lámhleabhar na gcomhaltaí foirne - nui galway · cuireann aonad forbartha na heagraíochta agus...

24
Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne forbairt forás foghlaim

Upload: others

Post on 27-May-2020

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Lámhleabhar na gComhaltaí Foirne

forbairt forás foghlaim

Cuireann Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne an lámhleabhar seo le chéile. Sonraí Teagmhála: T: 091 492 812 / 495 800/ 493 649 R: [email protected] G: www.nuigalway.ie/staffdevelopment

Clár RÉAMHRÁ ................................................................ 2

EOLAS FAOIN OLLSCOIL ...................................... An Bunreacht .......................................................... 3 Struchtúr na hOllscoile ............................................ 3 Foireann Bainistíochta na hOllscoile ........................ 4 Struchtúr Acadúil na hOllscoile ................................ 4 Airgeadas ................................................................ 4 Caidreamh le Fostaithe ........................................... 5

LÉARGAS AR BHEARTAIS .................................. 6 An Ghaeilge - Ár Ról Speisialta ............................... 6 Beartas Comhdheiseanna ....................................... 7 Beartas maidir le Ciapadh agus Gnéaschiapadh ...... 7 Beartas Sláinte agus Sábháilteachta ....................... 7 Beartas Frithbhulaíochta ......................................... 7 Nósanna Imeachta Araíonachta .............................. 7

AG CUR TÚS LE DO CHUID FOSTAÍOCHTA 8 Ionduchtú do Chomhaltaí Foirne nua ....................... 8 Comhordaitheoir Ionduchtúcháin .............................. 8 Acmhainní Daonna .................................................. 8 P45 ......................................................................... 8 Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) ............... 8 Comhaontú Óstála .................................................. 9 Ceadúnas Fostaíochta ‘Ceadúnas Oibre’ .............. 10 Clárú leis an GNIB ................................................ 10 Ceadúnas Inimirce & Fostaíochta .......................... 10 Tástáil Leighis Réamhfhostaíochta ........................ 10 Uimhir Foirne ........................................................ 10 Cárta Aitheantais Foirne ........................................ 10 Cuntas Campais .................................................... 11 Íocaíocht Tuarastail ............................................... 11 Scálaí Tuarastail ................................................... 11 Costais Athlonnaithe ............................................. 11 Scéim Ríomhairí na gComhaltaí Foirne Acadúla .... 11

EOLAS GINEARÁLTA AGUS TÚ AG TEACHT CHUN CÓNAÍ IN ÉIRINN

..................................................................................... 12 Clárú do Cháin ...................................................... 12 Cáin a Ríomh ........................................................ 13 Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) ....... 13 An Muirear Sóisialta Uilíoch (USC) ........................ 13 Bainc & Airgeadra ................................................. 13

SOCHAIR FOSTAITHE ........................................ 14 Áiseanna Cúraim Leanaí ar an gCampas .............. 14 Scéim Rothaíochta chun na hOibre ....................... 14 An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe ............................... 14 An Ciste Deontais i leith Foilseachán ..................... 14 An Scéim d’Iasachtaí Tithíochta ............................ 14 An Scéim do Leanúnachas Ioncaim ....................... 14 Pinsean ................................................................. 14 Scéim Lascaine na gComhaltaí Foirne .................. 14 Taisteal agus Cothabháil ....................................... 14 Scéim Pas Taistil ................................................... 14

FORBAIRT NA GCOMHALTAÍ FOIRNE ......... 15 Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne ................................................................... 15 An tIonad Sárchaighdeáin Foghlama agus Teagaisc (CELT) .................................................................. 15 Scéim Beartais Breisoideachais (FEP) .................. 16

ÁISEANNA & SEIRBHÍSÍ AR AN GCAMPAS 17 Eolas faoi Lóistín ................................................... 17 Dánlann na hOllscoile ........................................... 17 Seirbhísí Closamhairc ........................................... 17 Oifig na bhFoirgneamh .......................................... 18 An Siopa Leabhar ................................................. 18 Áiseanna Lónadóireachta an Champais ................ 18 Áiseanna Comhdhála ………………………… ......... 18

An Oifig Sláinte agus Sábháilteachta ...................... 18 Eolas faoi Árachas Sláinte .....................................19 Leabharlann Shéamais Uí Argadáin .......................19 Deasc Freastail na Leabharlainne agus IT ..............19 An tIonad Seirbhísí Poist ........................................19 Bainistíocht Soghluaisteachta & Páirceáil ...............20 Seirbhísí Priontála ..................................................20 Seirbhísí Slándála ar an gCampas .........................20 BEALACH ..............................................................20 Áiseanna Spóirt agus Áineasa ar an gCampas .......20 Club na gComhaltaí Foirne .....................................20 Club Sóisialta na gComhaltaí Foirne ......................21 An Malartán ...........................................................21 An tSeirbhís Aistriúcháin ........................................21

Réamhrá

Sa lámhleabhar seo gheobhaidh tú freagraí ar na ceisteanna is coitianta a bhíonn ag fostaithe nua de chuid OÉ Gaillimh. Fuarthas an t-eolas ó fhoinsí éagsúla inmheánacha i.e. láithreáin ghréasáin coláistí nó scoileanna agus ó fhoinsí seachtracha, i.e. láithreáin ghréasáin de chuid an rialtais.

Is treoir atá ann agus ní hionann é agus beartas oifigiúil na hOllscoile. B’fhéidir go mbeadh ort úsáid a bhaint as cáipéisí, as láithreáin ghréasáin agus as foilseacháin eile chun eolas atá cothrom le dáta a fháil.

I measc foinsí eile eolais tá:

• Leathanach baile chomhaltaí foirne na hOllscoile: www.nuigalway.ie/staff, áit a bhfuil próifíl na hOllscoile, eolas faoi Údarás na hOllscoile, an Chomhairle Acadúil mar aon le mapaí den champas agus stair na hOllscoile.

• Déantar Eolaire Campais OÉ Gaillimh a

thabhairt cothrom le dáta gach mí agus is féidir é a íoslódáil ó leathanach baile chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh, www.nuigalway.ie/staff

• Is féidir teacht ar eolas chomh maith ón Oifig

Preasa agus Eolais atá suite san Áirse sa Chearnóg nó ar láithreán gréasáin na hoifige ag www.nuigalway.ie/press/

• Cuireann an tInlíon Foirne, atá ar fáil ar leathanach baile chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh, eolas inmheánach cothrom le dáta ar fáil. I measc na ngnéithe is mó atá ar an inlíon tá nuacht an champais, foláirimh, féilire idirghníomhach agus dialann imeachtaí Ollscoile, ábhar poiblí cosúil le heolas sóisialta agus pearsanta (aon cheapachán nua, scor, breith, pósadh agus bás). Is féidir le comhaltaí foirne ábhair éagsúla a bhaineann leis an Ollscoil a phlé tríd an gclár plé.

Eolas faoin Ollscoil Tá OÉ Gaillimh, a bunaíodh faoin teideal Coláiste na Banríona Gaillimh in 1845, ar cheann de phríomhionaid feabhais acadúil na hÉireann. Sa mhír seo tabharfar eolas faoi bhunreacht, údaráis, struchtúir agus airgeadas na hOllscoile.

An Bunreacht Bunaíodh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 1845 faoin teideal Coláiste na Banríona Gaillimh, le Cairt faoi Acht Choláistí na Banríona (Éire). Faoi Acht na nOllscoileanna Éireannacha 1908, rinneadh Comh-Choláiste d’Ollscoil na hÉireann, a bunaíodh faoin Acht sin, di agus eisíodh an Chairt nua agus athraíodh an t-ainm go dtí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh. Faoi Acht na nOllscoileanna 1997, rinneadh athdhéanamh ar an gColáiste (chomh maith le Comh-Choláistí eile) mar chomh-Ollscoil d’Ollscoil na hÉireann, agus athraíodh an teideal go dtí Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Tagann seasamh dlíthiúil na hOllscoile ó Acht na nOllscoileanna Éireannacha 1908; a Cairt a eisíodh faoin Acht sin, Achtanna Choláiste na hOllscoile, Gaillimh 1929 agus 2006 agus Acht na nOllscoileanna 1997. Déantar tuilleadh forbartha ar fhorálacha na n-ionstraimí seo i Reachtanna agus i Rialacháin, a rinneadh de réir na nAchtanna agus na Cairte sin. Is tríd an Údarás um Ard-Oideachas den chuid is mó a bhíonn baint ag an Ollscoil go ginearálta leis an Stát.

Struchtúr na hOllscoile Is iad na trí thaca atá faoi struchtúr eagraíochtúil OÉ Gaillimh Údarás na hOllscoile, an Chomhairle Acadúil agus Foireann Bainistíochta na hOllscoile.

Tá Údarás na hOllscoile freagrach as gnóthaí uile na hOllscoile a bhainistiú agus a rialú. Seo a leanas na comhaltaí don tréimhse trí bliana go dtí an 31 Eanáir 2016: Cathaoirleach Neamhspleách, an tUachtarán, an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid, cúigear Ollúna/Comhollúna, cúigear comhaltaí foirne acadúla eile, triúr fostaithe eile, beirt oifigeach tofa de chuid Chomhaltas na Mac Léinn, mac léinn iarchéime amháin, ceathrar céimithe, seachtar tofa ag údaráis áitiúla an cheantair, beirt ainmnithe de chuid Ollscoil na hÉireann, triúr ainmnithe tofa ó eagraíochtaí seachtracha, Uachtarán Choláiste San Aingeal, Sligeach, duine ionadaíoch ar leasa ealaíonta agus cultúrtha agus triúr ainmnithe de chuid an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

Is í an Chomhairle Acadúil an príomhúdarás acadúil agus, faoi réir athbhreithnithe ó Údarás na hOllscoile, rialaíonn sí gnóthaí acadúla na hOllscoile, lena n-áirítear an curaclam, an teagasc agus an t-oideachas a chuireann an Ollscoil ar fáil. Is iad seo a leanas comhaltaí na Comhairle Acadúla: an tUachtarán, an Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid, Déin na gColáistí, na hOllúna (Ollúna Pearsanta agus Comhollúna san áireamh), na Cinn Disciplín eile agus comhaltaí acadúla eile agus mic léinn, an Leabharlannaí, Stiúrthóir an Oideachais Aosaigh agus Leanúnaigh agus Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha; faoi láthair tá timpeall 125 comhalta i gceist. Tá an tUachtarán i dteideal a bheith i gceannas ag gach cruinniú den Chomhairle.

(3)

Foireann Bainistíochta na hOllscoile Seo a leanas comhaltaí Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile: • An tUachtarán • An Meabhránaí agus Uachtarán Ionaid • Rúnaí na hOllscoile • An Sparánaí • An Leas-Uachtarán um Nuálaíocht agus

Feidhmíocht • An Leas-Uachtarán um Thionscadail

Chaipitil • An Stiúrthóir Feidhmiúcháin Oibríochtaí

Tá Foireann Bainistíochta na hOllscoile faoi cheannas an Uachtaráin, agus tá sé/sí ina c(h)eann agus ina p(h)ríomhoifigeach ar an Ollscoil agus ceaptar é/í ar feadh tréimhse deich mbliana. Ag feidhmiú faoin Uachtarán, tá réimse sonrach freagrachta ar gach comhalta d’Fhoireann Bainistíochta na hOllscoile (UMT).

