ní haon saighdiúir mise! - foras na gaeilge€¦ · ní haon saighdiúir mise! siobhán mhic...

44
Ní haon saighdiúir mise! Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Upload: others

Post on 19-Jul-2020

5 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Ní haon saighdiúir mise!

Ní haon saighdiúir mise!

Siobhán Mhic GearailtPeter Donnelly a mhaisigh

Page 2: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh
Page 3: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Baile Átha Cliath

Ní haon saighdiúir mise!

Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Page 4: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

An chéad eagrán 2007

© An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2007

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe

ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na

bunscoileanna lán-Ghaeilge.

Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh

Dearadh agus leagan amach: Designit

Obair ealaíne: Peter Donnelly

Printset and Design Teo a chlóbhuail in Éirinn

An Gúm, 24–27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

Page 5: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Clár

Caibidil 1 4

Caibidil 2 12

Caibidil 3 19

Caibidil 4 25

Caibidil 5 34

Page 6: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Caibidil 1

4

Page 7: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Bhí sé a deich a chlog nuair

a tháinig Mamaí abhaile.

‘Cá bhfuil Gearóid?’ ar sise le Daidí.

‘Ní fhaca mé le tamall é,’ arsa

Daidí. ‘Seans go bhfuil sé fós

os comhair na teilifíse.’5

Page 8: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Nach bhfuil sé thar am agatsa a

bheith sa leaba?’ arsa Mamaí leis.

‘Ach is maith liom an clár seo, a

Mhamaí,’ arsa Gearóid. ‘Beidh sé thart

taobh istigh de leathuair an chloig.’

Nuair a chuaigh Mamaí isteach sa

seomra suite chonaic sí go raibh

an ceart ag Daidí. Bhí Gearóid fós

os comhair na teilifíse.

Page 9: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Isteach le Daidí ansin.

‘Nach bhfuil cluiche iomána agatsa

amárach?’ ar seisean le Gearóid.

‘Tá,’ arsa Gearóid. ‘Díreach tar éis

na scoile.’

‘Bhuel, b’fhearr duit dul a chodladh

anois nó beidh tú tuirseach

amárach,’ arsa Mamaí.�

Page 10: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Ní mó ná sásta a bhí Gearóid.

‘Ach, a Mhamaí …,’ ar seisean.

‘Ná bac le do ach,’ arsa Mamaí

agus chuir sí as an teilifís.

Page 11: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Oíche mhaith,’ arsa Gearóid agus

isteach leis ina sheomra codlata.9

Page 12: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Nuair a bhí Gearóid istigh sa leaba

thosaigh sé ag léamh. Bhí an-spéis

aige sa leabhar ach bhí sé tuirseach.

Ní raibh léite aige ach cúpla

leathanach nuair a thit an leabhar

as a lámh. Bhí Gearóid ina

chodladh go sámh!10

Page 13: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Tar éis tamaill tháinig Mamaí

isteach.

‘Oíche mhaith,’ ar sise.

Ach níor fhreagair Gearóid í.

Bhí sé ina chodladh go sámh.11

Page 14: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Caibidil 2

12

Page 15: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Chonaic Gearóid dún mór i bhfad

uaidh. Ar pháirc os comhair an

dúin chonaic sé buachaill ag imirt

iomána.

‘Sin é Cú Chulainn!’ arsa Gearóid.

‘Agus tá sé ag imirt iomána.’13

Page 16: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Suas san aer le Gearóid. D’imigh sé

leis thar choillte agus thar ghleannta,

thar locha agus thar aibhneacha nó

gur shroich sé Eamhain Mhacha.

‘Ba mhaith liom cluiche iomána

a bheith agam le Cú Chulainn,’

arsa Gearóid. ‘Rachaidh mé

go hEamhain Mhacha.’

14

Page 17: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Ach nuair a shroich Gearóid

Eamhain Mhacha tásc ná tuairisc

ní raibh ar Chú Chulainn.

Chonaic Gearóid fear ag marcaíocht

ar chapall.

‘An bhfaca tú Cú Chulainn?’

ar seisean leis an bhfear.

‘Ní fhaca,’ arsa an fear.15

Page 18: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Tamall ina dhiaidh sin chonaic

Gearóid buachaill óg ag imirt

iomána lena athair.

‘An bhfaca sibh Cú Chulainn?’

ar seisean leis an mbeirt.1�

Page 19: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Chonaiceamar,’ arsa an fear. ‘Tá sé

ag faire an dúin! Ach cé thusa?’

‘Gearóid atá ormsa,’ arsa

Gearóid, ‘agus ba mhaith liom

cluiche iomána a bheith agam

le Cú Chulainn.’1�

Page 20: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Níl imreoir níos fearr ná Cú Chulainn

sa chúige seo,’ arsa an fear.

‘Níl imreoir níos fearr ná é in Éirinn,’

arsa an buachaill óg. ‘Go n-éirí an

t-ádh leat.’

‘Go raibh maith agat,’ arsa Gearóid

agus thug sé aghaidh ar an dún.1�

Page 21: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Caibidil 3

Nuair a shroich Gearóid an dún

bhuail sé ar an ngeata mór

lena chamán.19

Page 22: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

D’oscail an rí, Conchúr Mac Neasa,

an geata.

‘Cé thusa?’ ar seisean nuair a

chonaic sé Gearóid ina sheasamh

taobh amuigh.

‘Gearóid atá ormsa,’ arsa Gearóid,

‘agus ba mhaith liom cluiche

iomána a bheith agam

le Cú Chulainn.’

