ixo –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 ixo – fuist –...

30
IXO –fuist– (1987) Yoseba Peña Aistrithe ag Fidelma Ní Ghallchobhair Grianghraf clúdaigh: "Mihaela Mitrache 70's" (Ana-Maria Miron, English Wikipedia)

Upload: others

Post on 29-Jul-2020

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

IXO –fuist– (1987) Yoseba Peña

Aistrithe ag Fidelma Ní Ghallchobhair

Grianghraf clúdaigh: "Mihaela Mitrache 70's" (Ana-Maria Miron, English Wikipedia)

Page 2: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

2

IXO–fuist–(1987)

(c)OtherWords/YosebaPeña2017

Isféidiriadsiúdabhíingéibheann(agus,goginearálta,gachduinead’fhulaingcúinsíuafásacha)aroinnt,ach

corr-mhiondifríochtaáireamh,inadháchatagóir:iadsiúdad’fhaninadtostagusiadsiúdalabhairamach.Tá

cúiseannabailíagandádhream.Iadsiúdafhananninadtost,isdaoineiadafhulaingíonngodomhaintaobh

istighdíobhant-anóseo(adtabharfaidhmé‘náire’airdeghránasimplíochta);iadsiúdnachmbraitheannara

suaimhneasleoféinagusabhfuilagcréachtaífósróbheo.Aguslabhraíonnanchuideileamach,agusisminica

dhéanann siad go mion é, ar na cúinsí cearta. Agus labhraíonn siad amach toisc, ag leibhéil éagsúla

chomhfhiosachta,gon-admhaíonnsiadgobhfuilantréimhseachaithsiadsaphríosún,bíodhgomb’fhéidirgur

fadasiarí,suiteigcroílárasaoil,andáilaimríonntionchararasaolarfad,bíodhsinmaithnóolc.

PrimoLevi

Tharlaséseogoléir,abheagnóamhór.

KurtVonnegut

Page 3: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

3

olatz

Page 4: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

4

1 ⬩ Bunaíodh ETA i 1958 agus tharla roinnt scoilteanna ann in imeacht na mblianta ⬩ I 1974 scoilt sé ina dhá champa: an

campa ‘polimili’ nó campa polaitiúil míleata (ETApm, a thug tosaíocht do straitéis pholaitiúil) agus an campa ‘mili’ nó

campa míleata (ETAm, a thogair cloí leis an modh míleata) ⬩ Ó 1975 ar aghaidh, d’fhógair rialtas na Spáinne roinnt

staideanna eisceachta i gcúige Gipuzkoa i dTír na mBascach: seicphointí, cinsireacht bhreise, coinneáil agus céasadh na sluaite, agus srianadh ar ghluaiseacht daoine agus feithiclí araon, etc. ⬩ Nuair a gabhadh na polimilis Garmendia agus

Otaegi, goineadh Garmendia go dona ⬩ Gearradh pionós an bháis orthu ⬩ Tar éis don ghníomhaire Mikel Lejarza (ar a

dtugtaí an Mac Tíre) síothlú isteach san eagraíocht, ghabh agus choinnigh fórsa póilíneachta Franco thart ar chaoga

polimilis, Juan Paredes Manot (ar a dtugtaí Txiki) san áireamh ⬩

‘Thug sé chuig an halla paróiste mé ar deireadh thiar! Ón uair a thosaigh muid ag siúl amach

le chéile deireadh sé i gcónaí go dtabharfadh sé ann mé nuair a bhainfinn aois a seacht déag

amach. Bhuel, bhí mo lá breithe ann i mí Aibreáin seo caite agus ghlac sé ceithre mhí fhada

air seasamh lena fhocal. Ceithre mhí fhaaada! Ar aon chaoi, b’iúd muid, mé féin is Mertxe

(brón orm, ach céard a fheiceann sí i Karmelo?

Page 5: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

5

Tá sé breá ard, tá a fhios agam, ach is bobarún ceart é. Agus uair ar bith a bhíonn Mertxe

thart ní théann stad ar a bhéal ach é ag clabaireacht leis mar a bheadh Dia á rá leis, ag caint

seafóide ... Rud a chuireann Xabi soir ar fad).

Ar chaoi ar bith, mar sin, b’iúd muid, mise, Mertxe, Xabi agus gach duine. Shuigh muid

síos agus tharraing Xabi paimfléad amach go réimeach agus ar seisean: Tá scéala agam faoi

estado de excepción. Agus, díreach le gaisce a dhéanamh go bhfuil staidéar á dhéanamh aige

ar fhileolaíocht na Bascaise, b’iúd Karmelo ag giolcadh: hé, ‘bhfuil a fhios ag éinne cén

chaoi le estado de excepción a rá i mBascais?

Ní dhearna Xabi ach suí ansin, a mhúisiam ag dul i méid, fad a thosaigh gach duine ag

scairteadh amach aistriúchán mire, ar nós staid greadta, stát póilíní, céas mé le do thoil!.

Theastaigh uaim salbuespen-egoera (staid eisceachta) a mholadh, mar a ndúirt Aintín Esti

liom uair amháin, ach ní raibh sé de dhánacht ionam – bíonn claonadh ionam titim chun

glagaireachta nuair a bhím neirbhíseach. Caithfidh mé foghlaim le smacht a fháil ar mo

theanga.

Mar ba ghnách leis, bhí ar Karmelo an focal scoir a bheith aige: laethanta liatha! Ba ghearr

gur chuir Xabi deireadh leis an scolgháire: liath? Cén bhrilléis í sin agat? Cén uair riamh a

chonaic tú ceann liath de na b_ _ _ _ _i _d sin sa bhaile seo? Céard é go díreach a cheapann

tú is Ceann Muice ann? Agus Karmelo, go soineanta ar fad, mar dhea: b _ _ _ _ _ d?

Agus Xabi, é beagnach i ndeireadh na feide: is garda sibhialta é, a ghamail. 1

Chroith sé an paimfléad: de bharr na cinsireachta, seo an t-aon tobar nuachta inóltaatá fanta.

1Aganamsin,chaitheadhpóilínínaSpáinneéideliathaguschaitheadhanGardaSibhialtaéideuaine.

Page 6: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

6

Is deismir an chaint a bhíonn ag Xabi, go deimhin. Bhraith mé thar a bheith bródúil, mar

gur thug sé chuig an gcruinniú mé sa chéad áit agus mar go raibh sé chomh maith sin ag

míniú gach rud.

Lean sé air, an paimfléad fós crochta in airde aige. An cuimhin libh an rud a tharla in

Ondarroa? Na buachaillí sin a mharaigh na gardaí sibhialta, ba léir nár ionsaigh siad na gardaí

ar chor ar bith. Deir sé anseo go raibh siad ag canadh agus iad ar a mbealach abhaile ón

dinnéar críochnaithe meánscoile, agus nuair a bhí siad ag siúl thar an mbeairic ghabh duine

de na gardaí sibhialta ansin duine acu. Luis Arriola. An mhaidin dár gcionn d’inis siad dá

thuismitheoirí gur cailleadh é i dtimpiste.

Bíonn a ladar i ngach mias ag Xabi, téann sé chuig cruinnithe rúnmhara, cuireann rudaí i

bhfolach do dhaoine ... Bíodh is nach ndeir sé tada riamh liomsa faoi, tá a fhios agam céard a

bhíonn ar bun aige agus scanraíonn sé mé. Bíonn ár gcairde eile i gcónaí ag rá chomh

haisteach is atá sé nach bhfaca muid é le tamall chomh fada sin. Ach cén fáth a mbeadh sé ag

iarraidh am a chaitheamh leosan? Níl iontu ach páistí! Dé Sathairn seo caite bhí siad in

Bordatxo nuair a chuaigh an ceathrar againn isteach le dinnéar a ithe. Agus nuair a chonaic

siad muid thosaigh siad ag scigireacht. Dáiríre, cén aois iad?’2

Ní scríobhadh sí síos iomlán na fírinne riamh, ar fhaitíos na bhfaitíos. Choinníodh sí a

dialann i mála agus chuireadh i bhfolach sna driseacha é go dtí go dtagadh sí abhaile.

Cén áit sa tsioc a bhí Xabi? Bhí sé chomh dóchúil lena athrach go bpreabfadh Ceann Muice

amach ó chúl cuaille solais nóiméad ar bith, agus ansin ... uaireanta d’fhéadfá scréacha na

gcimí a chloisteáil ag teacht ón mbeairic. Agus níorbh aon dóithín é an Captaen Toirneach

ach oiread. Níl a fhios agam cé a cheap an leasainm ‘Ceann Muice’, ach ba é Karmelo a

chum ‘an Captaen Toirneach’. Agus ceann cuí a bhí ann freisin, mar ba bhodach sotalach é

captaen an gharda shibhialta, chomh díreach le saighdiúir, agus ba mhinic é ag gabháil thart

ar muin capaill.

2Roghnaighménasleachtaseoasdialannmomháthar.BhíahAintínEstimeáiteairgobhfoghlaimeodhsíBascaischaighdeánach,agusdhéanadhMamcleachtadhtrídhialannascríobh.Choinnighsíleismarchineálteiripe,fiúindiaidhbhásAintínEsti,suasgodtíannóiméadartheithsígodtíTírBhascachnaFraince.Níosfaideanonn,babheagamad’fhágansaolaiciledialannachoinneáil.

Page 7: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

7

Mar sin féin, níor chuir sé an oiread céanna faitís ar Olatz is a chuir Ceann Muice. Lena

shúile fuara ...

Ní ón mbóthar ach ón reilig a tháinig fuaim shólásach inneall an ghluaisrothair. Rothaigh

Xabi anall, an mála scoile álainn a thug Olatz dó crochta thar leathghualainn leis.