Struchtúr Acadúil na hOllscoile Seo a leanas struchtúr acadúil OÉ Gaillimh: Coláistí • Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta

agus an Léinn Cheiltigh • Coláiste na hInnealtóireachta agus na

hIonformaitice • Coláiste an Leighis, an Altranais agus na

nEolaíochtaí Sláinte • Coláiste na hEolaíochta • Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí

agus an Dlí

Seo a leanas na Scoileanna agus na Rannóga a bhaineann le gach Coláiste:

Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh • Scoil na Tíreolaíochta agus na Seandálaíochta • Scoil na nDaonnachtaí • Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na

gCultúr • Scoil an Oideachais • Rannóg na nEolaíochtaí Iompraíochta

agus Sóisialta, ina mbeidh - Scoil na Síceolaíochta

- Scoil na hEolaíochta Polaitiúla agus na Socheolaíochta

Coláiste an Ghnó, an Bheartais Phoiblí agus an Dlí • Scoil Ghnó agus Eacnamaíochta J.E. Cairnes • Scoil an Dlí

Coláiste na hInnealtóireachta agus na hIonformaitice • Scoil na hInnealtóireachta agus na

hIonformaitice

Coláiste an Leighis, an Altranais & na nEolaíochtaí Sláinte • Scoil an Leighis • Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais • Scoil na nEolaíochtaí Sláinte

Coláiste na hEolaíochta • Scoil na Matamaitice, na

Staitisticí agus na Matamaitice Feidhmí

• Scoil na nEolaíochtaí Nádúrtha • Rannán na nEolaíochtaí

Fisiceacha, áit a mbeidh - Scoil na Ceimice

- Scoil na Fisice

Déan an Choláiste Beidh Déan mar oifigeach feidhmiúcháin ag gach Coláiste, a bheidh freagrach don Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid as gnóthaí riaracháin an Choláiste, de réir bheartas na hOllscoile agus i ndiaidh dul i mbun comhairle chuí leis na Cinn Scoile nó le Rannóga an Choláiste.

An Ceann Scoile nó Rannóige Beidh Ceann ar gach Scoil agus ar gach Rannóg, a cheapfar ar bhealach a leagfar amach sa Rialachán.

Beidh an Ceann Scoile nó Rannóige freagrach do Dhéan an Choláiste chuí as gnóthaí acadúla agus riaracháin na Scoile nó na Rannóige, de réir bheartas na hOllscoile agus i ndiaidh dul i mbun comhairle chuí le comhaltaí na Scoile nó na Rannóige.

Comhlíonfaidh gach comhalta d’fhoireann acadúil na Scoile nó na Rannóige a gcuid dualgas teagaisc agus dualgais eile faoi stiúir an Chinn Scoile nó Rannóige. Comhlíonfaidh gach comhalta foirne teicniúil, riaracháin agus coimhdeach a cheaptar sa Scoil nó sa Rannóg a gcuid dualgas faoi stiúir an Chinn Scoile nó Rannóige.

Airgeadas Is í an Ollscoil a húdarás airgeadais féin. Déantar an láithreán gréasáin Airgeadais a thabhairt cothrom le dáta go rialta agus is féidir teacht ar ag: http://www.nuigalway.ie/bursar/

(4)

Caidreamh le Fostaithe Chun caidreamh dearfach agus tairbheach a chothú idir an Ollscoil, an fhoireann agus na hionadaithe foirne, chun gníomhaíochtaí caidrimh thionsclaíoch a bhainistiú le ceardchumainn aitheanta ar fud na hOllscoile agus chun beartais agus nósanna imeachta réamhghníomhacha Acmhainní Daonna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a chothaíonn caidreamh dearfach le fostaithe agus comhchleachtais bhainistíochta.

Ceardchumainn Tugann OÉ Gaillimh aitheantas do roinnt ceardchumann a bhfuil sé de cheart acu ionadaíocht a dhéanamh ar chatagóirí áirithe foirne. • Déanann SIPTU agus IFUT

ionadaíocht ar na comhaltaí foirne acadúla.

• Déanann SIPTU ionadaíocht ar chomhaltaí foirne Riarachán, Leabharlainne, Teicniúla agus ar Oibrithe Ginearálta.

• Déanann UCATT, UNITE agus TEEU ionadaíocht ar oibrithe ceirde.

Tá tuilleadh eolais le fáil ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/hr/documents/trade_unions.pdf

Comhpháirtíocht Is éard is comhpháirtíocht ann ‘caidreamh gníomhach bunaithe ar aitheantas ar leas coitianta chun iomaíochas, inmharthanacht agus rathúnas an fhiontair a chinntiú. Tá baint aige le tiomantas leanúnach na bhfostaithe d’fheabhsúcháin ar chaighdeán agus ar éifeachtúlacht; agus fostóirí ag glacadh le fostaithe mar gheallsealbhóirí, le cearta agus leasa a chaithfear a thabhairt san áireamh i gcomhthéacs cinntí móra a chuireann isteach ar a gcuid fostaíochta. Baineann comhpháirtíocht le húinéireacht choitianta ar dhúshláin a bhaineann le rannpháirtíocht dhíreach na bhfostaithe/na n-ionadaithe agus infheistíocht ina gcuid oiliúna, forbartha agus timpeallacht oibre’.

D’éirigh leis an Ollscoil an múnla Comhpháirtíochta a chur chun cinn trí Choiste Comhpháirtíochta a bhunú, a bhfuil sé mar ról aige an próiseas athraithe a bhainistiú agus a stiúradh go héifeachtach ar fud na hOllscoile.

Baineann an Coiste Comhpháirtíochta an méid seo amach trí na nithe seo a leanas a dhéanamh: • fóram a chruthú áit ar féidir smaointe agus

eolas a roinnt agus deiseanna a aithint d’athrú agus d’fhorbairt trí chomhpháirtíocht

• iarracht a dhéanamh cur chuige

comhaontaithe a bhaint amach maidir le hathrú a bhainistiú agus aird á díriú ar spriocanna straitéiseacha na hOllscoile agus a cuid oibleagáidí faoi Chomhpháirtíocht Shóisialta

Tá ról straitéiseach ag an gCoiste Comhpháirtíochta seachas aghaidh a thabhairt, go mion, ar cheisteanna oibriúcháin. Ní thagann an Coiste Comhpháirtíochta in áit nósanna imeachta seanbhunaithe a bhaineann le caidreamh tionsclaíoch ach feidhmíonn sé comhthreomhar leo, agus cuireann sé leis an gcóras reatha caidrimh thionsclaíoch.

Tá eolas breise le fáil ar láithreán gréasáin na Comhpháirtíochta: www.nuigalway.ie/partnership/index.html

(5)

Léargas ar Bheartais

Tugann an mhír seo léargas ar chuid de bheartais OÉ Gaillimh. Tá páirt lárnach ag beartais i ngach Eagraíocht chun comhairle, trédhearcacht, cothroime agus comhsheasmhacht a chur ar fáil maidir le cinntí a dhéanamh, déileáil le daoine, etc.

An Ghaeilge - Ár Ról Speisialta Gné ar leith de ról OÉ Gaillimh mar Ollscoil is ea a gealltanas straitéiseach maidir le hoideachas Ollscoile trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Leagadh amach an gealltanas sin den chéad uair in Acht an Choláiste Ollscoile Gaillimh 1929. Cuireadh leis i bPlean Straitéiseach na hOllscoile 2003-08 i dtéarmaí níos leithne agus níos solúbtha. Ar mholadh na hOllscoile, thug an Stát aitheantas an athuair dó in Acht an Choláiste Ollscoile Gaillimh (leasú) 2006 mar ghné riachtanach leanúnach de phleanáil forbartha straitéisí na hOllscoile. Is é an aidhm bhunúsach atá leis an ról ceannaireachta sin go mbeidh ar chumas na hOllscoile freagairt go héifeachtach agus go praiticiúil, le tacaíocht na nGníomhaireachtaí Stáit ábhartha, do riachtanais uile - riachtanais oideachais, eacnamaíochta, forbartha agus chultúrtha - phobal labhartha na Gaeilge mar phobal beo, sa Ghaeltacht agus sa tír trí chéile.

Tá nósanna imeachta ag an Ollscoil maidir le riachtanas na Gaeilge d’earcaíocht i bpoist acadúla, i bpoist tacaíochta acadúla agus i bpoist tacaíochta acadúla san Acadamh agus i Roinn na Gaeilge. Má tharlaíonn sé go bhfuil cumas sa Ghaeilge riachtanach do phost, cinneann an Coiste Seasta do Cháilíocht Teanga an leibhéal cuí teanga atá riachtanach (bunaithe ar an gComhchreat Eorpach Tagartha maidir le Foghlaim Teangacha), agus ainmnítear an Bord Gaeilge chun an scrúdú Gaeilge a reáchtáil. Má éiríonn go maith leo sa scrúdú Gaeilge, cuirtear iarratasóirí ar ghearrliosta agus tugtar cuireadh chun agallaimh dóibh.

Cuirfear eolas chuig iarratasóirí nuair a chinntear go bhfuil cumas sa Ghaeilge riachtanach do phost.

Cuirtear ranganna Gaeilge ar fáil do chomhaltaí foirne na hOllscoile i rith na bliana acadúla; tá eolas breise le fáil in Áras na Gaeilge nó ar an láithreán gréasáin - www.acadamh.ie

(6)

Beartas Comhdheiseanna Tá OÉ Gaillimh tiomanta do chomhionannas deiseanna do gach comhalta foirne agus mac léinn, beag beann ar inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, aois, míchumas, cine, dath, náisiúntacht ná bunadh eitneach nó náisiúnta, más duine den lucht siúil iad nó má tá tuairim nó cleamhnacht bhraite pholaitíochta léirithe acu. Tá an tiomantas seo léirithe i mBeartas na hOllscoile maidir le Comhdheiseanna.

Tá eolas breise le fáil faoin mbeartas ar láithreán gréasáin na hOifige Comhionannais: www.nuigalway.ie/equality/policies.html

Beartas maidir le Ciapadh agus Gnéaschiapadh Tá OÉ Gaillimh tiomanta don phrionsabal go bhfuil gach mac léinn agus comhalta foirne i dteideal oibriú agus staidéar i dtimpeallacht saor ó chiapadh agus ó ghnéaschiapadh. Is faoi gach duine é a chinntiú nach dtarlaíonn ciapadh ar aon leibhéal san Ollscoil, agus meas agus dínit a thaispeáint do chomhghleacaithe.

Tá eolas breise le fáil faoin mbeartas ar láithreán gréasáin na hOifige Comhionannais: www.nuigalway.ie/equality/policies.html

Beartas Sláinte agus Sábháilteachta Ullmhaíonn agus cuireann an Ollscoil plean bainistíochta sábháilteachta mionsonraithe i bhfeidhm ar a dtugtar an Ráiteas Sábháilteachta. Tugann sé seo sonraí ar leith ar ghuaiseacha san ionad oibre, conas a dhéantar iad a bhainistiú agus cé atá freagrach astu. In OÉ Gaillimh tá príomhcháipéis beartais maidir le ráiteas sábháilteachta, agus ullmhaíonn gach Coláiste/Scoil/Institiúid Taighde/Seirbhís Tacaíochta a ráiteas sonrach sábháilteachta féin. Ní mór do gach fostaí a bheith ar an eolas faoi mhíreanna an Ráitis Sábháilteachta a bhaineann leo féin. Tá lámhleabhar foirne “Riachtanais Sábháilteachta” ar fáil a thugann níos mó eolais ar shocruithe sábháilteachta OÉ Gaillimh.

