nuachtlitir | conradh na gaeilge | márta 2012

12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Ard-Fheis na Comhstraitéise 2. Glaoch Ar Ghearrscéalta 2. Ceardlanna Scríbhneoireachta 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Faoi Sceach Gheal 5. Barrliosta na Leabhar 6. STARTUP Gaeilge 6. Gaeilge na hEorpa Ó uaidh 7. Mí Ghaeilge Mhaigh Eo 7. Malartú Óige Ógras 8. SnaG den Chéad Scoth! 8. Bród Club Bernard 9. Dea-scéal Gaelscoile 9. Vicar Spraoi 4 10. Aighneachtaí 10. Cúis Dlí na Gaeilge 11. Gaeltachtaí Píolótacha 11. Cóiríocht Scoile 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí an Earraigh Eagrán 7.5 20 Márta 2012 T ionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir ón 30 Márta - 01 Aibreán 2012 agus is é Comhstraitéis Ghníomhach Uile-Éireann don Ghaeilge téama na hArd-Fheise seo. Tabharfaidh Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, láithreoir an chláir 7 Lá; agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léargas ar chomhstraitéis uile-oileánda don teanga ag oscailt na hArd-Fheise ag 9.00in oíche Aoine, straitéis a chuimseoidh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, Straitéis Gaeilge ó thuaidh agus aon samhail nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Beidh cainteoir iar-bhricfeasta agus rúin na hArd-Fheise á bplé maidin Shathairn, ansin cluichí seachtar-an- taobh arna eagrú ag Na Gaeil Óga CLG agus ceardlanna traenála do bhaill agus do chraobhacha um thráthnóna. Bronnfar corn agus dearbhán ar na foirne buacha i gComórtas Peile na bhFear agus i gComórtas na mBan, agus beidh fáilte roimh chách freastal ar an gcraobh ag 5.00in. Idir an dá linn, beidh rogha cheardlanna traenála á reáchtáil maidir leis na meáin shóisialta, eagrú imeachtaí, tiomsú airgid, na córais oideachais agus eile ó 2.15 - 4.30in. Tionólfar Comhdháil Ghaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus toghcháin don Choiste Gnó agus don Uachtaránacht tráthnóna Shathairn chomh maith. Beidh Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise oíche Shathairn agus tá siúlóid staire timpeall bhaile na hInse beartaithe don Domhnach. Áirithintí lóistín: [email protected] / +353 (0)1 4757401 Ard-Fheis na Comhstraitéise

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 21-Mar-2016

252 views

Category:

Documents


8 download

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Ard-Fheis na Comhstraitéise 2. Glaoch Ar Ghearrscéalta 2. Ceardlanna Scríbhneoireachta 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Faoi Sceach Gheal 5. Barrliosta na Leabhar 6. STARTUP Gaeilge 6. Gaeilge na hEorpa Ó Thuaidh 7. Mí Ghaeilge Mhaigh Eo 7. Malartú Óige Ógras 8. SnaG den Chéad Scoth! 8. Bród Club Bernard 9. Dea-scéal Gaelscoile 9. Vicar Spraoi 4 10. Aighneachtaí 10. Cúis Dlí na Gaeilge 11. Gaeltachtaí Píolótacha 11. Cóiríocht Scoile 12. Is Leor Beirt 12. Cúrsaí an Earraigh

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Ard-Fheis na Comhstraitéise2. Glaoch Ar Ghearrscéalta2. Ceardlanna Scríbhneoireachta3. Nuacht Áitiúil4. Gaeilge na Cruinne4. Teicneolaíocht na Teanga5. Faoi Sceach Gheal5. Barrliosta na Leabhar6. STARTUP Gaeilge6. Gaeilge na hEorpa Ó Thuaidh7. Mí Ghaeilge Mhaigh Eo7. Malartú Óige Ógras8. SnaG den Chéad Scoth!8. Bród Club Bernard9. Dea-scéal Gaelscoile9. Vicar Spraoi 410. Aighneachtaí10. Cúis Dlí na Gaeilge11. Gaeltachtaí Píolótacha11. Cóiríocht Scoile12. Is Leor Beirt12. Cúrsaí an Earraigh

