snáithe: drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a...

28
Curaclam na Bunscoile Liosta ábhar: Drámaíocht NCCA, 35 Fitzwilliam Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, Email: [email protected] Nóta don léitheoir Ceann de shraith doiciméad ar aon dul leis is ea an cháipéis seo, a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a fhorbairt, ar éileamh ó mhúinteoirí go gcuirfí bealach soléite ar fáil d’ábhar Churaclaim na Bunscoile. Baineann gach cáipéis go sonrach le hábhar scoile ar leith, agus tugtar liosta ann de na cuspóirí ábhar agus scileanna, nuair atá fáil orthu. Cuirtear an t-ábhar seo i láthair faoi na ceithre leibhéal ranga: Naíonáin, Ranganna a hAon/a Dó, Ranganna a Trí/a Ceathair, Ranganna a Cúig/a Sé.

Upload: hoanganh

Post on 06-Feb-2018

247 views

Category:

Documents


8 download

TRANSCRIPT

Page 1: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Curaclam na Bunscoile

Liosta ábhar:Drámaíocht

NCCA, 35 Fitzwilliam Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, Email: [email protected]

Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar aon dul leis is ea an cháipéis seo, a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) a fhorbairt, ar éileamh ó mhúinteoirí go gcuirfí bealach soléite ar fáil d’ábhar Churaclaim na Bunscoile. Baineann gach cáipéis go sonrach le hábhar scoile ar leith, agus tugtar liosta ann de na cuspóirí ábhar agus scileanna, nuair atá fáil orthu. Cuirtear an t-ábhar seo i láthair faoi na ceithre leibhéal ranga: Naíonáin, Ranganna a hAon/a Dó, Ranganna a Trí/a Ceathair, Ranganna a Cúig/a Sé.

Tabhair cuairt ar an gcuraclam ag curriculumonline.ie le teacht ar ráiteas iomlán maidir le hábhar.

Page 2: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Clár

Ranganna na Naíonán 3

Ranganna a hAon/a Dó 7

Ranganna a Trí/a Ceathair 11

Ranganna a Cúig/a Sé 16

Gliogáil ar leibhéal ranga ar leith le dul ar aghaidh go dtí na leathanaigh ábhartha.

Page 3: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Ranganna naíonánSnáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú

Snáithaonad: Iniúchadh agus déanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

féith an tsúgartha trí chur i gcéill a fhorbairt chun go ndéanfaí drámaíocht di

o tosú le gléasadh súgarthach agus dul i dtreo déanamh drámaíochta i dtaobh na gcarachtar gléasta

o dul ó chur i gcéill gur coinín aonair sa choinicéar é/í go bheith ina bhall de bhaicle coiníní a chaithfidh beart a cheapadh chun déileáil le sionnach a bhíonn de shíor ag cur isteach orthu le linn dóibh a bheith ag iníor

o a chur i gcéill gur ball de bhaicle bréagán i siopa é/í nuair a thagann an siopadóir chun a rá leo go gcaithfidh sé/sí an siopa nó ceann acu féin a dhíol

o dul ó bheith ag gabháil do chluiche fiaigh i dtosach go bheith mar thíogar ag gabháil don chluiche céanna agus ina dhiaidh sin dul i dtreo drámaíochta i dtaobh tíogair ach a mbeidh an fuinneamh céanna ag baint léi agus a bhain leis an gcluiche tosaigh

cumas a fhorbairt feidhmiú i ról mar chuid dhílis de ghníomhaíochto ról chúntóir an bhéir ar mian leis dreapadh in aghaidh an aird

shleamhain a ghlacadho ról duine de na páistí a n-iarrann an leon orthu a bheith ina gcairde

aige a ghlacadho rólanna difriúla i ndráma puipéad a ghlacadho ról duine atá, mar shampla, ag iarraidh clós imeartha a chur ar fáil

do choileáin tíogair a ghlacadh i ndráma i dtaobh sráidbhaile oiriúnach a thógáil do thíogair

eolas a chur ar cé mar is féidir spás agus rudaí éagsúla a úsáid chun saol samhailteach a chruthú faoi mar dá mbeadh sé ann i ndáiríre

o seasann bord agus cathaoir do ríchathaoir rí nó bhanríonatoireasc nó slaitín draíochta is ea rialóir

o má dheasaítear cathaoireacha agus rudaí eile i slí áirithe féadfaidh an páiste a bhfuil ag titim amach sa spás sin a shamhlú

o déantar clochán thar shruthán de leathanaigh pháipéir

3

Page 4: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

an tionchar a bhíonn ag saol ficseanach san am atá thart agus ag saol ficseanach a shantaítear san am atá le teacht ar ghníomhaíocht dhrámata láithreach a eispéiriú

o cuireann an eachtra a d'éirigh do na coiníní nuair a chuaigh an sionnach sa tóir orthu, agus ina theannta sin an dúil atá acu fanacht slán, iachall orthu machnamh a dhéanamh i dtaobh an chaoi le gníomhú feasta

o ós rud é gur mhian leis na páistí cuairt a thabhairt ar an mbábóg bhreoite san ospidéal tá orthu na huaireanta cuartaíochta a dhearbhú agus, mar sin, breathnaíonn siad an uimhir theileafóin agus ghlaonn siad ar an ospidéal

o ós rud é go bhfuil a fhios ag na páistí go mbíonn eagla ar an tsióg sa dorchadas i gcónaí agus gur mian leo nach mbeidh eagla uirthi feasta, tairgíonn siad í a thabhairt go dtí an draoi, duine a leigheasfaidh í

feasacht a fhorbairt i dtaobh an chaoi a gcuidíonn sé/sí, mar bhall de ghrúpa, chun an tsuim a choinneáil beo agus marthanach i ngníomhaíocht dhrámata

