nuachtlitir an earraigh - gaeloideachashoíche cheoil ar an 11 márta. beidh tráth na gceist ar...

20
1 Earrach 2011 Nuachtlitir an Earraigh ....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.” San Eagrán Seo: Nuacht na hEarnála 1 Scéalta na 2 mBunscoileanna Scéalta na nIar- 3 bhunscoileanna & na nAonad Nuacht na 4 hEagraíochta Pleanáil Scoileanna 6 Forbairt Ghairmiúil 7 Scoileanna Nuacht an Tuaiscirt 9 Gailearaí 10 & 11 Acmhainní 12 & 13 Nuacht Ghinearálta 16 Tuairiscí Imeachtaí Idirscoile 18 & 19 Cosain an Cóimheas! Cé gur gheall an Rialtas nach mbeadh aon athrú ag teacht ar an gcóimheas daltaí le múinteoirí i mbliana, is léir nach raibh siad ag smaoineamh ar na gaelscoileanna nuair a rinneadh an ráiteas sin. I measc na ciorraithe a fógraíodh le déanaí laistigh den Roinn Oideachais, tá moladh ann go gcuirfí an cóimheas dalta le múinteoirí céanna i bhfeidhm sna bunscoileanna lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht is atá i bhfeidhm sna scoileanna lán- Bhéarla. Tubaist é seo do na scoileanna lán-Ghaeilge a bhfuil idir triúr agus ochtar múinteoirí acu, ach go háirithe. Tá suas go 25 scoil a chaillfidh múinteoir amháin má chuirtear an moladh seo i bhfeidhm. Caillfidh trí scoil eile beirt mhúinteoirí agus beidh ar na príomhoidí filleadh ar ais ar an seomra ranga. Ardófar líon na ndaltaí sna ranganna agus beidh go leor ranganna meascaithe ann le líon ard daltaí iontu dá bharr. Bheadh ar roinnt scoileanna idir 17-23 daltaí sa bhreis a thabhairt isteach sa scoil i Meán Fómhair 2011 leis na múinteoirí thuasluaite a choimeád, líon nach bhfuil réadúil dóibh mar nach scoileanna atá ag forbairt atá iontu den chuid is mó. Aon uair a athraíodh an sceideal go dtí seo is dalta nó beirt sa bhreis a bhí de dhíth!! Athrú raidiceach, tromchúiseach atá san athrú seo. Soláthraíodh an sceideal níos ísle do na scoileanna lán- Ghaeilge i bhfianaise na hoibre bhreise a bhíonn ar siúl iontu de bharr sealbhú na Gaeilge agus dúshláin ó thaobh acmhainní de. Tá Gaelscoileanna Teo. maraon leis an bhForas Pátrúnachta ag troid go láidir ar son daltaí na ngaelscoileanna leis an sceideal seo a choimeád trí phlé leis an Roinn Oideachais, le Cumann Múinteoirí Éireann agus le stocaireacht ar pholaiteoirí. Dátaí don Dialann Comhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 25 & 26 Samhain 2011 An Tulach Mhór

Upload: others

Post on 18-Feb-2021

7 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • 1

    Earrach 2011

    Nuachtlitir an Earraigh“....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh agan mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.”

    San Eagrán Seo:

    Nuacht na hEarnála 1

    Scéalta na 2mBunscoileanna

    Scéalta na nIar- 3bhunscoileanna & nanAonad

    Nuacht na 4hEagraíochta

    Pleanáil Scoileanna 6

    Forbairt Ghairmiúil 7Scoileanna

    Nuacht an Tuaiscirt 9

    Gailearaí 10 & 11

    Acmhainní 12 & 13

    Nuacht Ghinearálta 16

    Tuairiscí ImeachtaíIdirscoile 18 & 19

    Cosain an Cóimheas!Cé gur gheall an Rialtas nachmbeadh aon athrú ag teacht aran gcóimheas daltaí le múinteoiríi mbliana, is léir nach raibh siadag smaoineamh ar nagaelscoileanna nuair a rinneadhan ráiteas sin. I measc naciorraithe a fógraíodh le déanaílaistigh den Roinn Oideachais, támoladh ann go gcuirfí ancóimheas dalta le múinteoirícéanna i bhfeidhm snabunscoileanna lán-Ghaeilgelasmuigh den Ghaeltacht is atá ibhfeidhm sna scoileanna lán-Bhéarla.Tubaist é seo do na scoileannalán-Ghaeilge a bhfuil idir triúragus ochtar múinteoirí acu, achgo háirithe. Tá suas go 25 scoil achaillfidh múinteoir amháin máchuirtear an moladh seo ibhfeidhm. Caillfidh trí scoil eilebeirt mhúinteoirí agus beidh arna príomhoidí filleadh ar ais ar anseomra ranga. Ardófar líon nandaltaí sna ranganna agus beidhgo leor ranganna meascaithe

    ann le líon ard daltaí iontu dábharr. Bheadh ar roinntscoileanna idir 17-23 daltaí sabhreis a thabhairt isteach sa scoili Meán Fómhair 2011 leis namúinteoirí thuasluaite achoimeád, líon nach bhfuilréadúil dóibh mar nachscoileanna atá ag forbairt atáiontu den chuid is mó. Aon uair aathraíodh an sceideal go dtí seois dalta nó beirt sa bhreis a bhí dedhíth!! Athrú raidiceach,tromchúiseach atá san athrú seo.Soláthraíodh an sceideal níosísle do na scoileanna lán-Ghaeilge i bhfianaise na hoibrebhreise a bhíonn ar siúl iontu debharr sealbhú na Gaeilge agusdúshláin ó thaobh acmhainní de.Tá Gaelscoileanna Teo. maraonleis an bhForas Pátrúnachta agtroid go láidir ar son daltaí nangaelscoileanna leis an sceidealseo a choimeád trí phlé leis anRoinn Oideachais, le CumannMúinteoirí Éireann agus lestocaireacht ar pholaiteoirí.

