oiche nollag na mban

27
Oiche Nollag na mBan Seán O Riordáin

Upload: neena

Post on 24-Feb-2016

248 views

Category:

Documents


1 download

DESCRIPTION

Oiche Nollag na mBan. Seán O Riordáin. Bhí fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir . Aréir oíche Nollaig na mBan , As gealt -teach iargúlta ' tá laistiar den ré Is do scréach tríd an spéir chughainn ' na gealt. There was strength and force in the storm that slipped away last night - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Oiche Nollag na mBan

Oiche Nollag na mBan

Seán O Riordáin

Page 2: Oiche Nollag na mBan

Bhí fuinneamh sa stoirm a éalaigh aréir.

Aréir oíche Nollaig na mBan, As gealt-teach iargúlta 'tá

laistiar den ré Is do scréach tríd an spéir

chughainn 'na gealt

There was strength and force in the storm that slipped away last night

Last night the 6th JanOut of the asylum that is

behind the moonAnd it screeched across

the sky like a lunatic

Page 3: Oiche Nollag na mBan

Gur ghíosc geataí comharsan mar ghogallach gé,

Gur bhúir abhainn slaghdánach mar tharbh,

Gur mhúchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal

A las 'na splanc obann an fhearg

It opened the neighbours gates opening like gabling goose

River roaring with a harsh sound

Quenched my candle like a blow out of my mouth

Lit a certain flash of anger

Page 4: Oiche Nollag na mBan

Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin

An oíche go mbeadsa go lag

Ag filleadh abhaile ó rince an tsaoil

Is solas an pheaca ag dul as,

I would like that storm to return

The night that I’d be week

Return home from the dance of life

Light of sin going out

Page 5: Oiche Nollag na mBan

Go líonfaí gach neomat le liúirigh ón spéir,

Go ndéanfaí den domhan scuaine scread,

Is ná cloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám dhéin,

Ná inneall an ghluaisteáin ag stad.

Every moment would be filled with the yelling of the sky

The whole world would turn to screaming

I wouldn’t hear the silence moving under my roof

Or a car going without engines

Page 6: Oiche Nollag na mBan

• Bhí láidreacht agus cumhacht sa stoirm a d’éirigh aréir, oíche Nollaig na mban, faoi mar a tháinig sí as gealt-teach éigin taobh thiar den ghealach agus scréach sí tríd an spéir mar ghealt. Lena cumhacht chuir sí geataí ag gíoscadh mar ghogallach gé agus chuir sí abhainn ag búiríl mar tharbh. Mhúch sí mo choinneall go tobann cosúil le buille ó mo bhéal, a las an fhearg ionam mar splanc.

Page 7: Oiche Nollag na mBan

• Ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm cheannann chéanna sin arís nuair a bheinn ag fáil bháis (le solas an pheaca ag dul as). Ba mhaith liom go líonfaí gach neomat le screadáil ón spéir sa tslí nach gcloisfinn ciúnas mo bháis ag druidim I mo threo ná bualadh mo chroí ag stad.

Page 8: Oiche Nollag na mBan

Téama an dáin:

• Sa liric phearsanta seo léimid faoi ghuí bháis an fhile. Tá súil aige go mbeidh stoirm ann an oíche a bhfaighidh sé bás I dtreo is nach gcloisfidh sé a bhás féin ag teacht, agus nach mhothódh sé an buille deireanach dá chroí.

Page 9: Oiche Nollag na mBan

Scéal an Dáin:

• I rith na h–oíche ar an gcúigiú lá de mhí Éanair bhí an file ina luí ar a leaba ag éisteacht le stoirm a bhí ag séideadh amuigh. Bhí sí fíochmhar agus fuinniúil. Thosaigh sí in áit éigin ar an taobh eile den ghealach agus nuair a bhí sí ag réabadh trí na spéire bhí sí cosúil le gealt.

