nuachtlitir an chonartha, márta 09

8
Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2009 in Óstán Abbey Court, An tAonach, Co. Thiobraid Árann ón 8 - 10 Bealtaine 2009. Is é téama na hArd-Fheise i mbliana ná Ról na Gaeilge in Athb- heochan Gheilleagar na hÉireann agus cuirfear tús oifigiúil leis an Ard-Fheis oíche Aoine ag 9.00in. Is é an tOl- lamh Fionnbarra Ó Brolcháin a thabhar- faidh caint na hArd- Fheis ar an oíche úd agus is é Fiúntas na Gaeilge sa Ré Nuálaíoch – Ról Rada- cach don Chonradh teideal a óráide. Is iar-ollamh é Fionnbarra de Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath, d'Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus d'Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, agus is cinnte gur caint spreagúil a bheas aige don slua. Lean- faidh spraoi na hoíche le fáiltiú agus ceol le ceoltóirí áitiúla ar ball. Chomh maith le gnáth-ghnó na hArd-Fheise Dé Sathairn, cuirfear ceard- lanna tacaíochta ar fáil do na craobhacha chun cabhrú le baill an choiste bainistiú a dhéanamh ar leathanach na craoibhe s’acu ar www.cnag.ie, agus chun na bunscileanna teicneolaíochta chuige seo a mhíniú dóibh. Beidh dinnéar agus club na hArd-Fheise ar siúl oíche Shathairn le ceoltóirí Thio- braid Árann agus ti- ocfaidh an deireadh seachtaine chun críche le hAifreann agus turas timpeall an cheantair maidin Domhnaigh. Tá lea- gan leictreonach den chlár iomlán mar aon le foirm lóistín le fáil ar-líne ag www.cnag.ie/downloads/12 35245625broi- seir_2009_rp.pdf is féidir lóistín a chur in áirithe le Máiread Seoighe [email protected] / +353 (0)1 4757401. Eagrán 4.5 23 Márta 2009 Eagrán 4.5 23 Márta 2009 SAN EAGRAN SEO: 1. Ard-Fheis 2009 1. Foirmeacha 2. Féilte Mhaigh Eo 2. Scléip! 2009 3. Logainmneacha Locha Riach 3. Gaelú na gComharthaí 4. Seachtain na Gaeilge ’09 5. Raidió Rí-Rá 5. CD Ceol ’09! 6. Saor-Chomhairle Dlí 6. Scrúduithe TEG 7. Suíomhanna Nua 7. Ógras 8. Crosfhocal 1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Ard-Fheis 2009 Ard-Fheis 2009 Le cabhair ó: Le cabhair ó: TÁBHACHTACH Ná déanaigí dearmad go gcaithfidh na foirmeacha maidir le rúin agus ainm- niúcháin na hArd-Fheise a bheith ag muintir na hArd-Oifige faoin 03 Aibreán 2009 le bhur dtoil. Is féidir gach foirm a sheoladh ar ais go: Con- radh na Gaeilge, 6 Sráid Fhearchair, BÁC 2.

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 08-Mar-2016

248 views

Category:

Documents


5 download

DESCRIPTION

7. Suíomhanna Nua Locha Riach 1. Ard-Fheis 2009 6. Scrúduithe TEG 8. Crosfhocal 6. Saor-Chomhairle Dlí 3. Gaelú na gComharthaí 2. Féilte Mhaigh Eo 2. Scléip! 2009 5. CD Ceol ’09! 7. Ógras 4. Seachtain na Gaeilge ’09 5. Raidió Rí-Rá Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] 1 1 Le cabhair ó: Le cabhair ó: Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009 Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009 2 2

