtacha a chlúdach

• CampaignDaily,clár Teilifíse laethúil idirghníomhaíoch nuálach

• TheConstituency, clár Raidió a scrúdaigh na saincheisteanna, a chas le pearsantachtaí agus a fuair léargas ó ‘dhaoine ar an taobh istigh’

• Clúdach fairsing ar iarrthóirí agus ar imeachtaí toghcháin ar RTÉ Radio 1

• Láithreán gréasáin a bhí tiomanta go speisialta ina raibh próifílí grinne agus anailís ar gach iarrthóir, dáilcheantar, páirtí agus ar na saincheisteanna toghcháin ollmhóra.

Áirítear na nithe seo a leanas ar na nuálachtaí nua do Thoghchán2007, bhí siad sin deartha chun cur le leas agus le rannpháirtíocht an lucht éisteachta:

• SoyouwanttobeTaoiseach?– sraith éadrom a d’fhéach ar an gcultúr polaitíochta comhaimseartha agus ar an bpróiseas toghcháin

• Díospóireacht a bhí beo ar an ngréasán a d’óstaigh RTÉ.ie idir na hurlabhraithe teicneolaíochta do na páirtithe polaitíochta móra – an chéad uair a ndearnadh a leithéid in Éirinn.

Le roinnt olltoghchán, bhí díospóireacht a bhí beo idir An Taoiseach agus Ceannaire Pháirtí an Fhreasúra mar phríomhghné de chlúdach RTÉ ar na hOlltoghcháin. Mar chuid de Thoghchán2007 ghlac ceannairí ceithre pháirtí, Trevor Sargent (Comhaontas Glas); Pat Rabbitte (Lucht Oibre); Michael McDowell (An Páirtí Daonlathach); agus Gerry Adams (Sinn Féin) páirt i ndíospóireacht a bhí beo. Lean díospóireacht a bhí beo an oíche dár gcionn idir An Taoiseach, Bertie Ahern de chuid Fhianna Fáil agus Ceannaire an Fhreasúra, Enda Kenny de chuid Fhine Gael.

Léirigh Pobalbhreith díreach tar éis Vótála RTÉ gur fhéach 68% dóibh sin a vótáil san Olltoghchán ar Dhíospóireacht na gCeannairí ar RTÉ; d’fhéach 1.5 milliún duine in iomlán ar an dá dhíospóireacht.

Le linn an fheachtais, tugadh clúdach do na páirtithe polaitíochta den chuid is mó ag teacht le mar a d’éirigh leo san toghcháin Dála deiridh. Chun cothroime a chinntiú, d’fheidhmigh RTÉ próiseas monatóireachta neamhspleách, nuair a fógraíodh Toghchán2007. Rinneadh é sin chun eolas cruinn 100% maidir le líon agus achar na n-iarrthóirí Dála agus a n-ionadaithe ar Raidió agus ar Theilifís RTÉ a chinntiú.

Ina theannta sin, i rith an fheachtais, bhí meicníocht ann chun go bhféadfadh na páirtithe polaitíochta uiríll a dhéanamh le RTÉ má cheap siad go raibh aon easnaimh i gclúdach toghchánaíochta RTÉ. B’údar suntais é go raibh líon na n-uiríoll maidir le Toghchán2007 thart ar 20% den líon a fuarthas maidir le Toghchán 2002.

RTÉagusOlltoghchán200710

Page 13: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

LáanChomhairimh43 toghchán a bhíonn ann i ndáiríre ar lá an chomhairimh, ceann i ngach aon Dáilcheantar. Chun an tsraith faisnéise a bhainistiú, ritheann RTÉ Ionad Torthaí i nDomhnach Broc ina dtiomsaítear agus ina ndéantar anailís ar na comhairimh go léir agus ansin cuirtear ar fáil iad do na deasca clár go léir.

Cuireadh tús le clúdach ollmhór an chomhairimh maidir le Toghchán 2007 ar Raidió agus ar Theilifís RTÉ le torthaí Phobalbhreith díreach tar éis Vótála RTÉ ag 7am ar lá an chomhairimh agus lean ar aghaidh go dtí go luath ar maidin an lá dár gcionn. Bhí Eolas Ar Líne agus Aertel ar fáil 24 uair an chloig.

Bhí Pobalbhreith díreach tar éis Vótála RTÉ ó Lansdowne Market Research fíor-chruinn go deo, bhíodar os cionn 99% cruinn ag tuar an vóta céad rogha. Is é an toradh a bhí air sin ná gur tuairiscíodh gur laghdaigh sé an gheatsaíocht a bhíonn ann de ghnáth ar lá an chomhairimh! Mar sin féin, ní raibh aon drochthionchar aige ar ár lucht éisteachta agus bhí níos mó lucht féachana againn mar gheall ar an líon níos mó daoine a tháinig amach ag vótáil sa toghchán féin. Mar shampla, d’fhéach 723,000 duine (52.7%) den lucht éisteachta ar an NineO’ClockNews ar RTÉ One; os cionn 600,000 lucht féachana (díreach faoi 50% den scair) a bhí ag clár den sórt céanna i dToghchán 2002.

Ní hamháin gur sholáthair Raidió RTÉ an clúdach is faide ar aon mheán, bhí iriseoirí dá gcuid i ngach aon cheann de na 43 dáilcheantar, agus i gcomhar le RTÉ Raidió na Gaeltachta, soláthraíodh seirbhís dhátheangach i rith na tréimhse go léir. Áiríodh ar chláir an lae, na réamhaithrisí ba dhírí agus ba chruinne maidir le toradh an toghcháin agus cuireadh na torthaí ó na dáilcheantair go léir ar fáil ag 1pm ar RTÉ Radio 1.

Sholáthair Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ a gclár comhairimh toghcháin do TG4 freisin a bhí ar an aer ar feadh 12 uair an chloig agus cuireadh cuntas cuimsitheach ar fáil ar an vóta náisiúnta mar aon le faisnéis mhionsonraithe ar dháilcheantair ina bhfuil pobail Ghaeltachta gníomhacha.

Nuáil nua do Thoghchán2007 ná bunú IonaidFiosrúcháinTorthaí ag cúig ionad comhairimh ar fud na tíre – Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach agus Maigh Eo. Rinneadh é sin ar bhonn píolótach agus bhain pearsanra Cumarsáide RTÉ leas as RTÉ.ie chun seirbhís a chur ar fáil sna hionaid chomhairimh agus áiríodh orthu na scóir ba dhéanaí, na torthaí, an nuacht is déanaí, faisnéis maidir leis an dáilcheantar agus cláir sruthaithe. Fuair an clár píolóta go leor aird agus tuairimí dearfacha agus is dóigh go sínfear sin amach anseo.

ConclúidBhí RTÉ páirteach i dToghchán2007 i rith an fheachtais féin agus tar éis na vótaí a bheith caite araon.

Trí fhóram a sholáthar do dhíospóireacht bhríomhar, tuairisciú chóir agus cláir rochtana tábhachtacha, chuidigh RTÉ le muintir na hÉireann rogha ar an eolas a dhéanamh ar lá na vótaíochta. Trí chlúdach beo fairsing, cuimsitheach agus láithreach chuig lucht éisteachta náisiúnta agus domhanda ar an Teilifís, ar an Raidió, ar an Idirlíon, ar Aertel agus ar sheirbhís fógraí téacs SMS, sholáthair RTÉ an clúdach ba cuimsithí riamh ar thorthaí toghcháin.

Tríd is tríd, bhí clúdach RTÉ ar Thoghchán2007, in dhá theanga agus feadh ceithre chineál meán éagsúla, ar an gclúdach b’uaillmhianaí go dtí seo agus creidimid go bhfuil sé lárnach don fhreagracht maidir le Craoltóireacht Seirbhíse Poiblí.

RTÉagusOlltoghchán2007 11

Page 14: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 15: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Sonraíonn an tAcht Craolacháin 2001 go bhfuil ar RTÉ

“...raoncuimsitheachclárinGaeilgeagusimBéarlaasholátharaléiríonnéagsúlachtcultúiroileánuilenahÉireann...”

Caithfidh RTÉ, ina ghníomhaíochtaí go léir, gníomhú le freagracht agus éisteacht le agus freagairt dár lucht éisteachta agus na pobail ina maireann siad. Tá RTÉ freagrach do na pobail go léir a chomhdhéanann sochaí na hÉireann – iad siúd nach bhfuil tarraingteach ó thaobh tráchtála de san áireamh.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ2006/07I 2006/07, chomhlíon RTÉ an dualgas sin freastal ar riachtanais ár lucht éisteachta ar roinnt bealaí, lena n-áirítear iad seo a leanas:

Solátharclár• Thug RTÉ ábhar chuig luchtanna

éisteachta ar shlite nua le leathnú ár seirbhísí Ar Líne an bhliain seo caite. Thug RTE.ie atá deartha as an nua isteach seirbhísí podchraolta ar fhíseán (e.g. FairCity agus CrapRap) agus ar chlos araon (e.g. MorningIreland, TubridyShow agus TheBusiness). D’éirigh leo go léir rátaí arda a bhaint amach sna cairt íoslódála. Cuireadh feabhas ar sheirbhísí sruthaithe freisin agus bhí imeachtaí ollmhóra mar shochraid Charles J. Haughey, 48ú Féile Rós Thrá Lí, ceamara gréasáin faire éan MooneyGoesWild, athimirt Chluiche Ceannais na Mumhan de chuid an CLG, agus sruthú ar fud an domhain de Chluiche Ceannais Camógaíochta na hÉireann. Meallann cláir ar an idirlíon daoine atá ina gcónaí thar lear agus a bhfuil spéis acu in Éirinn.

• Mar chuid dá thrialacha raidió digiteach DAB, thug Raidió RTÉ isteach ceithre seirbhís nua i mí an Mheithimh 2007:

- Is raidió popcheoil é RTÉ Junior do leanaí ó dhá bhliain d’aois go dtí go mbeidh siad ina ndéagóirí mar aon le do thuismitheoirí óga

- Is seirbhís den saothar ceoil ba mhó tóir tráth é RTÉ Gold ina seinntear an ceol is fearr ó na 50idí, na 60idí, na 70idí agus na 80idí

- Is stáisiún bullaitín nuachta leanúnach é RTÉ Digital Radio News ar a mbíonn na scéalta nuachta náisiúnta agus idirnáisiúnta is déanaí agus gan le déanamh ach cnaipe a bhrú

- Tá RTÉ 2XM deartha chun gurb é an stáisiún a roghnaíonn na mac léinn agus na haosaigh óga é, dírítear ar cheol nua a sheinnt ar dtús.

Faoi dheireadh an tsamhraidh 2007, beidh dhá sheirbhís thrialacha eile curtha leis: - RTÉ Digital Radio Sport – stáisiún

bullaitín spóirt leanúnach le scéalta nuachta spóirt agus gan le déanamh

- Beidh rogha ar fáil ar RTÉ Choice de dhrámaí grinn, cláir fhaisnéise, seónna seanré, ceol, cláir idirnáisiúnta agus láithreoirí a bhfuil aithne mhór orthu ag craoladh ag amanna éagsúla.

Tá sé stáisiún raidió DAB-amháin nua de chuid RTÉ ar fáil do gach aon duine atá ina gcónaí i MórCheantar Bhaile Átha Cliath agus an Oirthuaisceart a bhfuil raidió digiteach DAB ina seilbh. Beidh na sé seirbhís ar thrial poiblí go dtí mí na Samhna 2007.

• Rinne RTÉ comóradh ar Fhéile oifigiúil Cheiliúradh Céad Bliain Beckett 2006 lenár gceiliúradh Beckett100. Mar chuid de thiomantas leanúnach RTÉ maidir leis na healaíona, tugadh saol agus saothair dhuine dár Laureate Nobel chuig lucht éisteachta trí chláir speisialta ar Theilifís agus ar Raidió RTÉ, ar thaifeadaí ar Dhlúthdhiosca, leabhar agus an gréasán. Thaispeáin Teilifís RTÉ rogha scannán ón tsraith a bhuaigh duaiseanna BeckettonFilm, mar aon le léiriú mór le rá Jack McGowran i 1966 in BeginningtoEnd. Rinne Raidió RTÉ ceiliúradh ar Beckett le craoltaí nua, ábhar cartlainne nua agus boscra Dlúthdhioscaí uathúil de shaothar Beckett ThreeNovels.

• Rinne RTÉ ceiliúradh ar chomóradh céad bliain an tsárscríobhneora Máirtín Ó Cadhain le clár faisnéise aon uair a chloig a coimisiúnaíodh go speisialta MáirtínÓCadhain–RíanFhocail ar Theilifís RTÉ agus sraith comórtha cúig chuid CeiliúradharÓCadhain ar Raidió RTÉ.

AGFREAGAIRTDORIACHTANAISÁRLUCHTÉISTEACHTA 1�

Page 16: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

• I 2006, tháinig turnaimint mór le rá Chorn Ryder go hÉirinn don chéad uair riamh. Ba é RTÉ Radio 1 stáisiún raidió oifigiúil na turnaiminte agus tugadh beagnach 30 uair an chloig de chlúdach beo ón gcúrsa. Tógadh stiúideo sealadach ar an láithreán agus coimeádadh na héisteoirí ar an eolas maidir le gach cluiche agus léirigh na craoltóirí an t-atmaisféar agus an floscadh go léir ó cheann de na himeachtaí spóirt is mó ar domhain. Chraol RTÉ Two buaicphointí níos déanaí ar an teilifís gach lá

• Cuid de Mhisean RTÉ ná éagsúlachtcultúiragusréigiúnachmhuintirnahÉireanngoléiraléiriú. Is léir é sin i raon clár RTÉ do na réigiúin, maidir leis na réigiúin agus ó na réigiúin, agus baintear amach é sin feadh raon aschur clár RTÉ lena n-áirítear na cláir éagsúla ó Stiúideonna Chorcaí RTÉ, agus na himeachtaí éagsúla a léirítear ar chlár Nuachta agus Chúrsaí Reatha RTÉ Nationwide. Áirítear ar na cláir is déanaí ar Theilifís RTÉ arna gcoimisiúnú ag an Aonad Léiriúcháin Neamhpleách ó chuideachtaí atá bunaithe sna réigiúin HealthSquad ó Nemeton i bPort Láirge, WildTrials ó Crossing the Line atá bunaithe i gCill Mhantáin, an sobalchlár faisnéise 5Star ó GMTV i Maigh Eo, AnimalRescue ó Cameo i gCorcaigh, agus cláir fhaisnéise éagsúla sa tsraith Townlands. Mar aon le cláir rialta ó na stiúideonna sna réigiúin, mar chlár laethúil Will Leahy as Luimneach ar RTÉ 2fm, d’eagraigh Raidió RTÉ Craoltaí Seachtracha (Obanna) ó imeachtaí pobail, ó cheiliúrthaí cultúir agus ó fhéilte ceoil ar fud na tíre, mar shampla, RTÉ Raidió na Gaeltachta ag Féile na Bealtaine sa Daingean, Fleadh Ceoil na hÉireann, Scoil Samhraidh Willie Clancy i gCo. an Chláir agus an tOireachtas i nDoire (Chun eolas a fháil ar éagsúlacht cultúir féach ar chuid 3 den Tuarascáil seo le do thoil).