    Dátaí don Dialann

    Comhdháil Bhliantúil

    GAELSCOILEANNA TEO.

    25 & 26 Samhain 2011

    An Tulach Mhór

  • 2

    Earrach 2011

    Scéalta na mBunscoileanna

    Bhí ceiliúradh mór i nGaelscoil Bhaile Munna ledéanaí nuair a bronnadh an dara Brat Glas aran scoil. Bhí Ian Dempsey ó Today Fm agusKathryn Mc Kiernan ó Kazoo i láthair chun anbrat a ardú linn.

    Fuaireamar an dara Brat Glas toisc gurshábháil agus gur laghdaigh muid an méidfuinnimh a úsáideann an scoil. Rinne siadscrúdaithe ar na ranganna chun a chinntiú goraibh siad aerdhíonach agus rinne siadiniúchadh ar ídiú fuinnimh sna ranganna i rithan lae. Nuair a bhí siad críochnaithe, roinn siada gcuid saineolais faoi laghdú úsáide fuinnimhsa scoil leis na páistí eile.

    Anois, tá páistí, múinteoirí agus tuismitheoirí agmúchadh soilse ar laethanta geala, ag dúnadhan dorais sa seomra ranga nuair atá an teas arsiúl, ag múchadh buacairí agus go leor eile.

    Sheinn an Banna Scoile ar an lá, rud a chuir gomór leis an gceiliúradh. Tháinig Raidió naGaeltachta chun na scoile freisin le hagallaimha chur ar thuismitheoirí, ar pháistí agus armhúinteoirí.

    Brat Glas eile faighte ag Gaelscoil Bhaile Munna

    Ceiliúradh Cúig Bliana is fiche Gaelscoil Dhún Dealgan

    An Brat Glas á ardú ag Ian Dempsay óToday FM agus Kathryn McKiernan ó Kazoo

    Is ábharlúcháire agusábhar mórtaisdúinn go bhfuilGaelscoilDhún Dealganag ceiliúradhbreithlae cúigbliana is fiche.

    Is é an tUasalPádraigMacCanna

    príomhoide na scoile ó 1999. Tá 14 Múinteoiríag obair sa scoil agus tá thart faoi 200 páistí agfreastal uirthi. Tá ceolfhoireann sa scoil athugann deis do na páistí a gcuid ceoil achleachtadh agus a léiriú os comhair anphobail. Lena cois sin, bíonn cór na scoilean-ghnóthach ag cleachtadh gach seachtain

    do mhór-ócáidí na scoile agus d’ócáidísheachtracha cosúil leis an cheolchoirmHALLELUJAH a bhí ar siúl san RDS roimh naNollag. Ghlac an cór páirt fosta in ócáidítrasteorann a bhí ar siúl le cúpla bliain anuas.

    Beidh an ócáid mhór seo á cheiliúradh againnsa tseachtain roimh Lá ‘Le Pádraig ag tosú lehoíche cheoil ar an 11 Márta. Beidh tráth nagCeist ar siúl ar an 15 lá agus cuirfear roinntimeachtaí thaitneamhacha ar siúl do na páistíidir an dá línn. Críochnóidh an ceiliúradh lehAifreann ar an 16 lá Márta i Séipéal anTeaghlaigh Naofa.

    “Ní neart go cur le chéile” mana na scoile agustá lúcháir orm a thuairisciú gur ag dul i dtreisagus i nirt atáimid ag gabháil lá i ndiaidh a chéile.

  • 3

    Earrach 2011

    Scéalta na hIarbhunscoileanna & na nAonad

    Tallann Nua ó na Scoileanna Lán-GhaeilgeTá cuid mhaith cainte faoi láthair faoi bhannaceoil nua darbh ainm Fever Felt. Freastalaíonnbaill an bhanna seo ar Choláiste Cois Life,Leamhcán, Baile Átha Cliath agus sheinn siadar an ‘All Ireland Talent Show’ ar RTÉ i míFeabhra ar son an Oirthir.

    Tá triúr sa ghrúpa: beirt dheartháir Cian agusOisín Ó Tarráin agus a gcara EoghanKonstantin. D’fhreastail an triúr acu ar anngaelscoil, Scoil Uí Dhálaigh, i Léim anBhradáin.

    Tá an-spéis go deo acu sa Ghaeilge agus igcultúr na tíre go ginearálta. Thar na blianta,ghlac siad go léir páirt i gcomórtas tallainne nan-Iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge, Scléip,(eagraithe ag GAELSCOILEANNA TEO.) Is léirgo gcloisfimid cuid mhaith ón ngrúpa seo snalaethanta agus sna blianta romhainn.

    Fever Felt Abú!!!!!

    Bhí ceiliúradh i gColáiste Pobail Osraí(meánscoil Gaeilge Cill Chainnigh) nuair abhuaigh cailíní idirbhliain an chéad duaissinsearach sa rannóg Shóisialta agus Iompairag comórtas BT Eolaí Óg na bliana seo.

