nuachtlitir mf 2007:nuachtlitir template 05.qxd.qxd

2
Iml. 2 Eagrán 11 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 26 Meán Fómhair 2007 SAN EAGRÁN SEO: SAN EAGRÁN SEO: 1. Cinneadh gan chiall gan réasún 2. Conradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlin 3. Oíche na bhFoghlaimeoirí 4. Chernobyl, áthas agus CLG 5. Seachtain Oidhreachta in Oirthear na Gailimhe 6. Cairde agus Craic an Champa 7. Crosfhocal Mhi Lúnasa 8. Scéalta Ginearálta Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an Aire Oideachais, Mary Hanafin, athmhachnamh a dhéanamh ar an gcin- neadh tubaisteach a thóg sí le gairid maid- ir le múineadh an Bhéarla i nGaelscoileanna ag leibhéal na naíonán sóisir, i. go múinfí an Béarla ón dara téar- ma scoile ar aghaidh. Cáineann an Conradh an beartas seo go géar toisc go ndéanann sé neamhaird ar an gcomhairle ón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) atá i mbun próisis chomhairlithe ar an ábhar seo le blianta beaga anuas agus a mhol a thuilleadh taighde a dhéanamh ar an ábhar. Tá cei- thre réiteach ghearrthéarmacha molta ag an CNCM agus an tuilleadh taighde seo á dhéanamh. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: Cuireann an cin- neadh seo ionadh agus alltacht orm. Ní hé go bhfuil droch-chomhairle curtha ar an Aire ach is amhlaidh go bhfuil an tAire ag gníomhú go beag beann ar a cuid comhairleoirí. Is gá córas tumoideachais Gaeilge sna ranganna naíonáin toisc uileláithreacht an Bhéarla agus toisc gur ó theaghlaigh Bhéarla a thagann formhór na bpáistí Gaelscoile. Is gá tumoideachas chun an t- éagothromas seo a chothromú agus chun nós na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc na ndaltaí agus sa scoil." Cáineann an Conradh an tAire Hanafin, chomh maith, as an gcinneadh seo a fhó- gairt ag am a raibh cuid mhaith de lucht oideachais ar saoire. Is féidir leis an Aire glacadh leis go cinnte nach mbeidh an Conradh agus mórphobal na Gaeilge i gcoitinne ag seasamh siar agus ag glacadh leis an gcinneadh seo. Pléadh an cheist seo ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mí Aibreáin na bliana seo agus ritheadh rún d'aonghuth i gcoinne a lei- théid d'ísliú céime don tumoideachas i ngaelscoileanna an Stáit. Feictear ón taighde atá déanta le blianta beaga anuas go bhfuil buntáiste ar leith ag leanaí dátheangacha maidir le teangacha a fhoghlaim níos faide ar aghaidh ina saoil. Mar sin, léiríonn an beartas seo easpa muiníne as earnáil na Gaelscolaíochta agus as an gcaighdeán an-ard oideachais a sholáthraíonn Gaelscoileanna. CINNEADH GAN CHIALL GAN RÉASÚN GLACTHA CINNEADH GAN CHIALL GAN RÉASÚN GLACTHA AG AN AIRE OIDEACHAIS, MARY HANAFIN AG AN AIRE OIDEACHAIS, MARY HANAFIN Cuireadh tús le sraith ranganna Chonradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlín ar 10 Meán Fómhair agus rangan- na ann a bhí oiriúnach do gach leibhéal. Bhí rudaí breise san áireamh sa phacáiste, ina measc, imeachtaí cultúrtha, oícheanta traidisiúnta agus quiz boird míosúil. Eagraítear scrúduithe roghnacha don fháinne, chomh maith, agus cuirfear scoláireachtaí ar fáil le freastal ar Scoil Shamhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste chomh maith le cúrsaí Gaeltachta i nDún na nGall. Eagrófar oíche chláraithe agus shóisialta ar an Aoine 7 Meán Fómhair. Le haghaidh tuileadh eolais faoi na ran- ganna seo nó obair eile Chraobh Chaisleán Uidhlín déan teagmháil le hAodhán ar 028 (048) 43 71776 nó le Tony ar 028 (048) 43 778540. Conradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlín Conradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlín Maoinithe ag: 1. Vótaíocht Nua ar Shuíomh Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Idirlín an Chonartha Cén uair ar cheart do Ghaelscoileanna tosú a múineadh an Bhéarla • Láithreach • Sna Naionain Mhóra • Rang 1 • Nuair is mian leis an scoil Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gab- háil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag [email protected] Trasna 1 deaslabhartha (12) 5 cosc (3) 8 uaigneach; singil (8) 9 duine a imríonn draíocht (5) 10 comhaireamh; cuntas (7) 11 scamall geal a éiríonn as uisce beirithe (3) 14 stuama (9) 16 ceann de chúig éirim an choirp (6) 19 farraige mhór (6) 21 easpa (9) 24 áit a gcoinnítear éin (7) 25 cur leis an bhfírinne; áiféis (7) 28 madra uisce (9) 31 seal ama; tréimhse (3) 33 cealgaire; brathadóir (9) 34 cuairteoir; lóistéir (3) 36 deifir (8) 37 nós; béas (4) 38 cúrsa staidéir (8) Síos 2 roinn; rannóg (7) 3 píosa searbh scríbhneoireachta (4) 4 duine an-bheag ar fad (5) 6 slat tomhais (9) 7 teorainn (6) 12 foclóir i ndeireadh scríbhinne (6) 13 cladach cloch (8) 15 comhrá (8) 17 dlí a ritheann parlaimint (4) 18 an-bheag ar fad (7) 20 slat láidir sailí (3) 21 talamh i seilbh duine; glacadh seilbhe (9) 22 scoil ar leith do naonáin (7) 23 pinc (8) 26 glór caointeach brónach (7) 27 triail; blúire (8) 29 áibhéil; amaidí (6) 30 bailiúchán; cnuasach (7) 32 mar; cosúil le (6) 35 múchadh (4) 36 giota filíochta (3) Scéalta Ginearálta Scéalta Ginearálta Nuachtlitir Mh Nuachtlitir Mh í í Mheán Fómhair Mheán Fómhair Bailiúchán agus Clárú Níl ach 3 mhí fágtha ag craobhacha an Chonartha le clárú go hoifigiúil leis an Ard-Oifig. Mar sin, moltar duit a bheith ag smaoineamh air seo anois. Freisin, iarrtar ort sciar na hArd- Oifige den Bhailiúchán Náisiúnta a chur isteach a luaithe agus is féidir. Tráth na gCeist Mhaigh Nuad D’éirigh go thar barr leis an quizboird craiceáilte a d’eagraigh Pobal Phádraig, Dé Máirt, 18 Meán Fómhair, a bhí ar siúl thuas staighre, Tigh Brady. Chuaigh gach brabús chun sochair d'fheachtas Phobal Phádraig chun pobalscoil lán-Ghaeilge a lonnú i Maigh Nuad. D’fhreastail 10 bhfoireann ar fad ar an ócáid seo. Slán le Brenda Guíonn Uachtarán agus foireann Chonradh na Gaeilge gach rath ar Bhreanda Ní Ghairbhí a bheidh ag gabháil ar scoir ón gConradh Dé hAoine, 28 Meán Fómhair, le gabháil ag taisteal ar fud an domhain. Chaith Breanda seal an-ghnóthach ag obair leis an eagraíocht tar éis di 5 mhí chrua a chaitheamh ag obair ar fheachtas Seanaid Dháithí Mhic Chárthaigh agus d’éirigh léi go leor rudaí éagsúla a chur i gcrích lena linn. Bhí oíche spraoi ag foireann an Chonartha agus iad ag fágáil sláin le Brenda. 4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 07-Mar-2016