E agrán 7.5 20 Már ta 2012

Tionólfar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

san Óstán Auburn Lodge, Inis, Co. an Chláir ón 30 Márta - 01 Aibreán 2012 agus is é Comhstraitéis G h n í o m h a c h Uile-Éireann don Ghaeilge téama na hArd-Fheise seo. Tabharfaidh Ferdie Mac an Fhailligh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge; Páidí Ó Lionáird, láithreoir an chláir 7 Lá; agus Maolsheachlainn Ó Caollaí, iar-Uachtarán Chonradh na Gaeilge, léargas ar chomhstraitéis uile-oileánda don teanga ag oscailt na hArd-Fheise ag 9.00in oíche Aoine, straitéis a chuimseoidh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas, Straitéis Gaeilge ó thuaidh agus aon samhail nua mhaoinithe ag Foras na Gaeilge. Beidh cainteoir iar-bhricfeasta agus rúin na hArd-Fheise á bplé maidin Shathairn, ansin cluichí seachtar-an-taobh arna eagrú ag Na Gaeil

Óga CLG agus ceardlanna traenála do bhaill agus

do chraobhacha um thráthnóna. Bronnfar corn agus dearbhán ar na foirne buacha i gComórtas Peile na bhFear agus i gComórtas na mBan, agus beidh fáilte roimh chách freastal ar

an gcraobh ag 5.00in. Idir an dá linn, beidh rogha cheardlanna traenála á reáchtáil maidir leis na meáin shóisialta, eagrú imeachtaí, tiomsú airgid, na córais oideachais agus eile ó 2.15 - 4.30in. Tionólfar Comhdháil Ghaeilge Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus toghcháin don Choiste Gnó agus don Uachtaránacht tráthnóna Shathairn chomh maith. Beidh Dinnéar agus Céilí na hArd-Fheise oíche Shathairn agus tá siúlóid staire timpeall bhaile na hInse beartaithe don Domhnach. Áirithintí lóistín: [email protected] / +353 (0)1 4757401

Ard-Fheis na Comhstraitéise

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Aibreán 2012

Glaoch Ar GhearrscéaltaCuireann Áras na Scríbhneoirí

tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí ag gach céim forbartha agus iad ag foghlaim a gceirde. Dá réir sin, tá ardán á chur ar fáil do The Lonely Voice: Short Story Introductions – ócáid mhíosúil dóibh siúd a dteastaíonn uathu gearrscéalta a scríobh, go háirithe iad siúd atá díreach tosaithe ag scríobh agus nach raibh an deis acu a saothar a léamh go poiblí go dtí seo. Roghnaíonn aoi-mholtóir suas le 4

bhuaiteoir gach mí agus tabharfar cuireadh dóibh a gcuid scéalta a léamh ag ócáid speisialta san Áras ag 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath 1, ar an Déardaoin dheireanach de gach mí. Beidh ócáid ar leith á reáchtáil acu trí mheán na Gaeilge Déardaoin, 29 Márta 2012. Fáilte roimh chách!

Tuilleadh eolais: [email protected]

Tá ceardlann scríbhneoireachta á reáchtáil i gcomhar le Scríbhneoirí

Gaeilge Chiarraí i dTrá Lí ar an 9 Aibreán 2012, áit go mbeidh Mícheál ó Ruairc, Pádraig Ó Snodaigh agus Pádraig Mac Fhearghusa ar fáil le comhairle a chur ar scríbhneoirí ag lorg treorach dá saothar féin. Beidh an cheardlann lae ar siúl san Óstán Meadowlands agus beidh léamh próis agus filíochta le Colette Nic Aodha, file, agus Brian Ó Dochartaí, gearrscéalaí, ar siúl i Lios Beag oíche Luain ag 8.30in. Moltar do rannpháirtithe iarratas a chur isteach go luath mar beidh líon na rannpháirtithe teoranta do dheichniúr ar a uasmhéid. Tá lón agus an léitheoireacht san áireamh sa táille €20 do rannpháirtithe (€5 do mhic léinn) agus tá tuilleadh eolais ar fáil ó feasta@eircom.

net. Más i mBaile Átha Cliath atá tú ag cur fút, tá ceardlann ar scríbhneoireacht chruthaitheach na Gaeilge ar siúl in

Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Pharnell Dé Sathairn, 31 Márta 2012 ó 3.00 - 4.30in freisin. Is mar chuid de Chruinniú Bliantúil Chomhar na Scríbhneoirí atá an cheardlann á reáchtáil agus beidh sí

faoi stiúir Alan Titley, údar agus scoláire mór le rá. I measc na gceardlanna eile a bheidh ar siúl, beidh Litríocht don Aos Óg le Conor Kostick, Foilsitheoireacht an Idirlín le Chris Murray agus An Fhilíocht Léirithe le Maighréad Medbh. Níl aon chostas ar an gceardlann agus fáilteofar roimh chách, baill de chlubanna scríbhneoireachta agus daoine nach iad ina measc. Tuilleadh eolais: [email protected]