    Ba í Keire Ní Murchú captaen na foirnebuacach agus mhínigh sí an méid a bhí déantaaici i dteannta le Ailís Ní Ghormáin, Caoimhede Buitléir agus Cáit Ní Mhaolmhuaidh.

    “Rinneamar iniúchadh ar éifeacht prímeáil ar

    iompar dalta bunscoile agus iad i ngrúpaí deseachtar. D’iarramar orthu bheith ciúin ibealach dearfach nó diúltach – sé sin le rá ‘suísíos agus bí ciúin’ nó ‘ná seas suas agus nádéan aon gleo’. Chonaiceamar go raibh amhalairt d’éifeacht ag an bhfoirm d’ordú arbhuachaillí agus cailíní - is fearr ordú diúltacha thabhairt do chailíní agus ordú dearfach athabhairt do bhuachaillí! Chonaiceamar freisingo raibh níos mó ionbhá ag cailíní ná buachaillí.Ní ionadh mór dúinn sin! Ach bhí níos móionbhá ag buachaillí nuair a bhí siad inadteannta fhéin ná mar a bhí nuair a raibh cailíníina measc. Táimid an bhuíoch don 450 daltaagus na múinteoirí ó Gaelscoil Osraí, De laSalle agus Baile Mhic Andáin a ghlac páirt."

    D’éirigh le dhá tionscnamh eile ón scoil dulchomh fada leis an RDS. Rinne Aaron deBaráin iniúchadh ar thruailliú in aibhneachaagus bhuaigh sé gradam Ard Mholadh ó namoltóirí. Rinne Dubhaltach Ó Maolriada, AoiseNí Néill agus Molly Ó Broinn anailís pailine ardríodar locha chun athraithe san éiceachórasle 50 bliain anuas a aithint.

    Eolaí Óg Buaite ag Coláiste Pobail Osraí

  • 4

    Earrach 2011

    Nuacht na hEagraíochta

    Fáilte a Lócháin!

    Fuair príomhfheidhmeannachGAELSCOILEANNA TEO.,Bláthnaid ní Ghréacháin agusa fear chéile Pádraig MacCriostail bronntanas Nollagthar a bheith speisialta imbliana nuair a rugadh macleo ar an 3 Nollaig.

    Bhain Bláthnaid, Pádraig agusLóchán beag an-sult as agcéad Nollaig le chéile agusguímid gach ráth orthu triúrdon todhchaí.

    Comhdháil Bhliantúil 2010Bhí Comhdháil den scoth againn arís i mblianasa Tulach Mhór. D’fhreastail níos mó daoineuirthi i mbliana ná riamh. Ón aiseolas atáfaighte ag GAELSCOILEANNA TEO., bhí narannpháirtithe an-sásta leis. Bhí an t-ádh linnceol iontach a bheith curtha ar fáil dúinn ag andá scoil áitiúil, Gaelscoil an Eiscir Riada agusGaelscoil Éadan Doire agus ba mhór an onóirdúinn bronnadh a dhéanamh ar Mhícheál ÓMuircheartaigh as ucht an méid atá déantaaige ar son na Gaeilge agus na gaelscolaíochta.

    Thosaigh an Chomhdháil le díospóireacht ar anngaeloideachas i gcomhthéacs na Straitéise 20Bliain don Ghaeilge. Bhí plé bríomhar ar anábhar seo agus ba seo an chéad uair abhaineamar triail as an bhfóram seo mar chuidden Chomhdháil. Aithníonn an Straitéis gobhfuil ról an-tábhachtach i gcur chun cinnaidhmeanna na Straitéise ag na scoileannalán-Ghaeilge agus tosóidh an plé arís go luathmaidir le Comhdháil 2011. Tá súil againnsuirbhé a sheoladh amach chuig na scoileanna

    go luath le tuairimí a lorg uathu maidir leis nahábhair a ba mhaith leo feiceáil ar an gclár doChomhdháil 2011. Tá grianghraif óngComhdháil le feiceáil ar leathanach 10 agustá a thuilleadh le feiceáil ar shuíomh idirlín naheagraíochta www.gaelscoileanna.ie.

    Iar-Aire Pat Carey agus Mícheál ÓMuircheartaigh ag an gComhdháil Bhliantúil.

  • 5

    Earrach 2011

    Fáilte roimh Bhord Stiúrtha GAELSCOILEANNA TEO. 2010-2011Fáiltímid roimh bhord stiúrtha nua GAELSCOILEANNA TEO. a tháinig i réim ag an gCruinniúCinn Bhliana 2010. Is iad na baill nua ná:

    Norma Ní Chonchúir Gaelscoil Chill Dara, Cill DaraElaine Ní Shé Gaelcholáiste Luimnigh, LuimneachPádraig Ó Duinneacha Gaelscoil de hÍde, Gaillimh

    Is iad Oifigigh an Bhoird don bhliain 2011 ná:

    Mícheál Ó Broin Uachtarán Gaelscoil Chnoc na RéCathnia Ó Muircheartaigh Leas-Uachtarán Coláiste Pobail OsraíYvonne Ní Mhurchú Rúnaí Gaelscoil LongfoirtClodagh Ní Mhaoilchiaráin Leas-Rúnaí Gaelscoil Bhaile BrigínDealgan Ó Ciarubháin Cisteoir Scoil ChaitríonaMáirín Ní Chéileachair OCP Gaelscoil Uí FhiaichDr. Micheál Ó Duibh OPP Comhairle na Gaelscolaíochta

    Guímid gach rath ar an mBord Stiúrtha nua agus iad ag tabhairt faoi dhúshláin nua agusleanúnacha san earnáil ag an dá leibhéal.