262 views

Category:

Documents


10 download

DESCRIPTION

CINNEADH GAN CHIALL GAN RÉASÚN GLACTHA CINNEADH GAN CHIALL GAN RÉASÚN GLACTHA AG AN AIRE OIDEACHAIS, MARY HANAFIN AG AN AIRE OIDEACHAIS, MARY HANAFIN 5. Seachtain Oidhreachta in Oirthear na Gailimhe 4. Chernobyl, áthas agus CLG 6. Cairde agus Craic an Champa 1. Cinneadh gan chiall gan réasún • Láithreach • Sna Naionain Mhóra • Rang 1 • Nuair is mian leis an scoil 3. Oíche na bhFoghlaimeoirí 2. Conradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlin Iml. 2 Eagrán 11 8. Scéalta Ginearálta

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir MF 2007:Nuachtlitir Template 05.qxd.qxd

Iml. 2 Eagrán 11 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 26 Meán Fómhair 2007

SAN EAGRÁN SEO:SAN EAGRÁN SEO:

1. Cinneadh gan chiallgan réasún

2. Conradh na Gaeilgei gCaisleán Uidhlin

3. Oíche nabhFoghlaimeoirí

4. Chernobyl, áthasagus CLG

5. SeachtainOidhreachta inOirthear na Gailimhe

6. Cairde agus Craican Champa

7. Crosfhocal MhiLúnasa

8. Scéalta Ginearálta

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar an AireOideachais, Mary Hanafin,athmhachnamh a dhéanamh ar an gcin-neadh tubaisteach a thóg sí le gairid maid-ir le múineadh an Bhéarla inGaelscoileanna ag leibhéal na naíonánsóisir, i. go múinfí an Béarla ón dara téar-ma scoile ar aghaidh. Cáineann anConradh an beartas seo go géar toisc gondéanann sé neamhaird ar an gcomhairleón gComhairle Náisiúnta Curaclaim agusMeasúnachta (CNCM) atá i mbun próisischomhairlithe ar an ábhar seo le bliantabeaga anuas agus a mhol a thuilleadhtaighde a dhéanamh ar an ábhar. Tá cei-thre réiteach ghearrthéarmacha molta agan CNCM agus an tuilleadh taighde seo ádhéanamh.Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, UachtaránChonradh na Gaeilge: Cuireann an cin-neadh seo ionadh agus alltacht orm. Ní hégo bhfuil droch-chomhairle curtha ar anAire ach is amhlaidh go bhfuil an tAire aggníomhú go beag beann ar a cuidcomhairleoirí. Is gá córas tumoideachais Gaeilge snaranganna naíonáin toisc uileláithreacht anBhéarla agus toisc gur ó theaghlaighBhéarla a thagann formhór na bpáistíGaelscoile. Is gá tumoideachas chun an t-éagothromas seo a chothromú agus chunnós na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú imeasc na ndaltaí agus sa scoil."

Cáineann an Conradh an tAire Hanafin,chomh maith, as an gcinneadh seo a fhó-gairt ag am a raibh cuid mhaith de luchtoideachais ar saoire. Is féidir leis an Aireglacadh leis go cinnte nach mbeidh anConradh agus mórphobal na Gaeilge igcoitinne ag seasamh siar agus agglacadh leis an gcinneadh seo. Pléadh ancheist seo ag Ard-Fheis Chonradh naGaeilge i mí Aibreáin na bliana seo agusritheadh rún d'aonghuth i gcoinne a lei-théid d'ísliú céime don tumoideachas ingaelscoileanna an Stáit.Feictear ón taighde atá déanta le bliantabeaga anuas go bhfuil buntáiste ar leith agleanaí dátheangacha maidir le teangachaa fhoghlaim níos faide ar aghaidh inasaoil. Mar sin, léiríonn an beartas seoeaspa muiníne as earnáil naGaelscolaíochta agus as an gcaighdeánan-ard oideachais a sholáthraíonnGaelscoileanna.

CINNEADH GAN CHIALL GAN RÉASÚN GLACTHACINNEADH GAN CHIALL GAN RÉASÚN GLACTHAAG AN AIRE OIDEACHAIS, MARY HANAFINAG AN AIRE OIDEACHAIS, MARY HANAFIN

Cuireadh tús le sraith ranganna Chonradh

na Gaeilge i gCaisleán Uidhlín ar 10 Meán

Fómhair agus rangan-

na ann a bhí oiriúnach

do gach leibhéal. Bhí

rudaí breise san

áireamh sa phacáiste,

ina measc, imeachtaí

cultúrtha, oícheanta

traidisiúnta agus quiz

boird míosúil.