• Is cuid speisialta dár lucht éisteachta iad daoine óga. Chuir cláir Dhaoine Óga de chuid Theilifís RTÉ os cionn 650 uair an chloig de chláir ar an aer anuraidh agus forbraíodh tionscnaimh nua mar chláir speisialta ar laethanta saoire ón scoil, tionscnaimh rochtaine, cláir réamhscoile, clár beochana agus ceoil. Thug RTÉ Radio 1 deis do mhic léinn ó cheithre scoil dara leibhéal i Muineachán tragóid Shakespeare Macbeth a thaifeadadh faoi stiúir an aisteora agus an stiúrthóra Teilifíse mór le rá, Alan Stanford. Craoladh MacbethinMonaghan, ina raibh treoir do scrúduithe agus leideanna athbhreithnithe ó roinnt de na múinteoirí is fearr sa tír, ar RTÉ Radio 1 agus cuireadh ar fáil mar phodcraoladh é freisin. Clár eile a cuireadh ar fáil mar phodchraoladh freisin ná Countdownto606 ar RTÉ 2fm áit ar sholáthair painéal saineolaithe oideachais obair ullmhúcháin agus comhairle phraiticiúil agus éasca le tuiscint do mhic léinn agus do thuismitheoirí maidir le scrúduithe an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta. Bhí mic léinn ábalta GettingitRight de chuid Radio 1 a íoslódáil freisin, a dhírigh ar ábhar éagsúil ón Ardteistiméireacht gach seachtain agus a chuir comhairle agus leideanna ar fáil.

SeirbhísíRochtaine• I mí Dheireadh Fómhair 2006,

chraol Teilifís RTÉ an chéad chlár clos-tuairiscithe riamh in Éirinn. Is éard atá i gceist le Clos-Tuairisciú aithris ar an ábhar a bhíonn le feiceáil ar an gclár a fheabhsaíonn an scannán, an clár teilifíse nó an fheidhmíocht do dhuine atá dall nó do dhuine le lagamhairc atá ag féachaint ar an gclár. Tá RTÉ ag obair go gníomhach le Comhairle Náisiúnta na hÉireann do na Daill chun an chéad dráma clos-tuairiscithe a léiriú in Éirinn agus chun tionscal dúchasach a bhunú anseo in Éirinn chun Clos-Tuairisciú a léiriú roimh Theilifís Dhigiteach Trastíre (DTT).

• I mí na Bealtaine 2007, thug RTÉ isteach fotheidealú ar gach Cluiche Craoibhe iománaíochta agus peile de chuid an CLG.

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta1�

Page 17: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Saoránachtachuraraneolas• Cuireadh dhá sraith eile den chlár

a bhuaigh duaiseanna PrimeTimeInvestigates ar an aer. Áirítear ar na heagráin a raibh tionchar mór acu ar an lucht éisteachta:

- Cláir ar gháinneáil gnéis go hÉirinn

- Staid chriticiúil seirbhísí A&E ár n-ospidéal

- Easpa saoráidí do leanaí le fadhbanna meabhairshláinte

- Nochtadh maidir le cleachtais ghnó mhíchuí roinnt de na daoine sin atá rannpháirteach i margadh maoine na hÉireann.

• Tá treoir ag AonadIniúchtaRaidióRTÉ iriseoireacht bhunaidh a sheachadadh go heisiach do RTÉ Radio 1. Ó bunaíodh é i Meán Fómhair 2006 tá 25 tuairisc ar leithligh craolta ag an Aonad Iniúchta Raidió agus tá breathnaithe aige ar go leor gnéithe de shaol na hÉireann – ó phleanáil go bás daoine nach mbíonn lánmhínithe. Sa tséasúr deireanach, nochtaigh agus thuairisc an tAonad ar scéalta ollmhóra, lena n-áirítear:

- Géarchéim uisce truaillithe na Gaillimhe le cripteaspóiridiam agus imscrúdú ina dhiaidh sin ar thruailliú uisce sa chuid eile den tír

- Imscrúdú ar thruailliú uisce ó thionscal, ó thalmhaíocht agus ó fhorbairtí cónaithe i Laoise, i gCabhán, i bPort Láirge agus i dTiobraid Árann

- Neamhéifeachtacht maorlathach san HSE agus 1 76 milliún dlite don stát ó árachóirí sláinte príobháideacha.

RannpháirtíochtanLuchtÉisteachta• Chas Comhairle Lucht Éisteachta

RTÉ le chéile cúig uaire idir Meán Fómhair 2006 agus Meitheamh 2007 agus fuarthas treoir ardleibhéil ón bPríomh-Stiúrthóir agus ó na feidhmeannaigh tábhachtachta eile ar thopaicí éagsúla, lena n-áirítear:

- Ceannteidil an Bhille Craolacháin

- Athruithe ar sceideal RTÉ Radio 1 - RTÉ agus na healaíona

(amharcealaíona, litríocht, ceol agus drámaíocht)

- Clúdach spóirt RTÉ - Seirbhísí Rochtaine - Éagsúlacht - Freagracht Chorparáideach - Grúpaí Oirfide RTÉ - Nós imeachta gearáin - Fógraíocht Pholaitíochta - An tOlltoghchán - Ról agus Dualgas Údarás RTÉ.

• I mí na Samhna 2007, thionóil RTÉ cruinniú poiblí i mBaile Átha Luain. Tugadh cuireadh dóibh sin a bhí i láthair ceisteanna a chur ar an bpainéal ar a raibh an Príomh-Stiúrthóir agus MDanna Theilifís RTÉ, Raidió RTÉ, Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ agus Foilsitheoireacht RTÉ. Áirítear ar na topaicí a pléadh, athruithe ar an sceideal, forbairtí le déanaí ar chraolachán in Éirinn agus cad atá i ndán do RTÉ amach anseo.

• Ghlac thart ar 14,000 duine óg ó ar fud na hÉireann páirt i ndéanamh clár intí ó mhí an Mheithimh 2006 go dtí mí Bealtaine 2007. I rith na tréimhse sin, rinne Cláir do Dhaoine Óga de chuid Theilifís RTÉ scannánú ar láthair 132 uair agus rinneadh 62 díobh sin i mBaile Átha Cliath agus 70 díobh lasmuigh den phríomhchathair. I rith na tréimhse saoire i mí Iúil agus Lúnasa 2006, ghlac thart ar 1,700 duine óg páirt i ndéanamh clár in RTÉ. Bhí sin comhdhéanta de 1,200 duine óg ón réamhscoil go dtí daoine óga a thug cuairt ar stiúideonna RTÉ chun a bheith rannpháirteach i gcláir mar Eye2Eye, Examtime@TheCafé agus Bandstand, agus chuir 500 duine óg eile eolas ar fáil do thuairiscí agus do chláir a scannánaíodh ar láthair. Ina theannta sin, ghlac 20 duine óg idir 16 agus 20 bliain d’aois páirt i gceardlann oiliúna scannánaíochta seachtaine a reáchtáil Daoine Óga RTÉ.

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta 1�

Page 18: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

TallannafhorbairtMar aon le leanúint le comórtais bhunaithe mar You’reaStar de chuid Theilifís RTÉ agus FrancisMacManusShortStoryCompetion,P.J.O’ConnorRadioDramaAwards agus ActiveAgeTalentShowcase de chuid Raidió RTÉ, seoladh comórtais nua a bhí dírithe ar thallann nua a fhuascailt.

Scríbhneoireacht:• Bhí an-tóir ar chomórtas

scríbhneoireachta Seoige&O’Shea, ar RTÉ One, DotheWriteThing, a reáchtáladh i gcomhar le Poolbeg, i measc scríbhneoirí gearrscéalta úrnua. Thug an t-údar mór le rá Patricia Scanlan ranganna scríbhneoireachta ar an aer thar thréimhse deich seachtaine, tugadh leideanna don lucht féachana maidir le conas a bheith mar scríbhneoir gearrscéalta a bhféadfaí do chuid scéalta a fhoilsiú. Tugadh cuireadh don lucht féachana gearrscéalta a sheoladh isteach don chomórtas gach seachtain agus roghnaíodh 14 buaiteoirí chun a bheith san áireamh sa leabhar DotheWriteThing a fhoilseoidh Poolbeg i mí Mheán Fómhair 2007.

• Sheol an seó TodaywithPatKenny ar RTÉ Radio 1 comórtas chun an scríbhneoir rómánsúil is déanaí in Éirinn a aimsiú i gcomhar le Mills and Boon agus an RTÉGuide. Ritheadh an comórtas thar ocht seachtaine agus tugadh cuireadh do scríbhneoirí maithe gearrscéal rómánsúil a sheoladh isteach. Ba í Susan Carleton as Co. an Chabháin an buaiteoir foriomlán agus foilsíodh a scéal HousewithaView san RTÉGuide. Cuireadh agallamh ar Susan ar TodaywithPatKenny agus bhuaigh sí turas do bheirt go Londain agus comhairliúchán le heagarthóir de chuid Mills and Boon.

• Chuaigh TheTubridyShow de chuid RTÉ Radio 1 i gcomhar le Gill & Macmillan chun conradh foilsitheoireachta a thairiscint d’éisteoir a raibh saol urghnách caite aige/aici. Thar thréimhse coicíse, fágadh dhá mhíle iontráil ar líne teileafóin tiomanta le scéala ó thaithí leanaí go slite beatha neamhghnácha; ó scéala uafáis agus scéalta lán le dóchas agus nithe dearfacha agus tugadh conradh foilsitheoireachta a raibh an-tóir air don bhuaiteoir foriomlán ar deireadh. I 2008, foilseoidh Gill & Macmillan cuntas ar shaol Philip Bray, scéal atá duairc, dorcha, greannmhar ar uairibh agus dóchasach go minic ar an saol atá caite aige ag obair sa tSeirbhís Phríosúin i bPríosún Luimnigh.

Cur i láthair: • Reáchtáladh craobhchomórtas de

Dustin’sDailyNewsStarSearch de chuid RTÉ Two i mí Bealtaine 2007. Tar éis próiseas trialacha diana agus roinnt babhtaí cuir i láthair ar an teilifís, fógraíodh an buaiteoir ag Craobhchomórtas agus bronnadh an teideal ‘Star Search’, dearbhán luach 1 3,000 agus trófaí. Tá tús curtha anois leis an DenTalentSearch 2007/08 agus tá réaltaí óga ó ar fud na tíre ag seoladh isteach DVDanna, VHSanna agus Dlúthdhioscaí díobh féin agus a gcuid gníomhaíochtaí.

• Seoladh 2moro2our de chuid RTÉ2fm chun feabhas a chur ar an tacaíocht shuntasach a thugann RTÉ 2fm cheana féin do cheol Éireannach nua agus do cheol beo, agus chun tallann Éireannach nua a aimsiú agus a chur chun cinn. Mar aon le StudioSessions de chuid RTÉ2fm, thug an chamchuairt deis do na bannaí nua tallainne atá ag teacht chun cinn lucht féachana nua a aimsiú ar fud na hÉireann sna hionaid éagsúla ar fud na tíre. Chraol DJanna RTÉ 2fm Rick O’Shea, Jenny Huston, Cormac Battle agus Dan Hegarty a gcuid seónna ó láithreacha éagsúla. Tugadh

cuireadh do bhanna áitiúil freisin chun cur i láthair a dhéanamh i ngach aon áit a ndeachaigh 2moro2our de chuid RTÉ2fm ar cuairt.

• B’ócáid mhór a bhí i MoladhanCheoil (comórtas Bricfeasta Lyric a cheiliúraíonn déanamh ceoil i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna) do RTÉ lyric fm i mbliana agus bhain 32 scoil gradaim amach sa chatagóir Bunscoileanna agus bhain 36 scoil gradaim amach sa chatagóir do scoileanna dara leibhéal.

• Lean Grúpaí Oirfide RTÉ lena bpolasaí coimisiúnaithe ceoil le saothair nua ó Kevin Volans, Ronan Guilfoyle agus John Kinsella i Séasúr Síntiúis Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ 2007-2008, agus áiríodh saothar ó Raymond Deane, John Feeley, Greg Caffrey, David Flynn, Paddy McCormack, Michael Fleming agus Aurelio Cattaneo (don Sligo New Music Festival) i gcoimisiúin RTÉ lyric fm i 2007).

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta16

Page 19: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Oideachas/For-rochtain• Nuair a gheallann RTÉ urraíocht

a thabhairt do ghníomhaíocht, déanaimid iarracht a chinntiú go mbeidh leas frithpháirteach ag an idirchaidreamh don imeacht agus do chláir RTÉ araon. Le súil agus feabhas a chur ar an idirchaidreamh le daoine óga agus ar an tseirbhís do dhaoine óga i gcomhthéacs oideachais agus eolaíochta, thug RTÉ urraíocht don chatagóir Na hEolaíochtaí Sóisialta agus Iompraíochta ag TaispeántasEolaíÓg agus TeicneolaíochtaBT2007. Mar aon le seastán a thionóil ar feadh thréimhse an taispeántais, thug RTÉ an deis do mhic léinn a bheith ina dtuairisceoirí nuachta nó ina láithreoirí aimsire ar feadh lae. Tugadh cuireadh do mhúinteoirí agus do dhaoine den phobal freisin sásamh a bhaint as na craolacháin bheo, labhairt leis na láithreoirí agus cur isteach ar chomórtais.

• I mí Dheireadh Fómhair 2006, lean Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ lena sraith cónaithe ar éirigh thar cionn leo agus tugadh cuairt ar Chontae Laoise ar feadh ceithre lá de dhéanamh ceoil agus de shaothar oideachais.

• Bhí ScéimnahIdirbhlianadechuidRTÉ ar siúl arís in Earrach 2007. Tugadh cuireadh do gach scoil dara leibhéal sa tír páirt a ghlacadh sa tarraingt d’áiteanna. Thug foireann RTÉ a gcuid ama go flaithiúil agus creidimid gur taithí foghlama lánbhrí agus sásúil a bhí ann do gach duine a bhí rannpháirteach, agus fuair mic léinn léargas maith ar RTÉ.

