scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh ... · ag siopadóireacht san...
Post on 08-Jul-2020
8 Views
Preview:
TRANSCRIPT
Léigh seo go cúramach:
1. Ná hoscail an leabhrán seo go n-iarrtar ort.
2. Is teist ilrogha é seo.
3. Thig leat obair gharbh a dhéanamh ar an leathanach breise.
4. Scríobh d’fhreagraí ar an leathanach freagraí, ná scríobh na freagraí ar an teist seo.
5. Marcáil d’fhreagra sa cholún a bhfuil an uimhir chéanna aige is atá sa cheist teiste
trí líne dhubh a tharraingt tríd an litir.
6. Má dhéanann tú meancóg, scrios amach é go hiomlán agus cuir d’fhreagra nua
isteach. Ná marcáil ach freagra amháin do gach ceist.
7. Bí cinnte go gcoinníonn tú d’áit ar an leathanach freagraí.
8. Oibrigh chomh cúramach agus chomh gasta agus is féidir leat. Muna dtig leat
ceist a dhéanamh, ná cuir d’am amú léi ach gabh ar aghaidh chuig an chéad cheist
eile. Muna bhfuil tú cinnte den fhreagra, roghnaigh an freagra a shíleann tú atá
ceart.
9. Tá 60 ceist sa teist agus tá 50 bomaite agat leis an teist a dhéanamh.
1
Tá roinnt scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta as cineálacha éagsúla leabhar ann. Tá
súil againn go mbeidh siad suimiúil agus sultmhar agat. Beidh ceisteanna ann ar na
sleachta iad féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta.
Agus tú ag obair tríd an leabhrán seo, bain úsáid as ‘Gluais’ agus ‘Clár’ nuair is mian
leat.
CLÁR
Lch.
Ar Saoire 2
Cóisir 4
Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh 5
Sa Leabharlann 8
Tír Eoghain Abú 9
Ceisteanna Ginearálta 12
Gluais 13
Leabharliosta 13
Innéacs 13
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
2
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Ar Saoire
Dé Luain 17 Iúil: Tá mé ar saoire i dTír Chonaill. Tá an aimsir ar
fheabhas. Tá an spéir gan scamall agus tá an ghrian ag
scoilteadh na gcloch. Bhí lá sultmhar pléisiúrtha agam.
Bhí Daidí ag imirt gailf i nGaoth Dobhair.
Dé Máirt 18 Iúil: Bhí sé brothallach inniu arís. Chuaigh mamaí a
shiopadóireacht. Rinne Daidí an dinnéar agus d’ith
muid é taobh amuigh. Ba é a bhí blasta. Chuaigh mo
dheartháir Diarmaid amach a rothaíocht faoin tuath.
Nuair a tháinig sé ar ais bhí sé chomh dearg le tráta mar
bhí sé griandóite.
Dé Céadaoin 19 Iúil: Chuaigh an teaghlach uilig ar siúlóid ar maidin. Shiúil
muid cois locha ar dtús. Bhí sé ciúin agus bhí an loch
chomh mín le gloine. Isteach linn sa choill ansin. Bhí
na héin ag ceol agus bhí coiníní óga ag súgradh.
Déardaoin 20 Iúil: Chuaigh mé féin agus mo theaghlach ar turas báid go
hInis Caorach. Lá te eile a bhí ann. “Banríon na
dTonn” an t-ainm a bhí ar an bhád. Tá Daidí cairdiúil
le húinéir an bháid. Bhí mé ag stiúradh an bháid ar
feadh tamaill agus thaitin sé sin go mór liom. Bhí muid
ag snámh. Bhí picnic ar an trá againn fosta.
Dé hAoine 21 Iúil: Bhí brón orm inniu mar bhí an tsaoire thart agus
chuaigh muid abhaile. Sular imigh muid cheannaigh
mé bronntanais do mo chairde. Bhí an tsaoire ar dóigh
agus ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo. Ba mhaith
liom teacht ar ais anseo an samhradh seo chugainn le
mo thuismitheoirí.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
1. Cá raibh Cormac ar saoire?
A. Tír Eoghain
B. Aontroim
C. Tír Chonaill
D. Spáinn
E. Meiriceá
2. Cá mhéad lá a chaith Cormac ar saoire?
A. 1 B. 2 C. 3 D. 4 E. 5
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
3
3. Cá ndeachaigh Diarmaid ag rothaíocht?
A. tríd an choill
B. ar na sléibhte
C. ar an trá
D. faoin tuath
E. sa chathair
4. Cad chuige a raibh Diarmaid chomh dearg le tráta?
A. bhí sé griandóite
B. bhí sé ag ithe trátaí
C. bhí sé ag caitheamh léine dhearg
D. bhí sé ag cur fola
E. bhí sé ag ithe anlann tráta
5. Cad é a thugann le fios dúinn gur bhain Cormac sult as an tsaoire?
A. chuaigh sé ar bád
B. chuaigh sé ag rothaíocht
C. bhí aimsir dheas ann
D. ba mhaith leis dul ar ais arís
E. bhí na héin ag ceol
6. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Bhí sé fuar ar an chéad lá.
