polasaÍ cosaint leanaÍ an roinn ealaíon, oidhreachta agus ... · 1 polasaÍ cosaint leanaÍ an...
TRANSCRIPT
1
POLASAÍ COSAINT LEANAÍ
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Nollaig 2015
2
Clár
1. Réamhrá …………………………………………………………… 4
2. Ráiteas Cosaint Leanaí ……………………………………… ........ 4
3. Cód Cleachtais don fhoireann …………………………………………....... 5
4. Cur i bhFeidhm an Pholasaí Cosaint Leanaí sa Roinn
…………………………............ 7
5. Nósanna Imeachta chun déileáil le Leanaí atá Imithe Amú/Ar Iarraidh
……................. 8
6. Treoirlínte maidir le grianghraif a thógáil de leanaí
………………………............. 9
7. Ról an Teagmhálaí Ainmnithe …………………………………........... 9
8. Mí-úsáid Leanaí a Aithint …………………………………………....... 10
9. Eolas a nochtadh faoi mhí-úsáid leanaí
…………………………………………....... 11
10. An fhreagracht maidir le mí-úsáid leanaí nó amhras faoi
mhí-úsáid leanaí a thuairisciú
…………………………………………………………………..... 12
11. Nós imeachta do thuairisciú mí-úsáid leanaí ……………............... 12
12. Rúndacht ……………………………………………………….. 14
13. Nósanna imeachta i ndáil le líomhaintí foirne
……………………………………… ......... 14
14. Nósanna imeachta molta do dhaoine a bhfuil sé curtha ina leith gur
sháraigh siad na treoirlínte …………………………………………………
16
3
15. Nósanna imeachta i ndáil le timpistí
……………………………………………….. 16
16. Nósanna imeachta um ghearáin do Bhaill Foirne, Tuismitheoirí agus
Leanaí................. 16
Aguisín 1 Mí-úsáid Leanaí a shainmhíniú agus a aithint …………………… 18
Aguisín 2 Comharthaí de Mhí-úsáid ………………………………...................
21
Aguisín 3 Cód Iompraíochta do Chosaint Leanaí an SPNF ……………... 23
Aguisín 4 Gnáthfhoirm an FSS do Thuairisciú .......................................................
33
Aguisín 5 Eolas Teagmhála an FSS ........................................................ 36
Aguisín 6 Cosaint daoine a thuairiscíonn mí-úsáid leanaí …………………… 46
Aguisín 7 Líomhain i gcoinne ball foirne; Bearta Cosanta ………… 48
Aguisín 8 Foirm Dhearbhaithe Foirne (Baill foirne uile)
................................................ 49
Aguisín 9 Foirm Féindhearbhaithe (Baill Nua
Foirne)................................................... 50
Aguisín10 Sliocht as "Rialacháin faoina dtugtar Aitheantas do Choláistí Gaeilge/
Sliocht as "Rialacháin faoina dtugtar Aitheantas do Choláistí Gaeilge
...........................................................52
Aguisín11 Nósanna Imeachta Sábháilte Earcaíochta d’Oibrithe agus Bainistiú
Sábháilte Oibrithe.....................................................................53
Aguisín12 Seicliosta do Chomhlíonadh Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um
Chosaint agus Leas Leanaí - Seicliosta do na forais a mhaoinítear faoi
scéimeanna deontais atá á reáchtáil ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus
Gaeltachta.............................................................................................. 61
4
1. Réamhrá
Tá dualgas corparáideach ar an Roinn sábháilteacht agus leas leanaí, lena mbíonn sí i
dteagmháil i gcáil ar bith, a chur chun cinn. Déileálann an cháipéis pholasaí seo le himní
faoi shábháilteacht leanaí a aithint, a thuairisciú agus a bhainistiú agus cuideoidh sí le
bainisteoirí meas mar is cuí a bheith acu ar chearta agus ar leasa leanaí. Baineann an
polasaí seo le gach ball foirne de chuid na Roinne.
Idirghníomhaíonn an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le daoine óga ar roinnt
bealaí éagsúla; trí sholáthar seirbhísí oideachais den scoth agus cláir do chuairteoirí inár
bPáirceanna Náisiúnta agus inár n-anaclanna dúlra, scéimeanna Gaeilge dírithe ar dhaltaí
agus clár daltaí na hIdirbhliana.
Agus a cuid feidhmeanna á gcomhlíonadh aici, cuireann an Roinn deontais ar fáil chomh
maith do dhaoine, d'fhorais agus do ghrúpaí éagsúla, a gcuireann mórán díobh seirbhísí ar
fáil do leanaí agus do dhaoine óga. Éilíonn an Roinn géilliúntas le Tús Áite do Leanaí -
Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí mar choinníoll maoiniúcháin do ghrúpaí
a bhíonn ag déileáil le nó i dteagmháil le leanaí agus daoine óga agus tá nósanna
imeachta bunaithe aici chun a chinntiú go bhfuil fianaise ann go bhfuil leibhéil iomchuí
géilliúntais le treoirlínte Tús Áite do Leanaí in áit in eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú
faoi scéimeanna a reáchtálann an Roinn.
Idirghníomhaíonn Forais agus Gníomhaireachtaí a mhaoinítear as Grúpa Vótaí na Roinne
le leanaí agus daoine óga freisin trí chláir éagsúla oideachais agus trí na cláir a dtugann
siad maoiniú dóibh. Tá dualgas ar na Forais agus ar na Gníomhaireachtaí sin freisin
treoirlínte agus polasaithe cuí cosaint leanaí a chur in áit de réir Tús Áite do Leanaí.
Cinnteoidh an Roinn comhlíonadh na hoibleagáide seo trí phróiseas an Chomhaontaithe
Seirbhíse agus trí líonra na dTeagmhálaithe Ainmnithe sa Roinn agus sna forais agus sna
gníomhaireachtaí faoina coimirce. Ó tharla na buarthaí sa tsochaí i gcoitinne maidir le
cosaint leanaí, ní mór go mbeadh treoirlínte láidre i ndáil le cosaint leanaí in áit sa Roinn,
agus sna Forais agus sna Gníomhaireachtaí atá faoina coimirce, chun tacú le gach ball
foirne a bhféadfadh teagmháil a bheith acu le leanaí i gcáil ar bith agus chun cosaint gach
leanbh faoinár gcúram a chinntiú.
Cuireann Tús Áite do Leanaí dualgas ar an Roinn leasa agus cosaint leanaí a chur chun
cinn. Ar mhaithe leis na treoirlínte seo, sainmhínítear leanbh mar dhuine ar bith faoi 18
mbliana d'aois nach bhfuil nó nach raibh pósta.
D'fhoilsigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige an leagan reatha de Tús Áite do Leanaí:
Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí in 2011 agus tá sé ar fáil ag
www.dcya.gov.ie. Forbraíodh an polasaí seo don Roinn bunaithe air sin. Déanfar
nuashonrú ar an bpolasaí arís sula gcuirfear tús leis an Acht um Thús Áite do Leanaí
2015 agus tar éis fhoilsiú na cáipéise treoraí Tús Áite do Leanaí ón Roinn Leanaí agus
Gnóthaí Óige.
5
Tá Cód Iompraíochta bunaithe do Chosaint Leanaí ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta
agus Fiadhúlra cheana féin. Tá na cleachtais agus na nósanna imeachta sin san áireamh i
bPolasaí Cosaint Leanaí na Roinne. Tá na cleachtais agus na nósanna imeachta sin faoi
iamh in Aguisín 3. Ba chóir d'fhoireann uile an SPNF dul i dtaithí ar na cleachtais agus
na nósanna imeachta breise seo agus an fhoirm dhearbhaithe atá ag deireadh Aguisín 3
agus Aguisín 9 a shíniú de réir mar is cuí.
Tá cóip den Pholasaí Cosaint Leanaí seo tugtha do gach ball foirne sa Roinn Ealaíon,
Oidhreachta agus Gaeltachta, idir baill bhuana agus shealadacha. Tabharfar faisnéis ar an
bpolasaí agus ar a bhfreagrachtaí do bhaill nua foirne a bheidh ag déileáil go díreach le
leanaí le linn a n-ionduchtúcháin. Ní mór do bhaill foirne a bhíonn ag déileáil go díreach
le leanaí ar bhonn rialta cóip den Fhoirm Dhearbhaithe don Fhoireann in Aguisín 8 a
shíniú.
2. Ráiteas Cosaint Leanaí
Táimidne sa Roinn ag iarraidh a chinntiú go dtugtar cosaint a mhéid is féidir do leanaí fad
is atá siad le foireann na Roinne seo i gcáil ar bith. Geallaimid go gcuirfimid timpeallacht
agus eispéireas sábháilte ar fáil agus go mbeidh tús áite ag leas an linbh/dhuine óig.
Cloífimid leis na moltaí atá in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus
Leas Leanaí, a d'fhoilsigh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige.
Táimid ag iarraidh a chinntiú freisin sa chás go gcuireann an Roinn deontais ar fáil do
dhaoine aonair, do ghrúpaí nó d’fhorais faoi leith a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí
agus do dhaoine óga, go gcuireann faighteoirí an deontais fianaise ar fáil de ghéilliúntas
le Tús Áite do Leanaí.
Déanfaidh an Roinn an méid seo a leanas:
Tabharfar aitheantas do na cearta atá ag leanaí cosaint a bheith acu, go gcaithfí leo
le meas, go néistfí leo agus go dtabharfaí a dtuairimí féin san áireamh;
Aithneofar nach mór tús áite a thabhairt i gcónaí do leas leanaí, is cuma céard eile
atá le cur san áireamh;
Glacfar na cleachtais is sábháilte is féidir chun an baol dochair agus timpistí do
leanaí a laghdú a mhéid is féidir agus chun oibrithe a chosaint ó aon bhaol go
bhfágfaí oscailte do líomhaintí iad de mhí-úsáid nó d'fhaillí;
Forbrófar nósanna imeachta chun déileáil le timpistí agus gearáin;
Cuirfear oiliúint i gcosaint leanaí ar fáil d'oibrithe nuair is gá. Ba chóir go
soiléireodh sé seo freagrachtaí na heagraíochta agus na ndaoine aonair araon, agus
ba chóir go léireodh sé go soiléir na nósanna imeachta a chuirfear i bhfeidhm má
thagann amhras de mhí-úsáid leanaí chun cinn;
Comhoibreofar le gníomhaireachtaí agus daoine gairmiúla eile a bhíóonn ag
déileáil le cúram agus cosaint leanaí trí eolas cuí a roinnt nuair is gá agus trí oibriú
le chéile i dtreo an toradh is fearr a bhaint amach do na leanaí atá i gceist;
Cruthófar naisc le heagraíochtaí ábhartha eile chun polasaithe agus cleachtais
cosaint agus leas leanaí a chur chun cinn.
6
Cinnteofar go bhfuil fianaise ann go bhfuil leibhéil iomchuí géilliúntais le
treoirlínte Tús Áite do Leanaí in áit in eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi
scéimeanna reáchtálann an Roinn.
Is cáipéis fhorásach é polasaí Cosaint Leanaí na Roinne. Déanfaidh an Roinn measúnú
tréimhsiúil ar an bPolasaí chun nithe a chur san áireamh ar nós aiseolas, dea-chleachtas
agus/nó reachtaíocht a d'athraigh sa tréimhse sin agus leasófar an Polasaí dá réir. Tá
dualgas ar chomhlachtaí agus ar ghníomhaireachtaí a mhaoinítear as Vóta na Roinne
Polasaí Cosaint Leanaí a bheith in áit acu agus déanfar measúnú leanúnach ar an bpolasaí
sin agus ar pholasaí na bhforas agus na ngníomhaireachtaí i gcomhthéacs na dtosca
thuasluaite.
Tá cóip de Pholasaí Cosaint Leanaí na Roinne curtha amach chuig gach ball foirne sa
Roinn agus tá sé ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Roinne agus ar an tseirbhís eislín.
Iarrtar ar bhainisteoirí na nósanna imeachta a mheabhrú don fhoireann uile ar bhonn rialta
agus déanfar cur síos ar an bpolasaí do gach ball nua foirne a mbeidh teagmháil rialta acu
le leanaí. Déanfar Anailís ar Riachtanais Oiliúna go rialta le súil agus príomhbhaill
foirne a aithint i gcomhair oiliúna. Cuirfear oiliúint ar fáil do gach ball ábhartha foirne
agus eagróidh an tAonad Oiliúna agus Forbartha é i gcomhar agus i gcomhairle leis an
FSS de réir mar is gá.
3. Cód Cleachtais don fhoireann
Comhlíonfaidh foireann na Roinne na dea-chleachtais oibre seo a leanas chun a chinntiú
go mbeidh gach leanbh sábháilte agus go mbeidh idirghníomhú fabhrach acu leis an
Roinn, bíodh sin i socrúchán oibre nó le linn rannpháirtíochta inár gcláir oideachais nó
inár n-áiseanna cuairte. Ní mór do gach ball foirne a bhíonn i dteagmháil le leanaí mar
chuid dá lá oibre cur chuige atá leanbh-lárnach a ghlacadh.
Tabhair tús áite do leas agus do shábháilteacht an linbh i gcónaí
Caith go cothrom le gach leanbh agus duine óg mar dhuine aonair, le meas agus le
dínit
Bíodh baint ag leanaí agus daoine óga le cinnteoireacht, de réir mar is cuí
Úsáid caint chuí agus bí airdeallach leis an gcaint a úsáideann tú agus na ráitis a
dhéanann tú. Má cheapann tú gur ghoill rud a dúirt tú ar dhuine óg, déan iarracht
dul i ngleic leis ar bhealach leochaileach
Bíodh meas agat ar spás pearsanta an linbh nó an duine óig
Bí i do shampla maith agus cothaigh timpeallacht iontaofa
Bíodh tuiscint agat ar theorainneacha an linbh nó an duine óig, de bharr fadhb
shláinte mar shampla
Tabhair spreagadh agus tacaíocht do leanaí, chomh maith le haiseolas bríomhar
agus cuiditheach seachas cáineadh diúltach
Cinntigh go seachnaítear nó go gcuirtear stop le hiompar ar bith atá contúirteach
Cinntigh go gcoinnítear sonraí pearsanta ar bith a bhaineann le leanaí faoi rún
Coinnigh taifead scríofa de ghortú ar bith a bhaineann do leanbh, chomh maith le
sonraí faoin gcóir leighis a cuireadh air/uirthi
7
Déan cinnte go bhfuil cainéil shoiléire chumarsáide oscailte agus go bhfuil teacht
ar an bhfoireann má theasatíonn ó thuismitheoirí/chaomhnóirí nó leanaí/daoine
óga a n-imní a chur in iúl má tá siad míshásta faoi rud éigin.
Níor cheart don fhoireann duine óg as/aisti féin a thabhairt leo ar thurais, mar shampla, ar
thurais sa charr. Nuair nach féidir é seo a sheachaint, ní mór go mbeadh na
tuismitheoirí/caomhnóirí agus ball sinsearach den fhoireann ar an eolas faoi agus cead
faighte uathu.
Cé go dtuigimid go bhfuil sé cuí go mbeadh baill foirne ag obair ar bhonn duine le duine
le leanbh nó le duine óg ó am go chéile, níor cheart don fhoireann an iomarca ama a
chaitheamh le leanbh/duine óg astu féin. Sa chás go mbíonn ar dhuine fásta bualadh le
leanbh/duine óg as/aisti féin, ní mór an doras a fhágáil oscailte agus duine fásta eile a
bheith curtha ar an eolas faoin gcruinniú.
Níor cheart go mbeadh aon teagmháil chorpartha nach bhfuil gá leí idir ball foirne agus
duine óg, cé go mbíonn amanna ann go mbeadh sé cuí lámh a chur ar ghualainn
linbh/duine óig a bhfuil rud éigin ag cur as dó/di chun faoiseamh a thabhairt dó/do. Níor
cheart go dtarlódh teagmháil fhisiciúil ach nuair atáthar ag comhlíonadh riachtanais an
linbh agus ba cheart go mbeadh sé cuí d'aois agus do leibhéal forbartha an linbh. Go
ginearálta, ní mór cead an linbh a iarraidh i ndáil le teagmháil fhisiciúil (ach amháin i
gcás éigeandála nó i gcás contúirteach).
Níor cheart don fhoireann teagmháil a dhéanamh le leanaí a casadh orthu trína láthair
oibre trí úsáid a bhaint as teachtaireachtaí téacs, facebook ná aon chineál meán sóisialta
eile. Ba cheart glaonna ar ghutháin phearsanta phóca a sheachaint freisin.
Chomh maith leis sin, ní bheidh baint ag an bhfoireann riamh leis an gcineál iompair
mhíchuí seo a leanas:
Ná húsáid agus ná ceadaigh teanga labhartha agus/nó fhisiciúil atá maslach nó
gairsiúil
Ná pioc amach leanbh/duine óg ar leith chun fabhraíocht mhíchóir, cáineadh,
magadh, fócas nó aird nach bhfuil fáilte roimhe a dhíriú air/uirthi
Ná ceadaigh/déan teagmháil fhisiciúil mhíchuí de chineál ar bith
Ná buail agus ná smachtaigh go fisiciúil leanaí/daoine óga
Ná fág leanaí gan duine ina mbun nó gan mhaoirseachta
Ná himir tionchar míchuí ar leanbh chun leas nó luach saothair pearsanta a bhaint
amach.
Déan cinnte go ndéantar taifead ar líomhaintí a dhéanann leanbh
Ná déan agus ná glac le glaonna/téacsanna príobháideacha agus tú ag déanamh
maoirseacht ar ghníomhaíocht leanaí
Ná téigh isteach sna háiseanna leithris le leanbh
Breathnófar ar shárú ar aon cheann de na nithe thuas mar shárú ar an gCód Cleachtais
agus d'fhéadfadh nósanna imeachta araíonachta agus coiriúla a bheith mar thoradh air sin.
8
Ba chóir do bhaill foirne aon amhras atá orthu faoi iompar míchuí a bhíonn ar bun ag
oifigeach de chuid na Roinne maidir le leanbh/leanaí a thuairisciú don bainisteoir líne nó
don Teagmhálaí Ainmnithe go díreach.
4. Cur i bhFeidhm an Pholasaí Cosaint Leanaí sa Roinn
Baineann na polasaithe agus na nósanna imeachta atá leagtha amach sa cháipéis seo le
gach réimse de chuid na Roinne agus le gach ball foirne. É sin ráite, aithnítear go bhfuil
ceisteanna a bhaineann le cosaint leanaí chun tosaigh i réimsí áirithe thar a chéile. Tá
eolas breise ar na réimsí seo leagtha amach thíos:
An tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra Oibríonn an Roinn Clár Oideachais de chuid na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus
Fiadhúlra. Tá bearta breise leagtha amach d'fhoireann na Roinne a mbíonn teagmháil acu
trína ról le leanaí sna páirceanna agus sna hanaclanna náisiúnta agus in ionaid oideachais
na Roinne. Tá siad sin ceangailte le hAguisín 3 den cháipéis seo. Tá an cód cleachtais
agus na nósanna imeachta ábhartha do gach ball foirne SPNF de chuid na Roinne a
mbíonn teagmháil acu le leanaí le linn a gcuid oibre, go háirithe foireann oideachais.