    Fanann na baill seo a leanas ar an mbord i mbliana:

    Seán Mag Oireachtaigh (Scoil Chaitríona), Cathal Ó Luain (Scoil Chrónáin), Seán Ó Nuanáin(Gaelscoil Dhonncha Rua), Alison Carruth (Coláiste Cois Life), Deirdre Nic Gabhann (GaelscoilRiabhach), Conall Ó Cruadhlaoich (Gaelcholáiste Luimnigh), Póla Ní Chinnsealaigh (GaelscoilÉadan Doire), Fíona Uí Uiginn (Coláiste Íosagáin) agus Hazel Ní Phiogóid (Gaelscoil Riada).Gabhaimid buíochas leo go léir as ucht a ndúthracht agus a gcuid oibre.

    Nuacht na hEagraíochta

  • 6

    Earrach 2011

    Pleanáil ScoileannaEaspa aitheantais do ghaelscoileanna nua, ainneoin Straitéis 20

    Bliain an Rialtais don GhaeilgeD’fhógair an Roinn Oideachais agus Scileannaar an 17 Nollaig nach bhfuil ach ceithrecheantar aitheanta acu inar féidir go mbeidhriachtanais do sholáthair bhreise donbhunoideachas do Mheán Fómhair 2011. Naceantair ná: Cill Dhéagláin i gCo. na Mí agusBaile Bhlainséir Thiar, Mullach Eadrad agusLeamhcán i mBaile Átha Cliath. Cé go bhfuiléileamh láidir ar ghaelscolaíocht sna ceantairsin, tá díomá orainn nach bhfuil aon aird áthabhairt ag an Roinn ar na ceantair eile ar fudna tíre ina bhfuil coistí bunaithe i mbun dian-fheachtais le gaelscolaíocht a chinntiú dábpáistí, agus díomá ar leith nach bhfuilaitheantas á thabhairt do Ghaelscoil Ráth Tó,a d’oscail gan cúnamh na Roinne i MeánFómhair 2010 agus nach bhfaigheann aonmhaoiniú nó tacaíocht ón Roinn, ainneoin anéilimh mhór ar an ngaelscolaíocht sa cheantar.

    Níl polasaí ná cur chuige na Roinne maidir leisan ngaelscolaíocht ag luí le Straitéis 20 Bliainan Rialtais don Ghaeilge, a foilsíodh ar an 21Nollaig. Scríobhtar sa straitéis go ndéanfariarracht an córas gaeloideachais a fheabhsú,ach ní léir go bhfuil an Roinn ag déanamhbeart de réir briathar agus ag tacú mar is ceartleis na gaelscoileanna. Roimhe seo, d’aithincóras na Roinne i leith scoileanna nua a bhunúan tslí ina fhásann an scoil agus an róltábhachtach atá aici sa chomhphobal ina

    fheidhmíonn sí. Faoi láthair, is ardéimeagrafach amháin atá cinntí na Roinnemaidir le scoileanna nua bunaithe agus iscosúil nach mbaineann rogha na dtuismitheoiríbeag ná mór le plean na Roinne do sholátharbreise bunoideachais do 2011.

    Táimid mar eagraíocht ag éileamh ar an RoinnOideachais aitheantas a thabhairt doGhaelscoil Ráth Tó agus do na coistí bunaithegaelscolaíochta eile atá ag feidhmiú timpeallna tíre, le freastal a dhéanamh ar an éileamhagus ar an gceart atá ag tuismitheoiríoideachas trí mheán na Gaeilge a fháil dábpáistí.

    Daltaí Gaelscoil Ráth Tó taobh amuigh den RoinnOideachais, áit ar bhronn siad litreacha achainí ar anAire Mary Coughlan le deanaí

    Ceolchoirm

    Beidh Ceolchoirm Mór ag Gaelscoil Chill Daraar son Gaelscoil Rath Tó

    Déardaoin, 10ú Márta

    Ar siúl i nGaelscoil Chill Dara.

    John Spillane, Eoin Dillon(Kila) & ceoltóirí eile.

    Ticéid €10 ar fáil sa scoil.

    TréaslaíonnGAELSCOILEANNA TEO. le

    Gaelcholáiste Luimnigh a fuairaitheantas buan le déanaí. Guímidgach ráth ar mhúinteoirí, daltaí agustuismitheoirí na scoile sa todhchaí.

    Go mairfidh sibh bhúr nuacht.

  • 7

    Earrach 2011

    Forbairt Ghairmiúil Scoileanna

    Earcú Scrúdaitheoirí Gaeloideachais

    Tá CCEA ag croílár phobal Thuaisceart na hÉireann. Mar chuid dá shainchúraim, tá forbairtchuraclam scoile agus stiúradh scrúdúchán agus measúnaithe. Déanaimid dúthracht iarrachtalena chinntiú go gcomhlíonann ár dtáirgí agus ár seirbhísí riachtanais gach foghlaimeora. Marsin de, tá díograis orainn múinteoirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus atá ag teagasc ábhar eilea earcú.

    Cad chuige a mbeifeá i do Scrúdaitheoir le CCEA?

