gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

88
Gníomhaíochtaí Tánaisteacha Eacnamaíocha Secondary Economic Activities

Upload: sam-shortall

Post on 22-Mar-2017

40 views

Category:

Education


6 download

TRANSCRIPT

Page 1: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Gníomhaíochtaí Tánaisteacha Eacnamaíocha

Secondary Economic Activities

Page 2: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Gníomhaíochtaí tánaisteacha: Amhábhair ón domhan a aistriú go táirgí nua. Déantúsaíocht (manufacturing) a thugtar air seo.

I ngach gníomhaíocht tánaisteach, bíonn ionchur (input), próiséas (process) agus aschur (output).

Page 3: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ionchuir, Próisis agus Aschuir

I ngach córas bíonn ionchur, próiséas agus aschur.1. Ionchur – Na nithe roimh an déantúsaíocht nach

bhfuil athrú tagtha orthu go fóil.2. Próisis – Na rudaí a dhéanaimid chun na

hionchuir a aistriú go táirgí leath-chríochnaithe nó táirgí críochnaithe.

3. Aschuir – Na táirgí a bhíonn againn ag deireadh an phróiseáil.

Page 4: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ionchuir, Próisis agus

Aschuir

Page 5: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Achoimre• Córas is ea an mhonarca a

mbíonn ionchur, próisis agus aschur ag baint léi.

Page 6: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Suíomh na monarchanBraitheann suíomh

na monarchan ar roinnt cúinsí: Ábhair acmhainne Áiseanna iompair Lucht oibre Seirbhísí

Caipiteal Margaí Polasaí an Rialtais Polasaí an AE

Page 7: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Braitheann suíomh na monarchan ar roinnt cúinsí…

Ábhair acmhainne: Seo na hamhábhair, na hábhair leathchríochnaithe agus na comábhair a úsaidtear chun táirge a dhéanamh.

Áiseanna iompair: Bóithre maithe (cuarbhóithre uaireanta), iarnród agus uaireanta in aice le calafort.

Lucht oibre: Muna bhfuil lucht oibre maith ann, ní lonnófar monarchain ann. Seo an chúis a bhfuil monarchain go leor i mBÁC, i nGaillimh, i gCorcaigh agus i Luimneach (Cóláistí Tríú Leibhéal).

Page 8: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Braitheann suíomh na monarchan ar roinnt cúinsí…

Seirbhísí: Tá leictreachas, uisce agus seirbhísí teileachumarsáide (leathanbhanda) ag teastáil ó monarchain.

Caipiteal: Airgead chun talamh a cheannach. Teastaíonn sé ó ghnó chun an monarcha a thógáil agus chun innealra a cheannach. Is ea is iontaofaí atá do ghnólacht, is ea is mó an seans go bhfaighidh tú an caipiteal.

Margaí: Lonnaíonn monarchain in aice le bailte margaidh mar uaireanta bíonn táirgí níos mó i ndiaidh próiseáil. Ní bheidh orthu an oiread taistil a dhéanamh dá thoradh.

Page 9: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha
Page 10: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Nithe a mbíonn tionchar acu ar shuíomh monarchan Polasaí an Rialtais/an AE: Déanann rialtais go

leor nithe chun iarracht a dhéanamh comhlachtaí a mhealladh chun na tíre.

Tugann Rialtas na hÉireann deontais (grants) do chomhlachtaí a lonnaíonn in Éirinn.

Chomh maith leis sin, tá ráta cánach corparáideach an-íseal again.

D’fhéadfaidís freisin, monarchain a thógail do chuideachtaí agus airgead a íoc do na hoibrithe.

Page 11: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Lonnaíonn comhlachtaí Meiriceánacha in Éirinn de bharr go bhfuil Éire mar ball den Aontas Eorpach

Page 12: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Click icon to add picture1. Tionscal

éadrom2. Tionscal

trom3. Tionscal gan

chuing (footloose industry)

Cineálacha

tionscail

Page 13: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Cás-staidéar 1: Intel Ireland LtdTionscal Éadrom (Light Industry)

Page 14: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

INTEL IRELAND LTD(Tionscal éadrom)

Laithreán úrnua i Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.

Cóngarach don M4. Tá fáil ar Aerfort BÁC go héásca ar an M50.

