rogha haiku tanka · rogha haiku & tanka k. ramesh dazzling haiku and tanka from the pen of...
Post on 20-Apr-2020
12 Views
Preview:
TRANSCRIPT
Rogha Haiku &
Tanka
K. Ramesh
Dazzling haiku and tanka from the pen of renowned Indian haikuist K. Ramesh translated into Irish by Gabriel Rosenstock
In eagar ag Mícheál Ó hAodha
5TO50 BOOKS
5TO50
Ro
gh
a Ha
iku &
Ta
nk
aK
. Ra
mesh
K. Ramesh
ORIGINAL WRITING
Rogha Haiku &
Tanka
K. Ramesh
Dazzling haiku and tanka from the pen of renowned Indian haikuist K. Ramesh translated into Irish by
Gabriel Rosenstock
In eagar ag Mícheál Ó hAodha
iii
K. Ramesh
Front cover image courtesy of Ron Rosenstock –www.ronrosenstock.com
Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge
In eagar ag Mícheál Ó hAodha
Foilsíodh cuid dá bhfuil anseo cheanasa leabhar Soap Bubbles (red moon press 2007)
Foilsíodh cuid de na tanka ar Lynx, American Tanka agus Wisteria.
ISBNs
ePub: 978-1-78237-343-8
Mobi : 978-1-78237-344-5
PDF : 978-1-78237-345-2
Published by Original Writing Ltd., Dublin, 2013.
Clár
1. Haiku 1
2. Rogha Tanka 61
3. Haiku And Tanka In English 79
4. Iarfhocal 100
I
Haiku
3
cuar an chrúsca uisce . . . an teaghlach go léir ag ithe dinnéir
4 5
cliseadh cumhachta –dúnaim an leabhar
tugaim cluas don bháisteach
tráthnóna samhraidh –an múchtóir tine dearg
ag éirí fliuch faoin mbáisteach
6 7
oíche bháistí –turtar ag ithe
ó phláta an ghadhair
maidin shamhraidh –seilmide ar línte
chleas na bacóide
8 9
éirí gréine . . . portán bídeach
tonnta á seachaint go gasta aige
crainn loma . . . an mhuir le feiceáil arís
10 11
dhá chuach ag glaoch – fáinne geal an lae
lá gaoithe – eitleog á déanamh arís agam t'réis mórán bliain
12 13
teagmhaíonn duilleog bhuí leis na duilleoga glasa ar a slí síos
madra tréigthe féachann san aghaidh ar gach coisí
14 15
nochtann réaltaí . . . cuireann an díoltóir bláthanna seasmainí ar sreang
spéir scamallach – buachaillín ag déanamh aithrise ar an gcuach
16 17
casaim an leathanachcasaim ar ais arís é –
seangán beag
cróntráth –giob geab na bhfroganna
os comhair theach an mhúinteora
18 19
tráthnóna geimhridhiniúchann an lao nuabheirthe
gach éinne
am dinnéir –gráinnín ríse
don mhantais chrábhaidh
20 21
duilleoga ag titim ...cuid acu ar an mbollán
cuid eile sa sruthán
moill ar an trácht ...duilleoga beaga buí
ag trasnú an bhóthair
22 23
gort ríse cois abhannguth an fheirmeora
ag labhairt leis na tairbh
cling an bhoinn féachann moncaí na giofóige isteach sa bhabhla
24 25
báisteach mhaidine . . .bearna fhada
idir dhá shúimín tae
bóithrín fán dtuathbarr an fhéir airdlasta ag lampróga
26 27
séimhe an ashram .. gráinníní ríse á n-ithe ag an iora
go ciúin
báisteach mhonsúin ... fuaim an chapsacaim á fhriochadh in ola
28 29
camhaoir chorcra ..buachaill beag ag cantaireachtar bhruach na habhann
corra réisc ag éalú thart . . . bainim focal amach as an haiku
30 31
scáil éisc . . .ó phúróggo púróg
spéir an chróntrátha pocaire gaoithe ar foluain os cionn an ghoirt ríse
32 33
clapsholas fáinleoga ag eitilt ar ais chuig teampall an chnoic
baile dúchais ...is mall mar a fhreagraíonn an tarbh
do chloigín an rothair
34 35
tugann giolcchun na fuinneoige mé . . .