    I measc na dtairbhí duitse:

    · Cúiteamh airgeadais· Líonrú le gairmithe eile· Teagmháil le réimse leathan freagraí mac léinn· Éagsúlacht deiseanna· Iomlán traenála agus tacaíochta

    Tá CCEA ag earcú múinteoirí agus léachtóirí láncháilithe atá ag obair faoi láthair nó atá ar scorle scrúdúcháin GCSE agus GCE, a rinneadh trí Ghaeilge, a mharcáil nó modhnóireacht adhéanamh orthu.

    Gheobhaidh tú liosta iomlán de na hábhair agus foirm iarratais ar: www.ccea.org.uk/examiners

    Fón: (004428) 9026 1243 nó (004428) 9026 1294. R-phost: [email protected]

    Seimineár ar Aistear, Síolta agus an Curaclam BunscoileÓstán an Alexander, Baile Átha Cliath 2

    12 Márta 2011; 9.30 -14.00

    Díreoidh an seimineár seo ar an aois-ghrúpa 3-6 bliana d’aois, ach go háirithe, agus conas mara fhoghlaimíonn siad. Tá saineolaithe ón CNCM agus ón Aonad Beartas Um Oideachas snaLuath-bhlianta chun labhairt ar conas mar is féidir le naíonraí agus bunscoileanna na treoirlínteagus na curaclaim a úsáid lena chéile leis na torthaí foghlamtha is fearr a bhaint amach do pháistíón aois-ghrúpa seo. Labhróidh Máire Mhic Mhathúna ó DIT ar leabhrán atá á chur le chéile lecabhrú le scoileanna agus le naíonraí an t-aistriú ó naíonra chuig an bunscoil a éascú do napáistí agus dá dtuismitheoirí.Tá an seimineár seo á reáchtáil ag GAELSCOILEANNA TEO. i gcomhpháirt le Forbairt NaíonraíTeoranta agus tá sé dírithe ar stiúrthóirí naíonraí, príomhoidí bunscoileanna agus múinteoirínaíonáin.

    Comhdháil CAER (Cumann Oideachais na Réigiún Eorpacha)Óstán Skylon, Baile Átha Cliath 9

    24 - 26 Márta

    Tá Comhdháil CAER 2011 á eagrú ag GAELSCOILEANNA TEO. i gcomhpháirt le páirtithe eilesan Eoraip a bhíonn ag plé le múineadh trí mhionteangacha. Díreoidh an chomhdháil ar antéama “Áit na mionteangacha i bhforbairt an ilteangachais” agus beidh teachtaí ann ó réigiúin eilesan Eoraip atá ag plé le hoideachas trí mhionteangacha. Cláraigh do scoil le bheith ann!

  • 8

    Earrach 2011

  • 9

    Earrach 2011

    Nuacht an Tuaiscirt

    Is am tábhachtach don ghaelscolaíocht ó thuaidh é an bhliain úr, nó is sa tréimhse seo aroghnaíonn tuismitheoirí scoil dá bpáistí. Agus tuismitheoirí ag smaoineamh ar scolaíocht dábpáistí, cuirfear an cheist cad é atá ag gaelscoil do mo pháiste nach bhfuil ag scoileanna eile?

    Is fiú mar sin seo a leanas a mheabhrú do thuismitheoirí:

    Léiríonn taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta go mbíonn ardchumas labhartha, tuisceana,scríofa agus léimh sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag daltaí a fhreastalaíonn ar scoileannalán-Ghaeilge. Is fíor fosta go mbíonn an leibhéal céanna Béarla nó leibhéal níos fearr agdaltaí gaelscolaíochta agus a fhaightear i scoileanna Béarla. Is amhlaidh seo nó cothaíonnan córas gaeloideachais forbairt i bhfoghlaim an Bhéarla.

    Cothaíonn an dátheangachas, rud a bheas ag gach dalta gaelscoile:o deiseanna fostaíochta níos fearr;o meas agus tuiscint níos fearr ar chultúir, ar thraidisiúin & ar theangacha eile;o próiseas níos fearr samhlaíochta agus cruthaitheachta sa dalta;o scileanna níos fearr i réiteach faidhbeo cumais níos fearr cumarsáide;o níos mó féinmhuiníne;o stórfhocal níos saibhre;

    Is fiú a thabhairt le fios dothuismitheoirí nach gá dóibhGaeilge a bheith acu lenabpáistí a chlárú le gaelscoilagus nach aon mhíbhuntaisteé seo don pháiste. Istábhachtach le rá fosta gobhfuil gaelscoil níos congaraídóibh ná ariamh agus tá eolasar fáil ag www.comhairle.orgfaoi gach scoil.

    Tá 45 naíscoil, 34 bunscoilagus 3 meánscoil ar fud na 6Chontae mar atá sa léarscáil.

    Ní amháin go bhfuil teachtfhurasta ar an ghaelscolaíochtdo thuismitheoirí snacontaetha thuas ach tá teachtar an ghaelscolaíocht i gCo. Lú, Co. Mhuineacháin, Co. an Chabháin agus Co. Dhún na nGalldo thuismitheoirí atá buailte leis an teorainn. Dár ndóigh tá rogha sin na gaelscolaíochta sna 6chontae ag tuismitheoirí a bhfuil cónaí orthu sa taobh ó dheas den teorainn.

    Tá earnáil na gaelscolaíochta ag dul i neart ó thuaidh mar atá le feiceáil sa ghraf thíos, rud aléiríonn éileamh don ghaelscolaíocht agus rud atá mar fhianaise ar an ardchaighdeánoideachais atá ar fáil sna gaelscoileanna. Fáiltíonn Comhairle na Gaelscolaíochta agusGAELSCOILEANNA TEO. roimh fhiosruithe ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí.

