· web viewis ionann an réamhrá seo den chuid is mó agus an t-alt liom a foilsíodh in...
TRANSCRIPT
Scríbhinní Mháire
SÉAMUS Ó GRIANNA
Cnuasach dá Chuid Scríbhneoireachta
a foilsíodh ar
AN tULTACH
In eagar
ag
Nollaig Mac Congáil
MÁIRE AGUS AN tULTACH1
Ó tharla go raibh an oiread sin dáimhe ag Máire lena bhunadh féin, lena chontae féin agus lena Chúige féin, ábhar iontais a bheadh ann mura mbeadh sé le háireamh i measc scríbhneoirí An tUltach i gcaitheamh na mblianta. Nuair a chuimhnítear nach raibh riamh ag na hUltaigh mar fhoilseachán rialta Gaeilge2 dá gcuid féin ach An tUltach, bheadh sé le céill go bhfágfadh Máire lorg a phinn ansin go rialta.
Tá amach is isteach ar chaoga teideal leis foilsithe ansin ag toiseacht i mí na Nollag sa bhliain 1924 ar aghaidh go dtí earrach na bliana 1946. Sin lear mór scríbhneoireachta agus, cé gur scríobh Máire an dúrud aistí i rith a shaoil, caithfear a rá go raibh An tUltach ar cheann de na hirisí is minice a mbíodh ábhar leis foilsithe uirthi.1 Is ionann an réamhrá seo den chuid is mó agus an t-alt liom a foilsíodh in Mícheál Ó Máirtín (eag.), Meascra Uladh II (Comhaltas Uladh, 1983) 152-4. 2 Ní miste a lua anseo go raibh iris eile ann i dTír Chonaill, mar atá, An Crann, a mhair ó 1916 go dtí 1924. Iris dhátheangach a bhí ansin, áfach. Chuir Máire fáilte roimh an iris sin i dtús ama mar is léir ón litir seo a leanas uaidh.A Journal of Ulster IrishTo the Editor of the Derry JournalSir,The publication of a journal of Ulster Irish, which was suggested by the Most Rev. Dr. O'Donnell at the opening of the Letterkenny Gaelic class, and which was subsequently discussed in a practical manner by the authorities of Cloghaneely College, is an undertaking that deserves consideration and support from everyone desirous for the spread of our Northern dialect. For my part I look forward hopefully to the publication of such a periodical, because I believe it will form the gateway through which the language of Tirchonaill will find its way into books, which will prove suitable in treatment and matter for our Northern schools. There is at present a crying necessity for Ulster texts, and that necessity must be looked to if the Language Movement is to progress. In the purely Irish-speaking districts in Donegal, the task which the teachers have to face is simply this: they have to teach two foreign languages; and the pupils find English almost as easy to understand as the kind of Irish to be found in the books on the Board's little list. It is a serious drawback to the movement that there is a wide difference between the Irish which the pupils speak and hear in the home and that which they read and write at school. The gulf between the spoken language and the written leads to a conviction on the part of the little ones that the home dialect is one of illiterate rustics, and that only Southern Irish is worthy of a place in books or on the lips of scholars. The sooner this disillusion is dispelled the better. And any attempt to give our Northern Irish a chance to find its way into print is worth thinking over.James Green, Meenamara, Dungloe, August 22, 1916.The Derry Journal (25/8/1916, 6).D’athraigh Máire a phort faoin iris chéanna ar thoradh moille, áfach. Féach, Nollaig Mac Congáil, ‘An Crann’ in Anraí Mac Giolla Chomhaill (eag.), Meascra Uladh 3: Leabhar Comórtha An tUltach (Comhaltas Uladh, 2004) 155-86 agus Nollaig Mac Congáil, ‘Ar Cuireadh Séamus Ó Grianna ina Thost?’ in Eoin Mac Cárthaigh agus Jürgen Uhlich (eag.), Féilscríbhinn do Chathal Ó Háinle (Cló Iar-Chonnacht, 2012) 237-250.
I dtaca leis an ábhar scríbhneoireachta a bhíodh ag Máire in An tUltach, d’fhéadfaí rangú garbh den chineál seo a leanas a dhéanamh air:
(i) Aistí ar ábhair Ghaeilge éagsúla(ii) Filíocht(iii) Scéal a bheatha(iv) Gearrscéalta(v) Aistriúcháin ar ghearrscéalta Fraincise
Má ghlacaimid le roinn (v) i dtús báire, tímid gur roghnaigh Máire beirt údar ón Fhrainc, mar atá, Alphonse Daudet and Guy de Maupassant, le haistriúchán a dhéanamh ar chuid dá gcuid gearrscéalta. Bhí an Fhraincis go líofa ag Máire de thairbhe gur chaith sé tréimhse sa Fhrainc ar mhaithe lena shláinte sna fichidí. Rud eile de, tá cáil ar an bheirt údar sin i stair na gearrscéalaíochta; d’fhág sin go gcaithfeadh Máire eolas a chur ar a saothar dá mbeadh sé i gceist aige féin an genre sin a chleachtadh. Is mó an dáimh, áfach, a bhí ag Máire le Daudet nó níor thaitin léargas gruama, garbh de Maupassant ar an tsaol leis.
Foilsíodh dornán gearrscéalta le Máire in An tUltach sular foilsíodh i bhfoirm leabhair iad. Ar an dóigh sin is fusa dáta a chur le cumadh a chuid gearrscéalta in áit ár muinín a chur i ndátaí foilsithe na leabhar. D’éirigh sé ina nós choitianta ag Máire le himeacht na mblianta a chuid gearrscéalta a chur i gcló in irisí agus i nuachtáin sula bhfoilseofaí i bhfoirm leabhair iad.3 Bunús an ama, go háirithe sna tríochaidí, sna daichidí agus sna caogaidí, níor athraíodh téacs na ngearrscéalta lena linn sin.
Foilsíodh dhá imleabhar de bheathaisnéis Mháire, mar atá, Nuair a Bhí Mé Óg sa bhliain 1942 agus Saol Corrach sa bhliain 1945. Bhí caibidlí as Nuair a Bhí Mé Óg á bhfoilsiú go rialta ar An tUltach, áfach, ón bhliain 1935 ar aghaidh. Is dóigh liom gur tábhachtach an píosa eolais é sin nó cruthaíonn sé, mar rud amháin, go raibh Máire ag obair ar a dhírbheathaisnéis na blianta fada sular foilsíodh an dá imleabhar thuasluaite. Rud eile de, tá na dátaí luatha seo níos cóngaraí don tréimhse inar foilsíodh dírbheathaisnéisí cáiliúla Chorca Dhuibhne ná mar a ceapadh. Féadfaidh sé, mar sin, gur mó a tháinig Máire faoina n-anáil siúd ná mar a ceapadh cheana féin.
Tá rud eile ar shlí a ráite faoi chuid mhaith de na píosaí le Máire a bhí i gcló ar An tUltach. Rinneadh iad a athfhoilsiú gan mhoill ina dhiaidh sin sa nuachtán The Examiner, i nDún Dealgan. Baint Shéamuis Uí Néill le The Examiner agus 3 Féach, Nollaig Mac Congáil, Máire – Clár Saothair (Coiscéim, 1990) 59-74.
le An tUltach agus a mheas ar Mháire agus baint mhuintir Dhún Dealgan le Rann na Feirste ba chúis leis sin.
Bhí féith na filíochta i Máire mar a bhí i muintir a mháthar riamh anall. Níor luigh sé amach ar an cheird sin mórán, áfach, cé go bhfuil cúpla ceann de na dánta is fearr a chum sé i gcló ar An tUltach, m.sh. ‘Nó Nach Cumhan leat an Oíche’ agus ‘An Oíche Aréir.’
Is iad na haistí na píosaí is fairsinge ag Máire ar An tUltach. Is minic é ag trácht iontu ar theanga agus ar litríocht na Gaeilge agus gach aon rud faoin spéir a bhaineas leo sin m.sh. ceist na gcanúintí, ceist an chúigeachais, lucht na ‘Cúise,’ saol na Gaeltachta srl. Is é an locht is mó atá ar shaothar iriseoireachta Mháire gur chloígh sé barraíocht le ceist na Gaeilge agus nár thug sé faoi réimsí eile mar ábhar scríbhneoireachta. Ó tharla é ag scríobh anseo ar iris Ultach agus é ag díriú a chuid cainte ar a chuid comhUltach, ní hiontas ar bith é go bhfuil blas láidir an Ultachais ar ar scríobh sé. Ní hamhlaidh gur shéan sé a dhúchas agus é ag scríobh in irisí náisiúnta ach bhí greim aige anseo ar chuisle na nUltach thar mar a bhí aige ar ócáidí eile. D’fhreastail sé an t-áiméar agus ba mhinic é anseo ag tabhairt aghaidh a chraois ar Ghaeilgeoirí na ‘Cúise’, ar lucht saothraithe na nualitríochta, ar aos léinn agus ollscoile srl. Ar ndóigh, bhí lucht tacaíochta aige sna hionsaithe seo i measc scríbhneoirí agus léitheoirí An tUltach, rud a thuig sé agus a ghríosaigh é. Chomh maith leis sin bhí na hUltaigh eagraithe go maith san am sin ó tharla go raibh Comhaltas Uladh acu agus Máire mar uachtarán air ar feadh tamaill.4 D’fhág sin agus a n-iris féin, mar atá, An tUltach, go raibh deis mhaith ag na hUltaigh iad féin a chur in iúl go láidir faoi cheist ar bith de chuid na Gaeilge. Bhí Máire ar thús cadhnaíochta san obair seo agus bhí toradh ar a chuid scríbhneoireachta ar An tUltach. Ó tharla gur bhain sé cáil amach dó féin mar scríbhneoir cruthaitheach, mar chainteoir, mar oibrí i gcúrsaí Gaeilge, tháinig cuid mhór Ultach eile chun cinn ina dhiaidh sin a lean dá fhealsúnacht agus dá lorg féin. Is é is mó a spreag, a threoraigh agus a ghríosaigh iad ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin agus nuair a tháinig deireadh lena ré, thit Cúige Uladh in ísle brí lena linn sin ó thaobh na Gaeilge de ar scor ar bith.
CLÁR AN ÁBHAIR
4 Féach, ‘Comhaltas Uladh,’ The Derry People and Donegal News (21/2/1925, 8).
Dálaigh Rann na Feirste*
An tUltach (Nollaig, 1924) 4-5.
[I gcló arís ar An tUltach (Iúil, 1978) 22.]
Lay On, MacDuff*
An tUltach (Lá Fhéile Bríde, 1925) 1.
Aisling Mháire*
An tUltach (Bealtaine, 1925) 1-2.
Madaí Scadán agus Míola agus Rudaí Eile*
An tUltach (Samhain, 1925) 1-2.
Taibhseoireacht*
An tUltach (Nollaig, 1925) 3, 5.
Simleoir Mhicheáil Anna Móire*
An tUltach (Meitheamh, 1926) 5, 8
Nó Nach Cumhan Leat an Oíche?*
An tUltach (Mí na Féile Michíl, 1926) 5.
[Tá an tríú véarsa den amhrán seo foilsithe in ‘An Aisling Bhréige’ in Cith is
Dealán áit a ndeirtear gur chualathas ag Máire Chonnachtach é.]
An Oíche Aréir*
An tUltach (Nollaig, 1926) 6.
[Tá an t-amhrán seo faoin teideal ‚Sa Ghleann Aréir‘ i gcló ar Fáinne an Lae
(Samhain, 1928) 8 agus ar The Echo (29/6/1929) 12. Féach, fosta, ar Lillis Ó
Laoire, ‚Tráthnóna Beag Aréir‘ in John Walsh agus Peadar Ó Muircheartaigh
(eagí.), Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac
Congáil (LeabhairCOMHAR, 2016) 154-76.]
Na Dlíte agus na Dántaí*
An tUltach (Nollaig, 1926) 8.
[Tá an aiste seo i gcló in Meascra Uladh (1974) 12-3 agus arís in An tUltach
(Lúnasa, 1978) 20-1.]
Cith is Dealán*
An tUltach (Lá Fhéile Eoin, 1927) 2.
Seachrán ar Mháire*
An tUltach (Lúnasa, 1927) 3.
Seachrán ar Mháire*
An tUltach (Mí na Feile Michíl, 1927) 3.
An bhFuil na hUltaigh Searbh?*
An tUltach (Lá Fhéile Bríde, 1929) 5.
Beatha Teanga a Labhairt*
An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1931) 7-8.
[As Iris an Fháinne. Tá an aiste chéanna i gcló arís in An tUltach (Cáisc, 1939)
7.]
Social and Personal*
An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1932) 1.
An Ghaeilig san Ollscoil*
An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1932) 6.
Nuair a Bhain mé an Sweep*
An tUltach (Mí na Féile Pádraig, 1932) 1-2.
[I gcló fosta in Anraí Mac Giolla Chomhaill (eag.) Meascra Uladh III (2004)
32-35.]
Dot, H, agus Stá-Taire-Bhíseach*
An tUltach (Mí na Bealtaine, 1932) 1-3.
Nuair a Bhí mé ag Foghlaim Béarla
An tUltach (Mí Iúil, 1932) 4-5.
Gaeil Éireann – Dúiricín a’ Dartáin*
An tUltach (Mí na Féile Michíl, 1934) 4.
Oíche Airneáil i Rann na Feirste
An tUltach (Mí na Féile Michíl, 1935) 1-3.
[Tá leagan den aiste seo i gcló in Nuair a Bhí Mé Óg faoin teideal ‘Oíche
Airneáil.’ Cuireadh i gcló í fosta ar The Examiner (5/10/1935) 9-10.]
An Dóigh le Gearrscéal a Scríobh*
An tUltach (Nollaig, 1935) 3-4.
[Cuireadh i gcló í fosta ar The Examiner (28/12/1935) 6. I gcló, fosta, in Anraí
Mac Giolla Chomhaill (eag.) Meascra Uladh III (2004) 36-40.]
Nuair a Bhí Mé ag Déanamh Póitín
An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1936) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg faoin teideal ‘Ag Déanamh Póitín.]
Mo Chéad Bhríste
An tUltach (Mí na Féile Pádraig, 1936) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg. Cuireadh i gcló í fosta ar The Examiner
(21/3/1936) 5.]
Lá Aonaigh Jack
An tUltach (Mí na Bealtaine, 1936) 1-2, 8.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg. Cuireadh i gcló í fosta ar The Examiner
(6/6/1936) 10 agus (13/6/1936) 10.]
An Fhídeog
An tUltach (Mí an Mheithimh, 1936) 1-2, 7-8.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg.]
Conall Néill Óig agus a Ghasúr
An tUltach (Mí Iúil, 1936) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg. Cuireadh i gcló í fosta ar The Examiner
(6/8/1936) 3.]
An Misean
An tUltach (Mí na Féile Michíl, 1936) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg.]
An tSeanscoil
An tUltach (Mí na Samhna, 1936) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg.]
Lá an Easpaig
An tUltach (Mí na Nollag, 1936) 2-3, 14.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg.]
An Chéad Rud a Scríobh Mé
An tUltach (Mí Eanáir, 1937) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg.]
Níor Pheacadh É ach Cúis Luaíochta
An tUltach (Mí Feabhra, 1937) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg.]
Bliain an Standard*
An tUltach (Cáisc, 1937) 1-3.
An Lá a Bhuail M’Athair Mé
An tUltach (Meitheamh, 1937) 1-3, 8.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg.]
Rann na Feirste na Mí*
An tUltach (Deireadh Fómhair, 1937) 1-2.
Ag Airneál ag Mánas Garbh
An tUltach (Samhain, 1937) 1-3.
[I gcló faoin teideal ‘Mo Chailín Ruadh’ in Thiar i dTír Chonaill.]
Bean fána Leanbh is an tAthair i nDiaidh a Mhic
An tUltach (Nollaig, 1937) 1-2, 9-10.
[I gcló in Thiar i dTír Chonaill, The Catholic Bulletin (Iúil, 1928), 743-6 agus An Phoblacht (10/10/ 1931) 6.
Ar Aghaidh na Gréine agus ar Chúl na Gaoithe
An tUltach (Eanáir, 1938) 1-3.
[I gcló in Thiar i dTír Chonaill agus ar The Examiner (29/1/1938) 5 agus (5/2/1938) 8.]
Tallann Dálach
An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1938) 1-3, (Mí na Féile Pádraig) 1-2, 8, (An Cháisc) 1-3.
[I gcló in Thiar i dTír Chonaill agus ar The Examiner (12/2/1938) 8, (19/2/1938) 9, (19/3/1938) 10, (23/4/1938) 11 agus (30/4/1938) 9.]
Fidleoir ag Dónall Mhicí
An tUltach (Mí na Féile Pádraig, 1939) 1-3.
[I gcló in Nuair a Bhí Mé Óg sa chaibidil ‘Stócach.’]
Píobaire Sí an Bháid Bháin
An tUltach (Bealtaine, 1939) 1-3, 8.
[I gcló in Scéal Úr agus Sean-Scéal.]
Fíorfhilíocht*
An tUltach (Feabhra, 1940) 5.
Scéal Chú Chulainn*
An tUltach (Mí na Féile Pádraig, 1940) 3 agus (Aibreán, 1940) 4, 6.
[Is iomaí uair a d’aithris Máire an scéal seo, ar labhair sé faoi agus ar scríobh sé faoi. Bhreathnaigh sé ar an scéal seo mar epic na Gaeilge.]
Niall Mór Mac Muireadhaigh*
An tUltach (Meán Fómhair, 1940) 5.
Déithe Bréige*
An tUltach (Deireadh Fómhair, 1940) 2, 6.
Scríbhneoirí Gaeilge – Go nDearca Dia Orthu*
An tUltach (Eanáir, 1941) 1-2.
Tháinig sé go Rann na Feirste
An tUltach (Meán Fómhair, 1941) 5-6.
[Tá cuntas ar shaol agus ar shaothar Lorcáin Uí Mhuireadhaigh ag Tomás Ó Fiaich in Amhráin Chúige Uladh (Gilbert Dalton, 1977) 10-27. Féach, fosta, Cathal Ó Diolúin, ‘Lorcán Ó Muireadhaigh agus Comhaltas Uladh’ in Seanchas Ard Mhacha (2008) 319-40; Anraí Mac Giolla Chomhaill, Lorcán Ó Muireadhaigh: Sagart agus Scoláire (An Clóchomhar, 1983); Liam Mac an tSagairt, Father Larry Murray (Éigse Oirialla, 1983); Pádraig Ó Baoighill, ‘An tAthair Lorcán Ó Muirí,’ Feasta (Meitheamh, 2001); Ioséf Ó Searcaigh, ‘An tAthair Lorcán O Muirí,’ An tUltach (Márta 1997) 9-11; R. Ó Muirí, ‘An sagart Lorcán Ó Muireadhaigh,’ An tUltach (Nollaig 2006) 16-7.
Cosnamh Tharascon
An tUltach (Iúil-Lúnasa, 1944) 1-2.
[Seo aistriúchán ar ghearrscéal le Alphonse Daudet ‘La Défense de Tarascon’ a foilsíodh sa chnuasach Contes du Lundi.]
M’Uncal Jules
An tUltach (Márta, 1946) 6 agus (Aibreán, 1946) 7.
[Seo aistriúchán ar ghearrscéal le Guy de Maupassant ‘Mon Oncle Jules’ a foilsíodh sa chnuasach Miss Harriet sa bhliain 1884. Rinne Máire an scéal seo a chraoladh ar Raidió Éireann fosta.]
Mé Féin is Baile Átha Cliath
An tUltach (Meitheamh, 1982) 28 check
DÁLAIGH RANN NA FEIRSTE5
An lá fá dheireadh bhí mé i reilig Cheann Dubhrann i ndiaidh am Aifrinn. Chuaigh mé
isteach a chur paidir leis na doirneálaigh gharbha, ghlasa atá ina luí go tromchodlatach ar
fhoscadh theach an phobail leis na ciantaí. Cé a casadh orm ach ‘Bríste Fuilliliú!’ Bhí sé ar a
dhá ghlúin agus é ceanntarnocht, ag guí go dúthrachtach ins an choirneál den reilig a bhfuil
Dálaigh Rann na Feirste curtha ann. Bhí mé ag éisteacht leis nuair a tháinig mé fá ghiota de
agus b’fhuras a aithne go raibh a chuid achaineach ag teacht óna chroí. ‘Paidir agus Áivé
Maria le cuid Dálach Rann na Feirste:6 Séamas, Aodh agus Peadar Gréasaí, le má tí Dia smál
pheacaidh ar a n-anam, a nglóir a mhéadú, a bpiantaí a laghdú agus an bealach a réiteach
dóibh go Ríocht na bhFlaitheas.’
Nuair a bhí an phaidir ráite ag an ‘Bhríste,’ choisreac sé é féin agus d’éirigh sé óna ghlúine,
agus dar liom go bhfaca mé fliuchlach in imeall a chuid súl.
‘A Mháire,’ ar seisean liom féin, ‘is iomaí Milton tostach, neamhghlórmhar ina luí go híseal
thart fá dtaobh dínn.’
Dúirt mé féin go mb’fhéidir gurbh iomaí Hampden ceannascach, neamheaglach a bhí ann
agus Cromal neamhchorthach i gcuid fola a thíre. Tháinig an ‘Bríste’ liom ar an scéal ach ba
é a bharúil gur bheag an tsuim don chineadh daonna a gcuid saighdiúir le taoibh a gcuid filí.
Sin an rud a chuir a mheabhrú mé ar chuid Dálach Rann na Feirste.
Bhí siad cúigear dearthárach ann nuair a mhair siad. Tá corradh maith le céad bliain ó shin ó
bhí siad ina neart. Bhí siad ag obair os cionn chladach Rann na Feirste ‘lá an bhriste mhóir ar
an fharraige’ mar a déarfadh siad féin leis an lá a throid na Francaigh agus na Sasanaigh thart
an cósta; agus bhí siad ag éisteacht go soiléir le lámhach na ngunnaí. Ní raibh focal ar bith
Béarla ag cuid Dálach Rann na Feirste. Ní raibh a dhath acu den rud a dtugar léann air i dtír a
bhfuil a hanam díolta aici ar dheich bpíosa is fiche airgid. Ach faraor, an difear atá eadar
Rann na Feirste na haimsire sin agus Rann na Feirste an lae inniu, siúd is go bhfuil mé ag
déanamh go bhfuil sliocht a gcuid cainte ar na daoine go fóill, agus gur sin an rud a bheir
Gaeilig ann chomh maith agus atá.
5 An tUltach Iml. 1, Uimh. 11 (Nodlaig, 1924) 4-5. Seo an chéad alt ag Máire ar iris Chomhaltas Uladh a cuireadh amach an chéad uair i mí Eanáir, 1924. Bhí ábhar le Seosamh le léamh go rialta ar An tUltach chóir a bheith ón tús.6 Tá cuntas cuimsitheach ag Máire orthu ina leabhar Rann na Feirste (An Press Náisiúnta, g.d.).Foilsíodh sraith alt le Seosamh Mac Grianna faoin teideal Filí Gan Iomrádh ar Fáinne an Lae ó 19 Meán Fómhair go dtí 7 Samhain, 1925. Foilsíodh iad i bhfoirm leabhráin sa bhliain 1926 agus arís ag Gearóid Mac Giolla Domhnaigh agus Gearóid Stockman in Athchló Uladh (Comhaltas Uladh, 1991) 135-60.
An rud ba lú a tharlóchadh ar an bhaile, dhéanfadh na Dálaigh ceol de. B’fhéidir go ndéarfaí
nárbh fhiú filíocht a thabhairt ar chuid mhóir dár chan siad. Ach dearc an snas a bhí ar a
gcuid cainte. Dearc an chluas a bhí acu agus chomh réidh agus a thigeadh an chaint leo.
Agus cé a déarfas nach raibh filíocht ins an amhrán a rinne Séamas nuair a báitheadh a mhac
Pádraig, go háirid ins an cheathrú seo:
Mo mhallacht go buan fá bhruach an chladaigh seo thíos‘Sé a d’fhág d’aicme faoi ghruaim is rinne gual domhsa in aice mo chroí,
‘Sé do chur ins an uaigh, monuar, d’fhág mise gan bhríGan mhisnigh, gan stuaim, ach ‘mo thruaill bhoicht ag imeacht le gaoith.7
Más ins an mheadaracht atá do spéis, gheobhaidh tú sampla maith anseo di. Dearc ar na
fuaimeannaí seo ag fear gan ‘léann’:
a—ua—ua—a—í a—ua—ua—a—í
i—ua—ua—i—í i—ua—ua—i—í
Agus ansin dearc ar na smaointe iad féin gan trácht ar an deilbh innealta atá orthu. Mo
mhallacht ar an chladach ar báitheadh mo mhac air. Agus chan inniu ná amárach sin ach an
dá lá a bheas de shaol agam. D’fhág tú brón ar do mhuintir uilig. Ach an brón a d’fhág tú ar
d’athair bocht, chuaigh sé thar a bheith ag caint air. Rinne tú gual dubh, daite dena chroí. A
mhic, bhain tú lúth na ngéag agus stuaim na hintinne díom. D’fhág tú i mo thruaill bhoicht
mé ag imeacht le gaoith. An dtiocfadh smaoineamh ar a dhath níos cumhaidhiúla agus níos
croíbhrúite ná an seanduine bocht ar shiúl fríd an tsaol á shíobadh le gaoith agus á
chaitheamh le buaireamh? Sin sin fá Shéamas.
Rinne Aodh ní ba mhó de cheol ná Séamas cé go raibh sé cruaidh air a bheith chomh maith.
Níodh sé an uile chineál ceoil - ceol molta, ceol cánta agus ceol grinn. Bhí sé oíche amháin
gheimhridh agus gan istigh ach é féin agus na páistí. Bhí Nábla Mhór - sin an bhean a raibh
sé pósta uirthi - bhí sin ag airneál i dteach na comharsan. Tháinig roisteacha gaoithe móire
mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile. Thoisigh na súgáin a bhriseadh ar an teach agus an
tuí a dh’imeacht. Bhí Aodh mar a chonaic Dia é, ag iarraidh fóide a chur ar an teach agus
ciall a chur ins na páistí a bhí ag scanradh le heagla. I dtrátha am luí shocair sé agus tháinig
Nábla Mhór chun an bhaile. Bhí na páistí ina gcodladh agus Aodh sínte suas de chois na
tineadh ag ithe teallacháin. Is iomaí fear eile a chuirfeadh brothlú feargach uirthi cionn is a
fhágáil leis féin agus na páistí agus an ghaoth mhór sa mhullach air i gcuideachta a chéile.
Ach seo mar a dúirt Aodh é:
D’imigh tú uaim, a Nábla,
7 Féach, Nollaig Mac Congáil (eag.), Scríbhinní Mháire 1: Castar na Daoine ar a Chéile (Coiscéim, 2002) 251 sub Abhrán Phádraic Shéamuis.
Gan dealughadh cléir’ nó pápaAgus d’fhág tú ar an árd mé
Le sgártha ‘gus le guais‘S gur shíl mé l’achan gháladh
Gur amuigh i bpáirc a’ ChárnáinA gheobhfaidhe mé ‘s mé báithte
‘S mo chár orm le fuacht.8
Tá fuaimeannaí iontach deas ins an cheathrú seo. Agus ansin an greann. Nár chuma liom tú
imeacht a dh’airneál, a Nábla, murab é an dóigh ar imigh tú - gan cead a fháil ó chléir ná ó
phápa. Agus an eagla a bhí orm nuair a shíl mé go síobfaí mé féin agus an teach trasna an
bhaile agus go bhfaighfí ansin báite ar maidin mé. Agus char chás sin ach an dóigh a mbeinn
i mo luí marbh agus cár orm le fuacht.
Dúirt Nábla nach raibh aon duine ag dúil go dtiocfadh a leithéid de ghaoith agus an ciúnas a
bhí ann tráthnóna. Ach bhí a fhios ag Aodh cad é ba chiontaí leis. Muintir an tsaoil udaí eile
a tharraing uilig é. Chonaic sé iad lena dhá shúil. Seo mar a d’inis sé do Nábla é.
Nuair a bhí muid geanamhail sásta‘Gus chodail muid na páistí,
Gach míle straip dá bhfuair bás ariamh‘S a gcnámha sa luaithRinne fear aca sin gáire
Agus chuir fear eile cár air:‘Béidh tú linn, a Dhálaigh,
Nuair a dhéanfaimid ár gcuairt.’9
Muintir an tsaoil úd eile ina gcual chnámh sa ghríosaigh. Tháinig siad agus thóg siad an
ghaoth lena chur i gcuimhne dó gur bheag a chumhacht. Ansin nuair a chruinnigh siad thart
fán tinidh, rinne fear acu gáire leis - b’fhéidir fear muinteartha dó lá den tsaol - ach chuir fear
eile cár air féin. Beidh tú linn, a Dhálaigh, nuair a dhéanfaimid ár gcuairt! B’fhíor é.
Tháinig an lá a mb’éigean don Dálach a ghabháil i gcuideachta na cuideachta. Bhí toicí ins
an chomharsain agus ba mhaith leis ceol cánta a dhéanamh d’fhear a raibh sé féin agus é féin
amuigh ar a chéile. Chuaigh sé a fhad le Aodh agus d’iarr air amhrán géar cánta a dhéanamh
don fhear eile.
‘Feann é agus lom é go dtí na cnámha,’ ar seisean, ‘agus bhéarfaidh mise luach do shaothair
duit - cóta mór.’
Chuaigh Aodh chun an bhaile agus seo an cheathrú a rinne sé:
Gheall an bodach éadach dathamhail domh, dá dtéighinn a dhéanamh ceoil dó,
8 Rann na Feirste (An Press Náisiúnta, g.d.) 46.9 Gearóid Mac Giolla Domhnaigh agus Gearóid Stockman (eagarthóirí), Athchló Uladh (Comhaltas Uladh, 1991) 147.
A chumhdóchadh ó’n fhearthainn mise maidin a’s tráthnóna.Chan díth nárbh fhearr liom agam é, acht chreathnuigh mé fá’n ócáid,
Dhiúlt mé roimh an pheacadh, ‘gus ní ghlacfainn uaidh ‘ chóta.10
Is minic a ghealltar pléisiúr cealgach an tsaoil agus na colla dúinn. Is doiligh cur suas dóibh
gan cuidiú Dé, gan diúltadh roimh an pheacadh. Thuig Aodh Ó Dónaill cad é chomh deacair
agus a bhí sé cur suas den chóta mhór a ghlacadh. Ba mhaith leis aige é. Agus, ar ndóigh, ba
mhaith linn uilig cóta mór de chineál inteacht againn. Is cosúil gur leannán atá ann a shiúlas
linn. Cuireann sé duine a smaoineamh ar an bheirt a fágadh sa gharradh fada ó shin. Mo
chreach nár dhúirt siad nuair a thairg an boc dubh an t-úll dóibh:
Chan díth nárbh fhearr liom agam é, acht chreathnuigh mé fá’n ócáid,Dhiúlt mé roimh an pheacadh, ‘gus ní ghlacfainn uaidh ‘ chóta.11
Bhí seanghréasaí a bhí ar shiúl ag aíochtaigh, bhí sin oíche amháin tigh na nDálach. Oíche
lom, léanmhar shneachta a bhí ann. Tamall beag i ndiaidh a ghabháil ó sholas dó, isteach le
Aodh agus é costarnocht ceanntarnocht agus cliabh mónadh leis. D’amharc an seanghréasaí
ar an dá chois dhearga agus ar an bhrat sneachta a bhí ar an fhear a tháinig chun tí. Agus cé
go raibh sé amuigh air a bheith ceachartha, thug sé seanphéire bróg agus bearád d’Aodh. Ar
maidin an lá arna mhárach tharraing Aodh air ceathrú cheoil:
A Nioclais, ‘s tú scaith na bhfear saorDe Chlanna na Míleadh tréan
Ba dúthcha bheith ‘dTeamhar ‘do righ,‘S tú d’fholuigh mo mhaol aréir
Leis a’ bhearrad ba ghile ná ‘n t-aol‘S a’ breacadh bhí fríd le scéimh;‘S ó d’éag sé Cathbharr as MidheBéidh tusa do righ ‘na dhiaidh.12
Ní raibh dúil ar bith ag Séamas ins an ghréasaí. Chonacthas dó go bhfuair sé moladh nach
raibh tuillte aige. Seo an freagar a thug sé ar Aodh:
Ná creidigidh ‘n fhocal ó AodhDá gcanfaidh sé ‘choidhche ‘gceol,
Ó luaigh sé Gorfaidh an fear groidhe, A mharbh a’ Muimhneach Mór.
Cathbhárr a scabfadh gan mhaoidheamhAirgead, maoin a’s ór,
Mo mhallacht don fhear a chuir síos éDo shean-Nioclas maol na mbróg.13
10 Rann na Feirste (An Press Náisiúnta, g.d.) 24.11 Gearóid Mac Giolla Domhnaigh agus Gearóid Stockman (eagarthóirí), Athchló Uladh (Comhaltas Uladh, 1991) 147.12 Rann na Feirste (An Press Náisiúnta, g.d.) 28.
Níl anseo ach beagán beag de chuid ceoil na nDálach. Cá bhfaighfeá a leithéidí anois? Ó, a
Dhia, an méid atá caillte againn! Is neamhiontach an deor a bheith ar an tsúil ag ‘Bríste
Fuilliliú’ nuair a théid sé isteach chun na reilige i ndiaidh am Aifrinn Dé Domhnaigh. Ní
raibh dochar ar bith dó a rá gurb iomaí Milton tostach, neamhghlórmhar a tháinig chun tsaoil
agus a d’fhág arís é gan iomrá ar bith a chluinstin fá dtaobh de. B’fhéidir go bhfuil ríte ins an
uaigh chéanna nár chaith riamh coróin, b’fhéidir go bhfuil taoisigh airm inti nár bheir riamh
ar chlaíomh. Ach is cinnte go bhfuil filí inti agus gan duine le deor a shileadh os a gcionn
ach mo ‘Bhríste’ beag, dáimhiúil, dea-chroíoch ‘Fuilliliú.’
13 Gearóid Mac Giolla Domhnaigh agus Gearóid Stockman (eagarthóirí), Athchló Uladh (Comhaltas Uladh, 1991) 143.
LAY ON, MACDUFF!14
In ainm Dé agus shlóite na marbh, tá sé chomh maith againn cogadh a fhuagairt ar an
namhaid. Rófhada a bhí muid faoi eagla agus faoi umhlaíocht dóibh. Rófhada a ghéill muid
dá gcuid béalastánachta fá standard agus dá gcuid Gaeilge oifigiúla. Is mithid dúinn
muscladh. Is mithid dúinn éirí ‘ár seasamh agus ár gcuid airm agus éididh a theannadh
orainn. Is mithid dúinn faobhar a chur ar ár gcuid peann agus ar ár gcuid teangthach, agus an
fhírinne ghéar, ghlan, lom a thabhairt le hinse don tsaol – ar neamhchead don té le arb olc.
Tá cuid mhór namhad in éadan na Gaeilge. De réir nádúir an duine, tá an mhuintir ina
héadan nach bhfuil sí acu agus nach mbíonn. Ar thoiseach an tslóigh, tá lucht an Bhéarla ina
héadan. Agus ansin tá an mhuintir seo ina héadan a bhfuil an chuid is fearr di caillte acu. A
fhad agus atá snas an Bhéarla agus lorg an Bhéarla ar Ghaeilig na Mumhan, tá sí inár n-
aghaidh. Tá fuath acu orainn ina gcroí. Tá an fuath sin le feiceáil agat céad uair sa lá. Tá
eagla orthu go dtiocfaidh Gaeilig Chúige Uladh chun cinn. Ba mhaith leo marbh í.
Is bocht agus is brónach an scéal é agus an méid namhad atá ag an tír agus ag an teangaidh,
nach dtig linn a theacht le chéile inár measc féin. Níl aon duine in Éirinn ar lú air an cineál
seo bruíne ná mise dá mbeadh neart agam air. Ach ní sinne is ciontaí. Síleann cuid de na
daoine gur sinn, cionn is gur sinn is mó a níos callán fán scéal seo. Ach níl neart againn air.
Níl muid ach ag iarraidh ár gceart a bhaint amach. Tá muintir na Mumhan cosúil le Sasain ar
dhóigheannaí eile diomaite dá gcuid fuaimeannaí. Tá siad ag iarraidh cos i bpoll a chur le ár
gcuid Gaeilgeinne agus ansin ag rá gur sinne atá sa chearr má théimid a thógáil calláin ina
éadan sin.
Is mór an truaigh nach dtig linn uilig cur le chéile agus an tír a Ghaelú agus a shaoradh ó
smacht na nGall. Shíl muid go dtiocfadh linn sin a dhéanamh. D’fhulaing muid mórán go
foighdeach leis na blianta nó go bhfaca muid an iarraidh dhúthrachtach a bhíthear a
dhéanamh le Gaeilig Chúige Uladh a chur chun báis. Níl an dara suí sa bhuailidh ann anois.
Cuireadh troid orainn. ‘Caitheadh an mhiotóg’ faoin ghaosán againn. Caithfimid an mhiotóg
sin a thógáil, sin nó náire a thabhairt dár sinsear atá ina gcréafóig san uaigh.
Tá Conradh na Gaeilge anois ar leabaidh an bháis. Tá sé sa smeach dheireanaigh. Tá sé mar
a bheadh soitheach miotail ann a bheadh ite ag an mheirg agus a bheadh ina criathair le poill.
Táthar ag iarraidh lóib (sic!) a chur leis a chuirfeadh díon ann tamall beag eile, ach níl gar
ann. Tá sé ite ag meirg an chúigeachais. Bhíthear ag rá linn i gcónaí go raibh an Conradh
14 An tUltach Iml. 2, Uimh. 1 (Lá Fheil' Bríghde, 1925) 1.
non-political agus non-sectarian. B’fhéidir go raibh, ach ní raibh sé non-provincial, agus
d’fhág sin é féin inniu ar leabaidh an bháis. Is gairid eile go dtí nach raibh iomrá le cluinstin
air. Dálta Bhaloir na mBéimeann a raibh trácht air ins na seanscéaltaí, chuir a ó féin chun
báis é. Chuir a dhrochghníomharthaí féin chun báis é. Tá deich mbliana ó shin dúirt an
Piarsach gur spent force a bhí ann. B’fhíor dó.
Más mian linn cumann a bheith againn a shábhólas an teangaidh, caithfimid siúl ar an
fhírinne. Caithfimid ár n-aghaidh a thabhairt ar an Ghaeltacht. Caithfear stad de chur i gcéill
gur standard an méid atá fágtha de chanúint na Mumhan, nó go bhfuil ceart ar bith aici a
bheith ina standard. Caithfear a nochtadh os ard cad é an méid cainteoirí dúchais a bhí ins na
cúigí an cuntas deireanach a rinneadh; cá mhéad duine a raibh an dá theangaidh acu agus cé
mhéad nach raibh acu ach Gaeilig; cá mhéad scoil dátheangach a bhí i dTír Chonaill agus cá
mhéad a bhí ins na Cúigí mórtasacha seo eile ar mhian leo a chur in iúl go raibh Gaeltacht
acu. Caithfear na canúintí a chur i gcomórtas le chéile go bhfeicthear cad é atá caillte agus
cad é atá fágtha. Caithfear fios freagair a fháil cad é an cineál Gaeilge atá ins na scoltacha
agus ins na coláistí, in oifig an oideachais, ins na páipéir, na foirmeacha, na rialacha a
chuirtear amach chuig na hoidí scoile. Cad é an seort Gaeilge a bhíos ag na cúrsaí samhraidh,
ag na cigirí agus dá réir sin. Caithfear an ghaoth a ligean fríd na rudaí seo uilig. Caithfear
ceisteoireacht a chur agus callán agus racán agus bruíon a thógáil. Agus an t-iomlán de sin a
dhéanamh mar mhaithe leis an tír agus le teangaidh na tíre. Caithfear an fheall atá ins an
deisceart a nochtadh. An bhfuil na Muimhnigh ina bpartitionists ina gcroí? An bhfuil
‘críoch’ déanta leis na blianta acu eadar Gaeilig Chúige Uladh agus a gcuid féin? Seo
ceisteanna a chaithfear a fhuascladh. Tá sé chomh maith ag Ultaigh amharc isteach san
aghaidh ar an scéal mar atá sé. Níl a athrach fágtha acu anois.