RTÉsaPhobalTá ár lucht éisteachta comhdhéanta de phobail agus is iad sin a mhúnlaíonn mar a oibrímid ar bhonn laethúil ar leibhéal áitiúil agus ar leibhéal náisiúnta araon. Léiríonn na cás-staidéir a leanas dhá bhealach ina raibh RTÉ gníomhach sa phobal le bliain anuas. Is sampla é an chéad cheann de RTÉ ag glacadh freagrachta sa phobal i gcoitinne trí shábháilteacht ar ár mbóithre a chur chun cinn, agus léiríonn an dara ceann mar a d’oibrigh RTÉ le pobal ar leith ag an gComórtas Náisiúnta agus ag an gComórtas Domhanda Treabhdóireachta 2006.

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta 17

Page 20: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

CúlraanFheachtais:Fuair 367 duine bás ar bhóithre na hÉireann i 2006. Cé gurb é sin an dara líon ba lú daoine a fuair bás le 40 bliain anuas, agus go raibh laghdú ar an líon daoine a fuair bás i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, fós féin fuair 367 duine bás nár chóir a bheith básaithe ar bhóithre na hÉireann. Tharla an laghdú sin le déanaí mar gheall ar fhorfheidhmiú dian de chuid reachtaíocht sábháilteachta bóithre ag an nGarda Síochána mar aon le hardú ar fheasacht an phobail. In iarracht chun tacú leis an treocht spreagúil sin, chinn RTÉ Feachtas do Shábháilteacht ar Bhóithre a chur le chéile. Thug an Feachtas sin deis do RTÉ freisin cur lena ghníomhaíochtaí Freagrachta Corparáide i dtreo a lucht éisteachta a raibh bás ar na bóithre ag cur isteach ar a saol ó lá go lá mar aon le feachtas tras-ardáin lánpháirtithe a chur le chéile chun léargas a thabhairt ar shábháilteacht ar bhóithre.

Mar is eol d’fhormhór mhuintir na hÉireann, ní mór athrú mór a dhéanamh maidir le sábháilteacht ar bhóithre, is é ár n-iompar seachas ár meon a chaithfidh athrú áfach. Dhírigh RTÉ ar oideachas dara leibhéal mar an bealach is oiriúnaí chun an teachtaireacht maidir le sábháilteacht ar bhóithre a sheachadadh chuig an sprioc-lucht éisteachta ag leibhéal a bhfuil a meon sin á múnlú go fóill. Toisc go gcuireann bás ar na bóithre isteach ar gach duine i bpobal na hÉireann, rinne RTÉ iarracht idirghníomhú le lucht éisteachta chomh ginearálta agus chomh leathan agus ab fhéidir agus ag an am céanna díriú go sonrach ar mhic léinn dara leibhéal atá ag tosú ag smaoineamh ar thosú ag foghlaim ag tiomáint.

Is é sprioc fhoriomlán an tionscadail cur leis an méid feasachta agus is féidir maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus dá réir an líon daoine a mharaítear ar na bóithre agus imbhuailtí ar na bóithre a laghdú agus saol daoine a shábháil. Is é an dúshlán a bhí ann conas is fearr is féidir leas a bhaint as ár n-acmhainní chun feabhas a chur ar na gníomhaíochtaí maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre atá ar siúl cheana féin ag an nGarda Síochána, ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, ag na hÚdaráis Áitiúla agus ag eagraíochtaí um shábháilteacht ar bhóithre eile.

Gnéithe an fheachtais: Stiúraigh Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ an feachtas agus fuarthas tacaíocht bhreise ó Fhoilsitheoireacht RTÉ agus ó RTÉ Corparáide. Cinneadh go mbeadh an ghníomhaíocht comhdhéanta de thrí phríomhshraith:

(i)TuairiscíNuachta:Ag deireadh gach míosa, ar an SixOneNews agus ar an NineO’ClockNews ar RTÉ One, bhí gné speisialta a léirigh an marú ar ár mbóithre. Scrúdaigh an fhoireann, faoi cheannas an Phríomhchomhfhreagraí Nuachta Charlie Bird, cúiseanna na dtionóiscí bóithre tromchúiseacha agus rinne siad agallaimh leis na daoine a tháinig slán, chomh maith le hagallaimh le cairde agus le teaghlaigh na ndaoine a maraíodh. Áiríodh sna tuairiscí rolla ainmneacha na ndaoine go léir a maraíodh ar ár mbóithre i rith na míosa a bhí i gceist. Tá na tuairiscí speisialta sin ar léiriúchán Nuacht RTÉ anois DVDmaidirleSábháilteachtarBhóithre:Deathsonourroadsin2006 agus is féidir é sin a úsáid sna seomraí ranga i scoileanna dara leibhéal.

(ii)DVDmaidirleSábháilteachtarBhóithreDeathsonourroadsin2006:Maraíodh líon mór daoine óga ar ár mbóithre i 2006. Mar gheall air sin, chreid RTÉ go raibh sé tábhachtach go gcuirfí in iúl do gach tiománaí óg, ar shlí chuí, na hiarmhairtí tromchúiseacha a bhíonn ag imbhuailtí bóithre. Mar sin, cinníodh rogha tuairiscí nuachta ó 2006 a thabhairt le chéile ar aon DVD amháin. Féadfar an DVD a úsáid sa seomra ranga i scoileanna dara leibhéal; d’fhéadfaí é a úsáid mar chuid den Ardteistiméireacht Fheidhmeach nó mar chuid de Chlár na hIdirbhliana.

I go leor cásanna, luaitear an iomarca luais agus deoch mheisciúil a bheith mar fhachtóirí a chuireann leis na tuairteanna sin. Tugann cláir mar Rogha na hIdirbhliana (TYO) agus an Ardteistiméireacht – go háirithe Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) agus an Ardteist Fheidhmeach (LCA) – deis iontach do scoileanna aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le sábháilteacht ar bhóithre.

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta18

CÁS-STAIDÉAR 1: Feachtas RTÉ do Shábháilteacht ar Bhóithre

Page 21: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta

Príomhaidhm na gclár sin ná lánaibíocht a chur chun cinn. Áirítear air sin, aibíocht phearsanta agus shóisialta trí deiseanna a sholáthar chun scileanna cumarsáide, féin-mhuinín, freagracht agus níos mó feasachta ar an saol lasmuigh den scoil a fhorbairt. Is sárthopaic é tiomáint shábháilte chun an aidhm sin a bhaint amach agus tá súil againn go mbeidh an DVD seo mar uirlis chumarsáide éifeachtach ina thaobh sin. Bíonn na mic léinn a bhíonn rannpháirteach ar na cláir sin 16+ bliain d’aois de ghnáth, nuair a bhíonn fonn ar go leor acu tabhairt faoi thiomáint, agus is gearr go mbeidh siad incháilithe dá gcéad ceadúnas sealadach.

Thug RTÉ liosta de bhealaí molta do scoileanna chun an DVD maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a fheidhmiú ina seomraí ranga. Is bealaí táscacha iad sin agus is léir gurb é/í an múinteoir ranga is fearr atá ar an eolas maidir leis an úsáid ar chóir a bhaint as. Ar an drochuair, soláthraíonn gach limistéar sa tír ábhar cás-staidéir a bhfuil baint dhíreach acu leis an bpobal agus a d’fhéadfaí a bheith úsáideach d’obair thionscadail etc. – is léir mar sin go bhfuil íogaireacht agus discréid fíorthábhachtach maidir le húsáid an ábhair agus mhol RTÉ mar sin gur chóir do mhúinteoirí féachaint ar an DVD leo féin ar dtús.

Seoladh cóip den DVD chucu seo a leanas:

• Gach scoil dara leibhéal in Éirinn• Ionaid do Mhúinteoirí ar fud na

tíre• Ionaid Tacaíochta don Idirbhliain• Ionaid Youth Reach agus Foróige

ar fud na tíre• Oifigigh Sábháilteachta ar

Bhóithre i ngach aon cheann de na Comhairlí Contae

• An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

• An tAonad Sábháilteacht ar Bhóithre de chuid an Gharda Síochána.

Cuireadh cóipeanna ar fáil don Chúrsa Oideachais SteerClearDriver agus do rannpháirtithe Chlár Idirbhliana RTÉ 2fm.

(iii)LáithreánGréasáinTiomnaithe:Chun cur leis an gclúdach ar SixOne agus ar an NineO’ClockNews, cruthaíodh láithreán gréasáin tiomnaithe ina raibh na ceannlínte is déanaí, míreanna nuachta, staitisticí, naisc úsáideacha agus clár fógraí.

Torthaí an Fheachtais:Thug Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ an t-ábhar maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre chuig lucht éisteachta ginearálta leathan. Trí bhuaic-am a thabhairt don ghné seo ar SixOne agus ar an NineO’ClockNews, cuireadh an méid agus is féidir leis an deis a bhí ann go bhfaigheadh an méid daoine agus is féidir an teachtaireacht, go mbeadh tionchar ag an teachtaireacht agus go dtabharfaí aird ar an teachtaireacht.

Ina theannta sin, scaipeadh cóipeanna éagsúla den DVD ar an an bpobal agus tá iarratais leanúnacha déanta ar Oifig Eolais RTÉ ina dtaobh freisin, tá sé ar fáil freisin le féachaint air ag www.rte.ie/news/features/roadsafety. Tugadh cuairt ar rannóg Shábháilteacht ar Bhóithre ar RTÉ.ie os cionn 235,100 uair ó chuaigh sé beo ag tús 2006. Leantar ar aghaidh ag tabhairt an láithreáin cothrom le dáta go rialta. Lorg roinnt mac léinn dara leibhéal agus tríú leibhéal, múinteoirí agus léachtóirí cóipeanna den DVD freisin le húsáid i dtionscadail rang-bhunaithe maidir le sábháilteacht ar bhóithre agus fuaireamar iarratais ar chóipeanna ó scoileanna tiomána, ó léachtóirí agus ó oibrithe le daoine óga.

Is údar suntais é go raibh 10 dtionscadal ar an tsaincheist maidir le sábháilteacht ar bhóithre ag scoileanna ó áiteanna éagsúla in Éirinn a fuair DVD RTÉ ag YoungSocialInnovatorsAnnualShowcase na bliana seo.

Tríd an bhFeachtas do Shábháilteacht ar Bhóithre sin, bhí tionchar ag RTÉ ar dhearcaí a lucht éisteachta maidir le sábháilteacht ar bhóithre, go háirithe na daoine óga. Cheana féin i mbliana, tá níos lú daoine maraithe ar na bóithre i gcomparáid leis an tréimhse chéanna anuraidh agus is sin treocht a thabharfadh misneach. Trí chur lena gheallúint maidir le Freagracht Chorparáideach, d’éirigh le RTÉ gníomhú ar son leas an phobail trí aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist shóisialta agus iarracht a dhéanamh tionchar a bheith acu.

Mar gheall ar nádúr an tionscadail, ní féidir an tionchar atá ag Feachtas RTÉ do Shábháilteacht ar Bhóithre a bhreithniú go cruinn. Mar sin féin, má d’éirigh leis fiú saol duine amháin a shábháil ar ár mbóithre, creidimid gur éirigh thar cionn leis.

Road Safety DVDDeaths on our roads in 2006

1�

Page 22: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

CÁS-STAIDÉAR 2: RTÉ agus an Comórtas Náisiúnta agus Domhanda Treabhdóireachta 2006

Cúlra:Tá Cumann Treabhdóireachta Náisiúnta na hÉireann (NPA) ag reáchtáil Comórtais Náisiúnta Treabhdóireachta (NPC) ó 1931 tráth a raibh 40 iomaitheoir rannpháirteach. Is amhlaidh i gcás an NPC sa lá atá inniu ann ach amháin go bhfuil an scála i bhfad níos mó don imeacht trí lá ina mbíonn os cionn 300 iomaitheoir, 700 lucht taispeána agus 220,000 cuairteoir.

Thosaigh RTÉ i mbun taispeána leis an NPC i 2002 nuair a cuireadh marquee beag in airde ónar craoladh na cláir don Raidió agus do Nuacht agus Cúrsaí Reatha.

I 2006, reáchtáil an NPA an 53ú Comórtas Domhanda Treabhdóireachta agus an 75ú Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta ar an Tulach, Co. Cheatharlach. Chun tacú le fás na hócáide, bheartaigh RTÉ gníomhaíochtaí ollmhóra ón láthair agus craoladh os cionn 30 uair an chloig d’ábhar craoltóireachta. Ba í ceann de na hócáidí ba mhó í a raibh craoltaí seachtracha ann a ndeachaigh RTÉ ina bhun i 2006, agus áiríodh ann, Teilifís, Raidió, Foilsitheoireacht agus Nuacht agus Cúrsaí Reatha. RannpháirtíochtsaChomórtasNáisiúntaTreabhdóireachtaagussaChomórtasDomhandaTreabhdóireachta2006Cuid de Mhisean RTÉ rannpháirtíochtnáisiúntaingachmórimeachtaéascúaguséagsúlachtcultúiragusréigiúnachmhuintirnahÉireanngoléirachothúagusaléiriú. Bhí ár rannpháirtíocht sa Chomórtas Náisiúnta Treabhdóireachta agus sa Chomórtas Domhanda Treabhdóireachta 2006 tábhachtach toisc go bhfuil sin mar dhlúthchuid dár misean. Léirigh an pháirt a bhí againn san ócáid sin ár ngeallúint dár lucht éisteachta maidir le pobail feirmeoireachta agus ceantair thuaithe níos leithne. Mar Chraoltóir Seirbhíse Poiblí na hÉireann, tá sé tábhachtach nasc a chothú lenár lucht éisteachta ar an aer agus den aer agus ba shampla sinn a bheith ag na Comórtais Náisiúnta agus Domhanda Treabhdóireachta mar a chomhlíonaímid an dualgas sin.

Tuigimid an tábhacht atá le dlúthchaidrimh a chothabháil lenár lucht éisteachta chun gur féidir cur an méid agus is féidir leis an tseirbhís a sholáthraimíd. Is eagraíocht thrédhearcach sinn a fháiltíonn roimh aiseolas agus athrú. Cothaíonn sinn a bheith i láthair ‘le feiceáil’ ag an ócáid sin cumarsáid dhá bhealach éifeachtacha agus soláthraítear ardán óna bhféadfaimid leanúint ar aghaidh ag cur le feasacht bhranda RTÉ mar aon le próifíl den eagraíocht agus a haschur.