gealach lán
scairt an choiligh . . .tuirse ormi ndiaidh aistir fhada
36 37
oíche ghealaí . . . dúisím is liúnn seacal i gcéin
corrán gealaí –scáth buabhaill fhiáinar learg an chnoic
38 39
maidin gheimhridh . . .fileann an cat strae
agus é leonta
lá fada ...cos deiridh na laghairte
ró-shínte aici
40 41
bothán sna coillte -rian fiacla beaga
ar an mbarra gallúnaí
glanaim amach an mála . . .cuireann cloch bheagan cnoc i gcuimhne dhom
42 43
ospidéal an bhaile bhig . . . fuaim an chloscríobháin
as áit rúnda éigin -an madrais an chuain
44 45
tráthnóna fada ..thall is abhusscáth an fhéileacáin
ióga maidine -cuar an gheiceoar an mballa
46 47
maidin earraighclúdaíonn balúin
aghaidh an díoltóra
maidneachan sa chathair . . .píosa de théip chumhdaighi ngob an phréacháin
48 49
goirt ríse ...corr éisc ag eitiltthar dhroim chromtha na mban
scoil fán dtuath . . .siúlann scata lachanthar an seomra ranga
50 51
suanlios na mbuachaillí – loinnir lampróige i mbuidéal
fuaim na báistí'e' tréigthear eochairchlár an chaife idirlín
52 53
sráidbhaile sléibhe . . .madra straemar threoraí againn
an carnabhal thart ...cuarán cailín bhigi measc loirg na gcos
54 55
maidin i mí Mheán Fómhair . . .is líonmhaire ná mo chuid smaointe iad –
féileacáin
am lóin –gráinnín rísegreamaithe de ghob an phréacháin
56 57
séimhe an tráthnóna . . . fuaim na bpeann luaidhe ag sceitseáil ar an aill
meangadh an Bhúda . . . deismínteacht bheag bhreise an dealbhóra
58 59
gealach chaol ...maoin phearsanta an oilithrigh
i mála beag
ceo maidine . . .athraíonn an fairtheoir éan
lionsa a cheamara
60
ciúnas na maidinegabhann corr éisc tríd an solasos cionn na habhann
2
Rogha Tanka
62 63
ag rothaíocht liomar an gcuarbhóthartimpeall an oileáin –i gcuideachtana mara
64 65
bándeirgena maidineá roinnt le cosán camtáim ar bord traenachis m’aghaidh ar mo bhaile dúchais
ag éisteachtle hamhrán i dteanganach eol dom –ní heol dom achgur amhrán brónach é
66 67
tráthnóna samhraidh –gan súil acu le traeinbeirt sheanfhear ag cabaireachtina suí ar bhinsean stáisiúin bhig seo
oíche i mí Mheán Fómhairpáipéar scrúdaithe agam á cheartútugaim ciaróg faoi dearais í bunoscionn –á hathiompú féin arís
68 69
fiafraíonn tú díom,cén fáth an meangadh gáiregach uair dá bhfeiceann tú mé?bíonn meangadh gáire ormsa leisnuair a thagaimse ar rósanna
boinn airgid á lorg agami mo phóca –síolta deargaa chnuasaighm’iníon bheag
70 71
tráthnóna na gcriogar ...i mo sheasamh os comhair pictiúrd’eala ag eitiltgo ciúini dtreo na sléibhte
ag siúl liomtar éis slán a rále gach éinne,go tobann smaoiním ar an gcrannnach bhfuil radharc agam níos mó air
72 73
solas na gréine i measc na gcrannmo sheancharaag téarnamhiarrann sé orm a chathaoir a churtaobh leis an bhfuinneog
cearnóg an bhaile –tagann cailín beagisteach sa bhfrámaagus grianghraf á ghlacadh agamde na colúir
74 75
siúlaim timpeall an lochaleis an gceamarago dtí an bruach thallan áit a bhfuil na healaíar an bport
tráthnóna earraigh –siúlaim liomón sruthánar ais go dtí mo cheamara is mo sheaicéadsa mhóinéar
76 77
mé féin is an piscíninár seasamh go ciúinsa dorasag breathnú ar an dorchadasag socrú síos i measc na gcrann
siansa de chuid Mozarttriocha míle troighos cionn talúnmé ar snámh is néalta bánafaram
78
cróntráth samhraidh –gabhann cailín amachas an teach ina bhfuiléiníní ag giolcadhi gcás
3
Haiku And Tanka In English
Haiku (published after 2007):
81
dim light in the bus...a tiny finger countsthe stars drift of a leaf…students pray in silencein the courtyard pause in the traffic…small yellow leavescross the road dew drops…a snail too onthe grass blade evening calm…a red balloon driftson the beach road
paddy field by the riverthe voice of the farmerspeaking to the bulls
82 83
moonlit hills….I bow to step outof the hut sound of a cointhe gypsy’s monkeylooks into the bowl