Mar a dúirt mé cheana féin, is mór an truaigh go bhfuil fiachadh orainn an cineál sin oibre a
dhéanamh. Bhí ár gcuidiú uilig gann agus róghann dá mbeadh neart air. Is mór an truaigh go
gcaithfimid an leath is mó dár gcuid ama agus dár gcuid urraidh a chaitheamh ag troid in
éadan Chúige Mumhan. Ní sin an cineál oibre ba mhaith le duine ar bith againn a dhéanamh.
Má bheirtear cothrom na Féinne dúinn, sin a bhfuilimid a iarraidh. Ach má shíleann na
Muimhnigh nach bhfuil acu le déanamh ach standard a bhaisteadh ar a gcanúint féin agus
cúigeachas a thabhairt ar Ghaeilig Chúige Uladh, tá siad go mór ar an tseachrán. Caithfidh
siad troid ar son achan orlach ó gheaftaí Bhaile Átha Cliath aníos. B’fhearr linn gan an troid
sin a bheith ann. Níl fonn ar an domhan orainn a ghabháil i ndeabhaidh lainne le dream ar
bith Gaeilgeoirí dá laghad an méid Gaeilge atá acu agus dá olcas í. Ach má leanann siad den
obair atá orthu, níl an dara suí sa bhuailidh ann ach sinn féin a chosnadh.. Ba chóir do gach
Ultach agus do gach duine ar fud na tíre a thuigeas cad is Gaeilig ann, nó ar mhaith leis Éire a
fheiceáil saor agus Gaelach, ba chóir dóibh iad féin a dhéanamh réidh fá choinne na troda
seo. Má bheirtear cothrom na Féinne dúinn, croithfimid lámh leis an deisceart ag an Bhóinn,
cuirfimid ár nguailleacha le chéile agus dhéanfaimid ár ndícheall i gcuideachta agus i
gcomhar. Ach má leanann siad den chogadh atá siad a chur orainn, ní bheidh sé chomh réidh
acu agus a shíleann siad. Rachaimid ina n-araicis agus déarfaimid leo mar a dúirt Macbeth;
‘Gread leat, a Chúige Mumhan, ach go mbeire an diabhal leis an té a déarfas go bhfuil a
sháith aige.’
AISLING MHÁIRE15
Bhí mé i mo shuí liom féin go raibh sé déanach san oíche. I mo shuí go huaigneach
tromchroíoch ag smaoineamh ar na blianta a bhí caite. Tháinig critheagla ar mo chroí i mo
chliabh nuair a dhearc mé siar ar na laetha a bhí caite agam ar an drabhlás. Thoisigh mé a
dhéanamh scrúdú coinsiasa. Bhí m’anam chomh dubh le gual. Pheacaigh mé go trom in
éadan tíre agus teanga. Níor scríobh mé aon fhocal amháin Gaolainne riamh. Níor scríobh
mé ach an Ghaeilig a d’fhoghlaim mé ó ghlúin mo mháthara. Mo mháthair bhocht! An
mbeadh sé ceart agam paidir a chur lena hanam ar son na n-amhrán ba ghnách léi a cheol
nuair a bhíodh sí ag mo chealgadh sa chliabhán? (Faraor, ba é an cliabhán dubh agamsa. Bhí
mé seal de mo shaol chomh hainbhiosach agus go raibh bród orm as an oideas a fuair mé ins
an chliabhán chéanna. Ach tá a mhilleadh sin de bharúil anois agam)… Mo mháthair
bhocht! Ní raibh focal amháin Standard aici. Ní raibh aici ach canúint cúigidh. Tá dúil
agam nach mbíonn Dia ina dhiaidh uirthi.
Ar scor ar bith, tharraing mé orm Fáinne an Lae. Bhí Naomh Pól Chúige Mumhan ansin
agus é ag tabhairt amach an tSoiscéil. ‘Oscar’ atá mé a rá (slán gach samhail!). Rud
millteanach soiscéal. Rud mór, éifeachtach, uasal é. Rud lúcháireach é má tá sé comhlíonta
agat. Rud scáfar mura bhfuil… Ní chluintear soiscéal ach go hannamh. Amannaí théid
seanduine go barr cnoic agus bléascann toirneach agus splancacha fá dtaobh de. Amannaí
caitheann iascaire a chuid eangach ar an chladach agus imíonn sé fríd an tsaol agus
lanntracha éisc ar a chuid bróg agus cuireann sé an cineadh daonna a mheabhrú fána gcroí.
Amannaí thig fear óg, scaoilte go Teamhair agus deargann sé tinidh a chuireann iontas ar ríte
agus uafás ar dhraoite. Agus amannaí eile seo chugainn é amach as teach na scoile. ‘Boladh
fhraoch Chiarraí’ air agus soiscéal an Standard ar bharr a ghoib leis. ‘Amach leat,’ arsa
Róisín Dubh leis, ‘agus tabhair Cúigeadh Uladh agus Cúigeadh Chonnacht chun creidimh.
Las solas an Standard i gConamara agus i Rosa Thír Chonaill.’ Sa bhomaite, chaith sé uaidh
leabhar na leathphingine go díreach mar a chaithfeadh iascaire a chuid eangach ar chladach
Ghaililí, agus tímid chugainn é agus dusta cailce ar a chuid éadaigh, agus é ag fuagairt
cogaidh ar chanúintí agus ar chúigeachas.
‘Rud naofa leabhar Gaeilge,’ ar seisean.
‘A Mháire,’ arsa mise liom féin, ‘ní fheicfidh tú gnúis Dé choíche. Níor scríobh tú aon fhocal
den Standard naofa riamh.’
15 An tUltach (Bealtaine, 1925) 1-2.
Bhain mé mo leabaidh amach. Ní thiocfadh liom codladh. Bhí mé ag éisteacht leis an
ghaoith ag éagaoin taobh amuigh den fhuinneoig. Bhí sí ag mairgnigh agus ag
smeacharnaigh go léanmhar leatromach. Bhí sí ag gol go cráite fána cuid peacaí. Bhí a fhios
aici gur minic a bhris sí dlíte an Standard. Bhí a fhios aici nár shéid sí i gcónaí aon dóigh
amháin. Bhí a fhios aici gur minic a bhíodh sí ag cogarnaigh agus ag gealgháirí go síodúil
tráthnóna samhraidh, agus ag béicfigh go borb, callánach maidin gheimhridh. Líon mo chroí
féin d’eagla agus de bhuaireamh. Dá bhfaighinn bás roimh mhaidin nár thruaigh mé nuair a
d’fhoscóladh aingeal an chuntais an leabhar agus a léifeadh sé amach mo pheacaí dubha,
daite cúigeachais agus gan oiread agus focal amháin Standard ar an taoibh eile le mo shábháil
ar thinte dearga ifrinn. Shíl mé go bhfaca mé na geaftaí scáfara, craosacha, béalfhoscailte ag
feitheamh le mo shlogaint.
An raibh mé rómhall le aithreachas a dhéanamh? Nár fhéad mé, anois féin go fuar,
maithiúnas a iarraidh ar ‘Oscar’ agus mo bheatha a leasú ó seo suas. An raibh scale of
indulgences ar bith ag lucht an Standard a mhaitheochadh cuid den cháin domh? An
bhfaighinn loghadh páirteach dá gcaithinn uaim na briathra mírialta? Nó loghadh iomlán dá
gcuirinn amach mo ghoile ar an leath dheireanach den fhocal?
Bhí scaifte cat amuigh faoin fhuinneoig agus is cosúil nach raibh siad ar aon intinn le chéile
nó thoisigh siad a throid. Ní raibh a fhios agam ar tús cad é an t-ábhar bruíne a bhí acu. Ach,
sa deireadh, chonacthas domh gurbh é an rud ba chiontaí leis an racán pisín beadaí, díomúinte
a tháinig as Cúige Uladh agus nach raibh a chuid sceamhlaí de réir an Standard a bhí ag cuid
cat na Mumhan. Pisín dána, dolba, ceannláidir a bhí ann. Shíolraigh sé ó Ríchat buile a bhí i
gCúige Uladh ins an tseanaimsir agus ba mhian leis a chuid sceamhlaí a dhéanamh de réir na
nótaí céanna a bhí ag a sheana agus ag a shinseara ins na beanna. Dúirt sé leo gur sin an
cineál sceamhlaí a bhí ann ins an tseanam. Ach ba é an fios freagair a tugadh air go raibh
comhdháil cat i mBaile Átha Cliath, agus gur chuir siad coiste ar bun ‘le féachaint isteach sa
cheist,’ agus gur socraíodh gan a bheith ann ní ba mhó ach aon chineál amháin sceamhlaí ar
fud na hÉireann. Bhí pisín Chúige Uladh chomh díomúinte agus ba dúcha dó. Ach ní
theachaigh leis. Chruinnigh an slua. Thoisigh an chlamhairt agus an t-itheachán nó gur
tharraing siad fionnadh agus craiceann de agus gur fhág ina luí ansin é gan och gan mhairg.
Ins an deireadh thoisigh mé a bhrionglóidigh. Chonacthas domh go raibh Éire Gaelach ó
cheann go ceann. Fuair mé amharc de mo shúil ar an tír uilig. Casadh thíos i Rosa Thír
Chonaill mé. Bhí na seandaoine a raibh aithne agam orthu, bhí sin uilig marbh agus dream
eile ina n-áit. Bhí Gaeilig á labhairt ann ag aosta agus ag óg, agus ní cúigeachas ach
Standard breá liteartha. Bhí ‘cultúr’ ann mar a bheadh uaisle ann. B’aoibhinn a bheith beo
ina gcuideachta. Ina dhiaidh sin, dálta Oisín, tháinig cumhaidh orm nuair a smaoinigh mé ar
Nóra Anna Óige agus ar Pheadar an Phoill. Chuir mé ceist thall is abhus cá dteachaigh na
seandaoine. Hinseadh domh gurbh fhada marbh iad agus gur mhaith an bia marbh iad nó gur
mhór an náire iad nuair a mhair siad. D’fhiafraigh mé de sheanduine amháin cad é mar a
thiocfadh leo an tseanfhilíocht a léamh agus an stress a chur ar dheireadh an fhocail. Fágadh
dubh tirim leis na gáirí fúm é agus, nuair a tháinig sé as an rabhán dúirt sé liom go dteachaigh
na réalta beaga, suaracha sin as nuair a d’éirigh grian gheal, dhea-ghnúiseach an Standard.
Ba é an dara rud a chonacthas domh go raibh mé ag fáil bháis. Tháinig an dubheagla orm.
Rinne mé Gníomh Dóláis agus mé ag iarraidh oiread Standard a chur san urnaí agus a
thiocfadh liom. ‘Is rómhór a ghoilleann sé orm,’ arsa mise, ag déanamh gur cúis loghaíochta
an fhoirm ‘ghaolmhar’ den bhriathair a thréigint ar leabaidh mo bháis… Ba ghairid gur
shíothlaigh mé.
Cathaoir an Bhreithiúnais! Bhí teach na cúirte lán ó chúl go doras agus achan duine cosúil
leis an duine eile. Bhí Standard ann, tá a fhios agat. Ní aithneochainn ‘Oscar’ i measc cáich
murab é go bhfaca mé a ainm agus a cheird scríofa ina litreacha dearga ar ribín dubh a bhí
trasna ar chlár a éadain. Ba é an tAdvocatus Diaboli a bhí ann é. Bhí dlaíóg de fhraoch
Chiarraí ina láimh aige agus chuireadh sé go dtína shrón í ó am go ham mar a bheadh sé de
gheall ar gan dearmad a dhéanamh den bholadh a bhí uirthi.
Tháinig mo scairt féin. Ba í ‘Bríd’ an cosantóir a bhí agam. Bhí an méid a scríobh mé riamh
ina mholl ar an tábla. Thoisigh an iomrascáil. D’éirigh ‘Bríd.’ Tharraing sí uirthi Quiggin.16
The only living Irish dialect which preserves in some measure the original difference between the single and double consonants of Old Irish orthography.
D’fhág ‘Oscar’ uaidh dlaíóg an fhraoich agus chuir sé na scríbhinní go dtína ghaosán agus, ar
seisean, nuair a bhí sé tamall ag smúrthacht orthu: ‘Níl boladh fhraoch Chiarraí orthu.’
Tharraing ‘Bríd’ uirthi údar eile.
‘The Old Irish principle of stress,’ ar sise, ‘subsisted in it entirely.’
‘Níl boladh fhraoch Chiarraí orthu,’ arsa ‘Oscar.’
Ba é an míniú is réiteach a bhí ar an scéal go bhfuarthas mé féin ciontach. Ba é an
breithiúnas a tugadh orm go gcaithfinn a ghabháil seal tamaill go Purgadóir. Agus cá fhad?
Tá, go mbíodh an smál dheireanach cúigeachais dóite ag na tinte de m’anam.
16 E.C. Quiggin, A Dialect of Donegal: Being the Speech of Meenawannia in the Parish of Glenties (C.U.P. 1906).
Cuireadh garda trom orm agus shín linn ag tarraingt síos. Ar theacht domh go bun an rása,
foscladh geafta mór iarainn agus isteach liom. Rinneadh cuartú dúthrachtach orm ar eagla go
mbeadh duilleog den Táin nó giobógaí Dáin Dhírigh fá mo bhratógaí. Tugadh ansin go dtí
m’áit chónaithe mé. Agus, a Rí na Cruinne, an crith a tháinig ar mo chroí! Bhí tuilidh de
thinidh leáite ag teacht anuas le barr binne agus scaifte mór peacach istigh fúithi. Ba é an
chéad smaoineamh a rinne mé nach mbeadh mo sheal fada anseo nó go raibh an tinidh chomh
tréan agus nach mbeadh sí i bhfad ag ní an chúigeachais díom. Ach, nuair a d’amharc mé, cé
a gheibhim agam ach daoine a bhí marbh leis na ciantaí. Bhí Lughaidh Ó Cléirigh ansin agus
gan é leathnite. Bhí ‘ach dara ball dubh ann ó mhullach a chinn go barr a choise. Bhí siad
ansin as Aileach na Rí, as Gartán, as Ard Mhacha agus as Doire Cholm Cille. Agus achan
chár orthu! Bhí Dálaigh agus Niallaigh ann agus iad gearrbhreac go fóill. Ní raibh leath an
chúigeachais dóite díobh. Bhí Cú Chulainn bocht ansin agus é dóite go dtí na cnámha. Ní
raibh air anois ach ball beag amháin dubh os cionn chleite an mhotháin.17
Tháinig allas fuar liom cé gur the an áit. Chuaigh mé ar aon bharr amháin creatha agus
mhuscail mé. Bhí solas an lae isteach fríd an fhuinneoig. D’éirigh mé agus ní raibh mo
lúcháir ar aon duine riamh nuair a chonaic mé nach raibh mé ach ag brionglóidigh. B’fhéidir
gur le mo leas a bhí an aisling chéanna. B’fhéidir gur taispeánadh a bhí ann a thug aingeal
coimhdeach mo láimhe deise domh féacháil an ndéanfainn leoirghníomh le ‘Oscar’ agus leis
an Standard.
17 Féach, an nóta seo a leanas a fuarthas ó Sheán Bán Mac Grianna: ‘Nuair a thigeadh tinneas beag áirithe ar dhuine ach gan é a bheith go holc, bhí sé creidte ag na seandaoine gur thit cleite an mhotháin ag an duine sin, agus seo an leigheas a bhíodh acu air: rinneadh an craiceann a nochtadh ag an áit a raibh an goile, chuirtí pingin ar an bhall lom agus orlach de choinneal ar an phingin. Lastaí an choinneal agus chuirtí gloine anuas uirthi sa dóigh go rachadh an choinneal as agus go dtarraingeodh an ghloine an fheoil isteach. Bhí sé creidte ansin go raibh cleite an mhotháin tógtha.’ Eolas ó Shinéad Ní Dhochartaigh, Liosta Focal as Gaeilge Thír Chonaill (tráchtas M.A. in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, 1970, 73).
MADAÍ SCADÁN AGUS MÍOLA AGUS RUDAÍ EILE18
Madaí scadán! Ní lú ar na hiascairí an dúdhonas ná iad. Tá boladh salach, bréan astu.
Seilgeann siad na scadáin agus strócann siad na heangachaí.
‘A athair,’ arsa mise lá amháin, ‘cad chuige a ndéan sibh a n-iascaireacht tharla iad chomh
holc agus a deir tú?’
‘Tá, a rún,’ arsa m’athair, ‘is iomaí cineál éisc san fharraige. Nuair a chuirtear an eangach,
théid an maith is an t-olc inti.’
Ní féidir eangach a chur gan madaí scadán a ghabháil inti. Tá an fharraige lán acu. Tá
dornán bliantach ó shin cuireadh eangach le Gaeilig a cheapadh agus, a Rí na Glóire Gile, an
scoil mhadaí scadán a chuaigh inti! Agus nár chuma sin i dtaca le holc ach go síleann cuid de
na daoine gurb iad an t-iasc breá, blasta iad, agus tá siad á n-ithe go cíocrach.
Nár aifrí Dia orm an fuath agus an ghráin shaolta atá agam ar an rud seo a dtugann cuid mhór
de na daoine Gaeilig air. Má scread aon pheaca amháin ar Dhia ag iarraidh díoltais, is é an
bhail atáthar a thabhairt ar theangaidh na nGael é. Nár thruagh mé dá mba é an pionós a
chuirfí orm ar son mo pheacaí éisteacht leis ar feadh na síoraíochta.
Aréir agus mé i mo shuí liom féin tháinig neach a thug ‘foighid’ air féin, tháinig sin chugam
agus chuir sé cogar i mo chluais. Seo an comhrá mar a tharlaigh eadrainn ár mbeirt.
EISEAN: Níl an fuath maith, a Mháire; tá sé míchríostúil.
MISE: Ní peaca ar bith ach cúis mhór luaíochta fuath a bheith agat ar olc agus ar bhréaga.
Na nach cuimhin leat cad é a dúirt Aodh Ó Néill agus é ar a bhealach go Cionn tSáile? Chuir
sé ceist cé a bhí ina chónaí sa chaisleán sin. Hinseadh dó gur de shíol Normannach é, ach go
raibh a bhunadh sa tír leis na céadtaí bliain agus go raibh sé ní ba Ghaelaí ná na Gaeil iad
féin. ‘Tá oiread fuatha agam air agus dá mba inné a tháinig sé,’ arsa Ó Néill, agus rinne sé
luaith den chaisleán. Is é a dhálta sin agamsa é; tá oiread fuatha agam ar ‘pé scéal é’ agus dá
dtigeadh sé inné. Agus sin rosc catha ag Cúigeadh Uladh. In ainm gach laoich agus file ó
Chú Chulainn go dtí Seán Mistéil, cuirimis lasóg ins an ghramscar ghránna seo a bhéarfadh
iarraidh a chur i gcéill gur Gaelaí é ná na Ceithre Máistrí, ná an Dall Mac Cuarta, ná Mánas Ó
Dónaill agus an tEaspag Ó Gallchóir.
EISEAN: Bhail, a Mháire, tá do chiall ag imeacht uait. Nach bhfuil a fhios agat gur mó an
dochar a dhéanfas tú don Ghaeilig ná an mhaith? Nach bhfuil go leor namhad ag an Ghaeilig
agus gan sibhse toiseacht a throid in bhur measc féin? Tá na Gaill ag caint go láidir ina
héadan anois. Deir siad nach bhfuil maith ar bith inti. Deir siad go gcaithfeadh duine a rá go
18 An tUltach (Samhain, 1925) 1-2.
raibh Gaeilig aige. Má thoisíonn sibhse a chlamhairt a chéile sibh féin, tá sibh ag cur bata
isteach i lámha na nGall le buille a bhualadh ar an teangaidh.
MISE: Fan ort go fóill. Cá bhfuair na Gaill an bata seo a bhfuil tú ag caint air? An i
gCúigeadh Uladh a d’fhás sé? Cé a chuaigh chun na coilleadh agus a bhain é? Cé a chuir
iarann ar an bharr aige agus iall ina cheann? Cad é an soiscéal - nó an doiscéal - a theagasc
formhór lucht na Gaeilge ó cheann go ceann na tíre le deich mbliana fichead? Fá bhrí do
mhionna, cé a scab an bhréag seo ar tús nach raibh ach canúint shuarach againne nárbh fhiú
trácht uirthi? Anuas ar do choinsiasa anois agus eadar tú is Dia, cad é an rud is mó a
cothaíodh an taobh ó dheas den Bhóinn - grá ar an Ghaeilig nó fuath ar Chúigeadh Uladh?
EISEAN: Ar dhóigh, sibh féin is ciontaí. Níor scríobh sibh bhur gcuid Gaeilge mar ba cheart
daoibh a dhéanamh.
MISE: Agus nuair a thoisigh muid á scríobh cad é a tugadh iarraidh a dhéanamh? An chéad
uair, ní raibh maith inár gcuid Gaeilge, má b’fhíor. Ansin nuair a chonacthas go raibh sí
againn gan bhréig agus nach dtiocfadh sin a choinneáil ceilte, ba é an rud a tugadh iarraidh a
chur ar a súile do lucht foghlama nach raibh fiachadh orthu na fuaimeannaí agus na
foirmeacha deacra sin a fhoghlaim ar chor ar bith nó nach raibh iontu ach canúint Chúigeadh
Uladh. Tá na mílte daoine ar fud na tíre - i mBaile Átha Cliath agus in áiteacha eile - atá ar
an tseachrán ar an ábhar gur ceileadh an fhírinne orthu agus gur cuireadh na bréaga in iúl
dóibh.
EISEAN: Ach dearc mar seo ar an scéal. Nach fearr an Ghaeilig seo a bhfuil tusa chomh
mór ina héadan agus atá tú, nach fearr í ná gan Gaeilig ar bith? Má chaitheann sibh bhur
gcuid ama ag troid, gheobhaidh an Ghaeilig agus an náisiún bás eadraibh.
MISE: An fearr ‘A Mhuire, mo náire’ nó ‘A Mhuire, mo thruaigh?’ An fearr feoil lofa a ithe
nó troscadh go fiúntach? Cé acu ab fhearr leatsa - ocras a fhuilstin nó do ghoile a líonadh ar
sheanmhadadh lofa a bheadh báite le mí agus a thiocfadh isteach leis an fharraige agus a
chuid easnach ar fhis agus na súile pioctha as ag éanacha na mara agus cnumhógaí amach is
isteach fríd an bholg aige?
EISEAN: Ach nach fearr duit an scéal seo a ghlacadh go foighdeach?
MISE: Tá foighid maith agus rómhaith ina ham féin ach níl dóigh ar bith leis an scéal a
leigheas - ach an ghaoth a ligean as an scrathóig seo atá crochta in airde go dínáireach leis na
blianta.
EISEAN: Mheasfainn gurbh fhearr an ghaoth a fháisceadh aisti de réir a chéile.
MISE: Ní hamhlaidh. Tá sé chomh maith scian a chur inti ós ní é a chaithfear a dhéanamh.
EISEAN: Tá eagla orm gur fearr duit gan iad a ionsaí mar sin. Tá lámh an uachtair acusan
agus cé bith a gheobhas tú le plán mín, ní bhfaighidh tú a dhath le lámh láidir.
MISE: Damnú nár thige ort, a scamhánaigh, fág m’amharc!
D’imigh sé.
* * * * * *
Dúirt dochtúir príosúin liom uair amháin go mbíonn duine breoite níos tugtha d’airnéis ná
duine folláin. Nuair a mheathas sláinte an choirp agus a éiríos an coimpléasc lag, faibhríonn19
na míola i bhfad níos líonmhaire. D’inis tú an fhírinne domh, a liaigh, éideadh gránna is eile
mar a bhí ort. Is amhlaidh mar a bhíos an scéal ag corp de chineál ar bith. De réir mar atá
colainn na Gaeilge ag gabháil chun báis sa Ghaeltacht, tá an airnéis ag leitheadú. Is gairid a
bheas a dhath fágtha ach iad. Ach gheobhaidh siad bás nuair a bheas deireadh ite acu.
Gabh isteach i siopa leabharthach ar bith agus amharc ar na leabharthaí Gaeilge atá ann.
Tusa a fuair an Ghaeilig ó ghlúin do mháthara, is leat atá mé ag caint. Nach míola a mbunús?
Mo chreach agus mo chrá gan usaid mhór agam de chuid púdair an Chéitinnigh. Is mé a
chroithfeadh ar an airnéis é fá chroí mhór, mhaith.
Ach anois cad é a dhéanfaimid? Tá, cuirimis suas go dubh is bán don chineál Gaeilge atáthar
a sháitheadh síos inár ngoile. A chuid oidí scoile Thír Chonaill, cuirigí shibhse tús ar an
obair. Cuirigí bhur nguailneacha le chéile in éadan an phrácáis atá ag teacht chugaibh as
Baile Átha Cliath lá i ndiaidh an lae eile. Iarraigí ar na sagairt cuidiú libh. Seasaigí le chéile
in éadan na gcigirí. Déantar an rud céanna ó sin go Muirtheimhne agus go bánta na Mí. Níl
féim sibhse a bhroslú, a mhuintir Bhéal Feirste. Tá a fhios agaibh cad é a húradh le bhur
dteachtaire anseo i mBaile Átha Cliath - nach dtearn sibh a dhath ar son na Gaeilge riamh.
Tá sibhse ag troid go cruaidh agus bhur gcúl leis an bhalla. Tá sibh tréigthe ag an tsaol mhór.
Go neartaí Dia sibh agus go gcuidí sé libh. Tá a fhios agaibh anois cad é an fheall a rinneadh
oraibh. Ar aghaidh libh!
19 Fabhraigh ag Ó Dónaill. Feabhruigheann sa bhuntéacs.
TAIBHSEOIREACHT20
Nuair a bhí mé i mo ghirsigh níthí cuid mhór cainte ar thaibhsí agus ar rudaí den chineál sin
ar an bhaile s’againne. Ba bhreá an rud a bheith ag éisteacht leo ach tú a bheith i do theach
féin. Ach dá mbeifeá ag airneál i dteach na comharsan, thógfadh sé an ghruag de do cheann
nuair a smaointeofá go raibh agat le a ghabháil chun an bhaile. Agus ba iad a bhí uaigneach,
na háiteacha a bhí ar an bhaile s’againne. Na beanna dubha, dorcha a bhí taobh ba soir de
Phort an Churaigh! Agus na scealpacha duibheagánacha a bhí ann! Nach bhféadfadh na
mílte mílte de thaibhsí a bheith i bhfolach iontu.
‘Ní chreidim féin iontu,’ arsa Paidí Sheáinín Ruaidh. ‘An tseachtain seo a chuaigh thart,
chuaigh mé soir Gleann Chuallach agus lód boscaí liom. Bhí sé chomh dorcha agus nár léir
duit do mhéar a chur i do shúil. Ní raibh agam le déanamh ach an srian a chaitheamh fá
mhuineál an bheathaigh agus, ar m’anam, go dtearn sí féin a bealach isteach go Machaire
Rabhartaigh gan truisleadh. Ach is air a tharraing mé an scéal, dheamhan a raibh d’uaigneas
orm.’
‘Má tá,’ arsa m’athair, ‘ní raibh uaigneas ar aon fhear riamh a raibh beathach capaill leis, nó
madadh ach oiread.’
‘Níl a a leithéid de cheol ann,’ arsa Paidí, ag éirí agus ag imeacht.
‘Nach bhfuil tú in am go leor, a Phaidí?’ arsa m’athair.
‘Tá agam le héirí go luath amárach,’ arsa Paidí. Caithfidh mé a ghabháil go Gort Lios
Saighead fá choinne lód eile scadán.’
‘Ní sin an rud atá ar chor ar bith air,’ arsa mo mháthair nuair a d’imigh sé, ‘ach ní ligfeadh an
t-uaigneas dó a ghabháil chun an bhaile nuair a rachadh an ghealach a luí. Tá a chroí ag
gabháil amach ar a bhéal le huaigneas. Ní inseochadh sé an scéal udaí ar chor ar bith murab é
de gheall ar a thabhairt le fios go raibh beathach capaill aige agus go raibh sé ina cheannaí
scadán. Nuair a bheas an scéal sin reicthe aige, cluinfidh tú é ag inse scéaltach fá na taibhsí a
casadh air agus é ag déanamh uafáis astu.’
‘Sílim féin nach bhfuil ann ach rud a shamhailtear do na daoine,’ arsa Micheál Ruadh.
‘Grásta ó Dhia ar m’athair bocht, is minic a chuala mé é ag rá go raibh sé ag teacht aníos as
na hAirde Donna oíche amháin eadar meán oíche is lá, agus é i ndiaidh a bheith ag Máiní ag
fáil stileadh déanta. Ag teacht anoir Clochar an Fhir Mhóir dó, bhí sé chomh dorcha agus gur
chaill sé an casán, agus cá bhfuair sé é féin ina sheasamh ach ag bun binne. Leis sin,
mothaighidh sé an trup thuas os a chionn. D’amharc sé in airde agus fuair sé an fear ba mhó
20 An tUltach (Nollaig, 1925) 3, 5.
a chonaic sé riamh ar bharr na binne. D’éirigh a theangaidh ramhar ina bhéal. Ní raibh a
fhios aige cad é ab fhearr dó a dhéanamh. Sa deireadh tháinig sé chuige féin. Smaoinigh sé
go raibh a scaball air agus gur dhúirt sé a urnaí ar maidin. Agus dar leis féin, cé bith thú féin,
níl baint agat díom. Chuaigh sé suas na fargáin ar a cheithre boinn agus nuair a bhí sé thuas,
cad é a bhí aige ach caora. Anois, dá mbíodh intinn lag aige agus é pilleadh in áit a ghabháil
ar aghaidh, is go lá a bháis ní chuirfeadh Éire na gceithre mbeann as a cheann nach cránaí
taibhse a chonaic sé.’
‘Bíonn an chomhchosúlacht ann,’ arsa Seán Óg. ‘Ní duine bréagach nó áibhéalach Simisín
Ghleann Léithín agus ní ceart domh bréag a chur air, tá sé in áit na fírinne. Chuala mé á fháil
a dh’fhianaise an fhoirinn báid go raibh siad ag teacht isteach an barra an t-earrach sular
báitheadh Dónall Sheáinín agus Micheál Thoirealaigh, agus gur nocht an fear é féin sa bharra
roimh thoiseach an bháid. Nuair a tháinig siad isteach thairis thoisigh siad a dhíospóireacht
eatarthu féin, a leath ag rá gur Dónall a bhí ann, agus an leath eile ag rá nárbh é ach Micheál.
An t-earrach sin a bhí chucu, báitheadh an bheirt, dóibh féin a hinstear é, agus iad ag teacht as
Iomthuinn le lasta leathaigh.’
Ins an am seo bhéarfainn féin mionna go bhfaca mé le mo shúile cinn an fear ag éirí roimh
thoiseach an bháid. Ansin thoisigh Conall Shéarlais Óig agus, a mhic na n-anam, sin an fear
a raibh an taibhseoireacht aige. D’inis sé fán oíche a chualathas an caoineadh sí tigh Anna
Móire an samhradh sula bhfuair Bríd Anna bás. Chuala scaifte a bhí ag teacht as Tráigh na
gCorr é. Bhí siad ag éisteacht le mnaoi ag caoineadh a linbh. Tharraing siad ar an teach agus
bhí siad ag éisteacht go soiléir leis gur nocht solas na fuinneoige chucu. D’aithin Dónall
Brocach an caoineadh céanna sé mhí ina dhiaidh sin nuair a fuair Bríd Anna Móire bás!
D’inis sé ansin fán chrochnáid a chonaic Micheál Phroinsís agus Eoghan Sháibhe ag Mín an
Draighin, agus an dóigh ar bhuail fear dá raibh ins na maidí tosaigh Eoghan nuair a
smaoinigh Eoghan go gceilfeadh sé é agus go gcuirfeadh sé an bás air.
‘Buíochas mór do Dhia,’ arsa Donnchadh Mór, ‘ní fhaca mé a dhath riamh a ba mheasa ná
mé féin.’
‘Tá mé féin ag déanamh,’ arsa mo mháthair, ‘nach eagal do dhuine ar bith a déarfas a urnaí
maidin is tráthnóna.’
Dúirt mé féin trí paidreacha gan stad, agus nuair a d’amharc mé ar Dhónall, fuair mé a
phuisíní ag bogadaigh.
‘M’anam go raibh a fhios agam féin sagart a raibh a sháith uaignis air,’ arsa Conall Phádraig
Chondaí. ‘Agus, ar ndóigh, chan díobháil ar bith urnaí a bhíos orthusan. Is cuimhin liom
oíche amháin a tháinig sé a chur na hola ar Nualaitín, agus dheamhan a chos a rachadh chun
an bhaile gan duine a bheith leis.’
‘Rath Dé ar a chois,’ arsa Anna Mhealadáin.
‘B’fhéidir gurbh é an rud nach raibh eolas an bhealaigh aige,’ arsa mo mháthair.
‘Ní raibh, gabhaim orm,’ arsa Conall, ‘agus oíche réabghealaí a bhí ann. Leoga, is aige féin a
bhí agus é seacht mbliana sa phobal san am. B’éigean domh féin agus do Pheadar Phaidí
Bháin - go ndéana Sé a mhaith ar na mairbh - b’éigean dúinn a ghabháil leis gur fhág muid ar
lic an dorais tigh Dhónaill Ailic é.’
‘Níl sé sona ar scor ar bith,’ arsa m’athair, ‘a bheith ar shiúl go hantráthach. Tá mé féin ag
déanamh go bhfuil sé ordaithe don tsaol a ghabháil fá chónaí nuair a thig an oíche.’
‘Bhal,’ arsa Seán Óg, ‘an bhfuil a fhios agaibh cad é a bhí an Babhdán a inse do mo bhéal; ní
ceart domh bréag a chur air. Bhí sé fómhar amháin ar an Lagán, agus oíche amháin bhí
scaifte acu ina suí i dteach mar atá muidinne anseo. Thoisigh siad a chaint ar thaibhsí, cuid
ag rá go raibh siad ann, agus cuid ag rá nach raibh. Sa deireadh thoisigh fear an tí agus d’inis
sé scéal.’
‘Bhí fear ann aon uair amháin,’ ar seisean, ‘agus phós sé bean. Nuair a bhí siad bliain pósta
chuaigh an bhean amach oíche Shamhna. Thit sí agus briseadh a droim. Cupla lá ina dhiaidh
sin fuair sí bás. An oíche Shamhna ina dhiaidh sin chuaigh an fear amach fá choinne uisce
agus a sháith cumhaidhe air ag smaoineamh ar bhliain agus an oíche sin. Chuala sé an
fhideal a ba bhinne a chuala sé riamh. D’amharc sé (sic!) agus thíos ar an léana agus bhí cúirt
bhreá ar aon bharr amháin solais. Dar leis féin go dtógfadh sé cian de a ghabháil isteach.
Chuaigh. Bhí lán an tí ansin agus iad cóirithe go hinnealta. Nuair a bhí an cúrsa sin déanta,
d’éirigh bean a bhí ann agus thoisigh sí a rá amhráin:
Bhain seachrán sí domh i dtús na hoíche,Is deir daoine críonna go mbréag é.
Ach dar a bhfuil de bhíoblaí ó seo go dtí sinGo rabhamar araon ar an fhéasta.
Bhí togha gach bídh ann, bhí rogha gach dí annBhí gáire is aoibh ar gach aon ann,
Is na daoine saolta go gcuirfeadh in iontasAn chulaith shíoda a bhí ar Mhéabha.
‘Sa bhomaite d’aithin sé í. Cé a bhí ann ach a bhean féin a shíl sé a bhí marbh le bliain.
Nuair a fuair sé faill, tháinig sí a fhad leis agus d’iarr air a ghabháil chun an bhaile agus
buidéal uisce choisreactha a fháil, teacht ar ais agus ise a thógáil a dhamhsa. ‘Agus,’ ar sise,
‘nuair a bheas an cúrsa thart, croith an t-uisce coisreactha orm, agus leat féin mé.’
‘Rinne. Chomh luath agus a chroith sé an t-uisce coisreactha uirthi, bhánaigh an chúirt agus
an chuideachta agus fágadh ina seasamh leo féin ar an léana iad. Agus, más bréag sin,
fágaimse d’fhianaise ar an mhnaoi sin sa chlúdaigh é. Ise an bhean a tugadh as agus mise an
fear a d’fhuascail í. Agus seo anseo fá dtaobh dínn an chlann a bhí againn ina dhiaidh sin.’
‘Do mo bhéal a bhí an Babhdán á inse,’ ar Seán Óg, ag cur aibhleoige ar an phíopa.
Déarfadh daoine gurbh olc an rud an cineál seo comhráidh os coinne páistí, go ndéan sé
uallach, critheaglach iad. B’fhéidir go ndéan. Go dtí an lá a bhfuil inniu ann, nuair a théim
chun an bhaile ar cuairt bíonn uaigneas orm má chastar liom féin amuigh go mall mé fá na
háiteacha a mbíodh Seán Óg ag inse go bhfacthas tais nó go gcualathas caoineadh sí. Ina
dhiaidh sin agus i ndiaidh gach ní, bheirim altú do Dhia go minic gur chuala mé na scéaltaí
seo uilig nuair a bhí mé óg. B’fhéidir go bhfuil mé uallach gan chéill dá dtairbhe. Ach, má tá
féin, caithfidh mé a rá: ‘Foscadh na bhflaitheas do d’anam anocht, a Sheáin Óig, ‘mura agat a
bhí an deise labhartha agus mura leat a thiocfadh an craiceann a chur ar scéal.’
SIMLEOIR MHICHEÁIL ANNA MÓIRE21
Oíche amháin tá a chúig nó a sé de bhliana ó shin bhí scaifte againn ag airneál tigh Mhicheáil
Anna Móire. Thug Micheál isteach bascóid mhónadh agus chuir síos tinidh bhreá. Las sí
suas go croíúil. Deargadh na píopaí agus thoisigh an comhrá.
‘Dheamhan má chonaic mé a dhath riamh ba chroíúla liom ná tinidh mhaith oíche
gheimhridh,’ arsa Conall Phádraig Chondaí.
‘Is fíor duit sin, a Chonaill,’ arsa Donnchadh Dhónaill Phroinsias. ‘Ní theachaigh leath a
luacha riamh uirthi mar thinidh.’
‘Is furas tinidh mhaith a choinneáil thíos i mbliana,’ arsa bean an tí. ‘Buíochas do Dhia ar
son fhairsingeacht na mónadh.’
‘Tá a fhios agam fear amháin nach bhfaigheann mórán pléisiúir as a chuid mónadh i
mbliana,’ arsa Eoghainín Thuathail, ‘mar atá Néillín Sheáin Mhóir. Tá an simleoir ag
plúchadh anuas toite aige dá laghad an beochán dá gcuirfidh sé síos.’
‘Damnú, a ghiolla seo,’ arsa Donnchadh Mór, ‘gur sin galar atá ar chuid mhóir de na tithe
úra. Na saorthaí atá ann ar na saoltaí deireanacha seo, is annamh fear acu a dtig leis simleoir
a dhéanamh a tharrónas smid.’
‘Maise, go raibh sé lán chomh hannamh ceann de na seantithe a fheiceáil ag cur anuas,’ arsa
Diarmaid Nórann. ‘Sin anois an teach seo anseo agus ní fhaca aon duine riamh toit ann.