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

Tionólfar Ard-Fheis Chonradhna Gaeilge 2009 in ÓstánAbbey Court, An tAonach,Co. Thiobraid Árann ón 8 - 10Bealtaine 2009. Is é téama nahArd-Fheise i mbliana ná Rólna Gaeilge in Athb-heochan Gheilleagarna hÉireann aguscuirfear tús oifigiúilleis an Ard-Fheisoíche Aoine ag9.00in. Is é an tOl-lamh Fionnbarra ÓBrolcháin a thabhar-faidh caint na hArd-Fheis ar an oíche údagus is é Fiúntas na Gaeilgesa Ré Nuálaíoch – Ról Rada-cach don Chonradh teideal aóráide. Is iar-ollamh éFionnbarra de Choláiste nahOllscoile Bhaile Átha Cliath,d'Ollscoil Chathair BhaileÁtha Cliath agus d'Ollscoil nahÉireann, Maigh Nuad, agusis cinnte gur caint spreagúil abheas aige don slua. Lean-faidh spraoi na hoíche lefáiltiú agus ceol le ceoltóiríáitiúla ar ball. Chomh maithle gnáth-ghnó na hArd-FheiseDé Sathairn, cuirfear ceard-lanna tacaíochta ar fáil do nacraobhacha chun cabhrú lebaill an choiste bainistiú adhéanamh ar leathanach nacraoibhe s’acu ar

www.cnag.ie, agus chun nabunscileanna teicneolaíochtachuige seo a mhíniú dóibh.Beidh dinnéar agus club nahArd-Fheise ar siúl oícheShathairn le ceoltóirí Thio-

braid Árann agus ti-ocfaidh an deireadhseachtaine chuncríche le hAifreannagus turas timpeallan cheantair maidinDomhnaigh. Tá lea-gan leictreonachden chlár iomlánmar aon le foirmlóistín le fáil ar-líne ag

www.cnag.ie/downloads/123 5 2 4 5 6 2 5 b r o i -seir_2009_rp.pdf nó isféidir lóistín a chur ináirithe le Máiread [email protected] / +353(0)1 4757401.

Eagrán 4.5 23 Márta 2009Eagrán 4.5 23 Márta 2009

SAN EAGRAN SEO:

1. Ard-Fheis 2009

1. Foirmeacha

2. Féilte Mhaigh Eo

2. Scléip! 2009

3. Logainmneacha

Locha Riach

3. Gaelú na gComharthaí

4. Seachtain na Gaeilge ’09

5. Raidió Rí-Rá

5. CD Ceol ’09!

6. Saor-Chomhairle Dlí

6. Scrúduithe TEG

7. Suíomhanna Nua

7. Ógras

8. Crosfhocal

11Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Ard-Fheis 2009Ard-Fheis 2009

Le cabhair ó:Le cabhair ó:

TÁBHACHTACHNá déanaigí dearmad gogcaithfidh na foirmeachamaidir le rúin agus ainm-niúcháin na hArd-Fheise abheith ag muintir nahArd-Oifige faoin 03Aibreán 2009 le bhurdtoil. Is féidir gach foirma sheoladh ar ais go: Con-radh na Gaeilge, 6 SráidFhearchair, BÁC 2.

Page 2: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

Bunaíodh an comórtas Scléip! in 2005 chundaltaí na n-iarbhunscoileanna lán-Ghaeilgea spreagadh i leith na Gaeilge, iréimsí éagsúla de na healaíonatrí dheis a thabhairt dóibh páirta ghlacadh i gcomórtas spreagúilagus spéisiúil. Is comórtas tal-lainne náisiúnta sna 32 contae é eagraitheag Gaelscoileanna Teo. i gcomhpháirt leComhairle na Gaelsco-laíochta agus urraitheag Foras na Gaeilge.Ghlac 18 iar-bhunscoillán-Ghaeilge páirt sachomórtas i mblianaagus chuaigh rannpháir-tithe ó 13 scoil chomhfada leis an gCraobhCeannais a reáchtáladh ar an Satharn 21Márta 2009 san Amharclann Axis, BaileMunna, Baile Átha Cliath 9. B’é Mícheál Ó

Broin, Uachtarán Gaelscoileanna Teo., abhronn na duaiseanna ar na buaiteoirí

agus thréaslaigh sé leis nascoileanna, na múinteoirí agus nadaltaí uile a ghlac páirt. Dúirt sé:“Is onóir agus pléisiúr é a bheith iláthair ag Craobh Ceannais