Page 10: Oiche Nollag na mBan

• Nuair a shroich sí gar don áit ina raibh an file chuir sí na geataí in aice a thí ag oscailt is ag dúnadh agus bhí an fhuaim cosúil le gé ag gogallach. D’éirigh an abhainn chomh maith agus an torann toll a tháinig uaithi bhí sé cosúil le tarbh agus slaghdán uafásach air.

• Is cinnte go raibh scoilt san fhuinneog mar tháinig leoithne gaoithe isteach a mhúch an choinneal in aice a leapa, agus a las racht feirge ann.

Page 11: Oiche Nollag na mBan

• Sa dara dreas cuireann an file síos ar ghuí bháis a bhí aige. Theastaigh uaidh chun a bheith ag éisteacht leis an stoirm chéanna ar a oíche dheireanach dá shaol seo agus le fuinneamh an t-séideáin ní chloisfeadh sé a bhás ag druidim agus bheadh sé beagbeann don bhuille deireanach dá chroí.

Page 12: Oiche Nollag na mBan

• Cé nach bhfuil aon mhaitheas le fáil ó bhás nó ó stoirm, thaitneodh an stoirm níos fearr leis i rith a oíche deireanaí ar an saol seo. Bheadh sé in ann an stoirm a sheasamh nuair a bheadh a bhás féin ag druidim. Dar ndóigh bheadh sé ag braith ar an stoirm chun a aigne a thógáil óna bhás féin a bhí ag cur imní air I gcónaí.

Page 13: Oiche Nollag na mBan

Ní dán Críostaí é sin. É sin a phlé.

• Gan aon amhras ní dán críostaí é ar chor ar bith agus nach ait é sin, go h-áirithe nuair a bhí a fhios aige go raibh sé “ag filleadh abhaile ó rince an t-saoil”?

Chomh luath is a thuigeann daoine go bhfuil siad ag fáil bháis nó fiú ar imeall an bháis casann an chuid is mó díobh chun Dé chun maithiúnas a fháil dá bpeacaí féin agus chun a chinntiú nach rachaidh siad I dtinte na síoraíochta leis an leideoir (sa dán An Chéad Dráma).

Page 14: Oiche Nollag na mBan

• Sa dán seo ní dhéanann sé a leithéid. Níl ach guí bháis amháin aige agus ‘ sé sin go dtiocfaidh sé a aigne on mbás sin agus fiú ní chloisfidh sé an buille deireanach dá chroí.

Cén fáth meas tú gur scríobh an file an dán seo• Don chuid ba mhó dá shaol mhair an Ríordánach faoi scáth an bháis.

Theip ar a shláinte nuair a bhí sé an –óg agus ní ghnáthshaol a bhí aige ina dhiadh sin. D’fhan sé ar imeall na sochaí agus tá cuid mhaith dá shaothair bunaithe ar a bhás féin. Le blianta fada bhí sé in ucht bháis ach nuair a chonaic sé cé chomh tobann is mhúchadh solas na coinnle shocraigh sé gurb é an saghas bás a theastódh uaidh-go tobann agus gan rabhadh!

• “gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal a las’na splanc obann an fhearg”.

Page 15: Oiche Nollag na mBan

Tá téama an bháis agus téama an ghealtanais fite fuaite le chéile sa dán.

• Scríobh an file an dán seo oíche áirithe amháin nuair a bhí sé in ísle brí agus nuair a thuig sé go raibh a bhás ag teacht. Bhí an-eagla air roimh a bhás féin agus theastaigh uaidh chun a bheith beagbeann dó.

“ná chloisfinn an ciúnas ag gluaiseacht fám dhéin”.• Conas a éireodh leis é sin a dhéanamh? Bhí rud ar leith

uaidh a thógfadh a chuid airde ón mbás agus thiocfadh sé sin I bhfoirm stoirme. Dá mbeadh an stoirm chéanna ag séideadh agus a anáil deireanach a tarraingt aige ní thuigfeadh sé I gceart cad a bheadh ag tarlú dó nó ní mhothódh sé an buille deireanach dá chroí.