Tabharfar cóip den Pholasaí Cosaint Leanaí seo, ina bhfuil cleachtais agus nósanna
imeachta breise d'fhoireann an SPNF, d'fhoireann uile SPNF na Roinne, idir fhoireann
bhuan agus shealadach, a bhfuil teagmháil le leanaí mar chuid dá ról. Ní mór dóibh an
Fhoirm Dhearbhaithe Foirne a shíniú mar atá ag deireadh Aguisín 3 a dhearbhaíonn go
bhfuil an Polasaí agus na cleachtais agus na nósanna imeachta breise léite acu, go n-
aontaíonn siad cloí leis agus nach bhfuil cúis ar bith gur cheart iad a mheas mar mhí-
oiriúnach le bheith ag obair le leanaí/daoine óga.
Ní mór do gach ball nua foirne a earcaítear, bíodh sin ar bhonn buan nó ar bhonn
sealadach, a mbeidh teagmháil acu le leanaí mar chuid dá gcuid oibre, an Fhoirm
Féindearbhaithe in Aguisín 9 a chomhlánú. Beidh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána
éigeantach d'fhoireann a bhfuil baint lárnach ag a ról le bheith ag obair le leanaí.
Cuideoidh an tAonad Oiliúna agus Forbartha le hoiliúint a sholáthar do na hoifigigh
ábhartha.
Coláistí Samhraidh Gaeltachta
Ó 2010, tá an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta freagrach as riar na gColáistí
Gaeilge sa Ghaeltacht agus tá sí freagrach as forbairt agus cur i bhfeidhm polasaithe chun
caighdeáin arda sa chóras ina iomlán a chinntiú. Mar sin, ní mór do choiste ar bith a
bhfuil sé i gceist acu Coláiste Gaeilge a eagrú sa Ghaeltacht faoi Scéim na
bhFoghlaimeoirí Gaeilge iarratas a dhéanamh chuige sin leis an Roinn Ealaíon,
Oidhreachta agus Gaeltachta chun aitheantas oifigiúil a bhaint amach. Tá sliocht a
bhaineann le sábháilteacht leanaí as na rialacha a rialaíonn aitheantas mar Choláiste
Gaeilge ar fáil in Aguisín 10.
9
Ní mór don Roinn a chinntiú go bhfuil cosaint leanaí lárnach i ngach gné d'obair na
gcoláistí, go bhfuil polasaí láidir cosaint leanaí aontaithe agus á chur i bhfeidhm acu, go
bhfuil comharthaí feiceálacha curtha in airde acu sna hionaid ina bhfuil na coláistí ag
feidhmiú agus go bhfuil baill foirne ar leith ainmnithe chun déileáil le ceisteanna cosaint
agus leas leanaí agus go bhfuil na baill foirne sin oilte go cuí. Ní mór do choistí stiúrtha
na gcoláistí a chinntiú go gcloítear le treoir Tús Áite do Leanaí le linn na gcúrsaí. Tá
Treoirlínte Ginearálta maidir le sábháilteacht agus cosaint leanaí/daoine óga fad is atá
siad faoi chúram na gColáistí Gaeilge forbartha ag Comhchoiste Náisiúnta na gColáistí
Samhraidh (CONCOS). Tá aitheantas bainte amach freisin ag CONCOS chun iarratas a
dhéanamh chun grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a fháil déanta ar gach ball foirne
de na Coláistí Gaeilge agus tá an próiseas sin anois i bhfeidhm. In 2013, eagraíodh
ceardlanna d'ionadaithe na gColáistí Gaeilge maidir le Tús Áite do Leanaí ionas go
bhfaigheadh fostaithe uile na gcoláistí oiliúint i gCosaint agus Leas Leanaí.
Scéimeanna Tacaíochta Gaeilge
Leanfaidh an Roinn ag tabhairt tacaíochta do theaghlaigh na Gaeltachta a choinníonn
foghlaimeoirí ar iostas. Táthar tar éis teaghlaigh a bhfuil aitheantas acu faoi láthair a chur
ar an eolas i scríbhinn maidir lena ndualgais i ndáil le cosaint agus leas leanaí agus
cuirfear teaghlaigh nua ar an eolas freisin. Cuireann an Roinn grinnfhiosrúchán an
Gharda Síochána i gcrích ar gach ball de na teaghlaigh seo. Tá cosaint leanaí san
áireamh mar chuid de chúrsa oiliúna a chuirtear ar fáil do bhall amháin ar a laghad de
gach teaghlach. Ní mór nósanna imeachta láidre a bheith in áit ag na Coláistí atá
freagrach as na teaghlaigh seo a earcú chun maoirseacht agus monatóireacht a dhéanamh
ar chosaint na leanaí sin atá faoi chúram na dteaghlach. Leanfaidh an Roinn ag déanamh
athbhreithniú ar a polasaithe agus a nósanna imeachta sna coláistí ar bhonn rialta agus
cuirfear san áireamh de réir mar is cuí sna rialacha a rialaíonn aitheantas a bhronnadh ar
Choláistí Gaeilge maidir le sábháilteacht leanaí aon impleachtaí a thiocfaidh chun cinn
mar thoradh air sin i bPolasaí Cosaint Leanaí na Roinne.
Scéimeanna Deontas
Cuireann an Roinn deontais ar fáil chomh maith do dhaoine, d'fhorais agus do ghrúpaí
éagsúla, a gcuireann mórán díobh seirbhísí ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga. Éilíonn
an Roinn géilliúntas le Tús Áite do Leanaí - Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas
Leanaí mar choinníoll maoiniúcháin do ghrúpaí a bhíonn ag déileáil le nó i dteagmháil le
leanaí agus daoine óga agus tá nósanna imeachta bunaithe aici chun a chinntiú go bhfuil
fianaise ann go bhfuil leibhéil iomchuí géilliúntais le treoirlínte Tús Áite do Leanaí in áit
in eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú faoi scéimeanna a reáchtálann an Roinn.
Ní mór d’fhoirm iarratais ar bith ar mhaoiniú ón Roinn iarraidh ar an iarratasóir má tá
baint ag a gcuid oibre/seirbhíse le hobair ar bith nó gníomhaíocht ar bith, a gcuimsíonn
cuid riachtanach nó rialta de go príomha le rochtain ar, nó teagmháil le, leanaí nó a
bhaineann le soláthar gníomhaíochtaí oideachais, taighde, oiliúna, cultúrtha, áineasa,
fóillíochta, sóisialta nó fisiciúla, nó soláthar comhairle do leanaí, nó cúram agus
maoirseacht ar leanaí.
10
Má léiríonn an t-iarratasóir go gcomhlíonann a gcuid oibre/seirbhíse na critéir atá leagtha
amach thuas, ní mór a iarraidh air/uirthi an seicliosta atá in Aguisín 12 a chomhlíonadh.
Iarrtar san aguisín sin an áiríonn a bPolasaí Cosaint Leanaí na príomhghnéithe a léiríonn
an Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh a bheith riachtanach i bpolasaí a
chomhlíonann Tús Áite do Leanaí. Má tá gné ar bith faoi leith ar iarraidh as an bpolasaí
Cosaint Leanaí, iarrtar ar an iarratasóir a lua cathain a bheidh an ghné i bhfeidhm, d'fhonn
gníomh leantach ón Roinn, más gá.
5. Nósanna Imeachta chun déileáil le leanaí atá imithe amú/ar iarraidh
Sa chás go bhfuil leanbh imithe amú/fágtha gan duine ar bith ina bhun
Má thagtar ar leanbh atá imithe amú nó má fhágtar leanbh gan aon duine ina bhun ag aon
cheann de shuíomhanna na Roinne, leanfaidh baill foirne na nósanna imeachta seo a
leanas:
Más ball den phobal, nach bhfuil aon bhaint aige leis an leanbh atá imithe amú, a
thagann ar an leanbh, ní mór don bhall foirne cúram a ghlacadh ar an leanbh agus
a mhéid sonraí is féidir a thógáil ón mball den phobal, sonraí teagmhála san
áireamh.
Cuir an leanbh ar a s(h)uaimhneas agus déan iarracht a mhéid eolais is féidir a
fháil uaidh/uaithi:
· Ainm an Linbh;
· Aois an Linbh;
· Seoladh/Ainm na Scoile;
· Cur síos fisiciúil ar an Leanbh (Airde, dath gruaige, éadaí etc.);
· Áit a bhfuarthas an leanbh.
Moltar go bhfanfadh an leanbh in éineacht le ball amháin foirne ar a laghad agus
le beirt daoine fásta ar a laghad i gcónaí. Níl sé inmholta go bhfanfadh aon bhall
foirne as/aisti féin leis an leanbh. É sin ráite, tuigtear nach bhfuil sé sin indéanta i
gcónaí.
Déan gach iarracht an príomhchúramóir a aimsiú trí chúnamh a iarraidh ar
dhaoine eile san áit nó trí chóras glaoireachta a úsáid má tá sé seo ar fáil.
Mura dtagann aon duine faoi choinne an linbh, ní mór teagmháil a dhéanamh leis
an nGarda Síochána i dtosach báire, agus leis an mBainisteoir Líne agus leis an
Leasbhainisteoir Réigiúnach nó leis an mBainisteoir Réigiúnach de réir mar is cuí
(nó a chomhionann de ghrád bainistíochta). Comhlánaigh tuairisc theagmhais ar
an ábhar agus déan taifead i scríbhinn faoin té a fuair a leanbh a bhí imithe amú.
Tabhair an taifead seo don Bhainisteoir Líne agus seol cóip freisin chuig an
Teagmhálaí Ainmnithe (féach ar Chuid 7 thíos) le coinneáil.
Sa chás go dTuairiscítear Leanbh a bheith ar Iarraidh
11
Má thuairiscíonn duine go bhfuil leanbh ar iarraidh, gheobhaidh an ball foirne a
fhaigheann an tuairisc an t-eolas seo a leanas amach:
· Ainm an Linbh;
· Aois an Linbh;
· Seoladh/Ainm na Scoile;
· Cur síos fisiciúil ar an leanbh (airde, dath gruaige, éadaí etc.);
· Áit a bhfacthas an leanbh go deireanach;
· Ám a bhfacthas an leanbh go deireanach.
Ní mór an bainisteoir líne a chur ar an eolas láithreach agus cuirfear gach ball
foirne ar an láthair ar an eolas agus déanfar seiceáil iomlán ar gach cuid den
suíomh, lena n-áirítear seomraí folctha, oifigí agus bealaí éalaithe.
A luaithe a bheith seiceáil chuimsitheach curtha i gcrích, agus mura bhfuil an
leanbh faighte, ní mór an Garda Síochána a chur ar an eolas láithreach, chomh
maith leis an mbainisteoir líne cuí. I gcásanna áirithe bheadh sé cuí glaoch a chur
ar fhoirne tarrthála sléibhe agus aillte.
Déanfaidh an ball foirne a fuair an chéad tuairisc go raibh an leanbh ar iarraidh
ráiteas scríofa faoin méid a tharla. Tabharfar an ráiteas seo don Bhainisteoir Líne
agus cuirfear cóip freisin ag an Teagmhálaí Ainmnithe le coinneáil.
6. Treoirlínte maidir le grianghraif a thógáil de leanaí
Tá fianaise áirithe ann gur féidir grianghraif de leanaí a úsáid ar bhealach míchuí. Mar
sin, ní mór don fhoireann na treoirlínte seo a leanas a leanúint i ndáil leis seo.
Gheofar cead ón múinteoir/gcúramóir agus ó na leanaí araon más mian
grianghraif a thógáil. Más mian leis an Roinn grianghraf de leanbh a úsáid ar
mhaithe le bolscaireacht nó poiblíocht, ní mór di dul i dteagmháil le tuismitheoirí
an linbh (tríd an scoil) i dtosach báire agus cead scríofa a fháil.
Ní thógfaidh baill foirne grianghraif de leanaí ar chúiseanna ar bith eile ach
amháin ar chúiseanna oifigiúla ar leith.
Ní thabharfar ainm leanbh ar bith a bheidh le feiceáil i ngrianghraf bolscaireachta.
Ní féidir ach íomhánna de leanaí atá gléasta go cuí a úsáid.
Ní mór mí-úsáid íomhánna de leanaí a thuairisciú don Teagmhálaí Ainmnithe
agus breathnófar air sin mar shárú ar Chód Cleachtais na Roinne agus d'fhéadfadh
nósanna imeachta araíonachta agus coiriúla araon a bheith mar thoradh air sin
7. Ról an Teagmhálaí Ainmnithe
Tá an fhreagracht dheiridh as cur i bhfeidhm an Pholasaí Cosaint Leanaí ar Ard-Rúnaí na
Roinne. É sin ráite, cinnteoidh Teagmhálaithe Ainmnithe na Roinne go gcuirfear Polasaí
Cosaint Leanaí na Roinne chun cinn agus tacóidh siad le cur i bhfeidhm an pholasaí. Tá
sé mar fhreagracht ar na Teagmhálaithe Ainmnithe freisin teagmháil rialta a bheith acu
leis an nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh agus leis an nGarda Síochána nuair is
cuí. De bharr nádúr na hoibre sa Roinn, tá Teagmhálaithe Ainmnithe agus Leas-
12
Teagmhálaí Ainmnithe, a bhfuil Gaeilge ag an mbeirt acu, ainmnithe ag an Roinn chun
déileáil le cás ar bith a bhaineann le réimse freagrachta an Rannáin Ghaeltachta.
Is iad Eddie Forsyth, POC, an tAonad um Rialachas Corparáideach
([email protected]/01 6313822/087 6787275) agus Bertie Ó hAinmhire, PO, An
Ghaeltacht (Gaeilgeoir), ([email protected]/(091) 503 711, na Teagmhálaithe
Ainmnithe don Roinn seo agus is iad seo na daoine le dul i dteagmháil leo má tá ceist nó
imní ort maidir le gné ar bith de shábháilteacht nó leas linbh nó dhuine óig sa láthair
oibre nó má nochtann leanbh eolas duit maidir le mí-úsáid sa láthair oibre.
Sa chás nach bhfuil na Teagmhálaithe Ainmnithe thuas ar fáil ar chúis ar bith, is féidir
teagmháil a dhéanamh leis na hoifigigh seo a leanas ina gcáil mar Leas-Teagmhálaithe
Ainmnithe – Sarah Keaveney, AOF, an tAonad um Rialachas Corparáideach
([email protected]/01 6313829) agus Bridie Ní Churraoin, AOF, An
Ghaeltacht (Gaeilgeoir) ([email protected]/091 503769).
8. Mí-úsáid Leanaí a aithint
Tarlaíonn mí-úsáid leanaí nuair a dhéanann iompar duine atá níos cumhachtaí ná an
leanbh díobháil don leanbh sin. Ó tharla gur féidir mí-úsáid a dhéanamh ar leanaí ar
bhealaí éagsúla, scaití ag an am céanna, níl sé éasca i gcónaí é a rangú, ach is féidir
breathnú ar cheithre shainmhíniú leathan ar féidir cur síos gearr a dhéanamh orthu mar
fhaillí, mí-úsáid mhothúchánach, mí-úsáid fhisiciúil agus mí-úsáid ghnéis.
Tá sainmhínithe ar na ceithre chineálacha mí-úsáide agus conas mí-úsáid a aithint ar fáil
in Aguisíní 1 agus 2, atá bunaithe ar Tús Áite do Leanaí - Treoir Náisiúnta um Chosaint
agus Leas Leanaí. É sin ráite, bíonn sé deacair go minic faillí agus mí-úsáid leanaí a
aithint agus d'fhéadfadh sé bheith le feiceáil ar bhealaí éagsúla. Níor cheart breathnú ar
chomhartha amháin as féin mar chruthúnas de mhí-úsáid. D'fhéadfadh sé gur comhartha
de riocht eile seachas mí-úsáid leanaí atá ann. Ní mór breathnú ar gach comhartha agus ar
gach airí i gcomhthéacs chás an linbh agus imthosca an teaghlaigh.
Bheadh na samplaí seo a leanas ina n-údair réasúnacha imní (tógtha as an Lámhleabhar
Cleachtais um Chosaint agus Leas Leanaí, Cuid 2.2):
Gortú nó iompar a thagann le mí-úsáid agus le míniú soineanta ach go bhfuil
comharthaí comhthacaíocha ann a thacaíonn leis an imní go mb'fhéidir gur cás de
mhí-úsáid atá i gceist.
Léiriú seasmhach thar thréimhse ama go bhfuil an leanbh ag fulaingt faillí
mhothúchánach nó fhisiciúil
Admháil nó comhartha ó dhuine de mhí-úsáid líomhnaithe.
Comhartha sonrach ón leanbh féin go bhfuil mí-úsáid á déanamh air/uirthi.
Cuntas ó dhuine a chonaic mí-úsáid á déanamh ar an leanbh.
Cruthúnas cosúil le gortú nó iompar, a thagann le mí-úsáid agus nach bhfuil an
chosúlacht air gur tharla sé ar bhealach ar bith eile.
13
D'fhéadfadh go mbraithfeadh an cumas mí-úsáid leanaí a aithint chomh mór ar
thoilteanas an duine glacadh leis an bhféidearthacht go bhfuil mí-úsáid ag tarlú is a
bhraithfeadh sé ar eolas an duine agus ar a dtuiscint. De ghnáth, tá trí chéim ag baint le
mí-úsáid leanaí a aithint:
(a) breathnú ar an bhféidearthacht,
(b) faire amach do chomharthaí mí-úsáide,
(c) taifeadadh eolais.
Breathnú ar an bhféidearthacht go bhfuil mí-úsáid leanaí ag tarlú
Ní mór breathnú ar an bhféidearthacht go bhfuil mí-úsáid leanaí ag tarlú má tá gortú
amhrasta tarlaithe don leanbh gan aon chúis réasúnta tugtha chuige sin. Ní mór breathnú
air freisin má tá rud éigin ag cur as don leanbh gan aon chúis shoiléir leis nó má léiríonn
an leanbh fadhbanna leanúnacha mí-iompair nó fadhbanna nua mí-iompair. Ní mór
breathnú ar an bhféidearthacht go bhfuil mí-úsáid leanaí ag tarlú má léiríonn an leanbh
feagairtí neamhghnácha nó faiteacha do thuismitheoirí/chúramóirí.