Agus caithfidh aois mhór a bheith aige.’
‘Tá sé aon chéad amháin ar an cheann chaol de,’ arsa Donnchadh Mór. ‘Nach bhfuil, a
Mhicheáil?’
‘Tá, agus aois buachalla óig lena chois,’ arsa Micheál. ‘Grásta ó Dhia ar na mairbh, ba é mo
gharathair a rinne é. Anseo sa chlúdaigh seo a rugadh m’athair mór agus m’athair agus mé
féin.’
‘Agus dá maireadh siad,’ arsa Donnchadh Mór, ‘bíodh geall air nár chuimhneach le aon duine
acu toit a fheiceáil ann.’
‘Is furast a aithne ar na ballaí agus ar na creataí,’ arsa Seán Óg, ‘nár chuir sé anuas aon smid
riamh.’
‘Chuir sé anuas uair amháin ina shaol,’ arsa fear an tí, ag cur dealáin ar a phíopa. ‘Oíche
amháin fada ó shin, nuair a bhí mise i mo stócach, líon sé an teach de thoit i bhfaiteadh na
súl.’
‘Maise, an abair tú seo liom?’ arsa Donnchadh Mór.
21 An tUltach (Meitheamh, 1926) 5, 8.
‘Cluinfidh tú,’ arsa Micheál, ag toiseacht is ag inse an scéil seo.
* * * * * *
Bhí muid ag iascaireacht scadán san am agus bothóg déanta againn in Inis Fraoich. Ba
ghnách linn a ghabháil isteach ar maidin Dé Luain agus bia seachtaine linn, agus a theacht
amach oíche Shathairn. Oíche Chéadaoine chuir muid i gcúl Oileán Bó agus, nuair a bhí
muid curtha, dúirt Séarlas ‘Ac Leadair gur fhéad muid a ghabháil chun an bhaile agus go
dtiocfadh linn a theacht anuas leis an tsruth trá an lá arna mhárach agus a dtógáil. Grásta ó
Dhia ar Shéarlas bhocht bhí sé ? ar bharr na gaoithe san am agus leoga ina fhear ghasta. Bhí
oíche dhamhsa tigh Sheáin Chonaill agus ba mhaith leis a bheith ag an chuideachta. Bhí sé
ag comhrá le Nualaitín san am agus toil mhór acu dá chéile. Ach is air a tharraing mé an
scéal, ní raibh muid ag déanamh maith leis an iasc an tseachtain seo. Bhí muid ar nós na
réidhe iontu agus nuair a bhí na heangacha curtha, bhog linn chun an bhaile.
I dtrátha leath am luí tháinig mé féin an fad seo. Go ndéana an Rí A mhaith ar na mairbh, bhí
Séimí Néill Sháibhe agus Micheál an Osáin agus Blagadán - mar a bheirtí air - bhí sin ina suí
thart fán tinidh ag comhrá, go díreach mar atáimidinne anois. Agus ba é an rud a raibh siad
ag caint air (tá cuimhne mhaith agam air) an raibh cinniúint ann. Bhí m’athair ag dearbhú
nach raibh, nó gur lena bhéal a dúirt an Sagart Mór Ó Dónaill é. Ba é an bharúil a bhí ag
Blagadán go raibh. Agus, de dhearbhú an scéil, d’inis sé cad é mar a shiúil sé féin na seacht
ríochta, mar a bhí sé chomh minic ar bhéala a phósta agus, i ndiaidh an iomláin, mar a tháinig
sé ar ais go Mín na gCat nó gur pósadh ar Bhríd Chéillín é. Bhí a scéal féin ag achan duine
agus, Dia, bhí an comhrá chomh maith sin agus gur chaith mé féin as mo cheann an rún a bhí
agam a ghabháil chuig an damhsa tigh Sheáin Chonaill. Bhain mé mo chosa as na bróga agus
chuir mo bhonnaí leis an tinidh. Leis sin go díreach thoisigh an simleoir a chur anuas na
toite.
‘Maise, briseadh a gcneasa chuig an taos óg sin,’ arsa m’athair nó níor shamhail sé nár é rud a
cuireadh scraith ar an tsimleoir. ‘Páidí Néill agus Jimmy Tharlaigh anois a rinne sin,’ ar
seisean, ‘cuirfidh mé mo rogha geall. D’fhág mé an dréimire ina sheasamh ag tóin an tí
tráthnóna agus níl a dhath mór ag na diabhail bhradacha sin. Gabh amach, a Mhicheáil,’ ar
seisean liom féin, ‘agus réitigh an simleoir.’
Amach liom féin agus chuaigh suas an dréimire ach scraith nó cuid de scraith is ní raibh ar an
tsimleoir. D’amharc mé síos ann go bhfaca mé an tinidh thíos fúm. Nuair a bhí mé go
díreach ag brath a theacht anuas, dar liom go gcuala mé mar a bheadh uaill chaointe ann,
eadar sin is an Mhaoil Mhóir. D’éist mé agus chuala mé arís é. Isteach liom agus d’inis mo
scéal don mhuintir a bhí istigh.
‘Coisreacadh Dé orainn anocht,’ arsa mo mháthair, ‘tá caill ar an oíche. B’fhuras a aithne
nach le dea-chomhartha a thoisigh an simleoir a chur anuas.’
D’éirigh iomlán agus amach linn gur sheasaigh ag coirneál an tí. D’éist muid. Eadar Tóin
Rinn na Mónadh agus Clocha Sheoirse dar linn a bhí sé. Agus ba é a bhí soiléir, agus an
caoineadh ba léanmhaire dá gcualathas riamh. Shíl na seandaoine gur caoineadh sí a bhí ann.
Ach chonacthas domh féin gur chosúla é le glór duine shaolta. Ní caoineadh brónach a bhí
ann ach screadach ghéibheannach. Ba ghairid go dtí nach raibh amhras ar bith orm nuair a
chuala mé an glór ag rá:
‘Tá mé báite. A Íosa, a Mhic na Maighdeana, sábháil mé!’
‘Ní caoineadh sí ar bith sin,’ arsa mé féin, ag tabhairt rúide isteach chun sciobóil fá choinne
céasladh. Bhí curach mhuintir Aodha thiar ag Caslaigh Thobar na Cruaiche, agus dar liom
féin gur cheart iarraidh a thabhairt air. Ar a ghabháil isteach thall domh bhí Aodh, go ndéana
Dia a mhaith air, bhí sin ina shuí sa chlúdaigh ag caitheamh a phíopa agus, gura slán do
Pháidí, é ag gabháil amach ar an doras ag tarraingt ar an damhsa. Bhí Aodh ag brath fáilte a
chur romham a dh’airneál mar a níodh an duine bocht i gcónaí. Ach, nuair a chonaic sé an
chéaslaidh i mo láimh agus an t-amharc scáfar a bhí i mo shúile, chuir sé ceist cad é a bhí
cearr. D’inis mé féin dó agus d’iarr ar Pháidí a bheith liom go gcuirimis amach an curach
agus go dtugaimis iarraidh tharrthála ar an té a bhí sa chontúirt.
‘Is fearr domhsa a bheith libh,’ arsa Aodh, ‘nó níl mórán cleachtaidh ag ceachtar agaibh ar
chéaslaidh.’ Rud nach raibh, nó ba ar na rámhaí ba mhó a bhí lámh againn.
Síos chun an chladaigh linn chomh tiubh géar agus a tháinig linn agus chuir an curach ar an
toinn. Chuaigh Aodh i gceann na céasladh agus shuigh mise agus Páidí i ndeireadh. Bhí sé
chomh dorcha agus nach mó ná gur léir duit do mhéar a chur i do shúil agus, Dia ár sábháil,
bhí an caoineadh agus an screadach le cluinstean againn go soiléir i rith an ama. Tharraing
Aodh an méid a bhí ina chraiceann ar an aird a raibh an caoineadh ag teacht as. Agus ba
doiligh mórán deifre a dhéanamh nó bhí sruth trom trá inár n-éadan. Bhí an caoineadh ag
teacht ní ba deise dúinn. Dar linn go raibh sé fá chupla céad slat dínn. Ach ní raibh a dhath
le feiceáil. Ní raibh le ár gcoinneáil ar an bhealach cheart ach an caoineadh, agus is é an
eagla a bhí orainn go stadfadh sé sula mbeimis aige.
‘Bíodh uchtach agat, a chailleach,’ arsa Aodh seanard a chinn, ‘tá tarrtháil ag tarraingt ort.’
Bhí muid ag druidim leis an chaoineadh. Dar linn nach raibh sé os cionn cupla scór slat
uainn. Leis sin stad sé.
‘Ó, a Dhia dhílis,’ arsa Páidí Aodha, ‘táthar á bháitheadh anois.’
D’amharc mé féin thart ar gach taobh díom ach ní raibh le feiceáil agam ach an fharraige
dhubh, dhorcha. D’éirigh an ghruag ina seasamh ar mo cheann agus d’éirigh mo theangaidh
ramhar i mo bhéal dár mhéad is a scanraigh mé. Ní raibh a fhios ag fear na céasladh dá
gcoinníodh sé an siúl ar an churach nach suas thairis a rachaimis. Ní raibh a fhios againn
nach raibh sé i ndiaidh a ghabháil go tóin ag gaosán an churaigh. Bhéarfaimis a bhfaca muid
riamh ach scread amháin eile a chluinstean. Tá mise ag inse daoibh má chuir aon triúr riamh
isteach a mbeithiúnas aithrí go huile agus go hiomlán ar an tsaol seo, gur chuir mise agus
Aodh agus Páidí isteach é ar feadh bomaite an oíche sin.
Sa deireadh arsa Aodh: ‘In ainm Dé,’ ar seisean, ‘rachaimid suas giota beag eile.’
Ní raibh os cionn thrí mbuille den chéaslaidh tarraingthe aige nuair a chonaic Páidí cloigeann
an duine os cionn an uisce.
‘Seo é, a athair,’ ar seisean. ‘Lig thart do dheireadh.’
Lig. Shín mé féin agus Páidí amach ár gcuid lámh agus fuair greim ar an fhear a bhí san
fharraige. Is minic a chuala mé iomrá ar ghreim an fhir bháite. Ach, a Mhuire Bhantiarna, an
greim a fuair sé ar mo láimh beidh cuimhne agam air go bhfuaraí an bás mo bhéal. Dá mba
dual dó an sciathán a bheith leis as mo ghualainn, dhéanfadh sé é.
Thug muid i dtír é agus d’fhág ina luí ar an tráigh é. Ba ghairid gur chruinnigh na daoine - nó
chualathas an caoineadh fada leitheadach - agus hiompradh isteach tigh Eoin Mhicheáil é.
Cé a bhí ann ach Séarlas Óg. Bhí an duine bocht ag teacht aníos as an Phointe agus chuaigh
sé ar seachrán ar an Tráigh Bháin. Cad é a rinne sé i gan fhios dó féin ach éaló isteach ar
Oitir na bPílear agus an lán mara ar an dá thaoibh di. Nuair a tháinig sé a fhad leis an uisce
thíos ar ghob na hoitreach, tugaidh sé iarraidh pilleadh agus cad é a ní mo dhuine bocht ach a
aghaidh a thabhairt anonn ar an Tráigh Bháin. Nuair a mhothaigh sé ag éirí domhain é,
thiontaigh sé agus thug a aghaidh ar Rann na Feirste. Má b’fhearr mar sin an scéal! Ba
ghairid go dtáinig an doimhneacht ar ais air mar bhí an deán ar gach taobh den oitir. Sa
deireadh tógadh é agus thoisigh sé a dh’imeacht leis an tsruth. Snámhaí maith a bhí ann agus
choinnigh sé a cheann os cionn an uisce ar fad agus ins an am chéanna é ag screadaigh ag
iarraidh cuidithe. Dá mbíodh an curach dhá bhomaite eile ní ba mhaille an oíche sin, bhí
Séarlas Óg báite. Ní raibh scread féin ann nuair a chonaic Páidí Aodha é.
Anois nach gcaithfidh sibh a rá go raibh fad ar a shaol, mar Shéarlas, agus go raibh sé i ndán
dó gan a chailleadh an oíche sin. Ní raibh aon fhear óg istigh ar an bhaile an oíche sin ach
mise agus Páidí Aodha nach raibh uilig ar shiúl chuig an damhsa, an méid acu nach raibh ar
an iascaireacht. Dá mbímisinne as baile, ní raibh aon duine le tarrtháil a thabhairt air. Agus
nárbh iontach a tháinig muidinne chun an bhaile i lár na seachtaine, an rud nach dtearn muid
riamh roimhe. Agus, ar ndóigh, b’iontaí ná an t-iomlán an simleoir nár chuir aon smid riamh,
a rá is de gur líon sé an teach de thoit mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile. Murab é go
dteachaigh mise amach go bhfeicinn arbh é rud a chuir an taos óg scraith ar an tsimleoir, ní
chluinfinn an caoineadh. Ní chluinfeadh aon duine eile é ach oiread liom nuair a bhí an doras
druidte agus an comhrá ag gabháil fán tinidh. Shábháil beannacht bochtáin nó achaine
dílleachta Séarlas Óg an oíche sin, sin nó ní tháinig sé chun tsaoil lena bháitheadh.
Mar sin de, chuir simleoir an tí seo anuas an toit uair amháin ina shaol. Ach, má chuir féin, tá
sé maiteach aige.
NÓ NACH CUMHAN LEAT AN OÍCHE22
Nó nach cumhan leat an oíche úd a bhí mé is tú, a chaoinbhean,
Ag éaló fríd fhaoch an tsléibhe,
Bhí an ghealach gan smúid agus aoibh ar a gnúis
Le lúcháir romhat, a spéirbhean,
Is go bhfacaigh mé aréir thú i ngleanntán an tsléibhe
Ag teacht le mo bhéal a phógadh,
Ach ar maidin go luath nuair a chlis mé as mo shuan,
Gur éalaigh tú uaim sa cheobrán.
Is, a mhaise gheal, mhín, tar chugam arís
Go n-éalaímid síos Ceann Dubhrann,
Is dhéanfaimid fáir ar imeall na trá
Is beidh canach bog, bán dár gcumhdach.
Cha n-iarrfainn de spré leat ach glórthaí do bhéil,
Is nach sinn a bheadh séanmhar sásta,
Agus buaireamh ná brón ní thiocfadh ‘do chóir
Má abrann tú an ‘gabhaim’ , a stáidbhean.
A Dónaill, a rún, is mé a rachadh sa tsiúl
Dá mbeimis i dtús ár n-óige;
Ach nach bhfeiceann tú néaltaí ag folach na gréine
Agus canach an tsléibhe feoite.
Órú, d’imigh an smaolach a bhí ag seinm ag géag
Le searc dona chéile fáireach;
Tá scamall dubh ceo ar Chaisleán an Óir,
Is ár mbeannacht le glórthaí páistí.
22 An tUltach (Mí na Féile Michíl, 1926) 5. Tá an tríú véarsa den dán seo foilsithe i ngearrscéal le Máire ‘An Aisling Bhréige’ in Cith is Dealán áit a ndeirtear gur chualathas ag Máire Chonnachtach é.
AN OÍCHE ARÉIR23
Fonn The Heather Glen
Thuas i lár an ghleanna
Tráthnóna beag aréir,
‘Gus an drúcht ‘na dheora geala
‘Na luí ar bharr an fhéir,
Sea casadh domhsa an ainnir
Ab áille gnúis is pearsa,
‘Sí ‘ sheol mo stuaim chun seachráin
Tráthnóna beag aréir.
Is, a Rí, nár lách ár n-ealaín,
Ag gabháil síos an gleann aréir,
Ag éaló fríd an chanach
Agus ciúnas ins a’ spéir.
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis
Ár súgradh croí is nár ghairid –
Is, a Rí na Glóire Gile,
Tabhair ar ais an oíche aréir.
Do chiabhfholt fáinneach, frasach,
Do mhailí bhán is do dhéad,
Do chaolchom álainn, maiseach,
Agus glórthaí caoin’ do bhéil!
Do bhrágha mar chluimh na heala,
Do shúil mar réalt na maidine –
Is, faraor gur dhual dúinn scaradh
23 An tUltach (Nollaig, 1926) 6. Tá an t-amhrán seo faoin teideal Sa Ghleann Aréir i gcló ar Fáinne an Lae (Samhain, 1928) 8 agus ar The Echo (29/6/1929) 12. Féach, fosta, ar Lillis Ó Laoire, ‚Tráthnóna Beag Aréir‘ in John Walsh agus Peadar Ó Muircheartaigh (eagí.), Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil (LeabhairCOMHAR, 2016) 154-76.
Tráthnóna beag aréir.
Dá bhfaighinnse ‘rís cead pilleadh
Agus labhairt le stór mo chléibh,
Is dá bhfaighinnse buaidh ar chinniúint
Cár mhiste liom fán tsaol?
Shiúlfainn leat fríd chanach
Is fríd mhéilte ar chiumhas na mara,
Agus dúiche Dé dá gcaillinn
Go bpógfainnse do bhéal.
Is, a Rí, nár lách ár n-ealaín,
Ag gabháil síos an gleann aréir,
Ag éaló fríd an chanach
Agus ciúnas ins a’ spéir.
Órú, a rún mo chléibh, nár mhilis
Ár súgradh croí is nár ghairid –
Is, a Rí na Glóire Gile,
Tabhair ar ais an oíche aréir.
NA DLÍTE AGUS NA DÁNTAÍ24
Deir siad go raibh dhá thír ann aon uair amháin agus go raibh ceann acu lag agus an ceann
eile láidir. Agus mar a bíos an neart go minic ag teacht i dtír ar an cheart, bhí an tír láidir ag
coinneáil na tíre laige faoi smacht. Lá amháin bhí beirt fhear de mhuintir na tíre bige, laige
seo, bhí sin ag caint ar an chruth a raibhs iad ann. Bhí fear acu ag gabháil in éadóchas.
‘Níl maith dúinn a bheith ag smaoiteamh ar an scéal,’ ar seisean. ‘Tá an t-airgead agus na
dlíte ar láimh an namhad. A fhad is a bheas siadsan ag déanamh na ndlíte níl gar dúinne cad é
a dhéanfaimid.’
Agus arsa an dara fear ag tabhairt freagair air:
‘Déanadh a rogha duine na dlíte ach déanaimse na dántaí.’
Bhí cuid mhór céille ag an dara fear. Tá cuid mhór cumhachta i litríocht tíre. Is treise ná sin
arís í má tá sí cumtha i dteangaidh dhúchasach na tíre. Ba chóir in Éirinn meabhrú ar an
chaint seo go domhain inár gcroí. Ba chóir dúinn gan ár n-uchtach a chailleadh fá na dlíte a
fhad is atá na dántaí againn. Tá drochbhail ar Éirinn san am i láthair. Ní abóraidh duine ar
bith a bhfuil binn aige ar an fhírinne nach bhfuil. Tá sí gearrtha ina dhá chuid. Tá léan agus
leatrom, anró agus ocras inti. Agus tá cuid mhór daoine ag cailleadh an mhisnigh agus an
dóchais a bhí iontu ins na blianta glórmhara a chuaigh thart. An mhuintir a bhí ag obair go
dícheallach ar son na Gaeilge chaill cuid mhór acu a n-uchtach. Lig siad a maidí le sruth. Dar
leo nach raibh gar dóibh a bheith ag obair, go raibh na dlíte ina n-éadan. Ach ba cheart dóibh
cuimhneamh ar an rud a dúirt an fear ar tharraing mé an scéal air. Déanadh a rogha duine na
dlíte ach déanaimse na dántaí.
Ins an am a chuaigh thart is minic a bhí Éire ní ba laige ná atá sí anois. Ach d’imigh an laige i
gceann tamaill agus tháinig an neart ina dhiaidh. Fágadh Éire ina luí go híseal ag Cionn
tSáile. Scríobh Mountjoy chuig banríon Isabel ag rá nach raibh a dhath sa tír ach coirp agus
luaith. D’imigh na hIarlaí le gan pilleadh. Bhí Éire marbh – chomh marbh le aon chorp dá
dteachaigh i gcill, dar le cuid mhóir. Ach i gceann chupla scór eile bliain d’éirigh bladhairí
dearga, tintrí as an luaith agus chonacthas clanna Gael arís i ndeabhaidh lainne le Galla. Bhí
Aodh Ó Néill ina chodladh go suaimhneach ‘i bhfad óna dhaoine eadar dhá dtír.’ Ach bhí
Niallach eile ar na sléibhte agus ar na bánta céanna, agus an rosc catha céanna le cluinstin a
chualathas roimhe sin ag Béal an Átha Buí. Tháinig Cromal le tinidh is le harm agus chuir sé
24 An tUltach (Nodlaig, 1926) 8.
an tír faoi smacht arís. Cinnte bhí deireadh léi an iarraidh seo. Cinnte ní tharrónadh sí a hanál
arís go brách na breithe! Ach chan amhlaidh a bhí. Ní theachaigh aois duine thart go raibh an
marbhánach beo arís agus é faoina chuid airm agus éididh. Buaileadh buille eile air ag an
Bhóinn agus ceann eile in Eachroim. D’imigh Pádraig Sáirséal agus na ‘Géacha Fiáine.’
Tháinig na Dlíte Pianúla. Ba damanta na dlíte iad.
Oíche mhór, fhada, dhorcha, léanmhar a bhí sa hochtú haois déag. Ach cé gur chruaidh iad
mar dhlíte, bhí daoine in Éirinn a chuaigh ar aghaidh leis na dántaí. Choinnigh na filí
cuimhne ar Éirinn i rith an ama. Chonaic siad í i riocht spéirmhná le héirí na maidine in
Úirchill an Chreagáin agus in áiteacha uaigneacha den chineál, agus na créatúir ar shiúl ar a
seachnadh.
Agus dá réir sin chugainn aniar. Tháinig ’98 agus d’éirigh na mairbh arís agus chaith díobh
an taiséadach agus bheir ar a gcuid pící. Tháinig Tone agus buaileadh é. Tháinig Emmet agus
buaileadh é. Tháinig Samhradh na Gorta agus ba mheasa é ná céad cogadh. Cinnte bhí Éire
faoi smacht an iarraidh seo! Ach cha raibh. Bhí tuilleadh fad ar a saol. Ba ghairid go
bhfacthas ag bogadaigh arís í.
Ach má thig an lá a mbeidh an Ghaeilig marbh, cé leis a dtig a rá go n-éireochaidh Gaeil in
éadan Gall níos mó? Má bhíonn an teangaidh chéanna againn, tá an uile chontúirt go mbeidh
an t-aigneadh céanna againn. Mura mbí féin, ní bheidh rud ar bith le spiorad agus misneach a
chur ionainn. Beimid ins an dorchadas go deo deo; nó má chailltear an Ghaeilig agus litríocht
na Geailge, cá bhfaighimid solas a thaispeánfas dúinn an sean-náisiún uasal sin ar chóir dúinn
a bheith bródúil as? Chonaic cuid mhór againn cad é an neart agus an chumhacht atá ins an
Ghaeilig. Tá corradh le deich mbliana fichead ó shin bhí Éire ar dhrocstaid. Bhí dearmad
déanta ag cuid mhóir dá clainn gur mhair sí riamh. Níor shamhail siad go raibh sé i ndáil ná i
ndúchas acu rud ar bith a fháil ab uaisle ná Home Rule. Bhí siad ag clamhairt a chéile fá rudaí
suaracha. Bhí a gcuid súl a fhad sáite i lábán na polaitíochta agus nár léar dóibh a dhath eile.
Sa deireadh dúirt scaifte beag daoine leo féin go dtabharfadh siad a n-aghaidh ar na dántaí,
déanadh a rogha duine na dlíte.
Sin mar a toisíodh ar athbheochadh na Gaeilge agus tá a fhios againn uilig cad é a tháinig as.
Cinnte buaileadh sinn. Ach, má buaileadh féin níor cheart dó sin beaguchtach a chur orainn.
Má bheir muid ár n-aghaidh arís ar na dántaí cuirfidh siad spiorad ionainn a gheobhas buaidh
ar na dlíte, fada gairid an lá sin uainn. Ba cheart dúinn dóchas a bheith againn as an Ghaeilig.
Suáilce dhiaga an dóchas ag náisiún chomh maith le duine.
Tá na dlíte cruaidh ar an Ghaeilig. Tá siad iontach cruaidh uirthi ins na Sé Chontae. Ach tá
muintir na Sé gContae ag muscladh as an tsuan. Níorbh iontas ar bith má bhí tuirse agus
tromchodladh orthu. Cuireadh ceangal na gcúig gcaol orthu agus ba doiligh dóibh mórán
uchtaigh a bheith acu toiseacht a dh#obair arís. Ach san am chéanna tá siad ag muscladh. Tá
siad ag cur cos ar obair na Gaeilge srís ina ndúiche. Tá súil againn go n-oibeoraidh siad go
cruaidh leis an Ghaeilig a thabhairt ar ais ar a dtaoibh féin den chrígh. Nuair a bheas na dántaí
ar dhá thaoibh an líne, ní bheidh sé doiligh deireadh a chur leis na dlíte agus leis an líne ina
gcuideachta.
Tá drochdhóigh ar an Ghaeilig i gCúigeadh Uladh. Ach ina dhiaidh sin tá sí beo ansin go
fóill. Beo i gcroí na ndaoine agus beo ar theangaidh cuid acu. Na dántaí, a chairde, na dántaí!
Tá go leor acu againn. Tá siad ar achan choiscéim ó Bhéal an Átha Buí go cathair Bhéal
Feirste. Tá laochraí agus litríocht, stair agus seanchas ag na Sé Chontae. Tá go leor ann le
misneach a thabhairt dúinn.
A Róisín, ná bíodh brón ort fár éirigh dhuit. A mhuintir Chúigeadh Uladh, ná bíodh brón
oraibh. Ní abóraidh mé go bhfuil na bráithre ag teacht thar sáile ná go dtiocfaidh bhur
bpardún ón Phápa. Ach is cuma. Bíodh dóchas agaibh as an dúiche ina bhfuil sibh. Tá go leor
den tseanléann agus den tsean-Ghaeilig fágtha go fóill ó Mhuirtheimhne go hArd Mhacha, go
Gartán agus Béal Eas Aodh Ruaidh. Toisighidh a dh’obair. Cuiridh bhur nguailleacha le
chéile. Déanadh gach duine agaibh a chruadhícheall le craobhacha agus rangannaí a chur ar
bun. Toisighidh in Ard Mhacha agus i nDoire agus in Iúr Chinn Trá agus in gach baile mór
agus baile beag ó cheann go ceann na dúiche. Ná bíodh beaguchtach oraibh le linn na dlíte a
bheith in éadan na Gaeilge. Déanadh a rogha duine na dlíte ach tugaidh shibhse aire do na
dántaí.
CITH IS DEALÁN25
Chuig Fear Eagair an Ultaigh
A chara,
Tím litir ar an Ultach26 ag Niamh Chinn Óir ag fáil locht ar Cith is Dealán. Ar ndóigh, tá a
chead sin aici mar Niamh. Mar a deir sí féin, ní lia duine ná barúil agus i dtaca le Cith is
Dealán de, tá sí mar atá sí is níor fhás sí gan locht. Ach ina dhiaidh sin títhear domh nach
bhfuil sí chomh ‘salach’ agus ba mhian le Niamh a chur in iúl do lucht léite Gaeilge.
Maíghidh sí nach dtiocfadh le sagart ná le le bráthair an leabhar seo a léamh. Ar m’eolas féin
rinne trí sagairt léirmheas uirthi ó tháinig sí amach agus níor dhúirt aon duine den triúr gur
casadh rud ar bith air a bhéarfadh ar an té a mbeadh ‘croí glan, gleoite aige an leabhar a
dhúnadh agus gan níos mó a léamh.’ Caithfidh sé nach bhfuil an croí chomh glan ná chomh
gleoite ag na sagairt seo agus atá sé ag Niamh Chinn Óir. Lena chois sin fuair mé litir ó
chúigear ban rialta ag rá liom gur léigh siad an leabhar, cuid acu fá dhó agus cuid fá thrí, agus
níor chuir siad síos di go raibh a dhath inti den rud a bhfuil Niamh Chinn Óir ag caint air.
Rud eile, léigh mé an lámhscríbhinn do mo mháthair sular chuir mé chuig an chlódóir é, agus
is é mo bharúil dá mbeadh sé chomh ‘salach’ agus a deir Niamh nach ligfeadh an náire domh
a léamh do mo mháthair. Sin comhairle a thug sagart domh uair amháin agus mé ag iarraidh
treoire air fá rud inteacht a bhí mé a scríobh.
‘Léigh an lámhscríbhinn do do mháthair,’ arsa an sagart, ‘agus má tá focal nó líne nó
leathanach ann a mothóchaidh tú cotadh nó náire á léamh di, tarraing an luaidhe ghorm trasna
fríd.’
Sílim go raibh comhairle an tsagairt seo ar chomhairle chomh maith agus a fuair mé riamh fá
ghnoithe scríbhneoireachta. Is iomaí rud a rinne mé agus a dúirt mé riamh (faraor) nach raibh
inráite ná indéanta agam. Ach níor cheadaithe liom ar ór na cruinne mo mháthair a bheith ag
amharc orm nó ag éisteacht liom. Mar sin de rud ar bith a thig liom a léamh dise, ní chreidim
go bhfuil sé íseal ná salach, is cuma cad é a deir Niamh Chinn Óir.
San am chéanna tuigim go maith go bhfuil a dearcadh féin ag Niamh agus ag a macasamhail.
‘Our history has gone adrift on the accidents of translation’ arsa Éireannach éifeachtach tráth
25 An tUltach (Lá Fhéile Eoin, 1927) 2.26 An tUltach (Meitheamh, 1927) 3.
a mhair.27 Is é a dhálta sin ag cuid mhóir dá scríobhann an cainteoir dúchais é. Níl aon lá sa
bhliain nach gcuirtear in mo chortha gur dhúirt mé agus gur scríobh mé rudaí nár smaoitigh
mé orthu ó Dhia anuas. Daoine nach dtuigeann Gaeilig agus a bios agus cur Béarla uirthi ina
n-intinn focal ar fhocal. Cailltear brí an scéil agus brí na cainte nuaior a léitear teangaidh ar
bith ar an dóigh seo. Théid sí ‘le sruth ar thaismí an aistriúcháin’ mar a déarfadh duine de
mhuintir na Nua-Ghaeilge. An chuid is fearr dár gcuid litríochta bheadh sí suarach is cuirtear
Béarla uirthi focal ar fhocal. Mar sin de níl eagla ar bith orm nach n-iarrann Niamh Chinn Óir
maithiúnas orm nuair a thuigfidh sí Gaeilig. Má tí sí an lá sin choíche ar a súile (rud a tífeas,
tá dúil agam) agus í maithiúnas a iarraidh ormsa, bhéarfaidh mise sin di fá chroí mhór,
mhaith. Iarrtar orainn ag an duine aosta gan a bheith ag dúil le suáilce ar bith in áit nár fhás sí.
Mar an gcéanna an scríbhneoir Gaeilge a bhfuil an teangaidh sin aige as a leanbaíocht, níl ach
amaidí dó a bheith ag dúil le Gaeilig san áit nár fhás sí. Fá cheann leathscór eile blian beidh
baicle mhór de scríbhneoirí againn agus an Ghaeilig as broinn leo. Beidh buntáiste mhór acu
nach bhfuil ag an scríbhneoir dúchais anois. Beidh daoine ag léamh a gcuid scríbhinní a
thuigfeas iad.28
27 Thomas Davis.28 Tá nóta ag an eagarthóir ag deireadh na litreach sin: ‘Is baol linn go bhfuil seachrán ar Mháire ins an chuid deireanaigh den litir seo – de réir an eolais atá againn. Cailín as Tír Chonaill ‘a bhfuil an teangaidh as a leanbaíocht’ a scríobh an litir a bhí ar Ultach na míosa seo thart.’
SEACHRÁN AR MHÁIRE29
[A shagairt, a chara – seo píosa beag chugat mar fhreagar ar an méid atá agat ar
Ultach na míosa seo. Níl ann ach rud beag éadrom. Mura gcuire tú i gcló é cuir
an L.S. chugam ar ais le do thoil. Is cuma liom cé acu a chuirfidh tú isteach é nó
nach gcuireann. Má chuireann, ní chluinfidh tú níos mó fán scéal. Mura gcuire,
glacfaidh mé é mar declaration of war, agus ansin, cé b’é gur treise leis lámh,
bíodh aige an gadhar bán is an fia. – Do chara, Máire.]
Chuig fear eagair an Ultaigh:
A chara,
An dáiríribh a bhí tú nuair a dúirt tú go raibh ‘seachrán ar Mháire?’ Tá dúil
agam gurb é rud a d’imigh an focal ort agus gurb é rud a bhí tú ag iarraidh a rá
go raibh Maire ar seachrán. Tá sé canta go mbíonn marbhadh duine eadar dhá
fhocal agus is fíor sin. Is iomaí uair a bhí mé ar seachrán ach char mhaith liom
go rachadh sé amach orm go raibh seachrán riamh orm. Mar sin de beidh mé
buíoch díot má bheir tú gléas domh a rá le do chuid léitheoirí go bhfuíoll mo
chiall agam go fóill cruinn cuachta. Tá a fhios agat féin go mbeirenn an pobal
greim ar fhocal sagairt, agus go mbeadh mo chliú scabtha go deo dá gcluinfí gur
dhúirt tusa go dtáinig seachrán orm. Aidmhím nach dtug Dia mórán céill domh.
Ach an méid a bhí agam tá sí agam, agus ghoill sé orm duine údarásach mar
thusa a rá go dtáinig mearadh orm. Tá a fhios agam go bhfuil sé beadaí ag tuata
a chur ar a shúile do shagart go bhfuil sé mar oibliogóid air an Teagasc Críosta a
chomhlíonadh. Ach san am chéanna ba mhaith an hochtú aithne d’Aitheanta Dé
a thabhairt faoin tsúil agat agus an freagar atá ar an cheist seo:
Cé a pheacaíos in aghaidh na haithne seo?
29 An tUltach (Lúnasa, 1927) 3.
An té a bheir drochbharúil do dhuine, a bhaineas an chiall is measa as a
ghníomh, a cháineas é, a chuireas bréag air, a ní ithiomrá nó magadh air.
Ach b’fhéidir, i ndiaidh an iomláin, nach raibh rún ar bith agat míchliú a chur
orm. B’fhéidir nach raibh ann ach ceann eile de na haccidents of translation. Tá
mé chóir a bheith cinnte nár shamhail tú riamh a rá go poiblí go raibh mé ar
mire. Ach léitear do pháipéar i dTír Chonaill. Tuigeann muintir na tíre sin
Gaeilig. Agus mura gceartaínn thú bheadh eagla orm a ghabháil chun an bhaile
ar laetha saoire ar faitíos, mar a dúirt fear an cheoil, gurb é rud a
Déarfadh gach duine
Sin chugaibh an fear mire
Agus druidigí an doras
Go teann.
Anopis cúpla focal fá Niamh Chinn Óir. Deir tú go bhfuil an Ghaeilig aici as a
leanbaíocht. An bhfuil tú chomh hamaideach nó chomh haineolach agus go
síleann tú nach n-aithneochainnse cé acu a bhí an Ghaeilig ag duine as a
leanbaíocht nó nach raibh. Má tá, tá tú go mór ar an tseachrán (ach ar ndóigh is
fearr tusa a bheith ar an tseachrán ná an seachrán a bheith ortsa). Níl mé ag rá
nach mb’fhéidir gur as Tír Chonaill Niamh chóir. Ach tá áiteacha i dTír
Chonaill atá chomh gann i nGaeilig, tá le Dún Dealgan. B’fhéidir go síltear má
tógadh i nGartán í gur cainteoir dúchais í cionn is gur rugadh Colm Cille ar na
gaobhair tá trí nó ceathair déag de chéadtaí bliain ó shin. Nó b’fhéidir gur fá
chuan Dhún na nGall a chaith sí tús a saoil agus go síleann sí go bhfuil an
Ghaeilig as broinn léi má rinne sí an t-eallach a bhuachailleacht thart fán reilig a
bhfuil na Ceithre Máistrí curtha inti. Tá an amaidí bheag seo fada leitheadach ar
fud na tíre. Ach níl maith ar bith don ghirsigh bhig seo a rá gur cainteoir dúchais
í ach oiread is atá sé ag cuid dá bhfuil aithne againn orthu a shílstean go dtig leo
filíocht a chumadh má d’ól siad braon tae tráthnóna samhraidh ag Úrchnoc
Chéin Mhic Cáinte.
Is deas an t-ainm a thug an ‘cainteoir dúchais’ seo uirthi féin – Niamh Chinn
Óir. Ach, a Niamh, a chroí, cad é an mhaith ainm? Chan tú a bhí mar chéile ag
Oisín. Níl maith ar bith do dhuine againn ainm de chuid na Féinne nó na
Craobhruaidhe a thabhairt air féin. ‘Ní cosúil le Ó Néill do ghuala ná do
shlinneán, agus fuígfimid i mblian thú ‘do Dhiarmaid Ó Bioráin.’
Bhí aithne agam ar ghasúr ar an bhaile s’againne fada ó shin agus thug sé Bran
ar choileán madaidh a bhí aige. Coileán beag, míolach, meáite a bhí ann. Lá
amháin tháinig sé isteach chuig seanmhnaoi agus an madadh leis.
‘Cad é do bharúil de Bhran?’ ar seisean leis an tseanmhnaoi.
‘Tá, a rún,’ ar sise, ‘gur leis a crochadh an t-ainm.’
Is é a dhálta seo ag na ‘scríbhneoirí’ é a shíleas go dtig leo epic a scríobh má
bheir siad ainmneacha laochraí orthu féin. Na créatúir! Nach beag a gciall. Ach
ní fiú a bheith ag caint orthu. Ní cosúil le Cú Chulainn do ghuala ná do
shlinneán agus fuígfimid i mbliana thú mar a bhí tú anuraidh.
Tá mé buartha, a dhuine uasail, go mb’éigean domh an oiread seo de do
pháipéar léannta, ealaíonta a chur amú ag iarraidh mé féin a chosnadh ar
bhantracht na Féinne agus ar Ridirí na Craobhruaidhe. Agus chan lú ná sin a
chuireann sé trioblóid orm fiachadh a bheith orm aitheanta Dé a thabhairt faoin
tsúil agat féin. Ba doiligh liom, dá mbeadh neart agam air, a ghabháil i
ndeabhaidh lainne le laochraí. Tá a fhios agam nuair a thoiseochas gliogar fiata
na sleanntrach go mbeadh na Fianna uilig sa mhullach orm (ach b’fhéidir
Conán). Ach mholfainn daoibhse gan a bheith ró-araicis[each] chun bruíne agus
cuimhneamh ar chaint an duine aosta gur minic a bhain seangán léim as gearrán.
Agus chan léim féin a bhaineann sé as. Ach gur athraigh mé an nathán ar eagla
go rachainn arís adrift on the accidents of translation.30
30 Tugann ‘Muireadhach Méith’, eagarthóir An tUltach, freagra fada ar Mháire ar leath. 4-5.
SEACHRÁN AR MHÁIRE31
Chuig fear eagair an Ultaigh:
A chara,
Gheall mé duit dá gcuirfeá mo litir dheireanach i gcló nach mbuairfinn mo
cheann ní ba mhó le rud ar bith dá n-abórfá féin nó Niamh Chinn Óir nó duine
ar bith eile fá Cith is Dealán. Agus is rún domh mo ghealltanas a
choimhlíonadh.
Chuir sé iontas orm tú an litir phríobháideach a chuir mé chugat féin a chur i
gcló. Bhí obair agam a chreidbheáil nuair a chonaic mé í nárbh é rud a bhí
léaspáin ar mo shúile. Ach ní abóraidh mé níos mó fán scéal seo. Fágfaidh mé
ag lucht léite an Ultaigh é le breithiúnas a thabhairt air.