o i dteannta leis an ngrúpa, díriú go hiomlán ar a áiteamh ar an draoi meata nach ndéanfaidh an frog dochar ar bith dó/di

o i ndráma faoi tharrtháil sléibhe, díriú go hiomlán ar chuidiú leis an ngrúpa ar fad an treoraí a leanúint thar an gclochán gan duine ar bith a thitim isteach san uisce

o trí éisteacht go haireach le glórtha ainmhithe sa choill, a chinneadh i gcomhairle leis na páistí eile an mbeadh sé sábháilte an puball a fhágáil

o agus cártaí bisigh á ndéanamh aige don bhábóg bhreoite coinníonn an múinteoir an fócas ar an mbábóg trí insint do na páistí faoina c(h)uairt féin go dtí an t-ospidéal

feasacht ar theannas i ndrámaíocht a fhorbairto murar féidir leis an mbéar dreapadh in aghaidh an aird shleamhain

ní bheidh sé/sí in ann an phiongain thréighthe a tharrtháilo má thiteann duine amháin (a seasann cóta dó) isteach sa sruthán,

beidh air/uirthi agus ar an ngrúpa ar fad éirí as an turaso nuair a thairgeann strainséar 'cneasta' milseáin dó/di agus do chuid

eile den ghrúpa cinneann an grúpa cibé a ghlacfaidh siad leo nó a mhalairt.

4

Page 5: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Snáithaonad: Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

an cumas a fhorbairt léirsmaoineamh ar an ngníomhaíocht agus í ar siúlo tuairim a chaitheamh arbh fhéidir leis/léi agus leis na páistí eile a

áiteamh ar an tseanbhean arán a thabhairt dóibh dá mba rud é go raibh siad níos láiche léi

o i ndrámaíocht i dtaobh béar ag dul ar scoil, a mheá cad ba chóir do bhéir a chur ina málaí scoile ar maidin

o léirsmaoineamh ar iompar cuí nuair a thugtar cuairt ar dhuine in ospidéal agus an dóigh lena thaispeáint gur cás linn an duine breoite a phlé agus a léiriú

an coibhneas atá idir scéal, téama agus taithí an tsaoil a eispéiriúo ról duine de na páistí a ghlacadh sa dráma faoi shráidbhaile na

dtíogar, páiste a chaitheann a p(h)lean a chosaint tar éis do thaoiseach na dtíogar (an múinteoir ag imirt i ról) a fhógairt nach n-oireann an plean sin do na tíogair

o cuid de na straitéisí a mbaineann an páiste leas astu chun cairdeas a dhéanamh le daoine a léiriú don leon a bhfuil ag teip air cairdeas a dhéanamh

na léargais a gnóthaíodh i rith na drámaíochta a roinnt le daoine eile a insint o mar a d'airigh sé/sí féin nuair ab éigean don tsióg siúl cosnochtaithe

sa sneachtao a rá an mbeadh modh oibre eile ag Mamaí nó Daidí le hais duine de

charachtair an dráma.

5

Page 6: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Snáithaonad: Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

an cumas a fhorbairt, as ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus comhoibriú leo i múnlú drámaíochta

o comhoibriú le daoine eile, i ngrúpaí beaga, agus radharc idir phuipéid á cheapadh

o a c(h)ion féin d'idéanna a thabhairt i dtaobh cén áit ar chóir gach poll a láithriú sa choinicéar, an áit ar cheart an phlásóg a bheith, agus an áit ar cheart na cosáin trí na driseacha a bheith

o i ndráma i dtaobh áirce, uainíocht a dhéanamh ar a chéile, ag déanamh aithrise ar ghlór a (h)ainmhí féin

Snáithaonad: Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

an cumas a fhorbairt, as ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile aguscomhoibriú leo i múnlú drámaíochta

o comhoibriú le daoine eile, i ngrúpaí beaga, agus radharc idir phuipéid á cheapadh

o a c(h)ion féin d'idéanna a thabhairt i dtaobh cén áit ar chóir gach poll a láithriú sa choinicéar, an áit ar cheart an phlásóg a bheith, agus an áit ar cheart na cosáin trí na driseacha a bheith

o i ndráma i dtaobh áirce, uainíocht a dhéanamh ar a chéile, ag déanamh aithrise ar ghlór a (h)ainmhí féin

an cumas a fhorbairt, i ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus comhoibriú leo i múnlú drámaíochta

o a c(h)ion féin d'idéanna a chur i láthair i dtaobh cad ab fhearr a dhéanamh má tá an oíche bháistí seo le cur díobh ar an sliabh acu

o cuidiú le daoine eile a shocrú conas ab fhearr bealach as an bhforaois a aimsiú

o agus iad ina dtarrthálaithe, cuidiú le daoine eile cinneadh ar na hamhráin a d'fhéadfaidís canadh don rí nó don bhanríon ionas nach dtabharfadh sé/sí faoi deara an príosúnach á scaoileadh saor

o mar dhaoine atá ag dul go dtí an t-oileán, abair na rainn agus na hamhráin a shásóidh an bádóir.