20

Page 23: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Nuair a chuala Conchúr Mac Neasa

é seo thosaigh sé ag gáire.

‘Níl imreoir níos fearr ná Cú Chulainn

sa chúige seo,’ ar seisean.21

Page 24: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Chuala Cú Chulainn an bheirt

ag caint.

‘Níl imreoir níos fearr ná mé

in Éirinn,’ ar seisean. ‘Ach beidh

cluiche agam leat, mar sin féin.’22

Page 25: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

D’imir Gearóid agus Cú Chulainn

cluiche iomána sa pháirc

os comhair an dúin.

Bhí an-chluiche ag Gearóid ach

b’fhearr Cú Chulainn ná é.23

Page 26: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Níl tú chomh maith le Cú Chulainn,’

arsa Conchúr Mac Neasa le Gearóid

nuair a bhí an cluiche thart. ‘Ach níl

aon chailliúint ort, mar sin féin.’

‘Is maith an t-iománaí tú,’ arsa

Cú Chulainn agus chroith sé lámh

le Gearóid.

Bhí Gearóid breá sásta leis féin.24

Page 27: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Tar isteach sa dún anois,’ arsa an

rí le Gearóid. ‘Caithfidh go bhfuil

ocras ort.’

Caibidil 4

25

Page 28: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Istigh sa dún shuigh an triúr chun

boird agus bhí béile breá acu.

‘Bhí sé sin breá blasta,’ arsa

Gearóid nuair a bhí an béile ite acu.

‘Go raibh míle maith agaibh.’

‘Tá fáilte romhat,’ arsa Cú Chulainn.

‘An mbeidh cluiche eile anois

againn?’2�

Page 29: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Ach bhí Gearóid bocht tuirseach.

Bhí agus an-tuirseach.

‘Lá éigin eile, b’fhéidir,’ ar seisean.

‘Beidh cluiche againn lá éigin eile.

Táim róthuirseach anois.’2�

Page 30: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Go tobann d’oscail doras an dúin

agus siúd isteach le beirt shaighdiúirí.

‘Tá siad tagtha,’ arsa duine de na

saighdiúirí. ‘Tá arm Chonnacht

tagtha.’2�

Page 31: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Léim Conchúr Mac Neasa ina

sheasamh agus rug sé ar a

chlaíomh.

Léim Cú Chulainn ina sheasamh

agus rug sé ar a shleá. Siúd leis

an mbeirt acu amach an doras.29

Page 32: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Rith Gearóid ina ndiaidh.

‘Cá bhfuil sibh ag dul?’

a d’fhiafraigh sé de Chú Chulainn.

‘Cá bhfuil sibh ag dul?’30

Page 33: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Tá arm Chonnacht tagtha,’ arsa

Cú Chulainn, ‘agus tá sé in am

troda. An bhfuil tú ag teacht

in éineacht linn?’

‘Mise?’ arsa Gearóid. ‘Ach ní haon

saighdiúir mise.’31

Page 34: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Is iománaí maith tú,’ arsa an rí.

‘Mar sin, déanfaidh tú saighdiúir

maith.’

Agus shín sé sleá agus sciath chuige.

32

Page 35: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Seo linn,’ arsa Cú Chulainn.33

Page 36: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Gearóid bocht. Bhí sé trína chéile!

‘Ní maith liom an áit seo,’ ar

seisean, ‘ná ní theastaíonn uaim

a bheith i mo shaighdiúir. B’fhearr

liom a bheith ag baile.’

Caibidil 5

34

Page 37: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

Ach rug Conchúr Mac Neasa

ar Ghearóid.

‘Seo!’ ar seisean. ‘Isteach leat

sa charbad. Tá Cú Chulainn

ag fanacht leat.’

35

Page 38: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Ach dúirt mé leat nach saighdiúir

mé,’ arsa Gearóid. ‘Teastaíonn uaim

dul abhaile.’

‘Theastódh uait éirí,’ arsa an rí,

‘nó beidh tú déanach don scoil.’

Don scoil! Conchúr Mac Neasa ag

caint faoin scoil! Bhí Gearóid bocht

trína chéile.3�

Page 39: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

D’oscail Gearóid a shúile. Agus cé

a bheadh ina sheasamh ag bun

na leapa ach …

‘B’fhearr duit éirí, a Ghearóid,’ arsa

an rí arís, ‘nó beidh tú déanach don

scoil.’

3�

Page 40: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Agus cé eile a bheadh ann?’

arsa Daidí. ‘Fionn Mac Cumhaill?’

‘Ní hea,’ arsa Gearóid, ‘ach

Conchúr Mac Neasa!’

… Daidí!‘Tusa atá ann!’ arsa Gearóid.

‘Tusa atá ann, a Dhaidí!’

3�

Page 41: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘B’fhearr duit éirí, mar sin,’ arsa

Daidí, ‘nó ní thabharfaidh Conchúr

Mac Neasa ar scoil ina charbad tú!’39

Page 42: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

sciath

sleá

carbad

40

Page 43: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

claíomh

saighdiúir41

Page 44: Ní haon saighdiúir mise! - Foras na Gaeilge€¦ · Ní haon saighdiúir mise! Siobhán Mhic Gearailt Peter Donnelly a mhaisigh

‘Ba mhaith liom cluiche iomána

a bheith agam le Cú Chulainn,’

arsa Gearóid.

‘Rachaidh mé go hEamhain Mhacha.’