Aontaím leat nuair a deir tú go bhfuil ár gcuidiú féin gann go leor ag a chéile.
Agus ní thabharfainn mo chiall i gceann do chéille an dara huair murab é an rud
a dúirt tú fá Fháinne an Lae. Is cuimhin leat gur dhiúltaigh mise ag cruinniú a
raibh tú féin i láthair aige, gur dhiúltaigh mé Fáinne an Lae a chur in eagar.
Nuair a bhí an chéad chruinniú ag Coiste Gnoithe i ndiaidh na Comhdhála
socraíodh an páipéar a fháil faoi stiúradh Roinn an Phropaganda mar a bhí sé
anuraidh. Tá mise ‘mo bhall den Roinn seo agus toghadh mé féin agus beirt eile
le F a chur in eagar. Ní chuirfinn cúram na hoibre sin orm féin dá mbíodh
airgead ag an Chonradh le tuarastal a thabhairt d’fhear eagair. Ach nuair nach
raibh dar liom féin go dtabharfainn mo dhícheall cuidithe uaim ó tharla in áit na
garaíochta mé. Ní tháinig amach ach dhá uimhir den pháipéar ó shin. Agus ní
feasach mé gur scríobh mé rud ar bith nach raibh de réir chuspóir Chonradh na
Gaeilge. Dhá alt bheaga! Sin ar scríobh mé. Ins an chéad cheann thug mé
iarraidh Gaeil a bhroslú le tarrtháil a thabhairt ar an Ghaeltacht. Chuir mé síos
31 An tUltach (Mí na Féile Michíl, 1927) 3.
chomh soiléir is a tháinig liom cad chuige ar cheart tarrtháil a thabhairt uirthi.
Níor shíl mé gur dhúirt mé focal ach barúil an Choiste Gnotha a nochtadh. Ag
an chéad chruinniú a bhí againn labhair an tUachtarán linn. Chuir sé ar ár súile
dúinn an obair a bhí romhainn. Thrácht sé ar an Ghaeltacht agus seo an rud a
dúirt sé: ‘Má fhaigheann an Ghaeilig bás ins an Ghaeltacht, is beag an chabhair
na scoileanna im’ thuairimse.’ Scríobh mise alt air seo an lá arna mhárach agus
níor shamhail mé ón spéir anuas go raibh lá dochair domh an soiscéal a scagadh
a thug Uachtarán an Chonraidh dúinn le coinneáil os coinne ár súl ar feadh na
bliana a bhí chugainn. An dara halt a scríobh mé léirmheas a bhí ann ar leabhar
de dhántaí na meánaoise. Níor shamhail mé ach lán chomh beag go raibh sé in
aghaidh chuspóir an Chonartha an rud a rá fá na dánta seo a dúirt mé.
Ní feasach mé gur dhúirt mé rud ar bith riamh a chuirfeadh beaguchtach ar lucht
foghlama Gaeilge. Tá mé ag teagasc Gaeilge le dhá bhliain déag agus fágaim
fianaise mo scéil ar na scoláirí a bhí faoi mo chúram. Ní abóraidh mé fá
Fháinne an Lae ach seo. Tá tú féin ‘do bhall den Choiste Gnoithe. Tá mise air
fosta. Má shíleann tú go bhfuil ábhar gearána agat fán méid a scríobh mé ar
Fháinne an Lae le cúpla mí tá gléas maith ort an scéal a leigheas. Má iarrann an
Coiste Gnoithe ormsa gan níos mó a scríobh ar Fháinne an Lae ní leagfaidh mé
peann air feasta, agus deirim leat nach mbíonn buaireamh ar bith orm má
chuireann siad duine eile in m’áit.
Ní rún domh níos mó iomrascála a dhéanamh fán scéal bheag, shuarach a chuir
tús ar an achrann seo eadrainn. Mar a dúirt tú féin, agus mar b’fhíor duit, tá ár
gcuidiú féin gann go leor ag a chéile. Bhí mise seal den tsaol ar shíl mé go
dtiocfadh liom cuidiú leis an Ultach agus leis na hUltaigh – seal a raibh mé
chomh beag i gcéill agus gur shíl mé go rabhthar dáiríribh fán Ghaeltacht – ach
deir cuid agaibh anois gur mó an t-olc ná an mhaith a rinne mé. Mar sin de
fágfaidh mé an cuibhreann agaibh féin le treabhadh feasta, agus dá fheabhas a
n-éireochaidh libh is amhlaidh is fearr liom é. B’fhéidir go bhfuil an ceart
agaibh nuair a mheasann sibh go dtig libh an Ghaeilig a thabhairt ar ais gan ár
gcuidiúinne a fuair as ár n-óige í. B’fhéidir nach fiú smaoiteamh orainn ar chor
ar bith – go bhfuil muid de bharraíocht ar an tsaol agus gur mór an truaigh nár
ghlac ár sinsear tairgint Chromail. Bíodh sin mar atá sé. Tá bhur gciall féin
agaibhse agus mo chiall féin agamsa. B’fhéidir go dtiocfadh an lá a n-
athróchadh cuid inteacht againn ár n-intinn agus a mbeimis arís guala ar ghuala
mar a bhí. Go bhfeicfí domhsa gur ar seachrán a bhí mé féin (sin nó go raibh
seachrán orm) nuair a chreid mé go raibh maith ar bith ins an chainteoir dúchais
nó ins an chineál Gaeilge a bhí aige. Nó go bhfeicfí daoibhse gur ‘maith mo
chuidiúsa i gcruadhchás’ mar a dúirt Goll. Má thig an chéad lá de na laetha atá
luaite agam, iarrfaidh mise maithiúnas oraibh agus bhéarfaidh mé iarraidh
leorghníomh a dhéanamh in éiric an méid de dhroch-Ghaeilig na Gaeltachta a
scríobh mé. Má théid agam air, cruinneochaidh mé an t-iomlán ina mholl
amháin agus cuirfidh mé lasóg ann. Ansin, má bhíonn aon phighinn fá mo
phócaí, ceannóchaidh mé foclóir agus toiseochaidh mé a fhoghlaim Gaeilig
fhiúntach na n-údar. Sin a dtig le duine ar bith a dhéanamh ar an tsaol seo –
aithreachas agus leorghníomh. Ach ‘b’fhéidir’ eile! B’fhéidir gurb é an dara lá a
thiocfadh – an lá a bhfeicfí daoibhse go mb’fhearrde don ghearrán cuidiú an
tseangáin. Má thig an lá sin choíche níl agaibh le déanamh ach scairteadh ar an
tseangán, agus geallaim daoibh nach gcuireann sé anacair ar bith ar na heachraí
a bhainfeadh lasadh astu i lúb cuideachta.
Mise do chara,
Máire.32
32 Chuir an t-eagarthóir deireadh leis an chomhfhreagras sin ansin.
AN BHFUIL NA hULTAIGH SEARBH?33
Tráthnóna amháin ar na mallaibh chualaigh mé Muimhneach agus Ultach ag
caint fá chanúintí. Dúirt an Muimhneach gur fhág Gaeilig na hAlban a lorg ar
Ghaeilig Chúigeadh Uladh as siocair chomh deas is a bhí Deisceart d’Albain.
Dhruid an tUltach a shúile ar feadh tamaill mar a bheadh duine ann a bheadh ag
meabhrú go domhain. Sa deireadh ar seisean:
‘Réitíonn do chuid cainte le scéal a chualaigh mé ag mo mháthair mhóir nuair a
bhí mé ‘mo ghasúr.’
‘Conas?’ arsa an Muimhneach.
‘Tá,’ arsa an tUltach, ‘is minic a chualaigh mé í ag ra go dtigeadh Éire thart
anois is arís sa tsean-am. Go dtéadh an taobh thoir siar agus an taobh thiar soir.
Agus, ar ndóigh, más fíor sin théadh Cúigeadh Uladh aneas agus thigeadh
Cúigeadh Mumhan aduaidh – in aice na hAlban. Creidim anois an scéal ó
thrácht tú ar Ghaeilig na hAlban,’ ar seisean agus na súile ag gáirí ina cheann.
‘Ní go rómhaith a thuigim thú,’ arsa an Muimhneach.
‘Is é an rud atá in mo cheann,’ arsa an tUltach, ‘go gcaithfidh sé go raibh
Cúigeadh Mumhan in aice na hAlban tráth den tsaol de réir mar atá lorg
‘Ghaeilig na hAlban’ ar scríbhinní Muimhneacha na meánaoise. Dearc ar an
Chéitinneach féin agus an méid Albanachais atá aige. B’éigean dó a bheith
comhgarach go maith de Shruth na Maoile nuair a scríobh sé an chéad líne de
Foras Feasa. Damnú ar Albain! Mhill sí Ghaeilig Chúigeadh Mumhan nuair a
bhí Cúigeadh Mumhan an áit a bhfuil Cúigeadh Uladh anois… Creidim anois
go dtiontaíodh Éire thart sa tsean-am – go gcuireadh sí a ceann ag cosa agus a
cosa ag ceann mar a thiontóchadh duine breoite sa leabaidh ar chomhairle
chailleach na bpisreog. Creidim nach féidir Gaeilig ná litríocht a bheith ar an
33 An tUltach (Eanáir, 1929) 5.
taobh thuaidh de latitude a 53. Agus gur ar an taobh theas den líne a bhí
Cúigeadh Uladh in aimsir Cholm Cille. Nuair a scríobh na Ceithre Máistrí na
hAnálacha, nuair a chum baird Chlanna Néill is Dálach filíocht ó AIleach go
Dún Geanainn. Tá scéal mo mháthara móire fíor.’
‘Tá tú ana-shearbh,’ arsa an Muimhneach.
Scar mé ón dís agus thoisigh mé a mheabhrú ar an chomhrá a bhí eatorra. Chuir
mé ceist orm féin an raibh na hUltaigh searbh? Tharraing an cheist sin ceist eile:
cad is seirbhe ann? Agus is é an freagar a thug mé orm féin gur seirbhe go minic
gníomharthaí ná briathra.
Is annamh a chluin tú focal searbh ó Mhuimhneach nuair a bios sé ag caint ar
canúintí. Más fíor dó féin níl ábhar mioscais ar bith ann. Níl aon difrí-í-í—ocht
eadar na canú-ú---intí! Ní neart go cur le chéile! Dá mbeadh triúr fear ar bád i
ndiaidh lá iascaireachta a dhéanamh, agus dá dtugadh fear acu leis an chuid ab
fhearr den iasc agus gan a fhágáil ag an bheirt eile ach an broc, an n-abórthá go
raibh an bheirt a fágadh ar an ghannchuid searbh cionn is iad labhairt ar an
éagóir a rinneadh? Cé acu ba seirbhe? An fear a thug leis an t-iasc go mí-
ionraice nó an bheirt a bhí ag éileamh fán éagóir a himríodh orthu? Cé acu is
seirbhe an focal goilliúnach nó an gníomh goilliúnach?
Sin mar atá an scéal ag na Cúigidh. Ins na Sé Chontae is Fiche tá an rialtas
páirteach in obair na Gaeilge. Dearc bomaite beag ar aon roinn amháin acu. Tá
suim airgid curtha i leataobh – airgead an stáit, airgead na ndaoine – le
leabharthaí Gaeilge a chur i gcló. Tá liosta de na leabharthaí atá curtha amach
acu tá sin os mo choinne anois. Tá ceithre cinn déag as Cúigeadh Mumhan ann
agus – ceann amháin as Cúigeadh Uladh! Anois, a chairde, ceist agam oraibh,
cé acu sin den dá rud is seirbhe, airgead an stáit a chaitheamh ar chanúint aon
chúigidh amháin, nó an gearán a ní na cúigidh nach bhfuil ag fáil a gceart sa
roinnt?
Cad chuige a bhfuil sin mar sin? Is furas a thuigbheáil. Tá lámh an uachtair ag
na Muimhnigh san ‘Ghúm’ agus nuair atá níl maith duit leabhar a chur chucu a
mbeidh lorg ‘Ghaeilig na hAlban’ uirthi – briathra mírialta agus litriú na
seanúdar. Ins an am a chuaigh thart ba ghnách leo é a bheith mar leithscéal acu
nach raibh na hUltaigh ag scríobh. Dá scríobhfadh siad, ar ndóigh, bheadh fáilte
rompu. Ach baineadh an ghaoth as an bhoilg sin. Tá dhá bhliain ó shin scríobh
Seán Mac Maoláin leabhar cora cainte nach bhfuil a leithéid sa Ghaeilig.
Leabhar a bhfuil a macasamhail le fáil in gach teangaidh eile atá beo. Leabhar a
rachadh ar sochar do lucht foghlama ar fud na hÉireann. Ach ní ghlacfadh an
‘Gúm’ léi. AR na mallaibh thairg mé féin leabhar dóibh. Dhiúltaigh siad di mar
an gcéanna. Ní abóraidh mé cé acu a bhí sí maith nó olc. Cuirfidh mé i gcló í le
cuidiú Dé agus fágfaidh mé breithiúnas ag Gaeil le a thabhairt ar an leabhar ar
dhiúltaigh siad di agus na rudaí ar ghlac siad leo. Agus cuirfidh mé rud eile i
gcl…ó: an litir a chuir na ‘breithiúin’ seo chugam go bhfeictear an cineál
‘Gaeilge’ atá acu.
Agus ansin tá na hUltaigh searbh! Agus ní haon mhaith an searú-ú---s! Ní neart
go cur le chéile! Cuireann an cineál sin cainte tarraingt orla orm. Gníomh searbh
ag tabhairt acmhasáin d’fhocal shearbh.
Tá na Muimhnigh searbh, iontach searbh ina ngníomharthaí. Ní thabharfaidh
siad áit ach dá gcanúint féin sa stát. Tá cigirí Muimhneacha i gCúigeadh Uladh
ag cur d’fhiachadh ar Ultaigh glacadh le canúint na Mumhan. Gaeilig
Chúigeadh Mumhan atá ag oifig an aistriúcháin. Tá siad ag milleadh an litrithe
agus na gramadaí de gheall ar rud a bheith acu a fhóirfeas dá gcanúint féin. Mar
a dúirt mé táthar ag caitheamh airgead an stáit le leabharthaí Muimhneacha,
agus gan ach iad, a chur i gcló. Agus ansin má labhrann Ultach duine searbh é.
Deirim arís gur measa go mór an gníomh searhbh ná an focal searbh. Agus
deirim nach bhfuíoll grá don tír ná don teangaidh ag dream ar bith atá ag
iarraidh an méid den Ghaeilig nach bhfuil ina gceantar féin a chur le sruth.
Deirim an méid sin leis na Muimhnigh, agus deirim seo leis na hUltaigh:
‘Seasaígí aníos ar mo chúl.’
BEATHA TEANGA A LABHAIRT34
Tá rudaí ann agus tá siad chomh soiléir os coinne shúile an tsaoil agus nach
bhfuil se riachtanach a bheith ag rá go bhfuil siad ann.
Níl féim ar dhuine ar bith a theangaidh a chaitheamh ag inse go n-éiríonn an
ghrian ar maidin agus go luíonn sí tráthnóna, nó go bhfásann an barr san earrach
agus go bhfeonn sé san fhómhar, nó go líonann an lán mara agus go dtráigheann
sé.
Ach tá rudaí eile ann agus tá siad lán chomh soiléir ag an té a smaoineas orthu
agus atá na mílte eile dall orthu. Shílfeá nach mbeadh sé riachtanach againn
anois an lá seo den tsaol a rá gur ‘beatha teanga a labhairt’ ach tá. Tá na mílte
daoine in Éirinn agus baint acu leis an Ghaeilig ar dhóigh amháin nó ar dhóigh
eile, agus ní smaointíonn siad lá bán ná oíche ar fhírinne an scéil seo.
Caithfear teangaidh a labhairt – sin nó ní mhairfidh sí.
Ní teangaidh í mura labhartar í
Níl ins an chuid eile ach comharthaí a ceapadh leis an teangaidh a scríobh. Níl
ins an scríbhneoireacht ach mar a bheadh culaith éadaigh ann. Má gheibh an
duine bás níl mórán maith an culaith a chur ar creatlach adhmaid. Níl sé beo
agus ní bheidh.
Is maith an rud an Ghaeilig a bheith ins na scoltacha. Is maith an rud leabharthaí
a bheith á scríobh agus á léamh i nGaeilig. Ach ní fiú cnaipe gan súil an t-
iomlán de sin má stadtar de labhairt na Gaeilge.
Sin an dualgas atá ar lucht an Fháinne, an fear a shábháil agus cead ag lucht na
bpeann agus ag lucht na scoltach an táilliúireacht a dhéanamh, an culaith a chur
34 An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1932) 7-8. Tógadh seo as Iris an Fháinne.
air. Is é an dualgas atá orainne an Ghaeilig a chur á labhairt. Tá an chuid is
troime den ualach orainn, ach is é an chuid is tairbhí é.
Mar sin de, a lucht an Fháinne, labhraidh an Ghaeilig, labhraidh i gcónaí í.
Ná bíodh leisc ná náire oraibh í a labhairt. Labhraidh í ins na siopaí, ar na
sráideanna, achan áit. Ní scéal chinnchroim ar bith daoibh teangaidh bhur dtíre
féin a labhairt. Labhraidh í i gcónaí ar neamhchead don té le arb olc. Labhraidh
go borb dána í.
Gaeil sibh agus ní náire daoibh é.
SOCIAL AND PERSONAL35
Bhí oíche dhamhsa i bPort an Churaigh an tseachtain seo a chuaigh thart agus
bhí an teach lán ó chúl go doras. Bhí Conall Tharlaigh Bháin ann agus an
mileoidean leis agus ba é Séamas Thuathail a scairt amach an cotillion. Rinne
Séamas Ghráinne Óige braic-dobhn agus dúirt Tarlach Chonaill Mhicí dhá
amhrán – ‘Padai’s Gruínn Seamróg Seór’ agus ‘Branan Onna Múr.’
Bhí gasraí ag caitheamh smug ar Eoin Mháirtín ag an doras druidte agus eisean
ag rá gurbh é sin díoghadh ‘ach úsáid. Fuagradh go mbeadh fidleoir ag tarraingt
mhónadh ag Dónall Mhicí Déardaoin, achan fhear is a chliabh; agus fidleoir ag
Séamas Mhéabha Báine ag rómhar Dé Sathairn, achan fhear is a spád.
Bhí geansaí gorm agus bríste muilscín ar Jimmy Fheilimí. Bhí bríste Túd agus
bearad pláta ar Niall Eilíse. Bhí ní-straps chocháin ar Dhónall Shiobhána. Agus
bhí laigins ar Pheadar Néill. I dtaca leis na mná de, bhí an uile chineál éididh ba
deise ná a chéile orthu. Bhí bróga ar Mháire Sheáin Mhóir, péire a fuair sí as
Meiriceá. Báinín bán a bhí ar Ghráinne Mhicheáil Bhig, agus bhí bróga uirthise
fosta. Bhí culaith de Sipear Plead ar nín Shéarlais Thuathail, ceann a bhí lena
hathair as Albain chuici. Bhí bréid ar a lorga ag Bríd Sheáin Ruaidh, an áit ar
thit sí sa chladach an tseachtain roimh sin agus í ag bordáil scoth buí.
Cé b’é nach raibh ann bhí na daoine seo ann: Micheál Ó Gallchóir agus a bhean;
Pádraig ‘ac Suibhne agus a bhean; Nuala Ní Bhaoill agus a fear; Eoghan ‘ac
Giolla Bhríde, Roinn Romhair agus Trinseála; Conall Ó Dubhaigh, Roinn na
hÚspaireachta; Éamann Ó Cnáimhsigh, Roinn Gorta is Ocrais; Liam Mac
Pháidín, Roinn Anró is Ampla; Conn ‘ac an Bhaird, Roinn Fiach is Anáis;
35 An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1932) 1.
Conchúr ‘ac Ailín, Roinn Fuaicht is Fliuchlaigh; Seán ‘ac Niallais, Roinn Airce
is Imirce’; Niall Ó Grianna, Roinn Ainnise is Aicídeacha srl.
Bhí scaifte mór i dTráigh na gCorr an oíche fá dheireadh. Níor bhuail siad ach
go héadrom mar chorra. Mar sin féin, an mhuintir a bhí in am acu, fuair siad
anlann a gcodach. Bhí boglán bucóide le Seán Mór acu.
Chaill Eoin Sheáin Shorcha, dó féin a hinstear é, chaill sé an aon bhó a bhí aige
an tseachtain seo a chuaigh thart. Thug sé Bilí Shiobhána a dh’amharc uirthi.
Shíl siad ar tús gur scolb a chuaigh inti nó gurbh é rud a scalladh í ach níorbh é;
domblas mór a thug a bás.
Pósadh Micheál Sheáin Eoin agus Neilí Dhónaill Bháin Dé hAoine seo a
chuaigh thart. Bhí dhá bhuidéal poitín leis an ghrúm agus rann sé iad ar an
chomharsain a fhad is a chuaigh siad. D’imigh sé go hAlbain cúpla lá i ndiaidh
a phósta. Táthar ag déanamh go mairfidh an posta atá aige tamall maith: ag
cuartú oibre atá sé. Tá sise sa bhaile ag a muintir.
Fuair Anna Phroinsís Óig bás in ospidéal theach na mbocht agus d’fhág sí
seisear dílleachtaí ina diaidh. Báitheadh a fear tá trí bliana ó shin agus é ag
tógáil potaí gliomach. Créachta a thug a bás féin. Chuir an sagart amach seisear
fear a chruinniú coileicsion agus dhíol sé féin punta ann, go dtug siad a corp
chun an bhaile agus gur cuireadh i bPort an Churaigh í. Tá na dílleachtaí ag na
comharsanaigh go bhfágfar gléas leis an chuid is sine acu a chur ar fostó agus
an chuid is óige acu a chur go Teach na mBocht.
Bhí cúpla mac ag bean Antoin Mhuiris Shéamais tá seachtain ó shin. Antoin
agus Conall a thug siad uirthi ? – bhí deartháir aicise a raibh Conall air;
báitheadh é ag tógáil adhmaid i mBéal Inis Fraoich; fuair sí cóta baiste agus
bearad ar iasacht ó Nábla Sheáin Anna. Thug Siobhán Ailic iasacht cliabháin di.
Thug stócaigh na comharsan achan fhear acu cliabh mónadh ann; nó ní raibh
acu féin ach spadar. Chuir Muiris scraith ghlas le bun na comhlach a
AN GHAEILIG SAN OLLSCOIL36
‘Tionóladh mórchruinniú an Chumainn Ghaelaigh aréir i gColáiste na
hOllscoile’ arsa an tIrish Press, 16/12/1931.37 Ba é sin tús agus níorbh é
deireadh é. Bhain ‘mórchruinniú an Chumainn Ghaelaigh’ féin gáire asam ach
níor dhadamh é le taobh a dtáinig ina dhiaidh. Cluinfidh tú.
Bhí mórchruinniú acu san ollscoil agus bronnadh boinn, eadar bhonn an uain38
agus bhonn an uachtaráin agus bhonn an chumainn (tá daoine ar a mbonnaí go
maith ach, má tá, ní de thairbhe a gcuid Gaeilge ach cionn is nach dtuigtear in
Éirinn inniu cad is Gaeilig ann). Bhí, agus bhí siad ag caint ar ‘na mná i saol na
hÉireann fadó.’39
Bhí cuntas ar an léacht sin ar an Irish Press. Léigh mé é agus casadh cuid mhór
de rudaí greannmhara orm. Sin mar atá an mhórchuid den ‘Ghaeilig’ atáthar a
scríobh ar na saoltaí deireanacha seo. Bhéarfaidh duine a bhfuil Gaeilig aige fá
dear dhá rud chomh luath is a thoiseochas sé a léamh an ghramscair seo. Castar
rudaí air ar gach coiscéim a bhainfeadh gáire as cat sa Ghaeltacht – rudaí a
bhfuil ciall eile ar fad leo diomaite den rud a shíleas na créatúir a scríobh iad.
Sin an chéad locht. Agus an dara locht, léifeá sé lá na seachtaine sula bhfaighfeá
rud ar bith mar a déarfadh cainteoir dúchais é.
Seo cúpla rud fá ‘na mná i saol na hÉireann fadó.’
‘Níorbh ionann ar fad staid na bhfear agus staid na mban.’ Mh’anam féin, a rún,
go mbeidh a fhios sin agat má haostar duit.
36 An tUltach (Mí na Féile Bríde, 1932) 6.37 Lch. 4. Bhí An Craoibhín Aoibhinn i gceannas an chruinnithe. I láthair fosta bhí Pádraig de Brún, Úna Ní Fhaircheallaigh srl.38 Bonn ‘Uan Uladh.’39 Máirín Nic Dhiarmada, reachtaire an Chumainn, a thug an léacht. Ba í an chéad reachtaire mná ar an chumann riamh í.
‘Má bhí an ceann ag duine acu ar an duine eile, is ag na feara a bhí sé.’ Ní
hamhlaidh a bios i gcónaí, a Mháirín. Tá aithne agamsa ar tháilliúir bheag agus
tá bean mhór pósta aige. Tá suas ó na guailneacha aici air chan é amháin an
ceann.
‘Mhúintí obair na mbrón d’inín an duine choitianta.’ Cérbh é ise?
‘Bhíodh cead ag na mná a rogha gairme a bheith acu.’ Sin an ollscoil agat.
‘A mháthair siúd, a bhean agus a iníon, dlíodóirí dob ea a dtriúr.’ Agus bíonn
siad ag caint ar stíl san ollscoil. Mh’anam go mbíonn.
‘Sa tseantsaol ‘sé an tslí do chuireadh fear an dlí ar an chomharsain srl.’ An tslí
do chuireadh fear! Nach deas an rud an fhoghlaim!
‘Níor ghá di (an bhean) a thabhairt léi ach caoirigh – b’éigean d’fheara capaill a
thiomáint thar teorainn na comharsan.’ Cá huair ab éigean dóibh sin a
dhéanamh? Cad chuige nach gcaithfeadh siad a dhéanamh ar achan ócáid den
chineál?
‘Pósadh na mban.’ Féach liomsa a shíl nár phós aon fhear riamh rud ar bith ach
bean! (Nó arbh iad na mná iad féin a phósadh a chéile?) Ach ná bíthear ina
dhiaidh orm. Má tá mé aineolach féin ní horm an locht. Níl ionam ach créatúr
de chuid an phortaigh nach raibh riamh ar an ollscoil.
‘Féach,’ ar sé (Cú Chulainn), ‘tá do charbad tréis titim le faill.’ Níorbh fheasach
mé go raibh an cineál sin ‘Gaeilge’ ag Cú na gCleas. Arbh fhéidir go mbíodh
caidreamh eadar conairt is caoirigh agus gur ó na huain a d’fhoghlaim an Cú a
chuid Gaeilge? Nuair a bhí mise ‘mo thachrán is minic a chuir m’athair ar a
ghlún mé agus d’inis sé scéal Chú Chulainn domh. Mhaíodh seisean gur Cleas
an Gha Boilg a d’fhoghlaim an Cú in Oileán Scathaí. Ach sílim anois nach raibh
an ceart aige – nárbh é Cleas an Gha Boilg ar chor ar bith a d’fhoghlaim Cú
Chulainn ar an choigrígh ach go dteachaigh sé chun na hollscoile nó go bhfuair
sé B.A. in Celtic Studies. Is dóiche nach leis an Gha Boilg ar chor ar bith a
mharbh sé Feardia ach gurb é rud a phlúch sé é leis an tSeanchas Mhór a bhí
ann san am.
Á, faraor! Buaileadh Éire lá géibheannach Chionn tSáile. Agus buaileadh
chomh minic sin ó shin í agus go bhfuil an ‘Ollscoil Náisiúnta’ inniu againn.
Hanraoi agus Eilís agus Cromal a d’fhág na Celtic Studies agus na Cumainn
Liteartha againn. Lustan atá iontu a d’fhás i dtalamh a ligeadh i bhfiáin de
dhíobháil barr.
Ach bíonn siad ag caint ar ‘litríocht’ agus ar ‘stíl’ agus ar Annála Ríochta
Éireann agus ar an tSeanchas Mhór. Seanchas Mór agus gan seanchas beag féin
ag na créatúir.
Níl a fhios agam an síleann siad gur ‘cultúr Gaelach’ an rud atá acu? B’fhéidir
go síleann. Deirtear go síleann an préachán dubh gur geal atá sé féin.
Is dóiche go síleann siad anois nach bhfuil ciall ar bith agamsa nuair a
gheobhainn de chroí locht a fháil ar ‘Ghaeilig’ na hollscoile agus gan ionam ach
doirneálach garbh, glas a tógadh i gcró cheann tuí ins na Rosa. Sílidh siad gur
millteanach an éagóir a rá nach acusan atá an Ghaeilig agus litríocht. Bheir sé in
mo cheann gasúr a bhí in mo chuideachta ar an scoil fada ó shin. Dobhrán bocht
gan stuai a bhí ann agus bhíodh sé ag ‘déanamh ceoil’ mar a deireadh sé féin
Seo sompla dena chuid ‘filíochta.’
D’éirigh mise inné
Agus d’ól mé mo chuid tae,
Chuaigh mé síos ‘na trá,
Agus chonaic mise bád
Ag teacht aníos an deán etc.
Agus cad é an luach saothair a thug cuid againn don chréatúr seo as a chuid
‘filíochta?’ Tá, maise, inseochaidh mé sin duit. Stróc muid a chuid éadaigh ar ár
mbealach chun an bhaile, chaith muid ins na díogacha é agus chuir muid lábán
dubh air ó mhullach a chinn go barr a choise. Is minic ó shin a bhí aithreachas
orm féin fán íde a thug muid don duine bhocht. Cad é ní ba mheasa a bhí a
chuid ‘filíochta’ ná an sompla seo as an ollscoil:
Ní hamhlaidh tá sé liom anois
Do bhí mé luath is tá mé mall.40
Smaoitím corruair eile go mb’fhéidir gur sinn ab fhearr a rinne é. B’fhéidir
gurbh fhearr d’Éirinn sinn an dobhrán seo a chaitheamh ins na díogacha ná a
ligean ar shiúl chun na cathrach go bhfaigheadh sé céim ollscoile agus go
dtéadh sé a theagasc Gaeilge. B’fhéidir gur ag inse dúinn fán tSeanchas Mhór
agus fá ‘stíl’ a bheadh sé anois. Ach thug muidinne ‘stíl’ dó le túrtógaí is le
lábán. Agus fan ort go fóill: bhí a chéad n-oiread Gaeilge aige agus atá ag lucht
na gcéimeann, bhí sin, an lá ba mheasa agus ba mhantaí agus ba bhriotaí agus
ba chiotaí dá dtáinig riamh air.
Níl a fhios agam an raibh an teangaidh eile riamh ar an domhan a bhí chomh
breá leis an Ghaeilig? Nó aon teangaidh eile ar fágadh a sábháil i muinín an
cineál dobhrán agus cuimleoirí atá ag teacht i dtír ar an Ghaeilig?
40 As an dán ‘An Gleann inar Tógadh Mé’ leis an Chraoibhín Aoibhinn.
NUAIR A BHAIN MÉ AN SWEEP41
Sceiteadh den flú ba chúis leis an iomlán. Bhí biseach breá orm ach ní ligfí
domh éirí.
‘Tá biseach orm agus tá mé marbh ‘mo luí,’ arsa mise. ‘Caithfidh mé éirí.’
‘Ní éireochaidh ná a shaothar ort,’ ar sise.
‘Bhail, caithfidh mé rud inteacht a fháil a thógfas cian díom.’
‘Cad é atá a dhíobháil ort?’
‘Mo phíopa agus mo chuid tobaca agus na húdair.’
‘Seo do phíopa agus do chuid tobaca. C’iad na húdair atá a dhíth ort?’
‘Na trí John,’ arsa mise.
‘Na trí John?’ ar sise.
‘Sea,’ arsa mise. ‘John Mitchel, John Swift agus an John eile.’
D’imigh sí agus níorbh fhada gur phill sí agus bacóg leabharthach léi. ‘Ní
fheicim anseo ach an dá John, Swift agus Mitchel. Cén John an John eile?’
‘John Jameson,’ arsa mise.
Tugadh na húdair ionsorm – na trí John mar a déarfá – agus bhí mé ar mo
sháimhín suilt.
Eadar sin is tráthas isteach léi féin agus ar sise: ‘Inniu an lá deireanach fá
choiunne an Sweep. Sílim go rachaidh mé síos go bhfaighe mé ticéad. Ní bheidh
rud ar bith a dhíth ort go tráthnóna.’
41 An tUltach (Mí na Féile Pádraig, 1932) 1-2.
‘Ach beidh fá choinne an lae amáraigh,’arsa mise. ‘Tá an leabhar seo de chuid
John chóir a bheith léite agam.’
‘Cé acu? The Last Conquest nó Gulliver’s Travels?’
‘An John eile atá mé a léamh,’ arsa mise.
-----------------------------------------------
Léigh mé tarraingt mo chinn den John eile. Bhí mé á léamh go dtí go raibh mé
féin ‘m’fhear chomh maith le ceachtar den dá John. Ach sa deireadh siúd ag
smaoiteamh ar an Sweep mé. Dar fia, siúd amach mo thicéad as an droma agus
siúd mo chapall ar tús ins an rása.
-----------------------------------------------
Deich míle fhichead punta! Ba bhreá an chrág é. Bhí mé in mo sháith den tsaol
agus dar liom go gcaithfinn go fial fairsing é. Rinne mé réidh le himeacht agus
iontais an domhain a fheiceáil.
Chuaigh mé féin agus í féin ar bord i nDún Laoghaire. Maidin dheas, chiúin a
bhí ann agus feochan fionnuar ag siosarnaigh fríd na rópaí. Bhí scaifte mór ar an
tsoitheach agus iad uilig ag amharc orm féin. Bhí scaifte thall i leataoibh agus
iad ag caint ins an ‘teangaidh náisiúnta.’
‘Sin é an fear do foor an scuabadh.’
‘Cad é sin a dúirt tú?’ arsa mé féin ag scairtigh anonn leis. ‘M’anam, a mhic,
gur fada uaim scuabadh. Né hea, ach in áit a bheith scuabtha tá deich míle
fhichead punta agam: bhain mé an Sweep.’
Ach níor thuig sé mé. B.A. in Celtic Studies a bhí ann agus ba é an ‘teabgaidh
náisiúnta’ a bhí aige.
Nuair a shroich mé Londain cheannaigh mé dornán leabharthach: All You Want
in Spain, Ital;ian for the Foreigner, German Made Easy agus dá réir sin.
Cheannaigh mé All You Want i gcuid mhór teangthach.
‘Nó nach bhfuil All You Want in Ireland ann ar chor ar bith?’ ar sise.
‘Níl gnoithe lena leithéid de leabhar ar chor ar bith,’ arsa mise. ‘All you want in
Ireland is plenty of g- d- cheek.’
Ach sh…ín linn agus bhain Páras amach. Bhí duisín teangthach agam féin an t-
am seo in mo mhála. Thoisigh mé agus scríobh mé úrscéal Fraincise, agus nuair
a bhí sé scríofa agam thug mé chun an Academie Francaise é go gcuirtí coróin
ansin air.
Bhuail mé ag doras an Acadaimh agus tháinig fear meánaosta d’fhear bheag,
éadrom a raibh soc liath air, tháinig sé agus d’fhoscail sé an doras.
Labhair sé liom féin agus labhair mise leis. Chroith sé a ghuailneacha agus
chroith mise mo chuid féin. Ach ní raibh dul againn a chéile a thuigbheáil. Sa
deireadh ar seisean:
‘Sprechen sie Deutch?’
‘Nein, nein,’ arsa mise nó bhí an méid seo agam ó bhí oíche amháin fada ó shin
ann a bhí mé ag iarraidh a bheith ag suirí le cailín a dúirt amhrán i nGaeilig
Rathmines agus ar shíl mise gur Gearmáinis a bhí ann.
‘Speak you the English?’ ar seisean.
‘Yes, yes,’ arsa mé féin agus aiféaltas an domhain orm.
‘I will go search nan interpreteur. There are many members who speak the
English.’
Níorbh fhada go dtáinig fear eile agus d’inis mé mo scéal dó.
‘I am not used to Northern French,’ arsa mise ag toiseacht agus ag inse gur i
Nice a d’fhoghlaim mé mo chuid Fraincise agus nach raibh cleachtadh ar bith
agam ar chanúint an Tuaiscirt. Nuair a bhí an méid sin ráite agam d’inis mé mo
ghnoithe.
‘Leabhar Fraincise a bhí scríofa agam agus ba mhaith liom….’
LEABHAR FRAINCISE! Chuir achan fhear uaill as féin agus níorbh fhada go
raibh dhá fhichead acu cruinn thart orm agus iad ag briseadh a gcroí ag gáirí
fúm. Sa deireadh thóíg siad eadar chorp is chleiteacha mé, chuir siad scrathóg
gamhna ar mo cheann, agus chuir siad ‘mo shuí ar laftán mé an áit a raibh
deilbh de chuid scríbhneoirí na Fraince. Bhí na scórthaí acu ansin agus cuireadh
mé féin i lár báire eadar Rabelais agus Anatole France. Chonacthas domh gur
éirigh an dá dheilbh sin beo agus go raibh siad ag gáirí fúm agus ag magadh
orm.
Sa deireadh, d’éirigh fear dá raibh sa scaifte ina sheasamh agus rinne sé óráid
nár fhág fuíoll molta orm. Dúirt sé gur rann Dia i gcónaí na suáilcí leis an
Fhrainc ach nach raibh míorbhúiltí riamh acu i ngnoithe litríochta a bhí
inchurtha leis an éachta seo – úrscéal Fraincise scríofa ag fear nach dtiocfadh
leis an t-am de lá a bheannú de Fhrancach.
---------------------------------
Nuair a fuair mé an ceann liom d’imigh mé agus thug mé m’aghaidh ar an
Iodáilt agus ní thearn stad mara ná mórchónaí go dteachaigh mé chun na
Róimhe. An chéad rud a rinne mé toiseacht a chuartú an bhealaigh go dtí ‘uaigh
na dtrí seanóir.’ Is gnách le cigirí scoile agus le hollúin as Baile Átha Cliath
léacht a thabhairt ar chathair na Róimhe i ndiaidh cúpla lá a chaitheamh inti.
Agus, ar ndóigh, bíonn siad uilig ag caint ar an áit a bhfuil
Dhá mhac ríogh den fhréimh sin Chuinn
Atá ar gach taoibh de Ó Domhnaill.
Mar an gcéanna tá daoine ann a théid ar turas go Lourdes agus greim rúbail acu
ar ghiolla de chuid Chook ó leagfas siad cos ar thalamh na Fraince go bpille
siad ar ais.. Agus chomh luath is a thiocfas siad chun an bhaile siúd altannaí acu
ar na páipéir agus cúpla merci agus je vous demande pardon agus combien pour
cela? Ansiúd agus anseo acu ag iarraidh a chur i gcéill go bhfuil Fraincis acu.
Ach is air a tharraing mé an scéal. Chuaigh agam mo bhealach a dhéanamh fríd
an chathair agus bia agus lóistín a fháil. Dar liom féin, is maith mé. Ní thiocfadh
le B.A. in Celtic Studies sin a dhéanamh sa Ghaeltacht. Gheobhadh sé bás den
ocras sula mbeadh sé ábalta greim bídh a iarraidh mura gcastaí duine inteacht
air a mbeadh Béarla aige. Nár fhéad mise B.A. in Roman Studies a fháil nó Latin
Studies nó cá bith rud atá acu?
D’imigh mé liom go raibh mé ag an ollscoil. Ní raibh duine ar bith ansin a raibh
Béarla aige agus ba deacair a ghabháil chun comhráidh leis na huachtaráin. Ach
cad é a bhí ach fear as na Rosa ansin agus d’inis sé mo ghnoithe dóibh. A
dheartháir a bhfuil m’anam ionat, chruinnigh scaifte de na Léinte Dubha orm
agus bhí siad ag mo chiceáil sa tóin gur chuir siad treasna na cathrach mé. Ar
maidin an lá arna mhárach tháinig an Rosannach a dh’amharc orm. Bhí mé ‘mo
luí agus mo chnámha síos síos liom ar mhéad is a buaileadh orm.