Láithreán úrnua: Talamh faoin tuath, úsáidte do thalmhaíocht nó a bhí fágtha mar a bhí (go nádúrtha).

Sampla is ea Intel de thionscal éadrom in Éirinn – déantar táirgí atá beag, iniompartha agus éadrom, m.sh fearais leictreacha agus táirgí sláinte.

Page 15: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Cad a dhéanann Intel? Micrishliseanna (microchips) do thionscal na

ríomhaireachta. 2008: 5,000 duine fostaithe i monarchan Intel. Cén tábhacht a bhaineann le Intel Ireland?

Tábhacht do gheilleagar na hÉireann – fostaíocht agus cúrsaí easportála.

Page 16: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

An raibh a fhios agat?.... Is é an

monarchan Intel in Éirinn an cheann is mó, seachas an cheann sna Stáit Aontaithe Mheiriceá.

INTEL CELERON

Page 17: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Cén fáth ar bunaíodh Intel i Léim an Bhradáin?

1. Margaí: Inrochtaineacht easportála san AE, sa Mheánoirthear agus san Afraic.

2. Polasaí an Rialtais: Thug Rialtas na hÉireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail (an IDA – Industrial Development Authority) deontais chuig Intel le lonnú ann sa bhliain 1989.

3. Iompar: Aerfoirt (BÁC) agus bóithre (an M50 agus an M4) cóngarach don monarchan chun micrishliseanna a easportáil.

4. Caighdeán na n-oibrithe: Déantóirí ardteicneolaíochta a theastaíonn in Intel – ollscoileanna eolaíochta i mBÁC a chuireann é sin ar fáil do scoláirí.

Page 18: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Déantúsaíocht ardteicneolaíochta:

Tionscal a bhraitheann go mór ar nithe a fhaightear amach i saotharlanna faoin eolaíocht agus an teicneolaíocht.

Page 19: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ionchuir, próisis agus aschuir in Intel

Ionchuir: Sileacain (déantar micrishliseanna orthu), meaisíní (micrishliseanna a chur le chéile), oibrithe agus seomraí íonghlana (clean rooms).

Próisis: Os cionn 300 céim próiseála ag sraitheanna tanaí sileacain. Cruthaítear na céadta milliún trasraitheoirí (transistors) ar

dhromchla an sileacain – micri-teicneolaíocht a thugtar air mar gheall ar na toisí beaga.

Tástáiltear agus pacáiltear na micrishliseanna ansin.Aschuir: Na táirgí deiridh = micrishliseanna do na ríomhairí.

Page 20: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Cás-staidéar 2: RUSAL AughinishTionscal trom (Heavy industry)

Page 21: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

RUSAL Aughinish Lonnaithe ar Eachinis, 28km síos ó chathair Luimnigh. Scaglann alúmana (alumina refinery)

a bhaineann alúmana ó bhaicsít. Táirge leathchríochnaithe a bhíonn in alúmana.

Easportáiltear an t-alúmana chuig bruithneoirí sa UK agus bruithníonn siad go alúmanam é.

Comhlacht ó Cheanada (Alcan) a dhear tionscadal Eachinse sna 1970í.

Is le comhlacht Rúiseach, RUSAL, an mhonarcha anois.

Page 22: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

RUSAL Aughinish mar chóras a mbaineann ionchur, próisis agus aschur leis.

Ionchur Próiséas AschurBáicsít

FuinneamhObair

Cothabháil

Scagtar an t-alumna ón mbáicsít

trí phróiseas ceimiceach

Alúmana

Dríodair ruaimneach

Page 23: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Na cúiseanna gur lonnaigh an scaglann ann1. Suíomh atá mór go leor chun an obair a

dhéanamh agus chun fuíoll a stórail (4km2) agus atá cóngarach don fharraige chun easportáil a dhéanamh (An Afraic Thiar go príomha).

2. Iompar: Tá builciompróirí ábalta a lastais mhóra a iompar mar gheall ar an uisce domhain in Inbhear na Sionainne (22 méadar).

Page 24: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Polasaí an Rialtais

Click icon to add picture•Acmhainn iontach náisiúnta is ea Inbhear na Sionainne.

•Shannon Development – freagrach as forbairt eacnamaíoch sa réigiún.

•Feidhmíonn an scaglann le Ceadúnas um Rialú Comhtháite ar Thruailliú a d’eisigh an EPA.