Chun tuilleadh eolais a fháil fúthu seo agus faoi sheirbhísí sábháilteachta eile don ionad oibre in OÉ Gaillimh féach www.nuigalway.ie/healthsaf/

Beartas Frithbhulaíochta Tá sé mar aidhm ag OÉ Gaillimh timpeallacht oibre, foghlama agus shóisialta a chothú ina n-oibríonn gach comhalta foirne agus gach mac léinn le chéile ar bhealach dearfach agus sítheach. Glactar leis san Ollscoil gur cheart go dtabharfadh an timpeallacht oibre deis do gach fostaí a c(h)uid oibre a dhéanamh gan

fulaingt de bharr bulaíochta ná imeaglú ó chomhalta foirne eile. Is ábhar tromchúiseach í an bhulaíocht. D’fhéadfadh bulaíocht tarlú go rialta agus tá neart cineálacha ann. Is faoi gach duine é a chinntiú nach dtarlaíonn bulaíocht ná imeaglú ar aon leibhéal san Ollscoil. Ba chóir go dtuigfeadh gach fostaí nach féidir glacadh le bulaíocht, a chuireann isteach ar dhínit duine ag an obair agus d’fhéadfadh gníomh araíonachta a bheith ann má tharlaíonn a leithéid. Cuireann OÉ Gaillimh seirbhís idirghabhála ar fáil chun cur ar chumas na foirne aighnis idirphearsanta a réiteach ar bhealach neamhfhoirmiúil.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig láithreán gréasáin na hOifige Acmhainní Daonna: www.nuigalway.ie/hr/pol_pro/conduct.html

Nósanna Imeachta Araíonachta Is é aidhm an nós imeachta seo a chinntiú go gcaitear go comhsheasmhach agus go cothrom le fostaithe a ndéantar beart araíonachta ina n-éadan. Ní chuirfear an nós imeachta seo i bhfeidhm go dtí go mbeidh beart neamhfhoirmiúil déanta ar dtús. Ba cheart gur beart ceartaitheach a bheadh sa bheart araíonachta, go príomha, agus go dtabharfadh an beart sin deis don fhostaí, más cuí, a (h)iompar a fheabhsú agus/nó a f(h)eidhmíocht sa phost a fheabhsú ionas go mbeadh an t-iompar nó an fheidhmíocht sin ar chaighdeán a bheadh inghlactha ag an Ollscoil. Tá gníomh araíonachta cuí nuair a theipeann ar fhostaí caighdeáin shásúla a bhaint amach i ndáil le, mar shampla, iompar, feidhmíocht sa phost, tinreamh, coimeád an ama agus aird a thabhairt ar rialacha agus ar rialacháin na hOllscoile.

Tá eolas breise le fáil faoin mbeartas ar láithreán gréasáin na hOifige Acmhainní Daonna: www.nuigalway.ie/hr/pol_pro/conduct.html

(7)

Ag Cur Tús le do Chuid Fostaíochta in OÉ Gaillimh

Mar chomhalta foirne nua in OÉ Gaillimh, d’fhéadfadh go leor ceisteanna a bheith agat. Déanfar iarracht sa mhír seo freagraí a thabhairt ar chuid mhaith de na ceisteanna coitianta.

Ionduchtú do Chomhaltaí Foirne nua Ceaptar comhordaitheoir logánta (sonraí thíos) chun ionduchtú a chur ar fáil do gach comhalta foirne nua, ar an gcéad lá oibre go hiondúil. Déantar ionduchtú sa limistéar oibre ina mbeidh sé/sí lonnaithe chun cabhrú le comhaltaí foirne nua, chun é/í féin a chur ar an eolas faoina ról agus faoina f(h)reagrachtaí laistigh den scoil nó den aonad, chun aithne a chur ar a c(h)omhghleacaithe, agus na sonraí praiticiúla nuair a bhíonn duine ag tosú i bpost nua, i.e. spás oifige/deisce, suíomh an fhotachóipeálaí, etc.

Tugtar pacáiste ionduchtaithe do chomhaltaí foirne nua nuair a thairgeann an oifig Acmhainní Daonna post dóibh. Chomh maith leis sin tá físeáin ghearra ar fáil ar líne ag: www.nuigalway.ie/staffdevelopment

Comhordaitheoir Ionduchtúcháin Is ar an gComhardaitheoir Ionduchtúcháin atá an phríomhfhreagracht laistigh dá Scoil/Aonad as cabhrú agus comhordú a dhéanamh ar an ionduchtú do chomhaltaí foirne nua ag leibhéal an Disciplín, na Scoile, an Aonaid.

Acmhainní Daonna Nuair a thosaíonn tú ag obair san Ollscoil, moltar duit dul chun cainte le duine éigin san oifig Acmhainní Daonna chun soiléiriú a fháil ar aon cheisteanna atá agat maidir le do cheapachán, chun eolas a fháil ar bheartais agus ar nósanna imeachta Acmhainní Daonna, etc.

P45 Nuair a thosaíonn tú ag obair san Ollscoil, tabhair leat d’Fhoirm P45 ó do chuid fostaíochta roimhe sin chuig an oifig Acmhainní Daonna. Nuair a fhágann tú do chuid fostaíochta, caithfidh d’fhostóir foirm P45 a thabhairt duit. Taispeánann do P45 do phá, do cháin agus d’asbhaintí ÁSPC ó thús na bliana cánach go dtí go gcríochnaíonn tú do chuid fostaíochta.

Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) Is ionann Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí agus uimhir thagartha uathúil don tSeirbhís Phoiblí, lena n-áirítear Leas Sóisialach, cáin, oideachas agus seirbhísí sláinte.

Seans go bhfuil uimhir PPS agat cheana féin más Náisiúnach de chuid na hÉireann thú agus:

• má rugadh in Éirinn thú sa bhliain 1971 nó ina dhiaidh • má thosaigh tú ag obair in Éirinn tar éis mhí Aibreáin 1979 • má tá tú ag fáil íocaíocht Leasa Shóisialaigh • má tá tú rannpháirteach sa Scéim Íocaíochta Drugaí • Má tá uimhir Ioncaim agus Árachais Shóisialaigh (RSI) agat cheana féin, ní thagann aon athrú air sin, ach go mbeidh an teideal éagsúil. Mura bhfuil Uimhir PPS agat, caithfidh tú clárú leis an Roinn Coimirce Sóisialaí mar seo a leanas: Ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le d’Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh (tá an oifig áitiúil i gcathair na Gaillimhe lonnaithe in Áras Uí Eidhin, Sráid San Aibhistín - in aice le Leabharlann na cathrach, uimhir ghutháin - 091 500800). Cabhróidh an oifig seo leat leis an bpróiseas clárúcháin. Iarrfar ort fianaise dhoiciméadach ar chéannacht agus ar chónaí sa tír seo a chur ar fáil. Féach ar an mír “Conas Iarratas a Dhéanamh” ar láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Dóibh siúd nach bhfuil cónaí orthu sa tír seo, bain úsáid as an “bhFoirm Fiosrúcháin ar líne” chun teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Céannachta Cliant nó glaoigh ar + 353 71 967 2616 chun na foirmeacha cuí a fháil sa phost.

(8)

Comhaontaithe Óstála Tá próiseas comhaontaithe óstála bunaithe ag OÉ Gaillimh a bhaineann le fostaithe ar chonarthaí taighde agus roinnt post léachtóireachta.

Bíonn comhaontú óstála idir taighdeoir agus eagraíocht taighde creidiúnaithe (OÉ Gaillimh) chun náisiúnaigh tríú tíortha (neamh-EEA) a ligean isteach in Éirinn chun críocha taighde eolaíoch.

Tá sonraí uile an chomhaontaithe mar aon leis na buntáistí a bhaineann leis ar fáil ag http://www.euraxess.ie/academic/page.aspx?SP=3

NB: teastaíonn víosaí iontrála ó náisiúnaigh neamh-EEA ar leith chun cead taistil - féadfaidh an próiseas seo suas le hocht seachtaine a thógáil. Bíonn sé níos sciobtha go hiondúil (4-5 seachtaine) má bhíonn seirbhís víosa Éireannach sa tír ina ndéantar an t-iarratas. Níl an áis le víosaí a eisiúint ach ag sé ambasáid Éireannacha, is iad sin:

• Londain • Moscó • Béising, An tSín • Deilí Nua, An India • Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha • Lagos, An Nigéir

Seoltar gach iarratas a dhéantar i dtíortha eile ar ais chuig an Roinn Dlí agus Cirt i mBaile Átha Cliath, déanann an Roinn an próiseas víosa a bhainistiú.

Chun iarratas a dhéanamh ar Víosa Iontrála: Céim a hAon:

Nuair a fhaightear páipéarachas críochnaithe an taighdeora, comhshíníonn oifig Acmhainní Daonna OÉ Gaillimh an conradh agus an comhaontú óstála agus seoltar ar ais an páipéarachas sínithe ar fad le cúiréir.

Céim a Dó:

Seolann an taighdeoir an páipéarachas chuig an ambasáid Éireannach is gaire dó/di - NB ba cheart go gcoinneodh na hambasáidí cóipeanna agus na buncháipéisí a thabhairt ar ais don iarratasóir. Ba cheart don Taighdeoir féachaint ar láithreán gréasáin EURAXESS Ireland ag: http://www.euraxess.ie/academic/Page. aspx?SP=138 a thugann eolas faoin nós imeachta maidir le hiarratas a dhéanamh ar víosa Iontrála.

Céim a Trí:

Eiseofar víosa iontrála don taighdeoir ansin

Ceadúnas Fostaíochta ‘Ceadúnas Oibre’ Ceadúnas fostaíochta é an Ceadúnas Fostaíochta ‘Ceadúnas Oibre’ a eisítear don fhostaí, a cheadaíonn a f(h)ostaíocht sa Stát leis an bhfostóir sa ghairm sonraithe ar an gceadúnas. Is iad Ceadúnais Fostaíochta ‘Ceadúnas Oibre’ an príomhfheithicil a úsáideann an Stát chun náisiúnaigh tríú tíortha (neamh-EEA) a mhealladh do phoist le leibhéal ginearálta scile. Neamhchosúil le Ceadúnais Fostaíochta ‘Cárta Glas’ a shonraíonn an Stát na poist incháilithe, measann Ceadúnais Fostaíochta ‘Ceadúnas Oibre’ gach post a bheith incháilithe mura luaitear a mhalairt. Dá bhrí sin, tá gach post incháilithe mura luaitear a mhalairt (féach ar an láithreán gréasáin do liosta catagóirí fostaíochta neamh-incháilithe do cheadúnais fostaíochta). Dá bhrí sin, is é an príomhbhuntáiste a bhaineann le Ceadúnas Fostaíochta ‘Ceadúnas Oibre’ d’iarratasóirí ionchasacha go gceadaíonn sé réimse níos leithne post ná mar a cheadaíonn Ceadúnais Fostaíochta eile. Meastar gach post ar an Liosta Post Ardscileanna a bheith incháilithe (féach ar an láithreán gréasáin http://www.djei.ie/labour/workpermits /workpermitemploymentpermit.htm).

