Óglaigh na hÉireann, complacht chathair na gaillimhe, Ó
TRANSCRIPT
Óglaigh na hÉireann,
Complacht Chathair na
Gaillimhe,
Ó Bhealtaine go Deireadh
Fómhair 1914
Fearann Cartlann Chomhairle Chontae an
Gaillimhe fáilte romhat ag an taispeántas ar
líne seo lena mbaineann ábhar bunfhoinsí ina bhfuil
cuntas ar theacht chun cinn na nÓglach i gCathair na
Gaillimhe sa bhliain 1914. Tá tuairiscí ann freisin a
bhaineann leis an deighilt san eagraíocht tar éis thús an
Chéad Chogadh Domhanda.
Baineann an t-ábhar atá ar taispeáint le dhá
bhailiúchán den chuid is mó, Miontuairiscí Óglaigh na
hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe ón 4
Bealtaine go dtí an 20 Meán Fómhair 1914, (GS01/03),
agus comhad comhfhreagrais de chuid Chomplacht na
Cathrach ón 25 Iúil go dtí an 5 Deireadh Fómhair 1914
(GS13/02). Tá ábhar maidir le laethanta tosaigh na
Complachta i nGaillimh sa dá bhailiúchán seo ar
annamh súile á gcaitheamh air go dtí seo.
‘Gníomh de chuid Straitéis Deich mBliana na gCuimhneacháin Chontae na Gaillimhe
2013 - 2023
An Action of the County of Galway Decade of Commemorations Strategy 2013 – 2023’
Óglaigh na hÉireann,
Complacht Chathair na
Gaillimhe,
Ó Bhealtaine go Deireadh
Fómhair 1914
Bunaíodh Óglaigh na hÉireann an 25 Samhain 1913
ag cruinniú poiblí a eagraíodh sa Rotunda i mBaile
Átha Cliath. Orthu sin a bhunaigh na hÓglaigh,
bhí an tOllamh Eoin Mac Néill agus Ua Rathghaille,
comhalta de choiste stiúrtha Chonradh na Gaeilge.
Bunaíodh Complacht na Gaillimhe míonna beaga
ina dhiaidh sin tar éis do Eoin Mac Néill, Ruairí Mac
Easmuinn agus daoine nach iad labhairt ag cruinniú
i Halla an Bhaile i mí na Nollag 1913.
Faoi mhí Iúil 1914, bhí 160,000 duine sna hÓglaigh,
agus meon míleatachais ag teacht chun cinn in
Éirinn ó aimsir Bhille an Rialtais Dúchais 1912, ar
chuir na hAontachtóirí i gCúige Uladh go mór ina
aghaidh.
Is le Comhairle Chontae na
Gaillimhe an cóipcheart
maidir leis na híomhánna agus
an téacs uile.
Óglaigh na hÉireann,
Complacht Chathair na
Gaillimhe
Ionas nach ligtear i
ndearmad...
“Is ceart onóir a thabhairt dóibh sin a
bhí sna hÓglaigh i dtosach báire ar mó ná
iad féin agus a saol féin a bhí i gceist acu, a
raibh Gaelachas i gceist acu seachas a leas
féin amháin. Arm de chuid na ndaoine a
bhí ann, daoine a raibh misneach acu éirí
amach agus an tsúil a bhí ag na glúnta a
chuaigh rompu le saoirse a thabhairt i
gcrích, fir agus mná a raibh gach rún acu
an fhreagracht a chur díobh a chonacthas
dóibh a bheith orthu i leith na nglúnta a
thiocfadh ina ndiaidh".
An tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ag an Searmanas
Stáit mar chomóradh ar Chéad Bliain ó Bunaíodh Óglaigh na hÉireann, Na
Gairdíní Cuimhneacháin, Baile Átha Cliath, an 24
Samhain 2013.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Comhairle Cheantar Tuaithe an Ghoirt, Miontuairiscí, G01/10/12, lth.
110, an 7 Márta 1914
‘Aontaíodh : Gur oth linn a thabhairt faoi deara an drogall atá ar mhuintir an
Ghoirt maidir le Brainse de na hÓglaigh Náisiúnta a chur ar bun i bhfianaise an
sampla atá tugtha dóibh ag bailte eile sa chontae agus an tábhacht mór atá leis an
nGluaiseacht’.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Miontuairiscí na Complachta maidir le comhdháil a eagrú ar an 15
Bealtaine, i Halla an Bhaile, an 4 Bealtaine 1914, GS01/03
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Miontuairiscí Choimisinéirí Baile Thuama, an 2 Meitheamh 1914, TTC/1/4, lth. 927.