‘A dhuine bhoicht,’ ar seisean, ‘nár bheag do chiall. Cad é a thug ort a shamhailt
go bhfaighfeá céim sa tír seo agus gan focal de theangaidh na tíre agat? Ar shíl
tú gur san Ollscoil Náisiúnta i mBaile Átha Cliath a bhí tú?
-----------------------------
Ina dhiaidh sin chuaigh mé chun na Spáinne. Chonacthas domh go raibh racán
is bruíon sa Spáinn. Chuaigh mé ar seachrán. Tháinig ceo agus dorchadas orm.
Tháinig mearbhlán in mo cheann agus d’éirigh mé tinn. Thoisigh tarraingteacha
orla orm a bhrisfeadh croí gearráin. Bhí mé mar sin go dtearn Dia duine dona
díom agus gur shíl mé nach bhfaighinn biseach nó bás choíche. Ach sa deireadh
thoisigh mé a chailleadh mo mhothaithe agus shíothlaigh mé de réir a chéile go
raibh mé ‘mo chnap chodlata.
----------------------------
Nuair a mhuscail mé bhí solas fann, liath na maidine isteach ar an fhuinneoig.
D’amharc mé thart go bhfeicfinn cá raibh mé. Bhí na leabharthaí ar an tábla ag
colbha na leapa agus mo phíopa is mo chuid tobaca. D’aithin mé an dá John –
John Mitchel agus John Swift. Ach má d’aithin féin níor chuir mé chucu ná
uathu. Níorbh iad ab fhearr liom os mo choinne ar maidin ach an John eile.
Dot, H, agus Stá Taire Bhíseach 42
Bhí sin ann más fada ó bhí. Bhí triúr fear sa tír seo darbh ainm Dot, H, agus Stá
Taire Bhíseach.
Ní raibh Dot ach beag Ach an té a chluinfeadh a chuid éachtaí ní thiocfadh leis a
rá gur toirt gan tairbhe a bhí ann. Nuair a ba gheall le tír Éire bhí Dot in ardréim.
Ach nuair a chuir na Gaill faoi smacht sinn fágadh Dot bocht ar an anás. Chaith
sé corradh le céad bliain ag siúl na tíre mar a bheadh fear déirce ann, agus gan
greim le hithe ná dídean na hoíche le fáil aige ach an méid a gheobhadh sé ó
fhilí agus ó scoláirí bochta a bhí ar an tráigh fhoilimh chomh maith leis féin. Is
iomaí lá pianmhar a chuir sé isteach ag amharc amach ‘thar thonnta fiara
gainimh’ féacháil an raibh cabhlach airm ag teacht a thabhairt tarrthála air féin
agus ar a thír dhúchais.
------------------------
B’as Sasain a tháinig H. Fear lom, streachlánach, fadchnámhach a bhí ann. Bhí
fad as cuimse ins an mhuineál a bhí air. Tífeá na mílte uait é, bhí sé chomh fada
sin.
-----------------------
Níl a fhios agam cárbh as Stá Taire Bhíseach. Tá ainm air cosúil le seanrí de
chuid na hÉigipte. Ach cá bith áit arb as é bhí caisleán aige i mBaile Átha Cliath
nuair a bhí na Blaicean Tans sa tír. Corruair nuair a bhíodh Dot sa chathair
théadh sé chun an chaisleáin agus chuirtí píosa aráin agus braon bainne amach
ar an doras cúil chuige. Amannaí thigeadh Stá Taire Bhíseach amach agus
labhradh sé leis i gcogar ar feadh chúpla bomaite agus é ag amharc thart go
scaollmhar ar eagla go rabhthar ag cúléisteacht leis.
‘Ith sin go gasta agus bí ar shiúl,’ a deireadh sé. ‘Tá a súil ag an drong
mhallaithe ar an chaisleán seo agus dá bhfaigheadh siad greim fán áit ort, ní
fhágfadh siad cloch ar an chloich. Ba mhór an truagh an caisleán seo a dhódh.
42 An tUltach (Bealtaine, 1932) 1-2. Maidir le comhthéacs na haiste seo, cuimhnítear go dtáinig Fianna Fáil i gcumhacht den chéad uair i mí an Mhárta, 1932.
Beidh sé a dhíobháil orainn nuair a bheas an gleo seo thart agus an ruaig ar na
Gaill. Bíodh geall ansin nach ag an doras cúil a bheas tú ag ithe grabhrógaí
aráin. Ní hea ach istigh ins an phroinntseomra agus togha gach bídh agus rogha
gach dí agat. Beidh leabaidh agat le luí uirthi a mbeidh murláin óir – fuist! An
urchar siúd a chualaigh mé? Bí ar shiúl i mbomaite, agus ná tarraing scrios ar an
chaisleán atá agam fá do choinne agam nuair a bheas an racán seo thart.’
Agus chuaigh an gleo thart agus níor dóigheadh an caisleán. Bhí Stá Taire
Bhíseach ar a sháimhín suilt.
----------------------
Chualaigh Dot go raibh deireadh le smacht na nGall in Éirinn. Bhí sé ag baint
faoi thiar sna portaigh nuair a chualaigh sé an scéal. Níor chodail sé aon néal an
oíche sin ach ag feitheamh leis an mhaidin go n-éiríodh sé agus go n-imíodh sé
ag tarraingt ar chaisleán Bhaile Átha Cliath. Teacht dheirg an dá néal ar maidin
d’éirigh sé, theann air, thug leis bata a bhí aige nach raibh fad do mhéir ann
agus siúd ar shiúl é ag tarraingt go Baile Átha Cliath. Agus dá bhfeicfeá é agus
gan oiread do dhoirn ann agus an coiscéim beag, cuidiúil sin leis, ag tarraingt
chun na hardchathrach.
Shiúil leis agus é sa chéill ab aigeantaí. Níor ghoill an fuacht air nó smaoitigh sé
ar an tseascaireacht a bheadh aige sa chaisleán. Níor ghoill an t-ocras air nó
smaoitigh sé ar na féastaí a bhí fána choinne ina shuí ar láimh le Stá Taire
Bhíseach. Níl a fhios agam, leisc bréag a dhéanamh, c’fhad a bhain an t-astar as.
Ach tráthnóna amháin le coim na hoíche nochtaidh solais Bhaile Átha Cliath
chuige. Dar leis féin, chan go dtí an doras cúil a rachaidh mé an iarraidh seo.
Rachaidh mé go dtí an doras tosaigh agus buailfidh mé cnagán air. Foscólthar
siar an chomhla mhór agus lasfar fiche solas sa halla i bhfaiteadh na súl.
Tiocfaidh Stá Taire Bhíseach amach go ceann an staighre agus aoibh
lúcháireach air.
Tháinig sé a fhad leis an chaisleán agus bhuail sé an chomhla. Tháinig giolla
agus d’fhoscail sé an doras.
‘Mise atá ann,’ arsa Dot. ‘Abair leis an duine uasal, Stá Taire Bhíseach, go
dtáinig mé.’
‘C’ainm atá ort?’ arsa an giolla.
‘Is mé Dot. Tá aithne mhaith ag do mháistir orm.’
‘Dot! Ach cá shloinneadh thú?’
‘Dot m’ainm is mo shloinneadh. Tá seanaithne ag do mháistir orm.’
D’imigh an giolla. Níorbh fhada go dtáinig sé ar ais.
‘Tá mo mháistir gnoitheach,’ ar seisean. ‘Tá H istigh aige le teachtaireacht ón
Aireacht. Níl faill comhráidh aige leat.’
Agus dhruid sé an doras. ‘Tí Dia féin seo!’ dar le Dot. ‘H istigh aige. Cé eisean?
Teachtaireacht ón Aireacht! Cad é rud ise?’ Tháinig sé anuas ó bhun an dorais
agus d’amharc sé ar gach taoibh de. Bhí an caisleán ar aon bharr amháin solais.
Bhí storim cheatha ag teacht agus na daoine ag gabháil ar foscadh. Chuaigh Dot
é féin ar foscadh go raibh an cith thart. Ansin tháinig sé go 25 Cearnóg
Pharnell,43 chuaigh isteach i gcoirnéal prios a bhí ann agus d’fhan ansin go
maidin.
----------------------
H a bhí istigh ag Stá Taire Bhíseach nuair a tháinig Dot go dtí an doras agus
cuireadh ar shiúl ar ais é. Tráthnóna an lae sin tháinig H chun an chaisleáin agus
teachtaireacht leis ón Aireacht. Ar a theacht isteach ar dhoras an halla dó
chonaic sé doras eile foscailte ar thaoibh a láimhe clí agus chrom sé anuas agus
chuir a cheann isteach. Bhí cúigear fear ina seasamh agus a gcúl leis an tinidh
agus iad ag caitheamh tobaca agus cailín ina suí i gcoirnéal agus í ag léamh
páipéir.
‘An raibh gnoithe agat?’ arsa fear de na fir le H nuair a chuir sé a cheann isteach
ar an doras.
‘Ba mhaith liom labhairt le Stá Taire Bhíseach.’
‘C’ainm thú?’
43 Ceannarás Chonradh na Gaeilge.
‘H.’
‘A Mhicheáil,’ arsa an fear sin leis an dara fear, ‘tá H anseo agus ba mhaith leis
labhairt le Stá Taire Bhíseach.’
‘A Chonaill,’ arsa Micheál leis an tríú fear, ‘deir Seán go bhfuil H anseo agus
gur mhaith leis labhairt le Stá Taire Bhíseach.’
‘A Néill,’ arsa Conall leis an cheathrú fear, ‘deir Micheál go n-abair Seán go
bhfuil H anseo agus gur mhaith leis labhairt le Stá Taire Bhíseach.’
‘A Thuathail,’ arsa Niall leis an chúigiú fear, ‘deir Conall go n-abair Micheál
go n-abair Seán go bhfuil H anseo agus gur mhaith leis labhairt le Stá Taire
Bhíseach.’
‘A Nóra,’ arsa Tuathal leis an chailín, ‘deir Niall go n-abair Conall go n-abair
Micheál go n-abair Seán go bhfuil H anseo agus gur mhaith leis labhairt le Stá
Taire Bhíseach.’
‘Haló,’ arsa Nóra isteach i rud mar a bheadh bocsa snaoisín ann. ‘Tá H anseo
agus ba mhaith leis labhairt le Stá Taire Bhíseach.’
I gceann bomaite tugadh H suas an staighre agus isteach i seomra ghalánta. Bhí
Stá Taire Bhíseach ansin roimhe agus d’éirigh sé agus chroith sé lámh le H. Bhí
bord bídh agus dí i lár an tseomra a chuirfeadh maise ar do shúile cinn. D’ith
siad agus d’ól siad a sáith. Ansin tharraing orthu na píopaí agus shuigh fear acu
ar gach taoibh den tinidh.
‘Nach millteanach a lán searbhóntaí atá agat anseo,’ arsa H , ‘agus gan cuma
orthu go bhfuil le déanamh acu ach ag inse dá chéile go bhfuil duine istigh.
Nach sílfeadh duine go bhféadfadh duine amháin an obair sin a dhéanamh?’
‘A dhuine, ní hionann cúrsaí stáit agus rud ar bith eile,’ arsa Stá Taire Bhíseach.
‘Is dóiche nach ionann,’ arsa H. ‘Ach gach scéal fríd na sceachairí, do bharúil
an nglacfaidh muintir na hÉireann liom?’
‘Cad chuige nach nglacfadh?’
‘Tá, cionn is gur Sasanach mé.’
‘Sasanach!’ arsa Stá Taire Bhíseach agus dar leat gur éirigh na súile mór ina
cheann. ‘Ní Sasanach ar chor ar bith thú ach Rómhánach breá. Tá cuid mhór de
mhuintir na tíre seo ainbhiosach go fóill. Síleann siad gur Sasanach thú cionn is
go raibh tú tamall i Sasain ar do bhealach anoir. Ná bíodh eagla ar bith ort go
mbeidh doicheall ar mhuintir na hÉireann romhat nuair a thuigfeas siad an
éifeacht atá ionat. A dhuine chroí, bród a bheas orthu asat. Agus, ar ndóigh, ba
neamhiontach mura mbeadh. Nó tá cliú ort nach bhfuil ar an dara fear ar dhroim
an domhain. Bhí tú ins an Róimh sular tógadh an Coliseum. Chuir tú cuid
éachtaí na Caesars i míotar na mílte bliain ó shin. Chuir tú sealán smaicht ar an
Eoraip ó cheann go ceann. Bhí tú le Carlus Magnus nuair a ghríosáil sé na
Saracens. Bhí tú le Jeanne d’Arc go hOrleans nuair a d’éirigh grian na saoirse sa
Fhrainc. Bhí tú ar bord le Columbus nuair a chuaigh sé go Meiriceá. Bhí tú go
Moscow le Marshal Ney agus chun na hÉigipte le Napoleon. Chuidigh tú
smacht a chur ar an Ghréig agus bhí lámh agat i litríocht na hEorpa ó sin anall…
Cé sin ag an doras? Gabh ar d’aghaidh..’
Tháinig scúilleánach lom isteach a raibh cnaipí buí ar a veiste.
‘A dhuine uasail,’ ar seisean, ‘tá Dot thíos sa halla agus ba mhaith leis labhairt
leat.’
‘Abair leis go bhfuil mé gnoitheach,’ arsa Stá Taire Bhíseach, ‘go bhfuil H
istigh le teachtaireacht ón Aireacht.’
Labhair an fear lom síos an píobán leis an chailín a bhí thíos. Hinseadh do Dot
cad é mar a bhí agus d’imigh an duine bocht mar a d’inis mé duit.
‘Dot!’ arsa Stá Taire Bhíseach nuair a d’imigh an giolla amach. ‘An márla
bradach, is beag a bhéarfadh orm a ghabháil síos agus cic a thabhairt dó a
d’fhágfadh amuigh ar Chnoc Bhinn Éadair é. Eisean ag caint!’
‘Ach,’ arsa H, ‘is cuma cad é an chliú atá agam ar fud na hEorpa, síleann cuid
mhór de mhuintir na hÉireann gur Sasanach mé. Agus tá an nimh san fheoil acu
do Shasain ar fad.’
‘Níl ar chor ar bith,’ arsa Stá Taire Bhíseach. ‘Tuigeann mórán acu an
bhuntáiste atá acu as a bheith, a bheith, a bheith… to be a co-equal member of
the Commonwealth of Nations. Ná bíodh eagla ar bith ort, a chailleach. Tá fir
stáit againn i gceann an rialtais agus bhéarfaidh siad do cheart duit. Agus é
tuillte agat fosta. Ar ndóigh, cuirfidh tú gnaoi agus maise ar ár dtír agus
bhéarfaidh tú an tsúil aniar ag ár litríocht…. Éirigh ‘do sheasamh go bhfeice mé
thú… Maise, rath agus bláth ort nó ní fhacaigh mé do leithéid ar bhuille mo dhá
shúl riamh. Is neamhionann thú féin is an díorfach bocht a raibh muid seal ina
mhuinín, mar a bhí, Dot. Ach má gheibhimse greim ar Dot fá dhoras an
chaisleáin seo, gheobhaidh sé rud uaimse nach dtearn sé margadh air.’
-----------------------
Bhí go maith agus ní raibh go holc ar feadh dheich mblian. Ní raibh aon uair dá
dtigeadh H go Baile Átha Cliath nach mbeadh fearadh na fáilte sa chaisleán
fána choinne. Ach anseo tá mí ó shin tháinig sé aníos agus bhain sé an caisleán
amach. Ar a ghabháil isteach ar an doras dó d’inis sé a ghnoithe mar ba ghnách.
Agus níorbh iontaí leis an sneachta dearg ná é nuair a hinseadh dó cad é mar a
bhí.
‘Níl faill ag Stá Taire Bhíseach labhairt leat. Tá sé gnoitheach; tá Dot istigh aige
le teachtaireacht ón Aireacht.’
Dot istigh sa Chaisleán. Dot le teachtaireacht ón Aireacht. An raibh deireadh an
tsaoil ann?
Chuaigh H thart go cúl an tí agus sheasaigh sé ansin. Bhí sé chomh fada sa
mhuineál go raibh a cheann cothrom le fuinneoig an tseomra an áit a raibh Stá
Taire Bhíseach agus Dot. Bhí an bheirt ina suí ansin agus iad ag ól sláinte a
chéile.
Tháinig an t-athrach chomh tobann sin ar Dot agus nach raibh sé cinnte nach ag
brionglóidigh a bhí sé. Nuair a bhí sé cinnte féin de, bhí eagla air nach
mairfeadh sé.
‘Mairfidh,’ arsa Stá Taire Bhíseach. ‘Níor théigh croí na ndaoine riamh le H, an
Sasanach Buí. An Rialtas a ghéill do Shasain in achan rud thug siad iarraidh
tusa a dhíbirt agus H a chur in d’áit. Ach thug muidinne le fios dóibh nach raibh
mórán measa ar H againn.’
‘B’fhéidir go bhfuil na daoine cleachtaithe le H anois agus nach mbeadh
iarraidh ar bith acu ormsa,’ arsa Dot.
‘Na daoine cleachtaithe le H! H atá fuar coimhthíoch acu! H nach raibh sé i
ndáil ná i ndúchas acu caidreamh a dhéanamh leis. Is neamhionann sin an
streachlán gránna agus tusa, Tusa a thabhaigh cliú d’Éirinn leis na céadtaí blian.
AR ndóigh, dá ndíbrífí thusa as an tír seo, bhí deireadh leis an náisiún. Tusa a
raibh lámh agat riamh anall inár gcuid seanchais is litríochta. Bhí tú in ardréim
na céadtaí blian sular rugadh H. Bhí tú i gcuideachta Naomh Pádraig nuair a bhí
sé ag scríobh na nDlíthe. Bhí tú ar cúl láimhe ag Cormac nuair a scríobh sé
Saltair Chaisil. Bhí tú i gCúirt Choinn Uí Dhónaill i nDún na nGall ba mhín
muir, bhí tú sin nuair a bhí Clann Mhic an Bhaird ag moladh rite Dálach lena
gcuid lann. Chuidigh tú leis na Ceithre Máistrí na hAnnálacha a scríobh. Bhí tú
mar chúl báire ag Mánas Ó Dónaill i bPort na dTrí Namhad nuair a scríobh sé
Beatha Cholmcille. D’fhág tú do lorg ar an Leabhar Breac agus ar an tSeanchas
Mhór. Chuidigh tú le Colm Cille an Cathach a scríobh, an Cathach a rinne
easair fhola de na Normannaigh lá Chreadán Cille, an Cathach a bhí ar thoisigh
ab tslóigh le Clann Dálach achan áit a raibh buaidh na bruíne leo ón
Chorrshliabh go Loch Súilí.’
‘Ach,’ arsa Dot, ‘deirtear go bhfuil cuid mhór daoine sa tír seo atá i leith H.’
‘Tá, na Seoiníní,’ arsa Stá Taire Bhíseach. ‘Ach tá lá na Seoinín thart. Tá rialtas
againn anois nach dtugann mórán airde ar na Seoiníní ná ar H. Crann a sláinte
leo agus go gcumhdaí Dia iad. Rachaidh H an bealach a rachas an mionna, an
bealach a rachas Partition, an bealach a rachas gach comhartha de smacht Gall
dá bhfuil sa tír.’
Líon Stá Taire Bhíseach a ghloine agus thóg sé ina láimh é. ‘A Dot,’ ar seisean
agus bachlóg ag teacht ar a theangaidh. ‘A Dot, is cumhan leat an rud a dúirt
fear de na Fianna nuair a bhí siad faoi gheasa i mBruín Chaorthainn agus tháinig
Fionn a thabhairt tarrthála orthu? Arsa fear acu, ar seisean, ‘A Fhinn Mhic
Cumhaill, ba bheag ár gcuid d’Éirinn go dtáinig tú.’ A Dot, seo do shláinte, nó
ba bheag ár gcuid d’Éirinn go dtáinig tú.’
‘GAEIL ÉIREANN’ – Dúiricín an Dartáin44
Rugadh Dúiricín an Dartáin samhradh na sceallán.
Eadar Sceilp na gCat agus Ard na gCeapairí atá an Dartán.
Fá Bhealtaine a tháinig an Dúiricín chun an tsaoil. Ní raibh aois ar bit ag an
Dúiricín an Bhealtaine sin. Ach bhí sé i gceann a leithbhliana an tSamhain sin a
bhí chugat. Agus an é do bharúil nach raibh sé i gceann a thrí ráithe Féile Bríde
ina dhiaidh sin. De bhrí de, b’fhuras a aithne go mbeadh sracadh ann nuair a
thiocfadh ann dó.
Bliain cothrom a bhí an Dúiricín nuair a chuaigh sé a choisíocht. Is maith mo
chuimhne ar an lá a shiúil sé an chéad choiscéim. Tháinig mé féin chun tí agus
bhí an leanbh ina shuí in ucht a mháthara.
‘A mháthair Dhúiricín an Dartáin,’ arsa mise, ‘nó nach bhfuil Dúiricín an
Dartáin ar a chois agat go fóill?’
‘Diabhal coiscéim – rath Dé ar an choiscéim – ná iomrá aige air,’ arsa máthair
Dhúiricín an Dartáin.
‘Lig an leanbh chun urláir,’ arsa mé féin.
Lig.
Sheasaigh mé féin thíos ar bhun an urláir agus úll in mo láimh agam. Shiúil
Dúiricín an Dartáin ionsorm.
Cúig bliana a bhí Dúiricín an Dartáin nuair a d’fhoghlaim mé dó an dóigh le
Snaidhm na Péiste a dhéanamh. An bhliain ina dhiaidh sin d’fhoghlaim mé
mórán rudaí eile dó: ortha an déididh, snáithe leonta agus leigheas caite.
Ins an am sin ní raibh duine ar bith ar an Dartán a dtiocfadh leis scadán caoch a
dhéanamh. An t-anlann dea-bhlasta sin a bhí ag a seana agus ag a sinseara nuair
ba gheall le tír Éire, bhí sé ceilte ar mhuintir an Daráin, rud a d’fhág na créatúir
ar phreátaí tura ó cheaann go ceann na bliana. Ach lá amháin tháinig mé féin
isteach tigh an Dúiricín agus bhí an teaghlach ina suí ag losaid de phreátaí tura.44 An tUltach (Mí na Féile Michíl, 1934) 4.
‘Nó nach bhfuil aon ghreim anlainn agaibh?’ arsa mise.
‘Tá an t-anlann againn a bhí riamh againn is creidim a bheas choíche,’ arsa an
Dúiricín. ‘preáta beag leis an phreáta mhór is an gearrcheann gan dadamh.’
D’imigh mé féin agus thug liom braon bainne, chuir ar méis é, chroith crág
shalainn air agus mheasc é gur shnáith le preáta é.
‘A Dhúiricín,’ arsa mise le Dúiricín an Dartáin, ‘tom do phreáta ansin.’
Rud a rinne.
Bhí dúil a anama ag Dúiricín an Dartáin sa scadán chaoch; agus bhí a shliocht
air, níor ith sé féin ná aon duine a bhfuil maíte air, níor ith sin aon phreáta tur ón
lá sin go dtí an lá inniu.
Sé bliana déag a bhí an Dúiricín nuair a rinne Dúiricín an Dartáin an chéad lá
mónadh. Mise a d’fhoghlaim é. Rug an Dúiricín ar an tsleán mar a d’iarr mé ar
an Dúiricín. Chuir an Dúiricín lámh dheas an Dúiricín ar dhorn an tsleáin –
sleán ciotach a bhí ann – agus lámh chlí an Dúiricín ar an chrann. Chuir an
Dúiricín meáchan an Dúiricín ar an tsleán, sháith sa phortach é gur ghearr an
chéad fhód. Ansin sháith an Dúiricín sleán an Dúiricín sleán an Dúiricín giota
beag ní ba doimhne an dara huair, agus luigh an Dúiricín claon beag siar ar an
tsleán gur fhág an péire ar shlí tógála ag an fhear a bhí ag cur as poll don
Dúiricín.
Bliain amháin tamall ina dhiaidh sin chuaigh mé féin fá na cladaí, bhain ualach
duilisc agus thug chuig muintir an Dartáin é le snáthadh le bocstaí. Fuair an
Dúiricín a chuid den duileasc, fear mar chách.
Tá iomrá mór leis an Dartan anois, tá, achan áit ón Éirne go Loch Súilí. Is iomaí
gníomh fearúil a rinneadh ar an bhaile chéanna, agus bíodh a fhios agat nach
bhfuil mórán de ceilte ar an Dúiricín. An lá a bhí an choimhlint eadar mé féin is
bádaí na Brád i mbéal Thor Uí Fhargáin bhí Dúiricín an Dartáin ina sheasamh ar
an chladach agus a dhá shúil sáite sa bhád s’agamsa gur fhág mé an chuid eile
acu síos siar ‘mo dhiaidh. Sin an lá a chuir muintir na Brád faoi smacht. Riamh
ní ba mhó níor lig an eagla dóibh comhrac seoltóireachta a chur ar mhuintir an
Dartáin. Baineadh an gus astu an lá sin agus bhí Dúiricín an Dartáin ag amharc
ar an rása lena shúile cinn.
Ach is beag sin dá bhfacaigh sé nó dá bhfuil a fhios aige. An lá a bhuail mé an
Ceannaí Brocach ar an Choillín Darach bhí Dúiricín an Dartáin ina sheasamh i
ndoras Shéamais an Droichid ag coimhéad orm. An lá a ghearr mé léim na
cláideadh i ndiaidh an ghiorria, gur bheir mé air i lúbacha Mhín an Draighin le
luí gréine, chualaigh an Dúiricín an scéal agus dúirt nach dtearnadh a leithéid
d’éachta ón lá a d’imigh Pádraig Dubh Néill Mhóir ar na ribhínigh agus ceann,
stil agus worm leis.
An lá a chuaigh mé ar an tsnámh gur shábháil mé an fhoireann a bhí i bhfarraige
i mbéal Oileán Bó, bhí an Dúiricín ag baint feamnaí sa chladach.
Nuair a tháinig mise chun an Dartáin tá deich mbliana fichead ó shin ní raibh
ansin ach tulaigh shléibhe. Shil mé an caorán a chuir mé aníos an chréafóg agus
rinne mé talamh oibeartha de. Tá neart de thalamh mhaith ann anois agus léab
bhreá de ag Dúiricín an Dartáin.
Má bheir Dia saol is sláinte domh, is rún domh cuid mhaith eile oibre a
dhéanamh a rachas ar sochar don Dartán. Má gheibhim cabhair ina ham
dhéanfaidh mé cuan loingise ar an Dartán. Agus dhéanfar iomlán na hoibre i
nGaeilig. Tógfar an chéidh agus na ballaí i nGaeilig. Beidh scaifte de chuid fear
an Dartáin ag obair agam, ag briseadh chloch, ag meascadh aoil agus ag
saoirsíneacht i nGaeilig. Tá súil agam nach bhfaighim bás go bhfeice mé long
fána lasta ag teacht isteach béal an chuain tráthnóna samhraidh. A cuid inneall
ag preabadaigh i nGaeilig. Gaoth bhog an tsamhraidh ag siosarnaigh i nGaeilig
fríd a cuid sreangach.. Maistreadh Gaelach de chúr gheal, bhán ag éirí roimh a
toiseach agus ag scabadh i nGaeilig taobh siar dá guailneacha.
Nár fhága mé an saol seo go bhfeice mé an t-amharc sin tráthnóna samhraidh
‘mo sheasamh ar chladach an Dartáin. An áit ar tógadh an Dúiricín.
An Dúiricín díleas!
An Dúiricín lách!
An Dúiricín cneasta!
An Dúiricín dea-chroíoch!
An Dúiricín Gaelach
An Dúiricín!
Dúiricín an Dartáin!45
45 Thug ‘An Dúiricín’ freagra ar Máire in ‘Gaeil Éireann: Freagar ar Mháire’ ar An tUltach (Samhain, 1934) 4-5. Is dóigh liom gur seo Máire i mbun pinn faoi bhréagriocht.
AN DÓIGH LE GEARRSCÉAL A SCRÍOBH46
Is minic a smaoitigh mé gur mór an truagh gan leabhar ar bith againn sa
teangaidh náisiúnta le eolas a cheirde a thabhairt don té ar maith leis gearrscéal
a scríobh. Is cruaidh atá leabhar den chineál sin de dhíobháil orainn nó níl
mórán scríbhneoir againn go fóill. Níl os cionn fiche míle duine sa tír seo a dtig
leo gearrscéal a scríobh sa ‘teangaidh náisiúnta,’ agus tá mé cinnte go bhfuil
céad míle sa tír a bhfuil an teangaidh sin acu. Is ionann sin agus go bhfuil ceithe
fichid míle as céad míle nach bhfuil ag déanamh a dhath le litríocht na tíre a
chur ar a bonnaí.
Tá cúpla bliain ó shin tháinig fear chugam féin agus dúirt sé gur chóir domh
gearrscéal a scríobh sa teangaidh náisiúnta, agus ansin cúpla alt a scríobh a
thaispeánfadh an dóigh a dtearn mé é. Dúirt mé féin leis go ndéanfainn agus
míle fáilte ach nach raibh an teangaidh náisiúnta agam, nach raibh agam ach
Gaeilig. D’imigh an duine boicht mar a bhuailfeá trasna an bhéil é agus, dar fia,
bhuail aithreachas mé féin. Thoisigh mé a smaoiteamh agus a mheabhrú.
Chonacthas domh gur chualaigh mé mar a bheadh glór duine ann i nduibheagán
an mheán oíche. Shíl mé ‘chéad uair gur tromluí a bhí orm. Ach nuair a
d’amharc mé cad é a fuair mé ach taibhse – mo thaibhse féin – ina sheasamh ag
colbha mo leapa. Thoisigh eadrainn.
‘Tá bunús do shaoil caite agat,’ ar seisean, ‘ag scig is ag fonóid ar an mhuintir a
d’fhág Éire ar ais ina náisiún againn. Anois féin go fuar déan aithreachas. Tá
lámh mheasartha mhaith ar an pheann agat. Scríobh gearrscéal ins an teangaidh
náisiúnta agus mínigh an cheird do na créatúir atá ag foghlaim.’
‘Níl an teangaidh náisiúnta agam,’ arsa mé féin. ‘Nil agam ach Gaeilig.
Scríobhfaidh mé scéal i nGaeilig más mian leat é.’
‘Caith an amaidí as do cheann,’ arsa an doppleganger, ar seisean. ‘Nach bhfuil a
fhios ag Dia is ag an tsaol nach bhfásann litríocht sa Ghaeltacht. Ar ndóigh, níl 46 An tUltach (Nollaig, 1935) 3-4.
Béarla ag duine ar bith acu sin. Níl céim acu. Níl duine ar bith acu ag teagasc
san ollscoil. Doirnealaigh bhochta nach bhfuil acu ach an teangaidh a tháinig
aniar ó na seanfhondúirí. Bíodh ciall agat. Tá gnoithe na Gaeltachta socair. Ní
thugann duine ar bith aird anois uirthi.’
‘Ach,’ arsa an t-égo, ar seisean, ‘níl agamsa ag Gaeilig na Gaeltachta. Níl ciall
ar bith agam don teangaidh náisiúnta. Lena chois sin, ar chuid seanchaithe na
Gaeltachta riamh a rinne mé aithris. Is é a gcuid comhráidh a bhí mar shampla
agus mar mhúnla agam. Níl eolas ar bith agam ar an ealaín atá ag údair mhóra
na Nua-Ghaolainne.’
‘Is cuma sin,’ arsa an doppleganger, ‘tá tú géarchúiseach go leor le teangaidh
eile a fhoghlaim, ar scor ar bith ó tharla nach bhfuil inti ach cúpla céad focal. Ní
bhainfidh sé os cionn cúpla seachtain asat an teanga náisiúnta a fhoghlaim.’
‘Ach, lena chois sin,’ arsa mise, ‘chaithfinn tamall fada staidéir a dhéanamh ar
na nuascríbhneoirí.’
‘Chaithfeá, ar ndóigh,’ ar seisean. ‘Ach b’fhiú do shaothar é. Tá mórán scríofa
agat anois in do theangaidh féin agus ar do dhóigh féin, agus gan oiread agus
gráinnín salainn agat mar luach do shaothair. An mhuintior a léas do chuid
scéaltach ní thuigeann siad thú. An mhuintir a thuigfeadh thú, ní thig leo do
chuid leabhar a cheannach.’
‘Scríobhfaidh mé mo chuid scéaltach i mBéarla,’ arsa mise.47
‘Ná déan a dhath den tseort,’ ar seisean. ‘Scríobh rud inteacht a rachas ar sochar
d’Éirinn agus a chuirfeas pingneacha airgid in do phóca.’
‘Cá mhéad a gheobhainn as scéal den chineál atá tú a mhaíomh?’ arsa mise.
‘Scéal ins an teangaidh náisiúnta. Scéal a bheas cosúil in ábhar agus i gcruth leis
na rudaí a scríobhas lucht an léinn? Scríobh é agus tá aithne agam ar
47 Rinne Séamus cuid dá chuid scéalta a aistriú go Béarla i ndeireadh a shaoil. Féach, Nollaig Mac Congáil
(eag.), Séamus Ó Grianna: Scríbhinní Mháire 3: The Sea’s Revenge (Mercier Press, 2003) agus Séamus Ó Grianna: Scríbhinní Mháire 4: The Lights of Heaven (Arlen House, 2006).
fhoilsitheoir amháin a bhéarfas £5 4s 8d duit as. Sin an méid is fiú scéal maith
go fiú na pingne,’ ar seisean.
And like a passing thought he fledIn light away48
Ar maidin lá arna mhárach ní luaithe a d’éirigh an ghrian ná d’éirigh mise.
Thoisigh mé ar mo chuid staidéir. Chaith mé naoi lá agus féadaim a rá naoi n-
oíche (nó níor shín mé ar leabaidh oíche ar bith go raibh spéarthaí an lae ann)
chaith mé sin ag foghlaim na teanga. Nuair a bhí an teangaidh agam thoisigh mé
a léamh na mórúdar. Chaith mé mo sholáthar saolta ar leabharthaí go dtí go
raibh mé ag gabháil thart gan aon bhróg ar mo chois ná aon snáithe léineadh ar
mo dhroim. Ach ní raibh an dara suí sa bhuailidh ann. Agus ar scor ar bith bhí
mé ag dúil le mo bhris a thabhairt isteach nuair a bheadh mo cheird
foghlaimithe agam. Bliain a chaith mé ag foghlaim agus ansin scríobh mé scéal.
Níor bhain sé asam ach dhá lá.
‘Sin obair mhaith dhá lá,’ arsa mise le bean an tí. ‘£5 4s 8d. Sin £15 14s 0d sa
tseachtain agus an Domhnach agam le mo scíste a dhéanamh.’
Chuir mé an scéal chuig an fhoilsitheoir agus thóg mé luch cheithre bpunta de
chulaith éadaigh ar cairde. Seachtain ina dhiaidh sin fuair mé litir ón
fhoilsitheoir. D’fhoscail mé go díbhirceach í ag déanamh go raibh agam mo
chúig phunta is corradh. Seo a raibh inti.
‘Fuarthas do lámhscríbhinn agus cuirfear faoi bhráid an stiúrthóra í in am
trátha.’
Rinneadh caorthacha mire díom féin agus scríobh mé ar ais chucu.
‘Níl am trátha ar bith agamsa,’ arsa mise, ‘nó níl aon tráth le caitheamh agam go
bhfaighe mé mo chuid airgid.’
Fuair mé an dara litir ag rá liom go raibh mo scéal ‘fé bhráid an stiúrthóra.’
Scríobh mé féin chuig an ‘stiúrthóir’ agus d’fhiafraigh mé de an ina luí ar éilín a
48 As ‘The Vision’ le Robert Burns.
bhí sé… Chuaigh cúig seachtainí thart agus ní tháinig scéala ar bith chugam.
Ansin fuair mé an lámhscríbhinn ar ais agus litir eile:
‘Maidir leis an gcomhfhreagras do ghabh eadrainn mar gheall ar an scéal úd
‘Uimhirthaglamhaíocht agus Tiúscáileolaíocht’ tá orm a chur in iúl duit gurb
amhlaidh gurb oth leis an stiúrthóir ná deineann an scéal na gnáthchoinníollacha
bhaineann le gearrscéal do chomhlíonadh,’ srl. nó gur inis sé domh gur trí mhíle
focal ba cheart a bheith sa scéal, gur chóir dó a bheith rannta ina thrí chuid, míle
cothrom in gach cuid. Ní raibh agamsa ach 2,947. Bhí 53 focal a dhíth ar mo
scéal le a bheith iomlán agus saor ó locht. Ar ndóigh, shíl mise go raibh sin
agam na trí mhíle cothrom gan focal chuige ná uaidh. Ach is é an áit a dtearn
mé an mearú cuntais a shílstin go raibh dhá fhocal nó trí cinn agam corruair in
áit aon cheann amháin. Focla ar bith a mbíonn cuing eatarthu ní bhfaighidh ón
fhoilsitheoir seo ar a son ach aon fhocal amháin, is cuma dá mbeadh streachlán
acu agat chomh fada le lá samhraidh. Sin an áit a dtearn mise an mheancóg.
Scríobh mé ‘nea-in-aistrithe’ agus a mhacasamhail ag déanamh go raibh agam
trí focla; ach ní mar a síltear ach mar a cinntítear; ní raibh agam ar a son ach aon
fhocal amháin.
Go hádhúil leis an Rí ní raibh mórán acu seo agam. Agus chuaigh agam an
beagán a bhí mé gann a sháitheadh isteach thall is abhus. Chuidigh sin liom an
míle cothrom a chur in gach cuid de na trí chuid, rud nach raibh déanta ó thús
agam. Chuir mé an scéal ar ais chuig an fhoilsitheoiur agus an tSamhain sin a
bhí chugainn chuir sé mo chuid airgid chugam, chuir go fiú na pingne: £5 4s 8d.
Bhí mé ar an tráigh fhoilimh nuair a tháinig an t-airgead nó thóg an táilliúir
uaim bó na bpáistí in éiric luach na culaithe. Ach ba chuma. Fuair mé eolas a
rachas ar sochar domh féin agus d’Éirinn agus do na céadtaí mílte ar mhaith leo
gearrscéal a scríobh. Tá mo chuid aráin fuinte feasta.
---------------------
Seo an scéal a scríobh mé.
Uimhirthaglamaíocht agus Tiúscáileolaíocht
I
Do bhí an t-uimhirthaglamaí ina shuí ins an seomra suí agus do bhí a bhean
chéile ann leis.
‘Is breá an lá é,’ arsa an fear.
‘Is breá gan amhras,’ arsa an bhean.
‘Beidh Dé Domhnaigh amárach ann,’ arsa an fear.
‘Beidh sé,’ arsa an bhean.
‘Maidir leis an bhfiosrúchán úd,’ arsa an fear.
‘An fiosrúchán um thiúscálaíocht?’ arsa an bhean.
‘Sea,’ arsa an fear.
‘Cad ina thaobh?’ arsa an bhean.
‘Táim tagtha go dtí an chríoch ná tiocfaidh aon rud as,’ arsa an fear.
‘Pé scéal é,’ arsa an fear.
‘Pé in Éirinn é,’ arsa an bhean.
‘Maidir leis na constaicí,’ arsa an bhean.
‘Ní fheadar,’ arsa an fear.
Agus mar sin go dtí go raibh míle focal scríofa agam. (Agus anois mholfainn do
dhuine gach leathanach a chuntas de réir mar a bheadh siad scríofa aige sa
chruth is go rachadh aige an míle iomlán a dhéanamh den chaibidil gan focal
chuige ná uaidh.)