    Am cláraithe scoile linn arís ó thuaidh

  • 10

    Earrach 2011

    Gailearaí na Comhdhála

    Daltaí ó Ghaelscoil Éadan Doire ag tabhairtcuairt ar an gComhdháil.

    Dónall Ó Conaill (Iar-Stiúrthóir An ForasPátrúnachta), Leah Ní Mhaoláin (PríomhoideGaelscoil Uí Earcáin) & Iar-Aire Pat Carey.

    Mícheál Ó Muircheartaigh ag seoladh‘Spreag an Ghaeilge le Spraoi’.Uachtarán GAELSCOILEANNA TEO.,Mícheál Ó Broin, sa chúlra.

    Ceol á sholáthar ag daltaíGhaelscoil an Eiscir Riada

    Tuilleadh griangraif óngComhdháil le feiceáil arwww.gaelscoileanna.ie

    Cigire Roinn Oideachais Eamonn Murtagh le daltaías Gaelscoil an Eiscir Riada & Gaelscoil Éadan Doire.

  • 11

    Earrach 2011

    Gailearaí

    Daltaí ó rang 4 & 5 i nGaelscoil Uí Éigeartaigh ag ceiliúradh breithlá 25 bliain na scoile leseó speisialta don Nollag

    Taighdeoirí Ollscoil na Banríona a ndearna cur i láthair ag an seimineár taighde Thuaidh /Theas ar an ngaeloideachas a eagraíodh ar an 17 Eanáir 2011

    Griangraif ó bhabhtaí réigiúnacha Scléiple feiceáil ar www.gaelscoileanna.ie

  • 12

    Earrach 2011

    AcmhainníTacaíocht ón tSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe

    Is seirbhís chomhairleoireachta agustacaíochta saor in aisce agus faoi rún í antSeirbhís Chúnaimh d’Fhostaithe (EAS).Bunaíodh í i 2006 do mhúinteoirí agus dámbaill clainne le tacaíocht chomhairleoireachtaatá faoi rún agus a bhfuil teacht air go héascaa sholáthar dóibh ar bhonn 24 uair a’ chloig,365 lá na bliana.

    Méadaíodh an éileamh ar na seirbhísí seo i2010, agus cabhair á lorg ag ós cionn 700múinteoirí le saincheisteanna a bhain le cúrsaíairgeadais, sláinte, ceisteanna clainne,caidrimh, andúil, méala, strus, coimhlint,teagmhas criticiúil agus eile.

    Tá an tseirbhís seo ar fáil do mhúinteoirí aguslucht SNA, a bpáirtithe, a gcleithiúnacha óscionn 16 agus a dtuismitheoirí.

    Is é an VHI a sholáthraíonn an EAS agus tátreoirlínte eiticiúla dochta agus cóid chleachtaisá leanúint ag a bhfoireann a chiallaíonn gobhfanfaidh aon teagmháil le muinteóirí, lucht

    SNA agus a gclainn faoi rún. Cinntítear chomhmaith nach cuirtear aon eolas faoi mhúinteoiríar fáil d’aon duine gan a dtoiliú scríofa. Is idtéarmaí ginearálta agus ar bhonn gan ainm asholáthrófar aon aiseolas chuig an Roinn.

    Cén saghas seirbhísí atá ar fáil?

    Comhairleoireacht Theileafóin –seisiúin aonair nó comhairleoireachtstruchtúrtha ghearr-théarmach.

    Comhairleoireacht duine le duine –suas go sé seisiúinchomhairleoireachta.

    Tá líon teoranta de chomhairleoireacht duine leduine ar fáil trí Ghaeilge in Áth Luain, Co. anChabháin, Baile Átha Cliath, Inis, Gaillimh agusTrá Lí.

    Teagmháil - Saorghlao 1800 411 057 nóRphost: [email protected] . Breis eolais faoi EAS arwww.education.ie

    Tá obair aistriúcháin ar bun agGAELSCOILEANNA TEO. faoi láthair arshuíomh idirlín www.greenschools.ie agus tásúil againn go mbeidh leagan Gaeilge densuíomh ar fáil faoi dheireadh mhí Feabhra.Aithníonn an suíomh seo tábhacht natimpeallachta d’ár saol agus ardaíonn séfeasacht timpeallachta na scoileanna tríscéimeanna athchúrsála agus cothabhálafuinnimh a mholadh agus a urrú.

    Bíonn an-tóir ar an suíomh seo i measc nascoileanna lán-Ghaeilge, ach go dtí seo, níraibh an tseirbhís seo ar fáil trí Ghaeilge. Tá‘Brat Glas’ (dámh speisialta do scoileanna ashábhálann fuinneamh agus a thaispeánannfeasacht timpeallachta) bainte amach ag cuidmhór mhaith scoileanna lán-Ghaeilge go dtíseo.

    Green Schools as Gaeilge Jenny an Chearc Bheag DhonnTá leabhar nuafoilsithe ag DoloresKeaveney darbhainm ‘Jenny AnChearc BheagDhonn’ agus beidhsé á lainseáil ileabharlann anMhuileann gCearr lelinn Seachtain naGaeilge.

    Tá ard-mholadh faighte ag an leabhar seo óúdair éagsúla:

    ‘Scéilín gleoite do leanaí óga’ – SiobhánParkinson, údar clúiteach.