“Gurb é ár dtuairim, mar gheall ar chúrsaí polaitíochta le gairid, agus go háirithe meon an airm
maidir le Ceist Chúige Uladh, go bhfuil sé in am gach dícheall a dhéanamh Fórsa Óglaigh na
hÉireann a eagrú i ngach paróiste in Éirinn. Táthar cinnte go gcruthódh fórsa den sórt sin, agus
iad faoi cheannaireacht stuama dhaoine ina mbeadh muinín ag ár gceannaire dochloíte, an tUasal
Seán Mac Réamoinn, don domhan mór go bhfuil macra Éireann réidh chun a gcion a dhéanamh ag
cosaint a n-áit chónaithe agus a gcuid saoirse, agus más gá sin, a gcuid comhghleacaithe i measc
Náisiúntóirí Chúige Uladh a chosaint ar a maslú nó a n-ionsaí".
D'aontaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cheantar Tuaithe na Gaillimhe an rún
seo chomh maith, (G01/2, lth. 529 agus G01/9/3, lth. 523).
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Thomas Hynes, cuntas ar bhunú na nÓglach i nGaillimh. An Chartlann Mhíleata, Bailiúchán Bhiúró na Staire Míleata 1913-1921, ráiteas ó fhinné 714.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Miontuairiscí chruinniú de chuid na Complachta le liosta díobh siúd a
bhí i láthair agus de na daoine a ceapadh i bpoist éagsúla, an 22 Bealtaine
1914, GS01/03.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Cárta ballraíochta Óglaigh na hÉireann mar a bhí ag an Dr Walsh, Sráid
Dhoiminic, Rúnaí Chomplacht na Gaillimhe, a chláraigh le hÓglaigh na
hÉireann an 21 Meitheamh 1914, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Cárta ballraíochta Óglaigh na hÉireann ar a leagtar amach
aidhmeanna na heagraíochta, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Achainí ag iarraidh síntiús chun trealamh saighdiúireachta a fháil don
600 Óglach i nGaillimh, Iúil 1914, GS13/02.
.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Mionsonraí faoi shíntiúis a tugadh nó a gealladh, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Rún ag dearbhú gur toghadh an tUasal Cusack ina Chaptaen Onórach
ar an gComplacht, an 3 Iúil Bealtaine 1914, GS01/03.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Mionsonraí faoi na hóglaigh a ceapadh ar fud ceithre bharda na Cathrach
chun airgead a bhailiú d'airm do na hÓglaigh, an 3 Iúil Bealtaine1914,
GS01/3.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir ón gCoir. Maurice Moore, Príomhchigire, Óglaigh na hÉireann chuig Complacht Chathair na Gaillimhe, an 25 Lúnasa 1914, GS13/02.
Bhí Maurice Moore (1854-1939), deartháir le George Moore as Muc-chluain nó Moorehall, Co. Mhaigh Eo, ina údar, ina shaighdiúir agus ina pholaiteoir. Bhí sé in Arm na Breataine (1874-1906) agus ina dhiaidh sin ar choiste sealadach Óglaigh na hÉireann. Chaith sé cuid mhór den bhliain 1914 ag eagrú na n-óglach ar fud na hÉireann. Thaobhaigh sé go drogallach le Mac
Réamoinn a theacht i gceannas ar na hÓglaigh agus bhí sé, i ndeireadh báire, ina cheannaire ar na hÓglaigh Náisiúnta nuair a scoilt na hÓglaigh.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir i bpeannaireacht Liam Uí
Mhaoilíosa, Rúnaí Cúnta,
Ceanncheathrú na nÓglach, chuig
Complacht Chathair na Gaillimhe
maidir le 'costais a bhaineann le
cuairt Phádraig Mhic Piarais ar an
gcathair le gairid a íoc', an 30
Lúnasa 1914, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Síniúchán Liam Uí Mhaoilíosa, GS13/02.
Bhí Liam Ó Maoilíosa (1892-1922) i mBráithreachas na Poblachta agus ina eagraí ag
Óglaigh na hÉireann i nGaillimh. I rith Sheachtain na Cásca, bhí sé i gceannas ar thart ar
700 Óglach a thug faoi bheairicí an RIC in Órán Mór agus i nDroichead an Chláirín a ionsaí
agus a ghlac seilbh ar Bhaile Átha an Rí.