GníomhaíochtRTÉagangComórtasNáisiúntaagusagangComórtasDomhandaTreabhdóireachta2006Bhí RTÉ le feiceáil go forleathan ag cur a chuid seirbhísí i láthair ag an ócáid. Bhí sé ríthábhachtach gur chomhlíonamar riachtanais ár lucht éisteachta ar an láthair agus ár lucht éisteachta a bhí ag éisteacht nó ag féachaint sa bhaile. I rith na hócáide i 2006, chuamar i bhfeidhm ar ár lucht éisteachta sna slite seo a leanas:

GníomhaíochtChraolacháin• Craolann Teilifís RTÉ feadh

raon réimsí lena n-áirítear Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ, Siamsaíocht RTÉ agus Daoine Óga RTÉ. Mar shampla, craoladh tuairiscí do SixOneNews,Nationwide,TheAfternoonShow agus do news2day ón ócáid. Chraol Aimsir RTÉ beo ón marquee faoi dhó sa lá freisin agus tugadh cuireadh don phobal bullaitín bréige a cur i láthair faoi stiúir láithreoirí Aimsire RTÉ via comórtas san RTÉGuide.

• Tháinig craoltaí Raidió RTÉ ó marquee RTÉ mar aon le ó Roadcaster RTÉ 2fm a bhí ar an láthair freisin. Áirítear ar na cláir a craoladh anuraidh TheTubridyShow agus TheRonanCollinsShow de chuid RTÉ Radio 1, LunchtimeChoice de chuid RTÉ lyric fm agus LarryGogan agus NikkiHayes de chuid RTÉ 2fm.

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta20

Page 23: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

AgFreagairtdoRiachtanaisárLuchtÉisteachta

GníomhaíochtEileBhíomar gníomhach i roinnt gníomhaíochtaí eile i Marquee RTÉ chun feasacht maidir leis an mbranda a chur chun cinn agus cur leis an tuiscint maidir le cé sinn féin agus gach a dhéanaimid:

• Tugadh cuireadh do chuairteoirí féachaint mar a oibríonn craoladh beo. Spreagadh iad freisin a bheith rannpháirteach i gcraoltaí agus teacht chun féachaint ar an trealamh i mbun úsáidte agus mar a oibríonn sé.

• D’fháiltigh craoltóirí RTÉ roimh an deis casadh le muintir an phobail, grianghraif a thógáil leo agus síniúcháin a thabhairt. Chas ionadaithe ó RTÉ le muintir an phobail freisin agus freagraíodh a gcuid ceisteanna.

• Tugadh earraí RTÉ do dhaoine ón bpobal freisin chun buíochas a ghlacadh leo as a gcuid tacaíochta agus chun cur le céannacht branda RTÉ. Fuarthas na hearraí don ócáid le haird ar riachtanais an lucht éisteachta. Bhí an-tóir ar an ábhar, go háirithe roimh phainseónna RTÉ mar gheall ar an aimsir fhluich agus málaí sreangán tarraingthe RTÉ.

• Bhí Foilsitheoireacht RTÉ i láthair go forleathan ag reáchtáil comórtais agus ag tabhairt amach duaiseanna leis an RTÉGuide.

• Bhí Taispeántas Grianghraf Aimsire RTÉ ar taispeáint i Marquee RTÉ le linn na hócáide. Thug sin an deis do chuairteoirí léirthuiscint a fháil ar an tallann i measc na ndaoine a bhuaigh na duaiseanna i gComórtas Grianghraif Aimsire RTÉ a bhíonn ar siúl gach séasúr.

TorthaídoRTÉFuair RTÉ roinnt buntáistí ón bpáirt a bhí againn sa Chomórtais Náisiúnta agus Domhanda Treabhdóireachta 2006. Ba dheis iontach a bhí ann dúinn teacht ar sciar mór den phobal a bhíonn deacair teacht orthu go minic toisc go mbítear scaipthe go forleathan. Chruthaigh RTÉ a bheith i láthair feasacht níos fearr agus ceangail bhranda dearfacha feadh raon aschuir RTÉ mar Aimsir RTÉ, Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ agus Siamsaíocht RTÉ. Thug sé deis uathúil dúinn freisin idirghníomhú leis an lucht éisteachta tábhachtach seo agus fuarthas aiseolas uathu. Bhí leas frithpháirteach ann do RTÉ agus dár lucht éisteachta araon. Tugadh deis dóibh, go háirithe, tuiscint a fháil ar a chéile duine ar dhuine maidir le cé sinn féin, cad a dhéanaimid agus conas mar a dhéantar sin.

21

Page 24: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Meetingtheneedsofouraudiences

Page 25: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 26: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 27: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Tá sé mar aidhm ag RTÉ slí bheatha atá dúshlánach agus lena mbaineann luach saothair a sholáthar don fhoireann atá ann faoi láthair agus don fhoireann amach anseo. Soláthraíonn RTÉ rólanna agus deiseanna comhlíontacha don fhoireann chun cur lena bpoitéinseal agus an poitéinseal atá acu a bhaint amach. Is fostóir comhionannais deiseanna é RTÉ agus déantar iarracht gach caidreamh leis an bhfoireann a láimhseáil le tuiscint, le cúirtéis agus le meas agus aithneofar indibhidiúlacht agus dínit gach aon duine

GNÍOMHAÍOCHTAÍ 2006/07 • Reáchtáladh ceardlanna Dínitagus

Meas do na bainisteoirí go léir atá freagrach as foireann. Cuireadh tús le sraith cur i láthair i gcomhthéacs PolasaíRTÉarChiapadh,arGhnéaschiapadhagusarBhulaíocht don fhoireann eile go léir. Is é aidhm na gceardlann agus na gcur i láthair sin deis a thabhairt do rannpháirtithe a bhfeasacht a fhorbairt maidir le bulaíocht agus ciapadh agus chomh leochaileach agus atá siad féin ina dtaobh agus ligean dóibh cur le timpeallacht oibre a fhorbairt atá bunaithe ar dhínit agus ar mheas ar chách.

• D’earcaigh RTÉ foireann nua chuig a bpainéal de Dhaoine Teagmhála Tiomnaithe (DCPanna) agus chuir oiliúint orthu. Tá an tseirbhís DCP i mbun feidhme le roinnt blianta anois ag tacú le PolasaíRTÉmaidirleCiapadh,GnéaschiapadhagusBulaíocht. Úsáideann DCPanna a saineolas agus a gcuid oiliúna chun seirbhís céadteagmhála rúnda a sholáthar don fhoireann le súil agus na saincheisteanna a chuirtear ar aghaidh chucu a réiteach.

• Ag teacht lenár ngealltanas leanúnach maidir le sláinte agus leas ár bhfoirne go léir, cuireadh Seirbhís Scagthástála Sláinte ag ráta fóirdheontais ar fáil in Earrach 2007. Cuireadh tástáil croí iomlán ar fáil ó chuideachta scagthástála sláinte

seanbhunaithe agus áiríodh leis ECG, colaistéaról fola a thomhas, brú fola, anailís riosca maidir le hairde/meáchan agus comhairleoireacht maidir le stíl mhaireachtála. Cuireadh roinnt tástálacha breise ar fáil freisin don chéad uair, lena n-áirítear tástálacha smearaidh fóirdheontais agus tástálacha PSA. Áiríodh ar thionscnaimh seirbhísí sláinte eile don fhoireann le 12 mí anuas, vaicsín flú saor in aisce agus Caint maidir le Feasacht faoi Ailse Chíche ó Chumann Ailse na hÉireann.

• Reáchtáladh comórtas dar teideal GameOn chun mórtas RTÉ ina fhoireann a léiriú, a bhfuil seisean nó sise mórtasach a bheith mar bhall den Eagraíocht freisin. Nascadh é le Fís RTÉ freisin toisc go bhfuil mórtas mar ghné riachtanach chun Fís RTÉ a sheachadadh curlemuinínmhuintirnahÉireannasantseirbhísmarfhoinseeolaisagusinspioráidealéiríonnagusashaibhríonnasaol. Dáileadh ceithre thicéad VIP chuig gach aon cheann de na n-hocht gcluichí móra sa Craobh Uile Éireann i bPáirc an Chrócaigh i 2006. Ritheadh an comórtas ar feadh na n-ocht seachtaine deiridh de Chraobh na gCluichí Gaelacha agus chuir líon mór den fhoireann isteach ar an gcomórtas.

• Soláthraíonn SeirbhísTacaíochtanabhFostaithe ar láthair RTÉ seirbhís eolais, chomhairleoireachta agus tarchurtha don fhoireann. Tá soláthar na seirbhíse mar chuid de straitéis fhoriomlán RTÉ timpeallacht oibre tacaíochta a sholáthair. Is seirbhís go hiomlán faoi rún atá inti agus ní cheadaítear eolas a nochtadh d’aon tríú páirtí ach amháin le léirchead an fhostaí. I rith 2007, cuireadh leis an tseirbhís sin agus feabhsaíodh í agus tá an tseirbhís ar fáil anois don fhoireann ar bhonn féin-tharchurtha. Is féidir coinne

phearsanta a dhéanamh nó más fearr le daoine sin, cibé mar gheall ar éifeachtúlacht nó príobháideachas, comhchomhairle ar an teileafón a shocrú.

• Eagraíodh ceardlanna oiliúna chun Fís,Misean,LuachannaRTÉ a scaipeadh feadh na hEagraíochta. Iarradh ar bhainisteoirí daoine smaoineamh ar an mbealach a ‘fheidhmítear’ Fís,Misean,LuachannaRTÉ ina ranna féin agus ina saol oibre ó lá go lá. Cuireadh oiliúint orthu freisin maidir le conas is fearr sin a chur in iúl ina bhfoirne ar shlite bríomhara agus praiticiúla. B’éigean do gach bainisteoir Luachanna RTÉ a mhúnlú isteach in dhá chuspóir bliantúla dá gcuid agus iad ag ullmhú a gCóras Forbartha Feidhmíochta bliantúil (PDS).

• Reáchtáladh roinnt seisiún LunchandLearn do bhainisteoirí chun cuidiú lena bpoitéinseal a fhorbairt agus cur an méid agus is féidir leis an méid a dhéanann siad in RTÉ. Áiríodh ar na topaicí Éirim Mhothúchánach; Síceolaíocht Dhearfach; agus Forbairt Ghairme.

• Chun cuidiú leis an bpróiseas

cumarsáide dhá bhealach in RTÉ, eisíodh feasachán ráithiúil ón bPríomh-Stiúrthóir a léiríonn nuacht Chorparáideach agus buaicphointí ó na IBDanna don fhoireann go léir. Cuireadh tús le sraith cruinnithe bricfeasta neamhfhoirmiúla le comhghleacaithe ó gach cuid den eagraíocht freisin.

• Reáchtáil StaffOneWorldFund de chuid RTÉ, a chuireann tacaíocht ar fáil chun feabhas a chur ar choinníollacha maireachtála do dhaoine in áiteanna sa Tríú Domhan trí thionscadail phobailbhunaithe a mhaoiniú, lá eolais i gCeaintín RTÉ chun comhaltaí nua den fhoireann a spreagadh chun cuidiú leis an gCiste.

FOIREANNRTÉ 2�

Page 28: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

FoireannRTÉ

CÁS-STAIDÉAR :Pleanáil Gnímh agus Suirbhé maidir le Tuairimí Foirne RTÉ

CúlraRinne RTÉ a chéad Suirbhé maidir le Tuairimí na Foirne i mí na Samhna 2005. Seo a leanas príomhchuspóirí an tsuirbhé:

• Cuidiú leis an Eagraíocht tuiscint níos fearr a fháil ar thuairimí na foirne

• Réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu a aithint agus pleananna gnímh a fhorbairt agus a fheidhmiú

• Cumarsáid aníos agus aiseolas a fheabhsú.

Dhírigh an suirbhé ar na téamaí a leanas:

• Sástacht Poist • Bainistiú Athraithe • Ceannaireacht & Bainistiú • Céannacht na hEagraíochta • Cumarsáid Inmheánach • Forbairt Ghairme & Forbairt

Phearsanta • Acmhainní • Luach Saothair & Aitheantas • Oiliúint & Forbairt • Bainistiú Feidhmíochta • Timpeallacht Oibre & Cultúr.

PríomhthorthaíCeann de phríomhthorthaí dearfacha an tsuirbhé ná an scór ard sa réimse sástachta poist, léirigh 88% den fhoireann go raibh siad mórtasach a bheith ag obair in RTÉ. Léirigh freagraí go raibh cultúr láidir measa agus tacaíochta laistigh de ghrúpaí oibre freisin agus ar an iomlán go raibh aiseolas maidir le caidrimh idir an fhoireann agus bainisteoirí dearfach. Léirigh na torthaí freisin go mothaíonn an fhoireann in RTÉ réamhullmhaithe agus ullamh d’athruithe amach anseo. Mar a samhlaíodh, aithníodh roinnt réimsí ina bhféadfaí feabhsuithe a dhéanamh – ina measc na réimsí Oiliúna, roinnt gnéithe de Bhainistiú agus Cumarsáid Inmheánach.

NatorthaíachuriniúlCuireadh torthaí an tsuirbhé in iúl go luath i rith 2006. Cuireadh na torthaí i láthair Bhord Feidhmeannais RTÉ agus foirne bainistíochta na IBDanna ar dtús báire. Ina dhiaidh sin, tugadh cuireadh chuig cruinniú don fhoireann laistigh dá IBDanna féin agus chuir bainistíocht an IBD na torthaí i láthair. D’eisigh an Príomh-Stiúrthóir nuachtlitir achoimre a leag amach na príomhthorthaí don Eagraíocht freisin.

PleanáilGnímhBunaithe ar thorthaí an tsuirbhé, aontaíodh go bhforbródh gach aon IBD plean gnímh dá gcuid féin a bheadh sainoiriúnach dá dtorthaí agus d’fhorbródh RTÉ plean foriomlán. Áiríodh leis an bpróiseas pleanála gnímh grúpaí fócais leis an bhfoireann chun smaointe a roinnt maidir le conas a d’fhéadfaí nithe a fheabhsú, grúpaí fócais le foirne bainistíochta na IBDanna agus cruinnithe le hAcmhainní Daonna Corparáideach. Úsáideadh teimpléad pleanála gnímh agus cuireadh pleananna gnímh do na réimsí go léir i láthair an Bhoird Fheidhmeannais lena gceadú i mí Dheireadh Fómhair 2006. Sannadh frámaí ama agus freagrachtaí do na pleananna gnímh. Ina dhiaidh sin, chuir gach aon IBD a bplean gnímh in iúl dá bhfostaithe agus chuir an Príomh-Stiúrthóir plean gnímh foriomlán RTÉ i láthair ar Marconi.