B. Bhí cuma shéimh ar an loch Dé Céadaoin.
C. Níor thaitin an tsaoire leis ar chor ar bith.
D. Bhí daidí ag imirt leadóige i nGaoth Dobhair
E. Bhí sé sásta dul abhaile.
7. Cad é an míniú is fearr ar ‘bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch’?
A. Bhí drochaimsir ann.
B. Bhí Cormac ag caitheamh cloch faoin ghrian.
C. Bhí lá te grianmhar ann.
D. Bhí sé ag cur fearthainne go trom.
E. Bhí cuid mhór cloch faoin talamh.
8. Cad é an focal a thugann le fios dúinn go raibh dinnéar deas acu ar an Mháirt?
A. brothallach B. griandóite C. tráta D. rothaíocht E. blasta
9. Tá an focal ‘faoin’ in úsáid sa sliocht seo mar:
A. ainmfhocal B. aidiacht C. briathar D. cónasc E. réamhfhocal
10. Cá raibh picnic acu?
A. coill B. páirc C. trá D. gairdín E. cnoc
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
4
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga litrithe a
aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar
do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Cóisir
11. Bhí cóisir ag mo dheirfiúr bheag ar na mallaibh agus tromluí a bhí ann. Bhí mé haon
12. ag déanamh staidéir do mo theisteanna ach dúirt mo mhamaí lom go mbeadh gach
13. rud ceart go leabhar, ní bheadh ann ach cúpla dá cara. Ar ndóigh, tháinig thart faoi
14. fiche acu agus ba chosúil go raibh comórtas screadála acu an lá ar fad. Nuair a
15. tháinig an chéad duine acu thig an doras, thosaigh mo dheirfiúr agus a cara ag
16. screadaíl. Agus nuair a tháinig an dara duine, thosaigh an triúir acu ag screadaíl.
17. Chuaigh sin ar aghaidh go dtí go ró fiche cailín ag screadaíl sa teach. D’éirigh sé
18. níos measa inné sin mar go raibh siad ag rith ar fud an tí, ag bualadh ar dhoras mo
19. sheomra lí agus ansin ag rith leo ag gáire agus ag screadaíl. Bhí mo sháith agam, ní
20. raibh an dara rogha agam ach imeacht ón teach. Chuaigh mé thuig an leabharlann.
A B C D
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
5
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh sin. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil
siad sa Ghluais ar leathanach 13.
Ag Siopadóireacht san Ollmhargadh (Arna chur in oiriúint ó Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach)
1. Dé hAoine seo caite bhí mé san ollmhargadh. Bhí sé thart faoina
ceathair a chlog tráthnóna ag an am.
Fuair mé tralaí agus thosaigh mé a bhogadh thart. Bhí mé ag siúl go
cúramach mar bhí slua mór daoine san áit. Go tobann, rith páiste beag
5. faoin tralaí. Níor bhuail mé an créatúr ach bhain sé geit asam. Stán
máthair an pháiste orm agus bhí a fhios agam ansin go raibh an t-ádh
orm go raibh mé ag dul go mall.
Bhí mé ag brú an tralaí ar aghaidh idir na seilfeanna nuair a bhí orm
stad go tobann. Bhí bean ard ag teacht i mo threo le tralaí lán. Ní
10. raibh spás ann don bheirt againn agus bhí orm cúlú. Ar ghabh an
bhean buíochas liom? Níor ghabh. Chuaigh sí tharam agus srón san
aer.
Fuair mé cuid de na hearraí a bhí de dhíth orm agus ansin chuaigh mé
go dtí seilf mhór ar a raibh na céadta oráiste. Phioc mé cúpla oráiste
15. ón tseilf. Thit oráiste i ndiaidh oráiste ar an urlár. Lean na céadta
oráiste iad go dtí go raibh an t-urlár lán díobh. D’éalaigh mé go gasta
le díol as na hearraí. Sheiceáil an cailín iad. “Sin ocht bpunt caoga,”
ar sise go borb. Nuair a chuir mé mo lámh i mo phóca ní raibh pingin
rua ann. D’fhág mé mo chuid earraí san áit ina raibh siad agus amach
20. an doras liom. “Tiocfaidh mé ar ais Dé Luain,” arsa mise liom féin,
“nuair a bheidh an áit níos ciúine.”