•Rialaíonn an ceadúnas na hastuithe ar fad ón mhonarca.

Page 25: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Lucht Oibre

• Postanna do 700 duine a chónaíonn i mbailte cóngarach dó ar nós Eas Géitine, Faing agus Caisleán Nua.

Page 26: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Seirbhísí Is iad na

seirbhísí atá riachtanach do RUSAL Aughinish ná: Uisce Teileachumar

sáid Leictreachas

Is é RUSAL Aug. ceann de na custaiméirí is mó atá ag an BSL.

Page 27: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Triantán Déantúsaíochta na Sionainne agus Luimneach

Page 28: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha
Page 29: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha
Page 30: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscal gan chuing

Gnóthaí déantúsaíochta ar féidir leo lonnú in áit ar bith.

Page 31: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscail gan chuing (footloose industry)Inniu, is féidir le tionscail lonnú in áit ar bith, ach níl sé seo mar a bhí fadó:Réabhlóid Thionsclaíoch: 1780í – Iarann, cruach,

teicstílí agus innealtóireacht. Bhí na tionscail throma (cruach + iarann) agus na

tionscail theicstíle nasctha le gualcheantair sa Bheilg, san Fhrainc agus sa Ghearmáin d’fhoinsí fuinnimh.

Inniu, ní bhraitheann na tionscail ar ghualcheantar mar go bhfuil foinsí fuinnimh eile ann, seachas gual, chun na monarachana a rith.

Page 32: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Cén fáth go bhfuil tionscail gan chuing sa lá atá inniu ann?

1. Spreagann an IDA (Industrial Development Authority) tionscail éadroma, chun monarchana a bhunú i mbailte beaga.

2. Fáil ar leictreachas go forleathan ar fud na tíre, seachas gual.

3. Córas iontach iompair (bóithre + iarnróid) chun na hábhair a iompar chuig monarchana.

4. Is féidir táirgí le meáchan íseal a scaipeadh chuig margaí, ar chostas íseal.

5. Is féidir le daoine taisteal níos faide mar tá carranna acu.6. Mealltar tionscail gan chuing chuig áiteanna le cuarbhóithre, ar

nós BÁC.

Page 33: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha
Page 34: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Oibrithe le scileanna ard

ag teastáilLonnaíonn siad in

áiteanna le naisc iompair ar ardchaighdeán

Ní tharlaíonn truailliú dá bharr

Cóngarach do thionscail cosúil chun smaointí a mhalartú

Meallann siad imircigh le scileanna chun

frithuirbiú a dhéanamh

Tá aer ghlan ag teastáil ó thionscail

leictreonacha

I dtimpeallacht glan

Úsáideann siad trealamh éadromBíonn na táirgí

deiridh beag agus éasca le n-iomparFaigheann siad

cumhacht ó leictreachas

Tréithe de thionscail

gan chuing

Page 35: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Athrú ar shuíomhanna tionsclaíocha Athraíonn an tábhacht a bhaineann le

suíomhanna, de réir a chéile agus leis sin, bíonn athrú i gceist maidir le pátrúin dáiliúcháin freisin.

Uaireanta tarlaíonn meath tionsclaíoch (industrial decline) i réigiúin áirithe.

Uaireanta freisin, tarlaíonn táimhe thionsclaíoch (industrial inertia) i réigiúin áirithe. Sé sin go bhfanann monarcha san áit ar lonnaíodh í ar dtús ach nach bhfuil an tábhacht chéanna leis an suíomh sin is a bhí ar dtús.

Page 36: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscal an iarainn agus na cruach sa Bhreatain

Suíomh tionsclaíoch: Athrú le himeacht ama

Page 37: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Smaoinigh Click icon to add pictureLiostaigh cúpla

samplaí d’ionchuir, de phróisisí agus d’aschuir i dtionscal an iarainn agus i dtionscal an chruach.

Page 38: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ionchuir – Amhiarann (iron ore)Próisis: Leáitear an amhiarann ina chruach leachtach

agus múnlaítear é ansin i mbarraí agus i leatháin (sheets).Aschuir – Díoltar na barraí agus na leatháin chuig

comhlachtaí innealtóireachta agus déanann siad sceanra (cutlery), caranna agus táirgí chruach as.