Ceardlanna Scríbhneoireachta

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilÁth Cliath

Tá Club Chonradh na Gaeilge in íoslach 6 Sráid Fhearchair ag oscailt go luath gach

oíche Mháirt - Déardaoin le linn théarma na ranganna chun ciorcal comhrá a chur ar siúl do lucht freastail na gcúrsaí sa Cheannáras. Tabharfaidh sé seo deis dóibh siúd atá ag iarraidh a gcúpla focal a chleachtadh teacht le chéile do phíosa cainte agus comhrá roimh an rang. Chomh maith leis sin, beidh coirm á reáchtáil ag an gceoltóir Enda Reilly go hiomlán trí mheán na Gaeilge sa Chlub Déardaoin, 22 Márta 2012, ó 8.30 - 11.00in. Cuirfear tús le Feis na nGael an oíche dár gcionn le ceol, ceardlanna, rince agus amhránaíocht Albanach agus Éireannach ar siúl go dtí an Satharn. Tuilleadh eolais: www.anclub.ie

Béal Feirste

Craoladh an chéad bheochraoladh Gaeilge ó Stormont ar Raidió Fáilte le linn

Sheachtain na Gaeilge na bliana seo. Chuir Eoghan Ó Néill clár speisialta i láthair ón Seomra Fada, áit a raibh an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Carál Ní Chuilín agus Ard-Mhéara Bhéal Feirste Niall Ó Donnghaile ag caint ar an aer. Dúirt an tAire Ní Chuilín gur lá stairiúil a bhí ann don Tionól agus do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann, agus thug sí le fios go bhfuil 1,600 duine cláraithe leis an scéim teanga Líofa 2015 a sheol sí féin cúpla mí ó shin. Gach eolas: www.raidiofailte.com

Ceatharlach

Sna sála ar mhórfháilte a chur roimh phobal reatha Rith 2012, tá Ceatharlach

ag cur fáilte roimh phobal fileata anois! Beidh Turas na bhFilí 2012 á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge i gcomhar le Fèisean nan Gàidheal ón 12 - 15 Aibreán 2012, agus beidh filí agus ceoltóirí ar camchuairt mórthimpeall na tíre mar

mhalartú cultúrtha idir Éirinn agus Albain arís i mbliana. Reáchtálfar oíche mhór fhilíochta, amhránaíochta agus cheoil san Óstán Seven Oaks Dé Sathairn, 14 Aibreán 2012. Beidh an ócáid ina páirt lárnach den bhFéile Pan Cheilteach a bheidh ar siúl don chéad uair riamh i gCeatharlach ón 10 - 15 Aibreán 2012, ag ceiliúradh chultúr na dtíortha Ceilteacha i gcuideachta a chéile. Tuilleadh eolais: www.panceltic.ie

Dún na nGall

Reáchtáladh Éigse Uladh 2012 in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,

Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ar an 9 Márta 2012. Ba é an tAire Stáit Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, a d’oscail an Éigse go hoifigiúil, sular cuireadh tús le caint agus cur i láthair ar théama na hÉigse: Na dúshláin atá ann don Ghaeltacht agus don Ghaeilge in am seo an ghanntanais. Labhair Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Oideas-Gael agus Cathaoirleach Údarás na Gaeltachta; Antoin Delap, dlíodóir; agus Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta ar an oíche agus ba é Colm Ó Baoill a bhí ina chathaoirleach ar an ócáid.

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Aibreán 2012

Gaeilge na CruinneCuireadh Craobh Bherlin

de Chonradh na Gaeilge ar bun go hoifigiúil in Ambasáid na hÉireann i gcathair na Gearmáine an mhí seo caite. Craobh is ea í d’Éireannaigh atá ina gcónaí i mBerlin agus a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, agus do Ghearmánaigh agus do dhaoine ó thíortha eile a bhfuil ag cur fúthu sa chathair agus suim acu sa Ghaeilge. Bhí 22 i láthair ag an gcéad chruinniú agus toghadh Eoin Mc

Evoy ina chathaoirleach ar an gcraobh. Tá leathanach Facebook acu agus tá imeachtaí idir lámha ag an gcraobh cheana féin, cuairt ar cheann de na Tage der irischen Literatur sa Literaturwerkstatt an mhí

seo caite san áireamh. Más spéis leat do chuid Gaeilge a chleachtadh i mBerlin, déan teagmháil leo! Tuilleadh eolais: [email protected]