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc ar an sliocht arís más gá.)
Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus an litir a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
21. Cad é a bhí an t-údar seo a dhéanamh Dé hAoine seo caite?
A. bhí sí ag an trá
B. bhí sí ag an leabharlann
C. bhí sí ag an linn snámha
D. bhí sí san ollmhargadh
E. bhí sí ar scoil
22. Cad chuige a raibh an t-údar seo ag siúl go cúramach?
A. bhí roth briste ar an tralaí
B. bhí an áit lán le daoine
C. bhí triantán mór cannaí sa siopa
D. bhí babaí sa tralaí
E. bhí an tralaí lán de shiopadóireacht
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
6
23. Cad é a rinne sí nuair a thit na horáistí?
A. thóg sí cúpla ceann
B. shleamhnaigh sí ar cheann agus thit sí
C. d’ith sí ceann acu
D. d’imigh sí go gasta
E. thóg sí iad uilig
24. Cad é a shíl an t-údar den bhean ard, i do bharúil?
A. shíl sí go raibh sí deas
B. shíl sí go raibh sí drochmhúinte
C. shíl sí go raibh sí cuidiúil
D. shíl sí go raibh sí cairdiúil
E. shíl sí go raibh sí flaithiúil
25. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Níor dhíol an t-údar as na hearraí.
B. Níor thit ach oráiste amháin ar an urlár.
C. Bhí póca an duine seo lán airgid.
D. Cheannaigh sí cuid de na hearraí.
E. D’íoc sí as na hearraí le cárta creidmheasa.
26. Cá huair a thiocfaidh an t-údar ar ais?
A. Dé Luain
B. Dé Máirt
C. Dé Céadaoin
D. Déardaoin
E. Dé hAoine
27. Cá mhéad a bhí ar na hearraí a thóg an t-údar?
A. £18
B. £58
C. £5.80
D. £8.50
E. £85
28. Cé acu briathar thíos atá san aimsir fháistineach?
A. Bhain
B. Fuair
C. Chuaigh
D. Lean
E. Tiocfaidh
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
7
29. Cén míniú is fearr don fhrása ‘bhain sé geit asam’? (líne 5)
A. bhí iontas orm
B. bhí fearg orm
C. bhí eagla orm
D. bhí tuirse orm
E. bhí ocras orm
30. Tá an focal ‘cúramach’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 4)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
31. Tá an focal ‘tralaí’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 8)
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
32. Tá an focal ‘as’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 17)
A. ainmfhocal
B. briathar
C. aidiacht
D. réamhfhocal
E. cónasc
33. Tá an focal ‘fuair’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 3)
A. ainmfhocal
B. briathar
C. aidiacht
D. réamhfhocal
E. cónasc
34. Tá an focal ‘agus’ in úsáid sa sliocht seo mar: (líne 11)
A. ainmfhocal
B. briathar
C. aidiacht
D. réamhfhocal
E. cónasc
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
8
Scríobh duine míchúramach an sliocht thíos. Caithfidh tusa na meancóga poncaíochta
a aimsiú. Ar chuid de na línte, tá meancóg amháin. Ar línte eile, níl meancóg ar bith
ann. Aimsigh an grúpa focal a bhfuil an mheancóg ann agus marcáil an litir cheart ar
do leathanach freagraí. Mura bhfuil meancóg ar bith ann, marcáil N.
Sa Leabharlann
35. Bhí an leabharlann iomlán ciúin Thiocfadh leat biorán ag titim a chloisteáil, bhí
36. sé chomh ciúin sin. Chonaic mé liam ina shuí ag an tábla in aice leis an
37. fhuinneog agus shiúil mé anonn chuige. “Liam” arsa mise go ciúin, “cad é mar
38. atá tú?” Damharc Liam suas ón irisleabhar a bhí á léamh aige. “Séimí,” ar
39. seisean “ní minic a fheicim tú sa leabharlann. Cad é a tharla, an raibh buama sa
40. teach.” Rinne mé gáire. “Níos measa,” arsa mise, “tá cóisir ag mo dheirfiúr inniu
41. agus tá siad ag iarraidh na fuinneoga a bhriseadh leis an screadaíl sacu.” Leis sin
42. chonaic mé an leabharlannaí ag siúl inár dtreo. “Bígí ciúin” ar sise go crosta.
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
A B C D
9
Léigh an sliocht thíos, ansin freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a thagann
ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, b’fhéidir go bhfuil siad
sa Ghluais ar leathanach 13.