Clárú le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB) Má tá cárta glas/comhaontú óstála agat nó ceadúnas oibre caithfidh tú clárú leis an GNIB laistigh de sheacht lá duit teacht go hÉirinn. Tabharfar Cárta Clárúcháin duit ar feadh thréimhse 12 mhí. Teastóidh na cáipéisí seo a leanas:

• do phas, • conradh fostaíochta, comhaontú óstála/cárta

glas/ceadúnas oibre • Teastaíonn fianaise ar sheoladh in Éirinn ó gach

duine nua, caithfear litir a fháil ó óstán/teach lóistín go dtí go mbeidh seoladh níos buaine agat. Is féidir leat do sheoladh nua a chur ar facs chuig GNIB nuair a bheidh socruithe déanta agat. (Uimhir faics: 091 768003) Tá oifig na Gaillimhe den GNIB lonnaithe in Aonad 3, Eastát Tionsclaíochta an Leasa Bháin, Bóthar Thuama. Uaireanta oscailte: Luan - Déardaoin 0730 – 1400. Aoine 0730 – 1230 amháin. Tá táille €300 ar an gcárta bliantúil clárúcháin. Is féidir an táille seo a íoc le cárta léasair/cárta creidmheasa. Ní ghlactar le hairgead tirim ná le seiceanna. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le gíoró bainc chomh maith ach caithfidh iarratasóirí filleadh ar an oifig sin chun an cárta a bhailiú seacht lá ina dhiaidh sin má úsáideann siad an modh seo.

(9)

An Próiseas Ag brath ar an gcineál Ceadúnais Fostaíochta a bhfuiltear ag déanamh iarratais air, déanann eagraíocht an fhostaithe iarratas ar fhoirm oifigiúil iarratais (Oifig Acmhainní Daonna, OÉ Gaillimh). Nuair a fhaigheann an Roinn an t-iarratas, cuirtear isteach i bPróiseas na gCeadúnas Fostaíochta é agus déantar é a mheas de réir na rialacha agus na gcritéar cuí a bhaineann le gach cineál Ceadúnais Fostaíochta.

Ceadúnais Inimirce & Fostaíochta Ní cheadaíonn ceadúnas fostaíochta duit cónaí sa tír, ach is cead atá ann do dhuine cónaí in Éirinn le bheith fostaithe sa Stát. Feidhmíonn Ceadúnais Fostaíochta comhthreomhar le Próisis Inimirce an Stáit.

I ndiaidh iarratas rathúil ar Cheadúnas Fostaíochta, agus má theastaíonn Víosa, ba cheart d’iarratasóir iarratas a dhéanamh ar a (h)Ambasáid/C(h)onsalacht Éireannach féin chun Víosa iontrála a fháil.

Tá duine ar bith ar mian leo teacht isteach sa Stát, bíodh víosa ag teastáil nó ná bíodh, faoi réir na ngnáthrialachán inimirce ar iontráil dóibh. Dá bhrí sin, caithfidh gach cáipéis ábhartha agus tacaíochta, Ceadúnas Fostaíochta bunaidh san áireamh, a bheith ar fáil don Oifigeach Inimirce. Is faoi dhiscréid an Oifigigh Inimirce atá iontráil go dtí an Stát i gcónaí. Ionas go mbeidh cónaí dlíthiúil ort sa Stát, tá sé riachtanach go gcláródh gach náisiúnach neamh-EEA a bhfuil Ceadúnas Fostaíochta acu le Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Inimirce (GNIB). Is chun leasa an duine féin é clárú chomh luath agus is féidir tar éis dó/di teacht chun na tíre. Má bhíonn moill ar chlárú le GNIB d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar chónaitheacht fhadtréimhseach agus/nó ar shaoránacht a cheadú. Ba cheart cead inimirce le fanacht sa tír a athnuachan, nuair is cuí, mí amháin ar a laghad roimh an dáta éaga d’fhonn láithreacht neamhdhlíthiúil sa Stát a sheachaint.

Ba chóir go mbeadh na nithe seo a leanas i gcónaí ag náisiúnaigh neamh-EEA atá ina gcónaí sa Stát: • Cead reatha ó na hÚdaráis Inimirce a

bheith sa Stát, agus • Pas cothrom le dáta.

Tástáil Leighis Réamhfhostaíochta Éilíonn an Ollscoil go líonfadh an t-iarratasóir molta ceistneoir sláinte réamhfhostaíochta agus d’fhéadfaí scrúdú leighis ó Dhochtúir Teaghlaigh (ainmnithe ag an Ollscoil) a éileamh más gá, a chuirfear ar aghaidh chuig an Oifig Acmhainní Daonna, sula n-eisíonn OÉ Gaillimh conradh ceapacháin.

Uimhir Foirne Uimhir uathúil atá san uimhir foirne a thugann rochtain duit ar sheirbhísí na hOllscoile.

Tabharfar uimhir duit nuair a dheimhnítear do chonradh fostaíochta agus nuair a chuireann tú do chuid sonraí pearsanta ar fad ar fáil (i.e. uimhir PPS, sonraí bainc etc.) don Oifig Acmhainní Daonna. Tá sé riachtanach mar sin go gcuireann tú do chuid sonraí ar fad ar fáil

chomh luath agus is féidir leat nó d’fhéadfaí moill a chur ar do rochtain ar sheirbhísí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig Acmhainní Daonna ar an bhfolíne 2151 chun d’uimhir foirne a fháil.

Cárta Aitheantais Foirne Leagann an beartas seo amach treoirlínte maidir le tairgeadh agus dáileadh cártaí aitheantais foirne. Tá na catagóirí foirne seo a leanas i dteideal cárta aitheantais: • Comhaltaí Foirne Buana • Comhaltaí Foirne Sealadacha le conradh sé mhí

ar a laghad

Cuspóir an Chárta Aitheantais Foirne Is cruthúnas é do chárta aitheantais gur fostaí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh thú. Tugann an cárta aitheantais rochtain d’fhostaithe ar áiseanna na hOllscoile cosúil leis an leabharlann, áiseanna spóirt agus ISS.

Eisítear cárta aitheantais nuair a chuireann fostaí nua tús lena c(h)uid fostaíochta. Eisítear uimhir aitheantais nuair a shíníonn fostaí a c(h)onradh, agus a leagann sé/sí isteach a c(h)árta taifid fostaí mar aon le cárta aitheantais a bhfuil grianghraf díot air (féach thuas). Ba cheart grianghraf pas a chur ar fáil nó is féidir do ghrianghraf a thógáil ag deasc fáilte na hoifige Acmhainní Daonna.

Eisíonn an oifig Acmhainní Daonna na cártaí aitheantais. Chun teagmháil a dhéanamh leis an oifig cuir glao ar 091 492151.

Cártaí Aitheantais caillte nó goidte Níor cheart do chárta aitheantais a fhágáil gan aird ar dheasca ná é a iompar ar bhealach go bhféadfaí é a chailleadh nó a ghoid. Ba cheart an oifig Acmhainní Daonna a chur ar an eolas má chailltear nó má ghoidtear do chárta aitheantais. Is féidir cárta aitheantais nua a fháil má chailltear nó má ghoidtear do cheann féin ach beidh costas €13.00 ag baint leis sin. Ní fhéadfaidh comhalta foirne ach cárta bailí amháin a bheith ina s(h)eilbh. Tá dianchosc ar chárta aitheantais a mhacasamhlú.

Cúram do Chártaí Ná déan poill le pritil ar do chárta aitheantais.

Leasuithe ar an gcárta aitheantais Níl aon chostas ar cheartúcháin ná ar leasuithe a dhéanamh ar chárta aitheantais. Caithfidh an ceartúchán/leasú a bheith le feiceáil ar thaifid foirne an chomhalta foirne sula n-eiseofar cárta aitheantais nua.

An cárta a thabhairt ar ais nuair a chríochnaíonn tú d’fhostaíocht Is faoi úinéireacht OÉ Gaillimh atá do chárta aitheantais agus caithfear é a thabhairt ar ais don oifig Acmhainní Daonna nuair a thagann deireadh le do thréimhse fostaíochta san Ollscoil. Cuirfear an Leabharlann agus ionaid ábhartha eile ar an eolas nuair a bhaintear comhalta foirne den Phárolla agus scriosfar a c(h)árta aitheantais.

(10)

Cuntas Campais Is féidir cuntas campais a shocrú chomh luath is a chuirtear uimhir aitheantais ar fáil. Úsáidtear an uimhir sin chun teacht ar do chuntas ríomhaire campais. Téigh chuig https://www.cass.nuigalway.ie/, tabharfaidh sé rochtain duit ar rphost (exchange 2010), ríomhlanna foirne, blackboard, seirbhísí wifi, córais leabharlainne, páirceáil, bainisteoir láithreáin, IRIS - Córas Faisnéise um Thaighde Institiúideach. *Tabhair faoi deara: Tá pasfhocail Agresso, Core agus Core Time, agus Quercus difriúil ón bpasfhocal don chuntas campais.

Íocaíocht Tuarastail Íoctar tuarastal míosúil in OÉ Gaillimh ar an tríú lá deireanach de gach mí trí dhochar díreach isteach i do chuntas bainc. Caithfear sonraí bainc cothrom le dáta a thabhairt don oifig Acmhainní Daonna ionas gur féidir an íocaíocht chuí a dhéanamh agus aon asbhaintí cuí a choinneáil siar. Seoltar duillín pá le do thuarastal agus d’asbhaintí air gach mí.

Íoctar tuarastal seachtainiúil in OÉ Gaillimh gach Déardaoin trí dhochar díreach isteach i do chuntas bainc. Is iad cáin agus árachas sóisialta na príomh-asbhaintí as do thuarastal. Is faoin gcomhalta foirne féin é a chinntiú go bhfuil an t-eolas a thugtar don oifig Acmhainní Daonna cothrom le dáta i gcónaí.

Caithfidh tú an oifig Acmhainní Daonna a chur ar an eolas faoi na sonraí seo a leanas (ar fáil go hiondúil ar an gCárta Taifid Fostaí): • Ainm agus Seoladh an Bhainc • Uimhir chuntais • Cód Sórtála • Ainm(neacha) ar an gcuntas.

Scálaí Tuarastail Chun teacht ar na scálaí tuarastail bain úsáid as an nasc seo a leanas: www.nuigalway.ie/financial_accounting/services/ payroll.html

Costais Athlonnaithe (Costais Aistrithe) Is é beartas na hOllscoile cabhrú le daoine nuacheaptha le costais a bhíonn orthu bogadh go Gaillimh ar a gcéad cheapachán chuig post mar chomhalta foirne acadúil* nó mar chomhalta foirne sinsearach riaracháin* (A.O. nó os a chionn). *Comhalta Foirne = fostaithe buana agus daoine ar comhionann leo iad mar a shainmhínítear sa reachtaíocht iomchuí

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig an láithreán gréasáin seo a leanas: http://www.nuigalway.ie/financial_accounting/ policies_procedures.html

Scéim Ríomhairí na gComhaltaí Foirne Acadúla Déanann Réitigh agus Seirbhísí Faisnéise (ISS) i gcomhar leis an oifig Acmhainní Daonna riar ar scéim Ríomhairí na gComhaltaí Foirne. Ní bhaineann sé seo ach le comhaltaí foirne acadúla amháin. Tá comhaltaí foirne acadúla buana nua agus comhaltaí foirne ar conradh atá á gceapadh ar feadh tréimhse trí bliana ar a laghad i dteideal, faoi scéim atá á riar ag an oifig Acmhainní Daonna, ríomhaire agus printéir nua nuair a cheaptar iad. Cuirfidh an oifig Acmhainní Daonna ISS ar an eolas faoi gach ceapachán nua. Déanfaidh ISS teagmháil ansin leis an gCeann Scoile cuí agus/nó leis an gcomhalta nuacheaptha chun sonraí ábhartha a fháil. Cuirfear ríomhaire agus printéir caighdeánach ar fáil. Cuirfidh ISS MS office, SPSS, brabhsálaithe Idirlín agus Córais rphoist ar an ríomhaire.