‘Ní fhaca tú cé as atá mise ag teacht,’ arsa Xabi agus meangadh comhcheilgeach air.

Thug Olatz póg dó. Na sceitimíní a chuireadh an gníomh seo ina bolg go hiondúil, chuir a

néaróga faoi chois iad an babhta seo. Dhreap sí in airde taobh thiar dó agus as go brách leo,

an mála ag plabadh in aghaidh a coise deise. Bhí súil aici go mbeadh chuile shórt thart go

sciobtha.

Bhí an chearnóg plódaithe. An agóid ar tí tosú. Bhí duine éigin, de réir dealraimh, tar éis an

Captaen Toirneach a fheiceáil lasmuigh den bheairic, meaisínghunna ina lámh agus é ag

réiteach le dul in airde ar a chapall. Ní fhéadfaidís ligean dó sin iad a stopadh, áfach. Bhí

orthu coinneáil orthu, ar son Garmendia agus Otaegi.

Buille trom ab ea gabháil na mball den ETApm ag deireadh mhí Iúil; tá na daoine libh!

Shamhlaigh Olatz íomhá de Garmendia ina luí ar an talamh i linn fola, poll piléir ina bhéal.

Scairteanna agus gártha: Gora ETA! (ETA abú!). Mhéadaigh ar an teannas san atmaisféar.

Bheadh na gardaí sibhialta ag teacht nóiméad ar bith go cinnte, ag lascadh rompu i ngach

treo. Ach ina ionad sin, níor tháinig ar an bhfód ach Mertxe agus Karmelo (a leithéid de

phéire!), ag gáire is ag magadh amhail is go raibh siad ar a mbealach chuig an sorcas.

Smaoinigh Olatz siar ar na ráflaí a bhí cloiste aici faoi Otaegi, go mba chomhoibrí leis an

namhaid é seachas gnáthbhall d’ETA, ach ó tharla gur goineadh Garmendia go dona agus go

raibh ar dhuine acu ar a laghad íoc as sin, gearradh pionós básaithe trí scuad lámhaigh air.

Ach ní fhéadfadh sí ceist a chur ar dhuine ar bith, go háirithe ar Xabi, ar fhaitíos go gcasfadh

sé díomuachas léi.

Bhí fonn uirthi tosú láithreach bonn. Ach sheas Xabi go teann air go bhfanfaidís. Bhí sé ar

nós John Wayne. Socracht ina steillbheatha i láthair ionsaithe.

Page 8: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

8

Ar deireadh, níor fhág sé ach dornán bileog sa mhála ag Olatz agus ghluais sé roimhe isteach

sa slua le carn mór díobh. Sula i bhfad, thosaigh glaca bileog ag spréachadh in airde de

sciotán mar a bheadh scairdeáin iontu. Ag teacht i dtír di ar an doirte dairte mórthimpeall

uirthi, bhain Olatz a cuid bileog as an mála agus chaith sí in airde san aer iad. Nach bán iad

na coilm chomh maith?

Go ceann na chéad trí nó ceithre shoicind eile bhí sí ina staic le faitíos, lánchinnte go

nochtfadh Ceann Muice anuas ón spéir nóiméad ar bith agus go gcuirfeadh sé a shúile beaga

suaracha tríthi.

Urchair! Urchair! Thosaigh chuile dhuine ag rith. Díreach agus an chearnóg ar tí pléascadh,

bhac na gardaí sibhialta na bealaí amach go léir sa chaoi go bhféadfaidís breith ar na

hagóideoirí agus iad ag teitheadh, mar a bheadh caocháin iontu.

Ansin, isteach leo ina slua mór ó thaobh amháin, na smachtíní san aer. Osclaíodh an doras

taobh le beár Mondragones; rug Mertxe ar lámh le Olatz agus tharraing in airde an staighre

adhmaid í go sciobtha. Bhí aonar déag i bhfolach istigh i gceann de na hárasáin. Ina dtost. Ar

ballchrith. Cé gur fhéach sí go díreach orthu, ní raibh a hintinn in ann a n-éadain a dhéanamh

amach. Taobh amuigh, bhí an chearnóg ag iompú ar luas lasrach ina ghort áir. Ag Dia amháin

a bhí a fhios cá raibh Xabi bocht.

Cogadh a bhí ann. Bhí sé mar a bheidís thiar i ’36. Shamhlaigh Olatz í féin ar a glúine ar an

urlár, cloigeann Xabi á mhuirniú aici agus é ina luí, fuil leis, ag fáil bháis.

Thosaigh sí ag caoineadh.

Page 9: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

9

2 ⬩ Dhaor cúirt airm Txiki chun báis freisin ⬩ Níor bhog fiú brú idirnáisiúnta Franco maidir lena chinneadh, achainí ón

bPápa féin san áireamh, stailceanna ginearálta agus agóidí forleathana ⬩ Cuireadh Txiki chun báis le scuad lámhaigh in

Barcelona, Otaegi in Burgos, agus ba i Maidrid a cuireadh chun báis José Luis Sánchez Bravo, Ramón García Sanz agus

José Humberto Baena Alonso, ar bhaill iad go léir den Fhronta Tírghrách Frithfhaisisteach Réabhlóideach (FRAP) ⬩ An

Domhnach dár gcionn chruinnigh slua mór le chéile i Maidrid le tacaíocht a léiriú do Franco a bhí i mbéal báis. Nocht sé

ar an mbalcón taobh le Juan Carlos de Borbón ⬩ Cuireadh corp Otaegi chuig a bhaile dúchais ar leithligh óna mhuintir,

sa chaoi go mbainfeadh sé an áit amach trí huaire ní ba dheireanaí ná iad ⬩ Cuireadh Txiki in Barcelona. D’fhreastail

ceithre mhíle duine ar an tsochraid in Zarautz ⬩ Labhair a mháthair le linn na seirbhíse agus choinnigh na póilíní í go

ceann cúpla uair an chloig, mar aon leis an séiplíneach ⬩ Tugadh corp Txiki ar ais dá mhuintir bliain ina dhiaidh sin ⬩

Xabi Mendoza agus a chairde; comhtharlúint amach is amach a bhí ann gur shuíodar díreach

os a gcomhair, nó b’in ar fhéach sise agus Mertxe a chur abhaile ar a gcairde. Agus iad suite

chun tosaigh sa seomra, bhí na buachaillí breá béasach, neamhiontas á ligean orthu de

chogarnaíl na gcailíní. Ach a luaithe a múchadh na soilse chrom siad ar a gcuid gruaige a

tharraingt agus a nguaillí a scealpadh. Agus an-sult á bhaint acu as cúrsaí, chas na cailíní

thart, míshásta mar dhea, agus thug scalladh teanga dóibh.

Bhreathnaigh Xabi amhail is gurbh é a n-athair é, é ag féachaint go haireach ar an scáileán,

i bhfad ar shiúl óna ngeáitsí leanbaí. Fásta.

Cúpla mí ina dhiaidh sin, i gcistin theach feirme Xantio di d’admhaigh sí go raibh buachaill

aici agus bhí ríméad ar a teaghlach. Barróga agus póga ó chách. Tar éis di ainm an

bhuachalla a ligean leo go scáfar, áfach, bhí tost fuar doicheallach ann. Rug a máthair ar

lámh léi, dreach fiata uirthi, agus tharraing lasmuigh í agus anonn go dtí an garraí scóir.

Ní raibh cloiste aici ach sloinnte Xabi, Mendoza Gantxegi. Ba léir nach raibh an gnó

gránna sin a tharla idir a haintín agus athair Xabi ligthe i ndearmad.

Page 10: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

10

Ní fhéadfadh difear níos mó a bheith idir an dá theaghlach. Ceann acu mór láidir mar Gholl

Mac Morna; an ceann eile beag agus lag. Ní raibh comparáid dá laghad idir Xantio agus

Villa Marcia, agus ba mhór leathan an bhearna a scar fiacha Xantio ó rachmas mhuintir

Mendoza agus ó chumhacht mhuintir Gantxegi.

Stad na fir ar fad dá gcuid oibre, iontas an domhain orthu. Tar éis dó éisteacht le racht a

mhná, a chloigeann claonta mar a bheadh sé ar aifreann, chuir a hathair grainc air féin agus

rug ar a ghrafán arís. Céard a bhí le rá? Go raibh sí rómhór inti féin ón uair a d’imigh sí go

hInstitiúid Usandizaga in San Sebastián le dul i mbun staidéir don baccalaureate? Gur chuir

sí gothaí galánta uirthi féin ó thosaigh sí ar na ranganna tráthnóna le foghlaim le Bascais a

léamh agus a scríobh? Go raibh sí bailithe le leabhair agus nóisin nua-aimseartha, ar aon dul

lena haintín? Bhí saol crua ann. De réir mar a d’éirigh Franco níos breoite ba ea ba mhó a

chuaigh rudaí chun donais. A bhuí le Dia gurbh é Mikel ab óige den bheirt. Ró-óg go fóill

beag le trioblóid a tharraingt air féin.

‘Ní fhaca mé Xabi ag gol ach aon uair amháin. B’in nuair a ghabh siad Txiki. Is cosúil go

mba shiúlóir mór é sular bhain an trioblóid sin go léir dó, agus bhí leath na sléibhte in

Gipuzkoa dreaptha acu i bhfochair a chéile. Ba bhall de chlub Inda Mendi é Txiki chomh

maith. Bhí a fhios ag Xabi cén pionós a ghearrfaí air fiú sular fógraíodh é ar an teilifís, faoi

mar a bhí a fhios againn ar fad. Thuirsigh mé m’inchinn leis na paidreacha go léir a

d’fhoghlaim mé i mo pháiste dom a thabhairt chun cuimhne, le himpí ar Dhia go bhfaigheadh

Franco bás ar an toirt agus a bheith réidh leis.