Sheol an láithreoir Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus an tAire Oideachais

Sóisearach, Seán Sherlock TD, acmhainn nua d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge dar teideal Fís na hEolaíochta le déanaí. ‘Séard atá i gceist leis an léiriúchán seo de chuid AGTEL Productions, déanta i gcomhar leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG), ná sraith de 24 ghearrthóg físe i nGaeilge atá bunaithe ar shiollabas eolaíochta an Teastais Shóisearaigh, ach curtha i láthair i bhfoirm an ghnáthshaoil. Tugann gach gearrthóg sampla praiticiúil den eolaíocht sa saol ó lá go lá, agus ansin tugtar míniú ar an bhfíoreolaíocht taobh thiar de. Freastalaíonn an t-ábhar teagaisc seo ar múinteoirí agus ar dhaltaí i scoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta

agus tá na físeáin le feiceáil ar www.cogg.ie/fe nó is féidir íoslódáil a dhéanamh orthu in aisce ó iTunes. Is áis phraiticiúil

í seo atá dírithe ar dhaltaí agus ar mhúinteoirí le húsáid sa seomra ranga, sa bhaile, nó fiú agus iad ag gluaiseacht thart. Ní hé sin an t-aon togra ó COGG atá ar fáil in aisce ó iTunes áfach; tá togra foghlamtha eile seolta ar-líne acu i gcomhar le

hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le déanaí freisin. Seo cnuasach saibhir fuaime, físe, amhrán, dánta agus scéalta staire atá curtha le chéile ó chartlann Raidió na Gaeltachta agus ó chartlann Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Tá an áis nua dírithe ar na bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna lánGhaeilge agus Gaeltachta ar fud na tíre. Gach eolas: www.itunes.cogg.ie

Teicneolaíocht na Teanga

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

Tá leagan Gaeilge nua den úrscéal iomráiteach Faoin Sceach Gheal ar

fáil an mhí seo, aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin. Ba é an leagan Béarla, Under the Hawthorn Tree, an chéad leabhar a scríobh Marita Conlon-McKenna agus d’éirigh thar cionn leis, sa bhaile agus thar sáile. Díoladh breis agus 200,000 cóip den

leabhar in Éirinn amháin agus tá an scéal ar fáil i 12 theanga éagsúla anois. Scéal éachtach ar an Drochshaol atá ann, agus ar thriúr óga a sháraíonn gach guais lena linn. Tá Éire i ngreim ag an ngorta sna 1840idí agus nuair a imíonn mí-ádh ar a dteaghlach féin, fágtar Eibhlín, Micheál agus Peig le déanamh as dóibh féin agus cuireann siad sa siúl. Tá Faoin Sceach Gheal ar fáil ins An Siopa Leabhar anois. Eolas & orduithe: [email protected] / +353 (0)1 4783814 / www.cnag.ie/siopa

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Daoine Óga:1. Seachain, Ná himigh chuig an

Antartach le Shackleton - Jen Green - Futa Fata - €7.95

2. Micí Moncaí - Máiréad Ní Ghráda - An Gúm - €5.50

3. An Garbhán - Julia Donaldson, aistrithe ag Gabriel Rosenstock - An Gúm - €7.95

4. Amach - Alan Titley - An Gúm - €7.955. Tá Mé ag Fás - Ápaí - Futa Fata - €6.95

Daoine Fásta:1. Sean, Nua agus Síoraíocht:

Féilscríbhinn in ómós do Dhaithí Ó hÓgáin - Coiscéim - €25

2. Thógamar Le Gaeilge Iad - Brian Ó Broin - Coiscéim - €10

3. Filleann Seoirse - Éilis Ní Anluain - Leabhar Breac - €18

4. An Gaeilgeoir Grámhar - Alan Desmond - Leabhair Comhar - €10

5. An Litir - Liam Mac Cóil - Leabhar Breac - €15

Eolas & orduithe: [email protected] / +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) / www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Faoi Sceach Gheal Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Aibreán 2012

STARTUP GaeilgeTá na Gradaim

STARTUP ar an saol ó 2004 agus tá sí d’aidhm acu aitheantas agus spreagadh a thabhairt do chomhlachtaí nua, beag beann ar an earnáil lena mbaineann siad. Tá Foras an Gaeilge ag déanamh urraíochta ar rannóg nua i mbliana: An comhlacht nua is fearr le hearra nó le seirbhís i nGaeilge. Is gá go mbeadh an comhlacht i mbun gnó níos lú ná 3 bliana agus gan níos mó ná 30 ball foirne fostaithe

acu le dul san iomaíocht don ghradam seo, agus ní mór go mbeadh earra nó seirbhís i nGaeilge á soláthar acu. Fógrófar gearrliosta na ngradam ar an 24 Aibreán 2012 agus beidh ócáid bhronnta san Óstán Burlington i mBaile Átha Cliath ar an