    ‘Spiorad gliondrach sa scéilín gleoite seo, lehíomhánna mealltacha agus ábhar dóchasach,dearfach – grá gan srian don nádúr soiléir ingach léaráid’ - Manchán Magan, údar,láithreoir TG4.

    www.doloreskeaveney.com

  • 13

    Earrach 2011

    DVD nua ag Gaelscoil Chaladh an Treoigh

    Suite ar Bhóthar Mhóin a Lín i Luimneach, is íGaelscoil Chaladh an Treoigh an t-aon scoil sacheantar atá ag soláthar oideachais trí mheánna Gaeilge. Bunaíodh an ghaelscoil sa bhliain2001 le múinteoir amháin ach tá fás agusforbairt ollmhór tagtha uirthí ó shin. Faoi láthair,freastalaíonn níos mó ná 225 daltaí ó chúlraídifriúla cultúrtha agus creidimh ar an scoil agustá cúigear múiinteoirí dhéag fostaithe inti.Is í aidhm Ghaelscoil Chaladh an Treoigh náoideachas uileghabhálach i dtimpeallachtfoghlama oscailte a chur ar fáil - áit a mbíonnmeas ar uathúlacht gach páiste. Cuirimid

    oideachas iomlánaíoch ar fáil trí réimse leathangníomhaíochtaí curaclaim agus seach-churaclaim a chur ar fáil – ag spreagadh gachpáiste chun a c(h)umas pearsanta a bhaintamach.

    Cothaítear cultúr na hÉireann sa scoil tríghníomhaíochtaí cultúrtha Éireannacha; ceol,,rince Gaelach agus cluichí Gaelacha a churchun cinn. Cuirfear ceachtanna fidle, feadógaístáin agus cóir ar siúl maraon legníomhaíochtaí drámaíochta, filíochta agusseanchais chun cur leis an bhfoghlaim cultúrtha.

    D'oibrigh páistí na Gaelscoile go dian chun anDVD seo le hamhráin agus rincí scoile a léiriúagus tá súil againn go mbainfidh sibh sult as.

    IARBHUNSCOILEANNA

    GEO (Edco)– leagan Gaeilge de GEO -Leabhar Tíreolaíochta nua don TeastasSóisearach ag teacht go luath. Maoinithe agCOGG.

    Seandálaíocht sa Seomra Ranga donIdirbhliain.Lámhleabhar an Mhúinteora, Bileoga Oibre,agus sleamhnáin powerpoint. Beidh sé ar fáil arshuíomh COGG agus ar shuíomh IonadOideachais Luimnigh go luath.Comhpháirtíocht idir Ionad OideachaisLuimnigh, An Roinn Comhshaoil, Oidhreacht &Rialtas Áitiúil agus COGGAn Cúrsa Iomlán Staire – Leabhar staire donTeastas Sóisearach scríofa ag Tomás Óg ÓCéilleachair. Ar fáil ó www.lettertec.ie.

    BUNSCOILEANNA

    Ag Spreagadh na Gaeilge le SpraoiÁis luachmhar, fhíorúsáideach is ea ‘Spreag anGhaeilge le Spraoi’ chun cabhrú le múinteoirían Ghaeilge a spreagadh. Chuir an tSeirbhísum Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna(SFGB) an pacáiste teagaisc seo le chéile.

    Acmhainní Nua ó COGG

    Acmhainní

  • 15

    Earrach 2011

  • 16

    Earrach 2011

    Nuacht GhinearáltaBua na cainte ag curaidh Chomórtas Uí Chadhain Gael Linn 2011!

    Curaidh Chomórtas Díospóireachta Uí ChadhainGael Linn 2011 don tríú bliain as a chéile, ó ScoilChuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co. naGaillimhe

    TÁ SCOILEANNA i gCo. Bhaile Átha Cliathagus i gCo. na Gaillimhe ag ceiliúradh tar éis ambua i gCraobh na hÉireann de Chomórtas UíChadhain Gael Linn. Comórtas díospóireachtaé seo a reáchtálann Gael Linn go bliantúil doGhaelcholáistí agus do mheánscoileannaGaeltachta. Ghlac breis agus caoga foireannpáirt sa chomórtas ó mhí Dheireadh Fómhairseo caite.

    Sa chraobh shóisearach, labhair na cainteoiríóga go heolach ar an rún ‘Tá na rudaí isluachmhaire sa saol seo saor in aisce !’ Bhí anbua ag foireann Choláiste Eoin, Baile anBhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath ar fhoirneó Choláiste Rís, Dún Dealgan, Co. Lú, ScoilChuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Co.na Gaillimhe agus Pobalscoil Chorca Dhuibhne,An Daingean, Co. Chiarraí. Is é Ciarán ÓDuinneacha an múinteoir a chuidigh agus athreoraigh na cainteoirí go dtí an buaicphointeseo!

    ‘Tá an daonlathas in Éirinn loite ag anmionpholaitíocht áitiúil !’ an rún tráthúil a pléadhsa chraobh shinsearach. Bhí foirne ó CholáisteÍosagáin, Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Eoin,Co. Bhaile Átha Cliath; Coláiste Cholmcille, Co.na Gaillimhe agus Scoil ChuimsitheachChiaráin, Co. na Gaillimhe páirteach sadíospóireacht bhreá bhríomhar seo a mhúscailsuim, spéis agus fiosracht an lucht éisteachta.Fógraíodh ar deireadh gurb iad foireann ScoilChuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua nacuraidh don tríú bliain as a chéile. Máirín NíDhomhnaill agus Máire Ní Fhinneadha namúinteoirí a bhí i mbun na foirne agus iadan-bhródúil as a scoláirí, ní nach ionadh!