Page 16: Oiche Nollag na mBan

• An oíche sin bhí an stoirm mar ghealt sa t-slí go raibh sí ag screadáil agus ag réabadh tríd an spéir. Bhí a shamhlaíocht ag imirt cleasa air sna fuaimeanna a bhí sé ag samhlú faoi; cuir I gcás na geataí ag gíoscadh mar ghogallach gé agus sileadh na habhann cosúil le tarbh ag búiríl agus fiú shamhlaigh an file go raibh an stoirm féin ag réabadh agus ag screadáil mar ghealt. Nach gealtachas é sin!

Page 17: Oiche Nollag na mBan

Na Meafair agus Na Samhlacha:

• Na Meafair:

– Inneall an ghluaisteáin Ní féidir le h-aon ghluaisteán gluaiseacht gan

inneall is ní féidir le h-éinne maireachtáil gan croí. Seasann an t-inneall da chroí.

– Rince an t-saoil Seasann sé dá shaol féin – do na rudaí maithe

agus na drochrudaí a rinne sé ar an domhan seo.

Page 18: Oiche Nollag na mBan

Na Samhlacha

• An stoirm mar gealtTá a fhios ag gach duine go bhfuil mire, mearbhall is

fiántas I ngach stoirm ó nádur is tá na tréithe céanna le fáil I ngach gealt. Chonaic an file cosúlacht idir an stoirm agus an ghealt.

• Na GéataíNuair a bhí an geata ag oscailt is ag dúnadh le gach

séidean gaoithe bhí siad cosúil le gé a bhí ag grágaíl.

Page 19: Oiche Nollag na mBan

Codarsnacht• Is íomaí sampla den chodarsnacht atále fáil sa dán seo:• Ar an gcéad dul síos tá an chéad véarsa scríofa ar rud a tharla agus

an dara véarsa bunaithe ar rud a bhí le tarlú.• Is véarsa fuinniúil agus fuaimneach é an chéad véarsa ina chuireann

an file síos ar shíor-ghluaiseacht agus ar shíorshéideadh na stoirme ach labhraíonn sé faoi “ciúnas” sa dara dreas.

• Tá an chéad véarsa lán le beocht gan tagairtí ar bhás. Sa dara dreas cuireann sé síos ar sheolas ag dul as agus inneall gluaisteáin ag stad.

• Bhí an stoirm an laidir. Bhí an file an fáil bás.• Noiméad amháin bhí an coinneal ar lasadh ach noiméad eile bhí sé

ina luí sa dorchas.

Page 20: Oiche Nollag na mBan

Cad iad na mothúcháin is treise atá le fáil sa dán seo?

• Is iad eagla agus dóchas na príomh-mhothúcháin is treise sa dán.

• Bhí scanradh ar an Ríordánach roimh a bhás féin agus don chuid ba mhó dá shaol bhí sé eaglach faoi. Theip ar a shláinte I mbláth a óige dá thairbhe eitinne agus ní gnáthshaol a bhí aige ina dhiaidh sin. Sa chéad dreas baineann sé úsáid as fuaimfhocail a chruthaíonn fuaimeanna eaglacha, cuir I gcás “scréach”, “ghíosc”, “gogallach”, bhúir”. Nuair a scríobh sé an dán seo bhí sé gar do dúshlán an bháis agus thug sé aghaidh air le scanradh. Bhí faitíos air go gcloisfeadh sé buille deireanach dá chroí á bhualadh. (line 16)

Page 21: Oiche Nollag na mBan

• Ar an lámh eile tá an dara véarsa lán le dóchas, dar ndóigh tá an dara dreas bunaithe ar ghuí bháis a bhí aige. Theastaigh uaidh go bhfillfeadh an stoirm chéanna ar ais arís ar an oíche a bheadh sé ag fáil bháis agus mo mbeadh a aigne chomh mór sin tógtha suas le fuaim agus le h-éifeacht na stoirme nach gcloisfeadh sé a chroí ag stopadh.