24 Bealtaine 2012. Spriocdháta iontrála: Déardaoin, 12 Aibreán 2012. Tuilleadh eolais: http://startupawards.ie

Creideann an scátheagraíocht abhcóideachta Pobal go bhfuil

tacaíocht idirnáisiúnta do ghníomhaíocht ar an Acht Gaeilge níos láidre anois ná mar a bhí riamh sna sála ar mhonatóirí n e a m h s p l e á c h a Chomhairle na hEorpa a dtuairisc is déanaí a fhoilsiú níos luaithe i mbliana. Bhuail Pobal le hionadaithe ón gCoiste Comhairleach ar an gCabhailchoinbhinsiún um Chosaint na Mionlach Náisiúnta le staid na Gaeilge sa tuaisceart ó 2007 a chur in iúl dóibh anuraidh. Mar thoradh air seo, rinne Comhairle na hEorpa 3 mholadh sonracha maidir le cur i bhfeidhm choinbhinsiúin cheangailtigh ag an Ríocht Aontaithe. Áirítear moladh a iarrann ar na húdaráis reachtaíocht chuimsitheach don Ghaeilge i dTuaisceart Éireann a fhorbairt, agus

iarrachtaí rúndaingne a ghlacadh chun cearta teanga phobal na Gaeilge

a chosaint agus a chur i bhfeidhm ar bhonn níos éifeachtaí. Léirigh Coiste Comhairleach Chomhairle na hEorpa chomh maith gur cúis imní é an moladh atá ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas agus Foras na Gaeilge chun

deireadh a chur leis an mbunmhaoiniú d’eagraíochtaí Gaeilge. Lena chois sin, rinne an Coiste Comhairleach trácht ar easpa ghluaiseachta ar chomharthaíocht Ghaeilge, go háirithe ar dhearcadh na gComhairlí áitiúla maidir le comharthaíocht Ghaeilge; an easpa mhaoiniú buan don Chiste Craoltóireachta Gaeilge; agus eile.Tuarascáil & tuilleadh eolais: w w w. c o e . i nt / t / dg hl / m o nito r i ng /minorities/default_en.asp

Gaeilge na hEorpa Ó Thuaidh

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Mí Ghaeilge Mhaigh EoBhí idir lón Gaeilge i gClár Chlainne

Mhuiris, damhsa ar an sean-nós don Scléip Mhór in Áras Inis Gluaire, léiriú scannáin agus tóraíocht taisce i mBéal an Átha, léamh próis in Eachléim, agus oíche shiamsaíochta i gCathair na Mart mar chuid de Sheachtain na Gaeilge i Maigh Eo le déanaí! Bhí léacht dhátheangach ar Naomh Pádraig i gCaisleán an Bharraigh freisin, mar aon le Ceolchoirm Scoil Acla agus ceiliúradh Lá Fhéile Pádraig i dTuar Mhic Éadaigh. Bhí Scoil Dramaíochta Chonnachta 2012 faoi lánseol i Scoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh le linn na

míosa freisin. Bhí daltaí na scoile céanna i measc bhuaiteoirí na féile féin, chomh maith le scoláirí ó Scoil Náisiúnta Naomh Attracta i mBaile Chathail agus ó Scoil Náisiúnta Naomh Aingeal i gCaisleán an Bharraigh. Comhghairdeas leo ar fad!

Tháinig grúpa ó Thír na mBascach chun na hÉireann le malartú óige a

dhéanamh le muintir Ógras ón 13 - 20 Márta 2012. Ghlac an grúpa Bascach páirt in imeachtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh i dteannta daoine óga Éireannacha ó Bhun Crannach, ó Bhaile Átha Cliath agus ó Chill Dara i gcaitheamh an ama. Bhí an malartú urraithe ag Léargas mar chuid den chlár Youth in Action agus bhain gach duine a ghlac páirt ann an-sult go deo as! Thug an dá ghrúpa faoi cheardlann maidir le Saoránacht Eorpach ar an gcéad lá den mhalartú, sula raibh ranganna iománaíochta agus peile acu le chéile. Bhain na grúpaí taitneamh as imeachtaí tógáil foirne agus as Oíche Chultúrtha Bhascach Déardaoin. D’imigh na grúpaí