6

Page 7: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Ranganna a hAon/a DóSnáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú

Snáithaonad: Iniúchadh agus déanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

an cumas cur i gcéill go súgrach a úsáid chun páirt iomlán a ghlacadh sa drámaíocht

o dul ó chluiche púicín go dráma i dtaobh páistí ar dhall cailleach ghránna iad

o cleasa sorcais a cheapadh do mháistir sorcais a chaill a c(h)uid cleas féin agus iad a bheith sách maith chun dallamullóg a chur ar rí nó ar bhanríon mhallaithe

o gníomhú mar a dhéanfadh duine ar ghrúpa fear nó ban sneachta atá ag súgradh, ag canadh agus ag damhsa fad atá daoine ina gcodladh nuair a insíonn Seáinín Seaca dóibh nach fada go dtiocfaidh an ghrian

an fheasacht atá á cothú aige/aici do na difríochtaí idir dhaoine a úsáid chun tosú ar an gcoibhneas idir ról agus carachtar a thuiscint

o inchloisteacht agus láine gutha a mhéadú nuair a bhítear ag caint leis an bhfear ag an droichead dleachta atá bodhar

o an radharc ina gcuireann an mangaire ina luí ar Sheán gur ceart dó a pheata bó a dhíol ar mhála pónairí a léiriú agus an sórt daoine iad an mangaire agus Seán a iniúchadh

o i leagan eile den scéal céanna, an radharc a léiriú ina gcastar Jenny ar bhean chéile an fhathaigh den chéad uair agus ina n-insíonn an bhean di cad é mar chiapadh é maireachtáil leis an bhfathach

o páirt a ghlacadh i 'léiriú' do dhaoine ón tSín, daoine ar mhian leo eolas a chur ar an gcineál saoil atá ag daoine in Éirinn

mar a cheaptar comhthéacs agus mar a chruthaítear réaltacht dhrámata le cabhair spáis agus rudaí a eispéiriú

o nithe éagsúla a dheasú chun gnéithe de sheomra ina dtagann baill foirne camógaíochta nó peile le chéile a chur in iúl

o úsáid a bhaint as rudaí éagsúla chun na réimsí difriúla i gcoinicéar a chur in iúl

7

Page 8: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

o glactar le scaif timpeall an mhuinéil mar fhalaing ríoga a ghluaiseann ón rí nó ón mbanríon go dtí an bochtán nuair is mian leo siúd a staid sa saol a mhalartú ar feadh lae

an tionchar a bhíonn ag saol ficseanach san am atá thart agus ag saol ficseanach a shantaítear don am atá le teacht ar ghníomhaíocht dhrámata láithreach a eispéiriú

o toisc go bhfuil a fhios ag na páistí go bhfuil an bhanphrionsa i ngéibheann sa chaisleán agus fonn a bheith orthu í a shaoradh, tá iachall orthu dul chun margaíochta le garda an gheata

o toisc gur tugadh rabhadh do na haoirí agus dá mná céile gur dócha gur caimiléirí iad na hóstóirí, caitheann siad go faichilleach leis an óstóir áirithe seo

o agus a fhios ag na hainmhithe go bhfuil roinnt de na hainmhithe ab fhiáine tar éis ainmhithe beaga a ithe, téann siad chuig Naoi agus iarrann siad air 'Rialacha na hÁirce' a leagan síos

cumas a fhorbairt fócas na gníomhaíochta drámataí a choinneáil beoo díriú go hiomlán ar chabhrú chun na fadhbanna matamaitice a

cheapann garda an gheata a réiteacho conas is féidir linn cabhrú leis an bpéacóg a chaill an cumas a

heireaball a leathadho tá na ceannlitreacha agus na mionlitreacha ag argóint lena chéile,

ach caitheann siad a n-ábhar spairne a chur uathu nuair a chloiseann siad go bhfuil ríomhaire ag teacht ar mhian leis sclábhaithe dá cuid a dhéanamh díobh

o i ról mar bhall den ghrúpa atá ag iarraidh an mhuc dhraíochta a fháil ón bhfeirm, ceistigh an bhean a bhfuil mioneolas aici ar obair na feirme

tosú ar a thabhairt faoi deara mar a chuireann teannas leis an drámaíocht ar dhóigh a dheimhníonn go maireann spéis na rannpháirtithe inti

o a chinneadh i dteannta leis an ngrúpa an dtabharfar eolas an bhealaigh go dtí an séipéal d'fhear áirithe agus an gnó atá aige ann a thomhas

o sa dráma céanna, a chinneadh an inseofar don gharda gur tugadh eolas an bhealaigh don fhear áirithe úd

o i ndráma i dtaobh cairdis agus eisiatacht, suntas a thabhairt don chaoi a n-iompraíonn baill an ghrúpa iad féin nuair a thaobhaíonn duine a gcomhluadar den chéad uair

o cad a tharlaíonn nuair a chasann an garda a labhraíonn Gaeilge ar na páistí agus iad tar éis an chathaoir a thógáil as an teach.

8

Page 9: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Snáithaonad: Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

an cumas a fhorbairt, as ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus comhoibriú leo i múnlú drámaíochta

o bac-chúrsa a leagan amach, áit a seasann na heilimintí difriúla do na deacrachtaí éagsúla a d'fhulaing na haoirí ar a mbealach go Beithil

o i ndráma faoi spásthaisteal, a chinneadh ar cheart dúinn stopadh agus Mars a thaighde, féachaint cén saghas é i ndáiríre, roimh leanúint leis an drámaíocht

o éisteacht agus cúnamh a thabhairt nuair a lorgaíonn an múinteoir cabhair chun ócáidí tábhachtacha in aistear na hÁirce sular shroich siad an domhan nua a mheabhrú agus a chlárú

an cumas a fhorbairt, i ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus comhoibriú leo i múnlú na drámaíochta

o a phlé agus a chinneadh ar cheart bóthar na sléibhte nó an bóthar síos i dtreo an uisce a ghabháil

o i ról mar dhuine de ghrúpa ar phicnic, moltaí a dhéanamh i dtaobh cé mar ba chóir don ghrúpa dul i mbun fiosraithe, gan amhras a tharraingt orthu féin, d'fhonn a fháil amach cé leis na héadaí agus na giuirléidí a fritheadh