26

Page 29: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Áiríodh ar an gcéad thuarascáil dul chun cinn a eisíodh i mí Aibreáin 2007, cuntas ar na gníomhaíochtaí a rinneadh i ngach aon IBD, mar shampla:

• Sa Cheannáras Corparáideach, chuir ceannasaí Maoine agus Seirbhísí tús le lónta neamhfhoirmiúla míosúla le grúpaí beaga fostaithe sa rannóg agus i dTeicneolaíocht, cuireadh tús le cruinnithe ráithiúla mar aon le cruinnithe leis an bhfoireann gach seachtain.

• Tugadh clár píolótach ar Oiliúint agus Aiseolas chun críche i Nuacht agus Cúrsaí Reatha do chomhfhreagraithe agus do thuairisceoirí teilifíse agus tá sé beartaithe an clár a leathadh amach feadh an seomra nuachta i ndiaidh olltoghcháin. Chuaigh comhaltaí sinsearach sa Seomra Nuachta i mbun oiliúna leis an BBC chun aiseolas a thabhairt ar phacáistí teilifíse. Thug aiseolas ó rannpháirtithe ar an gclár le fios gur bealach éifeachtach é an próiseas chun cáilíocht aschur an Seomra Nuachta a scrúdú agus a fheabhsú.

• Seoladh an Nuachtlitir Teilifíse i mí Eanáir agus tá seacht n-eagrán foilsithe go dtí seo. Bhí aiseolas maith ón bhfoireann agus pléadh an t-ábhar ag Comhpháirtíocht Chorparáideach agus Rannáin araon agus fuarthas freagra dearfach ina thaobh.

• Tá Pleananna Forbartha Pearsanta (PDPanna) ar bun anois don fhoireann go léir sa Raidió, lena n-áirítear clár píolótach ríomhfhoghlama. Tá an plean feidhmithe beagnach tugtha chun críche ina leagtar amach cuspóirí aonair, costais agus fráma ama maidir le seachadadh.

• Cruthaíodh liosta dáileacháin ríomhphoist do gach aon duine i bhFoilsitheoireacht. Tá Acmhainní Daonna á úsáid sin chun an fhoireann i bhFoilsitheoireacht a choimeád ar an eolas maidir le heolas nua ar Marconi, daoine atá ag teacht/daoine atá ag imeacht etc. san IBD.

• Maidir le Grúpaí Oirfide, tá saoráidí clár fógraí curtha ar bun do Cheolfhoireann Choirme RTÉ. Tá cláir fógraí agus poill cloiséidin ag réimsí eile.

• •In RTÉNL, tá foirm teimpléid agus iniúchadh ar scileanna tugtha chun críche le súil agus Pleananna Foghlama Aonair a chruthú. Cuireadh tús le cruinnithe le bainisteoirí chun torthaí ón bhfoirm agus ón iniúchadh a athbhreithniú.

Tá cumarsáid rialta le fostaithe maidir leis an dul an cinn atáthar a dhéanamh lánpháirtithe le cumarsáid nuair is féidir sin a dhéanamh – ag leibhéal Eagraíochtúil, cuimsítear san i bhFeasachán ráithiúil an Phríomh-Stiúrthóra nuair is cuí – agus ag leibhéal an IBD, áirítear i nuachtlitreacha nó i bhfeasachán fostaithe é.

SuirbhéleantachTá suirbhé leantach beartaithe do mhí Dheireadh Fómhair 2007 ina dtomhasfar dul chun cinn i gcoinne torthaí 2005 agus déanfar pleananna gnímh a thabhairt cothrom le dáta bunaithe ar an anailís ar thorthaí.

FoireannRTÉ 27

Page 30: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

FoireannRTÉ

CÁS-STAIDÉAR 2:Duaiseanna Foirne Físe

CúlraSeoladh DuaiseannaFoirneFíseRTÉ i mí Mheán Fómhair 2005 i ndiaidh fhoilisiú Fís,MiseanagusLuachannaRTÉ. Cruthaíodh feasacht maidir leis na duaiseanna trí phóstaeir ar fud RTÉ, Marconi agus eolas a scaipeadh le duillíní pá. Is é cuspóir na nduaiseanna fostaithe a spreagadh chun na gnéithe a bhaineann le fís, misean agus luachanna RTÉ a úsáid ina saol oibre laethúil agus an móiminteam a choimeád ar siúl.

Tugann na duaiseanna aitheantas do dhaoine aonair agus d’fhoirne a chuimsíonn Fís,MiseanagusLuachannaRTÉ agus a sheachadann saothar oibre den scoth nó leibhéal seirbhíse a aithnítear ‘achuaightharandualgasinagcuidoibre’. Bronntar thart ar chúig duais gach bliain. Déanann bord neamhspleách meastóireacht ar gach ainmniúchán. Faigheann na buaiteoirí duais airgid maidir leis an mbliain a ainmnítear iad, mar shampla, bhuaigh na daoine sin a ainmníodh i mbliana 1 2007.

CurChunCinnCuirtear na duaiseanna chun cinn trí phóstaeir a chur ar chláir fógraí i ngach ionad de chuid RTÉ. Téann na póstaeir in airde mí amháin roimh an dáta deiridh don duais agus fanann siad thuas i rith an achair sin. Tugann sin deis do dhaoine smaoineamh ar an duais agus ainmniúchán a chur isteach. Tacaíonn Marconi leis na póstaeir. Cuirtear nóta in airde i gcomhair leis na póstaeir agus cuirtear fógra meabhrúcháin in airde níos gaire don spriocdháta. Cuirtear mionsonraí maidir leis na buaiteoirí ar Marconi chun deis a thabhairt don fhoireann samplaí i mbun oibre de Fhís,MhiseanagusLuachannaRTÉ i bhfeidhm a fheiceáil agus b’fhéidir smaointe a spreagadh i dtaobh a n-ainmniúchán.

28

Page 31: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

BuaiteoiríÓ seoladh na duaiseanna, bronnadh 10DuaisFoirneFíseRTÉ feadh raon IBDanna:

• Samhain 05: Don Mullane, innealtóir le RTÉ lyric fm, bhuaigh sé an duais don méid oibre a rinne sé ag an gComórtas Náisiúnta Treabhdóireachta.

• Nollaig 05: bhuaigh Rannóg na nDaoine Óga i dTeilifís an duais de bharr gur athseol siad TheDen ar RTÉ Two.

• Eanáir 06: bhuaigh Tony Lyons, Aonad Seachtrach Tacaíochta do Chlár Raidió, é as a chuid cruthaitheachta chun réiteach éifeachtúil agus éifeachtach ó thaobh costais de a fháil le go bhféadfaí TodaywithPatKenny a chraoladh as Srí Lanka.

• Feabhra 06: ba iad Nuala Carey, Derek Ryan agus Mick Nalty de chuid Teilifís RTÉ na buaiteoirí as a dtionscnamh agus a n-obair dheonach don Chomórtas Grianghraif de chuid Aimsir RTÉ.

• Márta 06: Ba é Liam Wylie de chuid Teilifís RTÉ an buaiteoir toisc gur fhorbair sé taispeántas ar líne ollmhór d’Iubhaile Órga 1916 le bheith ar siúl ag an am céanna le Comóradh 90 bliain an Éirí Amach.

• Samhradh 06: Ba í Catherine Ní Ghuairim, Comhordaitheoir Nuachta i mBaile na hAbhann an buaiteoir as a cuid oibre fhorleathan ar léiriú Nuacht Pobail ar leithinis Uíbh Ráthach i gCiarraí.

• Samhain 06: ba iad Gary Moran agus Greg Allen de chuid Raidió RTÉ na buaiteoirí as a gclúdach ar Chorn Ryder ar Raidió RTÉ.

• Nollaig 06: ba í foireann Oifig Eolais Chumarsáide RTÉ na buaiteoirí as a gcuid oibre ‘cluas le héisteacht’ luachmhar a thabhairt ar aiseolas ó dhaoine sa phobal agus as a chinntiú go gcuirfear an t-eolas ar fáil don phearsanra iomchuí laistigh den Eagraíocht.

• An Bhliain Nua 07: Ba iad John Aylmer agus Patrick O’Keefe de chuid Maoin agus Seirbhísí na buaiteoirí as an gcothabháil a rinneadar ar an talamh i nDomhnach Broc cibé sa sneachta, sa bháisteach nó sa ghrian.

• An Cháisc 07: Ba é Gerry McCann in oifig Bhéal Feirste an buaiteoir as úsáid phraiticiúil a bhaint as teicneolaíocht, agus shábháil sé costais ollmhóra do RTÉ.

• Samhradh 07: Ba iad Cyril Ryan (RTÉ Gaillimh), Seán Walsh (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Niall Hogan (RTÉ Luimneach), Ian Smith (RTÉ lyric fm) agus Séamus Ó Márta (RTÉ Gaillimh) na buaiteoirí as a gcuid oibre Ródaí RTÉ Raidió na Gaeltachta a athsholáthar.

Léiríonn an raon buaiteoirí as gach cuid den Eagraíocht oiriúnacht fhís, mhisean agus luachanna RTÉ feadh RTÉ in iomlán.

BuntáistíSpreagtar gach duine den Fhoireann Fís,MiseanagusLuachanna RTÉa ionchorprú ina gcuid oibre agus fís na heagraíochta a bhaint amach. Tugann DuaiseannaFíseFoirneRTÉ aitheantas d’fhostaithe agus tugtar luach saothair dóibh sin a dhéanann é. Tríd an aitheantas sin, cuireann na duaiseanna feasacht chun cinn agus léiríonn siad oiriúnacht agus tábhacht Fhís,MhiseanagusLuachannaRTÉ do gach aon duine ar leith san Eagraíocht. Spreagann siad an fhoireann freisin chun obair a gcuid comhghleacaithe a aithint agus meanma ghinearálta a ardú laistigh den IBD sin ina bhfuil an buaiteoir ag obair. Cuireann Fís,MiseanagusLuachannaRTÉ le todhchaí agus timpeallacht oibre níos dearfaí do gach duine d’fhoireann RTÉ.

FoireannRTÉ 2�

Page 32: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 33: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 34: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 35: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Déanann RTÉ tréaniarracht a bheith go hiomlán ionraic agus cothrom i ngach aon idirbheartaíocht, agus cinntítear go mbíonn téarmaí gnó soiléire i bhfeidhm. Oibríonn RTÉ de réir Cód Cóir-Thrádála a scaipeadh ar ár bpríomhtheagmhálaithe gnó. Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar an roinn Eolas do Sholáthróirí & Déantóirí Clár ar láithreán gréasáin RTÉ ag: www.rte.ie/about/guidelines.html

Gníomhaíochtaí2006/07Tá RTÉNL rannpháirteach i dTriail Dhigiteach Trastíre dhá bhliain an Rialtais (DTT). Tá ceithre ilphléacs ag oibriú as Three Rock, Contae Bhaile Átha Cliath agus Clermont Carn, Co. Lú anois. Soláthraíonn na láithreáin sin clúdach i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath agus san Oirthuaisceart. Tá triail Craolacháin Digiteach Fuaime (DAB) ar siúl freisin ag Three Rock agus ag Clermont Carn a iompraíonn seirbhísí raidió RTÉ agus roinnt seirbhísí tráchtála. Is é cuspóir na trialach na saincheisteanna a bhaineann le haistriú ó analógach go digiteach a aithint. Tá RTÉNL rannpháirteach freisin i dtriail Teilifíse soghluaiste DVB-H de chuid O2 a sholáthraíonn saoráidí ag Three Rock.

TeilifísArdghléine(HDTV)Mar chuid de rannpháirtíocht RTÉ i dtriail DTT dhá bhliain an Rialtais, bhí an Eagraíocht rannpháirteach go lárnach le gníomhaireachtaí cuí maidir le húsáid Teilifís Ardghléine.

Sheol an tAire Cumarsáide, Fuinnimh & Acmhainní Nádúrtha, an chéad chraoladh beo ar ócáid ar leith in Éirinn ar Theilifís Ardghléine an 15 Iúil 2007. Ba é cluiche ceannais Peile Laighean de chuid an CLG an chéad chraoladh Ardghléine oifigiúil den Chlár Píolótach DTT. Tá Teilifís Ardghléine ar fáil faoi láthair ar bhonn teoranta ar shatailít, ach b’é sin an chéad uair a rinneadh craoladh de Theilifís Ardghléine ó líonra trastíre digiteach in Éirinn. Is iad na trí chraoltóirí trastíre, RTÉ, TV3 agus TG4 a d’eagraigh an triail Ardghléine, mar aon le BT agus CEDA, a d’oibrigh go dlúth le chéile chun raon ábhar a bheidh oiriúnach chun an córas a thástáil a fhorbairt agus chun go léireofaí an feabhas ar cháilíocht an phictiúir. Chun go mbeadh tionchar iomlán an phictiúir ardghléine le feiceáil, ní mór go mbeadh bosca speisialta nasctha le teilifíseán na rannpháirtithe sa triail agus ní mór dóibh Teilifís Ardghléine a bheith acu freisin. Is tionscnamh nua ollmhór é an seoladh sin ó thaobh craolachán trastíre na hÉireann.

IDIRBHEARTAÍOCHTAÍGNÓRTÉ ��

Page 36: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Digitalradio.ieIs comhalta de digitalradio.ie é RTÉ, grúpa tionscail nua a bunaíodh chun forbairt agus cur chun cinn raidió digiteach in Éirinn a scrúdú. Áirítear ar na comhaltaí eile, atá rannpháirteach sa triail faoi láthair: 98FM, Digital Audio Productions, FM104, Newstalk 106-108 FM, Phantom 105.2, Q102, SPIN 1038 agus Today FM. Is obair ar thús cadhnaíochta é an iarracht i gcomhar seo ag an earnáil raidió chun scrúdú iomlán a dhéanamh ar raidió digiteach. Tabharfaidh an grúpa cuireadh go gach craoltóir raidió in Éirinn freisin, lena n-áirítear iadsan lasmuigh den réimse trialach, chun teacht ar digitalradio.ie chun go mbeidh feasacht ar an teicneolaíocht nua spleodrach sin comhroinnte le cách sa tionscal.