Page 39: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscal iarainn agus cruach na Breataine

Sna luath-1700í, thosaigh an Bhreatain ag forbairt a thionscal iarainn agus cruach.

Bhí go leor amhiarann agus gual ag an mBreatain. Ba iad siúd na hamhábhair a d’úsaideadh chun iarann agus cruach a dhéanamh.

Tógadh na muilte cruacha cóngarach do na gualcheantair, mar gur ábhar trom é an gual agus bhí sé mar an príomhchomhábhar i ndéantús iarainn agus cruach.

Tharla an-dul chun cinn sa Bhreatain i rith an Réabhlóid Thionsclaíoch de bharr na hamhábhair a bhí aici.

D’úsaidtí an cruach chun iarnróid, traenacha, innill, longa, monarchana, meaisíní agus uirlisí troda.

Page 40: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscail an iarainn agus na cruach sa Bhreatain

1. Roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch

Tógadh na monarchana iarainn cóngarach d’fhoraoisí. M.sh foraois Dean, cóngarach do Bristol

Chuir foraoisí na hacmhainní seo ar fáil:▪ Carraigeacha aitiúla – go leor iarann iontu▪ Admhad – bhí tú in ann gualach (charcoal) a fháil uathu. ▪ Aibhneacha – Uisce óil agus feidhm iompair chomh maith.

Page 41: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscail an iarainn agus na cruach sa Bhreatain

2. 1800: Bhí an chuid ba mhó de na foraoisí seo gearrtha síos agus fuaireadar foinse cumhachta nua…

GUAL (COAL)!Tógadh monarchana nua

cóngarach do mhianaigh ghuail na Breataine. M.sh Yorkshire agus sa Bhreatain Bheag.

Page 42: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscail an iarainn agus na cruach sa Bhreatain3. Ó 1960 ar aghaidh - Bhí na tionscail iarainn agus cruach

suite ar an gcósta. Cén foinse fuinnimh a bhí á úsáid anois? Tharla meath tionsclaíoch sna gualcheantair agus bhog

siad chuig láthair ar an gcósta, m.sh Port Talbot.▪ Cén fáth?

▪ Ní raibh aon gual ná iarann fágtha sna mianaigh.▪ Bhí ola éifeachtúil ná gual nó iarann.▪ Bhí gual, amhiarann agus oil á n-iomportáil ar an bhfarraige isteach sa Bhreatain agus dá bhrí sin, b’fhurasta a bheith cóngarach don cósta.

Page 43: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Céim I, 18ú aois

Céim II, 19ú aois agus luath san 20ú aois

Céim III, 1960 ar aghaidh

Fás Léibheann MeathFíor 12.13 Fás, léibheann agus meath maidir le tionscal an iarainn agus na cruaiche sa Bhreatain.

Page 44: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

GualcheantairAmhiarann Oibreacha cruach & iarainn

Tionscal an iarainn agus na cruaiche sa Bhreatain sna 1950í

Page 45: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tionscal an iarainn agus na cruaiche sa Bhreatain sa lá atá inniu ann

GualcheantairAmhiarann Oibreacha cruach Críochfoirt

iarnmhian

Page 46: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Meath tionscail an ghuail Bhí tionscal an ghuail go maith i 1913 nuair a bhí os

cionn 2500 mianaigh ghuail sa Bhreatain. In 1913 d’iompar iarnróid os cionn 226 tonna de ghual.

In 1947, bhí os cionn 450 mianaigh dhomhain ann. Tosaíodh ag dúnadh na mianaigh ghuail sna 1960í, mar nach raibh móran de fágtha.

Bhí fáil níos mó ar ola agus gás sna 60í agus sna 70í agus laghdaigh an éileamh a bhí ar ghual dá bharr.

Faoin mbliain 1995, bhí níos lú ná 30 mianaigh (2 mianaigh ghuail dhomhain) fágtha sa Bhreatain.

Page 47: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Oibrithe cruaiche sna 1930í

Page 48: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Mianadóireacht d’amhiarann inniu

Page 49: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Muilte nua-aimseartha

Page 50: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ról na mBan i dtioscail

Page 51: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

• Céad bliain ó shin, bhí ról an-difriúil ag na mná in Éirinn i gcomparáid leis an ról atá acu sa lá atá inniu ann.