o a chinneadh, tar éis dul i muinín seanléarscáile, cé acu treo ba cheart a ghabháil chun teacht ar an gciste

caidreamh ficseanach a fhorbairt trí idirghníomhaíocht leis na carachtair eile i radhairc mhionghrúpa nó ranga de réir mar a bhíonn an drámaíocht á cumadh

o i ról mar bhean tuaithe, bheith ag iarraidh do chuid earraí a dhíol i log margaidh atá lán le robálaithe agus bithiúnaigh

o i ról mar asal, iarracht a dhéanamh trí mheán cumarsáide fisiceacha agus gutha a chur in iúl do do mháistrí mar is gráin leat do thiomáint suas in aghaidh leitreach carraigí

o i ról mar bhall de ghrúpa teifeach atá stiúgtha leis an ocras, iarracht a dhéanamh do chuid feirge a chur in iúl dóibh siúd atá ag cur baic ort dul isteach sa ghort cruithneachta

o i ról mar aoire, déan iarracht a dhéanamh do chuid caorach scaipthe a bhailiú isteach sa loca gan éirí ró-chrosta leo

radharc a cheap mionghrúpa amháin de na mionghrúpaí agus iad ag obair ag an am céanna a léiriú do bhaill eile an ranga

9

Page 10: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

o mar chuid de dhráma i dtaobh teagmhála le fathach, léirigh mar ba chóir, dar leat, an eochair ollmhór a ardú go dtí an glas chun an doras a oscailt

o mar dhuine de thriúr a roghnaíodh go fánach, léirigh don rang an radharc ina dtugtar lámh chúnta don asal dul suas an leitir charraigeach

o mar dhuine de bheirt a roghnaíodh go fánach, léirigh mar a d'áiteofá ar do mháthair ligean duit dul isteach sa choill.

10

Page 11: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Ranganna a Trí/a CeathairSnáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú

Snáithaonad: Iniúchadh agus déanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

glacadh leis an gcomhthéacs ficseanach drámata chomh spontáineach saoráideach agus a thug sé/sí faoin gcur i gcéill súgarthach

o i ndráma faoi chor i saol teaghlaigh, an fhearg agus an frustrachas a eascraíonn as coimhlint i dtaobh athrú an chainéal teilifíse a eispéiriú

o i gcomhthéacs ina bhfuiltear sásta glacadh lena n-iarmhairtí ficseanacha, tabhairt faoi fháiltiú a bheartú le haghaidh ball treibhe lena bhfuil siad in iomaíocht ach a bhfuil a gcabhair ag teastáil chun tuama ursanach a thógáil

o déan dráma ina dtarlaíonn easaontas i measc grúpa páistí ag imirt cluiche 'cleas na bacóide'

o agus 'hata an tsaineolaí' á chaitheamh aige/aici, cabhraíonn an múinteoir leis na páistí páirt a ghlacadh san fhicsean trí litir ón Tiarna Caernarfon a léamh dóibh, litir ina dtugtar cuireadh dóibh teacht ar fheachtas chun na hÉigipte chun tuama Tutankhamun a thochailt

an coibhneas idir ról agus carachtar a thuiscint agus an cumas a fhorbairt cloí le ról nó carachtar chomh fada agus is gá le haghaidh na gníomhaíochta drámataí

o ina rólanna mar bhaill treibhe, cinneann na páistí ar thuama ursanach a thógáil, ach de réir mar a thagann forbairt ar a gcarachtair i gcaitheamh na drámaíochta cinneann siad ar éirí as an tionscadal

o tá míol mór tar éis teacht i dtír ar an trá: spreagtar na páistí chun a ligean orthu féin gur daoine áirithe iad a bhfuil dearcadh faoi leith acu i leith an mhíl mhóir (dearcadh nach ionann le dearcadh na bpáistí féin)

o castar Clann Lir ar ghrúpa daoine a bhfuil tuairimí éagsúla acu i leith ealaí

o i radharc ar bord loinge cuirtear mionteagasc ar bhall amháin den ghrúpa a léiriú chomh smaointeach is atá (Naomh) Pádraig i gcomparáid leis na gialla eile

11

Page 12: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

mar a chuidíonn sé úsáid a bhaint as spás agus as rudaí chun comhthéacs a chruthú agus chun téamaí drámata a chur in iúl a fhionnachtain

o na mataí corpoideachais a shamhlú mar bhrait dhraíochta ar féidir leo eitilt go críocha éagsúla

o rud éigin a shamhlú mar mheaisín a bhfuil sé/sí ag iarraidh é a dhíol ar an margadh

o a thabhairt faoi deara gur féidir le hiomaitheoirí argóna agus iad ag druidim i dtreo a chéile go dréimreach an bharúil a threisiú gur gearr go mbeidh siad i gcochall a chéile

o mar a mhéadaíonn ar an bhfonn imeachta a luaithe agus a chinntear ar fheall a dhéanamh ar chara a thabhairt faoi deara

an tionchar a bhíonn ag saol ficseanach san am atá thart agus ag saol ficseanach a shantaítear don am atá le teacht ar ghníomhaíocht dhrámata láithreach a iniúchadh

o tar éis taithí ar bheith ag iarraidh an chloch a bhogadh agus fonn a bheith anois orthu filleadh ar an mbaile chun teacht i gcabhair ar a muintir, atá stiúgtha ag an ocras, ní mór do bhaill na treibhe a chinneadh cé acu an dtabharfaidh siad an chloch leo nó an bhfágfaidh siad sa phortach í, áit a shlogfar í

o agus é ar eolas go bhfuil an taoide ag tuilleadh go tapaidh agus nach bhfuil snámh ag cuid de na páistí, a chinneadh cé acu ab fhearr iarracht a dhéanamh ar lapadaíl go háit slán nó an oíche a chaitheamh ar an oileán