Scléip! Tugann an tallann agus an spiorada léiríonn na taibhseoirí agus na múin-

teoirí ardú croíd’earnáil na Gaelsco-laíochta.” Tá liosta nambuaiteoirí uile maraon le grianghraif óChraobh CeannaisScléip! 2009 ar fáil arwww.gaelscoileanna.ie.Tuilleadh Eolais:

Seán Ó [email protected] / +353 (0)14773155

Scléip! 2009Scléip! 2009

22 Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009

D'éirigh go hiontach le Féile Scoildrá-maíochta Chaisleán an Bharraigh imbliana, eagraithe ag Togra Mhaigh Eo deChonradh na Gaeilge ar an 3 Márta 2009.Is í seo an chéad bhliain le blianta fadaanuas go raibh an Fhéile Drámaíochta arsiúl agus glac thart ar 9 scoil páirt saspraoi. Bhain na scoláirí uilig an-sult as anbhFéile féin, bhí na drámaí thar cionn arfad agus ba léir go raibh go leor oibrecurtha isteach iontu, ag scoláirí agusmúinteoirí araon. Moladh mór ag duldóibh uile! Reáchtáladh Féile Chúige igCaisleán an Bharraigh ón 10 – 12 Márta

2009 sna sála ar an bhféile áitiúil. Ghlacscoileanna ar fud Chonnachta páirt sa bh-Féile seo - tuairim is 30 scoil ar an iomlán- agus bhain caighdeán an-ard leis nadrámaí ar fad. As an 6 scoil ó Mhaigh Eoa ghlac páirt sa chomórtas, d’éirigh leScoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraighagus le Scoil Naomh Abhrach i mBaileChathail Craobh na hÉireann a bhaintamach. Beidh Craobh na hÉireann arsiúl sa Mhuileann gCearr ar an 22 – 24agus 27 - 29 Aibreán 2009 agus guíonnmuid gach rath ar scoileanna Mhaigh Eoann!

Féilte Mhaigh EoFéilte Mhaigh Eo

Page 3: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

33Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Tá sé i gceist ag Gaeilge Locha Riach aguswww.aughty.org tionscadal ar logainmneachai gcomharsanacht Shliabh Eachtaí a dhéanamhi mbliana. Is é an príomhchuspóir ná tuiscint arlogainmneacha an cheantair a shoiléiriú dophobal na háite agus deis a thabhairt dodhaoine aithne níos fearr a chur ar agcomharsanacht féin. Tá an togra seo ar siúl igcomhar le cumainn staire éagsúla sa cheantar,

rud a chinnteoidh go mbeidh inchur agusúinéireacht áitiúil air, agus é mar aidhm tab-hairt faoi scéim píolótach leis an obair a chur igcrích. Mar chuid den ullmhúchán, déanfarathbhreithniú ar an méid atá bailithe cheanaféin i dtaobh dinnseanchas na logainmneachai bparóistí ar leith faoi scáth Shliabh Eachtaí,agus reáchtálfar sraith ceardlanna sna paróistícéanna chuige seo. Tuigtear go spreagfaidh aleithéid tuiscint níos fearr ar na bailte fearainnagus go méadófar úsáid na leaganachaGaelacha de na logainmneacha sa cheantarmar thoradh. Tá sé i gceist na cruinnithe poiblíseo a thaifeadadh sa dóigh is gur féidir linn aoneolas nó scéalta breise a bhailiú go háitiúil,agus DVD nó CD a sholáthair don phobal sa tod-hchaí freisin. Cuireadh tús leis na ceardlanna igCill Chríost ag deireadh na míosa seo caite achcuirtear fáilte roimh éinne le spéis san ábharpáirt a ghlacadh sa togra amach anseo. Tuilleadh eolais: Gaeilge Locha Riach +353(0)91 870718 nó [email protected]