dusk…drum beats in the villageon the opposite hill red butterfly…a little girl switches offthe classroom fans dawn moon…a truck full of water melonsenters the market sunset…someone’s tent pegon the cliff shadow of leavesfull moon overthe art gallery
on the terrace…my clothespin holdsthe neighbour’s shirt morning rain…the long gap betweentwo sips of tea cormorants….one bird watches mewatching them fly long corridora red leaf stillon the red floor a view of terraces…clothes sway inthe breeze a bat…through the lit roominto the night twilight sky…the fisherman castshis net
84 85
spring eveninga vendor goes homewith an empty basket waiting on the porchmoth’s wings touchmy hand camera beside me…watching a cloudchanging shape trek over…I remember the shapesof trees forest walk…yellow leaves fallin different ways kindergartenall in a rowsmall sandals city museumthe emptiness ofa palanquin
lightning…a snail holds on tothe rim of a tub skipping stones…hills in hazebeyond the lake walking to the next villagecall of lapwings risingfrom the fields her crayons…the red one smallerthan the others camera in my hands…the shoulder bagso light New year’s dawna praying mantis stillas I open the door sound of waves ...sparks drift over the beachfrom corn vendor's stove
86 87
country road...tall grass in the light of fireflies silence in the ashram...a squirrel eats each grain of ricewithout hurry Gregorian chant...moonlight onthe tiled domes monsoon rain...the sound of capsicum fryingin the oil hill station...moonshine on the geometryof cottages purple dawn...a little boy chantson the river bank country road...chirp of cricketsas I wait alone for the bus
the glide of herons...I remove a wordfrom the haiku blue sea...the shade of a dry coconuton the yellow sand shadow of a fish ...from pebbleto pebble twilit skya kestrel hovers overthe paddy field dawn moon...a truck full of water melonsenters the market shadow of leaves...full moon overthe art gallery sunset...someone's tent pegon the cliff
88 89
duskswallows fly back intothe hill temple a path through the fieldsthe slow bicycle rideof a farmer night show over...torch lights movetowards the dorm hometown...a bull's slow responseto a bicycle bell a twitter brings meto the window …full moon call of a rooster...I feel sleepy aftera long train journey vacation over...lit windows of the dormin the distance
moonlit roomI wake up to the callof a distant jackal crescent moonsilhouette of a wild buffaloon the hill slope thinking ofthe universe...between two sips daybreak...mayfly wingson the cat winter morning...the stray cat returnswith a wound rural school...the shy smiles of childrenwaiting for the bus
Vedic chants...a heron glides to a rockin the misty lake
90 91
long day...the lizard's hind legstretched too far winter night. . .I pick the last grainof rice from the plate hut in the woods..small teeth markson the toilet soap evening traffic...rubber lizards for salestill on the pavement emptying my bag...the pebble makes methink of the hill again small townhospital...sound of the typewriter from the secret place...the mother dogwith her litter
long afternoon...here and therea butterfly's shadow morning yoga-the curve of a lizardon the wall spring morning...balloons coverthe vendor's face paddy fields...a heron glides pastbent backs of women rural school...a flock of duckswalk past the classroom boys' dormthe glow of a fireflyin a bottle teashop table...I watch rain dropspop on the road
92 93
village road . . .the jingle of bullock cartsin the mist sound of rainthe faded 'e' onthe internet cafe keyboard chanting over . . .the rustle of peepal leavesin the temple village in the mountains . . .a stray dog becomesour trek guide village fair…insects fly round and rounda tube light rustle of palm leaves...fishermen play cardsin the boat's shade clouds drift...the trail of a rain dropon a dirt covered leaf