Faire amach do chomharthaí mí-úsáide
Féadfaidh comharthaí mí-úsáide a bheith fisiciúil, iompraíoch nó forbarthach. Féadfaidh
siad a bheith le feiceáil sa chaidreamh idir leanaí agus tuismitheoirí/cúramóirí, idir leanaí
agus baill eile an teaghlaigh/daoine eile agus i measc a gcairde. Is comhartha
dealraitheach de mhí-úsáid é baisc nó pátrún de chomharthaí. D'fhéadfadh leanaí atá á
mí-úsáid leid a thabhairt go bhfuil dochar á dhéanamh dóibh nó d'fhéadfaidís scaití é a rá
amach go díreach. Ní mór nochtadh eolais ar bith mar seo a chreidiúint i gcónaí. Bíonn
formhór comharthaí mí-úsáide neamhshonrach agus ní mór breathnú orthu i gcomhthéacs
sóisialta agus teaghlaigh an linbh. Ní mór a bheith oscailte i gcónaí do mhínithe
malartacha ar chomharthaí fisiciúla nó iompraíochta de mhí-úsáid. Ó am go ham,
d'fhéadfadh go mbeadh measúnú speisialtóra ag teastáil chun soiléiriú a thabhairt arb
ionann buarthaí ar leith agus mí-úsáid.
Taifeadadh Eolais
Má tá amhras ort faoi mhí-úsáid, ní mór na cúiseanna imní a dhearbhú trína mhéid eolais
mhionsonraithe is féidir a aimsiú. Ní mór breathnóireachtaí a thaifead go cruinn agus
dátaí, amanna, ainmneacha, suíomhanna, comhthéacs agus eolas ar bith eile a d'fhéadfdh
a bheith ábhartha a chur san áireamh. Ní mór an t-eolas seo a chur faoi bhráid an
Teagmhálaí Ainmnithe a luaithe is féidir, gan aon mhoill. Glacfaidh an Teagmhálaí
Ainmnithe gníomh leantach. Coinneoidh na Teagmhálaithe Ainmnithe taifid go lárnach.
Má tá imní ar bhall foirne nach bhfuil, ar bhonn aon uaire, dóthanach mar údair
réasúnacha imní, ach i dteannta fachtóirí eile le himeacht aimsire a chothaíonn údar imní
maidir le cosaint nó leas linbh, ní mór don bhall foirne teagmháil a dhéanamh le duine de
Theagmhálaithe Ainmnithe na Roinne a choinneoidh na taifid agus a dhéanfaidh
athbhreithniú i gcomhar leis an nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh de réir mar is
gá.
9. Eolas a nochtadh faoi mhí-úsáid leanaí
14
Anseo sa Roinn is mó seans go gcuirfear cás de mhí-úsáid ar ár súile dúinn má nochtann
leanbh dúinn é. Tá sé thar a bheith tábhachtach go ndéileálann an ball foirne a bhfuil
baint acu leis, go híogair agus go gairmiúil leis an nochtadh eolais. Seo a leanas
treoirlínte chun tacu leis an oibrí chuige sin:
Caith go suaimhneach leis an leanbh - tabhair deis dó/di a mhéid atá le rá aige/aici
a rá
Éist go cúramach agus go haireach; tabhair aird mar is ceart ar an duine óg
Tabhair misneach don duine óg agus inis dó/di go bhfuil an rud ceart déanta
aige/aici i labhairt leatsa agus nach bhfuil aon locht air/uirthi féin
Déan cinnte go dtarlaíonn 'rúndacht feicthe', áit go bhfuiltear in ann tú a fheiceáil
ag labhairt leis an leanbh, ach nach féidir sibh a chloisteáil
Ná tabhair breithiúnas
Ná geall go gcoinneoidh tú rud ar bith faoi rún; agus ná geall aon rud eile ach
oiread
Iarr ceisteanna ar mhaithe le soiléireacht amháin agus ná cuir treoircheisteanna
Ná déan tuairimíocht ná talamh slán de
Seiceáil leis an leanbh/duine óg go bhfuil an méid atá cloiste agat ceart agus
tuigthe ina bhfocail féin
Ná tabhair aon tuairimí faoin mí-úsáideoir líomhnaithe
Déan taifead ar an gcomhrá a luaithe is féidir, lena mhéid sonraí is féidir. Sínigh
an taifead agus cuir dáta air
Déan cinnte go dtuigeann an duine óg/leanbh na nósanna imeachta a thiocfaidh
ina dhiaidh sin
Bí ionraic leis an leanbh faoi cad is féidir linn a dhéanamh agus cad nach féidir
linn a dhéanamh. Inis dóibh nach féidir linn rún a choinneáil agus inis dóibh cad
a tharlóidh anois
Ná seas ar aghaidh an té a bhfuil an mhí-úsáid curtha ina leith
Cuir an t-eolas ar aghaidh chuig an Teagmhálaí Ainmnithe, ná déan iarracht
déileáil leis an bhfadhb asat féin.
Ní mór na céimeanna uile thuas a chur i gcrích gan mhoill mhíchuí, gan cur as do
chríochnúlacht an phróisis ach oiread.
Sa chás go bhfuil amhras faoi mhí-úsáid a bheith ag tarlú nó go bhfuil eolas tugtha
go bhfuil mí-úsáid ag tarlú, is é an t-aon rud nach féidir leat a dhéanamh ná gan rud
ar bith a dhéanamh.
10. An fhreagracht maidir le mí-úsáid leanaí nó amhras faoi mhí-úsáid leanaí a
thuairisciú
Tá freagracht agus dualgas cúraim ar dhuine ar bith atá in amhras go raibh nó go bhfuil
leanbh á mhí-úsáid, nó i mbaol mí-úsáide, a n-ábhar imní a thuairisciú don
Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh, go díreach nó trí na Teagmhálaithe Ainmnithe.
Ní mór imní faoi bhaol féideartha do leanbh ó dhuine ar leith, fiú má tá na leanaí neamh-
15
inaitheanta, a chur in iúl freisin don Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh, bíodh sin
go díreach nó trí na Teagmhálaithe Ainmnithe.
Is iad na treoirphrionsabail maidir le mí-úsáid leanaí a thuairisciú ná gur gá go dtógfadh
sábháilteacht agus leas an linbh tús áite. Níor cheart leanbh ar bith a chur i mbaol nach
gá.
Sa Roinn, tuairisceofar mí-úsáid láithreach chuig duine de na Teagmhálaithe Ainmnithe
atá liostaithe thíos (féach ar Chuid 7 le do thoil).
Eddie Forsyth, POC, An tAonad um Rialachas Corparáideach
([email protected] 01-6313822/087 6787275)
Beirtí Ó hAinmhire, PO, An Ghaeltacht (Gaeilgeoir) ([email protected]
(091) 503 711)
Nó, sa chás nach bhfuil na Teagmhálaithe Ainmnithe thuas ar fáil, is féidir teagmháil a
dhéanamh leis na Leas-Teagmhálaithe Ainmnithe – Sarah Keaveney, AOF, an tAonad
um Rialachas Corparáideach ([email protected]/01 6313829) agus Bridie Ní
Churraoin, AOF, An Ghaeltacht (Gaeilgeoir) ([email protected]/091
503769).
11. Nós imeachta do thuairisciú mí-úsáid leanaí
Tá gnáthnós imeachta do thuairisciú curtha in áit ag an Roinn chun déileáil le nochtadh
faisnéise, ábhar imní nó líomhaintí i ndáil le mí-úsáid leanaí. Ní mór go mbeadh tús áite
ag sábháilteacht agus leas an linbh. Is ionann an gnáthnós imeachta do thuairisciú
nochtadh faisnéise, ábhar imní nó líomhaintí i ndáil le mí-úsáid leanaí, agus an nós
imeachta atá leagtha amach sa cháipéis Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um
Chosaint agus Leas Leanaí.
1. Ní mór don fhostaí a bhfuil nochtadh faisnéise i ndáil le mí-úsáid leanaí faighte
aige/aici nó a bhfuil imní air/uirthi faoi mhí-úsáid, é sin a chur ar shúile dhuine de
Theagmhálaithe Ainmnithe na Roinne láithreach (nó, mura bhfuil ceachtar de
na Teagmhálaithe Ainmnithe ar fáil, ní mór teagmháil a dhéanamh leis an Leas-
Teagmhálaí Ainmnithe).
2. Ní mór go mbeadh gach ball foirne ar an eolas nach bhfuil sé suas ag an gcéad
duine a thagann trasna ar chás de mhí-úsáid líomhnaithe nó amhrasta cinneadh a
dhéanamh ar tharla nó nár tharla mí-úsáid. Is tasc é sin don Ghníomhaireacht
Leanaí agus Teaghlaigh agus don Gharda Síochána. Níor cheart, in imthosca ar
bith, do bhall foirne ar bith déileáil le fadhb na mí-úsáide astu féin.
3. Beidh ar an bhfostaí a léiríonn an chéad imní faoin gcás tuairisc a chomhlánú, i
gcomhar leis na Teagmhálaithe Ainmnithe, ina mbeidh cur síos ar an gcás, lena n-
áirítear an dáta, an t-am agus na daoine a bhfuil baint acu leis. Ní mór go mbeadh
an tuairisc fíriciúil. Ní mór tuairimí ar bith a thuairisciú mar thuairimí le tacaíocht
ó fhaisnéis fhíriciúil. Ní mór Gnáthfhoirm Thuairiscithe a úsáid nuair atá buarthaí
16
cosaint agus leas leanaí á dtuairisciú don Ghníomhaireacht Leanaí agus
Teaghlaigh. Tá an ghnáthfhoirm sin in Aguisín 4.
4. Déanfaidh an Teagmhálaí Ainmnithe athbhreithniú ar an eolas atá curtha ar fáil
chun a chinntiú go bhfuil an t-eolas ábhartha ar fad bailithe. Rachaidh sé/sí i
dteagmháil leis an nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh i gcomhair
comhairle neamhfhoirmiúil gan mhoill maidir leis an líomhain, an t-ábhar imní nó
an nochtadh, de réir mar is gá.
5. Glacfaidh an Teagmhálaí Ainmnithe ceann den dá rogha seo ansin:
a. An líomhain, an t-ábhar imní nó an nochtadh faisnéise a thuairisciú go
foirmiúil don Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh nó
b. Gan tuairisc fhoirmiúil a chur chuig an nGníomhaireacht Leanaí agus
Teaghlaigh ach taifead a choinneáil den ábhar imní ar chomhad. Beidh na
cúiseanna gan an líomhain, an t-ábhar imní nó an nochtadh faisnéise a
thuairisciú taifeadta go soiléir. Rachfar i dteagmháil i scríbhinn leis an
bhfostaí a rinne an chéad tuairisc mura bhfuil tuairisc fhoirmiúil á cur
chuig an nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh agus beidh sé suas
aigesean/aicise ansin tuairisc fhoirmiúil a dhéanamh é/í féin, go díreach
chuig an údarás ábhartha má mheasann sé/sí go bhfuil gá leis sin. Beidh
feidhm le forálacha an Achta um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh
Drochúsáid Leanaí, 1998.
Ní mór tuairiscí a dhéanamh gan mhoill leis an nGníomhaireacht Leanaí agus
Teaghlaigh.
6. Sa chás go ndéantar tuairisc fhoirmiúil, tá gach seans ann go mbeidh an
Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh ag iarraidh labhairt leis an té a rinne an
chéad tuairisc chun fíricí agus imthosca na tuairisce a shoiléiriú.
7. Ní mór tuairisc a dhéanamh go díreach leis an nGarda Síochána i gcás éigeandála,
lasmuigh d'uaireanta oibre.
Agus tuairisc á déanamh aige/aici ar mhí-úsáid nó ar mhí-úsáid amhrasta, ní mór
don duine a chinntiú go dtugtar tús áite i gcónaí do shábháilteacht agus do leas an
duine óig agus nach bhfágtar duine óg go deo i staid nach bhfuil sábháilte.
Cuirfear tuismitheoirí/caomhnóir an linbh ar an eolas faoin líomhain, faoin ábhar
imní nó faoin nochtadh faisnéise seachas i gcás go gcuirfeadh sin an leanbh i
gcontúirt.
Ní mór go bhfaigheadh aon ábhar réasúnach imní nó aon amhras réasúnach de mhí-úsáid
nó d'fhaillí freagra. D'fhéadfadh dochar leanúnach nó breise don leanbh a bheith mar
thoradh ar neamhaird a dhéanamh de na comharthaí nó gan idirghabháil a dhéanamh.
D'fhéadfadh cúisimh choiriúla faoi Alt 176 den Acht um Cheartas Coiriúil 2006, a thug
isteach an cúiseamh coiriúil de leanaí a chur i gcontúirt go meargánta, a bheith mar
thoradh ar theip ar bith gníomh a dhéanamh.
Cásanna nach dtuairiscítear don FSS nó don Gharda Síochána
17
Sna cásanna sin go gcinneann an Roinn gan ábhar imní a thuairisciú don
Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh nó don Gharda Síochána, tabharfar ráiteas
soiléir i scríbhinn don fhostaí nó don oibrí deonach a léirigh an imní maidir leis na
cúiseanna nach bhfuil an Roinn ag glacadh gnímh. Cuirfear in iúl don fhostaí nó don
oibrí deonach go bhfuil cead acu dul i gcomhairle leis an nGníomhaireacht Leanaí agus
Teaghlaigh nó leis an nGarda Síochána, nó tuairisciú dóibh, má tá imní orthu i gcónaí
faoin gcás. Beidh feidhm ag forálacha an Achta um Chosaintí do Dhaoine a
Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998 a luaithe a chuireann siad a n-imní in iúl 'go
réasúnach agus de mheon macánta'.
Nochtadh siarghabhálach ó dhaoine fásta
Tá níos mó agus níos mó daoine fásta ag nochtadh mí-úsáid a bhain dóibh le linn an n-
óige. Sa chás go bhfuil ainm dhéantóir líomhnaithe na coire nó an íospartaigh
líomhnaithe ar eolas, ní mór don tseirbhís dul i gcomhairle i gcónaí leis an
nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh chun plé a dhéanamh maidir le tuairisc a
dhéanamh nó gan í a dhéanamh. Nuair is cuí, ba chóir tuairiscí a dhéanamh leis an
nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh gan mhoill, bíodh sin go díreach leis an
nGníomhaireacht nó trí na Teagmhálaithe Ainmnithe.
12. Rúndacht
Ní ligfear do chúinsí rúndachta tús áite a thógáil ar chearta an linbh do chosaint. Beidh
tús áite amach is amach ag leas an linbh. Ní sárú rúndachta ná cosaint sonraí é eolas a
thabhairt a thacaíonn le leanbh a chosaint.
Mar sin, i gcásanna de mhí-úsáid leanaí, níor chóir d'fhostaí gealltanas a thabhairt riamh
go gcoinneoidh sé/sí faoi rún eolas ar bith a thugtar dó/di. Ní mór a mhíniú don duine óg
nach féidir an t-eolas a choinneáil ina rún ach nach n-inseofar é ach dóibh siúd ar gá é a
insint dóibh.
Tá sé riachtanach i dtuairisciú cás ar bith de mhí-úsáid líomhnaithe/amhrasta go
mbainfidh an prionsabal de rúndacht leis. Níor chóir an t-eolas a roinnt ach leo siúd ar gá
é a roinnt leo agus ba cheart é a roinnt lena laghad daoine is féidir.
Ní mór gníomh iomlán a ghlacadh de réir ghnáthnósanna imeachta an FSS má
thuairiscíonn duine, nach dtugann an (h)ainm, go bhfuil imní air/uirthi faoi leanbh. Má tá
an tuairisc déanta trí thríú páirtí, ba chóir iarraidh ar an té atá ag eadránú teagmháil a
éascú idir an chéad duine a thuairiscigh an imní agus an Ghníomhaireacht Leanaí agus
Teaghlaigh. Mura n-éascaítear teagmháil, áfach, ní mór an t-ábhar imní a tuairiscíodh via
an tríú páirtí a thuairisciú don Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh.
Coinneofar taifid maidir le himní faoi chosaint agus leas leanaí go slán sábháilte agus is
iad na Teagmhálaithe Ainmnithe a choinneoidh iad. Comhoibreoidh an Roinn leis an
nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh ar roinnt a dtaifead sa chás go dtagann ceist
maidir le leas nó cosaint linbh chun cinn. Tá an Roinn tiomanta do fhreastal ar
chruinnithe foirmiúla maidir le leas agus cosaint leanaí a eagraíonn an Ghníomhaireacht
Leanaí agus Teaghlaigh, i.e. Comhdhálacha ar Chosaint Leanaí agus Cruinnithe
18
Straitéiseacha ar Chosaint Leanaí, de réir mar is gá, agus eolas a roinnt ag na cruinnithe
sin, de réir mar is gá.
An tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998
Tugann an tAcht seo cosaint ar dhliteanas sibhialta, agus ar phionós a ghearrfadh fostóir,
do dhaoine a thuairiscíonn mí-úsáid leanaí 'go réasúnach agus de mheon macánta' do na
Teagmhálaithe Ainmnithe, don Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh nó don Gharda
Síochána. (Féach Aguisín 6)
13. Nósanna imeachta i ndáil le líomhaintí foirne
Sa chás go ndéanfaí líomhaintí i gcoinne fostaí, nó má tá amhras ar bhall foirne go bhfuil
ball eile foirne i mbun iompar míchuí nó mí-úsáid leanaí, is é cosaint an linbh/duine óig
an phríomhthosaíocht. Is í an chéad tosaíocht ná a chinntiú nach gcuirtear leanbh ar bith i
mbaol nach gá. Ba chóir don Roinn, ar bhonn práinneach, gach beart cosanta is gá a
thógáil (Aguisín 7). Ní mór go mbeadh na bearta i gcomhréir le leibhéal an riosca agus
níor cheart go mbeadh pionós neamhréasúnach, ó thaobh airgid nó eile, ar an mball foirne
mar thoradh orthu, mura bhfuil sin riachtanach chun leanaí a chosaint. Sa chás go
ngearrann na bearta cosanta pionós ar an mball foirne, ní mór breathnú go luath ar an
gcás.
Sa chás go bhfuil gearán de mhí-úsáid déanta i gcoinne ball foirne, bainfidh dhá shraith
leis na nósanna imeachta.
Beidh tuairisciú na mí-úsáide leanaí mar an gcéanna leis an tuairisicú i gCuid 11 thuas
(ball foirne → Teagmhálaí Ainmnithe → An Ghníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh).