II
Do buaileadh an doras. D’oscail an cailín aimsire é. Do tháinig fear isteach.
Tiúscaileolaí do b’ea é. Do shuigh sé ar an sófa. Do chuir sé a lámh ina phóca.
Do thug sé amach bosca go raibh toitíní ann. Do chuir sé toitín ina bhéal. Do
bhuail sé lasán. Do thosnaigh sé ag ól toitín agus ag comhrá.
‘Dá mba rud é gur dheinis an fiosrúchán úd de réir an rialacháin a bhaineann le
fiosrúchán um thiúscaileolaíocht.’
‘Do dheineas é fé mar atá ordaithe fé Acht a 15 den chórú,’ arsa an t-
uimhirtaglamaí.
‘Níl sé ins na miontuairiscí,’ arsa an tiúscaileolaí.
‘Ní gá,’ arsa an t-uimhirtaglamaí.
‘Is gá,’ arsa an tiúscaileolaí.
‘Gabhaim pardún, ‘ arsa an t-uimhirtaglamaí.
(Agus d’fhág mé ag iomrascáil mar seo iad go deireadh an mhíle agus gur
‘cuireadh fochiste ar bun le féachaint isteach sa cheist.’)
III
Do sheas an cathaoirleach agus do labhair sé. ‘Is é an obair atá romhainn ná –
ná – ná réiteach na ceiste seo.’
‘Pointe eagair, a chathaoirligh; an bhfuilid na miontuairiscí dleathach?’
‘Molaimse go nglacfar leo.’
‘Molaimse go nglacfar ach an focal ‘mór’ a scrios amach i ndiaidh an focal
‘am.’ Molaim é sin mar leasrún.’
‘Ní leasrún é sin ach aguisín.’
‘Ní aguisín é in aon chor.’
‘Is é a mholaimse ná go mbeidh comhdháil speisialta ann.’
‘An amhlaidh go measann sibh burb amhlaidh gurb é rud é gurb é an rud is fearr
ná -.
‘Ná - .’
‘Ná - .’
‘Ná - .’
‘Ná - .’
[Agus ar an téad seo gur scríobh mé an tríú míle agus gur chríochain mé mo
scéal.]
-------------------------
Sin anois agaib an dóigh le scéal a scríobh. Is mairg nach bhfuil An tUltach mór
go leor leis an scéal a chur air go hiomlán. Ach tá rún agam leabhar a scríobh,
leabhar a mbeidh cúpla scéal inti ar an mhúnla cheart. Agus le cois na scéaltach,
míniú iomlán ar mo cheird. ‘Stíl’ agus ‘samhlaíocht’ agus ‘ceapadóireacht’ agus
deireadh.
Is mairg nár casadh duine inteacht orm tá fiche bliain ó shin a sheolfadh ar
bhealach mo leasa mé. Bhí mé óg amaideach i dtús mo shaoil. Shíl mé nárbh
fhiú cnaipe gan súil an teangaidh náisiúnta. Shíl mé gur ag muintir na
Gaeltachta a bhí an Ghaeilig agus na scéaltaí agus ábhar na litríochta. Bhí
drochmheas agam ar lucht léinn agus ar ollúin agus ar lucht céimeann. Nár
mhór a fuair an diabhal buaidh orm nuair a bhí me in am amháin agus dá
bhfeicinn B.A. in Celtic Studies ag tarraingt orm go gcuirfinn míle de chor
bealaigh orm féin sula gcaithinn an t-am de lá a bheannú dó.
Ach mar a deir an duine aosta, is maith an té a níos aithreachas. Pheacaigh mé
go trom in éadan an Standard. It was a grievous fault. Ba mhillteanach an rud
do dhoirneálach a tógadh i Rann na Feirste, ba mhillteanach an rud dó masla
cainte a thabhairt d’ollúin agus d’údair agus do lucht céimeann. Ach d’íoc mé
féin ar a shon. Grievously hath Caesar answered it. D’fhág Cith is Dealán ar an
tráigh fhoilimh mé i ndiaidh an bród a bhí orm as. Agus gheobhainn bás gan
mhaoin, gan chliú, gan onóir, murab é go dtug mé m’aghaidh ar mo leas agus
mo chúl le m’aimhleas anseo tá bliain ó shin.
Ach beidh mé ‘mo ghasúr mhaith feasta.
BLIAIN AN STANDARD49
49 An tUltach (Cáisc, 1937) 1-3.
Bhí bliain amháin nach raibh máistir ar bith againn agus bhí an scoil druidte i
rith an tsamhraidh agus páirt den fhómhar. Bhí ár muintir i mbroid cionn is go
raibh an méid sin dár saol ag dul amú. Ach má bhí imní orthusan bhí a gclann ar
a sáimhín suilt. Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche den tsamhradh sin. Chaith
mé féin agus Dónall agus clann Aodha bunús an ama fán tráigh agus fán
fharraige. Agus, a Dhia na glóire, an saol a bhí againn! Ag déanamh bádaí
beaga agus á ligean ar shiúl leis an lán mhara. Ag snámh leis an tsruth líonta ó
Leac na Luatha go Gob na Báinseadh. Ag iascaireacht saíán ar pholl Thóin na
Rannacha agus ag cuartú neadracha faoileog fá bheanna Oileán na Marbh. Ag
teacht chun an bhaile marbh tuirseach le coim na hoíche agus ag gabháil a luí i
ndiaidh lucht brúitín a ithe. Agus gan againn le a ghabháil chun na scoile ar
maidin an lá arna mhárach.
Bhí ár muintir míshásta cionn is nach raibh scoil ar bith ann. Agus, ar ndóigh,
ba neamhiontach. Ní raibh ag a gcuid gasúr ach na cúpla bliain bheag le oiread
léinn a fhoghlaim agus go mbeadh siad ábalta litir a scríobh nuair a thiocfadh
orthu a ghabháil eadar dhá dtír. Ach dá mbeadh aon achaine amháin le fáil ó
Dhia ag na gasraí, is é an achaine a d’iarrfadh siad gan aon mháistir a theacht go
Rann na Feirste lena solas.
Ach ní thugann rud ar bith ach a sheal. Agus níor mhair an saol aoibhinn a bhí
againne ach tamall. Amach i ndiaidh na Féile Muire d’fhuagair an sagart ó
bhéala na haltóra Domhnach amháin go raibh scoil Rann na Feirste á foscladh
an lá arna mhárach.
Is maith mo chuimhne ar an tráthnóna Dé Domhnaigh sin. Lá breá, grianmhar
agus aoibhneas ar muir agus ar tír. Bhí mé féin agus Dónall agus clann Aodha ar
Thóin na Báinseadh agus achan rud againn a dtiocfadh leat smaoiteamh air le
pléisiúr a thabhairt dúinn. Bádaí beaga againn le cur ar an tsnámh. Cupla asal le
a bheith ag marcaíocht orthu i mbéal na trá. Madaidh leis na coiníní a sheilg
aniar as na poill. Agus cruach raithnigh le cur le thinidh, raithneach a ghoid
muid ó Din Ruadh. Ach bhí smúid orainn i rith an tráthnóna. Ní raibh fonn gáire
ná fonn cuideachta orainn. Bhí mar a bheadh néal dubh os ár gcionn. Ba chuma
cad é a dhéanfaimis ní thiocfadh linn sult ná sásamh a bhaint as. Bhí muid ag
smaoiteamh ar an lá arna mhárach agus ar an scoil.
Tamall roimh luí na gréine d’éirigh muid tuirseach den uile rud agus shuigh an
ceathrar againn ar charraig os cionn na farraige. Tráthnóna deas, ciúin a bhí ann
agus an sruth trá ag briseadh ar Ghob na Báinseadh. Bhí cipíní agus fóide
mónadh agus gasracha feamnaí dá gcartadh síos leis an tsruth. Agus dar leat go
raibh rud eile ar shiúl síos leis an tsruth. Síos Gob Rinn na mBroc, amach an
barra agus siar agus siar go bun na spéire. Agus bhí, bhí saol aoibhinn na ngasúr
sin ag imeacht le gan pilleadh.
Shuigh muid ár gceathrar ansin ar feadh tamaill mar a bheadh ceithre
sheanduine ann agus gan focal asainn. Ach sinn ag amharc amach ar an lán
mhara agus ag smaoiteamh gur thruagh muid a raibh againn le a ghabháil chun
na scoile ar maidin an lá arna mhárach, i ndiaidh gur shíl muid go raibh muid
réidh léi le ár solas.
Nuair a d’éirigh sé dorcha chuir muid lasóg sa raithneach. Agus ba bhreá an
chruach a bhí againn. (Mhair muid á ghoid ar feadh seachtaine roimhe sin.)
Nuair a cuireadh le tinidh é d’éirigh bladhaire a chuir dealramh solais i gclár na
mara amach anonn go béal na Trá Báine. Lig achan fhear againn cúpla scread as
féin nuair a d’éirigh an bladhaire. Ach ba ghairid gur fágadh ‘ár dtost ar ais
sinn. Agus bhí muid ‘ár seasamh ansin thart fán tinidh chomh brónach le scaifte
ar bhruach uaighe lá tórraimh nuair a bheadh clár na cónrach ag gabháil as
amharc faoin chréafóig.
Sa deireadh chuala muid an scairt. Cé a bhí ann ach mo mháthair thuas ag tóin
an tí agus í ag iarraidh orainn a theacht chun an bhaile.
‘Déanaigí bhur suipéar,’ ar sise nuair a chuaigh muid chun tí, ‘agus greadaigí
libh a luí chomh tiubh géar is a bheidh sé déanta agaibh. Caithfidh sibh éirí go
luath amárach agus a ghabháil chun na scoile.’
Ní raibh neart air. Bhí uair na cinniúinte ann agus ní thiocfadh a ghabháil taobh
thall di.
Ar maidin an lá arna mhárach d’imigh mé féin agus Dónall agus clann Aodha
ag tarraingt go teach na scoile. Agus, a Dhia, an chuma a bhí orainn! Léinidh
ghlan ar achan fhear agus ár gcosa agus ár lámha nite agus ár gceann cíortha.
Sin an rud ba mhó a chuir orm féin. Chonacthas domh nach sinn féin a bhí ann
ar chor ar bith ach ceathrar eile a raibh dreach agus cuma an léinn orthu agus
nach raibh ciall ar bith acu do shnámh ná do bhádaí bogadaí.
Bhí scaifte páistí cruinn ag teach na scoile romhainn agus an doras druidte.
‘Nó nach dtáinig sé go fóill?’ arsa mé féin.
‘Ní tháinig,’ arsa Padaí Sheáin Néill.
‘B’fhéidir nach dtiocfadh sé ar chor ar bith,’ arsa Sonaí Néill.
‘Ba mhaith an fear scéil thú,’ arsa Tarlach Bhraighní Óig.
‘Nár dheas é titim is a chos a bhriseadh,’ arsa Donnchadh Néill Phaidí.
‘B’fhéidir gurb é sin an rud a d’éirigh dó agus gan é eolach ar na carraigeacha,’
arsa Dónall Mhéabha.
Sa deireadh chuaigh gasúr a bhí ann thart go giall an tí agus ní raibh ann ach gur
imigh sé go raibh sé ar ais agus cuma scaollmhar air.
‘Seo chugainn é,’ ar seisean. ‘Ar scor ar bith sílim gurb é atá ann. Tá fear a
bhfuil brollach geal agus hata cruaidh air ag teacht anuas ag teach Eoin Phaidí.
Reath an t-iomlán againn thart go tóin an tí agus bhí m’ógánach ag tarraingt
orainn, gan bhréig ar bith. Tháinig sé anuas an seanbhealach mór go dteachaigh
sé as ár n-amharc faoi theach Dhonnchaidh Uí Bhaoill. Agus bomaite ina
dhiaidh sin nochtaidh sé chugainn aníos na fargáin.
Nuair a tháinig sé aníos go teach na scoile thug sé spléachadh dá shúil ar na
scoláirí a bhí cruinn ansin roimhe. Ansin tharraing sé eochair as a phóca, bhain
an glas den doras agus chuaigh isteach. Agus an t-éilín isteach sna sála aige.
Shiúil sé aníos is síos an t-urlár cúpla uair agus é ag breathnú ó choirnéal go
coirnéal an tí. D’amharc sé in airde ar na creataí. Chuaigh sé anonn agu
d’amharc sé amach ar an fhuinneoig. Sheasaigh sé ansin ar feadh cúpla bomaite
mar a bheadh sé ag meabhrú go domhain fána chroí. Sa deireadh tháinig sé anall
agus d’amharc sé ar an timetable. Ansin d’fhoscail sé an prios agus thug amach
an ról búc.
Agus i rith an ama bhí na scoláirí á bhreathnú feacháil cad é an chuma a bhí air.
Agus, ar ndóigh, bhí mé féin á bhreathnú chomh maith le duine. Fear mór, ard a
bhí ann. Gruag air chomh dubh le cleite an fhéich, leiceann dorcha agus na
clárfhiacla ag marcaíocht ar a chéile.
Thoisigh sé ‘ár dteagasc. Labhair sé linn i mBéarla ach ní raibh ach corrfhocal
dá chuid Béarla intuigthe againn. Ar ndóigh, ní raibh mórán Béarla againn.
Agus lena chois seo bhí glór coimhthíoch ag an mháistir seo Glór nár chuala
muid riamh roimhe. Nuair a sháirigh air maith a dhéanamh linn sa Bhéarla
labhair sé linn i dteangaidh éigin eile. Ach ba mhíle measa mar sin é. Ní raibh
muid ábalta focal ar bith a thuigbheáil. Is é a raibh ann go díreach go raibh a
fhios againn nach Béarla a bhí ann.
Bhí an teangaidh coimhthíoch seo a labhradh an máistir corruair leis na páistí,
bhí sé ag déanamh méaráin do mhuintir an bhaile. Ní raibh a fhios ag duine ar
bith acu cárbh as é. Bhí cuid ag rá gur as Baile Átha Cliath é. Cuid eile gur as
‘Uachtar na hÉireann’ é. Ach ní raibh ann ach barúlacha agus scéaltaí reatha.
Níor lig sé an méid sin dena rún le aon duine againn. Agus nuair nár lig d’fhág
sé muintir an bhaile fada buan á chriathrú agus ag fiafraí dá chéile ‘cén tír ins an
chruinne inar hoileadh é.’
Tráthnóna Dé Domhnaigh sin a bhí chugainn bhí scaifte de chuid fear Rann na
Feirste ina suí ar Ghob na Báinseadh. Bhí siad seachtar ann. Bhí seisear acu a
raibh páistí ar an scoil acu agus, ar ndóigh, bhí siad ag caint ar an mháistir. Bhí
an seachtú fear ina shuí ansin agus gan focal as. Fear a bhí ann nár chaith aon lá
ar scoil riamh agus ní raibh buaireamh ar bith fá sin air. Ní raibh cúram mná ná
clainne air, agus ní raibh aird ar bith aige ar mháistrí ná ar scoltacha ná ar léann,
ná ar rud ar bith ach ar throid. Agus ní bhfuair sé a mhian ar an tseanchas an lá
seo mar a fuair sé go minic roime. Cupla uair thug sé iarraidh an comhrá a
tharraingt ar an am a raibh sé féin is a dheartháir in Albain agus ‘na catha a
cuireadh leo ó cheann go ceann na tíre.’ Ach ní raibh gar ann. Bhí an mhuintir
eile ag caint ar an mháistir agus ar an scoil. Agus sa deireadh thost sé. Bhí sé ina
shuí ansin ina measc agus smúid air. Mar a bheadh sé ag smaoiteamh gur
chloíte an mhaise do Rann na Feirste é nuair a bhí scaifte fear Domhnach breá
fómhair agus gan mar ábhar comhráidh acu ach teangacha agus máistrí scoile.
Rann na Feirste a raibh fir ann ar feadh thrí líne daoine a raibh buaidh na bruíne
leo gach áit ó Bhaile an Teampaill go droichead Bhealach Seanaigh. ‘B’fhada
go bhfaghthaí an fhaill’ le a bheith ag caint ar scoltacha is ar mháistrí nuair a bhí
Micheál Ruadh agus Ned agus Micí Ó Dubhaigh ina neart! Bhain an seantrodaí
an píopa as a bhéal agus d’amharc sé amach ar an fharraige. Dar leat go raibh sé
ag amharc amach siar go bun na spéire mar a bheadh léasa á fháil aige ar shinsir
na bhfear seo a bhí ina suí ina chuideachta. ‘Agus sibhse a shíolraigh ó aicme na
laochraí, agus gan cluas agaibh do rud ar bith ach an amaidí bheag a bhíos ag
páistí is ag máistrí scoile!’
‘Bhail, thig achan rud lena iomrádh ach an madadh rua is an marbhánach,’ arsa
Feilimí Dhónaill Phroinsís. ‘Seo chugainn anuas an cladach é.’
Agus bhí. Tháinig sé anuas ón Sceilp Mhóir agus ó sin go Bob na Báinseadh.
Nuair a bhí sé ag gabháil thart leis na fir d’amharc sé orthu agus labhair sé. Ach
ní raibh an dara focal ann. D’imigh sé leis soir an tráigh agus síos go hOileán
Muiríní.
‘As an Ioruaidh é,’ arsa Peadar Eoin. ‘Bhí scaifte acu ar shoitheach seoltach
bliain amháin in mo chuideachta. Agus siúd go díreach mar a labhradh siad.
‘Chan ea,’ arsa Hiúdaí Sheáinín, ‘ach as an Ghearmáilte. Bhí scaifte acu ag
obair in mo chuideachta fada ó shin ar an Forth Bridge.’
‘Thug sé in mo cheann féin black a chonaic mé ag díol ruacan ag an Phump in
Edinburgh,’ arsa Donncha Phaidí Sheáinín.
‘Is leamh ata bhur gceann oraibh,’ arsa Feilimí Dhónaill Phroinsís, ‘i ndiaidh an
méid sceamhlóg a d’ith sibh i dtigh Mhódáinió i nGlasgow. D’aithin mise
canúint na hIodailte, d’aithin mé sin chomh luath is a d’fhoscail sé a bhéal.’
‘Deirimse gur mheath bhur mbarúil ar an iomlán agaibh,’ arsa Niall Shéamaisín.
‘Francach atá ann. Bhí aithne mhaith agamsa orthu i gCeanada. Is minic a
chuala mé na focla ceannann céanna acu a dúirt an máistir ansin anois.’
‘Is cuma cén tír a dtáinig bsé aisti,’ arsa Liam Beag, ‘ní bhfuair sé a dh’airí
riamh an leiceann a bhriseadh aige.’
‘Cad chuige a n-abair tú sin, a Liam?’ arsa Feilimí.
‘Tá, na leasainmneacha atá ar na páistí aige,’ arsa Liam. ‘Gasúr agamsa agus tá
an créatúr ag fáil bháis den náire leis an leasainm atá ag an mháistir air.
Leasainm gránna a bhainfeadh lasadh as gasúr ar bith.’
‘Agus cad é an leasainm é, a Liam?’
‘Tá, maise, ‘Harry Gallig,’’ arsa Liam. ‘Sin an t-ainm atá aige ar Thoirealach
s’againne. Go dtí go bhfuil mo leanbh i mbarr a chéille acu. Nó ní thugann an
chuid eile de na gasraí a athrach anois air.’
‘Chan Harry Stattle atá in do cheann?’ arsa Donnchadh Phadaí Sheáinín.
‘M’anam, maise, nach ea,’ arsa Liam, ‘ach ‘Harry Gallig.’ Tá sé leis an ghasúr
mar a chuala sé. Agus cluin sé rómhinic é lena thógáil contráilte. Ach ba cheart
an mhailí a fhágáil ar an tsúil ag an mháistir,’ ar seisean. ‘Agus ansin stadfadh
na leasainmneacha.’
‘Bhí Rann na Feirste lá is ní ligfí leis é,’ arsa Eoin Ruadh. ‘Ní ligfí, ná le
béalastán ar bith eile a bhéarfadh iarraidh leasainm a fhágáil ar ghasúr de chuid
an bhaile.’
‘B’fhéidir nach leasainm ar bith atá ann,’ arsa Feilimí. ‘B’fhéidir gur ionann
‘Harry Gallig’ agus ‘gasúr maith.’ A Néill,’ ar seisean le Niall Shéamaisín, ‘ar
chuala tusa a leithéid sin riamh ag na Francaigh a casadh ort i gCeanada?’
‘Maise, ní chualaigh ar feadh mo chuimhne,’ arsa Niall.
‘Chan Francach atá ann ar chor ar bith,’ arsa Eoin Ruadh. ‘Ach tá a fhios
agamsa cén tír arb as é.’
‘Bíodh geall air go bhfuil a fhios, a Eoin,’ arsa Hiúdaí Sheáinín.
‘Tá a fhios agam,’ arsa Eoin. ‘Bhí scaifte acu ag obair in mo chuideachta
geimhreadh namháin ar an Long Drag i Sasain. Eadar mé is Dia go n-íosfadh
fear acu oiread scadán is nach n-íosfadh seachtar againne. Agus d’ólfadh siad an
phicilt mar a d’ólfadh buanaí pionta leanna lá te ar chonlaigh an fhómhair. Bhí
aon fhear amháin ann agus bhí eagla ar a raibh san obair roimhe. Agus má bhí
féin ba neamhiontach. Nó eadar mise is Dia go raibh cloigeann air mar a bheadh
bál gunna mhóir ann, ailt aige mar a bheadh fiacla cleith fhuirste agus easnacha
mar a bheadh slata pota ann. Satharn amháin cé a tháinig chun an huty ach
Micheál s’againne agus bhí m’ógánach ag cur thairis ag teacht chun tí dó. Dúirt
sé nach raibh aon fhear sa teach nach mbuailfeadh sé. Níor labhair aon duine ar
feadh tamaill. Sa deireadh d’éirigh Micheál de léim ina sheasamh. Bhuail sé i
mbun a ghéill é is rinne crúbadán de ag bun an hot plate.
‘Agus cárb as é, a Eoin?’ arsa Niall Shéamaisín.
‘Tá, dar Dia, as an Rúisia,’ arsa Eoin. ‘Níor chualaigh aon duine ag botalaigh
ina dhiaidh sin é go dtí gur fhág sé an obair.’
‘Agus an raibh an chanúint aige atá ag an mháistir?’ arsa Feilimí Dhónaill
Phroinsís.
‘An chanúint cheannann chéanna,’ arsa Eoin. ‘Is minic a chualaigh mé iad ag
comhrá ina measc féin. Agus is iad a bhí dána. Riamh nó go dtáinig Micheál
s’againne. Ach bhain Micheál an gus astu. Caoir thineadh a leithéid de dhorn a
chonaic mé buailte ó d’fhoscail Dia mo shúile. Thóg sé seacht slata amach ón
talamh é.
Níor labhradh an dara focal fán mháistir an tráthnóna sin. Fágadh a chanúint
agus a thír dhúiche gan réiteach. Bhí Eoin Ruadh ar obair agus b’éigean
éisteacht leis. Mar a thiocfadh sruth rabharta aníos ó bhéal an bharra agus
chartfadh sé leis cipíní agus sifíní agus gasracha feannaí, tháinig Eoin Ruadh le
tuilidh de chuid éachtaí Mhicheáil agus chart sé leis scoltacha agus léann agus
máistrí agus teangacha.
Bhí fear ar an bhaile s’againne san am sin agus philologist a bhí ann. Mar a bhí,
Seán Néill. Tháinig Seán isteach tigh s’againne lá amháin agus shuigh sé a
chomhrádh. Agus, ar ndóigh, tarraingeadh an scéal ar an mháistir.
‘Tá mise ag déanamh, a bhráthair, gur conamar Gaeilge atá aige,’ arsa Seán.
‘Á, diabhal sin,’ arsa m’athair.
‘B’fhéidir gur Gaeilig na Híleans atá aige,’ arsa mo mháthair.
‘Bhail, ní féidir,’ arsa m’athair. ‘Is minic a chualaigh mise Híleantóirí ag caint.
Ar ndóigh, ní thuigfinn leath a gcuid comhráidh ach d’aithneochainn gur
Gaeilig a bhí ann.’
‘Is fíor duit sin, a bhráthair,’ arsa Seán. ‘Dá mba i ndán is nach dtuigfeá focal ar
bith uathu, d’aithneofá ar ghlór a gcinn gur Gaeilig a bhí acu.’
‘Ach cad é a chuir in do cheann gur Gaeilig a bhí ag an mháistir?’ arsa m’athair.
‘Bhail, cluinfidh tú,’ arsa Seán. ‘Ní fiú scéal ar bith gan údar. Bhí Niall beag
s’againne ag baint sméar ar an bhealach chun an bhaile an lá fá dheireadh agus
tháinig an máistir a fhad leis. ‘Run away home,’ ar seisean agus ar aan dara
focal ‘mig ort a valley.’ Is é mo bharúil féin gur ionann ‘mig ort a valley’ agus
‘imigh leat chun an bhaile.’
‘Ach cad é rud an ‘mig’?’ arsa m’athair.
‘Sin ceist nach dtig liom a fhuascladh go fóill,’ arsa Seán. ‘Níl a fhios agam ó
Dhia anuas cad é an chiall atá le ‘mig.’’
‘Bhail, ní Gaeilig é,’ arsa m’athair. ‘Ní tháinig ‘mig’ as béal aon duine riamh a
raibh Gaeilig aige.’
‘Ná tabhair do mhionna, a bhráthair,’ arsa Seán. ‘Bíonn corr-rud greannmhar ag
muintir Uachtar na hÉireann, agus deir siad gur as Uachtar na hÉireann an
máistir seo. Bhí aithne agamsa ar fhear acu i Meiriceá agus bhí Gaeilig aistíoch
aige. Brawn a deireadh sé in áit biorán. Rawn a bheireadh sé ar an arán agus
tig ar an teach.’
‘Agus an raibh sé ag maíomh gur Gaeilig a bhí aige?’ arsa m’athair.
‘Bhail, féadaim a rá go raibh,’ arsa Seán. ‘’Gayling’ a bheireadh sé ar an rud a
bhí aige. Agus is é mo bharúil gur ‘Gayling’ atá ag an mháistir fosta.’
‘Tá eagla orm,’ arsa m’athair, ‘nach ndéan sé mórán talaimh lena chuid
‘Gayling’ ar an bhaile seo.’
‘Ó, talamh ar bith,’ arsa Seán. ‘Dhéanfadh na scoláirí streachailt de chineál
inteacht leis an Bhéarla. Ach bhí sé chomh maith aige a bheith ag caint i Laidin
le ‘mig ort a valley’ a rá le duine acu.’
Ba ghairid go raibh an scéala ar fud an bhaile gur ‘Gayling’ a bhí ag an
mháistir. Agus cé gur iontach an scéal é d’fhoghlaim cuid againn corrfhocal den
teangaidh sin. I gceann leithbhliana bhí a fhios againn gur splawdorakt an
‘yaling’ ar spealadóireacht, agus gur slatey duffa an ‘yaling’ ar shléibhte
dubha; gurb ionann law braw agus lá breá; gurb ionann yin shay tig agus
rinne sé teach agus gurb aon teaghlach amháin clann Thoirealaigh agus clown
Harry gallig. Agus thug Liam Beag maithiúnas don mháistir nuair a hinseadh
dó nach leasainm ar bith a tugadh ar a ghasúr, nach raibh ann ach Toirealach
‘Gaylinge.’
Bliain nó fán tuairim sin a chaith an máistir againn agus ansin d’imigh sé. Agus
níor chualaigh mise an dara focal de Standard Irish go dtí an lá deich mbliana
ina dhiaidh sin a chualaigh mé ollamh i mBaile Átha Cliath ag léamh píosa de
‘ghlan-Ghaolainn an Athar Peadar.’
Máire
RANN NA FEIRSTE NA MÍ50
Tá aithne mhaith agam ar an mhuintir a tháinig as Rann na Feirste go Baile
Ghib i gContae na Mí. Agus cad chuige nach mbeadh? Nár tógadh sa doras ag a
chéile sinn? Bhí aithne agam orthu ó laige go neart agus acu orm. Is iomaí uair a
chonaic mé Eoghan Thaidhg ag stiúradh báid fríd bhristeacha borba ó Inis
Oirthear go béal an bharra. Is iomaí uair a chonaic mé Conchúr nuair nach raibh
sé ach ina mhullachán gasúra, is iomaí uair a chonaic mé ag gabháil Ghaoth
Dobhair agus gan ann ach go raibh a chloigeann ar fhis os cionn gharmain an
chúraigh. Agus is iomaí uair a chonaic mé Micí Hiúdaí agus a fhoireann ag
gabháil amach a thógáil eangach agus iad ag coimhlint leis an doininn a bhí ag
cruinniú thiar ar dhroim Áranna.
Nuair a chuala mé gur fhág na fir seo an fharraige agus na bádaí agus na
hoileáin ina ndiaidh, nuair a chuala mé sin, ba mhó ab fhaide liom ná go dtaradh
an tsaoire agus go mbeadh gléas orm cuairt a thabhairt orthu. Is iomaí ceist a
chuir mé orm féin ar feadh cúpla lá. An mbeidh siad ábalta a mbeatha a
thabhairt i dtír ar thalamh nach bhfuil cleachtadh acu air? An mbeidh cumhaidh
orthu i ndiaidh na farraige agus i ndiaidh na gcnoc? An mbeidh siad ag airneál
is ag cuartaíocht ag a chéile mar a chleacht siad féin agus a n-aithreacha rompu i
Rann na Feirste? C’air a mbeidh siad ag caint? An ndéanfaidh siad dearmad den
loinnir a bios i ngnúis an Eargail tráthnóna samhraidh? Agus de na caisleáin óir
a bíos ag bun na spéire le luí na gréine? An bhfeicfidh siad cladaí na Rosann i
mbrionglóidigh? Na Mic Ó gCorra ag seoladh go Toraigh maidin chiúin
shamhraidh? Méilte geala na Trá Báine? Agus beanna uasal ? na Rann Liath?
Chuaigh mé síos go Baile Ghib lá breá samhraidh agus ba é Eoghan Thaidhg an
chéad fhear a casadh orm. Chuir sé fáilte agus céad romham agus thoisigh an
50 An tUltach (Meán Fómhair, 1937). check
comhrá. Thug sé leis suas ar airdeacht mé agus thaispeáin sé na feirmeacha
domh. ‘Sin thall teach Chonchúir Thaidhg. Sin teach mhac Shéamais Hiúdaí
Bhig. Fear as Fánaid atá sa teach sin eile. Sin thíos teach Shéamais Mháire
Éamainn, agus siúd thall teach Mhicí Hiúdaí.’
Bhí obair agam a chreidbheáil nach ag brionglóidigh a bhí mé Is cumhan liom
an chéad uair a tháinig mé aníos as portaigh na Rosann agus chonaic mé bántaí
cothroma an Lagáin. Chuir mé ceist cén dream daoine ar leo na tálta seo agus
hinseadh domh. ‘Siúd thall teach Robert Montgomery. Sin thíos teach Samuel
Buchanan. Fear darb ainm Tom Wallace atá thall ar thaoibh na malacha. Agus
siúd teach William Ewing thuas eadar thú is barr an ghleanna.’ Sin na
hainmneacha a bhí ar na daoine a raibh talamh maith maith an Lagáin acu. Agus
dar liom go mb’iontach an rud talamh den chineál chéanna a a bheith ag mac
Hiúdaí Shéimisín Tharlaigh Bhig agus ag mac Thaidhg Phadaí Neansaí Báine.
Chuaigh mé chun comhráidh leo agus ní raibh cuma orthu go raibh cumhaidh ar
bith orthu i ndiaidh an bhaile. Bhí an t-iomlán acu breá sásta dá n-imirce. Bhí an
barr i dtalamh acu, an geamhar ag gobadh chugainn aníos agus duilleog bhreá,
mhéith air. Uain óga ag meadhar sna páirceanna agus eallach agus féar go dtí na
hadharca orthu. Agus ní raibh iomrá ar bith ar Rann na Feirste, ná ar mheilte
geala na Trá Báine ná ar ghealach fhómhair ag éirí aníos as cúl an Eargail.
Bhí lúcháir orm nuair a chonaic mé go raibh siad buíoch dá n-imirce. ‘Tiocfaidh
siad i dtír,’ arsa mise, ‘nó tá déanamh gnoithe san iomlán acu eadar fhir is
mhná.’
‘Ach,’ arsa mise, ‘c’air a mbeidh siad ag caint nuair a thiocfas fad ar an oíche
agus a thoiseochas an t-airneál? An ar bharr agus ar eallach agus ar luach
eallaigh a bheidh siad ag caint? An mbeidh an comhrá saolta acu a bios ag an
mnhuintir a mbíonn rud beag measartha de rathúnas talaimh acu? N…ó an
comhrá leamh a bios ag an mhuintir a léas na páipéir maidin is tráthnóna? An
éireochaidh siad spadánta le linn a bheith ar an talamh thirim ó cheann go ceann
na bliana? Iadsan a raibh ‘caidreamh acu leis an bhás’ achan áit ó Bhéal Thoraí
go Tóin na Cruaiche? An imeochaidh an fhilíocht agus an dóchas nuair a scar
siad leis an chontúirt? An mbeidh a sliocht agus sliocht a sleachta ag caint orthu
fá cheann chúpla glún eile nuair nach mbíonn i mBaile Ghib ach an Béarla agus
ag rá
They bore the famine bravely
But could never stand the feast?
Satharn amháin anseo san fhómhar d’imigh mé liom tráthnóna agus níor stad
mé go raibh mé thíos tigh Mhicí Hiúdaí i gContae na Mí. Bhí meitheal ag Micí
ag baint choirce agus iad ar shéala a bheith réidh ag teacht chun tosaigh domh.
Cuireadh fáilte romham, ar ndóigh. Thug Micí leis mé gur thaispeáin sé achan
rud domh. An coirce a bhí sna stucaí, an féar a bhí i gcruaich, an t-eallach agus
na caoirigh agus beathach capaill. Agus bhí cuma air go raibh sé iontach sásta
leis an tséasúr.
Ach ní raibh lá iomráidh ar Rann na Feirste ná ar mheilte na Trá Báine ná ar
ghealach na gconlach ina suí ar bharr an Eargail. Iomrá ar bith ach oiread is dá
mbeadh siad gan a bheith ann riamh.
Chuaigh muid chun tí le clapsholas agus cuireadh chun bídh sinn. Nuair a bhí
sin déanta dúirt mé féin go raibh an t-am agam a bheith ag tarraingt ar an bhaile.
Ach húradh liom nach rachainn ná fad mo choise, ach go gcaithfinn fanacht go
maidin. Ní raibh gar a bheith leo. Shuigh mé a chois na tineadh agus dar liom
féin níor chaill sibh an fhéile cá bith eile a chaill sibh.
Shuigh na fir thart fán tinidh agus dhearg siad na píopaí. Bhí na mná amuigh sa
bhóitheach ag bleán, an chuid nach raibh istigh ag ní na soitheach agus ag
feistiú an tí i ndiaidh an itheacháin. Bhí mé féin ansin agus mé ag amharc
isteach sa tinidh. Lasadh an lamp, druideadh an doras agus cuireadh an dallóg ar
an fhuinneoig. Agus ansin chonacthas domh ar dhóigh inteacht gur i dtigh
Mhicí Hiúdaí i Rann na Feirste a bhí mé. Mhair an aisling seo ag teacht is ag
imeacht ar feadh tamaill mar a tífeá solas ag lasadh agus ag gabháil as oíche
cheo ar an fharraige. B’fhéidir gur thíos i Rann na Feirste a bheinn ar feadh
chúpla bomaite. Ansin déarfadh duine inteacht cúpla focal a bhéarfadh chugam
féin mé. Mhair sin mar sin riamh go raibh obair an tí críochnaithe agus gur
shuigh an t-iomlán thart fán tinidh.
Tinidh bhreá mhónadh a bhí ann agus smután maide mar chúl uirthi. Bhí
bladhaire croíúil uirthi agus cuma ghlan seascair ar an teach… Thoisigh an
comhrá. Agus ó sin go ham luí shíl mise gur thíos i Rann na Feirste a bhí mé.
Chonaic mé Eoghan Thaidhg ag teacht as Toraigh lá farraige móire. Isín an
tseoil tosaigh ag briseadh ag teacht anoir ar Sruth Seilg dó. An bheirt a bhí leis
ina luí is gan bogadh iontu le tinneas farraige. Eoghan ag teacht de léim aniar ón
stiúir agus ag déanamh igín den chábla agus an t-iomlán de shin a dhéanamh a
fhad is a bhí an bád ina luí i ngleann eadar dhá thoinn. Chonaic mé Micí Hiúdaí
agus clann Dhónaill Ned ag tógáil eangach i mbéal Áranna lá a raibh an
fharraige ag éirí ar an fhéar. Chonaic mé clann Aodha ag iomramh as Boilg
Chonaill go Tóin na Báinseadh agus sruth is gaoth daor orthu. Chonaic mé
bádaí na mbradán ag gabháil amach tráthnóna samhraidh. Amach go raibh siad
mar a bheadh faoileogaí beaga, geala ann ag bun na spéire. Chuir siad a gcuid
eangach i ndiaidh luí gréine. I dtrátha an mheán oíche thoisigh an duibheagán a
chruinniú amuigh thiar ag bun na spéire. D’aithin na hiascairí cad é a bhí ag
teacht agus thóg siad chomh tiubh géar is a tháinig leo agus thug iarraidh ar an
bhaile. Ach ní raibh ann ach go raibh siúl orthu nuair a thoisigh an stoirm a
ghnúsachtaigh go confach. Ansin thoisigh sí a bhúirthigh agus a thafainn. Agus
seo chucu aniar ó bhun na spéire na mílte míle tonn mar a bheadh conairt allta
ann, agus iad mar a bheadh siad ag coimhlint le chéile féacháil cén chéad
cheann acu a slogfadh bád is foireann siar ina craos cíocrach. Leagadh seoltaí
deiridh agus baineadh pící as seoltaí tosaigh. Bhain cuid Inis Meáin amach, cuid
Gabhla agus cuid eile tráigh Oileán na Marbh. Agus tháinig bád Thaidhg trasna
an béal mart a bheadh saighead ann agus í ag síobadh mara dá guailneacha mar
a d’imeochadh lóchán leis an ghaoith ó lic a cháite.
Ansin thoisigh an comhrá ar sheanfhondúirí Rann na Feirste. Na scéaltaí a bhí
acu. Na rudaí a d’fhág siad canta. An saol a bhí ann fada ó shin. Pádraig Dubh is
Macstaí is Pincín na leaathchluaise!
Bhí bainis agus baisteadh againn agus faire agus t…órramh. Chaith muid seal
tamaill ag déanamh poitín i bPort an Churaigh. Chuaigh muid go hAonach an
tSamhraidh agus ní tháinig muid chun an bhaile go raibh an ghrian ar an aer an
lá arna mhárach. Chuaigh muid síos chun na Báinseadh oíche fhómhair ag
tarraingt go Tráigh na gCorr.. Aithním glór Mhicí Phadaí ag gabháil amach an
Oitir Mhór. Dairc, is beag acu atá cosúil leat.
Tháinig Lá Fhéile Pádraig agus thug muid amach an druma mór. Chuaigh muid
trí huaire thart ar theach an phopbail. Shiúil muid go Mullach Dearg tráthnóna
agus nuair a tháinig an oíche bhí damhsa i dteach na scoile againn… ‘Ladies
chain, helf-promenade, half right-and-left, and all have a swing in the corner.’