Eagraítear scrúduithe roghnacha don

fháinne, chomh maith, agus cuirfear

scoláireachtaí ar fáil le freastal ar Scoil

Shamhraidh Mhic Reachtain i mBéal

Feirste chomh maith le cúrsaí

Gaeltachta i nDún na nGall.

Eagrófar oíche chláraithe

agus shóisialta ar an Aoine 7

Meán Fómhair. Le haghaidh

tuileadh eolais faoi na ran-

ganna seo nó obair eile

Chraobh Chaisleán Uidhlín

déan teagmháil le hAodhán

ar 028 (048) 43 71776 nó le Tony ar 028

(048) 43 778540.

Conradh na Gaeilge i gCaisleán UidhlínConradh na Gaeilge i gCaisleán Uidhlín

Maoinithe ag: 1.

Vótaíocht Nua ar ShuíomhVótaíocht Nua ar ShuíomhIdirlín an ChonarthaIdirlín an Chonartha

Cén uair ar cheart doGhaelscoileanna tosú amúineadh an Bhéarla

• Láithreach• Sna Naionain Mhóra• Rang 1• Nuair is mian leis an scoil

Má tá tuairim agat maidir leisan gceist seo thuas is féidirvóta a chaitheamh ach gab-háil isteach ar ShuíomhIdirlín an Chonartha [email protected]

Trasna1 deaslabhartha (12)5 cosc (3)8 uaigneach; singil (8)9 duine a imríonn draíocht (5)10 comhaireamh; cuntas (7)11 scamall geal a éiríonn as uisce beirithe (3)14 stuama (9)16 ceann de chúig éirim an choirp (6)19 farraige mhór (6)21 easpa (9)24 áit a gcoinnítear éin (7)25 cur leis an bhfírinne; áiféis (7)28 madra uisce (9)31 seal ama; tréimhse (3)33 cealgaire; brathadóir (9)34 cuairteoir; lóistéir (3)36 deifir (8)37 nós; béas (4)38 cúrsa staidéir (8)

Síos2 roinn; rannóg (7)3 píosa searbh scríbhneoireachta (4)4 duine an-bheag ar fad (5)6 slat tomhais (9)7 teorainn (6)12 foclóir i ndeireadh scríbhinne (6)13 cladach cloch (8)15 comhrá (8)17 dlí a ritheann parlaimint (4)

18 an-bheag ar fad (7)20 slat láidir sailí (3)21 talamh i seilbh duine; glacadh seilbhe (9)22 scoil ar leith do naonáin (7)23 pinc (8)26 glór caointeach brónach (7)27 triail; blúire (8)29 áibhéil; amaidí (6)30 bailiúchán; cnuasach (7)32 mar; cosúil le (6)35 múchadh (4)36 giota filíochta (3)

Scéalta GinearáltaScéalta Ginearálta

Nuachtlitir MhNuachtlitir Mhíí Mheán FómhairMheán Fómhair

Bailiúchán agus ClárúNíl ach 3 mhí fágtha ag craobhacha an Chonartha le clárúgo hoifigiúil leis an Ard-Oifig. Mar sin, moltar duit a bheith agsmaoineamh air seo anois. Freisin, iarrtar ort sciar na hArd-Oifige den Bhailiúchán Náisiúnta a chur isteach a luaitheagus is féidir.

Tráth na gCeist Mhaigh NuadD’éirigh go thar barr leis an quizboird craiceáilte a d’eagraighPobal Phádraig, Dé Máirt, 18 Meán Fómhair, a bhí ar siúlthuas staighre, Tigh Brady. Chuaigh gach brabús chun sochaird'fheachtas Phobal Phádraig chun pobalscoil lán-Ghaeilge alonnú i Maigh Nuad. D’fhreastail 10 bhfoireann ar fad ar anócáid seo.