Page 22: Oiche Nollag na mBan

Cad iad na h-íomhánna is treise sa dán seo?

• Tá meascán mór íomhánna curtha os ár gcomhair sa dán seo.

• Ar an gcéad dul síos feicimid an file agus é ina luí ar a leaba I rith na h-oíche geimhriúile sin ag éisteacht le fiántas na stoirme ag séideadh lasmuigh agus cuma éaglach ar a aghaidh.– “is do scríobh tríd an spéir chugainn ‘na gealt”

Feicimid teach na gcomharsana agus geataí an tí á n-oscailt agus á ndúnadh le séideadh na gaoithe.

“gur ghíosc geataí comharsan mar ghogallach gé”.

Page 23: Oiche Nollag na mBan

• Mar íomhá scoir feicimid bord beag in aice na leapa le coinneall agus coinnleoir air. Nóimeád amháin bhí lasracha ag lasadh uaithi agus nóimeád eile bhí siad múchta. “gur múchadh mo choinneal mar bhuille ar mo bhéal”.

Nota gairid uait ara an atmaisféar• Cruthaítear atmaisféar anseo atá scanrúil, dóslásach, duairc

ach fós dóchasach. Sa chéad dreas tá beocht, fuinneamh, fuaimeana, agus borradh le fáil. Tá stoirm ag éirí agus ag réabadh chuige cosúil le fear buille. Ní féidir le h-éinne breith uirthi toisc go bhfuil an-luas ag baint leí.

Page 24: Oiche Nollag na mBan

• Sa dara dreas is léir go bhfuil an stoirm thart “ba mhaith liom go dtiocfadh an stoirm sin féin.” Tá síochán agus ciúnas timpeall air a thugann an seans dó druidim a bháis a chloisteáil – rud nach dteastaíonn uaidh ar bith – sin é an fáth go bhfanfaidh sé go dóchasach le filleadhna stoirme chéanna sin arís.

Page 25: Oiche Nollag na mBan

Cad é an cur síos a thugann an file dúinn ar an stoirm féin?

• Is iontach an cur síos a thugtar dúinn ar an stoirm sin, go h-áirithe sa t-slí inar léim sí trasna na spéire chuige le luas lasrach agus í cosúil le gealt a tháinig ó áit iargúlta ar an taobh eile den ghealach. Feic línte 1-4.

• Nuair a shroich sí an áit ina raibh an file ní raibh aon easpa nirt qag baint léi toisc gur chuir sí geataí na gcomharsana ag oscailt is ag dúnadh lena cuid fuinnimh is an torann a tháinig uaithi bhí sí cosúil le géanna ag grágaíl – líne 5

Page 26: Oiche Nollag na mBan

• Chomh maith leis sin chuir sí neart sa bhreis san abhainn a chuir an sruthán ag búiríl cosúíl le tarbh mór uafásach garbh. Líne 6.

• Mhúch sí freisin coinneal a bhí ar lasadh ar bhord in aice a leapa rud a chuir racht feirge air. Threisigh a chuid feirge mar gheall ar an eagla mhór a bhí ar a chroí.

Page 27: Oiche Nollag na mBan

Léirigh cumhacht na stoirme faoi mar a léirítear sa chéad véarsa.

• Tá an chéad dreas bunaithe ar an stoirm – béiceann sí agus réabann fuim na stoirme tríd an véarsa “fuinneamh na stoirme a éalaigh”. Tá an líne sin an-laidir mar thosnu. Ansin cuirtear í ag “scréachadh” tríd an spéir agus lena cumhacht cuireann sí geataí ag gíoscadh, cuireann sí abhainn ag búiríl agus múchann sí solas na coinnle mar “bhuille”.

• Cén fáth meas tíú go raibh an eagla air?• Is rud nádúrtha bheith eaglach faoi bhás agus ní

éisteacht an file seo.