Féach mar shampla www.historyireland.com/20th-century-contemporary-history/liam-
mellows-and-the-irish-revolution/
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir ó Óglaigh na hÉireann, ón gCeanncheathrú, 41 Sráid
Chill Dara, Baile Átha Cliath, sínithe ag Ó Maoilíosa, chuig
Complacht na Gaillimhe, an 1 Meán Fómhair 1914, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir ó Luke Duffy chuig Michael Allen, Rúnaí Onórach, maidir lena
ndearna na tÓglach Singil William George Fogarty, an 12 Meán
Fómhair 1914, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir ó Óglaigh na hÉireann, ón gCeanncheathrú, le síniúchán
carbóin Eoin Mhic Néill agus Laurence J Kettle, agus le
ceannlitreacha Uí Mhaoilíosa, chuig Allen agus Walsh, Rúnaithe
Onóracha Chomplacht Chathair na Gaillimhe, an 14 Meán Fómhair
1914, GS13/02.
Bhí Eoin Mac Néill (1867- 1945) ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus ina Cheann Foirne ar Óglaigh na hÉireann a cuireadh ar bun sa bhliain 1913. Chuir sé ar ceal na horduithe a d'eisigh Comhairle Mhíleata Bhráithreachas na Poblachta do na hÓglaigh dul ar inlíocht Domhnach Cásca 1916 nuair a fuair sé amach gur orduithe ceilte maidir leis an Éirí Amach a bhí iontu.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir ó Chomplacht Chathair na Gaillimhe go dtí an
Ceanncheathrú ag ordú 20 raidhfil den chineál Lee
Enfield, an 17 Meán Fómhair 1914, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir ó Fogarty chuig Rúnaithe Chomplacht
Chathair na Gaillimhe ina seasann sé lena raibh
déanta aige ag scríobh chuig na nuachtáin, an 18
Meán Fómhair 1914, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Bhí an tUasal Fogarty (fuair bás i 1927) ina chuntasóir le Comhairle Chontae na
Gaillimhe agus ina Rúnaí ar an gComhairle 1925-1927. GC/CSO/1, Connacht
Tribune, an 7 Eanáir 1927
Rún trínar caitheadh Fogarty amach as na hÓglaigh,
[an 21 Meán Fómhair 1914], GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Sliocht as ciorclán clóscríofa a d'eisigh an Coiste Sealadach a cheanncheathrú ag cur
in aghaidh ghairm scoile Mhic Réamoinn an 20 Meán Fómhair 1914 ag iarraidh ar na
hÓglaigh seasamh le cúis na gComhghuaillithe i rith an Chéad Chogadh Domhanda.
Mhol an Coiste comhdháil a eagrú 'chun Forógra na heagraíochta a athdheimhniú'
agus, chomh maith leis sin, 'Chun a dhearbhú nach féidir le hÉirinn, ó thaobh onóra
ná sábháilteachta, páirt a ghlacadh in aighneas thar lear ach amháin trí bheart
neamhspleách ag Rialtas Náisiúnta de chuid na tíre féin'. Diúltaítear freisin an
tUasal Mac Réamoinn a bheith i dteideal 'pháirt ar bith i rith ná i stiúradh
eagraíocht Óglaigh na hÉireann'.
an 24 Meán Fómhair 1914, GS13/02.
D'fhan mórchuid mhór na nÓglach dílis do Mhac Réamoinn, rud a d'fhág 142,000
acu sna hÓglaigh Náisiúnta (mar a tugadh ina dhiaidh sin ar na hÓglaigh a sheas le
Mac Réamoinn), agus líon ba lú ná 10,000 in Óglaigh na hÉireann.
Tús le deighilt idir na hÓglaigh
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Sleachta as dréacht de fhorógra a
d'ullmhaigh Óglaigh na Gaillimhe ag
éileamh ar óglaigh cloí leis na
haidhmeanna a bhí ag an eagraíocht
i dtosach báire, [Deireadh Fómhair]
1914, GS01/03.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Litir ó dhaoine de Chomplacht
Chathair na Gaillimhe chuig
Máirtín Mac Donncha,
Cathaoirleach Óglaigh Chathair na
Gaillimhe, ag taobhú le Forógra
Mhic Réamoinn, an 5 Deireadh
Fómhair 1914, GS13/02.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
John Hosty, cuntas ar an deighilt i measc Óglaigh na Gaillimhe. An Chartlann Mhíleata, Bailiúchán Bhiúró na Staire Míleata 1913-1921, ráiteas ó fhinné 373.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Mana na nÓglach i dtús ama, GS01/03.
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Ainm Seoladh Rang Nótaí Breise Naisc:
Féach mar shampla Ar son I gcoinne
Allen,
Michael
Seantalamh,
Gaillimh
Rúnaí Onóra
ch
Ina aturnae ina dhiaidh
in éineacht le
McDermott & Allen,
Sráid Naomh Phroinsias
P
Carter,
Séamus
(James)
Rúnaí D'oibríodh leis an
gComhairle Chontae i
dTeach na Cúirte
P
Cusack, An
Dr Brian
Captaen On
órach
Duffy, Luke Ina Sheanadóir tráth ab
fhaide anonn P
Duggan,
James
(Séamus
Bán)
22 An Bóthar Mór,
Gaillimh.
