sraith 16

10
Sraith 16 Teip sa scrúdú tiomána

Upload: hafwen

Post on 20-Jan-2016

101 views

Category:

Documents


0 download

DESCRIPTION

Sraith 16. Foclóir. Alcól Rugadh na Gardaí orthu Brú / brú comhaoise Ag méadú / ag dul in olcas Club óige Ag dul ar imirce Ag glacadh an dól Dífhostaíocht Córas na bpointí. Beir Labhair Féach Pléigh Sroich Téigh Ól Díol Ceap Smaoinigh Beartaigh Déan Tosaigh. - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Sraith  16

Sraith 16

Teip sa scrúdú tiomána

Page 2: Sraith  16
Page 3: Sraith  16

Pic 1

1. Tá an sraith seo bunaithe ar teip sa scrúdú tiomána.

2. Leagtar síos bunchloch an scéil sa chéad phictiúr le Cathal os comhair an ionad tástála.

3. Drochlá atá ann gan amhras.

4. Níl aon dabht ach go bhfuil imní ar Chathal.

5. Feictear carranna eile le plátaí ‘L’ lasmuigh den ionad tástála.

6. Guíonn a athair ádh mór air.

7. Is léir nach raibh sé ag tnúth leis an scrúdú.

Page 4: Sraith  16

Pic 2

1. Forbraítear an scéal sa dara phictiúr leis an scrúdaitheoir ag cur cúpla ceist ar Chathal.

2. Breacann sé síos na freagraí go dícheallach agus ansin ar aghaidh leo leis an scrúdú praictiúla.

3. Caitheann an scrúdaitheoir spéaclaí dubha.

4. Feictear an bheirt acu sa charr agus aghaidh imníoch ar Chathal.

5. Tosaíonn sé ag tiomáint leis an scrúdaitheoir in aice leis, le fáisc-chlár ina lámh aige.

Page 5: Sraith  16

Pic 3

1. Leanann eachtraí an scéil ar aghaidh sa phictiúr seo.

2. Feicimid Cathal ag tiomáint istigh i lár an bhaile.

3. Go tobann feiceann sé a chairde ar thaobh na sráide.

4. Croitheann a chairde lámh leis agus déanann Cathal an rud céanna ar ais leo.

5. Is léir gur rud an-dhainséarach é seo agus tuigimid go bhfuil an scrúdaitheoir ar buile leis.

Page 6: Sraith  16

Pic 4

1. Forbraítear an scéal sa phictiúr seo nuair a bhuaileann carr Cathal an carr atá roimhe.

2. Is cinnte go drochthimpiste atá ann.

3. Tá an seanfhear le croiméal agus caipín ag tiomáint an chairr eile.

4. Is léir gur bhain an timpiste geit uafásach as an bhfear seo.

5. Tá ionadh an domháin le feiceáil ar aghaidh an fhir toisc nach dtuigeann sé cad a tharla.

Page 7: Sraith  16

Pic 5

1. Leathnaítear an scéal sa phictiúr seo.2. Feictear Cathal, an scrúdaitheoir agus tiománaí

an chairr eile ag seasamh in aice leis an gcarr.3. I bpreabadh na súl/gan mhoill tháinig/tagann

Garda chuig láthair na timpiste.4. Tá Cathal i bponc ceart anois.5. Tá gach ribe gruaige ina seasamh ar a cheann.6. Feicimid go bhfuil an tiománaí eile fíor-chosta

toisc go bhfuil an-chuid damáiste déanta dá charr.

Page 8: Sraith  16

Pic 6

1. Críochnaíonn an scéal ar nóta dóchasach.

2. Feictear Cathal in oifig an scrúdaitheora I ndiaidh an scrúdú.

3. Is léir go bhfuil díomá an domhain ar Chathal.

4. Níl amhras ach go bhfuil cuma náireach air.

5. Deir an scrúdaitheoir leis go bhfuil níos mó cleachtadh uaidh.

6. Ar a laghad, gheobhaidh sé seans eile chun an scrúdú a thógaint.

7. Is léir gur fhoghlaim Cathal ceacht tábhachtach faoi sábháilteacht ar an mbóthar!!

Page 9: Sraith  16

Ceisteanna1. Ca bhfuil Cathal ag seasamh I bpic 1?2. Cad a tharla do Chathal I bpic 4?3. Cad atá ar siúl sa dara leath de phic a 2?4. Cé mhéad duine atá I bpic 6?5. Cé a thagann ar an láthair I bpic 5?6. Cá bhfuil sé ag tiomáint I bpic 3?7. Cé atá ag caint le Cathal I bpic 6?8. Cad atá ar fhuinneog an chairr I bpic 1?9. Cén scrúdú atá á dhéanamh ag Cathal?10. Cén cuma atá ar aghaidheanna na ndaoine ar an tsráid I bpic 4?11. Cad atá I lámh an scrúdaitheora I bpic 2?12. Cad a rinne Cathal I bpic 3?13. Cén toradh a bhí ann don scrúdú ag an deireadh?14. Cén t-ord a thugann an scrúdaitheoir I bpic 2?

Page 10: Sraith  16