É sin ráite, cuirfear fiosrúchán ar bun freisin maidir leis an mí-úsáid líomhnaithe. Mar a
tharlaíonn sé, d'fhéadfadh trí fiosrúchán a bheith i gceist:
1. fiosrúchán inmheánach
2. fiosrúchán de chuid na Gníomhaireachta Leanaí agus Teaghlaigh
3. agus fiosrúchán coiriúil de chuid an Gharda Síochána b'fhéidir.
Beidh ball foirne ón Rannán Acmhainní Daonna ag déileáil le fiosrúchán na Roinne
maidir leis an mí-úsáid líomhnaithe atá curtha i gcoinne ball foirne. Cuirfidh an
Príomhoifigeach Acmhainní Daonna an fiosrúchán seo ar bun agus déileálfar leis go tapa
agus go cúramach. Rachaidh an Rannán Acmhainní Daonna i gcomhairle leis an
nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh agus leis an nGarda Síochána chun a chinntiú
nach gcuirtear bac neamhbheartaithe ar fhiosrúchán.
Ní mór a choinneáil ar intinn go bhféadfaí go mbeadh líomhaintí míchearta nó
mailíseacha curtha i leith baill foirne. Mar sin, ní mór déileáil go híogair le líomhain ar
bith de mhí-úsáid, agus ní mór tacaíocht agus, más gá, comhairleoireacht a chur ar fáil.
Cé gurb é an príomhsprioc an leanbh a chosaint, déanfar cinnte go gcaithfear go cothrom
leis an bhfostaí.
A luaithe is a dhéantar líomhain i gcoinne ball foirne, leanfar na céimeanna seo:
19
1. Cuirfidh an ball foirne atá ag déanamh na líomhna tuairisc scríofa chuig an
Teagmhálaí Ainmnithe.
2. Leanfar na nósanna imeachta do thuairisciú mar atá siad leagtha amach i gCuid 11
de na treoirlínte seo.
3. Tuairisceoidh an Teagmhálaí Ainmnithe an cás freisin chuig an Oifigeach
Pearsanra. Agus é/í ag gníomhú, beidh an tOifigeach Pearsanra ag glacadh
treorach ó na nósanna imeachta comhaontaithe, ón gconradh infheidhmithe
fostaíochta agus ó rialacha an cheartais aiceanta.
4. Cuirfidh an tOifigeach Pearsanra an méid seo a leanas in iúl go príobháideach
don fhostaí:
(i) go bhfuil líomhain déanta ina leith;
(ii) an cineál líomhna.
5. Tabharfar an deis don fhostaí freagra a thabhairt agus roinnfear an freagra sin leis
an nGníomhaireacht Leanaí agus Teaghlaigh sa chás go bhfuil tuairisc déanta/á
déanamh.
6. Glacfaidh an tOifigeach Pearsanra, ar bhonn práinneach, gach beart is gá chun a
chinntiú nach gcuirtear aon leanbh i mbaol nach gá. Beidh na bearta seo i
gcomhréir leis an leibhéal riosca agus ní ghearrfar pionós míréasúnach, ó thaobh
airgid nó eile, ar an bhfostaí dá mbarr.
7. Glacfaidh an tOifigeach Pearsanra gníomh leantach i ndáil leis an líomhain de
mhí-úsáid i gcoinne an fhostaí i gcomhar leis an nGníomhaireacht Leanaí agus
Teaghlaigh agus/nó leis an nGarda Síochána agus cinnteoidh sé/sí nach mbainfidh
cibé gníomh a ghlacfar an bonn d'fhiosrúchán ar bith a bheidh ar bun ag na forais
sin. Cuirfear tuismitheoirí an linbh atá i gceist ar an eolas a luaithe is féidir agus
cúram á dhéanamh freisin chun cearta a fhostaí a chosaint. Déanfaidh an Rannóg
Pearsanra taifead ar gach céim den phróiseas.
Tá pointí atreoraithe oibre na Gníomhaireachta Leanaí agus Teaghlaigh le feiceáil in
Aguisín 5. Is ar mhaithe leis an Teagmhálaí Ainmnithe an t-eolas teagmhála seo agus ar
mhaithe freisin le cásanna nuair nach bhfuil an Teagmhálaí Ainmnithe ar fáil.
Éilimh mhailíseacha: Má fhaightear amach go bhfuil éileamh mailíseach déanta ag
duine den phobal, cuirfear an cás faoi bhráid na n-údarás cuí. Má fhaightear amach go
bhfuil éileamh mailíseach déanta ag ball foirne, gairfear an próiseas araíonta agus glacfar
cibé gníomh riachtanach de réir mar is cuí.
Coinneoidh an Rannán Acmhainní Daonna/Pearsanra gach taifead a bhaineann le
líomhaintí i gcoinn baill foirne slán sábháilte.
14. Nósanna imeachta molta do dhaoine a bhfuil sé curtha ina leith gur sháraigh
siad na treoirlínte
Má chuirtear mí-úsáid i do leith, agus faoi réir na nósanna imeachta thuas, moltar duit na
pointí seo a leanas a chomhlíonadh:
20
Déan nótaí de do chuid teagmhálacha/gníomhaíochtaí uile leis an leanbh atá i
gceist a luaithe is féidir.
Faigh comhairle ghairmiúil agus dlí.
Déan cinnte nach mbeidh aon teagmháil eile agat leis an leanbh atá i gceist.
15. Nósanna imeachta i ndáil le timpistí
Má tharlaíonn timpiste do leanbh (nó do dhuine fásta) fad is atá siad faoi chúram na
Roinne, tá sé tábhachtach ní amháin déileáil leis an gcás go cumasach, ach é a thuairisciú
agus a thaifeadadh i gceart. Ní mór na céimeanna seo a leanas a chomhlíonadh:
Más féidir ar chor ar bith é, ní mór do bheirt daoine fásta fanacht in éineacht leis an
leanbh atá gortaithe. É sin ráite, b'fhéidir go mbeadh leanaí eile le tógáil den láthair,
agus b'fhéidir nach mbeadh sé indéanta go mbeadh beirt daoine fásta i láthair i
gcónaí.
Ní mór Garchabhair a thabhairt de réir mar is cuí má tá duine cumasach ar fáil agus ní
mór sin a dhéanamh de réir dea-chleachtas i láthair duine fásta eile.
Más gá, ní mór fios a chur ar otharcharr nó ar sheirbhís éigeandála eile ar nós tarrtháil
sléibhe nó aillte (glaoigh ar 999 nó 112). A mhéid is féidir, beidh ar an duine atá ag
cur glao i gcomhair cabhrach a mhéid eolais achomair is féidir a thabhairt do na
seirbhísí éigeandála, mar shampla, an cineál gortaithe agus stair mhíochaine, má tá an
t-eolas sin aige/aici. Ba chóir dóibh fanacht le taobh an ghutháin chun glacadh le glao
ar ais ag deimhniú an iarratais. Ní mór go mbeadh an fhoireann ar an eolas i gcónaí
faoin bhfón is gaire. Má táthar ag bogadh i bhfad ó fhón, ní mór fón póca nó raidió a
bheith ar iompar.
A luaithe a bheidh an taismeach socraithe agus/nó imithe san otharcharr, ní mór na
tuismitheoirí/cúramóirí a chur ar an eolas. I gcleachtas, tarlóidh sé seo tríd an scoil.
Díreach tar éis na heachtra, ní mór tuairisc mhionsonraithe a chur chuig ceannasaí na
Rannóige. Má tharlaíonn an timpiste ag suíomh SPNF, ní mór an eachtra a thuairisciú
freisin sa Leabhar Tuairisce ar Thimpistí a choinnítear ag gach suíomh de chuid an
SPNF agus sin a sheoladh chuig baill ábhartha foirne. Ní mór cóip de thuairisc na
timpiste a chur ar aghaidh freisin chuig Teagmhálaí na Roinne.
16. Nósanna Imeachta um Ghearáin do Bhaill Foirne, Tuismitheoirí agus Leanaí
Má tá gearán ar bith ag ball foirne, tuismitheoir nó leanbh maidir leis na gcaoi a bhfuil
Polasaí Cosaint Leanaí na Roinne á chur i bhfeidhm nó má mheastar go bhfuil an Cód
Cleachtais sáraithe ag ball foirne, is féidir gearán a dhéanamh, i scríbhinn más féidir, le
duine de Theagmhálaithe Ainmnithe na Roinne. I gcás gearáin ó leanbh, is féidir sin a
dhéanamh ó bhéal le ball foirne ar bith a rachaidh i dteagmháil ansin leis an Teagmhálaí
Ainmnithe i scríbhinn maidir le sonraí an ghearáin.
Déiléalfaidh an Teagmhálaí Ainmnithe leis an ngearán agus rachaidh sé/sí i dteagmháil
leis an Rannán Acmhainní Daonna agus/nó an FSS de réir mar is gá. Déileálfar
láithreach leis an ngearán agus déileálfar leis go híogair agus coinneofar gearánaithe ar an
eolas ag gach céim den phróiseas.
21
Tá sonraí teagmhála Theagmhálaithe Ainmnithe agus Leas-Teagmhálaithe Ainmnithe na
Roinne liostaithe thíos:
Teagmhálaithe Ainmnithe:
Eddie Forsyth
Rialachas Corparáideach
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
01 6313822
Beirtí Ó hAinmhire
Rannóg na Gaeltachta
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
091 503711
Leas-Teagmhálaithe Ainmnithe:
Sarah Keaveney
Rialachas Corparáideach
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
23 Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
01 6313829
Bridie Ní Churraoin
Rannóg na Gaeltachta
An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Na Forbacha
Co. na Gaillimhe
091 503769
Maidir le gearáin a bhaineann le gné ar bith eile de sheirbhís na Roinne, féach le do thoil
ar Phlean Gníomhaíochta na Roinne um Sheirbhís do Chustaiméirí (Nós Imeachta do
Ghearáin)
http://www.ahg.gov.ie/ga/about/customer-service/
22
Aguisín 1
Mí-úsáid Leanaí a Shainmhíniú agus a Aithint
(Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2011)
Cineálacha mí-úsáid leanaí
Is féidir mí-úsáid leanaí a rangú i gceithre chineálacha éagsúla: faillí, mí-úsáid
mhothúchánach, mí-úsáid fhisiciúil agus mí-úsáid ghnéis. D'fhéadfadh go ndéanfaí mí-
úsáid de chineál amháin nó níos mó ar leanbh ag aon am ar leith. Tá tuilleadh sonraí
tugtha faoi na cineálacha éagsúla mí-úsáide in Aguisín 2.
In Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, ciallaíonn
'leanbh' duine faoi bhun 18 mbliana d’aois, seachas aon duine atá nó a bhí pósta.
Sainmhíniú ar 'faillí'
Is féidir faillí a mhíniú i dtéarmaí easnaimh, nuair a fhulaingíonn leanaí díobháil nó lagú
suntasach forbartha trí bhia, éide, teas, sláinteachas, spreagadh intleachtúil, maoirsiú,
sábháilteacht nó cúram leighis a cheilt orthu, nó nuair nach mbíonn ceangal acu le daoine
fásta nó gean ag daoine fásta orthu.
Is féidir díobháil a shainmhíniú mar dhrochíde nó lagú sláinte nó forbartha an linbh.
Déantar suntasacht na
díobhála a mheas trí shláinte agus fhorbairt an linbh a chur i gcomparáid leis an leibhéal a
mbeifí ag súil leis i gcás linbh ar chomhaois leis nó léi.
Bíonn faillí le feiceáil ar bhealaí difriúla thar thréimhse ama níos mó ná ag aon phointe
amháin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé nach mbeadh riachtanais an linbh á gcomhlíonadh
maidir leis an maoirsiú atá riachtanach dá mbeadh sé/sí ag fulaingt mionghortuithe arís
agus arís eile. D’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh cothú leormhaith á fháil ag leanbh a
bhfuil meáchan agus airde faoi bhun an mheáin aige nó aici. D’fhéadfadh sé go bhfuil
spreagadh intleachtúil á cheilt ar leanbh atá as láthair ón scoil go leanúnach.
Sroichtear tairseach na díobhála suntasaí nuair a dhéantar an oiread sin faillí ar
riachtanais an linbh, go mbíonn fíor-drochthionchar aige ar leas agus/nó ar fhorbairt an
linbh.
Sainmhíniú ar ‘mhí-úsáid mhothúchánach'
Aimsítear mí-úsáid mhothúchánach go hiondúil sa chaidreamh idir tuismitheoir nó
cúramóir agus leanbh seachas in eachtra amháin nó i bpatrún eachtraí. Tarlaíonn sé nuair
nach sásaítear riachtanas forbartha an linbh maidir le gean, faomhadh, comhsheasmhacht
agus slándáil. Mura bhfuil foirmeacha eile mí-úsáide
i gceist, is annamh
a fheictear comharthaí nó airíonna fisiciúla. Seo roinnt samplaí:
(i) saintréithe diúltacha a chur i leith leanaí, trí cháineadh seasmhach, searbhas,
naimhdeas agus ag fáil lochta orthu;
(ii) tuistiú coinníollach ina bhfuil an leibhéal cúraim a léirítear do leanbh ag brath ar
iompraíochtaí nó ar ghníomhaíochtaí uaidh/uaithi;
(iii) gan tacaíocht mhothúchánach a bheith le fáil ag an leanbh óna thuismitheoir nó óna
chúramóir;
23
(iv) gan an tuismitheoir nó an cúramóir a bheith sofhreagrach i leith an linbh, nó go
mbeadh sé nó sí ag súil le rudaí neamh-chomhsheasmhacha nó neamhchuí ón leanbh;
(v) freagracht a chur ar leanbh ró-luath ina s(h)aol;
(vi) ionchais neamhréadúla nó neamhchuí ar inniúlacht an linbh chun rud a thuiscint nó é
féin nó í féin a iompar nó a rialú ar bhealach áirithe;
(vii) gan a bheith sách cosanta nó a bheith ró-chosanta i dtaca leis an leanbh;
(viii) teip suim a léiriú, nó deiseanna oiriúnacha de réir aoise a sholáthar, maidir le
forbairt
mhothúchánach agus chognaíoch an linbh;
(ix) bearta smachta atá mí-réasúnta nó ró-ghéar a úsáid;
(x) foréigean teaghlaigh a chur os comhair an linbh;
(xi) ábhar míchuí nó mí-úsáideach a chur os comhair an linbh trí theicneolaíocht nua.
Is féidir mí-úsáid mhothúchánach a aithint i dtéarmaí iompraíochta, cognaíocha,
mothúcháin nó feidhmithe fisicigh an linbh. Áirítear leo sin cion neamhshlán, míshonas,
lagmheas air féin nó uirthi féin, tearcghnóthú oideachasúil agus forbartha, agus
iompraíocht fhreasúrach. Sroichtear tairseach na díobhála
suntasaí nuair atá idirghníomhaíochtaí mí-úsáideacha ceannasach agus iad mar thréith
den chaidreamh idir an leanbh agus an tuismitheoir/cúramóir.
Sainmhíniú ar ‘mhí-úsáid chorpartha'
Is éard atá i mí-úsáid chorpartha linbh ná iompar a bhfuil dochar fisiceach iarbhír nó
féideartha ag baint leis de thoradh idirghníomhaíochta, nó easpa idirghníomhaíochta, atá
go réasúnta faoi smacht tuismitheora nó duine i bpost freagrachta, cumhachta, nó
iontaobhais. D’fhéadfadh eachtra amháin a bheith i gceist nó
eachtraí arís is arís eile.
Is féidir na rudaí seo a bheith i gceist le mí-úsáid chorpartha:
(i) pionós dian corpartha;
(ii) plancadh, leangadh, bualadh nó ciceáil;
(iii) brú, croitheadh nó caitheamh;
(iv) scealpóga a bhaint as an leanbh nó greim fiacla a chur ann nó inti, an leanbh a
thachtadh nó a c(h)uid gruaige a tharraingt;
(v) an leanbh a scanrú le bagairtí;
(vi) breathnú ar fhoréigean;
(vii) fórsa iomarcach a úsáid i mbun láimhseála;
(viii) nimhiú d’aon turas;
(ix) plúchadh;
(x) tinneas bréige nó spreagtha (féach ar Aguisín 1 le haghaidh sonraí);
(xi) baol a cheadú nó a chruthú go dtarlódh díobháil mhór don leanbh.
Sainmhíniú ar ‘mhí-úsáid ghnéis'
Tarlaíonn mí-úsáid ghnéis nuair a bhaineann duine eile úsáid as leanbh dá s(h)ásamh nó
dá f(h)loscadh gnéasach féin, nó ar mhaithe le sásamh nó floscadh gnéasach daoine eile.
Cuimsíonn samplaí de mhí-úsáid ghnéis leanaí:
(i) nochtadh na mball gnéasach nó gníomh gnéasach ar bith a dhéantar d’aon turas i
láthair an linbh;
24
(ii) teagmháil nó ainteagmháil ar chorp an linbh d’aon turas cibé ag duine nó rud do
shásamh nó
floscadh gnéasach;
(iii) glacaireacht i láthair an linbh nó páirtíocht an linbh i ngníomh na glacaireachta;
(iv) caidreamh collaí le leanbh, cibé caidreamh béil, na faighne nó tóna;
(v) dúshaothrú gnéasach an linbh, a chuimsíonn gríosú, spreagadh, tairiscint, dualgas a
chur ar leanbh nó ceadú do leanbh a bheith i mbun striapachais, nó gníomhaíochtaí
gnéasacha eile. Tarlaíonn dúshaothrú gnéasach chomh maith nuair atá leanbh bainteach le
taispeántas, mainicíneacht nó staidiúir chun críche
flosctha, nó sásaimh nó birt ghnéasaigh a chuimsíonn taifeadadh (ar scannán, fístéip nó
meán eile) nó ionramháil na híomhá, chun na críocha sin, ar ríomhaire nó ar mhodhanna
eile. D’fhéadfadh go gcuimseodh sé ábhar gáirsiúil a thaispeáint do leanaí, atá go minic
mar thréith
den phróiseas ‘grúmaeireachta’ a bhíonn ar bun ag lucht imeartha drochúsáide;
(vi) gníomhaíocht ghnéasach chomhthoilíoch idir duine fásta agus duine faoi aois. Maidir
le drochúsáid ghnéasach leanaí, ba chóir a shonrú, chomh fada is a bhaineann sé leis an
dlí coiriúil, gur 17 mbliana d’aois do bhuachaillí agus do chailíní araon an aois toilithe do
chaidreamh collaí. Déileálfaidh an Garda Síochána le gnéithe coiriúla an cháis de réir na
reachtaíochta ábhartha.
Ba chóir a thuiscint nach sainmhíniú dlíthiúil é an sainmhíniú ar mhí-úsáid ghnéis leanaí,
faoi mar a chuirtear i láthair sa chuid seo é, agus níl sé i gceist go mbeadh sé ina chur síos
ar an gcion coiriúil a bhaineann leis an ionsaí gnéis.