Shuigh muid ansin go raibh sé i bhfad i ndiaidh an mheán oíche. Sa deireadh
chuala muid coileach ag scairtigh. Dar liom féin sin coiligh Rinn na Mónadh ag
scairtigh agus tá an t-am ag an tsaol a bheith fá chónaí. Taispeánadh mo
leabaidh domh agus chuaigh mé a luí agus glór na farraige i mo chluasa agus
áille na farraige in mo shúile. Agus ní raibh mé i bhfad ‘mo luí gur thit mé ‘mo
chodladh. Agus shíl mé nach raibh ann ach go raibh mo shúile druidte mar ba
cheart agam nuair a buaileadh doras an tseomra agus hiarradh orm éirí má ba
mhaith liom breith ar an Aifreann. Dar liom féin duine inteach a chuaigh a
mhagadh orm atá ansin. Níl am aifrinn ar bith go fóill ann agus ní bheidh go
ceann fada go leor. Mar sin féin d’éirigh mé amach as an leabaidh a dh’amharc
cad é an cruth a raibh an lán mara ann. Bhí a fhios agam go raibh an rabharta
iomlán an mhaidin sin agus gur i dtrátha an sé a chlog a bheadh sé barr láin.
Agus, ar ndóigh, níl aon leathuair ó sin go mbí sé ina lom trá i dtrátha an mheán
lae nach bhfuil carraig nó oitir fá na cladaigh a inseochas an t-am d’fhear a
tógadh i Rann na Feirste.
Ní raibh leath mo sháith codlaithe agam agus shíl mé nach raibh ann ach teacht
an lae. Bhí mé cinnte chomh luath agus a thógfainn an dallóg den fhuinneoig go
bhfeicfinn an lán mara go barr na gcaslach. Chuaigh mé anonn go dtí an
fhuinneog agus thóg mé dallóg agus d’amharc mé amach. Agus an mealladh a
baineadh asam níl léamh ná scríobh ná inse béil air. Ní raibh an Cheanntráigh
ná Rinn na Mónadh ná na Maola Fionna ná Port an Churaigh ar m’amharc ná ar
m’éisteacht. Ní raibh ná carraig ná cuan ná oileán ná aon deor fharraige, ach
páirceannaí cothroma, féarmhara na Mí agus mairt is caoirigh ag ingilt orthu.
Sin anois Baile Ghib agat. Bí thíos ansin nuair a bheas na daoine i gceann a
ngnoithe agus ní bheidh leat ach cuid den scéal agus an chuid is lú de. Ach as
sin go dtige an oíche, go lastar an lamp agus go raibh na doirse druidte agus
tinidh bhreá mhónadh ar an teallach. Agus go dtoisí an comhrá. Tá tú i Rann na
Feirste ó sin go ham luí agus gan a fhios agat an bhfuil Contae na Mí ann ar
chor ar bith. Rachaidh tú a luí i Rann na Feirste an oíche sin agus nuair a
mhuscólaidh tú ar maidin, beidh iontas an tsaoil ort nuair a tífidh tú páirceanna
móra agus coillte ar gach taoibh díot.
FÍORFHILÍOCHT51
Tá daoine ann a gcuireann sé iontas orthu nuair a deirtear leo gur giorracht agus
fírinne lom, tharnochta na tréithre is láidre i litríocht na Gaeilge. Daoine a léigh
beagán beag de chuid filíochta na hochtú haoise déag agus nach raibh fonn
orthu riamh a ghabháil taobh thiar de sin. Agus, ar ndóigh, an té a léifeadh
filíocht na haoise sin agus nach léifeadh ach í níorbh iontas ar bith dá mbíodh sé
den bharúil nach raibh mórán eile i bhfilíocht na Gaeilge ach sreangáin focal.
Ach an té ar mian l;eis breithiúnas iomlán a thabhairt ar an fhilíocht, caithfidh
sé streachlán leanbaí na hochtú haoise déag a fhágáil ina dhiaidh agus a
ghabháil siar céad eile. Má théid, tífidh sé go bhfuil cineál eile filíochta ar fad
san aois sin. Go bhfuil sí beo, achomair, bríomhar, giorraisc, go díreach mar an
chuid de Laoithe na Féinne a raibh muid ag caint orthu. Níl mé ag rá nár
cumadh rud ar bith sa hochtú haois déag arbh fhiú filíocht a thabhairt air. Casfar
corrghiota maith ort ansiúd is anseo. Ach, mar sin féin, glórthaí amaideacha an
chuid is mó de.
* * * * *
Ach má fhágaimid saol na hAislinge ‘ár ndiaidh agus a ghabháil siar giota,
casfar scoith na filíochta orainn. Agus chomh luath agus a léifeas duine í
aithneochaidh sé gur filíocht atá aige. Gur smaointe atá iontu a tháinig ó chroí
an duine agus nach deilín focal agus an oiread seo fuamanna iontu ag cur le
chéile. De dhearbhú an scéil seo, seo dán beag as an leabhar breá sin Dánta
Grádha – an leabhar Gaeilge is mó a thaitin liom dá bhfaca mé le fada.
‘Sí mo ghrádh
an bhean is mó bhíos dom chrádh;
annsa í óm dhéanamh tinn
51 An tUltach (Feabhra, 1940) 5.
ná an bhean do-ghéanadh sinn slán.
‘Sí mo shearc
bean nár fhágaibh ionam neart,
bean nach léigfeadh im dhiaidh och,
bean nach cuirfeadh cloch im leacht.
‘Sí mo stór
bean an ruisg uaine mar phór,
bean nach cuirfeadh lámh fám chionn,
bean nach luighfeadh liom ar ór.52
Is iomaí smaointeamh a thig fríd do cheann nuair a léas tú an dán beag seo. An
chéad rud an fhíorfhilíocht atá ann. An fhírinne lom atá ann. Nach sin an saol ó
shínfear i gcliabhán go síntear i gcónair thú. Tá rud inteacht i gcónaí a dhíth ort,
agus rud inteacht nach bhfuil dul agat sroicheachtáil a fhad leis. Is cuimhin leat
nuair a bhí tú ‘do leanbh ní raibh tú le scaoileadh ná le ceangal go bhfaighfeá
fídeog nó bábóg nó failleagán den chineál sin. Ní raibh sé leath lae in do sheilbh
gur chaith tú i leataoibh é. Bhí tú tuirseach de. Rud inteacht eile a bhí a dhíth
ort. Agus mar sin go deireadh. Agus nuair a d’éirigh tú mór agus bhuail galar an
ghrá thú, ní dhéanfadh bean ar bith maith duit ach ar bhean nár miste léi fá
dtaobh díot. An bhean nach gcuirfeadh cloch in do leacht!
Ansin dearc chomh beacht, cruinn, soiléir agus a inseas an file an scéal. Níl
focal amháin de bharraíocht aige. Agus rud eile. Tá an Ghaeilig atá aige
intuigthe achan áit ar mhair an teangaidh á labhairt. Ní aithneofá cé acu as Leath
52 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 25-6.
Chuinn nó as an Mhumhain é. Labhrann sé linn anall ón tseantsaol agus tá blas
milis ar a chuid cainte.
Seo giota beag de dhán eile as an leabhar chéanna a luaigh mé cheana féin:
Foiligh oram th’ucht mar aol,
ná feicear fós do thaobh nocht;
ar ghrádh Chríost ná feiceadh cách
do chíogh rógheal mar bhláth dos.53
Piaras Feirtéir, file as Ciarraí, a chum an dán sin. Agus sin rud nach mbeadh a
fhios agam dá léití domh é agus gan ainm an údair a inse domh. Mar sin de is
beag athrach a tháinig ar an Ghaeilig le trí chéad bliain. Dá léifinn an dán seo do
na seandaoine i dTír Chonaill, déarfadh siad ‘sin an cineál ceanna atá againn
féin.’ Ach dá léifinn giota den chanúint atá ag rialtas an tSaorstáit dóibh, ní
bheadh a fhios acu ó Dhia anuas cad é a bhí ann.
* * * * *
Tá dán eile sa leabhar seo agus bheir sé in mo cheann nathán a chualaigh mé go
minic sa bhaile: nuair a bhíos an tobar lán caithfidh sé cur thairis. Bhí an file seo
lán. D’iompair sé an t-ualach air féin nó gur chruinnigh sé ina chnap os cionn a
chroí. Bhí meáchan an rúin sin á mharbhadh. Lig sé amach é sa deireadh.
‘Ní bhiad níos sia gan a nochtadh,’ a deir sé. Agus ansin thoisigh sé a thonnadh
amach ar theann a dhíchill. Is furas a aithne air féin go raibh doirse druidte,
dúnta ar a chroí le fada. Thig an chaint leis na tonna agus na rabháin. Ach san
am chéanna tá brí agus meáchan in achan fhocal dá n-abair sé, chan ionann sin
agus na rabháin cainte atá sna hAislingí.
Tugas grádh nach féadaim d’fholach
dá folt cochlach, dá rún leasg,53 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 34.
dá malainn chaoil, dá rosg gorm-ghlas,
dá déid shocair, dá gnúis tais.
Tugas fós, gion go n-admhaim,
grádh mar mh’anam dá píp réidh,
dá guth róibhinn, dá béal blasta,
dá hucht sneachtmhar, dá cígh ghéir.54
Agus dá réir sin. Ba doiligh stad a chur leis nó go n-insíodh sé go teann,
dúthrachtach na tréithre a dtug sé grá dóibh. Agus cá bhfuil an té a bheadh ina
dhiaidh air? Ní dhaoraimse thú ach oiread. Imigh leat agus ná peacaigh níos mó.
54 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 32.
NIALL MÓR MAC MUIREADHAIGH55
Ba mhaith an file Niall Mór Mac Muireadhaigh. Ba deas, cruinn, beacht an
dóigh a bhí aige le rud a rá. Agus dálta na bhfilí a mhair lena linn, níor labhair
sé mar mhaithe leis an chaint. Ach labhair sé cionn is go raibh rud inteach aige
le rá. Léigh mé amhrán dá chuid ar na mallaibh agus tá sé chomh maith ina
dhóigh féin le dán ar bith dena mhéid dá dtiocfadh leat a iarraidh i dteangaidh ar
bith.
Tímid ins an dán seo an brón agus an chumhaidh a thig ar dhaoine i lár a gcuid
súgraidh agus ollghardais nuair a smaoiteas siad gur gearr uathu an scarúint.
Atáid dias is tigh-se a-nocht
ar nách ceileann rosg a rún;
gion go bhfuilid béal re béal
is géar géar silleadh a súl.56
Is minic a chualaigh mé sa bhaile líne dá bhfuil san amhrán sin agus bheir sin in
mo cheann gur mór a lán filíochta atá fágtha sa Ghaeltacht go fóill i gcaint na
ndaoine. ‘Ní cheilfidh a rosc a rún’ an líne atá mé a rá. Agus, ar ndóigh, is
achmair an dóigh é le a thabhairt le fios dúinn go ndéan an tsúil go minic scéala
ar an rún ba mhian leis an teangaidh a choinneáil ceilte.
Ach is ar an fhile a tharraing mé an scéal. Ba mhaith leis má bhí an bás i ndán
dó b’fhearr leis a fháil an oíche sin sula dtigeadh an lá.
Dá ndáiltí mo chur i gcroich
is truagh nách í a-nocht a tús.57
Eagla roimh an mhaidin55 An tUltach (Meán Fómhair, 1940) 5.56 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 51.57 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 51.
Cuireann sé dán Béarla in mo cheann fá fhear a d’iarr ar a rúnsearc a theacht
amach leis ar feadh oíche amháin. Agus ba mhaith leis deireadh an tsaoil a
theacht roimh mhaidin. An mhaidin lom, liath, nach orainn a bios an eagla
roimpi! Nach beag is lú orainn ná breacadh na maidine agus an siorradh fuar
gaoithe a bhíos ins an spéir nuair atá pléisiúr na hoíche thart. Nach cosúil í le
gráinnín luaith an áit a raibh tinidh agus bladhaire aigeantach, croíúil uirthi
tamall roimh sin.
Cuinnibh dhúinn an oidhche a-nocht,
truagh gan sinn mar so go brách;
ná léig an mhaidean is-teach
éirigh ‘s cuir a-mach an lá.58
Ba deacair giota filíochta a fháil ní ba simplí ná an giota seo. Shílfeá gur
glórthaí linbh é ar dhóigh amháin agus caint fealsúnaí ar dhóigh eile. Ná lig an
mhaidin isteach!
Éirigh is cuir amach an lá! Ná lig ga nimhneach na maidine isteach fríd an teach
orainn. Bhí muid go súgach, sáimh i rith na hoíche.
Giorra na hoíche
Gheibh duine an smaoiteamh céanna ar dhóigh eile sa dán seo:
Truagh giorra na hoidhche a-réir!
dar liom féin do chonnairc sionn
taidhbhse mná nach bhfacas riamh
táinic ó Shliabh na mBan Fionn.
I n-aonoidhche dhamh im shuan
truagh nár chaitheas fad mo ré,
58 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 52.
sul do bheireadh uaim an lá
néal na mná do chonnairc mé.
Truagh nach é coladh Mo-chaoi,
gan faicsin an laoi go bráth,
mo choladh san oidhche a-réir
‘na bhfaca mé néal na mná.
A mbí idir umha is ór,
idir reullainn fós is grian,
atá idir í is gach bean
dá gcuala mé do theacht riamh.59
Samhailteacha na hóige
Chonaic sé aisling ina chodladh. Ní raibh ann ach néal mná mar a dúirt sé féin.
Taibhse a chum Dia a bhí inti. Bhí sí chomh neamhchosúil leis an chuid eile de
spéirmhná na cruinne agus atá an ghrian agus na réalta Seo an aisling a bíos ag
gach duine tráth dá shaol. Ag smaoiteamh ar neach uasal, álainn atá os cionn an
rud a dtugtar daonnacht air. Samhailteacha na hóige! Bíonn croí agus aigneadh
agus dóchas ag an óige. Bíonn ríocht na bhflaitheas aige ina timpeall. Ach táinig
bánú an lae mar a thig sé i gcónaí Tháinig spéarthaí géara, nimneacha na
maidine. Muscladh as a néal é agus d’imigh an taibhse. Agus ansin bhí sé
buartha nach san uaigh a bhí sé ina chodladh sa chruth is nach dtiocfadh leis a
shúile a fhoscladh ní ba mhó.
Is minic nuair a bíos ualach trom de bhuaireamh an tsaoil ar dhuine a thnúitheas
sé an té atá ina luí go suaimhneach faoi na fóide.
After life’s fiful fever he sleeps well… Nothing can touch him further.60
59 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 61-2.60 Cúpla líne as Macbeth.
Cogadh na gcanúintí
Is furas dúinn a fheiceáil ins na samplaí seo cad é an cineál filíochta atá sa
Ghaeilig. Níor cuireadh mórán suime ins an chuid is fearr di go fóill. Agus tá
riachtanas trom le staidéar a dhéanamh uirthi. Anois tá cuid mhór daoinje ag
caint ar an Ghaeilig a thabhairt ar ais. Agus is iomaí cloch mhór a bheas ins an
bhealach againn nuair a thoiseochaimid ar an obair sin dáiríribh. An chloch is
mó agus is troime atá ins an chasán cloch na gcanúintí. An mhórchuid de na
daoine a chaith an chuid is fearr dá saol ag obair ar son na Gaeilge, seo an rud
amháin a bhí ar a n-intinn: an dóigh ab fhearr le canúint amháin a chur chun
tosaigh agus an ceann eile a chur ar gcúl. Is doiligh do dhaoine ar mhaith leo
teangaidh agus litríocht a dtíre a fhoghlaim, is doiligh dóibh a dhéanamh agus
an mhuintir atá in ainm a bheith á dtreorú ag clamhairt ina measc féin. Agus sin
an scéal céanna nach mbeadh deacair a shocrú. Ní bheadh againn le déanamh
ach a ghabháil go dtí an chanúint is cosúla leis an Ghaeilig atá ins na dánta agus
na scéaltaí agus na hamhráin a cumadh sula raibh ann ach aon chanúint amháin.
SCÉAL CHÚ CHULAINN61
61 An tUltach (Mí na Féile Pádraig, 1940) 3 agus Aibreán, 4, 6.
Ó toisíodh ag iarraidh an Ghaeilig a athbheochadh, ní raibh sí i gcontúirt chomh
mór agus atá sí ar an bhomaite de lá a bhfuilimid ann. Tá an mhuintir a bhfuil sí
acu ag imeacht as an tír agus tá rud eile ag fás aníos chugainn a bhfuil boladh
bréan amach as. An rud seo a dtugann cuid de na daoine Standard air a bhfuil
mé ag caint air. Anois cé is ciontaí leis an ghramscar shalach seo atáthar a
thabhairt dúinn inniu in ionad Gaeilge? Níl ach amaidí an locht go hiomlán a
fhágáil ar rialtas ar bith. Níor fhás an droch-Ghaeilig seo aníos as an talamh an
oíche a thug muintir na hÉireann cúl a gcinn leis an phoblacht. Bhí sí ag fás le
deich mbliana fichead roimhe sin. Is é an leagan amach a bhí ag formhór na
ndaoine a bhí ag foghlaim Gaeilge leis na blianta a d’fhág an scéal mar atá sé
inniu.
Tá locht amháin, agus locht mór é gan bhréig, tá sin ar an chuid is mó de na
daoine a bios ag foghlaim na Gaeilge. Is cuma leo ach rud beag a bheith acu. Ón
uair amháin a bios oiread acu agus go dtig leo a gcomhrá a dhéanamh le chéile
ar dhóigh ar bith, ní miste leo níos mó. Ní thugann siad iarraidh feabhas ar bith
a chur orthu féin. Tá na mílte agus na mílte acu seo ar fud na tíre inniu. Agus
nuair a chastar cainteoir maith orthu agus nach dtuigeann siad é, síleann siad gur
airsean an locht agus nach orthusan.
Anois tá cuid acu seo chomh ramhar san intinn le muic agus níl maith a bheith
ag caint leo. Is mó an meas atá acu ar an phrácás chiotach atá acu féin ná atá acu
ar litríocht na hÉireann. Ach, os a choinne sin, tá daoine eile ann atá i bhfách le
feabhas a chur orthu féin, daoine nach bhfuil eagla orthu roimh an fhírinne,
daoine a chuirfeadh fáilte roimh ghlan-Ghaeilig, is cuma cén cearn a dtig sé as.
Mar mhaithe leo seo atá mé ag scríobh na nótaí seo.
Ar na mallaibh bhí mé ag caint le máistir scoile agus fear a raibh suim mhór
aige i litríocht. Thuig sé an dóigh le litríocht a theagasc do pháistí. Chonaic mé
lá amháin é ag teagasc dráma de chuid Shakespeare do rang nár mhóide go
raibh aon duine acu os cionn dhá bhliain déag d’aois, agus b’iontach an dóigh a
dtáinig leis greim a fháil ar intinn na bpáistí.
Féadaim a rá go raibh oiread feirge orthu le Caesar aon uair amháin agus go
bhfaigheadh siad de chroí miodóg a chur go cuid a ndoirn ann, agus fá cheann
leathuaire eile bhí siad lán chomh rugtha chuig lucht a mharfa nuair a chonaic
siad ina luí go híseal é agus gan neach ar bith ‘bocht go leor le urraim a
thabhairt dó,’ nuair a thaispeáin Marc Antoine an fhallaing dóibh, an brat uasal
sin a chuir sé fána uachtar tráthnóna samhraidh fada ó shin a rug sé buaidh ar
namhaid na Róimhe, nuair a thaispeáin sé na cneácha dóibh agus d’iarr sé
orthusan an scéal a inse. ‘Is méanair do na scoláirí atá faoi do chúram,’ arsa
mise leis. ‘Is mairg nach raibh oide mar thú agamsa in m’óige. Ach anois cad é
fán Ghaeilig? An dteagascann tú litríocht na Gaeilge ar an dóigh chéanna?’
‘Tá mé sa chéad talamh a gcualaigh mé go raibh a leithéid de rud ann,’ ar
seisean. ‘Ní thig liomsa litríocht ar bith a fháil sa Ghaeilig. Na leabharthaí a
cuireadh amach ar na mallaibh, níl sú ná seamhair iontu. Níl fuil ná feoil orthu.
Agus an fhilíocht féin, cad é atá inti ach sreangán aidiacht gan bhrí gan
tairbhe?’
Bhí an fear seo ar oide scoile chomh hintleachtach, géarchúiseach agus a chasfaí
ort i siúl lae agus thuig an dóigh le litríocht a theagasc. AGu ba é an bharúil a
bhí aige nach raibh litríocht ar bith sa Ghaeilig. Ní raibh a fhios aige go raibh
inti scéal ar bith nó dán nó amhrán a bhogfadh an croí ag a chuid scoláir mar a
bhí ins an Bhéarla.
D’inis mé scéal amháin dó mar a chualaigh mé féin ag m’athair é – scéal Chú
Chulainn. Agus nuair a bhí mé réidh leis d’aidmhigh sé go raibh caint chomh
beacht, fírinne chomh cruinn, smaointe chomh domhain, agus pioctúirí chomh
glinn ins an scéal chéanna le rud ar bith dar léigh sé riamh. Agus cad chuige
nach bhfacaigh sé sin roimhe ré? Ar an ábhar go raibh a intinn oilte ar litríocht
an Bhéarla agus nár léir dó áilleacht ar bith nach raibh de réir na múnlaí a raibh
cleachtadh aige orthu. Sin an locht atá ar mórchuid de na daoine a d’fhoghlaim
beagán beag Gaeilge. Leoga, tá an mhórchuid acu agus gan suim acu i litríocht
de chineál ar bith. Naonúr as an deichniúr den dream a bhfuil an chuid is fearr
dá saol caite acu ag coraíocht agus ag streachailt le IS agus TÁ, ní mó ná go
bhfuil a fhios acu gur scríobh Mitchel riamh an Jail Journal. Agus an mhuintir a
bhfuil intinn liteartha féin acu, tá siad cleachtaithe le scéaltaí agus le dántaí agus
le hamhráin a bhfuil cruth agus cuma neamh-Ghaelach orthu, agus níl meas acu
ar rud ar bith nach bhfóireann don mhúnla atá acu féin.
Is deacair a rá go cruinn beacht cad is litríocht ann. Ach ins an am chéanna
d’fhéadfadh duine gan eagla a bheith air a rá gur litríocht caint ar bith a raibh
fírinne agus áilleacht inti. B’fhéidir go bhfuil áilleacht i gcónaí fíor agus fírinne
i gcónaí álainn. Ach is é an rud atá in mo cheann go bhfuil dhá rud i litríocht a
spreagas an croí – mar atá, na smaointe agus an chulaith a bíos orthu.
Anois tá seanfhocal againn i gCeann Dubhrann: d’a mb’ionann ciall don duine
b’ionann dath don éadach.’ Is dóiche nach bhfuil mórán duifir eadar nádúir an
duine i dtír amháin thar thír eile. Tá na mianta agus na claonta céanna againn
uilig. Ach tá culaith ar leith in gach náisiún leis na smaointe sin a chóiriú. Tá
culaith ar leith ag an Ghaeilig ach is beag againn a tíos an áilleacht atá san
éideadh sin cionn is go bhfuilimid cleachtaithe le gréasáin aeracha a tháinig as
tíortha eile.
Bhí nós amháin i gcuid scéaltach agus i gcuid dántaí na Gaeilge arbh fhiú dúinn
staidéar a dhéanamh air. Bhí ní acu ar a dtugann an Piarsach ‘clear, vivid,
unadorned statement.’ Chuireadh siad i gcónaí pioctúir os ár gcoinne le beagán
focal. Cuir i gcás an scéal sin fá Chú Chulainn atá i seanchas na ndaoine ins an
Ghaeltacht. Castar rud mar seo ort: ‘Maidin dheas, ghruama a bhí ann. Bhí sé
chomh ciúin is nach mbogfadh ribe ar do cheann.’ Duine ar bith riamh a thug fá
dear maidin shamhraidh, nuair a bhí an lá i ndiaidh glanadh, sular éirigh an
ghrian agus sula dtáinig an teasbhach, caithfidh sé a rá gur seo againn pioctúir
chomh glinn, soiléir agus a rinneadh riamh le focla. Gruama! Dar leat go
dtearnadh an focal fána choinne. Agus ansin an ciúnas! Ní bhogfadh ribe ar do
cheann. Má dhearcaimid ar na seanscéaltaí mar seo, má chuirimid an fhiacháil
seo orthu – an bhfuil fírinne iontu agus an bhfuil sí insithe go cruinn, beacht i
mbeagán focal gan bun cleite amach ná barr cleite isteach, tífimid go bhfuil
litríocht againn agus go raibh sí ina codladh leis na blianta díobháil nár tuigeadh
í.
DÉITHE BRÉIGE62
I have spoken of the Irish power of clear, vivid, unadorned statement. Some of
you, remembering the rich and royal redundance of a good deal of later Irish
verse, will ask whether clear, vivid, unadorned statement is really an Irish
characteristic. It is. It was an Irish characteristic from the beginning and
remained an Irish characteristic as long as Dán Díreach verse rules, and longer;
for it remains a characteristic of the best of the peasant poetry. The reserve and
severity of the early Irish ‘I am Eve, great Adam’s wife’ are as apparent in the
seventeenth century poem of Keating ‘A Bhean Lán de Stuaim.’ The strength
and brevity of the language here are as striking as the candour and energy of the
thought. Yet Keating was one of those who ushered in the new school in poetry.
Pádraig Mac Piarais
Duine ar bith a tógadh sa Ghaeltacht, tuigfidh sé go maith gur cosúla filíocht na
ndaoine – an chuid is óige di chomh maith leis an chuid is sine – gur cosúla sin
leis an tseanfhilíocht ná le cuid véarsaí na hochtú haoise déag. Na filí a chum na
seandántaí, agus na filí gan iomrá a chum na hamhráin atá anois i measc na
ndaoine sa Ghaeltacht, bhí níos mó ar a n-intinn ná sreangáin d’fhocla binne,
gan mórán brí ná céille, a fhí. Beimid ag caint ar chuid amhrán na Gaeltachta
amach anseo nuair a behas faill againn. Níl agam anois le rá ach go bhfuil cuid
mhór seod sa Ghaeltacht nár cuireadh riamh i gcló. Tá daoine ann a mbeidh
obair acu seo a chreidbheáil. Daoine nach ionann ciall atá acu féin agus agamsa
leis an fhocal ‘Gaeltacht.’ Daoine a bheir Gaeltacht ar áit má dúirt bean leo gur
dhúirt bean léi go gcualaigh sí bean á rá go raibh ‘pé scéal é’ ag seanduine san
áit sin a fuair bás den ocras samhradh na gorta. (Sílim gur ‘July an chabáiste’
atá sna ‘classics’ acu ar an bhliain seo.)
62 An tUltach (Deireadh Fómhair, 1940) 2, 6.
Imeacht an Fhíona agus teacht an Chúir
Má dhearcaimid ar chuid filíochta an Chéitinnigh tífimid gur fíor don Phiarsach
a n-abair sé. Sa chéad chás de rinne an Céitinneach filíocht – agus an chuid ab
fhearr di – sa tseandán. Lena chois sin ba lena linn a cuireadh tús ar scoil eile
filíochta – scoil a thoisigh le ceol agus a rinne strambán de.
Mar shampla den chéad chuid bhéarfaidh mé liom an ceann a dtráchtann an
Piarsach air:
A bhean lán do stuaim,
cuinnibh uaim do lámh;
ní fear gníomha sinn,
cé taoi tinn dár ngrádh.
Féach ar liath dom fholt,
féach mo chorp gan lúth,
féach ar thraoch dom fhuil, -
créad re bhfuil do thnúth?
* * * *
Do chúl craobhach cas,
do rosg glas mar dhrúcht,
do chíoch chruinngheal bhláith,
thairngeas mian gach súl.
Gach gníomh acht gníomh cuirp,
is luighe id chuilt shuain,
do-dhéanainn tred ghrádh,
a bhean lán do stuaim.63
An Abóradh Sagart É?
Deir cuid de na húdair nárbh é an Céitinneach a chum an dán seo cé go bhfuil sé
fágtha air ins na lámhscríbhinní. Sílidh siad nach dtiocfadh le sagart a
mhacasamhail a scríobh. Deir an Piarsach gurb ionann seo is a rá nach dtiocfadh
le sagart a bheith ina chumadóir chomh maith le tuata. Agus, ar ndóigh, is fíor
dó. Is é mo bharúil féin nach gcumfadh aon duine eile é ach sagart. Bhí a fhios
aige nach raibh cead aige roinn a bheith aige léi. San am chéanna bhí croí agus
colann daonna aige. Bhí sé i ngrá léi agus cuimhne aige ar a chuid dualgas san
am chéanna. Agus eadar an dá ghrá seo, bhí mo dhuine bocht á stialladh agus á
strócadh nó go bhfuair an spiorad buaidh ar an cholainn agus gur agair sé í a
lámh a choinneáil uaidh. Ní dóiche go n-abóradh tuata a leithéid sin léi. Ba
dóiche é a rá mar a dúirt file eile:
Nár aifrighidh Dia ná Muire orm é
‘Sé mian mo chroí a bheith leobhtha.
Nach deas, cuimir, achmair, beacht an cuntas a bheir an Céitinneach i mbeagán
focal ar scéimh na mná agus an chumhacht a bhí aici. Do chúl craobhach cas!
Do rosg glas mar dhrúcht! Do chíoch chruinngheal bhláith! Charbh iontas má
chor sí an croí aige agus má chuir sí a chuid fola agus feola fríd a chéile.
Bhí sé ní ba shuaimhní ina intinn agus leagan amach an tsagairt ní b’fhearr aige
agus é ag caint le mnaoi eile, agus ag inse di nach raibh inti ach cré. Bhí athrach
barúla anois aige den chúl chraobhach, chas agus den rosc ghlas mar dhrúcht.
Ní fhuil acht cré id’ chéibh chasta an duailín óir
Nó id’ éadan geal réidh-ghlan ar shnuadh an aoil fós
63 Tomás Ó Rathile, Dánta Grádha (Cork University Press, 1926) 133-4.
Nó i bpéarla do chlaon-rosg mear-chruaidh righin reoidh
Nó id’ chaol-mhala néata mar ruainín róin.64
Tá áilleacht focal ins an dán seo agus lena chois sin uaisleacht smaointe. Ach
ina dhiaidh sin níl sé i (?) ndáiríribh mar a bhí sé sa dán eile. Seo cuid den
fhilíocht a cumadh agus an file ag smaoiteamh ar ghlórthaí cainte agus ar
thuaimeannaí focal. Aithneochaidh tú nach dtig sé ón chroí mar tig na smaointe
atá sa dán díreach. San am chéanna filíocht mhaith é. Ach tí tú múnla úr ag
teacht chugat. Ina dhiaidh sin tháinig an t-am nár smaoitigh lucht dhéanta
véarsaí ar mhórán eile ach tuaimeannaí focal. Agus nuair a tháinig sin d’imigh
an fhilíocht. Duine ar bith nach gcreideann sin tugadh sé iarraidh aistriú a
dhéanamh ar cheann de chuid aislingí aeracha na hochtú haoise déag. Nó
cuireadh sé na haistrithe a rinne Mangan ar véarsaí na haimsire sin i gcomórtas
leis na haistrithe a rinne sé ar ‘Mo Róisín Dubh’ nó ar ‘An Bean Fuair Faill ar
an bhFeart.’ Bhí smaointe filiúnta ag Mangan ins na seandántaí. Chuir sé culaith
dá dhéanamh féin orthu agus rinne díobh filíocht chomh maith agus atá sa
Bhéarla. Ach ins na rudaí eile ní raibh aige ach sreangán focal nó culaith
éadaigh gan colann ar bith fúithi – gan trácht ar anam.
An Tuiseal Gairmeach de ‘Dia’
Ba chóir go mbeadh an méid seo intuigthe. Ach, níl, ar an ábhar gur beag daoine
a raibh an Ghaeilig acu as a leanbaíocht a raibh gléas orthu a gceann a
bhuaireamh le litríocht. Bunús na ndaoine a chaith a saol ag smaoiteamh ar
Ghaeilig, b’éigean dóibh an beagán beag atá acu a fhoghlaim agus ní raibh ar a
n-aird ach focla. Sin galar a lean do Ghaeilgeoirí go dtí an lá a bhfuil inniu ann.
Dá mbíodh siad ar Shliabh Chealbharaí an lá a d’éag ár dTiarna, agus É na
briathra deireanacha a rá i nGaeilig, bheadh siad ag cur ceist ar a chéile cad ba
tuiseal gairmeach den fhocal ‘Dia’ ann.
64 Dán eile leis an Chéitinneach.
Sin an chéad rud a bheir duine againne fá dear ag cruinniú nó ag comhdháil.
Bheir muid fá dear go ndéantar dhá dtrian cainte mar mhaithe le caint. Ach is
furas sin a thuigbheáil nuair a smaoiteochas tú nach mó ná gur bhain Conradh
na Gaeilge riamh leis an teangaidh bheo. Chan ag fáil loicht ar an Chonradh atá
mé. Ach mé ag rá an mhórchuid de na daoine a thug a mbarúil dúinn ar
scríbhinní le deich mbliana fichead, nár thuig siad iad ar an ábhar nár tógadh
leis an teangaidh iad, agus d’fhág sin ag meas focal iad in áit a bheith ag meas
filíochta.
Ar ndóigh, b’fhéidir go mb’fhearr sin féin ná gan rud ar bith a dhéanamh. Ach
mar sin féin cuireadh déithe bréige ar bun ansiúd is anseo. Agus is é an chéad
rud atá le déanamh againne ar fágadh an teangaidh againn mar oidhríocht, na
déithe bréige sin a bhriseadh.
SCRÍBHNEOIRÍ GAEILGE – GO NDEARCA DIA
ORTHU65
Aiste a bhí ar Ultach na Nollag ag Séamas Ó Mórdha66 a chuir i gceann pinn
mé. Nó bhí rún agam le tamall gan an dara focal a scríobh le mo shaol. Ach
thug cúpla focal de chuid Shéamais orm mo rún a bhriseadh. ‘B’fhada a
bhíomar ag súil,’ a deir sé, ‘le leabhar úr, nuacheaptha ó láimh Mháire. Leoga,
ba dóigh lena lán againn gurbh é an dúil gan fháil againn é agus go raibh Máire
ag brath gan ach aistriúchán a thabhairt dúinn feasta.’
Tá a fhios agam gur shíl Séamas agus a lán eile
(1)Go raibh mé ag aistriú liom ar fad agus
(2) gur stad mé den chumraíocht.
Agus cad é eile a shílfeadh sé? Bhí aistriúchán de mo chuid ag teacht amach
bliain i ndiaidh na bliana eile. Agus ní raibh úrscéal na gearrscéaltaí ná rud ar
bith eile le feiceáil. Ní raibh a fhios ag mórán nach raibh mé ach bliain go leith i
gceann an aistriúcháin, agus go raibh cuid de na leabhair sin ocht mbliana ar an
bhealach ó bhí mise réidh leo go dtáinig siad amach. Ní raibh a fhios, ná go
raibh mise ar mo dhícheall ag cumraíocht i rith an ama sin, go dtí gur chaill me
mo dhóchas agus gur stad mé le gan toiseacht arís.
Seo mar a chaith mé le fiche bliain an méid ama a bhí fá réir agam fá choinne
scríobh leabharthach. Thoisigh mé nuair a bhí na Black and Tans ag creach na
hÉireann. Thoisigh mé agus gan aithne ná eolas orm. Agus fiche bliain ina
dhiaidh sin b’éigean domh stad ar an ábhar nach raibh ceannach ar bith ar
leabharthaí Gaeilge. Seo mar a bhí:
1921 Mo Dhá Róisín
65 An tUltach (Eanáir, 1941) 1-2.66 Tá cuntas iomlán ar Shéamas ag Breandán Ó Conaire (eag.) in Aistí ag Iompar Scéil: in Omós do Shéamus P. Ó Mórdha (An Clóchomhar, 2004).
1924 Caisleáin Óir
1925 Micheál Ruadh
1926 Sraith na Craobhruaidhe
1927 Cioth is Dealán
1928 Feara Fáil
1929 Innis Beannach
1930-32 Aistriú
1934 Leabhar Aistí
1935 Thiar i dTír Chonaill
1937 Nuair a Bhí Mé Óg
1938 Leabhar Eile Gearrscéaltaí
1939 Rann na Feirsde
Anois sílim nach n-abóradh duine ar bith gur lig mé mo mhaidí le sruth. Bhí mé
ag gabháil ar aghaidh go maith go dtí 1920. San am sin bhíthear ag éirí fuar i
leabharthaí Gaeilge. An mhuintir a bhí ag ceannach ó tháinig ann dóibh bhí siad
ag éirí tuirseach. Agus ní raibh suim ar bith i léitheoireacht Ghaeilge ag an líne
a tháinig ina ndiaidh. Sháirigh orm foilsitheoir a fháil a ghlacfadh Innis
Beannach. Chaith mé an lámhscríbhinn siar faoin leabaidh agus chuir mé trí
scrios Dé ar chuid mhóir rudaí agus ar chuid mhóir daoine. Agus dúirt mé gur
mhairg nach ‘dtiocfaidís na feara-choin a bhí tamall uainn sa Spáinn.’
1930 Thoisigh mé a dh’aistriú. Ocras a chuir i gceann na hoibre sin mé. Bhí
mé ar an tráigh fholaimh san am. Murab é go raibh ní aistreochainn aon líne
amháin. Ba Shamhain 1930 a thoisigh mé agus stad mé fá Bhealtaine 1932 –
bliain go leith. Ar feadh an ama sin d’aistrigh mé:
La Terre qui Meurt
Captain Blood
Ireland in the French Revolution
The Right of Way
Lisheen
The Queen’s Fillet
Agus ar feadh bliana ina dhiaidh sin bhí mearbhlán in mo cheann agus bhí cruit
orm. Bhí crambaí in mo mhéara agus mé ag cailleadh amharc na súl. Agus bhí
mo chuid Gaeilge briste, brúite, bearnach.
Tamall ina dhiaidh sin fuair mé uchtach agus scríobh mé an dara leabhar. Shiúil
mé thoir is thiar léi. Ach ní raibh gar ann. Tháinig mé chun an bhaile agus
chaith mé an dara lámhscríbhinn faoin leabaidh. Anois duine ar bith a bhfuil dhá
lámhscríbhinn faoin leabaidh aige níl mórán uchtaigh aige toisseacht an tríú
huair. Ach thoisigh mé. Scríobh mé Thiar i dTír Chonaill agus cuireadh i gcló í.
Ansin scríobh mé trí leabharthaí, ceann i ndiaidh an chinn eile. Go dtí go bhfuil
na cúig lámhscríbhinní caite ansin agus ‘gan aoinneach comh bocht is go
mbeadh urraim aige dóbhtha.’
Ní raibh a fhios sin ag Séamas Ó Mórdha. Is beag a raibh a fhios acu, Is beag a
bhfuil a fhios acu gur gairid a bheas duine ar bith ag scríobh Gaeilge. Tá
deireadh leis an obair ach sa bheag – i gCúigeadh Uladh agus i gCúigeadh
Mumhan agus i gCúigeadh Chonnacht. Tá mé á rá seo ar eagla nach bhfuil a
fhios ag na daoine é. B’fhéidir go bhfuil daoine in Éirinn agus go dtabharfadh
siad iarraidh rud inteacht a dhéanamh dá mbeadh a fhios acu go bhfuil staid na
Gaeilge mar atá sí.
Mura gcreide tú mé, scríobh féin leabhar. Cuir i gcás go dtig leat leabhar maith
a scríobh. Nuair a bheas sí réidh agat gabh isteach ag foilsitheoir. Agus seo an
comhrá a bheas agaibh.
Eisean: Cad é atá leat?
Tusa: Ábhar leabhair.
Eisean: Cén rang?
Tusa: Cad é an rang a bhfuil tú ag caint air?
Eisean: Nach leabhar scoile atá leat?
Tusa: Ní hea ach scéal.
EISEAN: Ní thiocfadh liom mo chuid airgid a chur inti. Ní bheadh ceannach
ar bith uirthi. Má scríobhann tú leabhar scoile agus má bhíonn sí fóirstineach
agus Aire an Oideachais - .