Slán le Brenda Guíonn Uachtarán agus foireann Chonradh na Gaeilgegach rath ar Bhreanda Ní Ghairbhí a bheidh ag gabháil arscoir ón gConradh Dé hAoine, 28 Meán Fómhair, le gabháilag taisteal ar fud an domhain.Chaith Breanda seal an-ghnóthach ag obair leis aneagraíocht tar éis di 5 mhí chrua a chaitheamh ag obair arfheachtas Seanaid Dháithí Mhic Chárthaigh agus d’éirighléi go leor rudaí éagsúla a chur i gcrích lena linn. Bhí oíchespraoi ag foireann an Chonartha agus iad ag fágáil sláin leBrenda.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Page 2: Nuachtlitir MF 2007:Nuachtlitir Template 05.qxd.qxd

Cairde agus Craic an ChampaCairde agus Craic an ChampaIs cosúil gur bhain gach duine sult agus taitneamh as anchampa samhraidh i mBaile Locha Riach i mbliana.D'fhreastail níos mó ná dhá scór ar an champa a bhí arsiúl idir 6ú agus 17ú Lúnasa ag Gaelscoil Riabhach sabhaile. Bhí an campa eagraithe ag Gaeilge Locha Riach igcomhar le Conradh na Gaeilge agus maoinithe agForas na Gaeilge.Bhí triúr i gceannas ar an champa i rith na coicíse, DawnNí Ghlionn, Michéle Breathnach agus Alison De Búrca.Bhí go leor cluichí, rólimirt, ealaín agus a lán eile ar siúlacu le linn an champa. Maraon leis an mhéid sin, tháinig go leor cuairteoiríchuig an champa le ceardlanna speisialta a eagrú. BhíÓrla agus Niamh Ní Fhathaigh ar cuairt agus iad i mbunceardlann ceoil le páistí an champa. Cuireadh síos ar nagléasanna traidisiúnta a bhíonn in úsáid in Éirinn agusiad ag bualadh ríleanna, portanna, fonna malla,máirseála is polkaí ar na gléasanna ceoil. Tugadh léar-gas do na páistí ar cheol is ceoltóirí Oirthear naGaillimhe agus bhí deis ag na páistí a bheith páirteachleo agus píosaí a bhualadh leo. Bhí Máire Ní Cheallaigh Stiobhaird i láthair an champa leseisiún scéalaíochta a thabhairt do na páistí agus í aggabháil siar ar chuid de bhéaloideas an cheantair is agléiriú bunús cuid de logainmneacha na háite.Bhí Cleamairí Locha Riach ar cuairt agus iad ag cur síosar stair, nósanna is ar chultúr na gCleamairí sachomharsanacht i gceardlann ar leith. Bhí seisiún ion-tach bríomhar acu ina raibh scéalaíocht, filíocht, amhrá-naíocht, damhsa ar an sean-nós is neart ceoil ar siúlagus na páistí lánpháirteach leo. Bhí Mark Hurlihy, iománaí áitiúil, ar an pháirc imeartha lepáistí an champa le scileanna iomána a theagasc is achleachtadh is tá súil aige go mbeidh toradh a shaothair