LéiritheoiríNeamhspleáchaCoimisiúnaíonn Teilifís RTÉ cláir neamhspleácha feadh na seánraí go léir. Tá sé tábhachtach go mbeadh tuiscint ag léiritheoirí neamhspléacha ar riachtanais chláir RTÉ. SoláthraíonnCaighdeáinagusTreoirlínteClár RTÉ (féach cás-staidéar thall) treoir maidir leis na saincheisteanna eiticiúla a thagann chun cinn agus cláir á ndéanamh, agus is ionann TéarmaíTrádála RTÉ agus an creat oibre maidir le hidirbheartaíocht le léiritheoirí neamhspleácha.

Déantar na Téarmaí Trádála agus na Conarthaí Maoinithe Forbartha/Coimisiúnaithe/Críochnaithe Caighdeán a athchaibidil leis an earnáil tríd an gcomhlacht ionadaíoch léiritheoirí neamhspleácha, Screen Producers Ireland, gach trí go chúig bhliana.

Tá éifeacht leis na TéarmaíTrádála is déanaí ón 1 Eanáir 2006 agus táthar dlite dul in éag an 31 Nollaig 2008.

IdirbheartaíochtaíGnóRTÉ��

Page 37: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

CÁS-STAIDÉAR:Caighdeáin agus Treoirlínte Clár RTÉ

Tá muinín an phobail as cáilíocht, cruinneas agus as cothroime aschur RTÉ ríthábhachtach. Cibé más ag féachaint ar an Teilifís, ag éisteacht leis an Raidió nó ag féachaint ar RTÉ.ie a bheidh an pobal, caithfidh siad a bheith muiníneach go bhfuil an t-ábhar a chuireann RTÉ ar fáil ar an gcaighdeán is airde agus is féidir. Chun cuidiú leis an bpróiseas sin, d’fhoilsigh RTÉ eagrán nua de CaighdeáinagusTreoirlínteClár in 2007. Tá an doiciméad sin ar fáil do gach déantóir clár – dóibh sin a bhíonn ag obair in RTÉ agus dóibh sin a bhíonn i gcuideachtaí léiriúcháin neamhspleácha arna gcoimisiúnú ag RTÉ chun cláir a dhéanamh – chun treoir a sholáthair ar na saincheisteanna eiticiúla a thagann chun cinn agus cláir á ndéanamh.

Sampla amháin de nuair a bhí CaighdeáinagusTreoirlínteClárRTÉ fíor-úsáideach anuraidh nuair a bhíothas ag tuairisciú ar léigear. I mí Lúnasa 2006, thimpeallaigh an Garda Síochána teach i lár tíre. Dhiúltaigh fear teach a fhágáil agus dúirt sé go raibh buama ina sheilbh. Thimpeallaigh an Garda Síochána an teach agus ní dhearnadh aon ní eile. Coimeádadh an pobal ón teach. Bíonn ar thuairisciú nuachta sna cásanna sin an gá a bhíonn ann tuairisciú ar imeachtaí a mheas, chun sábháilteacht an phobail a bheadh i ngar don léigear a chinntiú, agus ansin an gá atá ann a chinntiú nach gcuirfidh aon tuairisciú a dhéantar deireadh an léigir i mbaol. Foghlaimíodh ceachtanna ó thuairisciú a rinneadh roimhe sin ar léigir agus ar fhuadach, go háirithe an cás go bhféadfadh na daoine atá faoi léigear a bheith ag éisteacht leis an raidió nó ag féachaint ar an teilifís.

IdirbheartaíochtaíGnóRTÉ ��

Page 38: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

IdirbheartaíochtaíGnóRTÉ

Tá prótacal i bhfeidhm ag RTÉ ar Thuairisciú ar Léigir, ar Fhuadaigh etc. agus tá sin san áireamh i CaighdeáinagusTreoirlínteClárRTÉ. Cuirtear comhairle ar fáil ansin do thuairisceoirí agus do lucht eagarthóireachta maidir le conas déileáil le léigear. Áirítear ar an gcomhairle atá ann comhoibriú go dlúth leis an nGarda Síochána, cibé ar chóir nó ná chóir na daoine atá lárnach sa léigear a ainmniú, an gá atá le cumarsáid inmheánach mhaith laistigh de RTÉ maidir le cad a thuairiscítear agus cinneadh eagarthóireacht a lárnú.

Sa sampla sin, rinne an fear a bhí lárnach sa léigear iarracht dul ar aerthonnta RTÉ chun na nithe a bhí ag cur isteach air a léiriú. Bhí léiritheoirí RTÉ ábalta an t-iarratas sin a mheas le cabhair ó chomhairle a chuir an Garda Síochána agus a saineolaithe sin ar fáil. Ba í an chomhairle a fuarthas ó shaineolaithe go mbeadh an léigear níos faide agus go mbeadh sé níos deacra an léigear a thabhairt chun críche dá ligfí don fhear sin na nithe a bhí ag cur isteach air a rá go poiblí ar na haerthonnta. Thug iriseoirí RTÉ aird ar an gcomhairle sin agus bhíodar fíor-chúramach ina gcuid tuairiscithe agus chríochnaigh an léigear go síochánta agus go tapa.

Nuair a bhí an léigear thart, chuir pearsanra RTÉ go léir a bhí rannpháirteach i gclúdach na n-imeachtaí eolas ar fáil d’athbhreithniú inmheánach leathan, a lorg an Príomh-Stiúrthóir, maidir le conas a tuairiscíodh an léigear agus cad iad na ceachtanna a d’fhéadfaí a fhoghlaim dá mbeadh imeachtaí den sórt céanna le tuairisciú amach anseo. Ba í an mheastóireacht fhoriomlán ó RTÉ gur láimhseáladh cás tromchúiseach go gairmiúil agus gur coimeádadh an pobal ar an eolas go dóthanach gan cur isteach ar aon iarrachtaí an léigear a thabhairt chun críche go síochánta. Coimeádadh muinín an phobail i gcruinneas thuairisciú RTÉ. Tugann taighde le fios nuair a tharlaíonn aon imeacht ollmhór go bhféachann an pobal ar RTÉ chun eolas cruinn a fháil maidir leis an imeacht sin. Sampla maith de sin an tslí ar láimhseáladh léigear Ros Cré.

Is féidir le gach duine sa phobal rochtain a dhéanamh ar an bprótacal i CaighdeáinagusTreoirlínteClárRTÉ agus ansin an chomhairle sa phrótacal a chur i gcomparáid leis an tuairisciú a dhéantar ar imeacht ar Raidió, ar Teilifís agus Ar Líne RTÉ.

www.rte.ie/about/programmeguidelines2007_english.pdf

www.rte.ie/about/programmeguidelines2007_irish.pdf

�6

Page 39: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 40: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 41: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Tá RTÉ freagrach don Oireachtas (ag feidhmiú thar ceann mhuintir na hÉireann) tríd an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Ceapann an Rialtas Údarás RTÉ atá comhdhéanta de naonúr comhalta. Chun tuilleadh eolais a fháil ar fhreagrachtaí Údarás RTÉ maidir le Rialachas Corparáideach agus Rialáil, féach ar ár dTuarascáil maidir le Freagracht Chorparáideach 2006 ag www.rte.ie/about/cr_report_english.pdf agus ar ár dTuarascáil Bhliantúil 2006 ag www.rte.ie/about/pdfs/rte_06_eng_annualreport.pdf

GNÍOMHAÍOCHTAÍ 2006/07PleanCorparáideachStraitéiseachI mí an Mhárta 2006, d’fhoilsigh RTÉ plean cúig bliana PleanCorparáideachStraitéiseach,2006-2010. Foilsíodh an dara heagrán i mí an Mheithimh 2007 agus táthar tiomanta an tríú heagrán a chur ar fáil roimh dheireadh 2008.

Is é teideal an phlean TúsÁitedonLuchtÉisteachta – leagan cainte a gheallann go mbeimid ag freastal ar ár lucht éisteachta, cibé áit a mbeimid, agus tá sin ag croílár ghníomhaíochtaí agus straitéis RTÉ.

Tá tábhacht thar cuimse lenár n-aschur agus is údar suntais gur aithníodh cáilíocht an aschuir sin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta le bliain anuas. Mar aon le cáilíocht, baineann ár n-aschur le rogha – in dhá theanga, feadh na seánraí go léir, ar gach ardán agus do lucht éisteachta nideoige agus ginearálta araon. Mar eagraíocht gan beann ar bhrabús a sholáthraíonn ábhar tábhachtach saor go haer, creidimid gurb é an éiteas sin a idirdhealaíonn sinn ó chuideachtaí tráchtála.

Tá ár lucht éisteachta lárnach i ngach a ndéanaimid, is iad ár ngeallsealbhóirí iad freisin – tá ár ngeallsealbhóirí eile sainithe sa Tuarascáil maidir le Freagracht Chorparáideach seo. Tá grúpa geallsealbhóirí amháin, An Rialtas agus Rialálaithe, lárnach i ndáil le reachtaíocht agus rialáil nua

(na hÉireann agus na hEorpa araon) a dhéanann iarracht go comhuaineach coimeád suas leis an margadh agus tionchar díreach a imirt air (mar TasteandDecency nua agus CóidUrraíochta ar leithligh fógartha ag Coimisiún Craolacháin na hÉireann).

DigitiúTá seirbhísí satailíte agus cábla digiteach triarach ag cur lena sciar i margadh na hÉireann agus táimid ag fáil níos gaire do 2012 – an dáta atá molta go múchfaí an analóige san Eoraip – agus Éire déanach go maith ag cur tús lena seirbhís trastíre digiteach.

Tosóidh lucht féachana in oirthear na hÉireann ag cailleadh eisileadh de sheirbhísí analóige saor go haer i 2009 nuair a thosóidh an Ríocht Aontaithe ag múchadh a gcuid seirbhísí. Mar chuidiú do dhéanamh polasaí na hÉireann chun an spriocdháta sin a chomhlíonadh, sheol RTÉ doiciméad Cás an DTT chuig an Roinn Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (DCMNR) i 2005, a léirigh plean do RTÉNL chun sé ardán DTT ilphléacs a leathadh amach. Leis an AchtCraolacháin (Leasú)2007 áfach sainordaítear RTÉ ilphléacs náisiúnta amháin a leathadh amach agus foráltar ar dtús don BCU trí ilphléacs náisiúnta a cheadúnú. Go suntasach, ní sholáthraíonn an reachtaíocht do chomhordú an leathadh amach sin ná don fheidhm riachtanach d’oibreoir ardán chun a chinntiú go mbeidh clár seolta leanúnach ann agus go gcoimeádfar teilifís saor go haer lárnach don tseirbhís nua sin. Is tosaíocht é sin a chaithfear a idirbheartú láithreach agus caithfear teacht ar chomhaontú leis na geallsealbhóirí tábhachtacha. D’ainneoin a n-ábhar imní, tá RTÉ ag pleanáil go gníomhach do DTT ag teacht leis an reachtaíocht agus táthar ag scrúdú comhpháirtíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ann faoi láthair, ag maoiniú téarmaí agus ag forbairt pleananna tionscadail a cheadódh seirbhís chuimsitheach, lena n-áirítear roghanna saor go haer don lucht éisteachta.

RIALTASAGUSRIALÁLAITHE ��

Page 42: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

ReachtaíochtChraolacháinChomhdhlúiteCreideann RTÉ go bhfuil nádúr blúirithe reachtaíocht chraolacháin na hÉireann faoi láthair ag cur isteach ar chumas RTÉ acmhainní a infheistiú i réimsí áirithe a rachadh chun sochair a lucht éisteachta.

Sainordaíonn AntAchtCraolacháin (Leasú) 2007, mar shampla, ar RTÉ rogha dá chláir teilifíse, agus de chuid TG4, a chur ar fáil go hidirnáisiúnta chun freastal ar mhuintir na hÉireann thar lear. Níl an reachtaíocht sonrach do mhodh dáileacháin agus ní aithnítear maoiniú breise chun an ghníomhaíocht nua sin a cheadú. É sin ráite, fáiltíonn RTÉ roimh an deis a chuid ábhar a chur ar fáil chomh forleathan agus is féidir (laistigh de shrianta i gcomhaontuithe cearta reatha) agus feidhmeofar gnímh chun an oibleagáid nua sin a chomhlíonadh. Ba chóir a thabhairt ar aird go gcuireann RTÉ raon cuimsitheach clár ar fáil cheana féin via RTÉ.ie, agus is féidir rochtain a dhéanamh orthu ar fud an domhain.

Is príomhthosaíocht í reachtaíocht chraolacháin chomhdhlúite mar sin má táthar chun freastal chomh maith agus is féidir ar ár lucht éisteachta. Fáiltíonn RTÉ roimh an deis oibriú leis an Rialtas chun an réimse sin a chomhlíonadh.

RíomhchomhairliúchándonScéimGhinearáltadonBhilleCraolacháin,2006I 2006, threoraigh an Dáil agus Seanad Éireann an Comhchoiste ar Chumarsáid, Mara agus Acmhainní Nádúrtha dul i mbun gníomhaíochta comhairliúcháin “aranidirlíonagusaraonbhealacheileacheapfaíabheadhoiriúnach” maidir le tograí ar reachtaíocht i ndáil le craolachán. Bhí an cleachtadh, cé gurb é an chéad cheann dá leithéid in Éirinn é agus dá réir gur sórt trialach a bhí ann, beartaithe mar chomhchomhairle dílis a scrúdódh chomh ullamh agus atá an tOireachtas agus páirtithe leasmhara chun oibriú níos dlúithe

le chéile trí theicneolaíochtaí nua a úsáid. Ba chleachtadh a bhí ansin a raibh RTÉ sásta tacaíocht a thabhairt dó.

Thosaigh an chomhchomhairle phoiblí go luath i mí Mheán Fómhair 2006 agus bhí sí comhdhéanta de chéimeanna tionscadail éagsúla – breathnadóireachtaí a sheoladh; éisteachtaí poiblí an Chomhchoiste a chraoladh ar an ngréasán ar na téamaí/saincheisteanna/topaicí a roghnaigh an Comhchoiste agus fóram díospóireachta ar an idirlíon. Sheol an tAire tograí chuig an gComhchoiste a seoladh ar an láithreán gréasáin ríomhchomhairliúcháin www.econsultation.ie. B’éigean do rannpháirtithe clárú leis an láithreán agus ansin bhíodar ábalta na tograí a léamh, tuairimí a dhéanamh agus féachaint ar aighneachtaí eile. Bhí ról ollmhór ag RTÉ ag cur na comhchomhairle poiblí chun cinn trí nasc a thaispeáint don láithreán ríomhchomhairliúcháin in áit fheiceálach ar leathanach baile láithreán gréasáin RTÉ agus ar an leathanach MaidirleRTÉ. Chuaigh thart ar 70% de na haighneachtaí/freagraí go léir maidir leis an bpróiseas ríomhchomhairliúcháin trí RTÉ.ie. Mar is cuí do Chraoltóir Seirbhíse Poiblí, bhí RTÉ gníomhach go cuimsitheach le gach céim den phróiseas agus bhíodar rannpháirteach i bpróiseas meastóireachta ríomhchomhairliúcháin, agus cuidíodh leis an bhfoireann taighdeoirí neamhspléach a bhí fostaithe ag an Roinn.