Cé gur chuir cúpla Gael anaithnide tús lefeachtas chun na comharthaí sráide aghaelú ar Shráid Uí Chonaill an tseachtainseo caite, b’fhéidir nach bhfuil gach Gaeil-geoir chomh cíocrach céanna dréimire adhreapadh ar son na teanga! Ach tábealach eile le héirí gafa le Gaelú nagcomharthaí bóithre in Éirinn. Tá GarrettReil, saineolaí le Rain Design, ag cur tu-airisce le chéile ar na comharthaí bóithredátheangacha is soiléire agus chabhródhd’inchur go mór mór leis. Ní gá duit achan suirbhé gasta a líonadh ar-líne aghttp://raindesign.com/chomharthai/chomharthai-09-gaeilge_distributed.pdf.Bheadh sé ina mhórchabhair dá bhféadfáéinne eile a cheapann tú a bheadh sástacabhrú leis a chur ar an eolas mar gheallar an suirbhé chomh maith, nó teagmháila dhéanamh le Garrett ag [email protected]. Creideann an Con-radh gur céim fíor-thábhachtach chuntosaigh a bheadh ann chun cothrom naFéinne a bhaint amach don Ghaeilge archomharthaí bóithre na tíre seo. Tacaighle Feachtas na Feiceálachta inniu!

Gaelú na gComharthaíGaelú na gComharthaíLogainmneacha Locha RiachLogainmneacha Locha Riach

Page 4: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

44 Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009

D’éirigh chomh maith sin le Seachtain naGaeilge 2009 gur scaip an grá don chúpla focalchomh fada leis an Teach Bán, áit gur fhogh-laim Uachtarán Meiriceá Barack Obama conas“Is féidir linn!” a rá as Gaeilge fiú! Ní haonionadh é áfach, leis an oiread imeachtaí a bhíar siúl fud fad na cruinne: bricfeasta Gaeilgesa Bhruiséil, cluichí Gaelacha á n-imirt sanÍsiltír, ceardlanna Gaeilge i gCeanada agus Aif-reann as Gaeilge san Astráil, gan trácht ar aniliomad imeacht anseo sabhaile in Éirinn. Sheol an SíleNí Bhraonáin álainn imeachtaína Seachtaine i nGaillimh agtús na míosa, chuir ConradhLuimnigh céilí ar siúl sa Chistinarís agus bhí oíche aerach mei-dhreach ag an gCáca Milis sanAcadamh i mBaile Átha Cliath.D’eagraigh muintir na Cual-lachta i gCorcaigh Poc Ar Builedos na mic léinn mar aon lemaidineacha caife agus léiriúde chlár an laoch ghrinn DesBishop sa bhéar nua, fad is achuir daltaí Choláiste Eoin agusÍosagáin leagan Gaeilge dendráma Grease ar siúl sa scoil iStigh Lorgán. Chomh maith lehoícheanta scéalaíochta agusceoil, clubanna leabhar agus ceardlannaraidió le Máirtín Davy (Raidió na Gaeltachta),bhí Mórshiúl Lá Fhéile Phádraig den scoth imBaile Locha Riach agus Réaltaí mar théamaaige ó is í 2009 Bliain Idirnáisiúnta na Réalte-olaíochta. B’é Paidí Ó Lionáird (TG4) fear antí don lá agus chuir Comhaltas Ceoltóirí Éire-ann an slua ag rince don mhórcheiliúradh! Baí Áine Ní Chiaráin a sheol Seachtain na Gaeilgei Maigh Eo agus le breis agus 120 éagsúil ar siúlar fud an chontae - comórtas peile naGaeltachta, turais treoraithe i nGaeilge,cluichí cártaí agus drámaí go leor - is cinnte go

raibh muintir Mhaigh Eo gnóthach ag cur anteanga chun cinn le linn na féile. Deineadh 25Bliain Gaelscoil Raifteirí a cheiliúradh in Óstánan Welcome Inn i gCaisleán an Bharraigh i rithna Seachtaine freisin. Mar chuid den StPatrick’s Festival sa phríomhchathair, ea-graíodh ceiliúradh spleodrach trí Ghaeilgedarb ainm GaelSpraoi agus bhí rogha leathanimeachtaí ar an gclár – céilí mór, turais thre-oraithe Ghaeilge sa Guinness Storehouse agus