TUSA: Scéalaí atá ionam agus ní máistir scoile.
EISEAN: Is mairg nach dtig liom riar duit. Ach ní thig liom leabhar a
ghlacadh nach mbeadh ceannach maith uirthi. Agus níl sin ar leabhar ar bith
anois ach ar leabhar scoile.
Sin anois mar atá gnoithe scríbhneoireachta sa tír seo. Mise atá ag inse na
fírinne. Is agam atá a fhios nó tá fiche bliain caite sa teangmháil agam. B’fhéidir
nach bhfuil Éirinn inleighis. Agus b’fhéidir go bhfuil. Ach má tá, is fearr an
fhírinne a inse fán Ghaeilig chomh luath agus is féidir é. Ní raibh sí riamh i
gcontúirt mar atá sí i láthair na huaire.
THÁINIG SÉ GO RANN NA FEIRSTE67
Tháinig. Agus sin an cliú baile is fearr a fuair Rann na Feirste le céad bliain. Bhí
filí ceoil agus lucht seanchais i Rann na Feirste. Bhí scéalaíocht agus litríocht
ann a thabhaigh cliú dó san am a chuaigh thart. Ach cliú chomh héifeachtach
agus a fuair sé riamh an Sagart Ó Muirí a theacht agus coláiste a dhéanamh ann.
Bheadh a fhios sin agat dá mbeadh an aithne agat ar an tSagart Ó Muirí a bhí
agamsa.
Fágfaidh mé scéal Choláiste Óméith agus an obair a rinne an Sagart Ó Muirí
ansin le hinse ag an mhuintir is fearr eolas air. Rinne sé obair éifeachtach ansin.
Níor fhág sé aon chlúid ná aon chearn sa dúiche a raibh scéal nó amhrán ann
nach dtug sé cuairt air. Ach bhí na seandaoine ag imeacht agus sa deireadh rinne
sé amach an choláiste a athrach go dtí ceantar éigin sa Ghaeltacht áit nach
mbeadh ach Gaeilig le cluinstin ag na scoláirí ó cheann ceann na seachtaine.
Ach cá háit a rachadh sé? Dúirt daoine leis go raibh Tír Chonaill fada fairsing
agus nach mbeadh moill ceantar fóirsteanach a fháil, áit ar bith ó bhruach Loch
Súilí go Gleann Cholm Cille. Ar ndóigh, b’fhíor sin. Ach ní raibh an Sagart Ó
Muirí sásta le Gaeltacht gan tuilleadh lena chois. Gaeltacht a mbeadh filíocht
agus seanchas agus litríocht agus ceol inti a bhí a dhíth air. Gaeltacht den
chineál a bhí in Óméith leithchéad bliain roimhe sin. Cá háit a raibh a leithéid
de cheantar? An raibh sé i dTír Chonaill? An raibh sé in Éirinn. Is iomaí lá a
shiúil an Sagart Ó Muirí amach cladach Chairlinne agus é ag meabhrú go
domhain fána chroí… An bhfuil Gaeltacht ar bith in Éirinn inniu mar a bhí in
Óméith lá den tsaol? Tá neaart Gaeilge i dTír Chonaill, ar ndóigh. Ach an bhfuil
áit ar bith a bhfuil macasamhail Neilí Ní Anluain nó Bean an Dibínigh68 ann, a
raibh míle go leith líne filíochta ar a dteangaidh ag achan duine acu? An bhfuil
dream ar bith a bhfuil déanamh an cheoil ó dhúchas iontu mar a bhí sé ag Clann
67 An tUltach (Meán Fómhair, 1941) 5-6.68 Tá cuntas ag an Dr. Ciarán Ó Duibhín ar an bheirt cháiliúla seo as Óméith ina shuíomh idirlín TOBAR.
Mhic Cuarta a shíolraigh ó aicme an Daill? An bhfuil macasamhail Mrs.
Harrassey69 in áit ar bith eile in Éirinn, an bhean a bhí ag maíomh gaoil ar Art
Mhac Cubhaigh agus a raibh ‘Úirchill an Chreagáin’ aici chomh luath leis an
phaidir?... Dá dtigeadh le duine an saol a chur ar gcúl leithchéad bliain!
Moladh mórán áiteach dó fá choinne coláiste. Ach ní raibh sé sásta le háit ar
bith acu. Sa deireadh d’iarr sé comhairle Sheán Mac Maoláin. Agus mhol Seán
dó a theacht go Rann na Feirste.
Tháinig. Tháinig sé agus sheasaigh sé ar mhullach an Characamáin mar a rinne
Seán ‘ac Grianna dhá chéad bliain roimhe sin. D’amharc sé amach ar bhéal na
Trá Báine agus ar mheilte geala na Maol Fionn. Bhí na caisleáin óir os cionn luí
na gréine agus ar an taoibh eile bhí aoibh ar an Eargal a chuirfeadh maise ar do
shúile cinn. Ach níor leor radharc mara agus sléibhe. Níor leor Gaeilig a bheith
ag muintir an bhaile ó dhuine liath go leanbh. Bhí tuilleadh a dhíth ar an tSagart
Ó Muirí. Bhí ceol agus seanchas agus filíocht agus litríocht a dhíth air. Ach ní
raibh sé i bhfad i Rann na Feirste go bhfuair sé amach go raibh aige an ceantar a
bhí sé a iarraidh. Agus ní raibh seachtain caite aige ar an bhaile go dteachaigh sé
chuig Johnny Shéimisín agus go bhfuair sé áit coláiste uaidh.
Rinne sé halla adhmaid ar ghualainn Chnoc Loch na bhFaoileog agus bhí an
choláiste ar obair aige sa tsamhradh 1926. Ní raibh aige an bhliain sin ach
corradh beag le trí fichid scoláir i ndiaidh cúig chéad a bheith aige in Óméith an
bhliain roimhe sin. Chuirfeadh sin beaguachtach ar dhuine ar bith ach air féin.
Bhí Rann na Feirste scoite. Baile bocht a bhí ann. Ní raibh ann ach tithe beaga
cúnganna. Tá tithe breátha anois ann agus áit lóistín ann ag ocht gcéad daoine.
Bhí go maith agus ní raibh go holc go dtáinig an geimhreadh ina dhiaidh sin.
Maidin amháin sna Faoilligh nuair a d’éirigh muintir Rann na Feirste bhí
géarbhach tréan gaoithe ann. Thoisigh sé a chur air agus i dtrátha an mheán lae
69 Bhailigh Lorcán Ó Muirí cuid mhór amhrán uaithi.
bhí roisteacha gaoithe móire ann. Anall ó na Maola Fionna a bhí an ghaoth agus
ní raibh foscadh dá laghad ag an choláiste. Thoisigh sé a chriongán agus a
ghliúrascnaigh. Ach sheasaigh sí go raibh sé fá uair de luí gréine. Ansin tháinig
snag agus síleadh go raibh croí na doininne briste. Ach ní raibh sí ach ag
déanamh a scíste agus ag cruinniú tuilleadh urraidh. Sa deireadh tháinig aon
séideán amháin, thóg sé an choláiste amach ón dúshraith agus shíob sí ina
smionagar trasna Ghaoth Dobhair í.
Chroith daoine eolacha a gceann agus dúirt siad go raibh a fhios acu gur mar sin
a bheadh an chéad lá de gaoith aniar aduaidh a thiocfadh. Dúirt cuid eile go
raibh deireadh le coláiste Rann na Feirste agus gur ghairid an seal a thug sí. Ach
an mhuintir a dúirt, ní raibh an aithne cheart acu ar an tSagart Ó Muirí. An
samhradh sin a bhí chugainn bhí halla eile déanta i gclóich agus in aol aige agus
é dhá uair chomh mór leis an chéad cheann. Mar a dúirt mé, an mhuintir a rinne
tarngaireacht go raibh deireadh le coláiste Rann na Feirste ní raibh an aithne
cheart acu ar an tSagart Ó Muirí. Da mbeadh a fhios acu go dtáinig sé rith an
bhealaigh as Meiriceá seacht samhradh i ndiaidh a chéile le ceoltaí agus
seanchas Óméith a sciobadh ó bhéal na huaighe, dá mbeadh a fhios sin acu,
bheadh a fhios acu nach gcuirfeadh séideán de ghaoith aniar aduaidh deireadh
lena réam?.
Is maith mo chuimhne ar an lá a foscladh an choláiste an dara bliain. Bhí muid
uilig ag caint ar ndóigh. Níor dhúirt an Sagart Ó Muirí ach cúpla focal. Ach níl
aon lá go dté mé i dtalamh nach mbeidh cuimhne agam ar a chuid cainte. ‘Shiab
an ghaoth mhór an teach a bhí anuraidh againn,’ ar seisean, ‘agus síobfaidh mé
féin an teach seo mura raibh an choláiste ag cur le mo dhearcadh.’ Thost sé
tamall beag agus d’amharc achan duine air. ‘Shiabfainn,’ ar seisean. ‘Chuirfinn
bairille púdair faoin dúshraith aici ar béal maidine dá measainn go mbeadh sí
ina cúis le Béarla a thabhairt go Rann na Feirste.’
Chaith mé seal bliantach ag obair i gcuideachta an tsagairt Uí Mhuirí i Rann na
Feirste agus ba iad sin na blianta ab fhearr de mo shaol. Chan moladh mairbh
atá mé a dhéanamh air. Is annamh lá nach n-abóradh sé rud inteacht a bhéarfadh
le fios dúinn go raibh grá aige d’Éirinn nach raibh ag mórán eile. Is doiligh
dúinne an grá tíre sin a thuigbheáil. Táimid rófhada faoi smacht. Chuaigh oideas
gallda go smir ins an chuid is fearr againn. Tá ‘saighead leathan’ na Sasana
greanta ar ár gcroí agus ar ár n-anam. Thuig mé féin din nuair a chuaigh mé
chun na Fraince. Bhí rud inteacht san aer a bhéarfadh le fios duit cad é rud grá
tíre agus nach raibh ionat féin ach sclábhaí. Bhí an dearecadh céanna ag an
tSagart Ó Muirí ar Éirinn a bhí ag cineadh ar bith a bhí saor ó smacht.
Éireannach a bhí ann agus níor náire leis é. Bhí bród air as Éirinn agus grá as
cuimse aige di.
Agus lena chois sin bhí fuath na namhad aige ar an Bhéarla agus ar Shasain
agus ar a cuid nósaí agus béasaí. Bhí oiread fuath agus gráin aige ar phór
Chlann Bhulaidh agus a bhí ag Art Mac Cubhaigh nó ag Séamas Mac
Murchaidh an lá ba tréamanta a bhí siad.
Bhí sé Domhnach amháin sa choláiste agus nuair a bhí an t-aifreann léite aige
thiontaigh sé thart agus thoisigh sé a thabhairt achasáin don phobal as gan a
bheith ag éisteacht an aifrínn mar ba cheart. Tá sé marbh: is mairg a chuirfeadh
bréag air. ‘Thig cuid agaibh chun aifrinn,’ ar seisean, ‘agus gan coróin Mhuire
ná leabhar urnaí libh. Agus, rud is measa ná sin, cuid eile agaibh a bhfuil
leabharthaí urnaí Béarla agaibh.’ Sin ansin a dhearcadh agat i gcupla focal.
Bhí Éirinn agus an Ghaeilig agus an creideamh fite fuaite dá chéile aige. Bhí an
Béarla agus máthair an Bhéarla ina namhaid ag an tír agus ag an teangaidh agus
ag an chreideamh sin. Agus, a Dhia, nach aige a bhí an dearcadh ceart!
Tá sé marbh anois. Agus is doiligh dúinn a thuigbheáil go fóill go bhfuil. Sílim
féin gur ceart domh a fheiceáil ag gabháil síos go Poll an Stuirín a shnámh ar
maidin. Sílim gur ceart domh a fheiceáil tráthnóna agus píopa mór aige a
choinneochadh unsa tobaca agus é ag comhrá le seanduine de chuid an bhaile.
Tugadh uainn é nuair ba chruaidhe a bhí sé a dhíobháil orainn. Scairteadh air
agus b’éigean dó imeacht. B’éigean dó imeacht agus ár bhfágáil ar an tseachrán,
gan ceann feadhna ar bith le ár dtreorú agus misneach agus dóchas a thabhairt
dúinn.
D’imigh sé uainn agus ní fheicfimid choíche arís ar an tsaol seo é. Ní fheicfimid
ag teacht aníos béal an Characamáin tráthnóna é. Ní chluinfimid a ghlór breá,
fearúil go brách. Ach tá lorg a láimhe i Rann na Feirste agus beidh a fhad is a
bheas cónaí ar an bhaile. Tá dhá choláiste ann agus áit snámha agus tithe
breátha. An té a d’imeochadh as Rann na Feirste tá fiche bliain ó shin agus a
thiocfadh ar ais anois, ní aithneochadh sé an baile. Gan bhréig gan áibhéil thug
an Sagart Ó Muirí fad saoil do bhaile Rann na Feirste.
Tá daoine ag rá gur chóir leacht a thógáil ina chuimhne. Ba chóir ar ndóigh.
Ach ní féidir leacht a thógáil a bheas mór go leor le a bheith ina mhiosúr cheart
ar an éifeacht a bhí sa tSagart Ghaelach seo. Ach ba chóir dúinn rud eile a
dhéanamh ina chuimhne. Ba chóir dúinn ceist a chur orainn féin. An bhfuilimid
dáiríribh inár gcuid mairgní nó an ag caoineadh an mharbhánaigh atáimid cionn
is go measaimid gur chóir a leithéid a dhéanamh as gnás? An bhfuil an
creideamh agus an dóchas againn a bhí ag an tSagart Ó Muirí? An gcreidimid
mar a chreid seisean nár ordaigh Dia ‘Sacsa nua darb ainm Éire?’ An
gcreidimid gur cheart don tír a bheith saor ó smacht gall? An bhfuil dóchas
againn mar a bhí ag an tSagart Ó Muirí nár ordaigh an Cruthaitheoir Inis na
Naomh agus na laoch agus na bhfileadh a bheith ina ionad cónaithe ag
sclábhaithe a thréig a ndúchas? An bhfuil an fuath againn ar an Bhéarla a bhí
aigesean? An dtuigimid mar a thuig seisean gurb é an ainnise a d’fhág againn
féin é mar Bhéarla? Gur comhartha sclábhaíochta orainn é. Gur mór an náire
shaolta dúinn é. Gur cheart dúinn fuath agus gráin a bheith againn air agus ar
achan rud a mbaineann leis. Má tá sin tuigthe mar is ceart againn tógfaimid
leacht is buaine ná leacht cloiche i gcuimhne an tSagairt Uí Mhuirí.
Dhéanfaimid aon iarracht amháin eile leanstan den obair a bhí eadar lámha aige.
Tá dúil agam gur geal a lóistín inniu. Nó ba bheag a bhí cosúil leis. Ní raibh aon
duine.
COSNAMH THARASCON70
Buíochas do Dhia, tá scéala agam fá Tharascon fá dheireadh. Le cúig mhí bhí
mé iontach imníoch. Bhí mé eolach ar mhuintir an bhaile seo agus fios agam go
raibh siad riamh bródúil as a ngaisciúlacht. Agus is iomaí uair le cúig mhí a
chuir mé ceist orm féin cad é a rinne muintir Tharascon le linn na teangmhála
seo? Ar léim siad go borb sa mhuineál ar an namhaid? Ar réabadh na tithe os a
gcionn mar a rinneadh le muintir Strasbourg? An bhfuair siad bás den ocras mar
a fuair muintir Pharis? Nó ar shiab siad féin an baile sa spéir mar a rinne muintir
Laon?...
Níor tharlaigh a dhath den chineál, a chairde. Níor dóigheadh Tarascon agus
níor leagadh é. Tá sé ansin go fóill mar a bhí sé. Ina bhaile shocair,
shuaimhneach. Crainn ag fás ar na himill aige. Dealramh na gréine ar na
sráideannaí agus garrantacha galánta fá thortha is fá bhláth ar dhá thaoibh na
habhanna.
Ach ina dhiaidh sin ná síl nach dtearn muintir an bhaile seo rud ar bith in aimsir
an chogaidh. Is iad féin a rinne. Agus sin ábhar mo scéil.
Ar feadh tamaill ar tús níor shamhail bunadh Tharascon go raibh baint ar bith
acu féin leis an chogadh ná aige leo. Níorbh iad saighdiúirí a ndúiche a bhí sa
teangmháil; ach saighdiúirí an Impire. Ach thug briseadh Sedan athrach barúla
dóibh. Bhí na Gearmánaigh ag tarraingt ar Pharis. Agus mhuscail muintir
Tharascon. Thuig siad gur cogadh náisiúnta a bhí ann a raibh a gcinniúint i
ngeall air.
An chéad rud a rinne siad na buíontaí ceoil a thabhairt amach go dtí nach
gcluinfí a dhath ach ceol i rith an lae ó mhaidin go hoíche. Ansin bhí amhrán
70 An tUltach (Iúil/Lúnasa, 1944) 1-2. Ní fhéadfaí a mhaíomh gur dlúthaistriú ar an leagan Fraincise atá i gceist anseo. Féachann Máire anseo le haistriú de réir nós scéalaíochta na Gaeilge a sholáthar.
acu a raibh spiorad iontach ann: Sauvons la France. Ní raibh as béal gach aon
duine ach é.
Ina dhiaidh sin chuir siad cumann ar bun a chruinneochadh airgead a rachadh ar
sochar don méid d’fheara an bhaile a loitfí sa troid nuair a thiocfadh lá na
bruíne. Tífeá an t-aos óg ag siúl na sráideann, ó dhoras go doras, agus cultacha
aeracha orthu, eadar bhuachaillí agus chailíní. Ansin léirigh siad dráma amuigh
ar an Esplanade, Francois 1, rí Francach ag troid i gCath Phavie. Fuair siad an t-
éideadh ar iasacht ó amharclainn Mharseille. Agus nuair a tháinig siad amach
faoi iomlán airm agus éididh, idir órshnáithe is chleiteacha is ribíní, chuir siad
iomlán mhuintir an bhaile sa chéill ab aigeantaí.
Bhí siad mar a rachadh an cogadh ina gceann dóibh. Ní raibh a n-umhail ar a
dhath eile. Ní labhradh siad ar a dhath eile. Bhí dreach fiata feargach ar gach
aon fhear, mar a bheadh a namhaid os a choinne. Bhí boladh púdair as a
gcomhrá agus bhí faobhar baignéid ar a ngnúis. Ach tá tú ag caint! Dá mbeifeá
sa chaife ar maidin agus scaifte de na loachraí seo ag déanamh a gcodach! Ní
raibh ann ag an iomlán acu ach: ‘Cad é an diabhal atá ag teacht ar mhuintir
Pharis? Nach iad na cladhairí gan mhaith iad féin is a gceannfort. Cad chuige
nach ndéan siad sortie? Fada go bhfaighfí an fhaill dá mba abhus anseo i
dTarascon. Bheadh na Gearmánaigh scabtha soir siar againn fada riamh ó shin.’
Ins an am seo bhí muintir Pharis ag fáil bháis den ocras. Ach bhí neart le hithe is
le hól ag muintir Tharascon. Feoil is fíon go dtí an dá shúil orthu. Agus iad ag
rá: ‘Cad chuige nach ndéan saighdiúirí Pharis sortie?’
Ach bhí na Gearmánaigh ag teacht ní ba deise de bhaile lá i ndiaidh an lae eile.
Bhí Dijon bainte amach. Bhí Lyon i gcontúirt. ‘Cuirimis eagar is ordú
cosantaorainn féin,’ arsa bunadh Tharascon. Agus thoisigh an t-iomlán acu a
dh’obair ar a gcruaidh-dhícheall. Ní tháinig seachtain go dtí go raibh an baile
ina dhaingean cosanta acu. Bhí comlacha iarainn ar na fuinneogaí. Trinsí thart
ar an bhaile agus droichid réidh le leagan. Ní chluinfeá a dhath ar do chluasa
ach caint mar seo: ‘Más anall an bealach sin a thig siad ní thiocfaidh aon fhear
beo acu trasna an droichid. Má thig siad an bealach uachtarach dhéanfaimid
ródach orthu eadar an abhainn agus balla na reilige.’….. Bhí oiread cosanta
déanta is a bhéarfadh ar an namhaid gan a ndeifre a bheith orthu ag ionsaí
Tharascon!
San am chéanna cuireadh ar bun complachtaí francs-tireurs. Bhí na scórthaí acu
ann: Fréres de la Mort, Chacals du Narbonnais, Espingoliers du Rhone, agus go
leor eile. Bhí éideadh dóibh féin ar gach slua. Cultacha glasa ar chuid; cultacha
gorma ar chuid eile. Cuid a raibh cleite coiligh ina hata, agus cuid a raibh crios
leathan thar a gcom. Lig an uile fhear riamh acu don fhéasóig fás, sa chruth is
go mbeadh dreach fiata dolba orthu. Agus, ar m’anam, go gcuirfeadh fear acu
eagla ort, agus san am chéanna fios agat nach raibh ann ach do chomharsa bhéal
dorais. Chonaic tú chugat fear atá faoi iomlán airm, eadar ghunna is bhaignéid
is chlaíomh. Agus chuir sé eagla ort, cé go raibh a fhios agat nach raibh ann ach
an búisteoir ar cheannaigh tú saill mhuice uaidh roimh chúpla uair roimhe sin.
Agus an chuid is iontaí den scéal, ba é an deireadh a bhí air go raibh gach aon
duine de mhuintir an bhaile ag scanrú roimh an duine eile, bhí cuma chomh
fiata sin ar an iomlán acu. Bhí daoine go leor nach ligfeadh an eagla dóibh a
ghabháil taobh amuigh de dhoras.
Ach i gceann na haimsire d’fhógair an rialtas go gcaithfí garda náisiúnta a chur
ar bun i ngach baile. Chomh luath is a tháinig an t-ordú seo, chuaigh slóite
Tharascon, an t-iomlán léir acu in aon díorma amháin agus an General Bravida
mar cheannfort orthu. Ach ní raibh sin ag cur le hordú an rialtais. Bhí siadsan ag
iarraidh fir gach aon bhaile a rann ina ndá chuid. Cuid acu leis an bhaile a
chosnamh agus an chuid eile le a ghabháil chun an chogaidh am ar bith agus áit
ar bith a dtiocfadh scairt orthui. B’éigean, ar ndóigh, géillstin don ordú seo.
An chuid acu a dtáinig sé ar a gcrann fanacht sa bhaile ní raibh mórán le
déanamh acu ina dhiaidh seo. Bhíodh siad ar garda gach aon lá ar ndóigh ach
nach raibh a dhath le gardáil acu. Bhí saol beag uaigneach go leor acu nó ní
raibh aon duine ag cur sonraithe iontu. Ach an mhuintir a bhí ag déanamh réidh
le himeacht! Bhíodh siad gach aon lá amuigh ag druileáil agus mná an bhaile
cruinn ag amharc orthu. Ach níor mhair seo ach tamall. I gceann cúpla mí
héiríodh tuirseach ag amharc orthu agus stadadh de chur sonraithe iontu.
Sa deireadh d’éirigh na fir iad féin tuirseach den dóigh a bhí orthu. Agus dúirt
siad go gcaithfí cead siúil a thabhairt dóibh. ‘Táimid tuirseach den chur i gcéill
seo,’ ar siadsan. ‘Ag ligean orainn féin go bhfuilimid i ndeabhaidh le ár
namhaid is ár gcuid gunnaí aimsithe ar chlocha is ar chrainn againn. Ligtear
amach sinn go dtroidimid mar is ceart. Agus ná coinníthear anseo níos faide
sinn fá léan is fá bhriseadh croí ag cur i gcéill gur saighdiúirí sinn agus lucht
bailteach eile amuigh ag fáil bháis ar shon na Fraince.’
‘Ligfear chun siúil sibh,’ arsa an ceannfort, ‘nó mura ligtear, beidh mise ag caint
le lucht an rialtais.’ Agus chuaigh sé caol díreach chuig maor an bhaile mhóir.
‘Caithfidh mise fanacht go bhfaighe mé ordú,’ arsa an maor. ‘Sin gnoithe an
Phréfecture.’
‘Maith go leor,’ arsa Bravida, ‘rachaidh mise chuig an Préfet. Tá na fir ag éirí
tuirseach, mar a deir siad féin, ag cur i gcéill go bhfuil siad ag saighdiúireacht.’
Agus d’imigh sé agus níor stad go raibh sé ag an Phréfet i Marseille. Agus
Thoisigh sé a dh’inse dó.
Ach níor ligeadh i bhfad ar aghaidh é gur cuireadh cosc leis.
????????????????
Thug an ceannfort aghaidh ar an bhaile agus bí cinnte go raibh sé tromchroíoch.
Ach tá scéal eile le hinse againn. Chaith muintir an bhaile an lá sin ag déanamh
réidh fleá is féasta le honóir do na laochraí a bhí ag imeacht chun an chogaidh i
gceann chupla lá. Nuair a tháinig an ceannfort ar ais tráthnóna dúirt sé nach
raibh gnoithe ar bith le fleá acu. Nach raibh fear ar bith ag imeacht. Go raibh an
t-iomlán acu ag fanacht sa bhaile agus gurbh é sin an rud a bhí in aice lena dtoil.
Ach ní thug aon duine aird air. Bhí an bia agus an deoch ceannaithe agus ní
raibh ach amaidí a ligean amú.
Tráthnóna Dé Domhnaigh bhí an t-iomlán acu cruinn i halla an bhaile mhóir.
Agus d’ól siad is cheol siad gur bhris ball bán ar an lá ar maidin an lá arna
mhárach. Rinne an maor óráid agus chuir sé a mhíle beannacht leis na laochraí a
bhí ag gabháil amach a thabhairt tarrthála ar an Fhrainc nuair a bhí sí i
ngéibheann. Bhí a fhios sin fosta ag an mhuintir a thug freagar air. Ach mar sin
féin bhí tocht ar gach aon duine. Bhí an mhórchuid acu ag gol nuair a bhí siad
ag croitheadh lámh leis na fir a bhí ag gabháil chun teangmhála. Agus ba é an
deireadh a bhí air go raibh an t-iomlán léir acu dáiríribh.
Is iomaí uair a thug mé sin fá dear – an dóigh a n-éiríonn le muintir an Deiscirt
dallamullóg a chur orthu féin.
M'UNCAL JULES71
D'iarr seanduine beag liath déirce orainn. Thug mo chomrádaí Joseph
Davranche cúig franc dó. Chuir sin iontas orm féin. Thoisigh mo chomrádaí
agus d'inis sé scéal.
Chuir an féar bocht sin i gcuimhne domh, ar seisean, scéal nach dtig liom a
ligean chun dearmaid.
B'as Le Havre mo mhuintir agus ní raibh mórán de shaibhreas an tsaoil acu.
Triúr de theaghlach a bhí muid ann, mé féin agus mo bheirt deirfiúrach.
Bhí mo mháthair faoi imní cionn is nach raibh gléas beo ní b'fhearr orainn.
Agus is iomaí uair a labhair sí go searbh le m'athair, ag cur síos dó nach raibh
maith ann agus go raibh sé ag ligean a mhaidí le sruth. Ní thugadh an duine
bocht freagar ar bith uirthi. Ní dhéanfaidh sé ach a lámh a chumailt de chlár a
éadain mar a bheadh sé ag triomú an allais de féin. Bhí an t-iomlán againn faoi
imní ag an dóigh a bhí orainn, agus sinn ar ár ndícheall ag iarraidh a bheith beo
ar chomh beag is a thiocfadh linn, ag ithe an chuid ba saoire den bhia agus ag
caitheamh an chuid ba saoire den éadach. Is minic a tógadh racán orm as mo
bhríste a strócadh nó cnaipe a scothadh.
Ach má bhí muid bocht féin bhí muid ag iarraidh a chur in iúl don chomharsain
nach raibh. Nuair a thigeadh an Domhnach théimis amach a shiúl, agus an t-
iomlán againn cóirithe ins an éideadh ab fhearr a bhí againn. Shiúlaimis síos an
chéidh agus ar ais arís. Bhíodh an bheirt chailín ar toiseach. Bhí aois a bpósta
acu san am agus ba mhaith le mo mhuintir a dtabhairt amach go bhfeicfí iad.
Bhíodh an triúr eile againn ag siúl ina ndiaidh, mo mháthair i lár báire eadar
mise is m'athair. Agus tá cuimhne agam go fóill ar an chuma aerach a bhí siad a
71 An tUltach (Márta 1946, 6, Aibreán, 7). Anseo arís, ní fhéadfaí a mhaíomh go gcloíonn Máire go dlúth leis an bhuntéacs.
chur orthu féin mar a bheadh siad ag iarraidh a chur in iúl don tsaol go raibh
siad ar an neamhacra.
Agus nuair a nochtadh soitheach mór amuigh ag bun na spéire, ar an bhealach
chun an bhaile as tír choimhthígh, d’amharcadh m’athair amach agus deireadh
sé:
‘Dá mbeadh Jules ar an loing sin! Agus cé aige a bhfuil a fhios nach bhfuil?’
Deartháir do m’athair a bhí ann, mar Jules, agus ní raibh fágtha againn ach é
mar ábhar dóchais. Chuala mé iad ag caint air sa bhaile ó tháinig ciall nó
cuimhne chugam. Chuala mé an oiread sin cainte air agus go raibh mé ag
déanamh go n-aithneochainn é dá gcasfaí orm é.
Fear drabhlásach a bhí san uncal seo nuair a bhí sé óg. Bhí dornán maith airgid
aige agus chaith sé an t-iomlán de, agus cuid a mhuintire lena chois. Sa deireadh
héiríodh tuirseach de sa bhaile agus cuireadh go Meiriceá é.
Ní raibh sé i bhfad thall gur athraigh sé béasaí agus gur thoisigh sé a shaothrú a
bheatha go hionraice, má b’fhíor na litreacha a bhí ag teacht uaidh. Bhí siopa
aige agus é ag cur beagán airgid i dtaiscidh ó lá go lá. Sa deireadh scríobh sé
chuig m’athair agus dúirt sé leis go raibh sé ag súil fada gairid amuigh é, go
dtiocfadh an lá a mbeadh sé ábalta cúiteamh a thabhairt dó ins an méid dá chuid
airgid a chuir sé amú air. Chui an litir seo lúcháir as cuimse ar mo mhuintir.
Rinneadh dearmad de na lochtaí a bhí ar Jules le linn a óige. Bhí sé le hairgead a
chur chugainn. Thógfadh sé sinn as an bhoichtíneacht. Duine breá a bhí ann.
Duine ionraice, dea-chroíoch a bhí ann. Ach nach mar sin ba cheart dó a bheith?
Nach raibh sé sa dúchas aige?
Chuala muid tamall ina dhiaidh sin ó fhear a tháinig anall go raibh siopa mór
aige agus an saol ag éirí leis. Ansin tháinig an dara litir.
‘A Philib, a chroí,’ ar seisean sa litir, ‘tá sláinte mhaith agam agus tá an saol ag
éirí liom. Tá mé ag imeacht amárach go Meiriceá theas. B’fhéidir nach
bhfaighfeá an dara scéala uaim go ceann chúpla bliain. Ach ná cuireadh sin imní
ar bith ort. Nuair a rachas mé chun an bhaile beidh neart airgid liom – oiread is
a dhéanfas daoine uaisle den iomlán againn. Tá súil agam nach mbaineann sé
mórán bliantach asam. Agus ansin caithfimid an saol go séanmhar i gcuideachta
a chéile.’
Bhí an litir seo mar shoiscéal ag an teaghlach. Bhíthear i gcónaí á léamh, i
gcónaí ag caint uirthi agus á taispeáint do gach aon duine dá dtiocfadh chun an
tí.
Chuaigh deich mbliana thart agus ní tháinig an dara litir ón uncal. Ach is é rud a
bhí m’athair ag fáil dóchais in áit a bheith á chailleadh de réir mar a bhí na
blianta á gcaitheamh. Agus deireadh m’athair corruair: ‘Nuair a thiocfas Jules,
bhéarfaidh sé an tsúil aniar againn.’
Agus gach aon Domhnach nuair a tíodh m’athair long ag nochtadh chuige
isteach ó bhun na spéire, deireadh sé: ‘Nár dheas dá mbeadh Jules ar an loing
sin! Agus cé aige a bhfuil a fhios nach bhfuil?’ Agus bhí muid ag feitheamh
chomh cruaidh sin leis is go samhailtí dúinn amannaí go raibh muid ag amharc
air ina sheasamh ar bord agus é ag scairtigh isteach linn.
Agus na rudaí a bhí rún againn a dhéanamh nuair a thiocfadh an t-uncal agus an
t-airgead leis! Bhí a shúil ag m’athair ar theach dheas taobh amuigh d’imeall an
bhaile mhóir. Agus ní abórainn nach raibh sé fá mhargadh leis an fhear ar leis é.
Bhí an bhean ba sine de na deirfiúracha i gceann a hocht mblian fichead an t-am
seo agus í gan phósadh. Sa deireadh tháinig fear agus d’iarr sé í. Fear nach raibh
aige ach a lá oibre. Tá mé ag déanamh gur thaispeáin m’athair litir Jules dó agus
gur chuir sin deifre leis an chleamhnas.
Pósadh an lánúin agus rinneadh amach nuair a bheadh an bhainis thart go
rachadh an t-iomlán againn go hoileán Jersey ar saoire.
Tháinig an lá agus d’imigh muid. Lá breá samhraidh a bhí ann. Chuaigh muid ar
bord agus níorbh fhada go raibh muid faoi shiúl. Bhí lúcháir an domhain ar an
iomlán againn mar a bios ar an té nach bhfágann an baile ach go hannamh.
Bhí m;athair ina sheasamh ar bord agus aoibh bhreá air. Bhí sé ag breathnú gach
aon rud. Sa deireadh chonaic sé beirt de mhná galánta agus iad ag ithe oisrí. Ag
seanduine bratógach a bhí na hoisrí á ndíol agus é á bhfoscladh le scin don
mhuintir a bhí á gceannach. Dar le m’athair gur cheart don bhantracht s’aige
féin a bheith ag ithe oisrí fosta agus tháinig sé a fhad le mo mháthair.
‘An íosfadh sibh cúpla oisre?’ ar seisean.
Dúirt mo mháthair go raibh eagla uirthi go gcuirfeadh siad tinneas farraige
uirthi, ach go mb’fhéidir go n-íosfadh na mná óga iad. ‘I dtaca le Joseph de,’ ar
sise, ‘níl gnoithe aige leo. Níl ach amaidí daoine óga a mhilleadh.’
Chuaigh m’athair agus a bheirt níonach síos chuig an tseanfhear bhratógach a
bhí ag díol na n-oisrí. Bhí sé ag inse do na cailíní an dóigh cheart lena n-ithe,
cosúil leis na huaisle. Ach le sin féin, thiontaigh sé thart go tobann agus tháinig
dath geal, bán san aghaidh air. Ar a theacht a fhad linn dó, bhí crith ar a ghlór.
‘Is iontach an rud é,’ ar seisean, ‘ach tá fear na n-oisrí iontach cosúil le Jules.’
‘Cén Jules?’ arsa mo mháthair.
‘Mo dheartháir, ar ndóigh,’ arsa m’athair. ‘Murab é go bhfuil a fhios agam go
bhfuil sé i Meiriceá agus neart airgid aige, shílfinn gurb é sin thíos é.’
‘Agus,’ arsa mo mháthair, ‘má tá tú cinnte nach é atá ann, cad chuige a bhfuil sé
ag cur imní ort?’
‘Bhal, gabh féin síos go bhfeice tú,’ arsa m’athair.
Chuaigh mo mháthair síos go dtí an áit a raibh an seanduine bratógach ag díol
na n-oisrí. Dhruid mé féin in aice fosta. Seanfhear salach, bratógach a bhí ann a
raibh aghaidh roicneach air.
Ar philleadh ar ais do mo mháthair, bhí sí ar crith. ‘Tá mé ag déanamh gurb é
atá ann,’ ar seisean le m’athair. ‘Ba cheart duit ceist a chur ar an chaiftín. Bí
faichilleach anois nó níor mhaith an rud go bhfaighfí amach go bhfuil gaol ar
bith aige dúinn más é atá ann.’
Chuaigh m’athair chun comhráidh leis an chaiftín agus mé féin leis.
Fear cainteach a bhí sa chaiftín. Thoisigh m’athair a chur ceist air fá na
háiteacha a shiúil sé. Sa deireadh tarraingíodh an comhrá ar an tsoitheach a bhí
linn, ar a méid agus a siúl, agus sa deireadh an fhoireann a bhí uirthi.
‘Tá seanduine ansin agat ag scileadh oisrí,’ arsa m’athair, ‘agus tá cuma aistíoch
air.’
‘Sin,’ arsa an caiftín, ‘ruagaire reatha a fuair mé i Meiriceá anuraidh. Agus thug
mé liom é. As Le Havre a mhuintir ach ní maith leis aghaidh athabhairt ar an
bhaile agus gan aon phingin aige. Jules is ainm dó. Jules Darmanche, nó
Darvanche, nó ainm inteacht mar sin. Deirtear gur fear saibhir a bhí ann lá den
tsaol. Ach an bhfeiceann tú an bhail atá ar an duine?’
Tháinig m’athair ar ais ionsar mo mháthair agus dreach scáfar air. ‘Is é atá ann
gan bhréig,’ ar seisean. ‘Cad é a dhéanfaimid ar chor ar bith?’
‘Abair leis na cailíní a theacht aníos,’ arsa mo mháthair liom féin. ‘Agus ó
tharla go bhfuil fios a scéil agatsa, gabh síos agus tabhair luach na n-oisrí dó.’
Agus thug sí cúig franc domh.
Chuaigh mé féin a fhad leis an tseanduine. ‘Cá mhéad luach na n-oisrí?’ arsa
mise. Agus d’fhobair gur dhúirt mé ‘a uncail.’
‘2fr. 50,’ ar seisean.
Thug mé féin an t-airgead dó agus nuair a shín sé an briseadh chugam, thug mé
fá dear dó fána choinne féin, rud a chuir iontas ar mo bheirt deirfiúrach. Ní
raibh a fhios acu cad chuige a raibh mé chomh fial sin.
‘Go méadaí Dia do stór,’ arsa an duine bocht go díreach mar a déarfadh bacach
ar bith a gheobhadh déirce.
Nuair a tháinig mé ar ais chuí mo mháthair agus an briseadh liom, chuir sí ceist
orm ar chosain na hoisrí an méid sin. Dúirt mé féin go dtug mé an franc eile
uaim mar shínteanas.
‘A amadáin bhoicht,’ arsa mo mháthair. ‘Franc iomlán a thabhairt don
bhithiúnach bhradach sin.’
Déarfadh sí tuilleadh ach d’amharc m’athair uirthi agus rinne sé comhartha ag
inse di go raibh an chliamhain ag teacht fá fhad éisteachta dúinn.
Ansin thost achan duine. Amuigh os ár gcoinne roimh thoiseach na loinge nocht
mar a bheadh néal dorcha ag bun na spéire. Oileán Jersey a bhí ann. Tháinig an
soitheach ní ba deise don oileán. Sa deireadh tháinig sí isteach gur shín sí í féin
má bhí aon duine riamh ann.72
Bhéarfainn rud cothrom ar bith ar aon amharc amháin eile a fháil ar m’uncal. Ba
mhaith liom a ghabháil chuige agus m’aithne a ligean a fhad leis agus labhairt
leis go cineálta carthanach.
Ach ní raibh sé le feiceáil thíos ná thuas. Ní raibh aon duine ag ithe oisrí an t-am
seo, agus nuair nach raibh, ní raibh gnoithe leis. Agus bhí sé thíos ar íochtar, is
dóiche, cá bith áit fá sin a raibh plochóg aige dó féin.
72 Sic.