(Féach ar Aguisín 2 thíos agus ar Aguisín 1 in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta
um Chosaint agus Leas Leanaí i gcomhair tuilleadh comharthaí agus airíonna de
mhí-úsáid leanaí.
25
Aguisín 2
(Tógtha as 'CHILD ABUSE signs and symptoms' Kidscape 2004)
Comharthaí de Mhí-úsáid
Mí-úsáid fhisiciúil
Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid fhisiciúil nuair a bhaineann an méid
seo a leanas leis an leanbh:
Tá dónna, greamanna, ballbhrúnna, cnámha briste nó súile dubha ag an leanbh agus gan
aon mhíniú orthu
Ballbhrúnna nó marcanna eile atá ag ídiú le feiceáil ar an leanbh tar éis dó/di a bheith as
láthair ón scoil
Tá an chuma ar an leanbh go bhfuil faitíos air/uirthi roimh a t(h)uismitheoirí/c(h)úramóirí
agus bíonn sé ag gearán nó ag caoineadh nuair atá sé in am dul abhaile ón scoil.
Cúlaíonn sé/sí go faiteach nuair a théann duine fásta i ngar dó/di nó tuairiscíonn sé/sí
gortú a thug tuismitheoir nó cúramóir fásta eile dó/di.
Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid fhisiciúil nuair a dhéanann
tuismitheoirí nó cúramóir fásta an méid seo a leanas:
Tugann míniú contrártha, gan mórán dealraimh ar ghorthú an linbh, nó sin ní thugann
míniú ar bith;
Déanann cur síos ar an leanbh ar bhealach an-diúltach eile;
Baineann úsáid as smacht crua fisiciúil leis an leanbh
Mí-úsáid Mhothúchánach
Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid mhothúchánach nuair a bhaineann an
méid seo a leanas leis an leanbh:
Tá lagmheas aige/aici air/uirthi féin
Déanann scéal mór de bhotúin
Léiríonn iompar thar fóir, róghéilliúil nó rófhulangach
Baineann forbairt mhoillithe fhisiciúil, intinne nó mhothúchánach dó/di.
Rinne iarracht lámh a chur ina b(h)ás féin
Tuairiscíonn easpa ceangal leis an tuismitheoir
Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid mhothúchánach nuair a dhéanann
tuismitheoirí nó cúramóir fásta an méid seo a leanas:
Bíonn de shíor ag cur milleán ar an leanbh, ag déanamh beag is fiú dó/di nó ag sciolladh
air/uirthi
Is cuma leo faoin leanbh agus diúltaíonn siad tairiscintí de chúnamh le fadhb an linbh ar
scoil
Diúltaíonn siad an leanbh go hoscailte
Mí-úsáid Ghnéis
26
Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid ghnéis nuair a bhaineann an méid seo
a leanas leis an leanbh:
Tá siad róghrámhar agus léiríonn eolas gnéasúil a bhfuil siad ró-óg le fios a bheith acu air
Cúlaíonn go hiompar níos óige, mar shampla, diúl na hordóige nó fliuchadh na leapa, nó
tromluithe acu
Deacracht acu ag siúl nó ag suí
Diúltaíonn go tobann éadaí a athrú i gcomhair aclaíochta nó páirt a ghlacadh i
ngníomhaíochtaí fisiciúla
Éiríonn torrach nó tolgann galar véinéireach, go háirithe má tá siad faoi bhun ceithre
bliana déag d'aois
Imíonn ón mbaile, déanann iarracht iad féin a ghortú nó lámh a chur ina mbás féin,
tógann ródháileog drugaí, tagann dúlagar orthu
Tuairiscíonn mí-úsáid ghnéis ó thuismitheoir nó ó chúramóir fásta eile nó ó leanbh níos
sine
Smaoinigh ar an bhféidearthacht de mhí-úsáid ghnéis nuair a dhéanann tuismitheoirí
nó cúramóir fásta an méid seo a leanas:
Tá níos cosantaí den leanbh ná mar is cóir, cuireann teorainn dhian ar theagmháil an linbh
le leanaí eile, go háirithe leanaí den inscne eile
Tá siad rúnmhar agus scoite ó dhaoine eile
Déanann cur síos ar fhadhbanna pósta a bhaineann le comhlintí cumhachta teaghlaigh nó
caidrimh ghnéis
Faillí
Smaoinigh ar an bhféidearthacht d'fhaillí nuair a bhaineann an méid seo a leanas leis
an leanbh:
Tá siad as láthair go minic ón scoil
Iarrann nó goideann bia nó airgead ó dhalta eile
Níl siad ag fáil an cúram leighis nó fiaclóra a theastaíonn uathu, ná imdhíontaí, ná
spéaclaí
Bíonn siad salach go minic agus boladh bréan uathu
Ní chaitheann siad éadaí atá sách te sa gheimhreadh
Baineann mí-úsáid as alcól nó drugaí eile
Deir siad nach bhfuil aon duine sa bhaile le haire a thabhairt dóibh
Smaoinigh ar an bhféidearthacht d'fhaillí nuair a dhéanann tuismitheoirí nó cúramóir
fásta an méid seo a leanas:
Tá an chuma orthu nach bhfuil aon suim acu sa leanbh
Tá an chuma orthu go bhfuil siad fuarchúiseach nó i ndúlagar
Iompraíonn siad iad féin ar bhealach neamhréasúnach nó aistaech
Baineann mí-úsáid as alcól nó drugaí eile
Ag Aithint Mí-úsáid Leanaí: An tEolas a Cheart a bheith ag Tuismitheoirí
27
28
AGUISÍN 3
Bearta breise do Chosaint Leanaí
do
Chlár Oideachais agus d'Ionaid Chuairteoirí na Seirbhíse Páirceanna Náisiúnta agus
Fiadhúlra
2014
Tá na cleachtais agus na nósanna imeachta atá leagtha amach sa cháipéis seo sa
bhreis ar na bearta atá leagtha amach i bPolasaí Cosaint Leanaí na Roinne.
Treoirlínte Ginearálta:
Tabharfar tús áite do leas agus do shábháilteacht an linbh i gcónaí.
Cinnteoidh an fhoireann, a mhéid is féidir leo é, go mbeidh gach leanbh sábháilte
agus go mbainfidh siad leas dearfach as ár seirbhís oideachais.
Cuirfidh an bhainistíocht oiliúint aitheanta agus cuí i gCosaint Leanaí ar fáil agus
glacfaidh an fhoireann páirt inti.
Cuirfidh an fhoireann an cleachtas agus na nósanna imeachta atá leagtha amach ina
gcuid oiliúna i bhfeidhm.
Caithfear le dínit agus le meas le gach duine óg.
Tabharfaidh gach ball foirne aiseolas bríomhar agus cuiditheach do na leanaí.
Gheobhaidh an fhoireann riachtanach an oiliúint chuí i nGarchabhair agus beidh
teastas bailí Garchabhrach ina seilbh.
Beidh trealamh Garchabhrach le taobh gach ball foirne i gcónaí nuair atá siad i
gcuideachta rannpháirtithe cláir.
Coinneoidh an fhoireann taifead scríofa de gach eachtra a tharlóidh do leanbh, chomh
maith le breac-chuntas ar an ngníomh a thóg siad. Cuirfear cóip de seo ar fáil do
Theagmhálaí na Roinne.
Rachaidh baill foirne i dtaithí ar Pholasaí Cosaint Leanaí na Roinne agus síneoidh
siad foirmeacha dearbhaithe de réir mar a theastaíonn.
Sainmhíniú ar 'Na Daoine Fásta Freagracha'
Ar mhaithe leis an gcáipéis pholasaí seo is 'daoine fásta freagracha' iad múinteoirí,
tuismitheoirí, caomhnóirí nó ceannairí club a bhíonn i dteannta grúpaí leanaí nó leanaí
astu féin a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí SPNF. Is iad na daoine fásta seo na daoine a
bhfuil an fhreagracht phríomhúil orthu as leas agus iompar gach leanbh faoina gcúram
agus ar thar a gceann a shínítear na foirmeacha cuí clárúcháin. Tá dualgas ar na daoine
fásta freagracha (e.g. múinteoirí, tuismitheoirí, caomhnóirí, ceannairí) agus a théann i
dteannta grúpaí leanaí nó leanaí aonair a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí SPNF an
29
fhoireann a chur ar an eolas faoi riocht sláinte nó riocht ar bith eile a bhaineann le
rannpháirtí ar bith ar bhonn "is gá a insint" ar mhaithe leis an leanbh agus leis an ngrúpa.
Forálacha Cosaint Leanaí Suíomhoiriúnaithe
Mar gheall ar an réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí a chuireann Seirbhís
Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne ar bun ar fud na tíre, tá sé riachtanach go
sainmhíneoidh gach Páirc Náisiúnta/Ionad Cuairteoirí a f(h)orálacha cosaint leanaí
suíomhoiriúnaithe féin. Tá freagracht ar Bhainistíocht gach Páirce a chinntiú go bhfuil na
forálacha sábháilteachta leanaí a bhaineann go sonrach leis an suíomh sin suas chun dáta
de réir mar a theastaíonn agus go gcuirtear Teagmhálaí Ainmnithe na Roinne (mar atá
leagtha amach sa Pholasaí Cosaint Leanaí) ar an eolas maidir le hathbhreithniú ar bith ar
na forálacha seo.
Tá an tábla atá le húsáid ag gach suíomh aonair leagtha amach in Aguisín A. Ní mór é
seo a choinneáil chun dáta agus cóip a bheith i seilbh Bhainistíocht na Páirce agus cóip
seolta ar aghaidh chun Teagmhálaí Ainmnithe na Roinne.
Clárú don Chlár Oideachais: Is iad foirmeacha Áirithinte Chlár Oideachais an SPNF na foirmeacha oifigiúla
clárúcháin a chuirtear ar fáil do ghrúpaí agus do leanaí aonair a ghlacann páirt i
ngníomhaíochtaí ar bith de chuid an chláir oideachais. Ní mór don bhall foirne atá
freagrach a chinntiú go bhfuil siad comhlánaithe ina n-iomlán sula nglacfaidh siad leo i
gcomhair próiseála agus ní mór an fhoirm a stóráil (nó cóip chruinn) san áis sainithe do
choinneáil taifead.
Ní mór do bhall foirne ar bith atá ag glacadh le háirithint a chinntiú go gcomhlánaíonn na
daoine fásta atá freagrach as leanaí aonair nó grúpaí a bheidh ag glacadh páirte i gcineál
clár/gníomhaíocht oideachais ar bith an fhoirm/leabhar ábhartha áirithinte agus go
síníonn siad í agus go gcuireann siad dáta uirthi sula dtugann siad cead dóibh páirt a
ghlacadh sa chlár/ghníomhaíocht.
Tá an nós imeachta thuas ábhartha ach go háirithe d'imeachtaí cosúil le laethanta oscailte,
tionscadail shamhraidh, etc nuair nach bhfuil an leanbh ag glacadh páirte mar chuid de
ghrúpa atá ann cheana féin.
Clárú ag an Ionad do Chuairteoirí:
Ní mór do gach Ionad Cuairteoirí SPNF foirm áirithinte a bheith acu ar gá í a chomhlánú
do gach grúpa leanaí as scoil nó club a thugann cuairt ar an suíomh. Féach ar an bhfoirm
áirithinte in Aguisín B ar féidir í a úsáid mar theimpléad. Ní mór do bhall foirne ar bith
atá ag glacadh áirithinte a chinntiú go gcomhlánaíonn na daoine fásta atá freagrach as
grúpaí leanaí an fhoirm áirithinte nó an fhoirm ábhartha chlárúcháin agus an dáta agus
síniú a chur uirthi. Ní mór an fhoirm seo a stóráil ansin in áis shaincheaptha
chomhdúcháin.
Taifeadadh Eachtraí, lena n-áirítear Timpistí: Ní mór don bhall foirne atá ar dualgas gach timpiste agus eachtra eile (e.g. neastimpistí) a
tharlaíonn a thaifead go hiomlán, a shíniú, dáta a chur air agus é a stóráil go cuí a luaithe
is féidir tar éis na timpiste. Ní mór go mbeadh an Fhoirm Thuairiscithe do
30
Thimpiste/Eachtra comhshínithe ag Oifigeach Sábháilteachta agus dáta curtha aige/aici ar
an bhfoirm a luaithe is féidir i ndiaidh na timpiste/heachtra.
Taifid: Ní mór go mbeadh comhadchaibinéad daingean faoi ghlas in oifig an ionaid
oideachais/san ionad do chuairteoirí, ina mbeidh an t-eolas seo a leanas, le dáta agus é
sínithe ag an duine/na daoine caoi, á choinneáil:
Foirmeacha Áirithinte/Clárúcháin
Foirmeacha do Thuairisciú Eachtra/Timpiste, má theastaíonn
Cead ó na tuismitheoirí nó ón scoil chun grianghraif nó ábhar eile a bhaineann le
leanaí a ghlacann páirt i ngníomhaíochtaí SPNF a úsáid más gá.
Ní mór do gach ball foirne sonraí do ghrúpaí a dtógann siad áirithintí uathu nó a n-
oibríonn siad leo a thaifead. Ní mór don Phríomhthreoraí nó don Treoraí Maoirseachta a
chinntiú go gcoinnítear taifid chun dáta.
Suíomhanna: Leagtar na cleachtais agus na nósanna imeachta seo a leanas amach d'Fhoireann
Oideachais an SPNF chun an baol go dtarlódh gortú de chineál ar bith do leanaí a
ghlacann páirt i gclár de chuid an SPNF a laghdú:
Ar áitreabh na Roinne
Ar thailte a scoile féin
Ag tabhairt cuairte ar shuíomh nach é ceann den dá thaobh thuas é (e.g. ag
tabhairt cuairte ar choillearnach nó ar phortach, bíodh sé ina shuíomh de chuid na
Roinne nó ina mhaoin de chuid ghníomhaireachta nó duine eile).
Is cuma cé acu de na suíomhanna thuas a úsáidtear, ní mór don bhall den
Fhoireann Oideachais atá i gceannas na n'Daoine Fásta Freagracha' atá ina
t(h)eannta a chur ar an eolas faoi na fíricí tábhachtacha seo a leanas:
Is iad na daoine fásta tionlacain na 'Daoine Fásta atá Freagrach' as leas
agus iompar gach rannpháirtí agus as bainistiú an ghrúpa ina iomlán.
Ní mór dóibh fanacht lena rannpháirtithe i gcónaí.
Más gá do leanbh nó leanaí an príomhghrúpa a fhágáil ag am ar bith, is
iadsan a chaithfidh dul in éineacht leis an leanbh/dalta (e.g. chun dul
chuig an leithreas, chun rud atá dearmadta acu a fháil ó áit eile, chun dul
chuig an Ionad Timpistí agus Éigeandála, etc.)
Ní mór dóibh cloí le treoracha na foirne Oideachais maidir le treoracha
sábháilteachta ar leith a bhaineann le suíomh nó le gníomhaíocht.
A. Ar áitreabh na Roinne
Cinnteoidh an fhoireann oideachais:
31
Go bhfuil an fhoirm oifigiúil chlárúcháin comhlánaithe agus stóráilte sa chomhad
chuí, don duine nó don ghrúpa atá ag feastal ar an ionad sula n-úsáideann siad
áiseanna an ionaid.
Go bhfreagraíonn siad go cuí don eolas a fuair siad ón duine fásta atá freagrach agus
atá ina dteannta maidir le riocht sláinte nó eile na rannpháirtithe.
Go nótálann siad líon iomlán na rannpháirtithe a thagann ar lá na cuairte.
Nach dtéann líon iomlán na rannpháirtithe (gan na daoine fásta freagracha san
áireamh) a bhíonn ag tabhairt cuairte ar an ionad ag aon am ar leith os cionn an
uasmhéid atá sainithe ag an Oifigeach Sábháilteachta don ionad sin.
Go mbeidh beirt 'daoine fásta freagracha' ar a laghad (gan Oifigeach Oideachais an
SPNF san áireamh) i dteannta na rannpháirtithe fiú nuair atá níos lú ná 20 sa ghrúpa.
Go mbeidh cóimheas de 1:10 ar a laghad ó thaobh duine fásta freagrach le gach
leanbh á choinneáil. Sa chás go bhfuil os cionn 20 sa ghrúpa i.e. nuair a theastaíonn
níos mó ná beirt 'daoine fásta freagracha', d'fhéadfaí ball foirne oideachais an SPNF a
chur san áireamh, le cead ó na bainisteoirí áitiúla, i ríomh an líon daoine fásta
freagracha atá ag teastáil.
Go bhfuil bosca Garchabhrach iomlán lena dtaobh i gcónaí.
B. Ar thailte na scoile
Cinnteoidh an fhoireann oideachais:
Go bhfuil an fhoirm oifigiúil chlárúcháin comhlánaithe agus stóráilte sa chomhad
cuí.
Go bhfreagraíonn siad go cuí don eolas a fuair siad ón duine fásta atá freagrach
agus atá ina dteannta maidir le riocht sláinte nó eile na rannpháirtithe.
C. Ag tabhairt cuairte ar shuíomh nach ceann de na suíomhanna thuas atá ann
Cinnteoidh an fhoireann oideachais:
Go bhfuil an fhoirm oifigiúil chlárúcháin comhlánaithe agus stóráilte sa chomhad
cuí, don duine nó don ghrúpa atá ag tabhairt cuairte ar an suíomh sula dtosaíonn
an chuairt.
Go mbeidh beirt 'daoine fásta freagracha' ar a laghad (gan Oifigeach Oideachais
an SPNF san áireamh) i dteannta na rannpháirtithe fiú nuair atá níos lú ná 20 sa
ghrúpa.
Go mbeidh cóimheas de 1:10 ar a laghad ó thaobh duine fásta freagrach le gach
leanbh á choinneáil. Sa chás go bhfuil os cionn 20 sa ghrúpa i.e. nuair a
theastaíonn níos mó ná beirt 'daoine fásta freagracha', d'fhéadfaí ball foirne
Oideachais an SPNF a chur san áireamh, le cead ó na bainisteoirí áitiúla, i ríomh
an líon maoirseoirí fásta atá ag teastáil.
Go nótálann siad líon iomlán na rannpháirtithe a thagann ar lá na cuairte.
Go bhfuil teorainn de 30 leanbh/duine fásta do gach ball foirne Oideachais. Níor
chóir ar chúis ar bith an teorainn seo a shárú, is cuma cé mhéad duine fásta
freagrach atá i láthair e.g. dá mbeadh 40 leanbh agus 5 duine fásta freagrach ina
32
dteannta, seo i bhfad an iomarca le go bhféadfadh Treoraí Oideachais amháin
seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil.