ar an Viking Splash, ceardlanna DJagus damhsa, siúloid thart arBhinn Éadair leis na Cnocadóirí,Club Sonas den scoth i Sráid Vicarchomh maith leis an gCabaretCraiceáilte le MC Muipéid agusBubba Shakespeare ag rapáil tríGhaeilge san Odeon ó oíche gomaidin! Ní hamháin sin achd’eagraigh Colleen Dollard Béal-Spraoi ar an 14 Márta le ceard-lanna cócaireachta agus crepes,cniotáil agus cróiseáil, cosdor-nalaíocht, cluichí cártaí, léiriúgearrscannán Gaeilge, lámhch-leasaíocht agus go leor eile dochuile duine, lucht foghlamtha nateanga agus cainteoirí líofa araon.Phew! Bhí ceolchoirmeacha ag naMacallaí i Loch Garman, cupán

tae in Ionad Pobail an Droma i Ros Comáin,ceardlann scannánaíochta san IFI, gig anbhanna Bréag i mBéal Feirste, Ná Bac i gClubÁras na nGael i nGaillimh, drámaíocht inAmharclann Axis Bhaile Munna, ócáidí idTeach Laighean agus imeachtaí go leor inÁras Chrónáin i gCluain Dolcáin. Tá ardmho-ladh ag dul do chuile duine a d’eagraighimeacht, a ghlac páirt nó a bhain leas as agcúpla focal Gaeilge le linn na Seachtaine.Táimid ag tnúth le spraoi Sheachtain naGaeilge 2010 cheana féin! Gach Eolas:www.snag.ie

Seachtain na Gaeilge ’09Seachtain na Gaeilge ’09

Page 5: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

Ba mhaith le Craobh Raidió an Chonarthaagus lucht Raidió Rí-Rá ar fad buíochas óchroí a ghabháil le chuileduine a chabhraigh leis anstáisiún nó a chur cluas linnagus muid ag craoladh aran gcóras FM i mBaile ÁthaCliath, i gCorcaigh, i Luim-neach agus i nGaillimh lelinn Sheachtain na Gaeilge2009. Seoladh an seirbhísilchathrach le 4phreasócáid éagsúil ar an 3Márta, ag ceiliúradh chéadbhreithlá an raidió agus anstáisiún bliain ag craoladhar-líne. Rinne an tAireÉamon Ó Cuív an seoladh oifigiúil agus chanpáistí gleoite Ghaelscoil Mhic Amhlaigh inGaillimh lá breithe shona Raidió Rí-Rá beoar an aer leis an réalt teilifíse Linda Breath-nach (Ros na Rún) ina dteannta! Rinnemuintir Chorcaí an haka Gaelach a scairtamach thar an guthán, chan daltaí Ghael-choláiste Luimnigh amhrán Mundy dúinn,

agus bhí Eoghan Mac Diarmada (Pop 4) linnsa stiúideo i mBaile Átha Cliath. Ansin rinne

na réaltaí Donnacha Ryan, im-reoir rugbaí le foireann naMumhan; Clíona Ní Chiosáin(Aifric); agus Linda Breathnachcomhaireamh síos ar An Barr 20Ceoltóir Éireannach Is Mó SanAois Seo ar Lá Fhéile Phádraig.Iontas na n-iontas, bhí U2buailte go maith ag Westlifeagus Nicky Brennan lánsástaonóir an bharrspóta a ghlacadh!Chuir na mílte isteach ar nacomórtais chun Gael Fóin ion-tacha de chuid Samsung abhuachaint gach lá le linn an

chraolacháin agus is léir go bhfuil an-éileamh ann do chairt-stáisiún raidióGaeilge do dhaoine óga. Ainneoin go bhfuil-imid an-bhrónach go bhfuil an seirbhís seal-adach ar FM tagtha chun críche, is ábharáthais agus sóláis dúinn go bhfuilimid ar fáilar-líne i gcónaí ag www.RaidioRiRa.ie. Cuir cluas linn!