• Ag an am sin, sochaí talamhaíochta ab ea Éire.• Mná nasctha leis na róil tradisúinta. • Beanchéile, máthair• Ní mórán bean a d’oibrigh taobh amuigh den

baile.

Page 52: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Sa lá atá inniu ann

• Athruithe móra:– Oideachas dara leibhéal saor in aisce in

1967.– Anois téann níos mó cailíní ar aghaidh

chuig oideachas tríú leibhéal. – Dlíthe maidir le comhionannas inscne– Réimse leathan postanna.– Beirt sa teaghlach ag obair chun morgáiste

an íoc

Page 53: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Deacrachtaí do mhná

Page 54: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tá méadú an–mhór tagtha ar an líon ban atá ag obair in Éirinn le roinnt blianta anuas

Mná ag obair0

100,000

200,000

300,000

400,000

500,000

600,000

700,000

800,000

900,000

1,000,000

19712006

Page 55: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

An lucht oibre in Éirinn sa bhliain 2005

Fir 58.2%

Mná 41.8% Fir

Mná

Page 56: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Cothromaíocht idir an teaghlach agus an obair

• Uaireanta tá sé deacair ag mná freastal ar obair agus ar a dteaghlach.

• Déanann roinnt ban an cinneadh dul ag obair go páirtaimseartha nó sos gairme a thógáil chun aire a thabhairt dá gclann.

Page 57: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Mná mar chuid den lucht oibre sa Rúis:

Tír atá i mbéal forbartha

Page 58: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

An Rúis

• 1917: Bhí reabhlóid sa Rúis. Ba í an chéad tír Chumannach (Communist) ar domhan í.

Page 59: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Roimh an reabhlóid• Ní raibh go leor céarta ag mná. Bhí na fir amháin

ag obair.• Ní raibh go leor oideachas acu.• Ní raibh mórán ban ag obair san earnáil

thionsclaíoch.

Page 60: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ó 1917-1991

• Thug an rialtas Cumannach na cearta céanna do fir agus mná

• Bhí comhionannas idir fir agus mná ó thaobh oideachas de.

• Bhí ceart ag gach bean - agus ag gach fear - ar phost.

Page 61: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

ACH...• Ní raibh an pá céanna acu (70% níos lú ag mná)• Níos mó fear fostaithe mar bhainisteoirí• Bhí dhá ualach oibre ag na mná (san

monarchan agus sa mbaile)• Síleadh i gcónaí gurb iad na mná na feighlithe

leanaí nádúrtha (natural childminders)

Page 62: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ó 1991 ar aghaidh – tuilleadh athruithe

• Thit an corás Cumannach sa Rúis as a chéile.• Thosaigh cuid de na tionscail ag meath. • Ní raibh áiseanna cúraim leanaí ar fáil.• Bhí deireadh leis an saoire fhada

mháithreachais.• Mhéadaigh an dífhostaíocht.• Mhéadaigh an difear pá.

Page 63: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Déantúsaíocht ar fud an domhain

Page 64: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Forbairt thionsclaíoch

1. Réigiúin thionsclaithe2. Réigiúin nuathionsclaithe3. Réigiúin atá ag teacht chun cinn mar cheantair

thionsclaíocha

Page 65: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tíortha tionsclaitheTíortha nuathionsclaitheTíortha atá ag teacht chun cinn mar cheantair thionsclaíocha

Page 66: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Réigiúin thionsclaithe• Thosaigh an Réabhlóid Thionsclaíoch sa Bhreatain thart ar an

mbliain 1780 agus ansin scaip sé amach chuig an Eoraip.• Faoin mbliain 1900, bhí SAM agus an tSeapáin ag tionsclú go

tapa.• Inniu, tá an lámh in uachtar ag SAM, ag Iarthar na hEorpa agus

an tSeapáin maidir le déantúsaíocht ar fud an domhain.• É sin ráite, níl réigiúin eile taobh thiar díobh mar gh bhfuil

comhlachtaí ilnáisiúnta ag bogadh a monarchana chuig an Áise agus chuig Meiriceá Laidineach don saothair níós saoire.

Page 67: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha
Page 68: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tíortha nuathionsclaithe• Tá na tíortha seo, go príomha san Áise

Thoir Theas, ar nós an Téaváin, an Chóiré Theas, Singeapór agus an tSín. Samplaí eile ná Meisciseó & an Bhrasaíl.