Go bhfanann duine fásta freagrach amháin ar chúl an ghrúpa agus ní mór do na
rannpháirtithe ar fad fanacht chun tosaigh ar an duine seo i gcónaí.
Go bhfreagraíonn siad go cuí don eolas a fuair siad ón duine fásta atá freagrach
agus atá ina dteannta maidir le riocht sláinte nó eile na rannpháirtithe.
Go bhfuil bosca Garchabhrach iomlán lena dtaobh i gcónaí.
Go bhfuil modh cumarsáide de chineál éigin acu trína bhféadfaidh siad dul i
dteagmháil leis na seirbhísí éigeandála a luaithe is féidir dá dteastóidís.
33
Nósanna Imeachta
Tá na nósanna imeachta atá leagtha amach thíos sa bhreis ar na bearta atá leagtha
amach i bPolasaí Cosaint Leanaí na Roinne.
Timpiste/Eachtra: Nóta: Ní mór a choinneáil ar intinn gurb é/í an 'Duine Fásta Freagrach' an duine atá
freagrach go príomha as leas agus iompar gach leanbh faoina gcúram agus ar thar a
gceann a shínítear na foirmeacha cuí clárúcháin.
Más féidir ar chor ar bith é, fanfaidh beirt daoine fásta (ní mór gur 'Duine Fásta
Freagrach' duine acu, nach ball foirne de chuid na Seirbhíse Oideachais/Cuairteoirí
é/í) in éineacht leis an leanbh atá gortaithe. Má tá duine fásta amháin in éineacht leis
an leanbh, ní mór do dhuine fásta amháin eile ar a laghad fanacht ar an láthair.
Ní mór teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís chuí éigeandála a luaithe is féidir má
tá gá léi (glaoigh ar 999 nó 112). Beidh ar an duine a bheidh i dteagmháil leis na
seirbhísí éigeandála láthair na heachtra a thabhairt, chomh maith le breac-chuntas ar
an eachtra agus gortú ar bith a cheaptar atá tarlaithe. Ní mór don teagmhálaí fanacht
ar dhearbhú go bhfuil an t-eolas tugtha agus faighte.
Tá garchabhair le tabhairt de réir mar is cuí ag duine atá in ann é sin a dhéanamh agus
a bhfuil teastas bailí Garchabhrach ina s(h)eilbh.
Ní mór do bhall foirne na Seirbhíse Oideachais/Cuairteoirí an bainisteoir líne
(Príomhthreoraí nó Treoraí Maoirseachta de ghnáth) a chur ar an eolas faoin eachtra a
luaithe is féidir agus an bainisteoir a choinneáil ar an eolas.
Má tá taismeach ann, ní mór tuismitheoirí/caomhnóirí a chur ar an eolas a luaithe is
féidir trí phearsanra na scoile.
Díreach i ndiaidh na heachtra, ní mór do bha(i)ll na seirbhíse Oideachtais/Cuairteoirí
bileog thuairiscithe d'eachtraí a chomlánú, dáta a chur uirthi agus í a shíniú. Ní mór í
a thabhairt do bhainisteoir líne ansin a shíneoidh é/í féin í agus a chuirfidh dáta uirthi.
Cuirfidh an bainisteoir líne (Príomhthreoraí nó Treoraí Maoirseachta de ghnáth) cóip
den tuairisc faoin Timpiste/Eachtra faoi bhráid an Oifigigh Shábháilteachta a luaithe
is féidir. Eagróidh an tOifigeach Sábháilteachta fiosrúchán faoin timpiste. Ní mór
cóip den tuairisc a chur ar aghaidh freisin chuig Teagmhálaí Ainmnithe na Roinne.
Duine/daoine atá Imithe Amú/Ar Iarraidh:
Féach ar Chuid 5 'Nósanna imeachta chun déileáil le Leanaí atá Imithe Amú/Ar Iarraidh'
thuas.
Ag déileáil le hiompar dúshlánach nó suaiteach
Is í sábháilteacht agus leas na leanaí agus na ndaoine óga an tosaíocht agus déileálfaidh
an fhoireann go híogair agus go gairmiúil le cás deacair ar bith a thiocfaidh chun cinn. Sa
chás go dtarlaíonn iompar dúshlánach nó suaiteach le leanaí/daoine óga, coinneofar
taifead de sin sa chás go dteastaíonn idirghabháil ó bhall foirne nó sa chás go bhfuil
sábháilteacht agus leas na ndaoine eile i mbaol. I gcás mí-iompar dá leithéid, ní mór go
34
mbeadh beirt bhall foirne i láthair chun déileáil leis an gcás. Ní mór do bhaill foirne atá i
láthair ag an am foirm thimpiste/eachtra a chomhlánú.
Ní mór go mbeadh an t-eolas seo a leanas i dtuairisc na heachtra:
An clár nó an ghníomhaíocht a bhí ar bun ag an am;
Dáta na hEachtra;
Taifead de cad a tharla;
Sonraí faoi cé a raibh baint acu leis an eachtra;
Sonraí faoi cá háit agus cén fáth ar tharla an eachtra;
Taifead de ráiteas suntasach ar bith;
Taifead de ghortú do dhuine ar bith nó do mhaoin ar bith;
Sonraí faoi conas a réitíodh an cás nó conas ar fágadh é.
35
Dearbhú an Pholasaí Cosaint Leanaí agus an Chóid Iompraíochta do Chosaint
Leanaí
Ainm (bloclitreacha): ___________________________________
___________________________________
Dáta breithe: ___________________________________
Seoladh: ___________________________________
____________________________________
Uimhir fóin: ____________________________________
Láthair oibre: ____________________________________
Grád: ____________________________________
Tá cóip de
Pholasaí Cosaint Leanaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Tá na sonraí atá leagtha amach sa pholasaí agus sna cleachtais agus nósanna imechta
breise léite agam agus tuigim iad. Aontaím go leanfaidh mé na treoirlínte ar nósanna
imeachta agus ar chleachtais atá iontu.
Sínithe: __________________________________
Ainm an Fhostaí
Dáta: ___________________________________
Ní mór an dearbhú seo a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig:
An Rannóg Pearsanra, Seomra 307, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus
Gaeltachta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.
36
37
Aguisín A
Déan cur síos ar gach imeacht nó gníomhaíocht a reáchtáladh ag do shuíomh faoi na
ceannteidil seo a leanas:
Imeac
ht1 Ionad
2
Catagóir an
rannpháirtí3
Uaslíon
rannpháirtit
he
Áirithint
le
déanam
h?
Tá nó
Níl
Clárú
Tá nó
Níl
Leibhéal
Riosca4
Coibhneas
Maoirseacht
a curtha in
iúl mar
Fhoireann
an SPNF:
Duine Fásta
Freagrach5:
Leanbh
1D'fhéadfadh imeachtaí/gníomhaíochtaí an méid seo a leanas a áireamh ach níl siad
teoranta acu: cuairteanna for-rochtana ar scoileanna; gníomhaíochtaí atá bunaithe ag
ionad oideachais do shuímh; turais laistigh de leanaí, e.g. turais ar an gcaisleán;
gníomhaíochtaí lasmuigh atá bunaithe ar an suíomh, e.g. siúlóidí sa choill, imeachtaí
teaghlaigh, imeachtaí ar scála mór.
2 D'fhéadfadh an t-ionad na háiteanna seo a leanas a áireamh: scoil; ionad oideachais;
saoráid laistigh i bpáirc náisiúnta e.g. caisleán; saoráid lasmuigh i bpáirc naisiúnta, e.g.
sliabh, coill.
3 D'fhéadfadh catagóir an rannpháirtí na daoine seo a leanas a áireamh: daltaí bunscoile;
daltaí meánscoile, e.g. dalta idirbhliana
4 Agus measúnú á dhéanamh ar an leibhéal riosca a bhaineann le gníomhaíocht, déantar
scóráil ar an dóchúlacht go dtarlóidh gortú le linn gníomhaíochta agus diachair ghortú dá
leithéid mar atá leagtha amach ar leathanach 3.
5 D'fhéadfadh duine fásta freagrach na daoine seo a leanas a áireamh: múinteoir;
tuismitheoir; caomhnóir.
DÓCHÚLACHT GO DTARLÓIDH GORTHÚ
1 = AN-NEAMHDHÓCHÚIL – beagnach cinnte nach dtarlóidh
2 = NEAMHDHÓCHÚIL – gach cuma air nach dtarlóidh
38
3 = B'FHÉIDIR – seans maith go dtarlóidh
4 = DÓCHÚIL – is dócha go dtarlóidh
DIACHAIR
1 = AN-ÉADROM – ní dóigh go mbainfidh gortú leis
2 = ÉADROM – d'fhéadfadh go mbainfeadh gortú leis
3 = MEASARTHA – seans maith go mbainfidh gortú leis
4 – TROMCHÚISEACH – bagrach don bheatha
39
Tar éis an dóchúlacht gortaithe agus an diachair ghortaithe a bhainfeadh leis an
ngníomhaíocht a bheith scóráilte agat, pleanáil an scór dóchúlachta ar an ais ingearach
agus scór na diachra ar an ais chothrománach ar an mhaitrís thíos. Léigh síos agus trasna
ó gach scór chuig an gcearnóg ina dtrasnaíonn an dá ais. Is í an uimhir seo a léiríonn
leibhéal riosca na gníomhaíochta. Tá na leibhéil riosca dathchódaithe mar atá léirithe
thíos.
An mhaitrís de dhóchúlacht (ais ingearach) agus de dhiachair (ais chothrománach)
Baineann riosca íseal (scóráil 1, 2, 3 nó 4) leis na
gníomhaíochtaí atá GLAS
Baineann meánriosca (scóráil 6, 8 nó 9) leis na gníomhaíochtaí
atá ORÁISTE
Baineann ardriosca (scóráil 12 nó 16) leis na gníomhaíochtaí atá DEARG
1 2 3 4
1 1 2 3 4
2 2 4 6 8
3 3 6 9 12
4 4 8 12 16
40
Aguisín B
Foirm Áirithinte Scoile/Club
Dáta Aontaithe do Chuairte: Amanna Aontaithe:
Rang: Uimhreacha:
Céard iad na gníomhaíochtaí gur mhaith leat páirt a ghlacadh iontu?
Ainmneacha na múinteoirí/daoine fásta freagracha a bheidh i láthair:
Páistí le riachtanais speisialta nó bhreise:
Eolas Breise:
Sonraí Árachais na Scoile:
Sonraí agus Uimhir Fóin an Teagmhálaí:
Ainm Iomlán agus Uimhir Fóin na Scoile/an Chlub:
Seoladh ríomhphoist na Scoile/an Chlub:
Ní mór don té a bheidh i gceannas ar smacht agus ar shábháilteacht ar an lá an fhoirm seo
a shíniú.
Sínithe:..............................................................................................................................
Seol gach foirm áirithinte chuig _________________
Nó seol na foirmeacha sa phost chuig ________________
Tá na múinteoirí/na daoine fásta freagracha freagrach as a ngrúpa ar feadh an ama
a bheidh siad sa pháirc.
41
(Téigh i dteagmháil le ball foirne, le do thoil, i gcás éigeandála)
42
AGUISÍN 4
Gnáthfhoirm Thuairiscithe chun cosaint leanaí agus/nó
imní faoi leas leanaí a thuairisciú don FSS (ar fáil freisin i leagan MSWord ag
www.hse.ie/go/childrenfirst).
43
44
45
Nótaí Treorach
Tá dualgas reachtúil ar an FSS faoin Acht um Chúram Leanaí, 1991 leas leanaí a chur
chun cinn agus a chosaint. Tá dualgas, mar sin, ar an FSS eolas a ghlacadh maidir le
leanbh ar bith nach bhfuil ag fáil dóthain cúraim agus/nó cosanta.
Is le haghaidh úsáid na ndaoine seo a leanas an fhoirm seo:
• Gairmí, duine nó grúpa ar bith a bhfuil baint acu le seirbhísí do leanaí, lena n-
áirítear pearsanra an FSS, a gcuirtear imní faoi chosaint nó leas leanaí ar a súile
dóibh, nó a dtuairiscítear imní faoi chosaint nó leas leanaí dóibh.
• Gairmithe agus daoine a chuireann seirbhísí cúram leanaí ar fáil sa phobal a
bhfuil conarthaí seirbhíse acu leis an FSS.
• Daoine ainmnithe i ngníomhaireacht dheonach nó phobail.
Comhlánaigh a mhéid eolais agus sonraí atá ar eolas agat. Cuideoidh sé seo le Rannóg na
hOibre Sóisialta agus iad ag measúnú an leibhéal riosca don leanbh nó na seirbhísí
tacaíochta a theastaíonn. Mura bhfuil an t-eolas a iarradh ort agat, luaigh é seo trí líne a
chur tríd an gceist. Tá sé dóchúil go rachaidh oibrí sóisialta i dteagmháil leat chun do
thuairisc a phlé.
Tá sé mar aidhm ag an FSS oibriú i gcomhpháirt le tuismitheoirí. Má tá tú ag soláthar na
tuairisce seo faoi rún, ní mór duit a nótáil nach féidir leis an FSS rúndacht iomlán a
ghealladh duit ar na cúiseanna seo a leanas:
• D'fhéadfadh an Chúirt ordú a thabhairt an t-eolas a nochtadh.
• Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, d'fhéadfadh an Coimisinéir um
Shaoráil Fainséise ordú a thabhairt an t-eolas a nochtadh.
Ní mór duit a thuiscint chomh maith go bhfuil cosaint agat faoin Acht um Chosaintí do
Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998 agus tú ag soláthar 'tuairisc bona
fide'.
Má tá amhras ort ar cheart duit do chuid imní a thuairisciú, cuir glaoch ar oibrí sóisialta
an FSS atá ar dualgas agus labhair leis/léi faoin imní atá ort.
(féach ar Aguisín 5 chun liosta iomlán a fháil d'oifigí an FSS ar fud na tíre).