carnival over...a little girl's sandalamong footprints crescent moon...silhouette of a wild buffaloon the hill slope September morning . . .more than my thoughts,butterflies lunch time...a rice grain stuck onthe crow's beak slight breeze...the silent spin ofwooden wind chimes dawn in the city . . .in the crow's beak a pieceof carton packing tape evening calm...the sound of pencilssketching on the cliff
94 95
smile of the Buddha...the sculptor'sfinal touches thin moon...the pilgrim's belongingsin a small bag lamp festival...as a witnessthe full moon morning mist...a bird watcher changesthe lens in his camera morning calm...a heron glides in the lightover the river twitter…I lower the newspaper boy's mouth open...watching the fisheat the puffed rice
muezzin’s call…the touch of an evening breezeon leaves of the banyan eating noodles on the cliff...steam mingleswith the mist mountain path...raindrops drip froma wooden signpost
96 97
Tanka
cycling onthe ring roadaround the island –company ofthe sea dawnshares its pinkwith a winding path –I am on a traingoing to my hometown listening toa song in a languageunfamiliar to me –I only know thatit is sad summer evening-no train to catchtwo old men chatsitting on the benchof this small station
September night –correcting paperI notice an upside downbeetle turning overon its own you ask me,why do you smilewhenever you see me?I smile toowhen I come upon roses searching for coinsin my pocket –red seedscollected bymy little daughter evening of crickets...i stand before a pictureof a swan flyingtowards mountains insilence walking awayafter saying byeto every one,suddenly i remember the treenow out of my sight
98 99
sunlight on trees –convalescing,my elderly friendasks me to put his chairby the window town square-a little girlenters the frameas i take a snapof the pigeons with a camerai walk around the laketo the other sidewhere the swans areoutside the water spring afternoon-from the streamI walk back tomy camera and jacketon the meadow the kitten and Istand silentlyat the doorwatching the darknesssettle among the trees.
Mozart's symphonyat thirty thousand feetfrom the groundi float with white cloudsaround me summer twilight –a girl steps outof the house wherebirds keep chirpingin a cage listening tothe morning news onthe radio –I keep aside twosprouted beans
100 101
5
IarfhocalMáistir Na Séimhe
Is múinteoir é K. Ramesh agus is i gceann de na scoileanna Krishnamurti a mhúineann sé. Nach méanar dá dhaltaí agus oide mar sin acu. Chreid Jiddu Krishnamurti nach mbeadh rath ar éinne againn gan teacht ar thuiscint do na nithe sin go léir a mhúnlaíonn sinn, náisiúntacht, creideamh, mianta, claontacht, eagla agus nithe eile ar ábhar coimhlinte go minic iad. Má tá aon ní amháin le sonrú i haiku K. Ramesh, easpa coimhlinte a thabharfainnse air.
An té a bhfuil leathdhosaen haiku den scoth scríofa aige is máistir haiku é (an máistir ba mhó ar fad, Bashō, a dúirt) agus dá réir sin is máistir é K. Ramesh. Duine cúlánta is ea é. Nuair a bhuaileas leis san India, is i gcogar a labhair sé agus é féin á chur in aithne dom. Ag freastal ar cheardlann haiku liomsa a bhí sé ach dáiríre d’fhéadfadh seisean a bheith i mbun na ceardlainne agus mise mar dhalta aige:
cuar an chrúsca uisce. . . an teaghlach go léir ag ithe dinnéir
Tá mistéir ansin, nach bhfuil? Ealaín ar bith a bhfuil mistéir ag baint léi, sin í an ealaín a labhraíonn liomsa agus a fhanann liom. Táimid timpeallaithe ag gach saghas gáifeachta na laethanta seo agus is iontach an ní é an neamhghairéadaí a fhaighimid i ndéantús K. Ramesh. An rud is annamh is iontach.