Dara Leift. Comp. Bhaile
Chláir,
An Chéad Chathlán,
Briogáid na Gaillimhe,
Arm na Poblachta 1921.
P
www.bureauofmilitaryhistor
y.ie/reels/bmh/BMH.WS087
5.pdf#page=1
Flanagan,
Tom P
www.bureauofmilitaryhistor
y.ie/reels/bmh/BMH.WS071
4.pdf#page=1
Flathery, W. P
Fogarty, W.
G.
Plás Devon,
Gaillimh
1901?-1925 Cuntasóir,
Comhairle Chontae na
Gaillimhe, 1925-1927 –
Rúnaí an Chontae.
Fuair bás 1927
P
Hardiman,
Frank
Halla an Bhaile,
Gaillimh,
Cisteoir Duine de Bhráithreachas
na Poblachta, Sean
McDermott a chuir faoi
mhionn ag dul isteach sa
IV
P
www.bureauofmilitaryhistor
y.ie/reels/bmh/BMH.WS040
6.pdf#page=1
Hosty, John “Faitma”, Bóthar
Sheantalaimh
Duine de Bhráithreachas
na Poblachta, Sean
McDermott a chuir faoi
mhionn ag dul isteach sa
IV
P
www.bureauofmilitaryhistor
y.ie/reels/bmh/BMH.WS037
3.pdf#page=16
Mionsonraí chuid d’Óglaigh na hÉireann Chomplacht Chathair na Gaillimhe (IV)
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Ainm Seoladh Rang Nótaí Breise
Réamonnach
Naisc
Ar son I
gcoinne
Hynes, Thomas Kilcullen,
Bóthar an
Chaisleáin Nua,
Gaillimh
IV, Máistir
Ceathrún,
Briogáid na
Gaillimhe, 1920
Duine de
Bhráithreachas na
Poblachta P
www.bureauofmilitaryhistory.ie
/reels/bmh/BMH.WS0714.pdf#
page=25: féach freisin Comhaid
Pinsin 24SP2588 @
www.militaryarchives.ie
Loftus, P. P
Mac
Donnchadha,
Máirtín Mór
Martin
McDonagh
Trádálaí Cisteoir,
Complacht
Chathair na
Gaillimhe
P
McDonnell, P.S. Aturnae P
Nicolls,
George?
Seoirse Mac
Niocaill
Uachtarán ar IV
na Gaillimhe,
Ceannaire
Lárionaid ag
Bráithreachas
na Poblachta
Aturnae in Oifig
G. C. Conroy
P
Féach comhaid Pinsin sa
Chartlann Mhíleata @
www.militaryarchives.ie
O’Dowd P
O’Neill, John
Patrick P
Pringle, James P
Redington,
Martin P
Usher, Patrick P
Walsh, An Dr Rúnaí Chompla
cht na
Gaillimhe, IV
P
Walsh, Michael Old Malt, An
tSráid Ard
Comhalta ar
Chomhairle
Cheantair Uirbigh
na Gaillimhe
Chaith na
Dubhchrónaigh é
Deireadh Fómhair
1920
P
Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe
Galway County Council, Archives
Foinsí • Biúró na Staire Míleata 1913-1921 Bailiúchán an Bhiúró sa Chartlann Mhíleata,
www.bureauofmilitaryhistory.ie
• www.easter1916.ie
(Feidhmchlár digiteach maidir leis an oidhreacht chultúir faoi Éirí Amach na Cásca ar
tionscnamh é a bhain leis an gcéim MSc sna Meáin Dhigiteacha Fheidhmeacha i gColáiste
Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath)
• Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe,
▫ Comhairle Chontae na Gaillimhe, Leabhar gearrthóg as nuachtáin, GS/CSO/1
▫ Comhairle Cheantar Tuaithe an Ghoirt, G01/12
▫ Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe: Comhad, 1914
▫ Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe: Miontuairiscí, 1914
▫ Coimisinéirí Baile Thuama, Miontuairiscí, TTC/1/
• Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata, www.militaryarchives.ie/collections/online-
collections/military-service-pensions-collection
• Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, taispeántas ar líne The 1916 Rising: Personalities and
Perspectives, www.nli.ie/1916
• 'President Higgins pays tribute to those who died for Irish freedom', RTE News, Dé Luain,
an 25 Samhain 2013, www.rte.ie/news/2013/1124/488741-state-commemorates-irish-
volunteers-centenary/ ceadaíodh mí na Nollag 2013)