Tá Tuarascáil an Chomhchoiste Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha ar chomhairliúchán na Dréachtscéime do Bhille Craolacháin molta na Roinne foilsithe anois agus leanfaidh RTÉ ag obair leis na húdaráis chuí ag forbairt na reachtaíochta craolacháin a mbeidh tionchar nach beag ag an bpróiseas sin orthu.

RialtasagusRialálaithe�0

Page 43: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 44: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 45: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Tá RTÉ tiomanta do chaomhnú comhshaoil agus d’inbhuanaitheacht, d’fheabhsú ár bhfeidhmíocht comhshaoil agus meáite ar aon drochthionchar a leanann a ghníomhaíochtaí craolacháin a íoslaghdú.

GNÍOMHAÍOCHTAÍ 2006/07Tharla roinnt forbairtí suntasacha i rith 2006 maidir le caomhnú fuinnimh agus bainistiú dramhaíola laistigh de RTÉ.

CaomhnúFuinnimhChuaigh RTÉ i gcomhchomhairle le comhchomhairleoirí chun Iniúchadh Fuinnimh a dhéanamh ar Champas Dhomhnach Broc. Bhí aidhm shimplí ag RTÉ: cur lenár n-éifeachtúlacht fuinnimh. Toisc go bhfuil 32 acra agus 11 foirgneamh i nDomhnach Broc bhí go leor eolais le bailiú, le comhordú agus le deimhniú.

Ríomhadh go n-úsáideann an campas in iomlán thart ar 31,000 aonad fuinnimh in aon bhliain amháin. Is ionann sin agus 17,000 tonna CO2 agus, má thugtar comhthéacs do na figiúirí sin, is ionann sin agus 3,400 teach baile.

Le haird ar na figiúirí sin, shocraigh RTÉ sprioc de laghdú 10% ar charbón agus laghdú 10% ar ár gcostais fuinnimh i 2007. Agus costas ghás nádúrtha agus leictreachas ag dul in airde, ba sprioc uaillmhianach go deimhin é 10% le leagan síos. Mar sin féin, le tacaíocht Chorparáideach, d’fheidhmigh Maoin agus Seirbhísí RTÉ clár laghdaithe a thosaigh i mí Eanáir 2007.

Ba í an chéad chéim sa chlár ná tairiscint a dhéanamh ar sholáthar leictreachais do RTÉ. Ba é an toradh a bhí ar an bpróiseas sin ná go bhfuarthas tairiscint rathúil a mbeidh sábháilt de 10% ar chostais mar thoradh uirthi agus, níos fearr fós, beidh sábháilt 60% ar astuithe CO2. Beidh sin mar gheall go mbeidh an soláthróir nua ag baint leasa as teicneolaíocht giniúna gaoithe agus tonnta araon chun ár soláthar leictreachais a chur ar fáil. Is féidir le RTÉ a rá go mórtasach gur fuinneamh glas é 97% dár leictreachas anois.

In iarracht chun laghdú níos mó fós a bhaint amach maidir lenár n-aschur CO2 gaolmhar, feidhmíodh roinnt tionscadal éifeachtúlachta maidir le húsáid gás nádúrtha ar an gcampas, mar shampla dóirí a nuachóiriú agus a sceidil ama a choigeartú.

Beidh an chéad chéim comhdhéanta d’infheistíocht isteach chun go mbeidh ár n-infrastruchtúr reatha níos éifeachtúlaí. Réimsíonn sé sin ó athruithe casta ar phróisis inár gcórais teasa, fuaraithe agus leictreachais go dtí bolgáin solais a athrú agus lampaí CFL níos éifeachtúlaí, nithe atá i ngach aon stóras DIY anois agus i dtithe baile ar fud na tíre, a chur ina n-áit. Beidh formhór na n-athruithe sin curtha i gcrích faoi Fhómhar 2007.

ANCOMHSHAOL ��

Page 46: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

AnComhshaol

Ean Feab Márta Aib Bealt Meith Iúil Lún M.Fómh D.Fómh Samh Noll

Athchúrsáilte (Tonnaí) 29.39 43.00 47.21 32.06 39.93 36.56 42.02 52.29 43.75 44.25 34.45 52.30

Diúscartha (Tonnaí) 10.58 11.28 16.16 7.70 11.80 10.65 13.78 17.70 15.95 15.28 12.24 21.79

Ráta Athchúrsála 74% 79% 74% 81% 77% 77% 75% 75% 73% 74% 74% 71%

Ráta Diúscartha 26% 21% 26% 19% 23% 23% 25% 25% 27% 26% 26% 29%

BainistiúDramhaíolaLean RTÉ ag cur chun cinn, ag forbairt agus ag feidhmiú cosc, laghdú agus athúsáid dramhaíola mar aon le hathchúrsáil ar an láthair ar bhealach córasach agus éifeachtach ó thaobh costais de. Choimeád RTÉ ráta athchúrsála de 75% i 2006. Léiríonn an tábla thíos figiúirí dramhaíola ginearálta RTÉ do 2006.

LáthairTabharthaTá LáthairTabhartha curtha ar fáil don fhoireann laistigh de RTÉ. Is é cuspóir an láthair an úsáid is fearr is féidir as acmhainní RTÉ a spreagadh agus go mbeidh laghdú ar dhramhaíl dá bharr. Féadfaidh daoine le míreanna breise iad a chur ar fáil don chuid eile den Eagraíocht agus féadfaidh na daoine sin a bheidh sa tóir ar threalamh liosta infhaighteachta a sheiceáil sula gceannóidh siad na nithe atá uathu.

ÚsáidasanDlúthadóiralaghdúTá dhá dhlúthadóir dramhaíola ginearálta 32 slat ciúbaithe i seilbh RTÉ. Le déanaí, bhíomar ábalta deireadh a chur le húsáid cheann amháin de na dlúthadóirí sin in iomlán agus léiríonn sé sin na laghduithe suntasacha atá déanta ar an méid dramhaíola atá oibríochtaí RTÉ a chuir chuig líonadh talún.

GníomhaíochtréigiúnachRinneadh staidéar ar stiúideonna /oifigí réigiúnacha RTÉ chun deiseanna a aithint chun athruithe den sórt céanna a fheidhmiú iontu leo sin atá déanta ar láthair Dhomhnach Broc maidir le deighilt dramhaíola ag an bhfoinse. Dhírigh an staidéar ar oifigí RTÉ, áit a raibh líon ollmhór dramhaíola agus bhí an poitéinseal ann athrú a chur i bhfeidhm. Mar thoradh ar an staidéar sin, aistríodh stiúideonna Chorcaí agus Luimnigh chuig limistéir “gan aon bhoscaí bruscair”. Ní raibh aon bhuntáiste suntasach ann do láithreacha eile athrú anonn ag an tráth seo, mar shampla, líon beag foirne atá i roinnt láithreacha agus tá modhanna éifeachtacha athchúrsála i bhfeidhm acu cheana féin.

I stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla, tá coimisiúnú déanta ar shuiteáil coire slisadhmaid chun an seanchóras teasa stórála leictreachais a athsholáthar. Is é an toradh a bheidh leis sin ná go mbeidh laghdú ar chostais agus go mbeidh laghdú ar an méid carbóin a eiseofar ag teacht lenár n-aidhm leas a bhaint as réitigh níos glaise cibé deis a bhíonn againn sin a dhéanamh.

SamhailGhnó‘Lúbiata’I 2007, d’fheidhmigh RTÉ samhail ghnó ‘lúbiata’ trína dtagann fuíolltáirge ónár n-oibríochtaí ar ais chuig ár ngnó i bhformáid éigin eile. Dhréachtaigh RTÉ comhaontú le conraitheoirí dramhaíola Greenstar agus le Plant Life, a bhreathnaíonn i ndiaidh na bplandaí in RTÉ, chun tionscadal a fheidhmiú trína n-iompófar dramhbhia ó bhialanna RTÉ ina mhúirín agus féadfar sin a úsáid ar thalamh RTÉ.

Chuidigh an tionscadal sin le gníomhaíochtaí maidir le Freagracht Chorparáideach RTÉ trí bhealach simplí agus inbhuanaithe chun dramhaíl a bhainistiú a léiriú. Cuireann an tionscadal le deiseanna gnó nua do RTÉ freisin agus soláthróirí seachtracha, mar aon le cur le feasacht ar an gcomhshaol agus feidhmíocht comhshaoil níos fearr a spreagadh i measc fostaithe laistigh den eagraíocht.

Tá an poitéinseal ag an sampla seo a d’fhorbair agus a d’fheidhmigh RTÉ dúshlán a thabhairt dúinn chun cuspóirí nua a fheidhmiú ar shocruithe gnó agus iad a dhíriú ar fheidhmíocht comhshaoil níos fearr. Is é an toradh atá air sin go mbreithnítear agus go nglactar freagracht dhíreach as táirgeadh dramhaíola, bainistiú níos fearr ar acmhainní, caighdeáin arda Freagrachta Corparáide agus feidhmíocht comhshaoil.

��

FigiúiríDramhaíolaGinearáltaRTÉ,2006

Page 47: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

AnComhshaol

Seirbhís isteach ó PLANT LIFE LTD (Cothabháil ar Phlandaí Orgánacha)

Loop LinkDeis gnó do RTÉ idir Greenstar agus Plant Life

Fuíolltáirge amach chuig GREENSTAR (Dramhbhia)

SamhailGhnó‘Lúbiata’

��

Page 48: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 49: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

CÁS-STAIDÉAR: Dúshlán ‘Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil’ RTÉ

Mar eagraíocht de chuid na hearnála poiblí a oibríonn i ré atá níos glaise agus a bhfuil níos mó béime ar chúrsaí comhshaoil, tá RTÉ tiomanta dramhaíl a laghdú ag an obair agus spreagann RTÉ bealaí chun é sin a dhéanamh go gníomhach. Cé go raibh roinnt beart i bhfeidhm cheana féin laistigh de RTÉ chun ár ngealltanas i dtreo bhainistiú dramhaíola níos fearr a chomhlíonadh, mar aon le Grúpa Stiúrtha Comhshaoil a dhéanann monatóireacht ar na gníomhaíochtaí sin, ceapadh in RTÉ go raibh sé tábhachtach an fhoireann a chuir ar an eolas agus iad a spreagadh maidir lenár bhfreagrachtaí i leith an chomhshaoil agus an fhoireann a spreagadh chun ról gníomhach a bheith acu i ngealltanas RTÉ dá pholasaí comhshaoil.

Leagadh amach Dúshlán ‘Laghdaigh,Athúsáid,Athchúrsáil’ RTÉ chun cruthaitheacht na foirne a spreagadh. Lorgaíodh smaointe nuálacha chun dramhaíl a laghdú in RTÉ ó dhaoine aonair nó ó fhoireann/rannóg. Ní mór go mbeadh gach aon mholadh trédhearcach agus ionraic ó thaobh na cruthaitheachta agus go mbeadh béim ar leith ar an tionchar foriomlán a bheadh ag an moladh sin ar dhramhaíl a laghdú laistigh den Eagraíocht.

Bhí dlúthcheangal ag Dúshlán‘Laghdaigh,Athúsáid,Athchúrsáil’RTÉ le ceann de phríomhluachanna RTÉ - abheithcruthaitheachinárngníomharthagoléir. Fuarthas freagra láithreach agus dearfach ón bhfoireann maidir leis an gcomórtas a seoladh le ríomhphost ón bPríomh-Stiúrthóir chuig an bhfoireann go léir, nóta ar ár n-inlíon agus leabharmharc a scaipeadh leis na duillíní pá.

Fuarthas iontrálacha ó ar fud na hEagraíochta. Bhí tionchar mór ag dhá smaoineamh ‘den chás in iomlán’ ó thaobh an scóip agus an tionchar féideartha a bheadh acu; bhí an dá smaoineamh ar scála mór agus ba thionscadail mheántéarma - fhadtéarma a bhí iontu:

• CórasÍonaitheUisce “ Deireadh a chur leis an gcóras

seachadta buidéil uisce reatha agus córas íonaithe ar an láthair, a scagann uisce buacaire a chur ina áit”

• Fuinneamh “ Tuirbín gaoithe a thógáil ar an

suíomh chun bille leictreachais RTÉ agus an méid a bhítear ag brath ar an eangach náisiúnta a laghdú”.

Chuir an painéal moltóirí an dá smaoineamh sin ar aghaidh chuig na húdaráis chuí in RTÉ chun go ndéanfaí iad a scrúdú tuilleadh agus cuireadh moladh láidir in éineacht leo gur chóir measúnú iomlán a dhéanamh orthu; tá costas caipitil suntasach tosaigh i gceist leis an dá mholadh sin.

Sheas dhá smaoineamh níos simplí amach freisin, agus d’fhéadfaí an dá smaoineamh sin a fheidhmiú go tapa agus ar chostas íseal, ach bheadh torthaí dearfacha láithreacha acu. Is iad sin:

• Greamán a chur in aice leis na lasca soilse agus le trealamh ag meabhrú do dhaoine iad a mhúchadh

• An rogha priontáilte ar an dá thaobh a bheith mar an rogha réamhshocraithe ar phrintéirí.

Léiríonn an dá smaoineamh sin gur féidir le céim bheag amháin tionchar a bheith aici ar dhramhaíl a laghdú. Sheol na moltóirí mionsonraí maidir leis na smaointe ar aghaidh chuig na daoine cuí laistigh de RTÉ le súil agus iad a fheidhmiú.

Beidh tionchar dearfach ag na smaointe nua a d’eascair as Dúshlán ‘Laghdaigh,AthúsáidagusAthchúrsáil’ RTÉ ar mar a úsáidfear acmhainní agus ar fheidhmíocht comhshaoil amach anseo.