o agus a fhios acu gur thit an páiste isteach sa loch, cinneann na tuismitheoirí ar a fháil amach cé mar a tharla an timpiste

o tá a fhios ag Aonghas go bhfuil Pádraig naofa agus ní maith leis cur isteach ar a phaidreacha; léirigh an méid a tharlaíonn nuair a shánn Pádraig cos Aonghasa de thaisme

eolas ar na rialacha a chabhraíonn chun fócas a choinneáil beo saghníomhaíocht dhrámata a shealbhú

o na rialacha simplí a thugann fócas agus brí do ghníomhaíocht dhrámata a shealbhú agus a chur i bhfeidhm, mar shampla 'déan do chuid', 'creid é, tá sé ag tarlú duit', 'éist le tuairimí daoine eile agus tóg ceann díobh'

o ciall an tomhais a threoróidh é/í chuig an áit ar thuirling an UFO a dhéanamh amach ón léarscáil

o leantar an cinnire agus na hairm á n-iompar tríd an mbearna chaol sléibhe

o cabhraítear leis na páistí an spásaire a theagasc chun na bláthanna a shaothrú

12

Page 13: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

mar bhall buíne, tosú ar theannas a thabhairt isteach i ngníomhaíochtdhrámata

o mionteagasc a thabhairt don triú carachtar atá ar tí páirt a ghlacadh sa drámaíocht agus beartas dá c(h)uid féin aige/aici nach bhfuil aon eolas ina thaobh ag an mbeirt atá gafa sa drámaíocht cheana

o spreagann oibrí santach ag tuama Tutankhamun daoine atá gnóthach i mbun cóipeanna d'iairiglifí a dhéanamh chun gach is féidir leo a ghoid

o i ndrámaíocht faoi na difríochtaí idir dhá ghrúpa páistí, cuirtear leis an teannas trína chur i dtuiscint do chách go bhféadfadh duine ar bith i gceann de na grúpaí bheith ina spiaire ag an ngrúpa eile

o léirigh an radharc nuair a dhéanann duine de na gialla iarracht ar éaló ó lár an mhargaidh, áit a bhfuil Miolchu ag ceannach Phádraig

tosú ar script a úsáid mar réamhthéacso a fhoghlaim gur ceart breathnú ar phíosa scripte mar chuireadh chun

gníomhaíocht dhrámata a chruthú agus a fhionnachtain go bhféadfadh go leor gníomhaíochtaí difriúla eascairt as sé líne scripte

o teacht isteach ar a phróiseas machnaimh féin a dhéanamh de scripto bí in ann script ghearr Ghaeilge a láimhseáil agus dráma a

dhéanamh dio is é uain an tsaineolaí iairiglifí spraoi a dhéanamh dá

c(h)omhghleacaithe sa champa oibre trí scéal na n-iairiglifí a rinne sé/sí a chóipeáil a léiriú.

Snáithaonad: Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

léirsmaoineamh agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíocht dhrámata ar leith d'fhonn cúrsaí forbartha eile a chruthú mar mhalairt uirthi

o fiafraíonn sé/sí de/di féin an mar seo a chaithfeadh tuismitheoir lena p(h)áiste agus cén chríoch a d'fhéadfadh bheith ar an drámaíocht dá mbeadh sé/sí féin níos cineálta

o i ndrámaíocht faoi chairdeas fiafraíonn an buachaill bó de féin ar chóir dó a insint don sirriam cad a chonaic sé á dhéanamh ag a chara

o cinneadh an bhfuil an drámaíocht sách spreagúil agus machnamh ar a bhféadfaí a dhéanamh chun é a dhéanamh níos spreagúla fós

an coibhneas idir scéal, téama agus taithí an tsaoil a fhoghlaim trí mheán drámaíochta

13

Page 14: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

o trí mheán dráma i dtaobh páiste nach gceadaíonn a t(h)uismitheoirí dó/di choíche a rogha rud a dhéanamh, ceisteanna i dtaobh saoirse agus freagrachta a chur agus a iniúchadh

o dá mbeadh ar dhuine sraithscéal a dhéanamh i dtaobh na scoile, an radharc is fearr a thabharfadh léargas ar an scoil a léiriú mar radharc ghrúpa i dteanntale páistí eile

o léiríonn grúpaí beaga freagairt daoine ag ócáidí mórathruithe sa stair

trí leas a bhaint as na léargais go léir a eascraíonn as gníomhaíocht dhrámata a chur le chéile, an acmhainn a fhorbairt tátail a bhaint agus hipitéisí a cheapadh i dtaobh an tsaoil agus i dtaobh daoine

o an tuairim atá ag páiste amháin gur seafóid atá sa dráma toisc gur fadó riamh a bheadh an bhaicle gafa dá ndéanfaidís iad féin a iompar mar a rinne

o léirsmaoineamh a dhéanamh ar an gceist seo: an ndéanann tuismitheoirí i gcoitinne iad féin a iompar faoi mar a rinne na tuismitheoirí sa dráma?

o de thoradh na drámaíochta a rinneadh faoi thuama ursanach, léirsmaoineamh a dhéanamh ar an méid fadhbanna a bhí le sárú ag daoine anallód chun an t-imshaol atá againn inniu a chruthú

o tá cartlannaithe thuama Tutankhamun ag tiomsú stair na tochailte agus ní mór do gach duine acu beathaisnéis ghearr air/uirthi féin a chur i láthair agus a c(h)uid oibre a mhíniú.