le feiceáil amach anseo i measc fhoirne Chontae naGaillimhe.Léirigh na páistí Seó Beag do na tuismitheoirí is dágcairde. Bhí taispeántas iontach pléisiúrtha acu ina raibhamhránaíocht, damhsa is ceol curtha os a gcomhair.Chríochnaigh an campa ar an Aoine agus turaseagraithe go Gairdíní Bhríde, Ros Chathail, Conamara.Bhain na páistí an-sult as dúlra na háite, as na cluichífaoin aer is iad ag foghlaim fá ainmhithe na gcoillte tharttimpeall orthu.Caithfear a rá go raibh freastal breá fairsing ar an cham-pa. Cuireadh fáilte ar leith roimh an teaghlach MhicShamhrainn as Béal Feirste agus roimh mhuintir UíRiain as Baile Átha Cliath a bhí sa chomharsanacht donchampa. Mar a tharlaíonn sé, tá comhoibriú iontach ar siúl idirGhaeilge Locha Riach agus Glór na Móna, Béal Feirsteagus iad ábalta an nasc eatarthu a neartú. Bhuaighmuintir Mhic Shamhrainn an phríomhdhuais i gcomórtasi measc teaghlach Ghaelscoil na Móna ina raibh lóistíncurtha ar fáil do theaghlach ón Ghaelscoil agus áiteannacurtha ar fáil do na páistí ag Campa Samhraidh LochaRiach. Bhí páistí eile ag taisteal ó Bhaile Átha an Rí gach lá.Maraon leis sin, bhí Declan Berry, 9 mbliain d'aois, asNua Eabhrac ar an champa agus é díreach tagtha goBaile Locha Riach le bheith lonnaithe anseo lena mhuin-tir. Thaitin an campa chomh mór sin le Declan go bhfuilsé anois cláraithe le toiseacht ar Ghaelscoil Riabhach imbliana.Aithníonn Gaeilge Locha Riach gur éirigh go maith leisan an champa i mbliana, go bhfuil forbairtí breise tagthaar an champa thar na blianta agus go bhfuil gá le feab-has i gcónaí. Cinnte, tá plé agus pleananna ar siúlcheana féin le díriú ar an bhliain seo chugainn.

Seachtain Oidhreachta in Oirthear na GaillimheSeachtain Oidhreachta in Oirthear na Gaillimhe

2. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.

An bhfuil tú tinn tuirseach de bheith ag déanamh an rudceanann céanna gach oíche a dtéann tú amach? Má tápíosa craice uait, téigh chuig Club Árus na nGael lecasadh le daoine nua agus, ag an am céanna, cuir feab-has ar do chuid Gaeilge oíche Chéadaoin. Bíonn oíche na bhfoghlaimeoirí ar siúl gach Céadaoin igClub Árus na nGael, 45 Sráid Dominic, Gaillimh. Má tátú ag iarraidh deis chun cur le do chuid Gaeilge is seansiontach duit an oíche seo.Cuireann Conradh na Gaeilge an oíche seo ar fáil chundeis a tabhairt do dhaoine dul i bhfeabhas leis an tean-ga. Bíonn an múinteoir Éilís Ní Dhúill i láthair chun curleis an gcomhrá agus chun aon cheist maidir le teangaagus focail Ghaeilge a fhreagairt. Chun castáil le daoine nua agus le haghaidh píosacraice trí Ghaeilge, buail isteach chugainn gach oícheChéadaoin ag 9:30 i.n i gClub Árus na nGael.

Tá fáilte roimh chách. Tuilleadh eolais: 091-567824 / [email protected]

Tháinig an grúpa Áthas le chéile i mBaile LochaRiach le fáilte Uí Cheallaigh a chur roimh rothaithea bhí ar camchuairt ar fud na hÉireann le hairgeada bhailiú ar son 'Chernobyl Children's ProjectIreland'. Cuireadh tae, brioscaí agus smailceannabia ar fáil dóibh siúd ar na rothair. B'as Cill Chainnigh na rothaithe agus d'éirigh leosuim s'acu sa rothaíocht a nascadh lena spéis snacluichí gaelacha ar mhaithe le tacaíocht agus airda tharraingt ar chúis is deacrachtaí pháistíChernobyl.Bhí turas speisialta eagraithe acu mórthimpeallÉireann uile ina raibh triúr ar rothair is duineamháin ag tiomáint. Bhí siad ag gabháil thart arphríomhpháirceanna na gCúigí roimh chluicheceannais iomána na hÉireann. Thosaigh siad ibPáirc Naomh Tiernach i gCluain Eois, CúigeUladh sula ndeachaigh siad ar aghaidh go PáircMhic Éil i gCaisleán a' Bharraigh, Connacht.D'fhan siad thar oíche i mBaile Locha Riach, áitina raibh réamhchruinniú ag Micheál Ó Cíosóg 15Lúnasa 1884 sular bunaíodh CLG. As Baile LochaRiach ar aghaidh go Staid Semple i nDúrlas,Cúige Mumhan, agus ina dhiaidh sin, lean siad araghaidh go Páirc a' Chrocaigh i mBaile Átha Cliathle tacaíocht a thabhairt don fhoireann iomá-naíochta i gcluiche ceannais na hÉireann. Mar atharla sé, nuair a bhí siad ar cuairt ar na páircean-na seo, bhí deis acu cúilíní a scóráil le sliotar agusle liathróid peile. Gan amhras, bhí turas ar leithacu ar a mbealach go cluiche ceannais na hÉire-ann... seans go mbeidh dream as Co. Luimnigh ageagrú turais dá leithéid ar an bhliain seo chugainn.