Agus ó tharla gur ag labhairt go macánta atáimid anseo, is dócha gur chóir dom a admháil

nár thaitin Txiki mórán liom i dtosach báire. Mheabhraigh mé do Xabi uair amháin go mba as

Extremadura do Txiki agus, cé go raibh sé ag troid ar son Thír na mBascach, nár bhac sé

riamh le Bascais a fhoghlaim. Níor fhreagair Xabi, múisiam air ag an rud a dúirt mé. Nuair a

shíothlaigh a fhearg de bheagán, dúirt sé liom go raibh an t-ádh orm gur rugadh i measc

cainteoirí dúchais Bascaise mé. Agus bhí an ceart aige; dá mba chluiche pócair an saol,

saolaíodh mise agus lámh mhaith cártaí i mo ghlac.

Page 11: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

11

Teastaíonn uaim cuidiú le Tír na mBascach forbairt ina réigiún Bascaise. Cibé cén uair a

deir sé rudaí mar sin, scuabann mo ghrá dó tharam mar a bheadh tonn tuile. Feiceann sé rudaí

chomh soiléir sin i gcónaí. Lámhach na Spáinnigh Txiki mar gur fhéach siad air mar

fhealltóir, agus níor fhéad siad ligean lena n-ais go raibh duine acu féin ag troid ar an taobh

seo againne, go ndearnadh duine dínne de.’

Phreab sí nuair a d’airigh sí an chnagarnach ar dhoras a seomra leapa. Shleamhnaigh sí an

leabhar nótaí faoina ceannadhairt agus scairt amach chomh cuanna le réalta scannán: ‘Is ea?

Céard atá uait?’

D’oscail Daideo Teofilo an doras, é dearg sa ghnúis agus straois air ó chluas go cluas.

Tháinig sé isteach ag bacadaíl (bhí leathchorróg leis millte ag caitheamh na mblianta) agus

d’oscail lámh fhadharcánach chun nóta céad peseta a nochtadh.

‘Go raibh maith agat, a Dhaideo,’ ar sise agus thug póg dó. Searmanas seachtainiúil a bhí

ann ón uair a ghlac sí ionad Mhamó Ixabel ar an stainnín i gcearnóg an mhargaidh. Faoin

tráth sin, níorbh údar náire di níos mó bheith ina hiníon feirmeora, ach bhíodh sí fós

míshuaimhneach ag díol glasraí os comhair an bhaile go léir. Bhraith sí díreach ar nós na

seanbhan timpeall uirthi, gan a bheith in ann an salachar a ghlanadh as faoina cuid ingne.

Bhuel, b’fhéidir go raibh ábhairín náire uirthi go fóill, ach ba bhreá an ní a bheith in ann a

cuid ceapairí féin a cheannach, agus nach gcaithfeadh sí bheith ina hualach ar Xabi.

Ina haonar arís. Bhreathnaigh sí ar a huaireadóir don mhíliú huair: dhá uair an chloig le dul.

Fós róluath. Gan ach an nóiméad á shamhlú aici, gineadh mothú scaobach ina bolg, arraing

faitís díreach ina dhiaidh.

Ní raibh spéis dá laghad fanta aici ina leabhar. Agus an fíorshaol ag glaoch uirthi, ní

fhéadfadh sí sólás ar bith a fháil i scéalta daoine eile. Os a choinne sin, bhí dúil aici gach rud

a tharla ina saol a chur ar taifead, é a bhuanú. Agus bhí sí riamh ina léitheoir amplach, ón uair

a bhí sí ina tachrán an-bheag.

Nuair a bhog a hAintín Esti isteach i dTeach Feirme Xantio thug sí ciste cuanna adhmaid

léi. Ba ghnách léi i gcónaí a seomra agus an ciste a fhágáil ar oscailt, na himleabhair

dhiamhra ar fad carntha go hanordúil taobh istigh. Ní raibh rud ab ansa léi ná Olatz a

fheiceáil ag léamh, agus dháileadh sí a comhairle agus a cuid moltaí uirthi go fras.

Page 12: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

12

Uair amháin, áfach, rug sí uirthi agus cóip de An Ré Thoirmiscthe le Luca de Tena aici. Rug

sí air agus chaith amach an fhuinneog sa chlábar é. Is cosúil nach raibh ann ach bolscaireacht

i bhfabhar Franco, a dearadh le mná céile dílse géilliúla a thógáil.

I ndiaidh a báis, ba mhinic urlár a seanseomra ina thearmann ag Olatz, sólás éigin á bhaint

aici as an méid gur coinníodh chuile shórt díreach mar a bhí nuair a bhí sí beo. Ar an mbord

cois leapa bhí dhá imleabhar de The Second Sex le Simone de Beauvoir, cuachta suas in

aghaidh na croise a bhí curtha ansin ag a máthair. Bhíodh tagairtí as á lua de shíor ag Aintín

Esti agus í ina beatha.

Phioc sí suas an leabhar os a comhair agus d’oscail é. De réir mar a léigh sí na focail i

Spáinnis, mhéadaigh ar an scaoll a bhí ag teacht uirthi. Céard ba bhean ann? Chun í féin a

shainiú, is gá do bhean a nádúr baineann a admháil i dtosach. Ach ní gá d’fhir. Ar bhean í?

Bhí a cúrsaí aici anois le trí bliana. Arbh é míostrú réiteach na ceiste? Arbh é sin a rinne bean

díot? Nó arbh iad póga agus muirniú Xabi é? Nó an méid go raibh sé ag éirí níos deacra in

aghaidh an lae gan scaoileadh leis agus géilleadh go hiomlán dó? Nó arbh iad na coinní

rúnmhara é?

Nuair a d’fhéach sí leis an gceathrú leathanach a thiontú, áfach, níor fhéad sí: bhí na

leathanaigh fós gan ghearradh ag an mbarr.

Dhruid sí an leabhar nár-léadh-riamh de phlab. Coinníodh sé a rún.

Bhí sí sásta díreach agus í ag tógáil éadaí a haintín, ball ar bhall. Dhéanadh Mamó Mhór

Brigida iad a oiriúnú le feiliúint di. Agus ní dheireadh a mam focal riamh, go dtí lá amháin

agus í ag teacht ar ais ón teach níocháin gur ordaigh sí di, le giorraisce neamhghnách, rudaí

Esti go léir a thabhairt anuas.

Rith Olatz go dtí seomra a haintín chomh sciobtha agus ab fhéidir léi chun leabhair de

Beauvoir agus rún a haintín a chur i bhfolach. Ach bhí fuar aici. Réab a máthair isteach mar a

bheadh sí gaoithe inti, d’fholmhaigh gach a raibh sa vardrús agus sa chiste leabhar agus

chaith iad go léir síos an staighre agus isteach sa tine. Agus fágadh seomra a haintín sa chaoi

nach raibh ann, arís eile, ach seomra fuar eile i seanteach feirme.

‘Thosaigh muid leis na hagóidí agus muid ag ceapadh go bhféadfaimis rudaí a athrú, muid ag

creidiúint go dtarraingeodh lucht Franco siar dá seasfadh na daoine an fód ina gcoinne.

Page 13: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

13

Bhí siad againn. De réir dealraimh, bhí níos mó gleo á dhéanamh againn-ne, go fiú, ná iad

siúd a bhí ag agóid in aghaidh phróiseas Burgos: carranna á ndó, clocha á gcaitheamh,

bolscaireacht frith-réimis á scaipeadh, etc. Agus ba é a bhfreagairt ná níos mó den lámh láidir

a imirt ná riamh roimhe sin: na tonnta uaine agus liath, piléir rubair agus, ó am go chéile,

fíorphiléir chomh maith. Gortaíodh a lán. Cailleadh roinnt. Ach bhí muid cóngarach. Bhí

muid in ann é a bhrath.

Nuair a cuireadh Txiki agus Otaegi chuig an scuad lámhaigh, d’airigh mé folamh gan bhrí.

Gan deora, gan fuath ar bith, tada ar bith beo. Seisear deonach a lámhach Txiki. Ní

fhéadfainn an blúire eolais sin a chur as mo chloigeann: tháinig seisear laoch chun tosaigh, go

deonach, le fear eile a mharú.

Satharn a bhí ann. 7.30 pm. Bhí Real Sociedad díreach i ndiaidh RCD Espanyol a bhualadh

a haon a náid.

De réir nuachtáin an Domhnaigh, agus tábhacht an chluiche á cur san áireamh, tháinig níos

lú daoine ná mar a bhí súil leo amach le breathnú air. Bhí mé ar deargbhuile agus mé ag

smaoineamh ar na mílte sin gan chroí sa lucht féachana; mór an trua nár phléasc buama

núicléach an cluiche go leacracha ifrinn!’

Bhí sí ábhairín deireanach. Bhain sí péire seanjíons as an vardrús, strainc uirthi. Bheadh a

máthair ag fógairt uirthi, gan aon agó, ag maíomh nárbh in bealach ar bith do bhean óg

gléasadh le dul amach. A Chríost, níor bháirseoir go dtí í!

Bhí scuaine ollmhór lasmuigh de phictiúrlann an Modelo. D’fháisc Xabi lena ucht í agus

leáigh Olatz í féin go buíoch ina bharróg: faoin tráth seo níor chuimhnigh sí uirthi féin níos

mó; lánúin a bhí iontu. Doscartha. Bhí siad daite dá chéile. Go brách na breithe.

Nuair a thaispeáin Xabi an dá thicéad di, tháing fearg uirthi: ní raibh an ceart aige teacht i

dtír ar a chúlra gustalach agus, a bhuíochas dá athair is dá sheanathair, bhí dálaí Xabi sách

rachmasach, go deimhin. Ní bhíodh sé riamh sotalach faoi, ach ní bhíodh náire air ach an

oiread.