Raidió Rí-RáRaidió Rí-Rá

55Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Tá éacht eile bainte amach ag foireannSheachtain na Gaeilge arís i mbliana lescoth na gceoltóirí ag casadh i nGaeilgear an albam Ceol is déanaí. Sanáireamh ar an dlúthdhiosca tá ant-amhránaí Albanach Eddi Readerag canadh a cnaig mhóir cheoilPerfect i nGaeilge; Camille O’Sullivan; Duke Special; CathyDavey; Noelie Mc Donnell; PaddyCasey; Ham Sandwich; Fiach,agus go leor leor eile. Tá Mick Flannery leNuachtáin an Lae Amárach le cloisteáil airchomh maith sna sála air gradam Meteordon amhránaí is fearr a bhuaigh i

mbliana, mar aon le leagan Gaeilge denamhrán álainn Falling Slowly le The SwellSeason, a bhuaigh Oscar an bhliain seo

caite. Is é an t-albam Gaeilge gurmó tóir air le cúpla bliain anuasagus rachaidh an brabús ar fadchuig an gcarthanacht Barnardosmar is gnáth. Bhain albam nabliana seo caite Ceol ’08 uimhira haon amach i gcairteacha nahÉireann agus tá súil againn uile

gurb amhlaidh an scéal a bheas ann docheirnín na bliana seo! Beidh an dlúthd-hiosca Ceol ’09 sna siopaí ón 27 Márta2009.

CD Ceol ’09!CD Ceol ’09!

Page 6: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

66 Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009

Tá scrúduithe Teastas Eorpach na Gaeilgede chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuaddéanta ag beagnach 500 foghlaimeoir fástain ionaid in Éirinn agus thar lear, sa Fhraincagus i bPoblacht na Seice. Beidh scrúduithear siúl don chéad uair i gCambridge agus iNua Eabhrac freisin i mbliana. Reáchtálfaran chéad bhabhta eile de scrúduithe TEG imí an Aibreáin agus i mí Bhealtaine 2009 inionad sna háiteanna seo a leanas ar nadátaí seo a leanas: Ollscoil Mhá Nuad, NuaEabhrac, Gaoth Dobhair, Cambridge, AnSpidéal, Prág, Baile Bhuirne, agus Páras aran 18 Aibreán (Bonnleibhéal 1); 25 Aibreán(Bonnleibhéal 2); 9 Bealtaine (Meánleib-héal 1); 16 Bealtaine (Meánleibhéal 2). Níbheidh an scrúdú don Ardleibhéal ar siúl gomí na Nollag ach is gá áit a chur in áireamhdo gach scrúdú roimh ré agus b’fhearr seo

a dhéanamh go luath ó na spriocdhátaí ion-trála cuid de na scrúduithe imithe cheanaféin. Gach eolas: www.teg.ie / +353 (0)17086417 / [email protected]

Scrúduithe TEGScrúduithe TEG

RANGANNA I mBAILE ÁTHA CLIATH Tá Conradh na Gaeilge i mBaile ÁthaCliath ag tabhairt faoi chúrsaí breise asholáthair i mbliana, ag tosú an tseach-tain dár tús an 21 Aibreán 2009 agus agcríochnú an tseachtain dheireanach i míBhealtaine. Tá costas €180 ar an gcúrsa6 seachtaine seo agus cuirfear rangamháin oíche in aghaidh na seachtainear fáil idir 7.00 – 10.00in. Cuirtear ran-ganna uile an Chonartha in oiriúint doshiollabas TEG. Tuilleadh Eolais:[email protected] / +353 (0)1 4757401 nóis féidir clárú ar-líne ag www.cnag.ie

Page 7: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

77Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Rinne Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ansuíomh úr iontach ag Gaelport.com a sheoladhgo hoifigiúil ar an 12 Márta 2009. Is é Gael-port.com príomhshuíomh eolais na Gaeilgeagus tá an leagan nua den suíomh níos idirgh-

níomhaí agus níos tarraingtí le béim ar leithleagtha ar an nuacht is úire a bheith ar fáil ann.Bhí réaltaí na Gaeilge Dara Ó Cinnéide agus SíleNí Bhraonáin bainteach leis an seoladh chunaird a tharraingt ar an dearadh nua, mar sin níhé leagan amach nua an tsuímh an t-aon rudálainn faoin togra seo!

