project homepage:  · foghlaimeoirí na teangacha a thógann siad ar scoil a úsáid sna hábhair,...

2
Austria: HLW Rankweil, Rankweil Elisabeth Allgäuer-Hackl & Angelika Kessler www.hlwrankweil.at Germany: Heinrich-Heine-Gymnasium, Köln Gisela Fasse & Atina Krawczyk www.hhgonline.de Ireland: Ardscoil Rís, Limerick Tracey Foley www.ardscoil.com Italy: Sozialwissenschaftliches, Klassisches, Sprachen- und Kunstgymnasium, Meran, Eva Tessadri www.gymme.it Italy: Gymnasium Walther von der Vogelweide, Bozen Gisela Mayr www.gymnasium.bz.it Italy: Fachoberschule für Tourismus und Biotechnologie „Marie Curie“, Meran - David Augscheller www.fos-me.it Turkey: Esenler Mesleki ve Teknik Anadolu Lisesi, Istanbul Mustafa Demirer & Emre Deveci www.esenlermtal.meb.k12.tr IT Partner: Danmar Computers LTD £ukasz K³apa, Rzeszów (Poland) www.danmar-computers.com.pl QA partner: University of Turku Joachim Schlabach, Turun Yliopisto (Finland) www.utu.fi Experts: Technische Universität Darmstadt, Britta Hufeisen and Ute Henning, Darmstadt (Germany) www.daf.tu-darmstadt.de Coordinator: Institute of Technology Tralee, Kristin Brogan, Tralee (Ireland) www.ittralee.ie project homepage: www.plur-e.eu Partner schools

Upload: others

Post on 01-Sep-2019

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Austria: HLW Rankweil, RankweilElisabeth Allgäuer-Hackl & Angelika Kesslerwww.hlwrankweil.at

Germany: Heinrich-Heine-Gymnasium, KölnGisela Fasse & Atina Krawczykwww.hhgonline.de

Ireland: Ardscoil Rís, LimerickTracey Foleywww.ardscoil.com

Italy: Sozialwissenschaftliches, Klassisches, Sprachen-und Kunstgymnasium, Meran, Eva Tessadriwww.gymme.it

Italy: Gymnasium Walther von der Vogelweide, BozenGisela Mayrwww.gymnasium.bz.it

Italy: Fachoberschule für Tourismus und Biotechnologie„Marie Curie“, Meran - David Augschellerwww.fos-me.it

Turkey: Esenler Mesleki ve Teknik Anadolu Lisesi, IstanbulMustafa Demirer & Emre Deveciwww.esenlermtal.meb.k12.tr

IT Partner: Danmar Computers LTD£ukasz K³apa, Rzeszów (Poland)www.danmar-computers.com.pl

QA partner: University of TurkuJoachim Schlabach, Turun Yliopisto (Finland)www.utu.fi

Experts: Technische Universität Darmstadt,Britta Hufeisen and Ute Henning, Darmstadt (Germany)www.daf.tu-darmstadt.de

Coordinator: Institute of Technology Tralee,Kristin Brogan, Tralee (Ireland)www.ittralee.ie

project homepage: www.plur-e.euPartner schools

An tionscadal Plur>E

Leanann Plur E an tionsadal PlurCur de chuid ECML a reachtáladh laistigh den Chlár Foghlama trí Theangacha (Learning Through Languages Programme) ó 2012 go 2015. An aidhm atá ag an tionscadal Plur>E ná coincheap an pholasaí ar an scoil uile, ilteangaigh, iniataigh agus idirchultúrtha a fhorbairt tuilleadh i réimse meánoideachais agus i gcomhthéacs idirnaisiúnta. Saothraíonn scoileanna nasctha ó chúig thír na hEorpa tionscadail theangabhunaithe. Cuirfidh siad i bhfeidhm iad agus déanfaidh siad measúnú orthu, bunaithe ar choincheap na gcuraclam ar an scoil uile ilteangacha. Is é an príomh-spriocghrúpa ná foghlaimeoirí agus múinteoirí ach tá baint ag bainistíocht scoile agus ag lucht déanta beartas leis an tionscadal Plur>E chomh maith.