Múchadh na soilse agus chualathas scol na dtrumpaí NO-DO. Bolscaireacht an réimis: de

réir dealraimh, bhí siad díreach i ndiaidh aonach a oscailt i Maidrid, agus araile.

Page 14: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

14

Ba ghnách le Xabi a mhór a dhéanamh den deich nóiméad sin le lámha Olatz a mhuirniú agus

cogair mhuirneacha a chur ina cluas. Ach an uair seo, ní dhearna sé ach suí ansin ag stánadh

go balbh ar an scáileán, ag tónacán agus gan é in ann fanacht socair ar a shuíochán

compordach. Agus ní raibh sé leis féin amhlaidh. Leathbhealach tríd threisigh an monabhar.

Urchair lasmuigh de Santa Ana. Garda sibhialta. Gortaithe. Na Polimilis a bhí ann. Duine

éigin básaithe.

Thosaigh Xabi ag gáire go neirbhíseach, beagnach ina bhaothracht. Bhuail duine éigin bosa.

Rinne Karmelo crúbadach aníos an pasáiste.

‘Mharaigh siad Ceann Muice,’ ar sé de chogar. Chuir sé a lámh thar a chroí agus luigh síos

ar an urlár, ag ligean air féin go raibh sé marbh. Tharraing a chuid cneadanna na fáscaí gáire.

‘Amach leat go beo as seo!’ arsa Xabi de chogar. ‘Tá aird á tarraingt agat ort féin, a

ghamail!’

‘Go réidh ansin, a Romeo, táim ag imeacht!’ Roinn sé blúire amháin deireanach eolais sular

imigh sé: ‘Deir siad go bhfaca a mhac an corp.’

Mac le Ceann Muice. Bhí sé feicthe aici sa timpeall. Cén chaoi a mbeadh sé athair mar sin a

bheith agat? An bhliain roimhe sin, agus í ag iarraidh cuma duine fásta a chur uirthi féin,

nuair a bhí Daideo Teofilo ag caint uair amháin faoin gcaoi a dtéadh an garda sibhialta thart

ag bualadh daoine, dúirt Olatz os íseal:

‘Na bastaird’.

Rug a máthair greim uirthi agus thug leadhbairt mhaith teanga di:

‘Ní bastard é fear toisc gur garda sibhialta é! Bastard is ea é mar go bhfuil sé olc.’

B’in an chéad uair riamh a ndúirt a máthair an focal bastard. An chéad uair agus an uair

dheiridh. Ach níor chlúdaigh olc a leath i ndáiríre i gcás Ceann Muice. Ba mhaith an airí air

gur lámhachadh é. Bastard.

Mar sin féin, ní fhéadfadh sí a shamhlú cén chaoi a mbeadh sé teacht ar chorp d’athar mar

sin, scaoilte criathraithe. Chuir sí a lámh trí lámh Xabi lena haird a bhaint ón smaoineamh

uafásach.

Page 15: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

15

Fiche nóiméad fós le dul. D’fháisc Xabi glúin léi. Imímis as seo! Nuair a bhrúigh siad amach

na doirse troma go dtí an tsráid, áfach, b’iúd ag seasamh ar a mbéal amach seisear

gardaí sibhialta.

‘Deifir orainn, an bhfuil?’ arsa glór ón taobh clé, go fonóideach.

Sula raibh d’uain acu breathnú timpeall, bhí siad á gcaidhleadh le buillí ar a gcloigeann. An

Captaen Toirneach a bhí ann. Tarraingíodh ar shiúl iad chuig an mbeairic. Chonaic duine de

chairde a athar iad faoi bhealach. An inseodh sé dó é? An gcuideodh sé leo? Chonaic

seanlánúin iad chomh maith. Níorbh as an mbaile mór iad. Bhí cuma scanraithe orthu, ach ní

ar na gardaí sibhialta a bhí siad ag breathnú go scáfar ach ar an gcúpla gadaí óg a bhí á

sracadh chun siúil acu.

Cúpla gadaí óg.

Scaradar iad agus chaith siad Olatz isteach i gcillín aisti féin. Chaith sí na huaireanta an

chloig sceimhlithe ina beatha. An raibh a fhios acu faoi na bileoga ag an agóid? Céard a

dhéanfaidís léi? B’fhéidir nach raibh sa rud go léir ach iomrall amaideach. Ba dheacair nó

thiocfaidís faoina déin go luath le leithscéal a dhéanamh. Agus is deimhin gur tháinig siad

faoin déin. Bhí sé ina dheargmhaidin nuair a chuala sí trup buataisí troma ag teacht ina treo.

D’oscail an doras agus d’fhág garda sibhialta óg ceapaire ar an urlár díreach taobh istigh.

Mortadella. Ológa leis. Ní raibh sí in ann é a ithe.

Rinne sí iarracht (in aisce) sólás a fháil ó chuimhní taitneamhacha. Cén fáth nach raibh sí ar

aon dul leis an gcuid eile dá cairde? Ag maireachtáil i saol sona, gan aon fhonn orthu a bheith

gafa sa pholaitíocht.

Tháinig na buataisí ar ais. ‘Éirigh.’ Rugadh greim ar ghéag láimhe léi agus seoladh in airde

an staighre í. Sianta cailín, í ag screadaíl leis an bpian. Dúirt an garda sibhialta i gcogar, ar

mhodh comhchealgaire, go raibh lóistín san ‘óstán’ sin ag lánúin as Ibarra freisin. Bhí Ibarra

taobh le Tolosa. Cén fáth a raibh siad tugtha an bealach ar fad go Zarautz acu?

Seomra. Ceathrar gardaí sibhialta agus an Captaen Toirneach. ‘Tosaigh ag caint.’ Olatz

agus na deora léi. Chuir an chéad bhoiseog i ndiaidh a cúil í, agus bhí an t-ádh dearg léi nár

thit sí. Shioc an t-iontas an phian go ceann cúpla soicind.

Page 16: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

16

Ansin d’airigh sí broidearnach ina leiceann. An bhféadfadh duine i ndáiríre leadradh a

thabhairt do dhuine eile gan a bheith feargach?

An chéad bhabhta eile bhuail an phian í láitheach bonn.

‘Admhaigh amach é!’

Ach, cén rud?

Chaith siad ar an urlár í agus tharraing trasna an tseomra í lena cuid gruaige. Cic amháin.

Ceann eile. Chuir siad ina suí ar chathaoir í. ‘Freagair.’ Tháinig snag uirthi. Dhún a scornach.

D’airigh sí teas ag leathadh ó idir a dá chos. Gáire. Gártha magaidh. A thuilleadh boiseog.

‘Bain díot.’

Bhí orthu é a athrá faoi dhó. Dhiúltaigh a hinchinn glan na focail Spáinnise fuera la ropa a

aistriú. Bhí sí in ann díocas na bhfear a mhothú. Bhain sí di a geansaí. A bróga. A stocaí. Í ag

moilleadóireacht i gcomhair míorúilte, ach níor tháinig míorúilt ar bith. Cnaipe bairr a léine.

Agus an chéad cheann eile. Tháinig duine de na fir anall agus d’oscail an chuid eile de

roiseadh, agus stróic a léine dá droim ar fad. Feadanna graosta. Duine éigin ag baint liomóg

as a cuid siní. Bualadh bos.

‘Anois, déan tusa an chuid eile.’

Ní raibh sí riamh nocht fiú os comhair a máthar; a thiarcais, dá bhfeicfeadh a máthair anois

í! Agus í ag fáscadh a súl go raibh siad dúnta go teann, tharraing sí anuas zip a bríste.

Ghreamaigh an t-éadach fliuch dá craiceann. Bhí uirthi iarracht mhór a dhéanamh é a bhrú

síos. Bhí sí cúramach a brístín a choinneáil in áit, agus bhain sí cos amháin amach, ansin an

ceann eile. Agus é bainte, ní raibh a fhios aici ar chóir a bríste a fhilleadh, a chaitheamh ar an

urlár nó ligean dó titim. Mhothaigh sí an fual te ar a ceathrúna istigh, é fuaraithe anois.

Gan trua gan taise. ‘Lean ort.’ Lena lámh shaor tharraing sí anuas a brístín go dtí a rúitíní.

Ar ballchrith agus í i bhfolach taobh thiar dá géaga caola láimhe, an seomra ar snámh

ina deora.

Dúradar léi a lámha a chur amach ar a dá thaobh, faoi mar a bhíodh uirthi seasamh ina

cailín óg nuair a bhuaileadh na mná rialta í. Gach súil uirthi. Gléasta ina deora amháin. Ba

riocht é a bhí lán le smachtú de chineál urchóideach; ní ba mhó ná éadaí, ba gheall le cineál

cathéide a gcuid éidí gardaí.

Page 17: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

17

Agus b’iúd ise, nocht: ina ceap magaidh, gan chosaint, ciotach, náirithe.

Dhruid an Captaen Toirneach chun tosaigh. D’ardaigh sé a cíocha lena smachtín. Ansin lig

sé dóibh flapáil síos arís. D’ísligh sé an smachtín go dtí a bléin, agus bhrúigh isteach leis an

mbior. Agus iad ag séideánach agus ag scolgháire, thosaigh siad ag cur is ag cúiteamh ar

mhaighdean í nó nárbh ea, agus cé acu díobh ba thúisce a d’éigneodh í. Dhéanfaidís léi mar

ba mhian leo. Sa deireadh, shrac siad ar ais go dtí a cillín í. Bhí sí ar aon bharr amháin creatha

chomh dona sin nach raibh sí in ann siúl. Bíodh is gur chaith siad pluid isteach, bhí sí ag crith

chomh tréan sin go raibh a colainn mar a bheadh sí á racáil ag crith talún. Agus díreach agus

codladh ag teacht lena fuascailt ón tromluí, tharraing siad ar ais in airde í. Bhí an Captaen

Toirneach ann i gcónaí. Níor aithin sí éinne den dream eile.