Tír Eoghain Abú (Arna chur in oiriúint ó Ó Néill, D. (2004) Contae Thír Eoghain)
1. Rinne foireann peile Thír Eoghain gaisce anuraidh nuair a bhain siad
Craobh na hÉireann don chéad uair. Bua stairiúil a bhí ann do na fir
sna geansaithe bána agus dearga. Bhí siad ag fanacht le Corn Sam
Mhic Uidhir le fada an lá.
5. Bhí dhá fhoireann as Cúige Uladh sa chluiche ceannais don chéad uair
riamh. Chuir seo go mór leis an ócáid. Bhí suas le hochtó míle duine i
bPáirc an Chrócaigh an lá sin agus bhí atmaisféar corraitheach
leictreach ann. Cluiche breá spórtúil a bhí ann. Bhí iomaíocht
chothrom chrua ann ó thús go deireadh. Nuair a shéid an réiteoir an
10. fheadóg ag deireadh an chluiche bhí gliondar ar lucht leanúna Thír
Eoghain. Bhí díomá ar mhuintir Ard Mhacha ach bhí bród orthu fosta
as an fhoireann cé gur chaill siad an cluiche. Bhí bonn Uile-Éireann
tuillte go maith ag an sárpheileadóir sin Peadar Ó Ceannabháin. Ba
speisialta amach is amach an óráid a thug sé agus é i ndiaidh Corn Sam
15. Mhic Uidhir a ghlacadh ar son mhuintir Thír Eoghain.
Bhí ceiliúradh iontach ar siúl i dTír Eoghain ar feadh i bhfad ina
dhiaidh sin. Nuair a d’fhill foireann Thír Eoghain abhaile bhí na mílte
ag fanacht leo. Thug siad cuairt ar bhailte an cheantair idir mhór agus
bheag leis an chorn a thaispeáint.
Freagair na ceisteanna thíos. (Amharc siar ar an sliocht más gá.) Ba chóir duit
an freagra is fearr a roghnú gach uair agus an litir cheart a mharcáil ar do
leathanach freagraí.
43. Cad iad na dathanna atá ar gheansaithe Thír Eoghain?
A. buí agus bán
B. dearg agus bán
C. dubh agus bán
D. oráiste agus bán
E. déag agus dubh
44. Cá mhéad a bhí i bPáirc an Chrócaigh an lá sin?
A. suas le seachtó míle
B. suas le hochtó míle
C. suas le nócha míle
D. suas le céad míle
E. breis agus céad míle
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
10
45. Cé acu aidiacht ón sliocht a chuireann síos ar an chluiche?
A. breá
B. leadránach
C. fada
D. tuirsiúil
E. bríomhar
46. Cén sórt fáilte a chuir muintir Thír Eoghain roimh an fhoireann nuair a d’fhill
siad?