go Gaillimh ansin Dé hAoine agus chuir siad fáilte roimh theacht Rith 2012 chuig an gcathair. Thug siad cuairt ar

reilig an Ghorta Mhóir agus tar éis na paráide ar Lá Fhéile Pádraig, ghlac na grúpaí páirt i gceardlanna ag plé cheist an ilchultúrachais roimh an Oíche Chultúrtha Éireannach. Thug siad faoi imeachtaí amuigh faoin aer Dé Domhnaigh

chomh maith le ceardlanna ag díriú isteach ar an nasc idir spórt agus sláinte, agus ceardlanna mar gheall ar an ealaín a bheith ina modh cumarsáide. D’fhill na grúpaí ar Bhaile Átha Cliath Dé Luain chun cuairt a thabhairt ar Chaisleán Bhaile Átha Cliath agus bronnadh na teastais Youth Pass ar na rannpháirtithe uile. Breis eolais: www.ogras.ie

Malartú Óige Ógras

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Aibreán 2012

SnaG den Chéad Scoth!Tá buíochas ó chroí le gabhadh le gach

duine a raibh baint acu le, agus a ghlac páirt in imeachtaí Sheachtain na Gaeilge agus i Rith 2012 i mbliana. Bhí clár na bliana seo ar an bhféile ba mhó a eagraíodh riamh agus tá buíochas ag dul do na mílte duine mórthimpeall na tíre a chuaigh i mbun imeachtaí a eagrú ina gceantar féin, scoileanna agus eagrais phobail go háirithe. Is ar an gcomhoibriú agus ar an gcomhpháirtíocht seo atá todhchaí na Gaeilge ag brath. Bhí tábhacht faoi leith ag baint leis an tacaíocht a fuaireamar ó na meáin chumarsáide i mbliana agus leanfaimid ag cothú an dea-chaidrimh

seo lena chinntiú go mbíonn an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil níos forleithne mórthimpeall orainn ar fad amach anseo. Go mbeirimid beo Seachtain na Gaeilge na bliana seo chugainn!

Tá an t-iardhornálaí Bernard Dunne ag

troid go fíochmhar ar son na Gaeilge lena fheachtas nua Bród Club! Tá sprioc uaillmhianach aige agus é ag iarraidh 100,000 duine a mhealladh chun a mbród don teanga a léiriú trí chlárú leis an bhfeachtas ar-líne ag www.rte.ie/brodclub. Sna sála ar fheachtas fógraíochta rúnda faoin ainm sealadach Try Again 2012 a bhí go mór i mbéal an phobail, nochtadh clár Bernard Dunne’s Bród Club ar RTÉ níos luaithe an mhí seo agus tá ag éirí thar cionn leis go dtí seo. Tá clann Bernard ag freastal ar Ghaelscoil agus creideann an fear é féin go bhfuil sé ríthábhachtach dó an dúthracht atá aige don Ghaeilge a thabhairt dá pháistí. Cé gur theip air san ábhar ar scoil, músclaíodh a

spéis sa teanga nuair a thosaigh sé ag dornálaíocht i Meiriceá blianta beaga ó shin, áit gur cheannaigh sé leabhar Gaeilge agus mhúin sé an teanga dó féin. Anois, tá sé ag dul ar camchuairt ar fud na tíre mar chuid den chlár teilifíse a chraoltar gach oíche Luain ag 7.00in ar RTÉ 1, áit go mbaineann sé triail as bealaí úra a úsáid le daoine a spreagadh

chun an Ghaeilge a labhairt arís. Tá an clár léirithe ag Independent Pictures le tacaíocht ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó Fhoras na Gaeilge agus craolfar é go dtí Dé Luain, 9 Aibreán 2012. Teagmháil: www.rte.ie/brodclub / Twitter @rtebrodclub / www.facebook.com/rtebrodclub

Bród Club Bernard

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Dea-scéal GaelscoileBhí tuairisc scoile den chéad

scoth ag daltaí Gaelscoile sna torthaí taighde is déanaí de chuid na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta! Is mór an moladh atá faighte ag lucht na nGaelscolaíochta sa tuairisc ESRI, The Primary Classroom: Insights from the Growing Up in Ireland Study, a foilsíodh i mí Eanáir 2012. Is léir ón taighde atá déanta go mbíonn deis níos fearr ag daltaí ag freastal ar Ghaelscoileanna curaclam níos leithne a bhlaiseadh agus