46
AGUISÍN 5
An FSS ar fud na tíre: Liosta de Shonraí Teagmhála Oibrithe Sóisialta ar Dualgas
FSS BÁC Laighin-Láir: Seirbhísí Oibre Sóisialta ar Dualgas
BÁC Theas (Dún Laoghaire)
Our Lady’s Clinic
Sráid Phádraig
Dún Laoghaire
(NB Ean-Aib ’08 - Ascaill
Northumberland, Dún Laoghaire)
Teil: 01 6637300
Facs: 01 2844955
BÁC Thoir-Theas
Ceannasaí na Foirne Oibre Sóisialta ar
Dualgas
FSS, Halla Chnocán an Imill
Cluain Sceach
Baile Átha Cliath 6
Teil: 01 2680320 / 01 2680333
Facs: 01 2680406
Cill Mhantáin
An Fhoireann ó Thuaidh (Ceantar
Bhré)
Ionad Sláinte Bhré, Bloc B Oifigí
Cathartha, An Phríomshráid, Bré
An Fhoireann ó Dheas (Cill
Mhantáin/An tInbhear Mór)
An Oifig Chladaigh Aonad 3
An Ché Thuaidh, Cill Mhantáin
Teil: 01 2744100 / 01 2744180
Facs: 01 2744136
Teil: 0404 60800
Facs: 0404 60888
BÁC Deisceart na Cathrach
Ceannasaí Foirne ar Dualgas
FSS BÁC Laighin-Láir
Ionad Carnegie
21-25 Sráid an Tiarna Éadbhard
BÁC 2
Teil: 01 6486555
Facs: 01 6486702
BÁC Thiar-Theas
Ceannasaí Foirne ar Dualgas
Ionad Sláinte Phlásóg Shruth an
Mhuilinn
Paróiste Naomh Doiminic
Tamhlacht,
Baile Átha Cliath 24
Teil: 01 4275000
Facs: 01 4275090
BÁC Thiar
Bridge House
Teil: 01 6206387
47
Rannóg na hOibre Sóisialta
Seirbhísí Pobail BÁC Thiar
Ospidéal Ghort na Silíní
Baile Formaid
Baile Átha Cliath 10
Facs: 01 6206388
Cill Dara Cill Mhantáin
Thiar
Rannóg na hOibre Sóisialta
Swan Centre
Faiche an Aonaigh
An Nás
Co Chill Dara
Teil: 045 882400
Facs: 045 882424
Laois
Uíbh Fhailí
Rannóg na hOibre Sóisialta
An tIonad Leanaí agus Teaghlaigh
Port Laoise
Rannóg na hOibre Sóisialta
Derry Suite
Castle Buildings
Sráid na Teamhrach
Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí
Teil: 057 86 92567
Facs: 057 86 62535
Teil: 057 93 70700
Facs: 057 93 70748
An Longfort
An Iarmhí
Rannóg na hOibre Sóisialta
Tivoli House
Bóthar Bhaile Átha Cliath
An Longfort
Seirbhísí Oibre Sóisialta ar Dualgas
Ionad Sláinte Bhaile Átha Luain
Bóthar an Chuasáin
Baile Átha Luain
Co na hIarmhí
Seirbhísí Oibre Sóisialta ar Dualgas
An tIonad Leanaí agus Teaghlaigh
Páirc an Spidéil
An Muileann gCearr
Co na hIarmhí
Teil: 043 3350584
Facs: 043 3350798
Teil: 090 64 83106
Facs: 090 64 91329
Teil: 044 93 84450
Facs: 044 93 84396
48
An FSS ar fud na tíre: Liosta de Shonraí Teagmhála Oibrithe Sóisialta ar Dualgas
FSS BÁC Thoir-Thuaidh - Seirbhísí Oibre Sóisialta ar Dualgas
An Cabhán
Muineachán
Seirbhísí Pobail an FSS do Leanaí &
Teaghlaigh
Crois Dhroim an Lao
An Cabhán
Rannóg na hOibre Sóisialta ar Dualgas
An tAonad Cúram Sláinte Áitiúil
Rúscaigh
Muineachán
Teil: 049 4377305 & 049 4377306
Facs: 049 4377377
Teil: 047 30426 / 047 30427
Facs: 047 77908
BÁC Thuaidh-Lár
An Oifig Oibre Sóisialta ar Dualgas
22 Cearnóg Mhuinseo
BÁC 1
Ionad Cathartha Bhaile Munna (2ra
hurlár)
An Phríomhshráid
Baile Munna
Baile Átha Cliath 9
Teil: 01 855 6871
Facs: 01 855 0589
Teil: 01 8467235
Facs: 01 8467522
BÁC Thuaidh
Ionad Sláinte na Cúlóige
Bóthar Chaisleán na Croma
An Chúlóg
Baile Átha Cliath 5
Teil: 01 8160314 / 8160373
Facs: 01 8487747
BÁC Thiar-Thuaidh
Ionad Sláinte Chnocán an Tobair
Fionnghlas
Baile Átha Cliath 11
Teil: 01 8567704
Facs: 01 8567702
Lú
Rannóg na hOibre Sóisialta
An tAonad Cúram Sláinte Áitiúil
Wilton House
Plás Mhic an Ghaill
Dún Dealgan
Co Lú
Teil: 042 9392200
Facs: 042 9392264
An Mhí
Seirbhísí Oibre Sóisialta ar Dualgas
Teil: 046 9030616
49
25 Cnoc Uí Bhrú
An Uaimh
Co na Mí
Facs: 046 9030648
50
An FSS ar fud na tíre: Liosta de Shonraí Teagmhála Oibrithe Sóisialta ar Dualgas
FSS an Deiscirt - Seirbhísí Oibre Sóisialta ar Dualgas
Ceatharlach
Cill Chainnigh
An Oifig Oibre Sóisialta ar Dualgas
Urlár na Talún
Ospidéal Naomh Damhnait
Bóthar Bhaile Átha Í
Ceatharlach
An Rannóg Oibre Sóisialta/Cúram
Leanaí
Seirbhísí Pobail FSS an Deiscirt
Faiche San Séamas
Cill Chainnigh
(ag bogadh go foirgneamh nua am
éigin in 2008)
Teil: 059 9136587 / 059 9136588
Facs: 059 9136502
Teil: 056 7784532 / 056 7784017
Facs: 056 7784000
Corcaigh - An Laoi Thuaidh
Corcaigh - An Laoi Theas
Iarthar Chorcaí
Tuaisceart Chorcaí
An Rannóg Oibre Sóisialta ar Dualgas
An Linn Dubh (le taobh an Ionaid
Siopadóireachta)
An Linn Dubh
Corcaigh
Oibrí Sóisialta ar Dualgas
Rannóg Oibre Sóisialta an Laoi Theas
Ospidéal Naomh Fionnbarra
Corcaigh
Rannóg na hOibre Sóisialta
FSS an Deiscirt
Seirbhísí Pobail Iarthar Chorcaí
Cúil na nGarrán
An Sciobairín
Co Chorcaí
Oifigí Oibre Sóisialta/Cosaint Leanaí
an FSS
134 Plás an Bhainc
Mala
Co Chorcaí
Teil: 021 4927000
Facs: 021 4927001 / 021 4927002
Teil: 021 4923001
Facs: 021 4312960
Teil: 028 40447
Facs: 028 40449
Teil: 022 54100
Facs: 022 54150
51
Ciarraí
Seirbhísí Pobail Chiarraí,
Ráth Teas
Trá Lí
Co. Chiarraí
Rannóg Oibre Sóisialta ar Dualgas
Chill Airne
Bóthar Theampaill Mhaighréide
Cill Airne
Co. Chiarraí
Teil: 066 7195641 / 066 7195642 /
066 7195643
Facs: 066 7195610
Teil: 064 36030 / 064 50700
Facs: 064 70714
Tiobraid Árann
Tiobraid Árann Theas
An Fhoireann Oibre Sóisialta ar
Dualgas
Seirbhísí Cúram Pobail Thiobraid
Árann Theas
Bóthar an Iarthair
Cluain Meala,
Co Thiobraid Árann
Teil: 052 77303
Facs: 052 77301
Port Láirge
Dún Garbhán
Seirbhís na hOibre Sóisialta
FSS, Seirbhísí Pobail Phort Láirge
Bóthar Chorcaí
Port Láirge
Rannóg na hOibre Sóisialta ar Dualgas
Seirbhísí Pobail Dhún Garbháin
Ospidéal San Seosamh
Dún Garbhán
Co Phort Láirge
Teil: 051 842827 / 051 842841
Facs: 051 842811
Teil: 058 20921 / 058 20906
Facs: 058 44485
Loch Garman
Thuaidh
Ionad Sláinte Ghuaire
Tailte an Ospidéil
Guaire
Co Loch Garman
Ionad Sláinte Inis Córthaidh
Bóthar Pháirc an Mhuilinn
Inis Córthaidh
Co Loch Garman
Teil: 053 21374 / 053 9430100
Facs: 053 9421492
Teil: 053 9233465 / 053 9243700
Facs: 053 9233469
52
Loch Garman
Theas
Ionad Sláinte Ros Mhic Thriúin
Tailte an Ospidéil
Ros Mhic Thriúin
Co Loch Garman
Rannóg na hOibre Sóisialta ar Dualgas
Ospidéal Ely
Ferrybank
Loch Garman
Teil: 051 421445
Facs: 051 421238
Teil: 053 9123522/Folíne 201
Facs: 053 9147706
53
An FSS ar fud na tíre: Liosta de Shonraí Teagmhála Oibrithe Sóisialta ar Dualgas
FSS an Iarthair - Seirbhísí Oibre Sóisialta ar Dualgas
Dún na nGall
Foireann an Oirthir,
Ionad Gnó Links
Lios Feannáin
Bun Cranncha
Co Dhún na nGall
Foireann an Iarthair
Euro House
Bóthar an gCealla Beaga
Baile Dhún na nGall
Foireann an Oirthir Láir
Cúirt na Mílaoise
Bóthar an Phiarsaigh
Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Foireann an Iarthair Láir
Cúirt na Mílaoise
Bóthar an Phiarsaigh
Leitir Ceanainn
Co Dhún na nGall
Teil: 074 9320420
Facs: 074 9320419
Teil: 074 9723540
Facs: 074 9723489
Teil: 074 9123672
Facs: 074 9123697
Teil: 074 9123770
Facs: 074 9123697
An Clár
Rannóg na hOibre Sóisialta
Teach na hAbhann
Bóthar an Ghoirt
Inis
Co an Chláir
Teil: 065 6863908 / 065 6863907
Facs: 065 6863984
Cathair agus Contae na
Gaillimhe
Cathair na Gaillimhe
Oifig Sláinte Áitiúil an Oibrí Sóisialta
ar Dualgas
FSS an Iarthair
25 Bóthar an Chaisleáin Nua
Gaillimh
Contae na Gaillimhe
Rannóg Oibre Sóisialta Thuama
An tIonad Sláinte
Sráid an Bhiocáire
Tuaim
Teil: 091 546366 / 546370 /
546325 / 546369
Facs: 091 527601
Teil: 093 24492
Facs: 093 24608
54
Cathair agus Contae na
Gaillimhe
ar lean
Co. na Gaillimhe
Rannóg Oibre Sóisialta Bhaile Locha
Riach
An tIonad Sláinte
Baile Locha Riach
Co. na Gaillimhe
Rannóg Oibre Sóisialta Bhéal Átha na
Sluaighe - Ionad Sláinte
Bhreacarnaí
Béal Átha na Sluaighe
Co. na Gaillimhe
Rannóg Oibre Sóisialta Uachtar Ard -
Ionad Sláinte
Uachtar Ard
Co. na Gaillimhe
Teil: 091 847820
Facs: 091 842927
Teil: 09096 46200
Facs: 09096 46211
Teil: 091 552200
Facs: 091 552023
Luimneach Thoir & Thiar
Luimneach Thoir,
Ionad Sláinte Roxtown
Seansráid an Chláir
Luimneach
Ionad Sláinte Mhaigh Rois
Maigh Rois
Luimneach
Ionad Sláinte Bhaile na Neanta
Bóthar Chill Liaile
Baile na Neanta, Luimneach
Rannóg Oibre Sóisialta South Hill
Ionad Sláinte
South Hill
Cathair Luimnigh
Rannóg Oibre Sóisialta Luimneach
Thiar
Ionad Sláinte an Chaisleáin Nua
An Gort Buí
An Caisleán Nua, Co Luimnigh
Teil: 061 483091
Facs: 061 419063
Teil: 061 483790 / 061 326010
Facs: 061 329314
Teil: 061 457100 (mura bhfuil Maigh Rois ar fáil)
Facs: 061 457101
Teil: 061 209985
Facs: 061 209998
Teil: 069 66653
Facs: 069 62980
55
Maigh Eo
Foireann Obair Shóisialta Bhéal an
Átha
An tIonad Sláinte
Bóthar na Trócaire
Béal an Átha, Co Mhaigh Eo
Foireann Obair Shóisialta Chaisleán
an Bharaigh
Hill House
Radharc na Sléibhe
Caisleán an Bharraigh
Co Mhaigh Eo
Foireann Obair Shóisialta Bhéal Átha
na Muice,
An tIonad Sláinte
Béal Átha na Muice
Co Mhaigh Eo
Teil: 096 21511 / 096 24841
Facs: 096 70442
Teil: 094 9022333
Facs: 094 9026110
Teil: 094 9251900
Facs: 094 9252570
Tiobraid Árann Thuaidh
Rannóg Oibre Sóisialta Thiobraid
Árann Thuaidh
Sruthán Anna
Bóthar Luimnigh
An tAonach
Co Thiobraid Árann
St Mary's Health Centre
Sráid Parnell
Durlas
Co Thiobraid Árann
Teil: 067 41934
Facs: 067 42069
Teil: 0504 27609
Facs: 0504 24638
Ros Comáin
Seirbhísí Pobail Obair Shóisialta ar
Dualgas Bhaile Ros Comáin, Bóthar
Bhéal Átha Liag, Ros Comáin
Ionad Sláinte Cheantar Mhainistir na
Búille
Mainistir na Búille
Co Ros Comáin
Rannóg Oibre Sóisialta Cheantar an
Chaisleáin Riabhaigh
Teil: 090 66 37528 / 090 66 37556
Facs: 090 66 27043
Teil: 071 96 62087
Facs: 071 96 63496
Teil: 090 66 37842
Facs: 094 96 21288
56
Oifigí FSS
Heavey House
An Cnoc Rua
An Caisleán Riabhach
Co Ros Comáin
Sligeach/Liatroim/An
Cabhán Thiar:
Baile Shligigh agus na ceantair
máguaird:
Teach Markievicz
Sráid na Beairice,
Sligeach
Deisceart Chontae Shligigh:
One Stop Shop
Teach Laighne
Sráid Humbert
Tobar an Choire
Contae Liatroma/An Cabhán Thiar:
An Oifig Cúram Pobail
Bóthar Liatroma
Cora Droma Rúisc
Co. Liatroma
Teil: 071 91 55133
Facs: 071 91 55142
Teil: 071 91 20062
Facs: 071 91 85472
Teil: 071 96 50324
Facs: 071 96 20334
57
AGUISÍN 6
Cosaint do dhaoine a thuairiscíonn mí-úsáid leanaí
An tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998
Tugann an tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí, 1998
cosaint ar dhliteanas sibhialta do dhaoine a thuairiscíonn mí-úsáid leanaí 'go réasúnach
agus de mheon macánta' don FSS nó don Gharda Síochána. Ciallaíonn sé seo fiú dá
bhfaighfí amach nach raibh bunús ar bith le hamhras de mhí-úsáid leanaí a tuairiscíodh,
bheadh ar ghearánaí a ghlac gníomh a chruthú nár ghníomhaigh an tuairisceoir go
réasúnach agus de mheon macánta nuair a rinne sé/sí an tuairisc.
Baineann an chosaint seo le heagraíochtaí agus le daoine aonair. Meastar, mar sin, gur
cheart d'eagraíochtaí freagracht iomlán a ghlacadh as mí-úsáid amhrasta leanaí a
thuairisciú chuig na húdaráis chuí. Ní mór tuairiscí chuig an FSS agus chuig an nGarda
Síochána a dhéanamh de réir pholasaí agus threoirlínte Oifig na nOibreacha Poiblí.
De réir Alt 3 (1) den Acht:
“3. (I) Maidir le duine a bheadh, ar leith ón alt seo, faoi dhliteanas amhlaidh, ní bheidh sé nó sí
faoi dhliteanas maidir le damáistí i leith é nó í do chur a thuairime nó a tuairime in iúl, i scríbhinn
nó ar shlí eile, do dhuine cuí á rá-
(a) go raibh nó go bhfuil ionsaí á dhéanamh ar leanbh, ainíde á tabhairt do leanbh, faillí á
déanamh i leanbh nó drochúsáid ghnéasach á tabhairt do leanbh, nó (b) go bhfuil dochar inseachanta déanta nó á dhéanamh do shláinte, d'fhorbairt nó do leas
linbh nó faillí inseachanta déanta nó á déanamh sna nithe sin,
mura rud é go gcruthófar nár ghníomhaigh sé nó sí go réasúnach agus de mheon
macánta le linn teacht ar an tuairim sin agus í a chur in iúl don duine cuí""”.
Faoi Alt 4 den Acht céanna, ní chuirfear pionós ar fhostaí ar bith as mí-úsáid leanaí a
thuairisciú le hintinn mhaith chuig an FSS nó chuig an nGarda Síochána.
Cosaint arna bunú ar Phribhléid Shrianta
D'fhéadfadh freisin faoin ngnáthchóras dlí go mbeadh cosaint arna bunú ar phribhléid
shrianta ag duine a thugann tuairisc le hintinn mhaith agus chun leasa an linbh.
Forálann an gnáthchóras dlí cosaint, in imthosca áirithe, do dhaoine a dhéanann 31 ráiteas
ó bhéal nó scríofa de chinéal a bhféadfadh a n-údar a fhágáil faoi lé éileamh clúmhillte dá
ndéanfaí ráitis dá leithéid in imthosca difriúla. Tá an chosaint ann mar aitheantas ar an
bhfíric go bhfuil imnthosca ann inar gá go mbeadh daoine in ann labhairt go hoscailte gan
imní a bheith orthu faoi iarmhairtí díobhálacha dlí.
Go ginearálta, clúdaíonn an phribhléid cásanna ina bhfuil dualgas ar an té a rinne an
ráiteas labhairt nó leas éigin a chosaint. Ní gá gur dualgas dlíthiúil a bheadh sa dualgas a
58
bheadh i gceist: is leor dualgas morálta nó sóisialta ráiteas nó tuairisc a dhéanamh. Ní
mór go mbeadh dualgas comhfhreagrach ar fhaighteoir an ráitis an ráiteas a ghlacadh. Ní
bhaineann an chosaint ach amháin nuair nach mailís is cúis le déantóir an ráitis an ráiteas
a dhéanamh.
In imthosca ina bhfuil dualgas ar dhuine labhairt agus go ndéanann sé/sí é sin gan
mhailís, féadfaidh sé/sí a bheith cinnte go gcosnóidh an chosaint arna bunú ar phribhléid
shrianta é/í ó éileamh clúmhillte ar bith a d'fhéadfadh a bheith mar thoradh ar a ráiteas.
Beidh feidhm leis an gcosaint, mar shampla, nuair a thuairiscíonn fostaí dá b(h)ainisteoir
líne (nó duine éigin atá ainmnithe go speisialta) a (h)amhras bona fide go mb'fhéidir go
bhfuil comghleacaí leis/léi ciontach as gníomh mí-úsáide le linn fhostaíocht an
chomhghleacaí sin.
59
AGUISÍN 7
Líomhain i gcoinne ball foirne; Bearta Cosanta
Go dtí go mbeidh toradh ar an bhfiosrúchán, ní mór don Roinn cibé beart cosantach is gá
a thógail chun a chinntiú nach gcuirtear leanaí i mbaol do-ghlactha. Ní bearta araíonachta
na bearta cosantacha seo, agus d'fhéadfaidís an méid seo a leanas a áireamh:
Leibhéal cuí maoirseachta a chur ar fáil;
Dualgais a athshannadh ionas nach mbeidh teagmháil ag an gcúisí le leanaí/daoine
óga;
An ball foirne a chur ó dhualgas le pá.
Ba cheart gur in imthosca eisceachtúla amháin a chuirfí an ball foirne ó dhualgas fad is
atáthar ag fanacht ar thoradh ar an bhfiosrúchán. Ní mór a mhíniú don bhall foirne atá i
gceist gur beart réamhchúraim atá sa chinneadh é/í a chur ó dhualgas agus nach
smachtbhanna araíonachta atá ann.
Cuirfear tuairimí an bhaill foirne lena mbaineann san áireamh nuair atá cinneadh á
dhéanamh faoi na bearta cuí cosanta le tógáil. É sin ráite, is faoi Ard-Rúnaí na Roinne a
bheidh an cinneadh críochnaitheach.
60
AGUISÍN 8
Foirm Dhearbhaithe Foirne
Dearbhú an Pholasaí Cosaint Leanaí
Ainm (bloclitreacha): ___________________________________
___________________________________
Dáta breithe: ___________________________________
Seoladh: ___________________________________
____________________________________
Uimhir fóin: ____________________________________
Láthair oibre: ____________________________________
Grád: ____________________________________
Tá cóip de
Pholasaí Cosaint Leanaí na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
Tá na sonraí atá leagtha amach sa pholasaí léite agam agus tuigim iad. Aontaím go
leanfaidh mé na treoirlínte ar nósanna imeachta agus ar chleatais atá iontu.
Sínithe: __________________________________Ainm an Fhostaí
Dáta: ___________________________________
Ní mór an dearbhú seo a shíniú agus a sheoladh ar ais chuig:
An Rannán Pearsanra, An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Seomra 307,
Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath.
61
AGUISÍN 9
Foirm Féindearbhúcháin
AN ROINN EALAÍON, OIDHREACHTA AGUS GAELTACHTA
FOIRM FÉINDEARBHÚCHÁIN
Baineann rochtain shuntasach ar leanaí agus daoine óga leis an bpost. Tá an Roinn
tiomanta do leas agus do chosaint leanaí agus daoine óga agus, mar sin, ní mór
dúinn iarraidh ort an méid eolais seo a leanas a dhearbhú dúinn. Beidh an t-eolas a
chuirfidh tú ar fáil sa dearbhú seo faoi rún iomlán.
CÉADAINM: ___________________ SLOINNE: _____________________
(Bloclitreacha)
AINM(NEACHA) AR BITH EILE FAOINA RAIBH AITHNE ORT ROIMHE SEO
(má bhaineann):
______________________________________________________________
(Bloclitreacha)
AR CIONTAÍODH TÚ AS COIR RIAMH?
CIONTAÍODH NÍOR CIONTAÍODH
AR TUGADH RABHADH DUIT RIAMH?
TUGADH NÍOR TUGADH
AR CUIREADH FAOI BHANNAÍ TÚ RIAMH?
CUIREADH NÍOR CUIREADH
62
MÁ BHAIN CEANN AR BITH DE NA RÁITIS THUAS LEAT, SONRAIGH, LE
DO THOIL, AN CINEÁL COIRE/NA CINEÁLACHA COIREANNA A BHÍ I
GCEIST AGUS AN DÁTA/NA DÁTAÍ A BHAIN LEIS/LEO:
DÁTA NA COIRE AN CINEÁL COIRE
_______________ ____________________________________
_______________ ____________________________________
_______________ ____________________________________
_______________ ____________________________________
_______________ ____________________________________
TÁBHACHTACH
Ní mór duit an dearbhú seo thíos a shíniú agus dáta a chur air.