Is cosúil go raibh Daideo Manuel tar éis a bheith ansin an oíche roimhe, a bheiré dearg ar a

chloigeann agus a chuid bonn cogaidh á gcaitheamh aige go mórálach ar a ucht, é ina

sheasamh chomh díreach le slis agus é ag iarraidh go fánach a bholg mharógach a cheilt.

D’éiligh sé go hard ionú labhairt leis an gCaptaen.

‘Lig saor mo ghariníon!’ Agus na gardaí ag ligean amhrais orthu féin ar leor greasáil a

thabhairt dó, é a chaitheamh sa chloigeann, nó féachaint chuige go mbainfeadh ‘timpiste’ dó.

‘Cé acu ab fhearr leat?’

Chomh deacair sin roghnú eatarthu.

A thuilleadh deor. D’inis sí dóibh arís faoin mbolscaireacht, agus faoi na rudaí a tugadh do

Xabi, í ag féachaint i gcónaí lena bheag a dhéanamh dá ról i ngach rud. Scairteanna gáire: bhí

Xabi saor cheana féin, a bhuíochas dá athair. Bhí sé i ndiaidh í a fhágáil anseo aisti féin, sa

chaoi go mbeadh deis aici aithne a chur ar roinnt cnagairí fir. Luasc an Captaen Toirneach

siar a lámh le buille eile a bhualadh.

‘Iad siúd ó Ibarra!’ a scairt Olatz. Chonaic sí é ag braiteoireacht ar feadh meandair, agus

thosaigh a hintinn ag oibriú ar luas. ‘Iadsan a thug gach rud do Xabi. Iadsan a bhí i gceist! Na

bileoga, na hairm. An taisce.’

Rinne an Captaen Toirneach meangadh, mar a dhéanfadh sealgaire ina sheasamh os cionn a

chreiche tite fuilsmeartha.

Page 18: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

18

Bhí folcadán ann líonta le huisce liath ó na leithris. Chuir dorn san aghaidh i ndiaidh a cúil í

ar an urlár. Chornadar i ruga í, teann go maith, gan ach a cloigeann saor. Rinne a scamhóga

iarracht leathnú le haer a shú isteach. Níor fhéad siad. Chiceáil na gardaí í arís agus arís eile.

Líon a béal le fuil. Bhuail siad cosa ar a cloigeann. Ansin chrochadar suas san aer í agus

choinníodar os cionn an fholcadáin í sa chaoi go bhfaigheadh sí boladh an bhréantais. Fual.

Cac. Boladh bréan an lobhaidh. Ansin, gan aon rabhadh, thumadar síos ann í. Rinne sí

iarracht streachailt. Níor fhéad sí. Rinne sí iarracht análú. Níor fhéad sí. Bhí sí á bá. Gan aer

ar bith. Líon a polláirí le fual agus, bíodh is gur fháisc sí a beola ar a chéile go teann, líon a

béal le cac. A scornach chomh maith. Agus a scamhóga. Bhí sí ag dul á dúnmharú ag an

mbeairic, díreach ar nós Luis Arriola. Ní fhéadfadh sí sin a dhéanamh ar a máthair. A máthair

bhocht. Mam.

Page 19: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

19

3 � Bhí Franco ar leaba a bháis ar feadh dhá mhí � Dhá lá i ndiaidh a bháis, corónaíodh Juan Carlos de Borbón ina Rí ar

an Spáinn � Thosaigh grúpaí parapóilíneachta i mbun ionsaithe; i 1975 mharaíodar duine amháin, mharaigh ETAm

dháréag agus ETApm triúr � Bhí ETApm lagaithe go mór; mhol a n-idé-eolaí, Eduardo Moreno Bergaretxe (nó Pertur, mar a

thugtaí air), páirtí polaitíochta a bhunú mar chraobh de ETApm chun an eagraíocht armtha a smachtú � Cheap Juan Carlos

de Borbón Adolfo Suárez (Ard-Rúnaí na Gluaiseachta Náisiúnta) mar Uachtarán an Rialtais � Chrom na polimilis ar

fheachtas fuadaigh, agus mharaíodar duine dá ngialla, Angel Berazadi � D’éalaigh naoi bpríosúnach is fiche as príosún

Segovia (dháréag polimilis, cúigear milis, agus ceathrar ball de Thionól VI, i measc daoine eile) � A bhuíochas d’insíothlóir, mharaigh na póilíní Oriol Solé Sugranyes agus ghabhadar an chuid eile dá ghrúpa, seachas ceathrar ar éirigh leo na cosa a thabhairt leo trasna na teorann go dtí an Fhrainc � D’imigh Pertur gan tásc gan tuairisc i samhradh

1976, agus is rídhócha gur mharaigh grúpa paraimíleata é � I 1976, mharaigh ETAm seisear duine dhéag �

Thug siad aire di agus choinnigh súil uirthi sa bhaile. Nuair a bhí sí in ann cumarsáid a

dhéanamh arís, thug siad amach ar cuairt í chuig Mamó Mhór Brigida. Bhí a sin-

seanmháthair caoin ceansa léi, í ag fiafraí faoin scoil agus na scrúduithe. Dhiúltaigh inchinn

Olatz feidhmiú. Cuimhne imigéiniúil ab ea Usandizaga, gach duine is gach rud ann, mar a

bheadh rud éigin as seanscannán, ach bhí Mamó Mhór Brigida meáite ar fhanacht glan ar

labhairt faoinar tharla ag an mbeairic. Go dtí an deireadh, agus í á pógadh ar tí imeachta di,

nuair a dúirt sí focal fánach foláirimh: ‘ná bíodh fuadar ar bith fút buachaill a lorg, a leanbh’.

Tháinig an abairt aniar aduaidh ar Olatz agus ba ar éigean a d’éirigh léi cúl a choinneáil ar

na deora.

Chuaigh sí ar ais ar scoil; thugadh a máthair chuig an stáisiún ar maidin í agus bhíodh sí ag

fanacht uirthi nuair a d’fhilleadh sí tráthnóna. Agus ar deireadh thiar, lig siad di dul amach ag

siúl le Mertxe. Nuair a stop an bháisteach sa deireadh, chuaigh siad síos chuig an

bpromanáid. Agus b’iúd é i gcéin uaithi: an Captaen Toirneach ar muin capaill.

Mhothaigh Olatz mar a bheadh salann déanta di ar nós bhean Lót. Tháinig an phairilis aníos

go mall trína colainn, óna glúine go dtí a ceathrúna go dtí a corróga. Salann in ionad craicinn.

Bhí trí seachtaine imithe ó scaoileadh amach as an mbeairic í, ach d’airigh sí go raibh sí nocht

go fóill.

Page 20: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

20

Chuaigh sioscadh a cairde, agus fuaim na dtonn is na bhfaoileán in éag. Ba é an t-aon ní ar

domhan trup trup tiarnúil chapall an Chaptaein Toirní. Bhí an capall á stiúradh aige le lámh

dhiongbháilte, é ag druidim níos gaire agus níor gaire di, a dhá shúil bhioracha greamaithe go

daingean uirthi.

Tháinig luisne ar Olatz go smior agus ó smior go smúsach, í ar bharr amháin dúchreatha. Ní

raibh sí in ann smaoineamh ar a dhath ach na bréaga a d’inis sí faoin lánúin as Ibarra. Bréaga

a chum sí mar phíosa airgid chun aer a cheannach. Ní foláir nó go raibh an Captaen

Toirneach tar éis dul amach ar a cuid éithigh faoi seo.

Tharraing sé suas a chapall in imeall na gcos aici agus bhreathnaigh ó bhun go barr í, a

dhearcadh ar aon chorp dímheasa. Agus ní dhearna Olatz ach seasamh ansin, í ceaptha ina

staic salainn. Maíonn an t-amhrán mórmheasa nach bhfeallfadh mac Itziar riamh ar chara; ní

deir sé a dhath faoi iníon Itziar, áfach. Bhí an Captaen Toirneach i ndiaidh ise a struipeáil

taobh istigh freisin.

Lá amháin, nuair nach raibh a máthair ar a hairdeall, shleamhnaigh Olatz amach chuig halla

an pharóiste. Bhí Xabi ag cur de faoina ‘bhaisteadh’ sa mbeairic. Sheas Olatz sa doras, gan

cor ná car aisti, ina stangaire déanta. Bhí na buachaillí go léir ina suí; Xabi ina sheasamh.

Chaoch sé le hiontas agus stop sé i gceartlár a sheanmóra. Streachail an chuid eile acu aníos

ar a mboinn agus sheas ag stánadh ar an bhfeic. Ghabh siad amach duine i ndiaidh duine

ansin, a gceann cromtha go híseal acu le teann náire.

Thug Olatz faoi deara den chéad uair cé chomh díblí is a bhí an seomra, na boird agus na

cathaoireacha ann saor agus na ballaí ann lom. Ní raibh a fhios aici ar cheart di póg

bheannaithe a thabhairt do Xabi. Bhí barróg de dhíth uirthi, ceann de na barróga sin a

chumhdaíonn le síocháin thú, ach ba gheall le poll duibheagáin an cúpla troigh a bhí eatarthu.

‘Cén chaoi a bhfuil tú?’ a d’fhiafraigh Xabi, a náire le léamh go soiléir ar a éadan. Chroith

Olatz a guaillí mar fhreagra, agus d’ísligh a súile. Rug Xabi ar lámh léi agus d’fháisc í. Níor

mhothaigh Olatz rud ar bith. ‘An suífimid?’ Bhí crith ina ghlór.