AnComhshaol �7

Page 50: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 51: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 52: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Meeting the needs of our audiences. Most Corporate Responsibility reports identify customers and communities as two key stakeholders. In RTÉ’s case these two are combined into one group - our audiences who are at the core of all that we do, be it through programmes on television or radio, concerts by the Performing Groups, publishing via the RTÉ Guide, Aertel or Online. In all of these activities RTÉ must act responsibly and listen and respond to our audiences and the communities in which they live. Our responsibility is to all communities that make up Irish society – including those who are not commercially attractive.

�0

Page 53: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Cad atá i ndán dúinn

Page 54: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

Ó na luath 1990idí, tá athrú déimeagrafach ollmhór tarlaithe in Éirinn. Cé go raibh eisimirce seasta agus forleathan i stair na hÉireann, is tír í Éire anois a bhfuil glan-inimirce suntasach ag dul ag méid inti.

Mar a taifeadadh sa daonáireamh is déanaí i 2006, tá os cionn 400,00 duine (11% de dhaonra na hÉireann) rangaithe anois mar neamh-Éireannaigh nó go bhfuil dhá náisiúntacht acu. Le cúig bliana anuas, tá ardú faoi chúig tagtha ar an líon náisiúnach as an AE (gan an Ríocht Aontaithe san áireamh) ina gcónaí in Éirinn i gcomparáid le níos lú ná 30,000 i 2002 go dtí os cionn 160,000 i 2006. Sa tréimhse chéanna, tá beagnach dúblú tagtha ar an líon daoine as an Áise agus as an Afraic go 46,000 agus 35,000 duine faoi seach. Nuair a chuirtear na figiúirí sin leis an líon mór Éireannach atá tar éis filleadh ó thréimhsí fada thar lear, is léir go bhfuil sochaí níos éagsúla agus níos idirnáisiúnta in Éirinn anois.

I ngach aon chuid de shochaí na hÉireann, tá aghaidheanna agus cultúir nua le sonrú; inár bpobail, inár scoileanna, san áit oibre, gach uair a théitear chuig an siopa nó chuig bialann. Agus cé gur ionann éagsúlacht níos mó agus saibhriú sóisialta, eacnamaíoch agus cultúir sa tsochaí go léir, is dúshlán é scála agus luas an athraithe sin do dhaoine agus do chultúr a bhí gan athrú leis na cianta.

De réir mar a leanann sochaí na hÉireann ag cur leis an éagsúlacht, tá ról cinntitheach agus freagrach ag na meáin araon chun dearcaí agus leibhéil tuisceana idir pobail agus cultúir a mheas.

Mar Chraoltóir Seirbhíse Poiblí na hÉireann, tá dualgas ar RTÉ faoin AchtumÚdarásCraolacháin(leasú),1976,‘beidhairdaigearleasannaagusarchúraimíanphobailuile’agus‘cinnteoidhségoléireoidhnacláirnaharaíonaéagsúladábhfuilsaíochtphobaloileánnahÉireanncomhdhéanta’. Sa bhreis ar an Acht, tá RTÉ freagrach freisin mar an príomhchraoltóir in Éirinn dul i ngleic le ciníochas agus le hidirdhealú bunaithe ar chine go gníomhach. Geallann Misean RTÉ freisin go léireofar éagsúlacht cultúir in Éirinn.

Le roinnt blianta anuas, tá aschur Raidió agus Teilifís RTÉ tar éis tús a chur le léargas a thabhairt ar éagsúlacht cultúir i sochaí na hÉireann agus an gá atá ann na saincheisteanna maidir le himirce, lánpháirtiú agus comhtháthú sóisialta a léiriú ar scáileáin agus ar aerthonnta na hÉireann.

Tá níos mó agus níos mó náisiúnach neamh-Éireannach le feiceáil ar fheasacháin nuachta RTÉ agus ar chláir chúrsaí reatha, ar dhrámaí, ar chláir fhaisnéise agus ar ghnéchláir.

Ar RTÉ Radio 1, mar shampla, scrúdaíonn Spectrum freagra na hÉireann ar a comhdhéanamh eitneach agus cultúir atá ag athrú. Trí dhíospóireacht, tuairimí agus anailís ar an gcomhthéacs idirnáisiúnta, scrúdaíonn Spectrum mar atá Éire ag déileáil leis an ilchultúrachas nua.

RTÉagusIdirchultúrachas�2

Page 55: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

I rith 2006 agus 2007, chraol Teilifís RTÉ an tsraith taistil ilchultúir ar éirigh thar cionn leis NoPlaceLikeHome. Le linn an dá shraith, chas an láithreoir Bob Kelly le hinimircigh ó áiteanna chomh fada ó bhaile le an Chéinia, Camarún, an Pholainn, an Phacastáin agus an tSín. Bhí na rannpháirtithe go léir ag obair anseo in Éirinn agus thug na cláir deis don lucht éisteachta príomhshrutha casadh le teaghlaigh na ndaoine atá socraithe anseo agus atá ag cur le sochaí agus le geilleagar na hÉireann.

Ag leibhéal corparáideach, thug RTÉ urraíocht do FestivalofWorldCultures Dhún Laoghaire agus cuireadh an fhéile chun cinn ó cuireadh tús léi sa bhliain 2000. Bíonn an-tóir ag muintir na hÉireann ar breá leo ceol domhanda ar an bhféile anois, agus craolann Teilifís agus Raidió RTÉ seónna ón bhFéile gach bliain. Léiríonn na cláir sin ina mbíonn meascán bríomhar de cheol agus de scéalta ó phobail eitneacha nua na hÉireann an méid dearfach atá cultúir éagsúla in ann a thabhairt do shochaí na hÉireann.

Tá pleananna feadh ghrúpa RTÉ chun tús a chur le cláir idirchultúir nua i rith 2007/2008. Beidh béim ar leith ar náisiúnaigh neamh-Éireannacha agus ar théamaí agus ar dhearcaí a lánpháirtiú sna cláir príomhshrutha.

In earrach na bliana 2007 – d’ainneoin na héagsúlachta a bhíonn i gcláir RTÉ faoi láthair– agus ag aithint an gá atá ann cur chuige níos iomlánaíoch agus níos cuimsithí a fhorbairt, ghlac Údarás agus Bord Feidhmeannais RTÉ gealltanas maidir le hidirchultúrachas mar pholasaí corparáideach:

Beidh RTÉ uilechuimsitheach agus beidh meas ar éagsúlachtaí cultúir agus ar an saibhreas atá laistigh de dhaonra na hÉireann. Soláthrófar cláir éagsúla a bheidh riachtanach chun tuiscint ar chúlraí cultúir agus eitneach na ndaoine atá ina gcónaí sa tír a thuiscint, chun tuiscint agus luach cuí ar chultúir éagsúla a chothú agus comhtháthú cultúir a chruthú laistigh dár sochaí. Aithníonn RTÉ nach mór don fhórsa oibre éagsúlacht shochaí na hÉireann a léiriú agus cuirfidh RTÉ rannpháirtíocht agus fostaíocht dhaoine ó chúlraí éagsúla eitneacha agus cultúir éagsúla chun cinn.

Faoi dheireadh 2008, foilseoidh RTÉ plean gnímh cuimsitheach maidir le hidirchultúrachas. Beidh an plean bunaithe ar an ngealltanas atá tugtha ag an mbainistíocht agus ag déantóirí clár go dtí seo chun éagsúlacht cultúir a chur chun cinn feadh trí réimse leathan; Aschur RTÉ, oiliúint ar an bhfoireann agus earcú. Leagfar amach spriocanna agus targaidí soiléire do gach aon cheann de na réimsí sin agus beidh siad lánpháirtithe go hiomlán i bpleanáil straitéiseach leanúnach na rannán ghnó éagsúla in RTÉ.

Ar deireadh thiar, ní é dúshlán RTÉ thar am cláir nideoige a léiriú ach go mbeidh orainn an tsochaí agus na daoine a mbeimid ag freastal orthú a léiriú níos iomláine, i ngach a chraoltar agus inár bpróifíl foirne.

De réir mar a bheidh Éire féin ag athrú; beidh ar RTÉ athrú freisin agus athrú go tapa.

RTÉagusIdirchultúrachas ��

Page 56: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 57: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

CUSPÓIRÍ 2007/08

Tá sé ríthábhachtach go gcoimeádfar iarrachtaí Freagrachta Corparáide RTÉ sa tsiúl go leanúnach agus mar gheall air sin táimid ag leagan amach cuspóirí intomhaiste don bhliain atá amach romhainn.

1.AgfreastalarriachtanaisárLuchtÉisteachta:

• Branda an RTÉGuide a thabhairt chuig pobail nua ar an ngréasán, le láithreán gréasáin leathan, stiúrtha ag an tseirbhís rteguide.ie agus trí thionscadail ilmheáin

• Seolfar clár píolóta d’ábhar Gaeilge comhiomlánaithe ar láithreán gréasáin RTÉ sa Ráithe deireadh de 2007

• Leanúint le hurraíocht RTÉ ar ThaispeántasEolaíÓg agusTeicneolaíochtaBT agus deiseanna a scrúdú chun urraíocht a thabhairt d’aon imeacht amháin eile a chuideoidh linn teacht ar lucht éisteachta níos óige faoin Ráithe deireadh i 2007

• Painéal Tuairimí an Lucht Éisteachta a bhunú do RTÉ i Ráithe 3 i 2007 a sholáthróidh bealach díreach cumarsáide ó shampla a bheidh ionadaíoch ar lucht éisteachta na hÉireann chun go mbeidh RTÉ ábalta feabhas a chur ar an gceangal leis an lucht féachana, le héisteoirí, le tomhaltóirí nuachta agus le húsáideoirí an idirlín

• Ag tosú i Ráithe 3 i 2007, seachadóidh Seirbhísí Rochtaine RTÉ clár de scileanna láithreoireachta dóibh sin atá cáilithe in ateangaireacht ISL (Teanga Comharthaíochta na hÉireann) do chumainn lucht comharthaíochta agus na mbodhar.

. Chun mionsonraí a fháil ar Chuspóirí Clár RTÉ sna míonna amach romhainn, is féidir ár RáiteasGeallúintídárLuchtÉisteachta/StatementofCommitmentstoour

Audience a íoschóipéail i mBéarla agus i nGaeilge ar www.rte.ie/about/statement.html

2.AnFhoireann:• Polasaithe maidir le Strus, Mí-

úsáid deochanna meisciúla agus substaintí faoi Ráithe 4 2007

• Cuir i láthair i gcomhthéacs PolasaíRTÉ arChiapadh,arGhnéaschiapadhagusarBhulaíocht le leathadh amach chuig foireann iomlán RTÉ faoi dheireadh na bliana 2007

• Suirbhé foirne leannta i Ráithe 4 2007 a thomhasfar in aghaidh thorthaí 2005

• An próiseas Comhpháirtíochta in RTÉ a athbhreithniú, a athbheochan agus a fheidhmiú faoi dheireadh 2007.

3.Ársoláthróirí:• Clár de na soláthróirí is fearr

a shocrú ar Marconi, láithreán inlín RTÉ, faoin gcéad Ráithe i 2008. Cuirfidh an tsaoráid sin ar chumas cheannaitheoirí rochtain a dhéanamh ar an soláthróir/na soláthróirí is fearr trí fhéachaint ar an gcatagóir táirgí/seirbhísí ar thagairt A-Z. Cinnteoidh sin go mbeidh ceannaitheoirí ar an eolas maidir leis an soláthróir/na soláthróirí is fearr sula ndéantar aon orduithe

• Cuirfidh RTÉNL tús le teicneolaíochtaí éifeachtúlachta nua do chraoladh raidió AM a laghdóidh an méid cumhachta a úsáidtear agus a chuirfidh leis an éagsúlacht seirbhíse go comhuaineach faoin gcéad Ráithe i 2008.

. 4.RialtasagusRialálaithe:• An dara leagan den Phlean

Corparáideach Straitéiseach, 2007-2011 a ullmhú mar aon le hachoimre a scaipfear go ginearálta faoin tríú ráithe i 2007

• DTT Mux 1 – De réir na treorach atá luaite san AchtCraolacháin(Leasú)2007, cuirfidh RTÉ pleananna chuig an DCENR roimh dheireadh 2007 maidir leis an gcur chuige i dtaobh DTT a fhorbairt

• Polasaí ar ábhar a sheachadadh i margadh coinbhéirsithe a fhoilsiú faoi dheireadh Ráithe 2 2008

• Cóid Fógraíochta an BCI – Déanfaidh RTÉ aighneacht maidir le próiseas athbhreithnithe ChódFógraíochtaíLeanaí an BCI i rith an Chéad Ráithe i 2008. Cuirfear tús le hAthbhreithniú an BCI faoin tríú Ráithe 2007 agus beidh deireadh leis i Ráithe 2 2008.

5.AnComhshaol:• Tús a chur le hoiliúint maidir le

feasacht foirne agus Laethanta Feasachta Fuinnimh sa tríú Ráithe i 2007 a bheidh comhdhéanta de théamaí a bheidh bunaithe ar ‘Chumhacht Duine Amháin’ atá ar bun faoi láthair ag DCENR

• An fhéidearthacht maidir leis na tuairimí a n-éireoidh leo ón Dúshlán ‘Laghdaigh, Athúsáid, Athchúrsáil’ a mheas faoi dheireadh Ráithe 2 2008

• Leanúint lenár n-iniúchadh fuinnimh 2006, ár CO2 a laghdú 2,300 tonna agus an méid fuinnimh a úsáidtear a laghdú 4 mhilliún kWh faoi dheireadh Ráithe 4 2007

• Rogha eile ar an úsáid a bhaintear as polaistiréin in oibríochtaí na mbialann a fháil roimh dheireadh na ceathrú Ráithe i 2007

• A bheith mar chomhpháirtí d’Oifig Iompair Bhaile Átha Cliath ina bhfeachtas chun úsáideoirí carranna i Mórcheantar Bhaile Átha Cliath a spreagadh chun freagracht phearsanta a ghlacadh plódú tráchta a laghdú tríd an bhfeachtas a chur ar aghaidh i measc fhoirne RTÉ agus plean iompair don áit oibre a fheidhmiú faoin dara ráithe i 2008.

CUSPÓIRÍ2007/08 ��

Page 58: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún

AISEOLAS

Má tá aon cheisteanna, tuairimí nó moltaí agat i ndáil le hábhar na Tuarascála seo maidir le Freagracht Chorparáideach, seol ríomhphost le do thoil chuig [email protected]

Page 59: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún
Page 60: Freagracht Chorparáideach 2007 Lucht Féachana agus Lucht … CR Report Irish... · 2019-10-22 · comhlántacha saor go haer, RTÉ One agus RTÉ Two mar aon le ceithre stáisiún