Sa chás go dtairgfear post duit, beidh tú faoi réir Sheiceáil an Gharda Síochána.
Má nochtann fiosrúchán seiceála an Gharda Síochána eolas ar bith a thagann
salach ar an méid atá tugtha agat sa dearbhú seo, dífhostófar tú láithreach.
SÍNÍTHE: ____________________________ DÁTA: __________________
63
AGUISÍN 10
Sliocht as "RIALACHÁIN FAOINA DTUGTAR AITHEANTAS DO CHOLÁISTÍ
SAMHRAIDH GAEILGE"
4(b) Ní mór don choiste deimhin a dhéanamh de, freisin, go ndéantar cúram ar leith de
shábháilteacht na ndaltaí i rith an chúrsa ina iomláine, go háirithe ar na bóithre, le
linn imeachtaí eagraithe ar na láithreáin imeartha agus ag cleachtadh snámha sa
bhfarraige agus sa linn snámha agus na tithe. Ní mór, freisin, polasaí scríofa a
cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun mí-úsáid pháistí, bulaíocht agus iompar
frithshóisialta eile a chosc. Caithfear ráiteas sláintíochta agus slándála a bheith i
scríbhinn agus ní mór oifigeach Sláinteachais agus Slándála a ainmniú agus a
chlárú i bplean an choláiste. Caithfidh cóip den ráiteas seo a bheith ar fáil do
chigirí agus d’ionadaithe eile na Roinne. Ní foláir don Choiste Stiúrtha a bheith
ar an eolas faoi na dualgais atá ar an gColáiste maidir le leas agus cosaint na
leanaí atá faoin a gcúram. Ba cheart don choiste a chinntiú go gcuirfear na
forálacha cuí ó na treoirlínte Tús Áite do Leanaí (‘Children First’) i bhfeidhm i
ngníomhaíochtaí uile an choláiste taobh istigh agus taobh amuigh den seomra
ranga agus na tithe lóistín.
Sliocht as "NA RIALACHÁIN FAOINA DTUGTAR AITHEANTAS DO CHOLÁISTÍ
SAMHRAIDH GAEILGE"
4(b) Ní mór don choiste deimhin a dhéanamh de, freisin, go ndéantar cúram ar leith
de shábháilteacht na ndaltaí i rith an chúrsa ina iomláine, go háirithe ar na
bóithre, le linn imeachtaí eagraithe ar na láithreáin imeartha agus ag cleachtadh
snámha sa bhfarraige agus sa linn snámha agus na tithe. Ní mór, freisin, polasaí
scríofa a cheapadh agus a chur i bhfeidhm chun mí-úsáid pháistí, bulaíocht agus
iompar frithshóisialta eile a chosc. Caithfear ráiteas sláintíochta agus slándála a
bheith i scríbhinn agus ní mór oifigeach Sláinteachais agus Slándála a ainmniú
agus a chlárú i bplean an choláiste. Caithfidh cóip den ráiteas seo a bheith ar fáil
do chigirí agus d’ionadaithe eile na Roinne. Ní foláir don Choiste Stiúrtha a
bheith ar an eolas faoi na dualgais atá ar an gColáiste maidir le leas agus cosaint
na leanaí atá faoina gcúram. Ba cheart don choiste a chinntiú go gcuirfear na
forálacha cuí ó na treoirlínte Tús Áite do Leanaí (‘Children First’) i bhfeidhm i
ngníomhaíochtaí uile an choláiste taobh istigh agus taobh amuigh den seomra
ranga agus na tithe lóistín.
64
65
Aguisín 11
Nósanna Imeachta Sábháilte um Earcaíocht d'Oibrithe agus Bainistiú Sábháilte
Oibrithe
Go ginearálta, cuirtear earcaíocht na Roinne i gcrích i gcomhar leis an tSeirbhís um
Cheapacháin Phoiblí. É sin ráite, déanann an Roinn bainistiú ar earcú na n-oibrithe
sealadacha séasuracha don tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ar bhonn
bliantúil. Fógraítear earcaíocht shealadach shéasúrach sna meáin chlóite sa cheantar
áitiúil ina bhfuil an post lonnaithe. Fógraítear na poist seo ar shuíomh gréasáin an SPNF
freisin. Tá eolas mionsonraithe ar an bpost agus cur síos ar an bpost curtha ar fáil ar an
suíomh gréasáin, chomh maith leis an bhfoirm iarratais do na poist. Is féidir eolas ar
ghníomhaíochtaí an SPNF a fháil ar an suíomh gréasáin, ar gá d'iarrthóirí cuairt a
thabhairt air chun an fhoirm iarratais a íoslódáil.
A luaithe is a thairgtear post d'iarrthóir, ní mór dóibh foirm chomhlánaithe d'imréiteach
an Gharda Síochána a chur isteach. Tá soláthar déanta chun athbhreithniú a dhéanamh ar
iarrthóir féideartha má thagann nochtadh chun cinn. Ag brath ar an ról atá fógartha,
d'fhéadfadh go mbeadh riachtanais shonracha ar leith ann a d'fhéadfadh iarrthóirí a chur
as an áireamh ó bheith ag obair san eagraíocht. Tá riachtanais shonracha ar bith don
phost sonraithe san fhoirm iarratais.
Mar chuid den pholasaí cosaint leanaí sa Roinn, ní mór do gach ball foirne dhá fhoirm
dhearbaithe a chomhlánú - ceann a aontaíonn go gcomhlíonfar na polasaithe éagsúla um
chosaint leanaí atá in áit sa Roinn agus foirm féin-dearbhúcháin (ag séanadh nó ag
dearbhú ciontuithe san am atá caite). Tá dualgas ar iarrthóirí grianghraf a chur isteach
lena bhfoirmeacha iarratais agus déantar litreacha ó mholtóirí a dhearbhú ar an nguthán.
I gcás baill foirne shealadacha, meastar gurb í an chéad mhí dá gconradh ar théarma
sheasta an tréimhse phromhaidh agus tá sin sonraithe sa chonradh. Aontaíonn an
bhainistíocht agus na hoibrithe na conarthaí agus teastaíonn imréiteach cuí slándála. Mura
bhfuil an t-imréiteach slándála chun sástacht na Roinne, d'fhéadfaí an conradh a
aisghairm.
Tá an fheidhm thuairiscithe sainaitheanta sa chonradh. Ó tharla gur Oibrithe Ginearálta
agus Treoraithe Oideachais/do Chuairteoirí iad an fhoireann shealadach shéasúrach de
ghnáth, is ar bhonn seachtainiúil a bhíonn an mhaoirseacht de ghnáth ach, go hiondúil,
bíonn sé níos minice ná sin.
Cuirfidh an bhainistíocht oiliúint aitheanta agus cuí i gCosaint Leanaí ar fáil agus
glacfaidh an fhoireann páirt inti nuair is gá.
66
Aguisín 12
Comhlíonadh
Tús Áite do Leanaí
Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, 2011. Seicliosta do na forais a mhaoinítear faoi scéimeanna deontas a
oibríonn An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta
67
Seicliosta do Chomhlíonadh Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí Leagtar amach i gcáipéis treorach Tús Áite do Leanaí (alt 4.2.2) na róil agus na freagrachtaí atá ar Ranna Rialtais mar seo a leanas: “Tá sé de dhualgas ar gach roinn Rialtais agus eagraíocht stát-mhaoinithe a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí nó a chuireann maoiniú ar fáil dóibh - go díreach nó go hindíreach trí mheán eagraíochtaí nó gníomhaireachtaí faoina coimirce - féachaint chuige go dtuigeann daoine sna heagraíochtaí ábhartha na treoirlínte atá i Tús Áite do Leanaí Treoir Náisiúnta agus go gcloítear leis na caighdeáin maidir le cosaint agus leas leanaí atá leagtha amach sa treoir sin nuair atá na seirbhísí á soláthar.” Déantar iarracht leis an seicliosta seo freagrachtaí na Roinne, mar atá leagtha amach thuas, a chomhlíonadh, d’fhonn leibhéal chur i bhfeidhm Tús Áite do Leanaí, maidir le seirbhísí atá á maoiniú ag an Roinn, a mheas. Cé a chaithfidh an seicliosta seo a chomhlanú? Má chuireann tusa nó d'eagraíocht gníomhaíochtaí nó seirbhísí ar fáil do leanaí agus do theaghlaigh, insíonn Tús Áite do Leanaí 2011 duit go bhfuil dualgas agus freagracht chorparáideach ort na leanaí atá faoi do chúram a chosaint. Mar eagraíocht nó duine aonair a sholáthraíonn gníomhaíochtaí nó seirbhísí do leanaí agus do theaghlaigh, ní mór duit treoir agus nósanna imeachta a fhorbairt don fhoireann agus d'oibrithe deonacha i ndáil le cosaint leanaí – de ghnáth leagtar é sin amach i bPolasaí Cosaint agus Leas Leanaí. Ní mór do sholáthróir seirbhís atá maoinithe nó íoctha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, agus a bhfuil baint aige le hobair nó gníomhaíocht ar bith, a gcuimsíonn cuid riachtanach nó rialta de go príomha le rochtain ar, nó teagmháil le, leanaí trí sholáthar gníomhaíochtaí oideachais, taighde, oiliúna, cultúrtha, áineasa, fóillíochta, sóisialta nó fisiciúla, nó soláthar comhairle do leanaí, nó cúram agus maoirseacht ar leanaí, an seicliosta seo a chomhlánú. I gcásanna ina bhfuil an Roinn ag maoiniú eagraíocht nó foras a chuireann maoiniú ar fáil do thríú páirtí ar bith a chuireann ceann ar bith de na seirbhísí thuasluaite ar fáil do leanaí, tá dualgas ar an bhforas nó an eagraíocht a fhaigheann maoiniú go díreach ón Roinn a chinntiú go bhfuil polasaithe agus nósanna imeachta a chomhlíonann Tús Áite do Leanaí curtha i bhfeidhm ag faighteoir an mhaoinithe. Cad é sprioc an tseicliosta seo? Cuideoidh an seicliosta seo le faighteoirí deontais, i gcásanna nuair is infheidhme, an leibhéal de chur i bhfeidhm Tús Áite do Leanaí i soláthar a seirbhíse nó a seirbhísí a mheas, agus tá sé bunaithe ar an méid seo a leanas:
Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, 2011; Ár nDualgas Cúraim - An Roinn Sláinte 2002; Treoir Eatramhach Tusla d’Fhorbairt an Bheartais, na Nósanna Imeachta & na gCleachtas
um Chosaint agus Leas Leanaí. Ba chóir an seicliosta seo a chomhlánú agus tagairt á déanamh do na cáipéisí seo.
68
Cuideoidh cur i gcrích an tseicliosta agus soláthar eolais thábhachtaigh, i ndáil le conas a thugann tusa nó d’eagraíocht cosaint do leanaí, leatsa agus leis an Roinn i gcomhlíonadh ár n-oibleagáidí faoi seach i ndáil le leanaí. Nótáil, le do thoil, mura gcomhlíonann do pholasaí cosaint leanaí na caighdeáin dá dtagraítear sa seicliosta go bhféadfadh sé tarlú nach mbeadh an Roinn in ann maoiniú a chur ar fáil duitse nó do d'eagraíocht. Seicliosta an Pholasaí Cosaint Leanaí Má thugann tú freagra NÍL ar cheann ar bith de na ceisteanna, luaigh cén gníomh ceartaitheach atá tú chun a thabhairt faoi agus achar ama táscach ina leith, más infheidhme. Mura bhfuil sé infheidhme, abair cén fáth.
1 Polasaí Cosaint agus Leas Leanaí (PC&LL)
Tá Níl Abair má theastaíonn gníomh chun cur i bhfeidhm/géilliúntas a chinntiú
Achar Ama
1.1 An bhfuil Polasaí Cosaint agus Leas Leanaí (PC&LL) agat a thagann le Treoir Náisiúnta Tús Áite do Leanaí 2011 agus Ár nDualgas Cúraim 2002?
1.2 An bhfuil sainmhínithe agus comharthaí mí-úsáide mar atá leagtha amach in Tús Áite do Leanaí 2011 sa PC&LL?
1.3 An bhfuil eolas ar
Alt 176 den Acht um Cheartas Coiriúil 20061 (leanaí a chur i mbaol go meargánta) agus
an tAcht um Cheartas Coiriúil (Faisnéis faoi Chionta in aghaidh Leanaí agus Daoine Soghonta a Choimeád Siar) 2012 sa PC&LL?2
1.4 An bhfuil cur síos ar cad is forais réasúnacha imní ann sa PC&LL?
1.5 An bhfuil nochtadh siarghabhálach sa PC&LL?
1 cuireann dualgas ar dhuine le húdarás nó smacht ar leanbh nó ar mhí-úsáideoir gan an leanbh a chur i mbaol d’aon turas nó go meargánta trí iad a fhágáil nó a chur i gcás ina mbeidís i mbaol suntasach dochair nó mhí-úsáid ghnéis thromchúiseach. Sonraíonn sé go bhfuil coir déanta acu má theip orthu céimeanna réasúnacha a thógáil chun leanbh a chosaint má bhí siad ar an eolas go raibh an leanbh sin i mbaol. 2 is cion coiriúil é eolas a bhaineann le cion dáiríre a dhéanamh, lena n-áirítear cion gnéasach, i gcoinne duine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois nó duine leochaileach eile, a choimeád siar.
69
1.6 An bhfuil breac-chuntas sa PC&LL ar struchtúr soiléir tuairiscithe, go háirithe, cé air/uirthi a bhfuil an fhreagracht imní faoi chosaint agus leas leanaí a thuairisciú agus cé leis/léi?
1.7 An bhfuil Teagmhálaí Ainmnithe ceaptha do d’eagraíocht de réir Tús Áite do Leanaí 2011? Má tá, tabhair ainm an Teagmhálaí Ainmnithe:
1.8 An bhfuil Leas-Teagmhálaí Ainmnithe ceaptha agat? Má tá, tabhair ainm an Leas-Teagmhálaí Ainmnithe:
1.9 An bhfuil nósanna imeachta maidir le rúndacht i do pholasaí?
1.10 An bhfuil comhroinnt eolais sa chás go dtagann imní faoi chosaint nó leanaí chun cinn sa PC&LL?
1.11 An bhfuil nósanna imeachta chun déileáil le líomhaintí i gcoinne baill foirne sa PC&LL?
1.12 An bhfuil Cód Iompraíochta idir an fhoireann agus daoine óga leagtha amach sa PC&LL?
1.13 An bhfuil treoir tugtha sa PC&LL ar bhainistiú iompar dúshlánach? e.g. iompar atá ionsaithe ó bhéal agus go fisiciúil
1.14 Má bhaineann le hábhar, an bhfuil nósanna imeachta agat chun déileáil le turais/imeachtaí lae do leanaí?
1.15 An bhfuil treoir faoi leith agat don fhoireann maidir le leanaí atá an-leochaileach3?
3 Leanaí a bhféadfadh sé tarlú go ndearnadh mí-úsáid nó neamart orthu, nó atá i mbaol mí-úsáide nó neamairt, lena n-áirítear
leanaí i suíomhanna cónaithe; leanaí atá faoi chúram an Stáit faoin Acht um Chúram Leanaí 1991 (cúram altrama, cúram gaolta, cúram cónaithe); leanaí atá gan dídean; leanaí atá faoi mhíchumas; leanaí dealaithe atá ag lorg tearmainn; leanaí a bhfuil gáinneáil á ndéanamh orthu.
70
Má tá, sonraigh le do thoil
1.16 An bhfuil dea-chleachtas i ndáil le bainistiú sábháilte ar ghníomhaíochtaí, lena n-áirítear tosca aghaidh ar aghaidh leagtha amach sa PC&LL?
1.17 An bhfuil nós imeachta maidir le gearáin i do pholasaí?
1.18 An bhfuil nósanna imeachta maidir le hEachtraí/Timpistí i do pholasaí?
1.19 An bhfuil nósanna imeachta maidir le coinneáil taifead i do pholasaí? Má tá, an sonraíonn do nósanna imeachta maidir le coinneáil taifead gur chóir taifid a choinneáil in áit shábháilte agus ar bhonn rúnda? Agus an sonraíonn do nósanna imeachta maidir le coinneáil taifead an áit ina stóráiltear taifid maidir le líomhaintí, léirithe imní faoi chosaint leanaí?
1.20 An bhfuil do Pholasaí Cosaint agus Leas Leanaí á chur ar fáil agat do thuismitheoirí agus do dhaoine óga? Sonraigh conas a chuireann tú do pholasaí ar fáil i.e. suíomh gréasáin, cóip chrua tugtha do thuismitheoirí etc.:
2 An Fhoireann agus Oibrithe Deonacha
2.1 An bhfuil iarratais á ndéanamh agat ar Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána agus ar
71
ghrinnfhiosrúchán ó thíortha eile, má bhaineann, maidir le baill foirne agus oibrithe deonacha?
2.2 An bhfuil tosca sonracha agat a chuirfeadh iarratasóirí as an áireamh ó bheith ag obair i d’eagraíocht?
2.3 An bhfuil nósanna imeachta agat maidir le hearcú agus bainistiú oibrithe deonacha?
2.4 An bhfuil nósanna imeachta agat maidir le maoirseacht baill foirne agus oibrithe deonacha?
2.5 An bhfuil eolas ionduchtúcháin ar Pholasaí Cosaint agus Leas Leanaí d’eagraíochta ar fáil don fhoireann agus d’oibrithe deonacha?
2.6 An bhfuil oiliúint á cur ar fáil agat don fhoireann ábhartha maidir le Cosaint agus Leas Leanaí?
3 Meicníochtaí i gcomhair Athbhreithnithe
3.1 Cé chomh minic is é ndéanann tú athbhreithniú ar do Pholasaí Cosaint agus Leas Leanaí?
3.2 Cé atá freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar do Pholasaí Cosaint agus Leas Leanaí? Ainm: Sonraí Teagmhála:
72
RÁITEAS Dearbhaím leis seo go bhfuil an t-eolas atá tugtha thuas agam fíor agus cruinn. Dearbhaím leis seo go dtugaim cead an t-eolas thuas a nochtadh chun críocha an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014 agus na nAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003. Sínithe: __________________________________________________ Post/Teideal: _____________________________________________ Ainm na heagraíochta/an fhorais: ________________________________________________________ Sonraí Teagmhála: (Fón) (Rphost) Dáta ar cuireadh an seicliosta i gcrích: ________/_______/_______
Úsáid na Roinne amháin: Ainm an bhainisteora maoiniúcháin sa Roinn: ________________________________________________________ Dáta ar fuarthas an seicliosta: ________/_______/_______