    Bhronn aoí-chathaoirleach na hoíche, DesGeraghty, Iar-Uachtarán SIPTU buanchornagus duais €1,000 ar na foirne buacacha agusbronnadh duais €250 an fhoireann ar na foirneeile a bhí rannpháirteach.

    Comhghairdeas leo go léir!

    Foireann shóisearach Choláiste Eoin, Baile anBhóthair, Co. Bhaile Átha Cliath tar éis a mbua agCraobh na hÉireann de Chomórtas Uí Chadhain GaelLinn 2011

    Tuilleadh griangraif ón gcomórtas le feiceáil arwww.gael-linn.ie

  • 17

    Earrach 2011

  • 18

    Earrach 2011

    Bhí an-éileamh ar an scéim deontaisd’imeachtaí idirscoile i 2010. Seo thíos roinntde na scéalta a bhfuaireamar ó na scoileannaina leith:

    Tháinig daltaí ón Mhodhscoil, GaelscoilSáirséal agus Gaelcholáiste Luimnigh le chéilele bliots liathróid láimhe a imirt. Beidh roinntmhaith de dhaltaí na Modhscoile agusGaelscoil Sáirséal ag freastal arGhaelcholáiste Luimnigh amach anseo agusba dheas an rud dóibh bualadh leis na scoláiríatá ag freastal ar an scoil cheana féin agusfeiceáil nach ró-scanrúil an áit í an mheánscoil.

    Bhuail páistí Naíscoil an tSratha Báin agusNaíscoil na gCrann le chéile san ionadPlaystations ar an Srath Bán. Bhí am amachacu ag súgradh lena chéile agus ag cur aithnear a chéile i suíomh sultmhar. Shuigh na páistísíos le béile a ithe le chéile agus thug seo

    seans dóibh dánta, rainn agus amhráin a roinntlena chéile agus an Ghaeilge a chloisteáiltaobh amuigh den seomra ranga agus ag luchta gcomhaoise.

    Tá Gaelscoil Bhaile Brigín ag obair i dtreo BratGlas a bhaint amach agus chun cabhrú leo túsmaith a chur lena bhfeachtas, thugadar cuairtar Ghaelscoil Thulach na n-Óg chun buaileadhle Coiste Glas na scoile sin, atá ag feidhmiú lepíosa agus go bhfuil an brat glas faighte acu.Roinn daltaí Ghaelscoil Thulach na nÓg ant-eolas a bhí acu go fial agus chuaigh siad arshiúlóid timpeall na scoile chomh maith chunna rudaí iontacha atá curtha i bhfeidhm acu afheiceáil ar nós muiríní agus piastlann!

    Tá na grianghraif agus tuairiscí iomlána leléamh ar shuíomh na heagraíochta,www.gaelscoileanna.ie.

    Tuairiscí Imeachtaí Idirscoile

    Bliots liathróid láimhe idir An Mhodhscoil, Gaelscoil Sáirséal & Gaelcholáiste Luimnigh

  • 19

    Earrach 2011

    Tuairiscí Imeachtaí Idirscoile Gaeltachta

    Chaith scoláirí ó Choláiste Pobail, Rath Cairnseachtain linn anseo i gColáiste Ghobnait, InisOírr an Fómhair seo caite. D’eagraíomarimeachtaí i rith na seachtaine do na scoláirí.Bhí ranganna againn i rith na maidine, siúlóidíum thráthnóna agus cluichí againn san oíche.Ghlac scoláirí ón dá scoil páirt iontu.

    Chaith an dá scoil am ar an mórthír chomhmaith agus thug na scoláirí go léir cuairt arIonad an Mhothair i gCo. an Chláir. Chuaighsiad ar thuras farraige ag bun Aillte an Mhothair,áit a raibh radhairc iontacha acu ar Aillte anMhothair. Bhain na scoláirí ón dá scoil an-taitneamh as an lá seo. Tá ionad iontach dothurasóirí ag Aillte an Mhothair anois agus thugan treoraí an-chuid eolais do na daltaí.

    D’fhéach na scoláirí ar scannán in Aras Éanna,Ionad Ealaíne Inis Oírr agus ghlac siad go léirpáirt i dTráth na gCeist Choláiste Ghobnait.Thug muintir Rath Cairn aghaidh ar Rath Cairnarís i ndiaidh dhá lá linne.

    Tá ceangal againn le Coláiste Pobail RathCairn le timpeall 8 mbliana. Tugaimid cuairtorthu bliain amháin agus tugann siad cuairtorainn an bhliain dar gcionn. Bainimid tairbheagus taitneamh as na turais. Tá an dá cheantarGaeltachta an-éagsúil. Nuair a théimid goRath Cairn, tugann sé deis iontach d’ár scoláiríceantar lár tíre le tírdhreach an-difriúil afheiceáil. Eagraímid a lán imeachtaí agustáimid ag súil le cuairt na bliana seo cheanaféin!

    Coláiste Ghobnait & Coláiste Pobail Rath Cairn

    Tá breis scéalta ó na scoileanna lán-Ghaeilge(mar aon le heolas faoin eagraíocht agus faoi

    na scoileanna) ar fáil arwww.gaelscoileanna.ie

    Coinnigh súil ar www.gaelscoileanna.ie le haghaidhliosta de na scoileanna sna réigiúin éagsúla agustuilleadh eolais mar gheall ar na cruinnithe.

  • 20

    Earrach 2011

    Nótaí