Ach ní hiad muintir na Comhdhála amháin a bhígnóthach ag obair ar chúrsaí ar-líne a fheabhsúagus a fhorbairt le déanaí. Sheol an iris óigesheoigh sin *nós suíomh nua ag nosmag.com agtús na míosa seo freisin. Cuirtear ábhar úrceoil, scannáin, teicneolaíochta, faisin, taistilagus eile ar an suíomh ar bhonn rialta agus isféidir le léitheoirí nótaí tráchta a fhágáil, maraon le clárú le fotha RSS a fháil. Ar a bharr sintá gach eolas le fáil ann faoin iris féin ó shon-raí síntiúis agus fógraíochta go dtí na hearraíinár siopa nua ar líne chomh maith. Agus is léirgo bhfuil an dearadh nua ag mealladh na slu-aite agus tá an-áthas ar lucht oibre na hirise gobhfuil níos mó daoine ná riamh ag tabhairtcuairte anois ar nosmag.com gach lá.

Bronnadh duaiseanna an chomórtaisealaíne de chuid Ógras ar bhuaiteoirí ó naclubanna, agus ar na clubanna féin, agócáidí speisialta i gCuilinn Uí Chaoimh, Co.Chorcaí, i nGníomh go Leith agus i SliabhLuachra, Co. Chiarraí le déanaí. Reáchtáil-tear an Comórtas Ealaíne gach bhliainchun deis a thabhairt do bhaill Ógras ascileanna ealaíne, filíochta, aisteoireachtaagus griangrafadóireachta a fhorbairt agusa chur os comhair an tsaoil mhóir. Bron-nadh duaiseanna, boinn, geansaithe Ógrasagus seiceanna ar na buaiteoirí, agus bron-nadh seic ar an gclub chomh maith marchomhartha buíochais. Comhghairdeasmór ag dul go Kayla Ní Ríordáin, Enya NíGhearáin, Conchúbhair Ó hArgain, MáireAmy Ní Chonchúir agus Aodh Ó Cróinín asan mbua a fháil sa chomórtas, maith sibh!Má tá tuilleadh eolais uait maidir leis angcomórtas bliantúil, nó maidir le clubÓgras nó Óg-Ógras a bhunú i do cheantaráitiúil, is féidir teagmháil a dhéanamhle Risteárd Ó Fuaráin [email protected]/ +353 (0)87 2194992 / www.ogras.ie

Ógras na MumhanÓgras na MumhanSuíomhanna ÚraSuíomhanna Úra

Page 8: Nuachtlitir an Chonartha, Márta 09

88 Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009Cuir na scéala chugainn roimh 10 Aibreán 2009

Trasna

1 beartán; ceangaltán (8)

4 cladhaire; rógaire (10)

6 fráma a úsáidtear chun

comhaireamh a dhéanamh (6)

8 glasra milis dearg (6)

9 seal ama; tréimhse (3)

11 meabhair dhinn; cumas smaointe (9)

12 breathnú; radharc; féachaint (6)

13 gáir mhaíte (3)

Síos

2 píosa miotail chun glas a oscailt (7)

3 beoga; anamúil (9)

4 aimsir bhog fhliuch (7)

5 tuisceanach; ciallmhar; measartha (8)

6 fear atá i gceannas ar mhainistir (2)

7 teachtaire ó Dhia (7)

10 brath (5)

Crosfhocal Mhí an MhártaCrosfhocal Mhí an Mhárta

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don siopa potadóireachta Louis Mulcahy

a bhuacaint, líon isteach an crosfhocal agus seol chuig:

An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.