Shuigh siad síos ar aghaidh a chéíle. Rug Xabi ar a lámh arís, dreach dáiríre ar a éadan. Ar a

laghad ní raibh sé sona nó ag ligean air féin go raibh cúrsaí faoi mar ba ghnách.

Page 21: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

21

‘An ... em ... an lá i ndiaidh dóibh muide a ghabháil bhain Karmelo as na boinn é. Tá sé

imithe taobh ó thuaidh den teorainn, go dtí an Fhrainc.’

D’fhan súile Olatz greamaithe ar na ballaí stucó, iad ag scrúdú na huigeachta a thabharfadh

cáis tí i do cheann. Sméid sí a cloigeann go ceansa. D’imigh nóiméad thart. Ansin dhá

cheann. Agus trí cinn.

Tháinig gairbhe in análú Xabi. Thosaigh na deora ag sní lena ghrua. Chrom sé a chloigeann

lena shúile a cheilt. Ansin é ag snagaireacht. Chuaigh sé ar a ghlúine ar an urlár agus leag a

chloigeann ar ghlúine Olatz, á bhfáisceadh chuig a ucht.

‘Mo dhaid ... níl a fhios agam céard a dhéanfaidh mo dhaid liom ...’ A thuilleadh snaganna.

‘Chuir ... chuir mé ... chuir Karmelo agus mé féin ...’ Mhuirnigh Olatz a chloigeann. Ní raibh

ann ach páiste tar éis an tsaoil. ‘... chuir muid ar aghaidh an t-eolas i gcomhair lámhach

Cheann Muice ... Tá mé fíorbhuartha gur ...’

Chéasadar thú. Gan ach dhá fhocailín bheaga. Ach ní dúirt sé iad.

-adar. Na fir. Nuair a bhí sí óg, cé mhéad oíche ar neamhchodladh a chaith sí mar gheall ar

ar inis a haintín di faoin gcaoi ar teascadh na méara de Victor Jara. Bíodh is gur tháinig sé

slán go míorúilteach, ní raibh sé riamh in ann an giotár a sheinm arís.

‘Gabhfaidh siad arís mé luath nó mall,’ arsa Xabi. ‘Ní scaoilfidh an Captaen Toirneach liom

an dara babhta. Beidh orm an teorainn a thrasnú.’

‘Rachaidh mise in éineacht leat,’ arsa Olatz de chogar. Mhothaigh a croí mar a bheadh rísín

ann, tirim seargtha. Gan aon rian den ghrá buan dall a d’airigh sí dó gan ach mí roimhe sin.

‘Cén uair a imeoidh muid?’

‘Anocht. Buailfimid le chéile ar an mbóthar go Orio, ag an gcéad chor. Ar a hocht.’

D’fhág Olatz nóta i bhfolach sa phróca siúcra3 agus, tar éis roinnt éadaí a shacadh isteach ina

mála, shleamhnaigh sí amach as Xantio go gairid roimh an gclapsholas.

3Isminicasmaoinighméarcénsórtnótaad’fhágfainnféinagmomhuintirigcásdáleithéid,agglacadhleisgoraibhdeisagamceannascríobhsulan-imeoinn,arndóigh.Iscuimhinlemosheanmháthairgofóillanméidabhreacmomhamgosciobthaarleathanachsracthaasadialann:Caithfidhméanteorainnathrasnúbrónorm.Ganslánarbith,ganaon‘legrámór’.Agusfós,cénbhríatása‘brónorm’deiridhsin!Chaithmosheanmháthairannótasatinearantoirt,areaglanaheagla.

Page 22: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

22

Cé aige a bhí a fhios cén uair a bhfillfeadh sí, cén uair arís a d’fheicfeadh sí a tuismitheoirí, a

deartháir Mikel, a seantuismitheoirí.

Bhí sí fós ag caoineadh nuair a bhain sí amach an bóthar as an mbaile mór. Ní raibh Xabi

tagtha go fóill. Thosaigh an dorchadas ag titim. Bhraith Olatz faitíos, ag fanacht ansin ina

haonar, gan a fhios aici nóiméad ar bith an gcloisfeadh sí trup trup crúite capaill, nó an

bhfeicfeadh sí tóirsí na bpóilíní agus iad á lorg. Chuaigh sí i bhfolach i measc na dtom, agus

is maith an rud go ndeachaigh mar sula i bhfad tháinig patról an bealach, ag gluaiseacht go

mall i dtreo Orio. Leathuair an chloig ina dhiaidh sin, chonaic sí ceann eile, é ar an mbealach

ar ais go Zarautz an babhta seo. An raibh siad amhrasach?

Go tobann rug cuimhní den chéasadh uirthi, gan tógáil a cinn aici le náire. An raibh siad i

ndiaidh breith ar Xabi? Xabi bocht.

Dhá uair an chloig ina dhiaidh sin ba léir gur bhain rud éigin dó. Ní fhéadfadh sí filleadh ar

Xantio, bheidís ag faire uirthi. Ní raibh a fhios aici céard ab fhearr di a dhéanamh. Chuaigh sí

siar an bóthar chuig seanbhothán taobh thiar de theach na feirme. Bhuail sí fúithi san aon áit

amháin nach raibh an talamh tais agus thit a codladh uirthi. Nuair a dhúisigh sí chonaic sí dhá

shúil ag stánadh anuas uirthi.

‘Beidh tú ag cur chun siúil, mar sin?’ a d’fhiafraigh Daideo Teofilo.

Bhí an seanfhear rómhór trína chéile le ceist ar bith eile a chur. Thug sé go San Sebastián í

ar chúl a shean-Vespa agus d’éirigh leis teagmháil a dhéanamh le duine a d’fhéadfadh í a

smugláil trasna na teorann. Chuaigh sé in éineacht léi go dtí stáisiún na mbusanna. Nuair a

thug sí barróg dó agus í ag fágáil slán aige, líon a polláirí lena sheanbholadh aithnidiúil.

Shiortaigh sé ina phóca agus tharraing amach beartán beag nótaí a bhí fillte go cúramach agus

ceangailte le píosa sreangáin. Bhí na deora ag sileadh lena ghrua deargtha rocach. Thug sé di

an t-airgead agus bhrúigh go mín modhúil í i dtreo an bhus.

‘A luaithe a bhainfidh tú Hendaye amach, cuardaigh duine ón mbaile.’

Karmelo! Léas dóchais. Rud éigin maith, ar deireadh thiar.

Ach ba thanaí an léas é, ní mó ná gur léaró é. Níorbh aon dóithín é teacht ar Karmelo, agus

nuair a treoraíodh chuig a dhoras í ar deireadh, ba mhór idir an fháilte a raibh súil aici léi agus

an ceann a fuair sí.

Page 23: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

23

Chuir sé in iúl di go borb go gcaithfeadh sí codladh ar an urlár mar, de réir dealraimh, bhí

dháréag pulctha isteach cheana féin san árasán beag dearóil sin.

D’airigh sí ní b’uaigní i measc na ndaoine sin ná mar a d’airigh sí an lá roimhe sin nuair a

bhí sí ag fanacht ar Xabi ar thaobh an bhóthair. Ní mhairfeadh an t-airgead a thug a seanathair

di rófhada. Céard a tharlódh ansin?

Ar an tríú lá, tháinig boc darbh ainm Alfontso le beirt ón árasán a phiocadh suas. An

nóiméad a leag sé súil ar Olatz thug sé cuireadh di imeacht leisean. Thoiligh sí sách sciobtha.

Rud ar bith léi ach an áit ghránna sin.

Thug sé go Bidaxune sa Navarre Íochtarach í; go dtí teach feirme suite ar ard díreach ar

imeall an bhaile mhóir. Bhí an áit go haoibhinn, na slaodanna féir ghlais mhéith á ceangal leis

na gleannta réidh mórthimpeall uirthi.

Teach solais ab ea an túr gráin, é suite os cionn na gcnoc droimneach ar thaobh amháin

agus agus cúr bán na dtonn ar an taobh eile. Is amhlaidh a tógadh Xantio i log, agus bhí an

teach feirme seo i bhfad suas ar ard. Meafar dá saol nua, b’fhéidir?

Ionad oiliúna do ghníomhaithe ab ea teach na feirme. Díríodh ar chúrsaí polaitíochta den

chuid ba mhó, ach bhí roinnt ranganna Fraincise agus Bascaise ann chomh maith. Agus nuair

nach raibh siad faoi oiliúint, ní dhéanaidís ach an t-am a chur thart, ag féachaint i gcónaí le

bheith discréideach agus gan aird a tharraingt orthu féin.

Ní dhearna Olatz cairdeas le duine ar bith. Chúb sí chuici féin go dubhach, í i riocht buan

breacdhorchadais. Cé chomh minic is a sheinneadar an t-amhrán sin le Benito Lertxundi i

halla an pharóiste? Go mion is go minic. Mar sin, cá raibh an Soule idéalach Bascaise seo ar

chan sé ina thaobh? Nach raibh Tír Bhascach na Fraince ar fad mar sin? Níor thaitin an t-

atmaisféar coimhthíoch aduain sin léi, gach duine ag sioscadh i Spáinnis nó i bhFraincis. Bhí

sé iomarcach, ródhearfach. Cuir cúpla gunna ina lámha agus ba ghearr go shracfadh siad Tír

na mBascach as crúcaí na Spáinne agus na Fraince.

Shracfadh, muise! Uair amháin, thosaigh grúpa paraimíleata darbh ainm Guerrilleros de

Cristo ag scaoileadh le meaisínghunnaí le veain a a raibh naonúr teifeach inti. Chaitheadar go

léir iad féin ar an urlár agus, go míorúilteach, níor gortaíodh éinne. Ach dhruideadh an

bhagairt anuas chuile mhaidin orthu, mar aon le smúitcheo na maidine.