Tabhair faoi deara má theastaíonn aon chlár neamhchaighdeánach ó chomhalta foirne, a ardaíonn an costas os cionn na gnáthshonraíochta, beidh an costas breise seo le fáil ó chiste na Scoile. Tá comhaltaí foirne acadúla reatha a bhfuil ríomhaire acu le cúig bliana nó os a chionn incháilithe chomh maith. Tabhair faoi deara: I ngach cás eile tá Scoileanna freagrach as costais a bhaineann le ríomhairí a cheannach nó a athsholáthar.

(11)

Eolas Ginearálta agus Tú ag Teacht Chun Cónaí in Éirinn

Clárú do Cháin Nuair a thosaíonn tú ag obair san Ollscoil, moltar duit dul chun cainte le duine éigin san oifig Acmhainní Daonna chun soiléiriú a fháil ar na cáipéisí a theastaíonn do chuspóirí párolla, córas cánach na hÉireann nó chun soiléiriú a fháil ar aon cheisteanna atá agat maidir le do cheapachán.

Nuair a fhaigheann tú d’uimhir PPS ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ba cheart an uimhir sin a thabhairt do d’fhostóir agus ba cheart duit Foirm 12A na gCoimisinéirí Ioncaim a líonadh (Iarratas ar Theastas Creidmheasanna Cánach agus Pointe Scoite Ráta Caighdeánach Cánach).

Is féidir an Fhoirm 12A a íoslódáil ó láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie nó ó d’oifig áitiúil Cánach.

Chun an Fhoirm 12A a líonadh teastóidh an t-eolas seo a leanas uait: • Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) • Uimhir Chlárúcháin ÍMAT d’fhostóra

(0022578J is ea uimhir OÉ Gaillimh)

Ba cheart an Fhoirm 12A chomhlánaithe a sheoladh chuig d’Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Tar éis d’Fhoirm 12 A a fháil, seolfaidh na Coimisinéirí Ioncaim Teastas Creidmheasanna Cánach chugat, agus ag an am céanna seolfaidh siad Teastas Creidmheasanna Cánach chuig d’fhostóir ionas gur féidir na hasbhaintí cuí cánach a dhéanamh ar do thuarastal. Mura bhfaigheann tú ‘Teastas Creidmheasanna Cánach agus Pointe Scoite Ráta Caighdeánach Cánach’ sula dtosaíonn tú i do chuid fostaíochta íocfaidh tú cáin éigeandála. Ciallaíonn cáin éigeandála go mbaintear an iomarca asbhaintí cánach díot. Is ar mhaithe leat féin é do Theastas Creidmheasanna Cánach agus Pointe Scoite Ráta Caighdeánach Cánach a fháil agus gan an iomarca cánach a bheith bainte díot.

Tá treoir foilsithe ag na Coimisinéirí Ioncaim, Employee's Guide to PAYE - IT11, d’fhonn buntuiscint a thabhairt d’íocóirí cánach ÁSPC ar an gcóras faoina n-íocann siad cáin.

Déileálann an treoir seo le: • Conas uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS) a fháil • Conas Teastas Creidmheasanna Cánach a fháil • Céard is gá a dhéanamh sula dtosaíonn tú ag obair den

chéad uair • Ag filleadh ar an obair le fostóir a bhí agat cheana

Tá gach foirm agus foilseachán ar fáil ar: • láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim, www.revenue.ie • Seirbhís foirmeacha agus bileog na gCoimisinéirí Ioncaim

ag Íosghlao 1890 306 706 • Aon oifig de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim

• Oifig áitiúil de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim (12)

Tá Gaillimh i Réigiún na Teorann, Lár-Tíre agus an Iarthair, tá an réigiún foroinnte ina cheantair ioncaim. Tá gach ceantar freagrach as Seirbhís do Chustaiméirí, comhlíonadh, agus feidhmeanna iniúchta do na cánacha agus dleachtanna do dhaoine atá ina gcónaí agus do ghnólachtaí atá á mbainistiú agus á rialú ina limistéar tíreolaíoch.

Uimhir Íosghlao ÁSPC Réigiún na Teorann, Lár-Tíre agus an Iarthair d’fhostaithe 1890 777 425

Tá an oifig áitiúil i nGaillimh lonnaithe ag: Geata na Cathrach, Faiche an Aonaigh, Gaillimh. Uaireanta: 08:30a.m. - 4:00p.m. Ó Luan go hAoine Teil: 091 547700

Cáin a Ríomh Chun eolas a fháil faoin gcaoi a ndéantar do cháin a ríomh, téigh chuig láithreán gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim ag www.revenue.ie/ en/personal/faqs/how-do-i-work-out-my-tax.html.

Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) Is éard is ranníocaíocht ÁSPC, a íocann an fostóir agus an fostaí go hiondúil, céatadán de thuilleamh ináirithe (i.e. pá comhlán lúide aoisliúntas agus ranníocaíochtaí Árachais Bhuain Sláinte, bainte amach ag an bhfostóir faoi shocrú ar phá glan, atá ceadaithe do chuspóirí cánach ioncaim). Tagann an ranníocaíocht ÁSPC ó Árachas Sláinte agus an Ranníocaíocht Sláinte.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi ÁSPC, téigh chuig láithreán gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí www.welfare.ie/en/Pages/Pay-Related-Social- Insurance-PRSI-Explained.aspx

An Muirear Sóisialta Uilíoch (USC) Is cáin é an Muirear Sóisialta Uilíoch atá iníoctha ar ioncam comhlán, pá nóiseanúil san áireamh, tar éis faoiseamh do liúntais chaipitil ar leith, ach roimh ranníocaíochtaí pinsin. Tá eolas breise le fáil ar: www.revenue.ie/en/tax/usc/

Bainc & Airgeadra Tá eolas le fáil faoi bhainc agus baincéireacht i nGaillimh ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.galway.net/galwayguide/service/finance/bank/ I measc na mbrainsí Bainc atá gar do champas na hOllscoile tá: • Banc na hÉireann,

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Teil: 091 524555, Facs: 091 527671

• Banc Aontas Éireann,

Bóthar na Drioglainne, an Caisleán Nua, Gaillimh Teil: 091 524466, Facs: 091 524095

• Banc Uladh, Bóthar an Chaisleáin Nua,

Gaillimh Teil: 091 529013, Facs: 091 529015

Tá dhá ATM de chuid Bhanc na hÉireann ar an gcampas: tá ceann trasna ó Áras Uí Chathail agus tá an ceann eile ar an taobh thoir den Phríomh-Shlí Dála.

Tá ATM Bhanc Aontas Éireann (AIB) lonnaithe chun tosaigh an Bhainc ar Bhóthar na Drioglainne.

Cuntas Bainc a oscailt Éilíonn reachtaíocht ar bhainc aitheantas gach custaiméara nua a sheiceáil. Nuair a bhíonn cuntas bainc á oscailt agat, caithfidh tú cáipéisí aitheantais foirmiúla a thabhairt ar láimh e.g. ceadúnas iomlán tiomána reatha nó pas bailí agus ceann de do bhillí tí is déanaí, cosúil le bille teileafóin nó leictreachais nach bhfuil níos mó ná trí mhí d’aois chun d’áit chónaithe a léiriú. (Ba cheart go mbeadh do ghrianghraf ar cheann amháin agus go mbeadh do sheoladh baile i do thír féin ar an gceann eile.) Chun cuntas a oscailt sula dtagann tú chuig an tír, déan teagmháil le do bhanc féin, agus b’fhéidir go mbeifí in ann é seo a dhéanamh duit. D’fhéadfadh sé suas le coicís a thógáil chun aistrithe airgid idirnáisiúnta a fháil, mar sin ceadaigh am do mhoill nuair atá tú ag smaoineamh faoi cá mhéad airgeadra le tabhairt leat chun do chostais a chlúdach.

Náisiúnaigh Neamh-Éireannacha Chun cuntas a oscailt, teastaíonn cruthúnas aitheantais ón mBanc, cosúil le Ceadúnas iomlán Tiomána nó Pas, agus cruthúnas reatha ar sheoladh buan. D’fhéadfaí iad seo a leanas a úsáid: • Bille fóntais reatha (Gás, leictreachas, fón,

teilifís), níos lú ná trí mhí d’aois • Ráiteas ó institiúid airgeadais eile • Teastas do liúntas saor ó cháin • Cáipéisí Árachais

Ós rud é go mbíonn deacracht go minic ag daoine atá díreach tar éis teacht chun na tíre cruthúnas ar sheoladh a chur ar fáil, féadfaidh an Banc glacadh le litir ón bhfostóir a rá go bhfuil an fostaí díreach tar éis teacht chun na tíre agus mar sin ní féidir leis/léi cruthúnas as sheoladh a chur ar fáil. Sa chás seo, is féidir leis an bhfostaí cuntas a oscailt sa bhrainse céanna leis an bhfostóir.

Éilíonn brainsí áirithe litir thagartha chomh maith ón bhfostóir nó go gcuirfí tuarastal an chustaiméara isteach sa chuntas bainc sin trí shainordú.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí poiblí agus teidlíochtaí in Éirinn téigh chuig www.citizensinformation.ie/en/

(13)

Sochair Fostaithe

Tugann an mhír seo léargas ar na sochair atá ar fáil do chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh:

Áiseanna Cúraim Leanaí ar an gCampas Tá naíolann na hOllscoile lonnaithe lasmuigh den champas ag Uimhir 50, Bóthar an Chaisleáin Nua Thuaidh, Gaillimh gar do Bhaile na Coiribe. Tá áit sa naíolann do 45 páiste; tá seomra do bhabaithe ann, seomra do lapadáin agus seomraí Montessori agus spraoi. Le haghaidh eolais, cuir glao ar: 091 493 739

Scéim Rothaíochta chun na hOibre Tríd an bpróiseas Comhpháirtíochta tá OÉ Gaillimh meáite tionscnaimh do thaisteal inmharthana a chur chun cinn dá comhaltaí foirne agus dá mic léinn. Sa bhliain 2009, chuir an Grúpa Comhpháirtíochta in OÉ Gaillimh tús le Scéim Rothaíochta chun na hOibre atá oscailte do gach fostaí. Ó shin i leith, cheannaigh breis is 500 fostaí rothair agus oiriúintí faoi luach €1,000, agus iad ag coigilt 52% de chostas rothair agus trealaimh nua. Féach ar www.nuigalway.ie/environment/cycletoworkscheme.html chun tuilleadh eolais a fháil.

An Clár Cúnaimh d’Fhostaithe (EAP) Cuireann an Ollscoil an Clár Cúnamh d’Fhostaithe ar fáil; is é cuspóir an chláir seo rochtain éasca a thabhairt d’fhostaithe ar sheirbhísí rúnda comhairleoireachta agus eolais chun cabhrú le déileáil le ceisteanna pearsanta, oibre, airgeadais agus dlíthiúla.