Tá soilíos sa haiku thuas, atmaisféar na sástachta; tá luachanna ann nach bhfaightear an-mhinic i saol na n-ealaíon inniu: caithfidh coimhlint a bheith i ndráma, i scannán, in úrscéal, caithfidh foréigean a bheith ann, teannas. Tús sona, sonas sa lár, críoch shona? Níl sé sin ó éinne a thuilleadh de réir dealraimh. Andúiligh teannais is ea gach éinne na laethanta seo, an buachaillín sé bliana d’aois agus físchluiche á imirt aige san áireamh. Mura bhfuil teannas is foréigean á thuairisciú ar an Nuacht, braithimid go bhfuil rud éigin in easnamh uirthi.
Saol nádúrtha, áfach, a léiríonn K. Ramesh ina chuid haiku. Cad eile? Is í an nádúrthacht bunchloch an haiku. Tugtar faoi deara go bhfuil dhá bhrí ag baint leis an bhfocal ‘nádúrthacht’ sa Ghaeilge. Cneastacht an bhrí thánaisteach atá leis an bhfocal.
cliseadh cumhachta –dúnaim an leabhar
tugaim cluas don bháisteach Is follasach go bhfuil spiorad an haiku ansin mar is é an
t-airdeall a ghineann an haiku. Murach an t-airdeall sin ní bheadh an haiku ann. Rud is ea cliseadh cumhachta a tharlaíonn go minic san India. Tagann an chumhacht ar ais arís tar éis nóiméad nó dhó nó cuirtear gineadóir ar siúl. Haiku álainn is ea é. Ar shlí, tá
102 103
sé á rá go bhfuil níos mó le foghlaim ón mbáisteach ná ón leabhar nó b’fhéidir nach é sin an rud atá á rá aige in aon chor. Bíonn níos mó ná léamh amháin ar haiku. Fágtar gan teideal iad mar go gcúngódh sé sin iad. Fágtar oscailte iad. Ní bhíonn lánstad ag an deireadh mar níl an focal deiridh ráite. Ní bheidh go deo.
dhá chuachag glaoch –
fáinne geal an lae An-simplí, mar is ceart. Eachtra bheag díreach mar a tharla, gan
cur leis an scéal ná baint de. Soineantacht. Tá dhá bhrí le soineantacht, leis, ‘soineantacht’ duine agus ‘soineantacht’ mar fhocal chun cur síos ar an aimsir. Faightear an tsoineantacht is an tséimhe sin go flúirseach i haiku K. Ramesh agus ní thuirseoinnse go deo de:
teagmhaíonn duilleog bhuí leis na duilleoga glasa ar a slí síos Is léir go bhfuil na máistrí móra léite agus athléite aige, Bashō,
Buson, Issa, Shiki, Santoka et al. Tá rud éigin an-Seapánach faoi haiku sin na nduilleog aige. Ní haon locht é sin air. Ach tríd is tríd tá a stampa féin agus stampa chultúr a thíre féin buailte go tréan aige ar a chuid haiku:
gort ríse cois abhann guth an fheirmeora ag labhairt leis na tairbh
Arís, an tséimhe sin. Leochaileacht. Níl aon áit sna haiku seo don Sturm und Drang, níl taibhsí Kerouac ná Bashō anseo, ná tintreach ná toirneach. Níl aon bhagairt anseo:
scáil éisc . . . ó phúróg go púróg Rithim na tuaithe atá anseo, rithim atá dearmadta ag a lán
againn, rithim na beatha, rithimí nádúrtha an lae, rithim an chroí, rithim na séasúr:
baile dúchais ...