Tá rothaithe Chill Chainnigh agus Áthas as BaileLocha Riach beirt ina mball de 'ChernobylChildren's Project' atá eagraithe ar fud na hÉire-ann. Ghlac siad páirt i scéim speisialta i rith antsamhraidh le páistí as Béalarús a thabhairt arsaoire go hÉirinn. D'fhan cuid de na páistí leteaghlaigh sa chomharsanacht i mBaile LochaRiach agus i gCreachmhaoil ar feadh míosa. Iseagraíocht dheonach í 'Áthas' agus tá súil ag anghrúpa cur leis an dea-obair ar an bhliain seochugainn. Ba mhaith leo cuireadh a thabhairt doníos mó páistí teacht ar cuairt go hOirthear naGaillimhe sna blianta amach romhainn. Má táspéis ag éinne a bheith páirteach ar dhóigh arbith, tá gach fáilte teagmháil a dhéanamh le PaulaMcLaughlin ag 087 9786086.

Chernobyl, Chernobyl, ÁÁthas agus CLGthas agus CLG

Muintir Bhaile Locha Riach ag cur fáilte roimh na rothaithe

Oíche na bhFoghlaimeoiríOíche na bhFoghlaimeoiríTháinig Comhar Creidmheasa Naomh Breandáin agusGaeilge Locha Riach le chéile le linn SeachtaineOidhreachta le roinnt imeachtaí a eagrú ar mhaithe letábhacht oidhreacht an cheantair a ardú.Eagraíodh siúlóid sléibhe thart ar Shliabh Eachtaí igceantar Ghráig na Muilte Iarainn in Oirthear naGaillimhe. Tugadh treoir ar an cheantar, ar na suíomhan-na oidhreachta sa chomharsanacht, ar dhúlra na háiteagus béim ar leith ar na crainn éagsúla is na foinsí uisceann. Cuireadh síos ar stair, chultúr is nósanna an chean-tair leis agus tagairtí áirithe do choill Dhoire na Cráige,don tobar naofa ann agus do Raifteirí sa cheantar leis.Ina dhiaidh sin, ghlac breis agus ceithre scór duine agusceithre fhoireann déag idir óg is aosta páirt sa 'TóraíochtTaisce' thart ar bhaile ársa Locha Riach. Bhí go leorspraoi is suilt ag teaghlaigh agus iad ag iarraidh fuascailt

na ceisteanna a aimsiú thart ar an bhaile. Le linn nacraice, bhí siad ag foghlaim fá shuíomhanna oidhreachta,fá charachtair stairiúla is ag cur aithne níos fearr ar stairis dhúlra an bhaile. Cuireadh deochanna agus smail-ceanna bia ar fáil sa Chomhar Creidmheasa ina dhiaidhagus plaiceanna cuimhniúcháin is teastais bronnta ar nafoirne ar éirigh leo na ceisteanna a fhreagairt i gceart.Chríochnaigh imeachtaí na Seachtaine Oidhreachta imBaile Locha Riach nuair a nochtaíodh leacht cuimh-neacháin in ómós cách a bhí curtha i bPoll Rua Boic arimeall Locha Riach ó na meánaoiseanna ar aghaidh.Tuigtear go bhfuil a leithéid de reiligí le fáil i ngach aonpharóiste in Éirinn ach le forbairtí atá ar siúl, bhí baol anngo mbeadh an reilig áirithe seo ligthe i ndearmad agusBaile Locha Riach ag fás i rith an ama.