Tríd an EAP, tá na seirbhísí seo a leanas ar fáil: • Seirbhís speisialaithe eolais • Comhairleoireacht duine ar dhuine • Comhairleoireacht ar an teileafón

Uimhir shaorghlao: 1800 995 955 Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: www.nuigalway.ie/administration_services/partnership/galway_initiative/emp_prog.html

An Ciste Deontais i leith Foilseachán Is é cuspóir an Chiste cabhrú le comhaltaí foirne acadúla in OÉ Gaillimh le fóirdheontas i dtreo costais foilseacháin ar shaothar léannta, leabhair agus monagraif go hiondúil, atá glactha le haghaidh foilseacháin cheana féin ag foilsitheoir seachtrach creidiúnach. Go hiondúil ní chlúdóidh an Ciste costais a bhaineann le forbairt ná foilsiú irisí ná foilsiú imeachtaí comhdhála. Ach déanfar iarratais maidir le foilseacháin phiarmheasúnaithe mar thoradh ar chomhdhálacha nó eagráin speisialta/cheiliúrtha d’irisí a mheas. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an Inlíon Foirne.

Beartas na Scéime d’Iasachtaí Tithíochta Is é beartas na hOllscoile tacú le comhaltaí foirne teacht aníos leis an íos-éarlais a theastaíonn chun iasachtaí tí a fháil ó institiúidí airgeadais i.e. chun freastal ar na difríochtaí idir coibhneas an chostais a chuireann institiúidí airgeadais ar fáil go hiondúil agus na costais iomlána a bhaineann le ceannach / tógáil do chéad tí i gceantar na Gaillimhe. Chun sonraí na

scéime a fháil, féach ar láithreán gréasáin na Cuntasaíochta Airgeadais: www.nuigalway.ie/financial_accounting/policies_procedures.html

An Scéim do Leanúnachas Ioncaim Féach ar an láithreán gréasáin: www.nuigalway.ie/pensions_investment/welcome.html nó déan teagmháil leis an oifig Pinsean agus Infheistíochtaí ar ríomhphost ag: [email protected]

Pinsean Féach ar an láithreán gréasáin: www.nuigalway.ie/pensions_investment/welcome.html nó déan teagmháil leis an oifig Pinsean agus Infheistíochtaí ar ríomhphost ag: [email protected] Tá an Oifig lonnaithe ag Uimhir 8, Bóthar an Chaisleáin Nua Íochtarach, Gaillimh.

Scéim Lascaine na gComhaltaí Foirne Tá Scéim Lascaine do Chomhaltaí Foirne ar fáil d’fhoireann OÉ Gaillimh; chun tairbhe a bhaint as na lascainí/buntáistí atá ar fáil, caithfidh tú cárta aitheantais foirne reatha bailí a thaispeáint agus tú ag ceannach. Is féidir cártaí aitheantais a fháil ón Oifig Acmhainní Daonna. Chun liosta de na Lascainí atá ar fáil a fheiceáil, téigh chuig www.nuigalway.ie/mso/Staff_Discount_Scheme/ staff_discount_index.html

Taisteal agus Cothabháil Is é beartas na hOllscoile fostaithe agus conraitheoirí údaraithe a chúiteamh do chostais taistil agus chothabhála réasúnta agus údaraithe go cuí a tharlaíonn de bharr a gcuid dualgas san Ollscoil, agus iad imithe go sealadach óna ngnáthionad oibre, faoi réir an bheartais. Tá eolas breise le fáil ar láithreán gréasáin na Cuntasaíochta Airgeadais: http://www.nuigalway.ie/financial_accounting/ policies_procedures.html

Scéim Pas Taistil Tríd an bpróiseas Comhpháirtíochta tá OÉ Gaillimh meáite tionscnaimh dhearfacha do bhainistíocht soghluaisteachta a chur chun cinn dá comhaltaí foirne. De thoradh beartas Rialtais a chuireann iompar poiblí chun cinn tá coigilt cánach ar fáil do chomhaltaí foirne a thugann cuid dá dtuarastal uathu agus a fhaigheann ticéad bliantúil comaitéara ina áit, ticéad a cheannaíonn OÉ Gaillimh le húsáid ar chóras iompair poiblí. Chun tuilleadh eolais a fháil téigh chuig www.nuigalway.ie/administration_services/ partnership/travel_pass_scheme_intro.html

(14)

Forbairt na gComhaltaí Foirne Tá an Ollscoil tiomanta tacaíocht agus infheistíocht a chur ar fáil d’fhorbairt leanúnach a comhaltaí foirne.

Forbairt na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne Tuigeann OÉ Gaillimh go bhfuil sé ríthábhachtach comhaltaí foirne a fhorbairt agus a bheith rannpháirteach ag gach leibhéal agus ár gcultúr nuálaíochta, freagrachta agus sárchaighdeáin i bhfeidhmíocht agus i soláthar seirbhísí a neartú d’fhonn tosaíochtaí straitéiseacha na hOllscoile a bhaint amach. Is é príomhaidhm Straitéis Forbartha na hEagraíochta cur ar chumas na hOllscoile an fhís, na haidhmeanna, na cuspóirí agus na tosaíochtaí a leagadh amach ina Plean Straitéiseach (2009 - 2014) a bhaint amach. Is í an straitéis an chreat a thacóidh le forbairt leanúnach ar chultúr a spreagann agus a thugann luach saothair do nuálaíocht, solúbthacht agus feabhas, a chuireann dea-rialachas agus freagracht as feidhmíocht chun cinn, a leagann béim ar choinsiasacht faoi fhreagracht phearsanta ó thaobh rath an phobail, agus a fhorbraíonn cumas chun measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar riosca in oibríochtaí na hOllscoile. (Tosaíochtaí Straitéiseacha 2009 - 2014, 5.3 Eagraíocht agus Comhaltaí Foirne).

Tá na deiseanna Oiliúna agus Forbartha atá ar fáil do chomhaltaí foirne liostaithe ar ár láithreán gréasáin: www.nuigalway.ie/staffdevelopment Ba cheart go dtiocfadh riachtanais foghlama agus forbartha comhalta foirne óna (h)athbhreithniú PMDS. Próiseas athbhreithnithe é an córas bainistíochta agus forbartha feidhmíochta (PMDS) chun riachtanais forbartha gairme comhaltaí foirne a aithint agus freastal orthu, agus chun éifeachtúlacht OÉ Gaillimh a fheabhsú trí aontú oibriú ar chuspóirí oibre a bhfuil nasc soiléir eatarthu agus atá oiriúnach do phlean oibríochtúil na Scoile/an Aonaid a bhfuil ról aige i spriocanna na hOllscoile mar atá leagtha amach sa Phlean Straitéiseach a bhaint amach. Moltar go dtabharfadh comhaltaí foirne faoi athbhreithniú bliantúil. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin scéim PMDS, téigh chuig www.nuigalway.ie/staff-development/performancemanagement/

An tIonad Sárchaighdeáin Foghlama agus Teagaisc (CELT) Is é aidhm CELT foghlaim ghníomhach a chur chun cinn trí chleachtais teagaisc ardchaighdeáin agus nuálacha, le tacaíocht ó theicneolaíocht nuair is cuí. Chun na spriocanna seo a bhaint amach tá freagracht orainn as roinnt réimsí gníomhaíochta agus tacaíochtaí teicniúla a chomhordú lena n-áirítear: Seirbhísí closamhairc; Teicneolaíochtaí Foghlama (lena n-áirítear úsáid oideolaíoch as timpeallacht foghlama na hollscoile, Blackboard); an Teanglann. Féadfar dul chun cinn a dhéanamh maidir lenár misean oideachais trí cheardlanna, comhdhálacha, seimineáir, cúrsaí iarchéime le creidiúintí agus taighde ar bheartas agus ar chleachtas ardoideachais a chur ar fáil. Cuirimid Teastas i dTeagasc & i bhFoghlaim san Ard-Oideachas ar fáil agus is féidir leanúint ar aghaidh chun Dioplóma Iarchéime nó MA i gCleachtas Acadúil a dhéanamh.

Táimid freagrach as straitéis chomhpháirteachais phoiblí na hollscoile a chur chun cinn agus déanaimid é sin trí ALIVE, an clár d’obair dheonach na mac léinn, foghlaim seirbhíse (nó foghlaim phobalbhunaithe) agus obair eile a bhaineann leis an Tionscnamh Eolais Phobail (CKI) atá lonnaithe in CELT.

Tá an tsraith seimineár lóin, neamhfhoirmiúil ‘Conversations on Learning & Teaching’ oscailte don fhoireann ar fad agus cuirtear an clár ar ár láithreán gréasáin ag tús gach seimeastair.

I mí an Mheithimh gach bliain eagraímid siompóisiam bliantúil ar théama a mbaineann tábhacht chriticiúil leis maidir leis an ardoideachas agus go hiondúil bíonn thart ar 200+ rannpháirtí as Éirinn agus níos faide i gcéin i láthair agus bíonn príomhchainteoirí, ceardlanna, etc., agus tá taifid de na siompóisiamaí a bhí ar siúl cheana le fáil ar ár láithreán gréasáin.

(15)

Ar deireadh, cuireann CELT tacaíocht ar fáil maidir le teagasc, foghlaim, measúnú agus dearadh curaclaim chun freastal ar riachtanais scoileanna agus coláistí aonair, agus ag an am céanna ar bhonn pearsanta cuireann siad comhairliúchán rúnda ar fáil ar cheisteanna ábhartha. Tá gach imeacht agus cúrsa oiliúna ar fáil saor in aisce do chomhaltaí foirne OÉ Gaillimh, ach bíonn áiteanna teoranta agus is iondúil go mbíonn éileamh mór orthu. Déantar imeachtaí a fhógairt ar láithreán gréasáin CELT: www.nuigalway.ie/celt

Scéim Beartais Breisoideachais (FEP) Tá OÉ Gaillimh tiomanta tacú le comhaltaí foirne atá ag tabhairt faoi chláir oideachais chun cur lena bhforbairt ghairmiúil agus phearsanta. Tá an gealltanas seo faoi réir chuspóirí straitéiseacha na hOllscoile an úsáid is fearr agus is féidir a bhaint as cumas na foirne, chun tacú le hearcú foirne agus chun comhaltaí foirne a choinneáil agus lena chinntiú go mbeifear ag cloí le comhionannas deiseanna.

Tugtar cuireadh do chomhaltaí foirne iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú tríd an scéim FEP gach bliain; is féidir iarratas a dhéanamh faoi Mhodh A nó faoi Mhodh B.

Modh A: Baineann an modh seo le comhaltaí foirne a meastar gur gá dóibh cáilíocht bhreise a bhaint amach chun a gcuid dualgas san Ollscoil a chomhlíonadh nó a meastar gurbh inmhianaithe don chomhalta foirne aonair agus don Ollscoil/don Choláiste/don Scoil nó don oifig go mbainfeadh sé/sí cáilíocht bhreise amach. Beidh tacaíocht mhaoinithe inmheánach nó sheachtrach, mar is cuí, le fáil ag iarratais faoin gcatagóir seo.