A. fuar
B. ba chuma leo
C. ciúin
D. measartha
E. iontach
47. Tá an focal ‘gliondar’ in úsáid sa sliocht mar:
A. ainmfhocal
B. aidiacht
C. briathar
D. réamhfhocal
E. cónasc
48. Cad é mar atá a fhios agat nach raibh muintir Ard Mhacha míshásta ar fad?
A. mar bhí díomá orthu leis an fhoireann
B. mar bhí fearg orthu leis an fhoireann
C. mar bhí bród orthu as an fhoireann
D. mar bhí eagla orthu roimh an fhoireann
E. mar bhí brón orthu leis an fhoireann
49. Cé acu abairt thíos atá fíor?
A. Bhí an dá chontae seo páirteach i gcluiche iománaíochta.
B. Ní raibh atmaisféar maith ag an chluiche
C. Labhair Peadar Ó Ceannabháin go maith.
D. Imríonn Peadar Ó Ceannabháin d’Ard Mhacha
E. Bhí Ard Mhacha níos fearr ná Tír Eoghain
50. Cén míniú is fearr ar ‘bhí an t-atmaisféar corraitheach leictreach’?
A. Bhí drochaimsir ann.
B. Bhí an scaifte tógtha.
C. Bhí drochatmaisféar ann.
D. Gearradh ar an leictreachas.
E. Chuir an aimsir isteach ar na soilsí
51. Cén chiall atá leis an fhocal ‘iomaíocht’? (líne 8)
A. comórtas
B. argóint
C. troid
D. callán
E. cúilín
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
11
52. Bhí gliondar ar lucht Thír Eoghain – bhí gliondar orthu. Cé acu forainm
réamhfhoclach a bheadh ann dá mbeadh sé gur gasúr amháin a bhí ann – bhí
gliondar…
A. orm
B. ort
C. air
D. uirthi
E. orainn
53. Cé acu an comhfhocal ón dara paragraph?
A. iomaíocht
B. sarpheileadóir
C. deireadh
D. ócáid
E. óráid
54. Cé acu na focail le fléiscín sa dara paragraph?
A. Ard Mhacha
B. Peadar Ó Ceannabháin
C. Uile-Éireann
D. Tír Eoghain
E. Sam Mhic Uidhir
55. Is é an príomhrud a insíonn an tríú paragraf dúinn ná:
A. an óráid a thug Peadar Ó Ceannabháin
B. gur bhain Tír Eoghain Corn Sam Mhig Uidhir den chéad uair
C. cur síos ar an chluiche ceannais
D. an ceiliúradh i dTír Eoghain i ndiaidh an chluiche
E. na rialacha atá ann i bpeil Ghaelach
Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile
12
Ceisteanna Ginearálta
Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, caithfidh tú smaoineamh ar na sleachta atá
léite agat. Amharc siar, más mian leat, agus amharc ar an Innéacs agus ar an
Ghluais ar leathanach 13.
56. Cá háit a léifeá an chéad sliocht ‘Ar Saoire’?
A. nuachtán
B. irisleabhar
C. dialann
D. ciclipéid
57. Cad é an t-ainm ar an leabhar óna dtagann an dara sliocht ‘Ag Siopadóireacht san
Ollmhargadh’?
A. Ar Saoire
B. Sa Leabharlann
C. Contae Thír Eoghain
D. An Bhean Mhíchúramach
58. Cá huair a foilsíodh an leabhar óna dtagann an dara sliocht ‘Ag Siopadóireacht
san Ollmhargadh’?
A. 2004
B. 2005
C. 2006
D. 2007
59. Cad é an t-ainm ar an údar den tríú sliocht ‘Tír Eoghain Abú’?
A. M. Uí Dhochartaigh
B. D. Ó Néill
C. P. Ó Ceannabháin
D. S. Mag Uidhir
60. Cad é an difear idir ficsean agus neamhfhicsean?
A. déanann ficsean rím agus ní dhéanann neamhfhicsean rím
B. déanann neamhfhicsean rím agus ní dhéanann ficsean rím
C. tá ficsean fíor agus tá neamhfhicsean bréagach
D. tá ficsean bréagach agus tá neamhfhicsean fíor
13
Gluais
griandóite nuair a théann an craiceann dearg mar gheall ar an ghrian
irisleabhar leabhrán snasta
sáith go leor
stairiúil ócáid mhór a mbeidh cuimhne ag daoine uirthi
tralaí cairt ar a n-iompraítear siopadóireacht
Leabharliosta
Ó Néill, D. (2004) Contae Thír Eoghain
Uí Dhochartaigh, M. (2005) An Bhean Mhíchúramach
Innéacs
cóisir, 4
Corn Mhig Uidhir, 9
leabharlann, 8
ollmhargadh, 5
rothaíocht, 2
DEIREADH NA TEISTE
14
Léamhthuiscint Meancóga Litrithe Meancóga Poncaíochta
TIONTAIGH AN LEATHANACH
2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013 2014 2015 2016 2017 2018 2019
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 0
1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
0 1 2 3 4 5 6 7 8 9
Ainm Dalta
Ainm na Scoile
Dáta na Teiste
Marcáil mar seo ‹ ›
UIMHIR DALTA UIMHIR SCOILE
DÁTA BREITHE
Lá Mí Bliain
Eanáir
Feabhra
Márta
Aibreán
Bealtaine
Meitheamh
Iúil
Lúnasa
M. Fómhair
D. Fómhair
Samhain
Nollaig
ÚSÁID MÚINTEORA AMHÁIN
Aois an dalta ag am na teiste bliain mí
Lomscór
Scór Caighdeánaithe
Ord Percintíle
90% Banda Muiníne do Scór
Caighdeánaithe
go
Túslitreacha an mharcálaí/na marcálaithe
Teist Thaithíoch
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 7 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
10 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 18 – LEATHANACH FREAGRAÍ
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo .
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 5, 6 agus 7
Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 9, 10 agus 11
Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)
16
27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
GAEILGE: TEIST 18 – LEATHANACH FREAGRAÍ
1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›
28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
Leathanaigh 2 agus 3
55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›
35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›
Leathanaigh 4 (Meancóga Litrithe)
Leathanaigh 5, 6 agus 7
Leathanach 8 (Meancóga Poncaíochta)
Leathanaigh 9, 10 agus 11
Leathanach 12 (Ceisteanna Ginearálta)
17
top related