• De bharr go bhfuil costas saothair (labour) níos ísle sna tíortha seo, go bhfuil níos mó corpráidí ilnáisiúnta ag cur táirgí ar fáil do na tíortha seo.

• Déantar go leor earraí ar nós brógaí, éadaí agus gléasanna leictreonacha sna tíortha seo.

Fíor 12.19 Sa lá atá inniu ann, caitheann déagóirí, atá in Éirinn, earraí a dhéantar sa tSín. Féach ar na lipéid atá ar do chuid éadaí féin.

Fáinní cluaise

Seaicéad

Jíons

Bróga reathaStocaí

Crios

iPodT-léine

Page 69: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Réigiúin Nuathionsclaithe

Page 70: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Réigiúin atá ag teacht chun cinn mar cheantair thionsclaíocha

Page 71: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

An t-aschur déantúsaíochta sa domhan forbartha agus sa domhan i mbéal forbartha i mblianta áirithe

Page 72: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Réigiúin atá ag teacht chun cinn mar cheantair thionsclaíocha

• Bíonn fíorbheagán déantúsaíocht ag dul ar aghaidh i réigiúin atá ag teacht chun cinn mar cheantair thionsclaíocha. M.sh An Afraic, An Áise agus Meiriceá Theas.

• Cúiseanna leis seo ná:– Drochsheirbhísí; easpa leictreachais & easpa uisce.– Córas iompair neamhfhorbartha; bóithre, iarnróid ar

caighdeán íseal.– Cogadh; ní bhíonn comhlachtaí ag iarraidh lonnú in áiteanna a

mbíonn cogaí cathartha ann. Sampla ná an Afraic.

Page 73: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Gníomhaíocht Thionsclaíoch AGUS

An Timpeallacht

Page 74: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Báisteach Aigéadach

• Meascán d’uisce agus de gháis, ar nós dé-ocsaíd sulfair (SO2) agus ocsaíd nítrigine (NO2).

• Tá pH de 5.6 ag báisteach ar an scála pH agus faoi 4.3 ag báisteach aigéadach.

• D’fhéadfadh sé go mbeidh báisteach aigéadach chomh haigéadach le sú líomóide nó le fínéagar.

Page 75: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

An scála pH

Fínéagar 2.8

An bháisteach is aigéadaí a taifeadadh 2.0

Gnáthbháisteach 5.6

Fuil an duine 7.4.

BÁISTEACH AIGÉADACH

AIGÉADACH ALCAILEACHNEODRACH

Page 76: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Foinsí de bháisteach aigéadach

• Bruithneoirí agus stáisiúin chumhachta (breoslaí iontaise)• Gual (gás)• Innill i gcarranna agus i dtrucaillí (NO2 + SO2)

Meascann siad le bháisteach san atmaisféar agus titeann sé mar bháisteach aigéadach.

Page 77: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ocsaíd sulfair agus nítrigine

Meascann ocsaíd le huisce chun báisteach aigéadach a chruthú

Faigheann na héisc bás

Leánn sneachta agus déanann sé

damáiste don ithir agus do

chrainn

Sneachta aigéadach

Feileann an leibhéal ard aigéid do chaonaigh áirithe agus clúdaíonn siad grinneall na farraige ar fad

Page 78: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Ról na gaoithe• Ó na 1970í ar aghaidh, cuireadh simléir

arda dheataigh ar stáisiúin chumhachta mar cheap daoine gurb é an leigheas ar thruailliú ná ligean don ghaoth na gáis a scaipeadh thar achar forleathan.

• Faraor, ní tanú na ngás dochrach an leigheas a bhí air.

• Tá go leor stáisiúin chumhachta agus mar go ndéanann gach stáisiún cumhachta é sin, scaiptear na milliúin tona de gháis ó thír amháin go tír eile.

Page 79: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Torthaí ar bháisteach aigéadach• Láisteann báisteach aigéadach na cothaithigh in

ithir. Faigheann crainn bás mar thoradh air seo. Cuireann sé stop le fás barraí freisin, rud a chiallaíonn go gcaithfidh feirmeoirí níos mó leasacháin a úsáid.

• Maraíonn sé stoc éisc i lochanna mar nach bhfuil éisc in ann atáirgeadh a dhéanamh in uisce atá ró-aigéadach.