Modh B: Baineann an modh seo le comhaltaí foirne ar mian leo cáilíochtaí acadúla nó gairme breise a bhaint amach ar mhaithe lena bhforbairt phearsanta agus/nó lena bhforbairt ghairmiúil féin. Bíonn iarratais a thagann faoin gcatagóir seo i dteideal lacáiste a fháil ar tháille inmheánach na gclár a chuireann OÉ Gaillimh ar fáil. I gcás cláir sheachtracha, ba cheart cás gnó a dhéanamh.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig: http://www.nuigalway.ie/staff-development/fundingsupports/fep/

(16)

Áiseanna agus Seirbhísí ar an gCampas

Eolas faoi Lóistín Tá leathanach lóistín ar láithreán gréasáin na hOllscoile ag: www.nuigalway.ie/student_services/accommodation_office/index.html

Déileálann sé den chuid is mó le lóistín do mhic léinn ar an gcampas ach tá naisc úsáideacha air chomh maith le comhairle maidir le lóistín a chuardach. Is nuachtán áitiúil é an Galway Advertiser agus tá sé ar fáil ar líne. Tá liosta cuimsitheach lóistín príobháideach atá ar cíos go gearrthréimhseach agus go fadtréimhseach ar fáil ann agus tá uimhreacha teagmhála ann chomh maith do ghníomhaireachtaí lóistín. Seo a leanas seoladh an láithreáin gréasáin www.advertiser.ie

Chun eolas a fháil maidir le teach a cheannach, tá na láithreáin ghréasáin a leanas úsáideach: www.myhome.ie nó www.daft.ie

Dánlann na hOllscoile Tá Dánlann na hOllscoile sa Chearnóg agus bíonn taispeántais éagsúla spreagúla inti i gcaitheamh na bliana. Tugtar cuireadh do mhic léinn, do chomhaltaí foirne agus don phobal cuairt a thabhairt ar an Dánlann agus sult a bhaint as na cláir éagsúla físiúla. Tá an Dánlann lonnaithe sa Chearnóg.

Seirbhísí Closamhairc Tá an tseirbhís Chlosamhairc lonnaithe laistigh de CELT agus cuireann sé trealamh bunúsach closamhairc ar fáil agus déanann sé é a chothabháil sna téatair léachtaí agus in ionaid ar leith eile ar an gcampas.

Lena chois sin, tá líon beag trealaimh ag an tseirbhís Chlosamhairc le ligean ar cíos, is é sin, teilgeoirí sonraí, ceamthaifeadáin, seinnteoirí físeán agus crua-earraí eile. Chun tuilleadh eolais a fháil faoin tseirbhís nó chun trealamh a chur in áirithe, seol rphost chuig [email protected] nó téigh ar an láithreán gréasáin ag www.nuigalway.ie/celt

(17)

Oifig na bhFoirgneamh Tá Oifig na bhFoirgneamh freagrach as eastát na hollscoile (foirgnimh agus tailte) a phleanáil, a fhorbairt agus a bhainistiú. Is féidir na seirbhísí a chuireann Oifig na bhFoirgneamh ar chur sna catagóirí seo a leanas: • An Timpeallacht • Pleanáil & Forbairt • Oibríochtaí & Tionscadail Chothabhála • Bainistíocht Saoráidí

Baineann Bainistíocht Saoráidí le bainistíocht spáis (seomraí cruinnithe a chur in áirithe), slándáil, seirbhísí maoirseachta, bainistíocht ar bhogadh ábhair/oifigí, bainistíocht imeachtaí etc. I ngach Scoil nó Oifig, tá duine ceaptha ina t(h)eagmhálaí d’oifig na bhFoirgneamh agus déileálann an duine sin go díreach le hoifig na bhFoirgneamh.

Féadfaidh tú do chuid riachtanas a phlé leis an duine sin nó féachaint ar leathanach gréasáin oifig na bhFoirgneamh ag: www.nuigalway.ie/buildings

An Siopa Leabhar Tá Siopa Leabhar na hOllscoile lonnaithe san íoslach faoi bhun Leabharlann Shéamais Uí Argadáin. Tá an chuid is mó de leabhair na gcúrsaí ar fáil anseo ach má theastaíonn tuilleadh is féidir iad a ordú. Tá rogha leathan de leabhair thrádála, acadúla agus leabhair faoi chlúdach bog ar fáil sa siopa chomh maith. Is féidir íocaíocht a dhéanamh le hairgead tirim, le cárta creidmheasa, nó d’ábhair institiúideacha, le sonrasc.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an siopa leabhar ag an bhFolíne 2599.

Áiseanna Lónadóireachta an Champais Tá 15 áis lónadóireachta ar an gcampas faoi stiúir ceathrar lónadóirí éagsúla.

Bialanna faoi stiúir Campbell Catering: • An Bhialann • EcoGrounds/Subway • Oileán Ealtanach • Áras Dán na Mílaoise • Rush Rphost: [email protected]

Bialanna faoi stiúir Masterchef: • Moffetts • Coffee on Line • Eolaíochtaí Cliniciúla • Club na gComhaltaí Foirne Rphost: [email protected]

Bialanna faoi stiúir Lónadóireacht Chomhaltas na Mac Léinn: • Lónadóireacht Bheár Chomhaltas na Mac

Léinn • Smokey Joe's • Áras na Gaeilge • The Wall Cafe Rphost: [email protected] Bialanna faoi stiúir Cafe Togo: • Friars • DERI Rphost: [email protected]

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi áiseanna lónadóireachta na hOllscoile, téigh chuig: www.nuigalway.ie/catering/restaurants.html

Áiseanna Comhdhála Is ionad iontach í OÉ Gaillimh do chomhdhálacha agus d’imeachtaí, le réimse seomraí chun freastal ar imeachtaí beaga agus móra, áiseanna lónadóireachta agus áiseanna lóistín. Is féidir leis na comhaltaí foirne in oifig comhdhála na hOllscoile cabhrú le pleanáil agus eagrú imeachtaí, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an oifig ar: Teil: 091 492 264 Facs: 091 494 512 Rphost: [email protected]

An Oifig Sláinte & Sábháilteachta Is é beartas OÉ Gaillimh timpeallacht oibre shábháilte agus shláintiúil a chur ar fáil, trí réimse beart agus trí thiomantas gníomhach na gcomhaltaí foirne agus na mac léinn uile maidir le cúrsaí sábháilteachta ina gcuid gníomhaíochtaí ar fad. Is ar mhaithe le gach comhalta foirne de chuid na hollscoile atá sé seo agus is ceanglas dlíthiúil é faoin Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005 agus rialacháin ghaolmhara. Chun é seo a bhaint amach tá achoimre ar na príomhbhearta a theastaíonn:

• Ullmhaíonn agus cuireann an Ollscoil plean bainistíochta sábháilteachta mionsonraithe i bhfeidhm ar a dtugtar an Ráiteas Sábháilteachta. Tugann sé seo sonraí ar leith ar ghuaiseacha san ionad oibre, conas a dhéantar iad a bhainistiú agus cé atá freagrach astu. In OÉ Gaillimh tá príomhcháipéis beartais maidir le ráiteas sábháilteachta, agus ullmhaíonn gach Coláiste/Scoil/Institiúid Taighde/Seirbhís Tacaíochta a ráiteas sonrach sábháilteachta féin. Ní mór do gach fostaí a bheith ar an eolas le míreanna an Ráitis Sábháilteachta a bhaineann leo féin.

• Caithfidh an Ollscoil mar ionad oibre measúnú

a dhéanamh ar chomh dáiríre is atá guaiseacha agus an bhfuil siad á mbainistiú go cuí. Tugtar measúnú riosca air seo agus is cuid den Ráiteas Sábháilteachta é. Chomh maith leis sin, caithfear measúnú riosca ar leith a dhéanamh ar rioscaí sonracha cosúil le ceimicí, lóid a láimhseáil e.g. má oibríonn tú go rialta ar ríomhaire ba cheart go ndéanfar measúnú ar do stáisiún oibre go gairid tar éis duit tosú agus ba cheart duit tástáil a dhéanamh ar do chuid súl chomh maith (féach “Tástáil Radhairc” ar an láithreán gréasáin).

• Is timpeallacht sách sábháilte í an Ollscoil, ach

mar gheall ar an líon daoine agus réimse guaiseacha, is féidir le héigeandálacha teacht chun cinn. Caithfidh fios a bheith ag gach comhalta foirne céard ba cheart dó/di a dhéanamh i gcás tine nó i gcás éigeandáil leighis, agus i dtimpeallachtaí speisialaithe caithfidh comhaltaí foirne a bheith ullamh do dhoirteadh ceimiceach, etc. Tá go leor den eolas seo ar fáil go poiblí cosúil le Nósanna Imeachta Dóiteáin, póstaeir do Theagmhálacha Sábháilteachta, agus tá tuilleadh sonraí ar fáil ar an láithreán gréasáin.

• Oiliúint Sábháilteachta - Tá sé riachtanach eolas, oiliúint agus treoir a chur ar fáil chun sábháilteacht, sláinte agus leas na bhfostaithe ag an obair a chinntiú. Tá na cláir oiliúna atá ar fáil liostaithe ar láithreán gréasáin Aonad Forbartha na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne, www.nuigalway.ie/staffdevelopment

• Déanann Ionadaithe Sábháilteachta

ionadaíocht ar fhostaithe i gcomhar le OÉ Gaillimh mar fhostóir ar chúrsaí sábháilteachta, sláinte agus leasa san ionad oibre. Laistigh d’OÉ Gaillimh tá ochtar Ionadaithe Sábháilteachta agus tá feidhmeanna ar leith acu mar atá leagtha amach in Alt 25 agus 26 den Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair 2005. I gcásanna go leor, tá córais i bhfeidhm cheana féin chun déileáil le ceisteanna sábháilteachta nó chun fiosrúcháin sábháilteachta a fhreagairt (féach www.nuigalway/healthsaf/), ach i gcásanna eile b’fhéidir go mbeifeá ag iarraidh an cheist a phlé le d’Ionadaí Sábháilteachta.

• Tá lámhleabhar foirne “Riachtanais

Sábháilteachta” ar fáil a thugann níos mó eolais ar shocruithe sábháilteachta OÉ Gaillimh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi sheirbhísí sábháilteachta OÉ Gaillimh don ionad oibre féach www.nuigalway.ie/healthsaf//

Eolas faoi Árachas Sláinte Cúram Sláinte Príobháideach - Is féidir le duine ar bith cúram sláinte príobháideach a bheith acu má íocann siad as nó má tá siad clúdaithe ag Scéim Árachais Sláinte chuí. Moltar go mbeadh árachas sláinte príobháideach de chineál éigin ag gach duine.

• Is gnách le cuideachtaí Árachais Sláinte

tréimhse feithimh a chur i bhfeidhm má bhíonn tú ag fáil árachas sláinte den chéad uair.

• Má tá cónaí ort thar lear agus má tá tú

clúdaithe ag árachas sláinte príobháideach b’fhéidir go mbeifeá in ann aistriú chuig ceann de na cuideachtaí árachais sláinte in Éirinn. Déan teagmháil le do chuideachta árachais thar lear le fáil amach.

• Ó mhí Aibreáin 2001 i leith, déantar cáin

ioncaim ag an ráta caighdeánach ar árachas sláinte príobháideach a asbhaint ag an bhfoinse. Ciallaíonn sé seo nach mbeidh ort d’fhaoiseamh cánach a éileamh ag deireadh na bliana.