Snáithaonad: Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

an cumas a fhorbairt, as ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus comhoibriú leo i múnlú drámaíochta

o rólanna a mhalartú le chéile i mionghrúpaí oibre sa chaoi go bhfaighidh gach ball den ghrúpa deis a chion féin a thairiscint agus gach carachtar á mhúnlú

o comhoibriú le baill eile an ghrúpa agus léiriú ealaíne á dhéanamh ar an sórt saoil a gcónaíonn muintir na gcreag ann

o taighde a dhéanamh ar na cineálacha uirlise tí agus feirme a d'úsáideadh daoine míle bliain ó shin chun taithí a fháil trí mheán na drámaíochta ar an gcineál oibre a d'fhéadfaidís a dhéanamh

an cumas a fhorbairt, i ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus comhoibriú leo d'fhonn an drámaíocht a mhúnlú

14

Page 15: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

o in obair mhionghrúpaí, tobchumadh a choinneáil ar siúl ach gan athrá, d'fhonn airgtheacht agus cruthaitheacht a chinntiú

o i ndráma Gaeilge, a shocrú cad is ceart a dhéanamh, anois go bhfuil feirmeoir tar éis dul go dtí na Gardaí tar éis dó a chlos go bhfuil sé/sí, mar bhall den ghrúpa, ag foghlú ar thalamh an fheirmeora, cloí leis an gcinneadh sin agus glacadh lena iarmhairtí sa drámaíocht

o le cabhair léarscáile a chuireann an múinteoir ar fáil, a shocrú cé acu bealach ab fhearr a ghabháil go dtí teach an fhir a dhéanann cairdeas

o nuair atá an bád iompaithe bunoscionn san fharraige agus an lón bia ag dul i ndísc, a chinneadh mar bhall den ghrúpa cé acu ab fhearr tosú ag ithe anois agus a bheith ag súil go ndéanfar an grúpa a tharrtháil nó an bia a chiondáil agus síneadh a bhaint as

agus téacs na drámaíochta á chumadh, caidreamh ficseanach a fhorbairt trí idirghníomhaíocht leis na carachtair eile i radhairc mhionghrúpaí nó ranga iomláin

o an tionchar a bhíonn ag iomaíocht idir threibheanna ar chaidreamh nuair a bhíonn bia á roinnt a fhionnachtain

o an caidreamh a fhásann idir dhaoine nuair a bhíonn imní orthu an dtiocfaidh gaolta leo slán trí stoirm ar an bhfarraige a fhionnachtain

o an fhorbairt a thagann ar chaidreamh a fhionnachtain i radharc ina dteipeann go tobann ar an solas i dteach a bhfuil taibhsí ann

radharc as an dráma a léiriú go spontáineach do dhaoine eile nó radharc a cheap mionghrúpa ag obair ag an am céanna a léiriú don chuid eile den rang

o mar chuid de dhrámaíocht faoi pháistí ag tógáil tuama ursanaigh, leírigh leathnóiméid de ghníomhaíocht ina bhfulaingíonn baill na treibhe cruatan

o léirigh mar a bhí cúrsaí sa bhaile nuair a seachadadh litir an mhúinteora ag insint go raibh Jenny á mí-iompar féin

o léirigh, i ról mar ghrúpaí bleachtairí i ndráma faoi choir, mar a cheapann gach grúpa a tharla an choir

o i ndráma faoin saol in oileán teochreasach, a léiriú cé mar a fhásann an gaol caidrimh idir na cailíní nuair a théann siad ag snámh san fharraige.

15

Page 16: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

Ranganna a Cúig/a SéSnáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a iniúchadh d'fhonn tuiscint a chothú

Snáithaonad: Iniúchadh agus déanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

páirt a ghlacadh go cuí agus gan stró i gcomhthéacs ficseanach drámata, bíodh lucht féachana aige/aici nó ná bíodh

o dráma i dtaobh daoine glasa ó dhomhan diamhair a léiriú; páirt a ghlacadh ann, faoi mar a dhéanfadh sé/sí i gcur i gcéill súgarthach, leis na mothúcháin, an tocht agus na próisis mhachnaimh a dhúiseofaí i nduine nach bhfaca solas ariamh nuair a bheadh sé/sí ag teacht isteach i solas an lae

o sa dráma céanna, réamhchlaonta na chéad daoine ar casadh na páistí glasa orthu a léiriú go hiomlán, go cruinn agus i ról

o mar shórt cluiche, déan dráma as liosta focal a thugtar dóibh scóip an léirithe i ról agus carachtair a leathnú chun go gcuimseofaí an

cumas glacadh le mionteagasc a chinnfeadh an múinteoir, an grúpa nó anpáiste féin agus é a choimeád ar siúl

o ina ról mar mháistreás lách theach na mbocht, coinníonn an páiste siar an scéala go gcaithfidh baill an teaghlaigh scarúint óna chéile go dtí an nóiméadtráthúil

o i radharc ina bhfuil páistí an teaghlaigh ag beartú dul ar imirce, nuair a thagann an té atá ag glacadh pháirt na máthar isteach deirtear léi: 'Ná habair faic; ach bíodh amhras ort i dtaobh an mhéid a bhí á rá acu'

o glacadh leis an mionteagasc breathnú ar charachtar agus ar an gcaoi a n-áitríonn sé/sí a spás pearsanta agus ar an gcaoi a ngluaiseann sé/sí laistigh de (é seo a chomhghaolú le rince)

mar a chuidíonn úsáid spáis agus rudaí chun comhthéacs a thógáil aguschun téama an dráma a chur in iúl a fhionnachtain

o agus mionghrúpa ag gabháil do dhráma Gaeilge, cuirtear na cathaoireacha agus rudaí eile in eagar áirithe chun go léireoidís teach gan chónaí ann

o mar a fhéadfaidh an chaoi a bhfuil daoine agus rudaí suite i spás faisnéis a thabhairt i dtaobh caidrimh agus teagmhas a fhionnachtain