• Déanann sé dochar do chaighdeán an uisce, rud nach bhfuil go maith do shláinte an duine.

• Déanann sé damáiste do shean-fhoirgnimh chloiche, m.sh an Colasaem sa Róimh.

Page 80: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

RÉITEACH NA FAIDBHE…..

Page 81: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Truailliú a chosc:

• Úsáid níos lú a bhaint as carranna. Tiomáin níos moille ar mótarbhealaí. Úsaid iompar poiblí agus tú ag taisteal.

• Úsáid níos mó fuinneamh in-athnuaite, ar nós fuinneamh na gaoithe agus fuinneamh na gréine.

• Úsáid gás nádúrtha in ionad gual sna stáisiún cumhachta mar is breosla níos glaine é.

• Úsáid scagairí ar mheaisíní ghuail agus ola chun astuithe dé-ocsaíd sulfair a laghdú.

Page 82: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Tuairimí agus easaontais ó dhreamanna

• D’fhéadfadh tuairimí éagsúla agus easaontais teacht ó thionsclaithe agus ó dhreamanna eile

• Breathnóimid ar dhá choimhlint a d’fhéadfadh a bheith idir tionsclaithe agus dreamanna eile;

Page 83: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

1. Ag dó (loscadh/incineration)

In Éirinn, gintear thart ar thona amháin in aghaidh an duine de dhramhaíl sa bhliain.

Tá na láithreáin líonta talún á líonadh go tapa. Deir daoine áirithe gur leigheas amháin e loscadh

– an dramhaíl a dhó – ar an bhfadbh seo atá ann maidir le dramhaíl.

Tá go leor conspóide ann maidir le bheith ag dó dramhaíola.

Breathnóimid anois ar thuairimí an dá thaobh…

Page 84: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Seo atá le rá ag na daoine atá i bhfabhar a bheith ag dó

Caithfear dramhaíl a dhó mar tá na líonta talún á líonadh ró-thapa agus níl a ndóthain díobh.

Déanann gach tír eile in Iarthar na hEorpa loscadh.Deirtear nach ndéanann na loisceoirí dochar má

laimhseáiltear i gceart iad.Tá loisceoirí ábalta uisce te a shóláthar do thithe

agus d’fhoirgnimh.Tá cead pleanála faighte ón gcomhairle áitiúil agus

tá ceadúnas faighte ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil do na loisceoirí.

Page 85: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Seo atá le rá ag na daoine atá i gcoinne a bheith ag dó

Má dhéantar laghdú, athúsáid agus athchúrsáil, ní ga loscadh a dhéanamh agus beidh spás sna líonta talún.

Tá faitíos ar dhaoine go mbíonn substaintí nimhiúla atá carcanaigineach (dé-ocsaíní) á chur amach as na simléir dheataigh.

Tagann gáis an tí gloine ó loisceoirí mar is ola a úsáidtear sa chuid is mó acu mar bhreosla.

De bharr a mhéid leoraithe a bhíonn ag tiomáint chuig loisceoirí, tarlaíonn níos mó truailliú aeir (astuithe CO2).

Page 86: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Loisceoirí na

hÉireann

Page 87: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

2. Uaireanta oibre á ngiorrú

Click icon to add picture

Page 88: Gníomhaíochtaí tánaisteacha eacnamaíocha

Athrú le himeacht ama

Uaireanta oibre:• 50 bliain ó shin – 50 uair an chloig in aghaidh na

seachtaine.• Inniu – 40 uair an chloig in aghaidh na seachtaine.• 50 bliain sa todchaí – 30 uair an chloig in aghaidh na

seachtaine.Ról na gCeardchumann

D’éirigh le ceardchumainn:- Laethanta saoire bliaintiúla le híochaíocht- Saoire bhreoiteachta agus saoire mháithreachais le

híocaíocht- Saoire do thuismitheoirí- Luathscor (early retirement)

An meon a bhíonn ag úinéirí na monarchan

Ní bhíonn úinéirí buartha faoi cearta na n-oibrithe ach;- Iad féin ag fáil brábús- Dul in iomaíocht le comhlachtaí níos mó- Go ndúnfaidh an mháthairchuideachta (parent

company) a monarcha agus go n-osclóidís arís san Áise Thoir í mar go bhfuil uaireanta oibre níos faide agus pá níos lú.