• Láithreán Gréasáin VHI:

www.vhi.ie • Láithreán Gréasáin Laya Healthcare:

www.layahealthcare.ie • Láithreán Gréasáin Aviva Health Insurance:

www.avivahealth.ie • Láithreán Gréasáin GloHealth:

www.glohealth.ie

• Láithreán Gréasáin HSF Health Plan: www.hsf.ie

Leabharlann Shéamais Uí Argadáin Is í an Leabharlann do bhealach isteach chuig eolas faoi go leor topaicí, bíodh sin má thagann tú isteach go pearsanta nó má théann tú ar líne. Tá os cionn 440,000 leabhar i gcló agus 350,000 i bhformáid leictreonach, chomh maith le 31,000 ríomhiris agus réimse foinsí eile eolais, lena n-áirítear nuachtáin, DVDanna, foilseacháin rialtais agus cartlanna. Tá os cionn 1500 áit léitheoireachta ar fáil, agus rochtain gan sreang ar fud an fhoirgnimh le húsáid ar ríomhairí glúine agus ar ghléasanna móibíleacha eile. Is féidir teacht ar bhailiúcháin ar líne ón mbaile trí leas a bhaint as an tseirbhís rochtana lasmuigh den champas.

Cuirtear réimse leathan imeachtaí agus cláir oiliúna agus scileanna faisnéise ar fáil sa Leabharlann. Is féidir leo seo freastal ar riachtanais éagsúla, agus tá seisiúin ar fáil do ghrúpaí nó do dhaoine aonair agus cuirtear cinn ar fáil ar líne chomh maith. Cuimsíonn oiliúint úsáid foinsí eolais ar líne agus aimsiú éifeachtach acmhainní, chomh maith le conas do chuid tagairtí a bhainistiú. Tá tuilleadh eolais agus sonraí teagmhála foirne ar fáil ar láithreán gréasáin na Leabharlainne ag www.library.nuigalway.ie

Deasc Freastail na Leabharlainne agus IT Cuireann an Deasc Freastail seo comhairle agus tacaíocht den chéad scoth ar fáil do mhic léinn agus do chomhaltaí foirne ar sheirbhísí Leabharlainne agus ar sheirbhísí IT. Tá an Deasc Freastail lonnaithe i bhforhalla Leabharlann Shéamais Uí Argadáin.

Is féidir leis na comhaltaí foirne ag an Deasc Freastail cuidiú leat ar na hábhair seo a leanas –

• Ainm Úsáideora / Pasfhocail – Cuntais campais, ríomhphoist agus Leabharlainne

• Iasachtaí Leabhar – Eisiúint agus Athiasachtaí • Priontáil / Cóipeáil / Scanadh • Tacaíocht do Ríomhphost OÉ Gaillimh (Mic Léinn &

Comhaltaí Foirne) • Rochtain WiFi (NUIGWiFi / EduRoam)

Ceisteanna faoi Blackboard • Oiliúint ar úsáid na Leabharlainne • Bogearraí

Acmhainní eolais clóite agus ar líne a aimsiú agus a úsáid Eolas faoi Sheirbhísí Leabharlainne agus IT Chun iarratas a dhéanamh ar thacaíocht, logáil isteach ar https://servicedesk.nuigalway.ie/

Suíomh na hOifige: Forhalla Leabharlann Shéamais Uí Argadáin Uaireanta Oscailte: Uaireanta Oscailte na Leabharlainne Folíne: 5777 Seoladh ríomhphoist: [email protected]

An tIonad Seirbhísí Poist Cuirtear seirbhís poist ollscoile ar fáil san Ionad Seirbhísí Poist, atá lonnaithe in aice le hÁras Uí Chathail. I measc na seirbhísí a chuirtear ar fáil tá frainceáil, seachadadh agus bailiú poist. Uaireanta oscailte: Luan go hAoine: 8:30a.m. – 5:30p.m.

(19)

Bainistíocht Soghluaisteachta & Páirceáil Tá Córas Bainistíochta Páirceála i bhfeidhm san Ollscoil. Tá cineálacha éagsúla ceadúnas (a bhfuil táille ag baint leo) ar fáil agus bíonn clampáil i bhfeidhm idir 0830 agus 1730, Luan go hAoine le cinntiú go gcloítear leis an gcóras. Féadfaidh comhaltaí foirne le conradh foirmiúil scríofa fostaíochta iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, agus is féidir leat dhá chláruimhir a chur ar gach ceadúnas.

Gnéithe grúpa eile le cur san áireamh: • Féadfaidh comhaltaí foirne ó chuideachtaí atá

lonnaithe anseo go buan, a bhfuil comhaontuithe foirmiúla leibhéil seirbhíse acu leis an Ollscoil (e.g. cuideachtaí glantacháin nó lónadóireachta) iarratas a dhéanamh trína stiúrthóir chuig Oifig na bhFoirgneamh.

• Féadfaidh tiománaithe atá ag úsáid na naíolainne, agus nach bhfuil sna catagóirí thuas, an láthair thuirlingthe in aice na naíolainne a úsáid.

• Féadfaidh cuairteoirí chun na hOllscoile páirceáil sna spásanna ‘íoc agus taispeáin’. (Tabhair faoi deara: Caithfidh aon fheithicil a úsáideann spás ‘íoc agus taispeáin’ ticéad bailí ‘íoc agus taispeáin’ a thaispeáint, is cuma má tá ceadúnas páirceála acu nó mura bhfuil, agus ní féidir páirceáil ach sna spásanna marcáilte le línte gorma)

Má tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar cheadúnas, caithfidh tú foirm iarratais a líonadh (ar fáil le híoslódáil ar líne nó ón oifig thíos).

Tá breis eolais ar fáil faoin gcóras Páirceála ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/student-contact- centre/www.nuigalway.ie/parking

Seirbhísí Priontála Is é Print That an siopa priontála agus cóipeála atá lonnaithe i bhFoirgneamh na nDán/na hEolaoíchta (in aice le Smokey Joes Cafe). Áiríonn na seirbhísí: • fótachóipeáil • lámhleabhair na mac léinn • cumhdach • lannú • dearadh grafach • priontáil dhigiteach • póstaeir mhóra chomhdhála • comharthaíocht laistigh agus lasmuigh • meirgí rollacha

Sonraí teagmhála: Teil: 091 492 350 / 493 865 Facs: 091 494 571 Láithreán Gréasáin: http://printthat.nuigalway.ie

Seirbhísí Slándála ar an gCampas Is seirbhís 24/7 í an tSeirbhís Slándála.Is fostaithe intí a bhíonn ar dualgas slándála i rith an lae agus bíonn fostaithe ó chuideachta slándála ar conradh ar dualgas san oíche agus ag an deireadh seachtaine. I measc na seirbhísí slándála tá: foirgnimh a oscailt agus a dhúnadh, patról coise agus veain mórthimpeall an champais, feidhmiú córas CCTV, córais rialaithe rochtana, rialú tráchta d’imeachtaí, eochracha a eisiúint agus teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána más gá.

Tá oifigí na seirbhísí lonnaithe in Uimhir 14, Bóthar na Drioglainne. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an tSeirbhís Slándála am ar bith ar na huimhreacha seo a leanas: Líne Dhíreach: 091-492198 Folíne: 2198 Éigeandáil: 3333 Má bhíonn an fhoireann Slándála ar phatról, téann na folínte 2198 agus 3333 ar aghaidh chuig fón póca, tógann sé cúpla soicind an nasc seo a dhéanamh de ghnáth.

BEALACH Mar chuid den Phlean Taistil d’OÉ Gaillimh 2011-2014, tá áthas ar an Ollscoil a fhógairt go bhfuil sí ag seoladh “BEALACH”, an scéim nua campais le rothar a fháil ar cíos. Tá OÉ Gaillimh ag iarraidh áiseanna a chur ar fáil do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn chun níos mó roghanna a bheith acu ina bpleananna taistil agus modhanna iompair féin. Is é an phríomhaidhm atá leis an bPlean Taistil agus leis an scéim seo taisteal timpeall an champais a dhéanamh níos éasca, níos sciobtha agus níos saoire, aistir chuig an gcampas i bhfeithiclí le duine aonair a laghdú agus tionchar an taistil ar an timpeallacht agus ar thrácht ar an gcampas a laghdú. Iarradh tairiscintí chun tús a chur le scéim phíolótach ghearrthréimhseach do rothair ar cíos (cineál cosúil leis an scéim DublinBikes), chun freastal ar an bpríomhchampas ar bhonn trialach. www.grandscheme.co.uk/galway/Home

Áiseanna Spóirt agus Áineasa ar an gCampas Is cuid lárnach den saol in OÉ Gaillimh é an spórt; bíodh tú i do lúthchleasaí gairmiúil nó i d’amaitéarach díograiseach, tá rud éigin ar fáil duit. D’oscail Ionad Spóirt na hOllscoile i mí Mheán Fómhair 2008 agus tá na háiseanna a leanas ar fáil ann:

• Linn snámha 6-lána, 25m, inar féidir an t-urlár a

ardú agus a ísliú • Halla spóirt – trí chúirt cispheile (12 chúirt

badmantain) • Cúirteanna scuaise agus raicéadaíochta • Balla dreapadóireachta • Limistéar lucht féachana • Sabhna agus seomra gaile taobh leis an linn

snámha • Sabhnaí agus folcadáin oighir i seomraí feistis an

ghiomnáisiam • Cithfholcthaí sna seomraí feistis ar fad • Seomra feistis taobh leis an linn

snámha agus bothanna feistis do theaghlaigh

• Stiúideonna damhsa, aeróbaice etc. • Giomnáisiam mór • Limistéar sólaistí • Áiseanna comhdhála

I measc na n-áiseanna eile tá: áiseanna spóirt uisce ag Oileán an Iarla; cúirteanna leadóige i bPáirc an Choláiste agus i mBaile na Coiribe (baile na mac léinn); agus an tIonad Spóirt sa Daingean.

Club na gComhaltaí Foirne Tá Club na gComhaltaí Foirne oscailte do gach comhalta foirne agus tá sé lonnaithe sa Chearnóg. Bíonn sólaistí agus lón ar fáil ann gach lá.

Tá breis eolais le fáil faoi Chlub na gComhaltaí Foirne ar an láithreán gréasáin seo a leanas: www.nuigalway.ie/staff_club

Club Sóisialta na gComhaltaí Foirne Tá Club Sóisialta na gComhaltaí Foirne oscailte do gach comhalta foirne de chuid OÉ Gaillimh.

Le tuilleadh eolais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin: www.nuigalway.ie/socialclub

An Malartán Diailigh 0 chun teacht ar an malartán. Feidhmíonn an malartán le linn ghnáthuaireanta na hOllscoile ó 9:15a.m. go 1:00p.m. agus ó 2:15p.m. go 5.15p.m

An tSeirbhís Aistriúcháin Cuireann an tSeirbhís Aistriúcháin seirbhís aistriúcháin agus sainchomhairle teanga ar fáil don Ollscoil a chuireann ar a cumas a dualgais reachtúla maidir leis an dátheangachas a chomhlíonadh.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí, téigh chuig an láithreán gréasáin: www.acadamh.ie/seirbhisi_ar_line/ seirbhis_aistriuchain.html

Forbairt na hEagraíochta agus na gComhaltaí Foirne Láithreán Gréasáin: www.nuigalway.ie/staffdevelopment Ríomhphost: [email protected]