níos mó ama a chaitheamh, ní hamháin ar an nGaeilge, ach ar an gceol, drámaíocht, ealaín agus corpoideachas. Tá seans níos fearr ag lucht na nGaelscoileanna páirt a ghlacadh i bhfoghlaim ghníomhach sa seomra ranga freisin, áit go mbíonn níos mó oibre á déanamh i mbeirteanna agus i ngrúpa ná

i scoileanna eile. Tuairisc iomlán: www.gaelscoileanna.ie/assets/ESRI-Report.pdf

Déanfaidh an banna traidisiúnta Altan ceol as a n-albam nua a sheinm

ag gig speisialta i Sráid an Bhiocáire i mBaile Átha Cliath, Déardaoin, 29 Márta 2012 ag 8.00in. Is gig “rúnda” ar leith é an gig seo ar oíche ghoidte i lár a gcamchuairte domhanda, mar sin ní bhfaighidh tú aon eolas faoi ar shuíomh idirlín an bhanna fiú! Tá an oíche cheoil seo á cur ar bun ar mhaithe le Gaelscoil Lios na nÓg, an Ghaelscoil fhuinniúil i Raghnallach. Freastalaíonn clann bheirte de na ceoltóirí ar an scoil seo agus ní haon ionadh é go bhfuil dílseacht dhochreidte ag na bannaí ceoil seo do Ghaelscoileanna. Tá ticéid ar fáil ó Ticketmaster, ó www.gsliosnanog.ie agus ag an doras ar an oíche ar chostas €20. ‘Sé seo an chéad seans ag lucht

leanúna an cheoil i mBaile Átha Cliath cluas a chur le ceol agus amhráin ón dlúthcheirnín nua, saothar atá spreagtha ag radharcanna taibhseacha cheantar Dhún na nGall. Chomh maith le ceol

ón albam Gleann Nimhe a chloisteáil don chéad uair, tiocfaidh an Conallach Kevin Doherty, de cháil Four Men and A Dog agus a sheinneann le Telegraph, isteach i lár an aonaigh le hAltan mar aoi speisialta don lucht éisteachta ar an oíche. Beidh an t-amhránaí agus an ceoltóir ildánach Liam Ó Maonlaí, agus rogha na coitiantachta, Na Casadaigh, sa chomhluadar ceolmhar leis. Bí ann nó bí gann!

Tuilleadh eolais: [email protected] / +353 (0)1 4975300

Vicar Spraoi 4

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

Tá sé i gceist ag Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin an

dara scéim a dhréachtú de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin ó aon pháirtithe leasmhara anois. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí thar 3,000 focal. B’fhearr na haighneachtaí, a chuirfear ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na nÚdarás, a sheoladh go leictreonach chuig

[email protected]. De rogha air sin, is féidir iad a chur sa phost chuig Oifigeach Gaeilge, Seirbhísí Corparáide, Comhairle Contae Chill Mhantáin, Áras an Chontae, Cill Mhantáin. Is é an dáta deireanach chun aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00in Déardaoin, 5 Aibreán

2012 agus tá tuilleadh eolais faoi sheirbhísí agus obair Údaráis Áitiúla Chill Mhantáin ar fáil ón suíomh www.wicklow.ie.

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Aibreán 2012

Aighneachtaí

Foilseofar leagan Gaeilge den Acht Rialtais Áitiúil (Muirear Teaghlaigh),

2011, roimh spriocdháta na n-íocaíochtaí don táille €100 atá le gearradh ar theaghlaigh ar fud na tíre an mhí seo. Dúirt an Breitheamh Iarlaith Ó Néill san Ardchúirt níos luaithe sa mhí, go raibh cead ag iarratasóirí cúis dlí a thionscnamh ar an ábhar nach raibh an tAcht ar fáil i nGaeilge, agus toisc go bhfuil leagan Béarla amháin de logainmneacha Gaeltachta luaite sa reachtaíocht mar atá faoi láthair. Foráiltear in Alt 7 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil dualgas ar an Oireachtas gach Acht a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla, a luaithe is féidir tar éis aon Acht den Oireachtas a achtú. Ach sna sála ar leasú a rinneadh

ar an Acht Teanga mar chuid de leasuithe ar an mBille Um An Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011,

ceadaítear achtanna a fhoilsiú i dtús báire in aon teanga amháin i bhformáid leictreonach ar-líne anois. Tá an tAcht ar fáil i mBéarla go leictreonach ón mbliain seo caite, ach níl leagan clóite ar fáil in aon cheann

de na teangacha oifigiúla go fóill. Má tá ceist dlí ar bith agat, tá Seirbhís Saor-Chomhairle Dlí Náisiúnta á reáchtáil ag Craobh na gCeithre Cúirteanna de Chonradh na Gaeilge i gcomhpháirt le FLAC i mBaile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Gaoth Dobhair uair in aghaidh na míosa. Ní mór coinne a dhéanamh roimh ré. Gach eolas: www.seirbhisdli.ie