Page 24: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

24

Ní raibh ann ach go raibh Franco in ann a ghreim a choinneáil ar a bheo. Neartaigh na

luaidreáin agus, de réir a chéile, thosaigh Radio Nacional de España ar bheagán de dhea-

scéala a chraoladh. De réir mar a thráigh an bheatha ann b’amhlaidh ba mhinice a leomh

stáisiúin raidió na Fraince agus BBC Londan an focal ‘bás’ a lua.

Thosaigh an ceiliúradh ar a sé ar maidin: daoine ag gáire, ag léim, ag liúrach, ag breith

barróg ar a chéile is ag pógadh a chéile, agus na gártha áthais á scaoileadh amach acu. An

gháir ba choitianta ná ‘bastard’. Léimeadar isteach i gcarranna, seisear nó seachtar san

iarraidh, agus thiomáineadar síos go Hendaye, ag canadh is ag séideadh a gcuid bonnán. Ar a

hocht a chlog, sheas líne fear ar bhruach na Fraince d’abhainn na Bidasoa agus buidéil

seaimpéine á ndíriú acu trasna an uisce ar an Spáinn. A haon, a dó, a trí ... pop!

Sáraíodh an treoir gan aird a tharraingt orthu féin arís agus arís eile in Petit Bayonne an lá

sin, ar maidin, san iarnóin agus tráthnóna, mar ar mháirseáladar i gcruth slabhra dhaonna trí

na sráideanna, ag canadh ar feadh an bhealaigh. Bhí náire an domhain ar na háitritheoirí agus

meangadh neirbhíseach ar a mbéal.

Cé nár chuimhnigh sí ar aon airgead a bhreith léi, d’ól Olatz an oiread is ba mhaith léi den

chéad uair riamh, agus shnámh sí ar aghaidh mar a bheadh sí ag brionglóideach. D’fhan an

bhraistint sin léi fad is a casadh milliún duine uirthi is a sheol sí trí dhíle ainmneacha agus na

mílte aghaidh.

‘Tusa an t-aon Bhascach nach bhfuil ag ceiliúradh,’ arsa Alfontso, a láithrigh de phreab

lena hais.

D’aithin sí é ar a iarracht chiotach Bascais a labhairt. Ba é an t-aon duine de na

ceannasaithe a bhíodh glanbhearrtha, gona shúile gorma agus a dhéad cailce, agus bhíodh sé

gléasta go galánta i gcónaí.

‘Dáiríre?’ Thug a néaróga ar tinneall uirthi freagairt ní ba bhoirbe ná mar a bhí i gceist aici.

Bhreathnaigh Alfontso ar na scléipirí agus gáire Sheáin dóite air: bhí cuid acu ag ól, cuid

eile ag canadh, agus gach dhuine ag gáire is ag caitheamh. Bíodh is nach raibh sí riamh i

Sestao, samhlaíodh di go gcaithfidh gur mar seo a bhreathnaigh sé, agus na duail deataigh as

simléir na monarchana go léir ina luí ag foluain os a gcionn mar a bheadh ceo liath.

Page 25: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

25

Thug lánúin a n-aghaidh ar an doras, iad i ngreim láimhe ina chéile. Bhí na cailíní anseo i

bhfad níos neamhshrianta i gcás rudaí mar sin ná iad siúd in Zarautz. Ní raibh Olatz saonta:

bhí Alfontso ag caitheamh i bhfad ródheas léi.

‘I gceann naoi mí, béarfar a lán leanaí darb ainm Patxi!’ ar seisean.4 Ní raibh Olatz in ann ag

luí teasaí a shúl, agus d’ísligh sí a súile féin go dtí a gloine fíon saor. ‘Bíonn na cinn is áille i

gcónaí tógtha,’ ar sé le gotha is geáitse páiste chrosta. ‘An bhfuil buachaill agat?’ Sméid

Olatz a ceann, glugar ina bolg.

Ar éigean a bhí sí in ann na deora a chosc. Ní raibh scéal ná scuan tagtha ón mbaile faoi

Xabi. Bhí duine éigin tar éis insint dóibh go raibh sé ceart go leor, de réir dealraimh, ach b’in

an méid. Rug Alfontso ar an mbuidéal le gloine Olatz a athlíonadh. Chuir sé lámh thart ar

ghualainn léi agus tharraing chuige í.

‘Bíonn sé deacair ag an tús, tá a fhios agam,’ a dúirt sé go séímh, a bhéal gar dá cluas. ‘Ach

gabhann íobairtí leis an troid ar son na saoirse. Rachaidh tú i dtaithí ar chúrsaí, feicfidh tú.’

Fágadh Olatz ina staic. Dúirt sí ainm Xabi léi féin agus í ag iarraidh an borradh tobann dúile

a chur faoi chois. Ní fhéadfadh sí ligean dá colainn a bheith griogtha mar seo. Xabi, cá bhfuil

tú? In cé acu príosún?

‘An bhfuil tú ag iarraidh dul abhaile?’ arsa Alfontso de chogar.

Féadann focail cleasa gránna a imirt: soicindín sular thuig sí go raibh sé ag caint ar

Bidaxune, nocht íomhá de Xantio de phléasc ina hintinn.

Uair sa choicís, ar an Domhnach, thagadh a máthair agus a muintir ar cuairt i gcarr Dhaideo

Manuel. Chasaidís léi sa chearnóg ar a haon déag, agus d’fhanaidís go dtí a cúig. Bhí sé mar a

bheadh brus aráin ag fear ar an ngorta.

Abhaile? Nach cuma sa tsioc? Ní raibh uaithi ach imeacht as sin. B’amhlaidh a bhí an beár

sin mar a bheadh an chruinne go léir ann.

Agus iad ag bailiú leo amach, chuir Alfontso a lámh thart uirthi an athuair, ach nuair a

tharraing sí siar gan smaoineamh, mhothaigh sí an lámh ag sleamhnú de bheagán, agus

rinneadh droichead den lámh thar an spás eatarthu.

4IsgiorrúchánéPatxiarFranciscosaBhascais(tagairtdoFranciscoFranco).

Page 26: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

26

Ach in ionad rudaí a aontú, is amhlaidh a fhónann droichid leis an achar idir dhá áit, nó idir

bheirt, a aibhsiú. Tar éis siúl ar aghaidh go ciotach ar feadh tamaillín, lig Alfontso dá lámh

titim.

Istigh sa charr. Duine amháin ag cabaireacht, an duine eile chomh ciúin leis an uaigh. Léim

Olatz amach agus rith suas an cabhsa go dtí doras theach na feirme, ag brúscadh na bpúróg

faoina cosa. Ach ní raibh eochracha ar bith aici. A leithéid d’ainnise!

D’oscail Alfontso an doras di, rug ar lámh léi agus sheol í i dtreo a sheomra leapa ar urlár

na talún. Nuair a chonaic sí an leaba, chroith an scanradh as a cuid brionglóidí í. Shrac sí í

féin saor agus rop sí in airde staighre go barrthuisleach, ag cur dhá nó trí chéim di san

iarraidh, agus gáire Alfontso á gríosú.

Nuair a bhain sí di a cuid éadaí chuala sí cnagaireacht na bpúróg sa chabhsa, reibheáil innill

á thosú agus fuaim cairr á thiomáint chun siúil. Ag luí ansin ar a leaba bhuinc di, rith sé léi

nach raibh a fhios aici cé acu ba mhó a chuir náire uirthi: Xabi a bheith ligthe i ndearmad go

hiomlán aici ón gcéad súmóigín fíona anonn, nó mealltóireacht Alfontso nach raibh gan

choinne ar fad i ndáiríre.

Ba mhinic a labhraíodh faoi shaoirse gnéis ag na cruinnithe den ghrúpa feimineach a raibh

sí ina ball de in Usandizaga. A leithéidí de phlé agus de dhíospóireachtaí! Mar sin, cén fáth a

raibh sí chomh scanraithe anois? Cén fáth an t-aiféaltas?

D’airigh sí míshuaimhneach, agus bhí rud éigin eile freisin á cosc ó thitim in umar na

féintrua agus an tsóláis: teas de chineál éigin go domhain taobh istigh, braistint meallacachta,

buíochas gur léirigh duine éigin suim éigin inti, iontas na n-iontas. Agus a codladh ag titim

uirthi, áfach, réab an náire isteach mar an taoide ag iompú agus clúdaíodh gach rud eile.

Níl a fhios cé mhéad deor a shil sí agus cé mhéad feirge a bhraith sí ag fás aníos di mar

gheall ar an leasainm gránna sin: cailín aoiligh, a tugadh uirthi mar, dar leis na cailíní galánta

ó Santa Ana, go raibh boladh na buaraí uaithi. Agus bhíodh ingne a méar i gcónaí salach, ba

chuma cé chomh fada a chaitheadh sí á sciúradh sa chaoi go mbreathnóidís cosúil le hingne

na gcailíní galánta a chónaigh sa bhaile mór. Agus ba chuma cé chomh mór is a d’fhéach sí

lena lámha garbha a dhéanamh bog, ní raibh sí in ann mar go raibh siad fadharcánach ón

oiread sin grafadh créafóige.

Page 27: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

27

Nuair a tháinig Aintín Esti chun cónaithe i Xantio, rinne Olatz iarracht a boladh buaraí a

cheilt le cúpla deoir dá cuid cumhráin. Ach ní raibh aon mhaith ann. Gach uair a tháinig sí i

láthair na gcailíní eile ní bhfuair sí ach faíreach cailín aoiligh! D’fhulaing Mertxe an fhochaid

chéanna, go dtí gur bhog a teaghlach siúd go hárasán sa bhaile mór nuair a ghlan an bréantas

agus a stop na hachasáin.