is mall mar a fhreagraíonn an tarbhdo chloigín an rothair
An uair fhánach a bhuailtear nóta ón bhfiántas anseo, ar
chuma éigin níl aon eagla le brath ann:
oíche ghealaí . . . dúisím is liúnn seacal i gcéin
Bhí a lán le rá ag Jiddu Krishnamurti faoin dúlra agus is maith
go bhfuil file mór haiku ag múineadh i gceann de na scoileanna a bhuanaíonn a theagasc siúd. Dúirt Krishnamurti uair amháin: ‘Nuair a chailltear an dlúthchaidreamh domhain leis an dúlra is ansin a bhíonn tábhacht ag baint leis an teampall, leis an mosc
104 105
is leis an eaglais.’ In áit eile (ina dhialann) deir sé mura mbíonn teagmháil againn leis an dúlra caillfimid teagmháil leis an daonnacht, le nádúr an duine féin.
Sa chéad haiku eile tá sampla maith den chleas sin a bhíonn ag lucht haiku, is é sin dhá íomhá le hais a chéile is gan aon cheangal eatarthu ar an gcéad amharc:
ióga maidine – cuar an gheiceo ar an mballa
Treisíonn na híomhánna sin a chéile. An úire a bhaineann
le haiku K. Ramesh, úire na soineantachta í, úire na neamhornáideachta, tuairisc lom shimplí ar an rud atá ag titim amach go neamhdhrámata is go nádúrtha.
Is minic spraoi, leis, ina chuid haiku :
scoil fán dtuath . . .siúlann scata lachanthar an seomra ranga
Scríobhann K. Ramesh haiku, tanka agus saorvéarsaíocht. Bhí
saothar leis sna díolamaí a leanas:
1. Haiku in English: The First Hundred Years (W. W. Norton &
Co. 2013)
2. The Humours of Haiku in eagar ag David Cobb (Iron Press)
3. evolution: The Red Moon Anthology of English-Language
Haiku 2010, in eagar ag Jim Kacian
4. Voices For The Future: (Poetry Society India & The British
Council)
5. Wild Flowers, New Leaves: World Haiku Anthology
6. Pegging The Wind Anthology (Red Moon Press)
D’fhoilsigh Red Moon Press, Virginia, SAM bailiúchán haiku
leis Soap Bubbles (2007). Múineann sé in Pathashaala, scoil
de chuid an J Krishnamurti Foundation, gar do Chennai san
India.
106 107
To have lived an enriched life is one thing, but to have proved it with so many flashes of poetic insight, is a very rare thing indeed.
Seán Mac Mathúna
K. Ramesh haiku are like a keepsake. A reminder that stillness and silence are our forgotten friends
Mícheál Ó hAodha
Tugann na dánta seo idir haiku agus tanka súile úrnua duit. Tar éis duit iad a léamh braitheann tú go bhfuil an saol athnuaite athnite. Tá siad chomh glan le deoir bháistí, chomh geal le cáithnín sneachta, chomh géar le fiacla faolchon. Cairde leat na fáinleoga, na froganna, na colúir, na lachain, na seangáin bheaga cé go bhfuil an fiantas álainn ag tórmach le bagairt lasmuigh den fhuinneog. Umhlaítear roimh mhistéir na beatha, ach ní chúbtar siar uaithi. Cá bhfaigheann Gabriel Rosenstock iad?
Alan Titley
Mícheál Ó hAodha
Has written and edited many books in Irish and English including: “Insubordinate Irish” Travellers in the Text (Palgrave (MUP): 2011) and Slán le hÉirinn Coiscéim: 2012). He is a regular contributor to the Irish-language columns of The Irish Times.
Gabriel Rosenstock
Poet, novelist, playwright, author/translator of over 170 books, mostly in Irish. He taught haiku at the Schule für Dichtung (Poetry Academy) in Vienna and Hyderabad Literary Festival, India. Aso writes for children. Among the anthologies in which he is represented is Best European Fiction 2012 (Dalkey Archive Press) and Haiku in English: The First Hundred Years (W. W. Norton & Co. 2013).
Where Light Begins is a selection of his haiku and The Invisible Light features haiku in Irish, English, Spanish and Japanese with work by American master photographer Ron Rosenstock.
top related