Cúis Dlí na Gaeilge

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

Tugadh le fios le déanaí go mbeidh ceantair phíolótacha Ghaeltachta

nua á n-ainmniú go luath mar chuid de scéim úr de chuid an Rialtais. Agus é ag labhairt faoin mBille Gaeltachta nua, dúirt an tAire Gaeltachta, Donnchadha Mac Fhionnlaoich TD, go mbeidh deis ag gach pobal Gaeltachta, mar aon le

pobail lasmuigh den Ghaeltacht ina bhfuil an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil iontu, plean forbartha teanga a dhéanamh amach. Tá sé ar intinn ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cúpla ceantar lasmuigh den Ghaeltacht oifigiúil a roghnú roimh an gCáisc, agus scéim phíolótach teanga a chur ar bun iontu. Dhiúltaigh an tAire Stáit na háiteanna a bheidh páirteach sna pleananna stairiúla a ainmniú, ach tá leithéidí Cluain Dolcáin agus Baile Munna i gCo. Átha Cliath agus Inis i gCo. an Chláir ag súil go roghnófar iad mar Ghaeltacht ghréasáin faoin scéim nua seo.

Rinne an tAire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn TD, fógra

maidir le cóiríocht scoile nua atá le tógáil sa tréimhse 2012 - 2015 le déanaí, agus chuir An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo. fáilte mhór roimh an scéal go bhfuil 40 scoil lán-Ghaeilge san áireamh i measc na 275 tionscnamh tógála. Tá luach €1.5 billiún ar an gclár infheistíochta seo, áit go bhfaighidh 22 bhunscoil faoin bhForas Pátrúnachta scoil iomlán nua agus beidh síneadh á chur le dhá bhunscoil eile faoin bpátrún. Ach tá díomá ar an dá eagraíocht go bhfuil éagóir á déanamh ar 27% de bhunscoileanna agus 38% d’iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge eile sa tír atá gan cóiríocht bhuan, nach bhfuil ar aon liosta cóiríochta ag an Roinn agus nach bhfuil mórán dóchais ann go dtiocfaidh feabhas ar a staid cóiríochta go luath. Tá 60% de na bunscoileanna lán-Ghaeilge a bunaíodh le 25 bliain anuas i gcóiríocht shealadach faoi láthair. I measc na scoileanna sin a fágadh ar lár ón liosta, tá 7 scoil atá ag fanacht níos mó ná 20 bliain do chóiríocht bhuan. Tá An Foras Pátrúnachta agus Gaelscoileanna Teo. ag éileamh go dtabharfaí tosaíocht do ghéarchéim staid na cóiríochta i scoileanna lán-Ghaeilge le haitheantas buan atá i gcóiríocht shealadach. Tuilleadh eolais: www.gaelscoileanna.ie / www.education.ie

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

An Ghaeltacht Abú! Cóiríocht Scoile

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Márta 2012

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 09 Aibreán 2012

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth

le daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Lá Fhéile Pádraig:

• Ar chaith tú seamróg do Lá Fhéile Pádraig?• An bhfaca tú mórshiúl na príomhchathrach ar an teilifís?• An raibh paráid i do cheantar áitiúil?• Ar ghlac tú páirt in imeachtaí na féile?• Ar chaith tú éadaí agus dathanna glasa?• Ar fhoghlaim tú scéal Naomh Pádraig ar scoil?• An bhfuair tú creathán bainne glas i McDonalds?• An ndeachaigh tú amach le cairde Oíche Fhéile Pádraig?• Ar bhuail tú le mórán turasóirí um dheireadh seachtaine?• Ar fhreastail tú ar chéilí Gaelach mar chuid den cheiliúradh?• An dóigh leat go mbíonn an iomarca béime ar an ólachán in Éirinn?• Cad í an chéad chuimhne atá agat de Lá Fhéile Pádraig agus tú óg?• An rachfá thar lear chun ceiliúradh a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig?

Scéal Naomh Pádraig: an Bhreatain Bheag, sclábhaí, aoire, ag aoireacht caorach, an Chríostaíocht, seamróg, an Tríonóid, nathracha nimhe, Aspal Mór na hÉireann, ag craobhscaoileadh an chreidimh