16

Page 17: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

o ag baint leasa as pictiúr de bhothán in aimsir an Drochshaoil, rudaí a leagan amach chun an bothán a chur in iúl

an tionchar a bhíonn ag saol ficseanach san am atá thart agus ag saol ficseanach a shantaítear don am atá le teacht ar ghníomhaíocht dhrámata láithreach a iniúchadh

o tar éis dóibh tuar na gaoithe a shéideann anuas an gleann a aithint agus a fhios acu chomh scriosach is atá sí mar ghaoth, is mian le páistí ghleann na Róine a rá lena dtuismitheoirí faichill a dhéanamh uirthi

o agus a fhios acu mar atá cos ar bolg á dhéanamh ag na smuigléirí orthu, ní foláir do mhuintir an oileáin a chinneadh cé acu comhairle ab fhearr a dhéanfadh a leas amach anseo, tuairisc orthu a thabhairt do na póilíní nó a gcearta féin a bhaint amach le lámh láidir

o tar éis dóibh a shocrú gur cheart a cheadú don spásbhean cur fúithi abhus, cuireann grúpa eolaithe turgnamh ar siúl ar chomhdhéanamh aeir d'fhonn a fháil amach an bhféadfadh sí maireachtáil san aerbhrat seo

inniúlacht a fhorbairt ar chur i bhfeidhm na 'rialacha imeartha' a choinníonn fócas i ngníomhaíocht dhrámata beo

o modhanna a bheartú a chinnteoidh nach scoiltfear drámaíocht atá ar siúl in dhá shuíomh, sa seomra suí agus sa chistin, in dhá dhrámaíocht ar leith

o cuidiú le hatmaisféar an tseomra fhuair thais ina bhfuiltear ag fanacht le teacht an taibhse a chruthú agus a choinneáil

o i ról mar dhuine de na cailíní atá ag lorg a máithreacha, ceistigh úinéir na feirme faoin méid a chonaic sé/sí

cuidiú i bpleanáil gníomhaíochta drámata a chuimseodh teannas ad'oirfeadh don téama a bheadh á iniúchadh

o i ndrámaíocht i dtaobh macántachta, an dóigh ar féidir le teachtaireachtaí fisiceacha agus briathartha a thrasnaíonn a chéile cealg a chur in iúl a iniúchadh

o agus na hiascairí ag imeacht go ceann trí mhí agus a dteaghlaigh á bhfágáil ar an gcé acu, cabhraigh chun an teannas a mhúsclaítear i ngach aon duine de thoradh bheith ag iarraidh bheith meanmnach a chruthú agus bheith feasach air

o ról mar bhall d'fhoireann damhsa i ndrámaíocht i dtaobh feille, damhsa a chumadh a chuireann in iúl don bhanríon go bhfuil a rún scaoilte

bheith ar a s(h)ocracht le scripteanna agus na próisis bhunaidh trína n-iompaítear script ina ghníomhaíocht a thuiscint

o ceisteanna mar cé hé, cad é, cén áit, cén uair agus cén fáth a chur agus an ghníomhaíocht a spreagtar le script áirithe á cruthú

17

Page 18: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

o feasacht ar na bun-nósanna a ghabhann le scríobh drámaí a shealbhú trí phíosaí scripte a scríobh do ghrúpaí eile, ó am go ham, lena dtiontú ina dtéacsanna drámaíochta

o cúpla líne scripte a léiriú go comhuaineach mar thús do dhrámaíocht i dtaobh scaipeadh teaghlach le linn an Drochshaoil

idirdhealú a dhéanamh ar na cineálacha difriúla genre, leithéidí coiméide, tragéide, fantaise

o tosú ar a thuiscint gur féidir a rialacha féin a bheith ag na genres éagsúla drámaíochta (seachas drámaíocht nádúrtha), amhail mar a bhíonn i gcluichí

o chun dráma a chrochadh amach as an modh nádúrtha, radharc ciúin ina dtaispeánfaí eachtra éigin i gcampa oibre a léiriú agus aithris ar ghlórtha páistí ag súgradh ar an trá á déanamh ag an gcuid eile den rang sa chúlra ag an am céanna

o dráma a léiriú ina mbíonn na daoine fásta á n-iompar féin mar pháistí agus na páistí á n-iompar féin mar dhaoine fásta

o grúpa breise carachtar a cheapadh a d'fhéadfadh casadh ar Alice (i dTír na nIontas) agus an eachtra a d'éireodh di ina bhfochair a léiriú

o drámaíocht ghreannmhar a dhéanamh faoi nathair san áiléar.

Snáithaonad: Léirsmaoineamh ar dhrámaíocht

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

léirsmaoineamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht dhrámata ar leith d'fhonn cúrsaí forbartha malartacha a chruthú a léireoidh níos fearr na patrúin mhaireachtála agus na saincheisteanna atá faoi scrúdú

o duine a chur ar bhranraí teoo an dán a scríobhfadh an carachtar ag an bpointe seo a chumadh

agus a chinneadh ansin ar an rud is dóichí a dhéanfaidh sé/sí (uaireanta is é leas an pháiste dearbhmhothúcháin a dheighilt amach uaidh/uaithi)

o a shocrú, mar bhall de ghrúpa, ar cheart cabhrú le bean an chóta fhionnaidh chun bualadh leis an tráchtálaí fionnaidh, duine a dheiseoidh an cóta di

o a shocrú, mar bhall de ghrúpa, cé acu a ligfear do shaighdiúir bualadh ar aghaidh agus seans go marófar é/í nó a b(h)eatha féin a chur i mbaol chun é/í a tharrtháil