Chun níos mó eolais a fháil ar an tionscadal PlurCur, téigh go dtí an suíomh greasáin de chuid ECML (www.wcml.ie) agus féach ar an suíomh gréasáin de chuid PlurCur: www.ecml.at/plurcur

Tá gach teanga atá le fáil i scoil áirithe cuimsithe i bpolasaí ar an scoil uile ilteangach, iniatach agus idirchultúrtha: mionteangacha agus teangacha an mhóraimh, teangacha réigiúnacha, oidhreachta agus teangacha in aice láimhe. Múintear teangacha mar ábhair ar bhealach iniatach; forluíonn teagasc briathartha agus neamhbhriathartha ar mhaithe le múineadh ábhair a bheith ina mhúineadh teanga chomh maith. Ní bhaintear úsáid as teangacha ach na cinn atá le fáil cheana in institiúid áirithe. Ciallaíonn sin go soláthraíonn scoileanna cúrsaí teanga breise maidir le teangacha de chuid teaghlaigh na ndaltaí agus/nó go spreagann múinteoirí foghlaimeoirí na teangacha a thógann siad ar scoil a úsáid sna hábhair, maidir le soiléiriú, brí, malartú agus araile.

Mar gheall ar chur chuige foghlama teanga atá ilteangach, faigheann foghlaimeoirí léargas níos mó ar struchtúir éagsúla teanga. Mar shampla, is féidir leo comparáidí agus codarsnachtaí a dhéanamh idir na teangacha a úsáideann siad. Mar thortha, éiríonn le daltaí a bheith feasach ar aistriú dearfach agus diúltach idir na teangacha a úsáideann siad. Cabhraíonn an sórt cur chuige seo le daltaí a bhfeasacht mheithitheangelaíocht a leasú (an fheasacht atá acu ar shaothrú teangacha) agus a gcuid straitéisí foghlama teangacha a leathnú.

Nascanna a chruthú idir teangacha agus ábhair

Ag leasú eolais faoi theangacha

Tá seomraí ranga ar fud na hEorpa ag éirí a bheith níos ilteangaí agus níos ilchultúrtha. Cuirtear dúshlán faoi mhúinteoirí maidir le hionchorprú éifeachtach na scileanna teanga atá ag daltaí cheana féin ina gceachtanna. Tá féidearthachtaí ionchasacha ag polasaí teanga ar an scoile uile chun cur le cuir chuige nua oideolaíocha agus modheolaíocha. Leasfadh sin próiseas foghlama na ndaltaí go léir.

Bunaítear gníomhaíochtaí agus aschur tionscadail ar thaighde reatha leanúnach i ngort an ilteangachais. Tá suim speisialta ag an tionscadal Plur>E sna hiniúchtaí ar fheasacht ilteangach nó ar fheasacht mheithitheangeolaíocht agus ar úsáid teangacha (iasachta) chun ábhair a mhúineadh (cuir chuige CLIL mar a deirtear – Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha). Is gort taighde suimiúil eile atá in ann eolas a thabhairt le cleachtas Plur>E ná idirthuiscint Eorpach, mar shampla, úsáid an réamheolais teanga chun teangacha nua a fhoghlaim (i.e. úsáid na Fraincise chun teangacha Románsacha eile a fhoghlaim).

Beidh tuarascálacha de chuid scoileanna nasctha ar fheidhmiú na gcuraclam ar an scoil uile ilteangacha cuimsithe mar aschur atáthar ag súil leis, chomh maith le samplaí dea-chleachtais an mhúineadh teanga ilteangaigh atá bailithe le linn saoil an tionscadail. Bunaithe ar an taithí a bhaileofar, tabharfar moltaí ar fhorbairt scoile do bhainistíocht scoile agus do lucht déanta beartas. Chomh maith leis an méid sin, cruthófar modúil Plur>E ar líne ar líonrú le comhpháirtithe reatha agus todhchaíocha ar mhaithe le samplaí dea-chleachtais a roinnt le múinteoirí, daltaí, tuismitheoirí agus boird scoile.

Ag cruthú nascanna idir eolas nua agus réamheolas na ndaltaí

Múineadh agus foghlaim taighdebhunaithe

Aschur atáthar ag súil leis