Os a choinne sin, bhí ar Olatz fanacht go dtí gur bhláthaigh sí. De réir dealraimh, tig le

héadan dathúil an boladh is bréine amuigh a mhúchadh ar na buachaillí, agus is é an leigheas

is fearr ar an bhfonóid. Thiontaigh maslaí go míorúilteach ina moltaí, thar oíche beagnach.

B’íorónta an rud é, mar sin, gurbh é a heolas ar an bhfeirmeoireacht a thug bealach amach as

Bidaxune d’Olatz.

Bíodh is go ndearna sí iarracht éisteacht leo, bhí na ranganna polaitíochta chomh tur le féar

aille. Díle focal folamh: prólatáireacht, ceartas sóisialta, caipiteal, barrachas ... Ba chuma cé

chomh grinn is a bhreathnaigh sí, ní fhéadfadh sí an bhrí a bhí ceilte taobh istigh iontu

a fheiceáil.

De bhrí go mba leadránach léi na ceachtanna Bascaise, thosaigh sí ag obair sa gharraí scóir

agus ba ghearr gur tugadh a scil faoi deara, go háirithe ós rud é go mba lucht cathrach amach

is amach formhór na ndaoine eile a bhí ann. Tugadh deis di dul ag maireachtáil agus ag obair

ag teach feirme Etxepare in Muger. 30 ciliméadar ar shiúl. Aisti féin.

Bhíodh daoine ag teacht agus ag imeacht ar feadh an ama in Bidaxune, agus níor chuir a

himeacht lá iontais ar dhuine ar bith. An t-aon duine a rinne iarracht ar bith fanacht i

dteagmháil léi ná Alfontso, a thiomáin go Muger í, agus bhuaileadh sé isteach chuici ó am

go chéile.

Bhí cúrsaí ní b’fhearr in Etxepare. Labhair Xalbat, an t-athair, Bascais, ní hionann agus a

bhean agus a dtriúr mac. Ach ba bheag an gá a bhí le caint ar aon chaoi. Chúb Olatz chuici

féin, agus ba é bun agus barr a saoil ná a cuid oibre agus cuairteanna a teaghlaigh.

Lá amháin, tháinig litir ó Mertxe. Thosaigh sí le beannacht bharrúil i Spáinnis, Querida

Olach, agus sa chuid eile den litir, a scríobhadh i lámh chruinn aerach a carad, bhí cur síos ar

a raibh ag tarlú thiar in Zarautz, cé a bhí ag cur a tuairisce, agus an chaoi ar airigh daoine

Olatz uathu go mór.

Page 28: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

28

Maisíodh an litir le braisle croíthe beaga, agus bhain IS a breacadh go sciobtha i gcúinne mar

athsmaoineamh meangadh amach ar éadan Olatz: ‘Nach ort atá an t-ádh: cuirfidh mé geall go

dtig leat teacht ar éadaí de gach saghas thuas ansin. An bhféadfá péire Levi a fháil dom, le do

thoil? Tá a fhios agat, cinn na gcnaipí.’

Níor luadh tada faoi Karmelo, áfach. Oiread agus focal. Ba litir í ó pheann páiste. Nár bhreá

le Olatz bheith ina páiste arís!

B’annamh a shiúladh sí anuas ó Muger go Bayonne. Bhí neart le déanamh aici ar an

bhfeirm lena coinneáil gnóthach. Ach bhí an ceart ag Mertxe faoi rud amháin: bhí an saol

mór faoina lámh. Ní raibh ann ach nach raibh aon fhonn uirthi a lámha a shíneadh amach le

greim a bhreith air. Nuair a bhí daoine nár labhair a teanga féin mórthimpeall uirthi, bhraith sí

tuirseach agus folamh. Bhí ag méadú ar a hiarrachtaí cúl a chur ar na deora os comhair a

muintire, agus ar a dheacra a bhí sé ligean uirthi go raibh gach aon rud togha, go háirithe

nuair a d’fhuadaigh campa polaitiúil míleata ETA (ETAmp) Angel Berazadi.

Bhuail sí lena muintir an Domhnach sin ar thrá Hendaye den chéad uair. Mam, Daid, Mikel

beag agus Mamó Ixabel, iad go léir ina dtost; Daideo Teofilo agus cuil an diabhail air. Níor

thug sé póg bheannaithe di, go fiú, ach thosaigh láithreach bonn ar a racht a chur de:

‘Abair leo é a scaoileadh saor, lom láithreach! Is fíor-Bhascach é, Angel seo againne,

náisiúnaí ceart.’

Ní bhfaigheadh a máthair de mhisneach briseadh isteach; thug sí comhartha dá fear céile

lena súile, agus dúirt seisean go hard: ‘Is leor sin, a Uncail!’.

Rinneadh balbhán de Olatz. Cén chaoi a bhféadfadh sí cúrsaí a mhíniú? Bhraith sí ar nós

luascadáin, ag luascadh idir easpa cumhachta agus gruaim, idir díomá agus éadóchas.

‘Chomh fada agus is eol dúinn, níl tada acu i do leithse, a leanbh,’ arsa a máthair. An spéic

chéanna gach coicís. ‘Sin a dúradh linn. Agus thairis sin, anois go bhfuil Franco básaithe ...

tiocfaidh feabhas ar gach rud. Tar abhaile.’

Abhaile.

‘Nach bhfuil tú ag dul á insint di go brách?’ Bhí Daideo Teofilo fós le báiní. Dhírigh sé

méar ar a ghariníon. ‘Tá an buachaill galánta sin agat go breá ar fad, a chailín ó. Chuir a

athair chun siúil é an oíche féin a raibh sibh ceaptha éalú le chéile.

Page 29: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

29

Tá sé i mbun staidéir anois i scoil chónaithe ghalánta éigin in La Coruña. Nár scríobh

sé chugat?’

An chuid ba phianmhaire den chuairt ná na sláin á bhfágáil. Bhreathnaigh sí iad ag

iomramh ar ais go dtí a saol, fad a d’fhan sise ar ancaire ar nós ceann de na seanbháidíní sa

chalafort. An lá sin, den chéad uair, d’airigh sí faoiseamh bheith ina haonar. Agus brón.

Anois ní raibh fiú sólás chuairteanna a muintire aici mar ábhar tnútháin.

Bhí na chéad chuairteanna Domhnaigh eile ní ba mheasa fós: chuaigh Daideo Teofilo ar

aghaidh is ar aghaidh faoina chara, Angel Berazadi, ar ar thug sé a ainm Bascaise, Aingeru.

Labhair sé gan stad faoi, an club a raibh an bheirt acu ina mbaill de agus an baile mór a bhí

fágtha ina diaidh ag Olatz, é ag díriú a chuid tráchta uirthisean amhail is go mba urlabhraí ar

son na polimilis í. Íorónta, i ndáiríre, ón uair nach raibh sí riamh níos faide ar shiúl ó ETA.

D’éalaigh buíon mhór príosúnach as príosún Segovia an Luan sin. Níor shainigh na

léitheoirí nuachta ar na stáisiúin raidió Spáinnise cé mhéad acu a d’éalaigh, ach

dhearbhaíodar don phobal go ngabhfaí gan mhoill iad. Uaireanta an chloig gan nuacht ar bith.

Meidhréis náireach. An éireodh leo? Ach ní mhaireann sonas na mbochtán riamh, agus an

Déardaoin dár gcionn thángthas ar Berazadi, básaithe ó urchar sa chloigeann.

Bhraith sí rud éigin ag briseadh taobh istigh, amhail is go raibh duine éigin i ndiaidh an téad

deiridh a bhí á ceangal leis an bport a ghearradh agus go raibh sí anois curtha le sruth, fágtha

le lá a bhaint amach chomh maith agus ab fhéidir léi, gan aon seol ná maidí rámha, gan

chosaint ar bith ar an bhfarraige.

Ní raibh suaimhneas ar bith i ndán di an Domhnach dár gcionn, bíodh is nár tháinig a

seanathair i láthair. Tháinig sé an babhta dár gcionn, áfach. Bhí draighean oilc air, a éadan

fiata, a shúile ar caorthainn, a phluca craorag, agus a fhearg le feiceáil go follas ar línte caola

a liopaí. Chaith sé nuachtán chuici. Phioc Olatz suas é, náire an domhain uirthi: ‘Angel

Berazadi, dúnmharaithe’.

Bhí grianghraf ann. Ní raibh amhras ar bith uirthi, bhí sé feicthe aici milliún uair ag club

Gure Kabiya agus í ina cailín óg. Bhrúigh Daideo Teofilo na focail ‘An Fhrainc’ chomh dian

sin lena chorrmhéar go ndeachaigh sí glan tríd an bpáipéar.

Page 30: IXO –fuist– (1987)otherwordsliterature.eu/uploads/work/ixo_fuist_1987.pdf2 IXO – fuist – (1987) (c) Other Words / Yoseba Peña 2017 Is féidir iad siúd a bhí i ngéibheann

30

‘Bhí sibh tar éis teacht ar chomhréiteach!’ ar sé go stadach trína chuthach feirge. Agus

ansin tháinig cuma an lagmhisnigh air. ‘Cén fáth?’

Líon a shúile le deora, agus d’iompaigh sé a éadan uathu. Níor fhéad Olatz é a sheasamh ní

ba mhó agus bhris a gol uirthisean chomh maith. Níor tháinig a máthair i leith le barróg a

thabhairt di ar an toirt. Thug sí uirthi beagán a íoc i dtosach.

Ar deireadh, cumhdaithe i mbaclainn a máthar agus ag bailiú nirt as a boladh aithnidiúil,

dúirt sí de chogar: ‘An tseachtain seo chugainn, tabhair abhaile mé’.