an coibhneas idir scéal, téama agus taithí an tsaoil a fhoghlaim trídhrámaíocht

18

Page 19: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

o agus na póilíní ag fáil sparáin a tréigeadh mar thúsphointe, treo an fhiosraithe a iniúchadh ach a thabhairt faoi deara go gcaithfear cloí leis na rialacha imeachta nach mór do na póilíní aird a thabhairt orthu

o bulaíocht a iniúchadh trí dhrámaíocht faoi bhuachaill nó chailín, a m(h)áthair agus a (h)athair, mhadra agus bhaicle a ionsaíonn é/í agus é/í ag dul ar scoil

o fadhb mhatamaitice i dtaobh tógálaí a dteastaíonn uaidh/uaithi séipéal a athnuachan a réiteach trí dhrámaíocht ina n-úsáidtear próiseas 'hata an tsaineolaí'

trí leas a bhaint as na léargais go léir a eascraíonn as gníomhaíocht dhrámata a chur le chéile, an acmhainn a fhorbairt tátail a bhaint agus hipitéisí a cheapadh i dtaobh an tsaoil agus i dtaobh daoine

o i ndrámaíocht suite ar bord loinge seoil, na fáthanna a n-éireodh idir na mairnéalaigh thraochta agus an captaen agus go ngabhfaidís an long a iniúchadh

o mar bhall de ghrúpa, cairt bhalla a réiteach ar a léireofaí na léargais a nochtadh dóibh i ndrámaíocht i dtaobh pop-ghrúpa agus na tátáil don saol a d'fhéadfaí a bhaint astu

o mar bhall de ghrúpa páistí a labhraíonn Gaeilge cinneadh conas is fearr an cailín Sasanach a mhúineadh chun na ceisteanna a chuirfidh an garraíodóir uirthi as Gaeilge a fhreagairt.

Snáithaonad: Comhoibriú agus cumarsáid i ndéanamh drámaíochta

Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

an cumas a fhorbairt, as ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine agus comhoibriú leo i múnlú drámaíochta

o freagairt i mionghrúpaí do spreagadh an mhúinteora nuair a deir sé/sí 'Déanaimis dráma gearr i dtaobh na heagla'

o mar bhall de ghrúpa, cinneadh ar an sórt radhairc is fearr a léireoidh don chuid eile den rang an saghas saoil a chaith daoine in aimsir ár seanaithreacha agus seanmháithreacha

o i radharc faoi bhás duine ar thionscadal tógála balla in aimsir an Drochshaoil, aontú i dtaobh an ama ab fhearr an fócas a aistriú chun go bhfásfadh an scéal as an ngníomhaíocht

o a chinneadh ar cheart do mhná an oileáin a insint do na strainséirí go bhfuil na bláthanna sléibhe fíorluachmhar

o a chinneadh cé a ghabhfaidh air/uirthi féin gnéithe éagsúla an taighde is gá a dhéanamh sula ngabhtar ar aghaidh leis an dráma

19

Page 20: Snáithe: Drámaíocht chun mothúcháin, eolas agus idéanna a ... Web viewCuraclam na . Bunscoile. Liosta ábhar: Drámaíocht. Nóta don léitheoirCeann de shraith doiciméad ar

an cumas a fhorbairt, i ról, cumarsáid a dhéanamh le daoine eile agus comhoibriú leo chun an dráma a mhúnlú

o i ról mar 'shaineolaithe' ar an stair áitiúil, taighde a dhéanamh ar an gcineál saoil a chaith daoine sa bhlian 1925

o freagairt do dhúshlán an mhúinteora, 'Anois go bhfuil bréag inste ag Celia, an féidir linn an fhírinne a insint gan an chuma a bheith ar an scéal gur theipeamar uirthi, nó cad a dhéanfaimid?

o i ndráma i dtaobh fánaithe agus lonnaitheoirí, cinneadh ar an eagar is fearr a chur ar na vaigíní i gcás ionsaithe

caidreamh ficseanach a fhorbairt trí idirghníomhaíocht le carachtair eile i radhairc mhionghrúpaí nó ranga iomláin i rith chumadh théacs na drámaíochta

o i bpíosa drámaíochta faoi charachtar agus chara ar mhaith leis/léi breathnú ar roinnt éan, ligtear don chaidreamh eatarthu forbairt go fisiceach agus go mothúchánach de réir mar a bhíonn an radharc á léiriú

o i ndráma ina bhfuil fear as an spás amuigh, duine nach eol dó/di an fharraige agus duine nach bhfaca an oíche riamh ag iarraidh an ghealach a iascach as an bhfarraige, déantar an caidreamh a éiríonn eatarthu a iniúchadh

o i ndráma i dtaobh an Drochshaoil, na saghsanna caidrimh a fhásann idir na páistí a éalaíonn amach go formhothaithe san oíche go dtí garraí na bprátaí féachaint cad tá i gceist ag a sinsir le dubh na bprátaí a iniúchadh

radharc as an dráma a léiriú go spontáineach do bhaill eile an ghrúpa nó radharc a cheap mionghrúpaí agus iad ag obair ag an am céanna a léiriú don chuid eile den rang

o radharc a léiriú ina dtaispeántar mar a théann nuacht buaite an Chrannchuir i gcion ar bhaill teaglaigh

o mar chuid de dhrámaíocht faoi chrógacht lucht déanta na síochána, léiriú a thabhairt ar an radharc ina bhfágann an laoch slán ag a t(h)eaghlach roimh imeacht dó/di ar a f(h)eachtas

o mar chuid de sceits ghrinn faoi dhaoine nach fiú leo dada, radharc a léiriú ina bhfuil na hiománaithe nó na himreoirí camógaíochta agus gan aird dá laghad acu ar aitheasc an traenálaí roimh an gcluiche.

20