an ghníomhaireacht um chaomhnú comhshaoil with epa irish.pdfis í an ghníomhaireacht um chaomhnú...

12
Idirghníomhú leis an EPA An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

Upload: others

Post on 29-Jul-2020

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Idirghníomhú leis an EPAAn Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 1

Page 2: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Freagrachtaí an EPA

Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gachduine sa tír. Rialaímid agus déanaimid maoirsiú ar ghníomhaíochtaí a d'fhéadfadh truailliú a dhéanamh murachsin. Cinntímid go bhfuil eolas cruinn ag daoine faoi threochtaí comhshaoil ionas go nglactar aon ghníomh is gá.Is iad na príomhnithe a dtugaimid tús áite dóibh ná comhshaol na hÉireann a chosaint agus cinntiú go mbíonnforbairt inbhuanaithe. Fostaímid 340 duine in 10 láthair timpeall na hÉireann.

Ár miseanAn comhshaol nádúrtha a chosaint agus a fheabhsú don ghlúin seo agus do ghlúine na todhchaí, agusprionsabail chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha na forbartha inbhuanaithe á gcur san áireamh.

An ról atá agatsa

An Comhshaol agus TusaTá ról againn go léir maidir lenár gcomhshaol a chosaint. Is féidir leatsa, mar shaoránach, roghanna níos fearr adhéanamh i gcomhair timpeallacht níos fearr. Sa bhaile, is féidir leat dramhaíl a laghdú agus fuinneamh achaomhnú. Is féidir leat modhanna inbhuanaithe iompair a úsáid, agus ag an obair, is féidir leat a chinntiú gobhfuil próisis neamhdhíobhálach don chomhshaol. Faigh amach conas is féidir leat difear a dhéanamh sa rannánEnvironment & You de láithreán gréasáin an EPA ag www.epa.ie/environment agus ag www.greenhome.ie

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 2

Page 3: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Lorg Carbóin

Faigh amach cén lorg carbóin atá agat ag www.epa.ie/whatwedo/climate/calculators

An bhFaca tú Rud Éigin? Abair Rud Éigin!

Chun faisnéis a fháil maidir le cé leis ba cheart duit dul i dteagmháil agus cad is féidir a dhéanamh chun fadhbannacomhshaoil a réiteach, íoslódáil an bhileog An bhFaca Tú Rud Éigin? Abair Rud Éigin! agwww.epa.ie/downloads/pubs/other/corporate

Dumpáil na Dumpairí

Is féidir leat dumpáil mhídhleathach bruscair a thuairisciú trí ghlaoch ar an uimhir theileafóin glao sábhála - 1850 365 121Is iad an Líonra Forfheidhmiúcháin Comhshaoil a fhéachann agus a sheiceálann an t-eolas seo.

Cé atá i mbun na gcúraimí?

Oibríonn an EPA le réimse leathan eagraíochtaí a bhfuil freagrachtaí orthu maidir le cosaint an chomhshaoil. Tá liostaiomlán de na heagraíochtaí seo ar fáil sa rannán Who Does What? (Cé atá i mbun na gCúraimí) ar láithreán gréasáinan EPA ag www.epa.ie/environment/whodoeswhat

Foilsíonn an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil tuarascálacha agus doiciméid a chuireann treoir agus comhairlear fáil maidir le réimse saincheisteanna agus is féidir iad seo a íoslódáil ag www.epa.ie/whatwedo/advice

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 3

Page 4: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Ceadúnú

Tá an EPA freagrach as ceadúnú agus rialú mórghníomhaíochtaí dramhaíola agus tionsclaíocha chun a chinntiú nachndéanann siad dochar do shláinte an phobail ná don chomhshaol. Cuimsíonn ár bhfreagrachtaí an méid seo a leanas:

• Ceadúnú dramhaíola (líonta talún, loisceoirí, stáisiúin aistrithe dramhaíola srl)

• Ceadúnú um Chosc agus Rialú Comhtháite ar Thruailliú (IPPC), lena n-áirítear monarchana tionsclaíocha cosúil lecógaisíocht, stroighin, gléasraí cumhachta

• Trádáil astuithe

• Ceadúnú do Scardadh Dramhuisce

• Ceadú i gcomhair Dumpáil ar Farraige

• Na Rialacháin um Orgánaigh Ghéinmhodhnaithe (GMO) - úsáid imshrianta agus scaoileadh rialaithe

• Comhdhúile Orgánacha Luaineacha (COL) a cheadaíonn mór-áiseanna stórála peitril.

Céard is féidir leat a dhéanamh

• Tá córas ceadúnaithe an EPA in Éirinn oscailte agus trédhearcach, agus tá rochtain ar gach doiciméad atá ar fáil don phobal. Is féidir le haon duine aighneachtaí scríofa agus agóidí a dhéanamh faoin bpróiseas ceadúnaithe i gcomhair saoráidí dramhaíola agus IPPC, agus cuirtear éisteacht ó bhéal ar fáil maidir le hagóidí faoin bpróiseas freisin. Is féidir aighneachtaí a dhéanamh maidir le hiarratais ar cheadúnais do scardadh dramhuisce. Is féidir gach aighneacht den sórt sin a dhéanamh ar líne freisin.

• Chun fáil amach conas páirt a ghlacadh sa phróiseas ceadúnaithe, tabhair cuairt ar www.epa.ie/whatwedo/licensing/ippc/process

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 4

Page 5: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Forfheidhmiú

Tá Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil an EPA tiomanta do reachtaíocht chomhshaoil a chur i bhfeidhm agus afhorfheidhmiú in Éirinn. Tá sé freagrach as:

• Ceadúnais uile an EPA a fhorfheidhmiú. Stiúraimid os cionn 2,000 iniúchadh/cigireacht ar shaoráidí a fhaigheann ceadúnas ón nGníomhaireacht gach bliain

• Maoirsiú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí cosanta comhshaoil na n-údarás áitiúil.

• Ag obair le húdaráis áitiúla, leis na gardaí, le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, leis na Boird Iascaigh agus le gníomhaireachtaí eile chun dul i ngleic le coireacht chomhshaoil tríd an Líonra Forfheidhmiúcháin Comhshaoil

• Feidhmiú mar acmhainn do bhaill den phobal a bhfuil gach modh gearáin eile teipthe orthu

• An dlí a chur orthu siúd a bhriseann dlí comhshaoil.

Céard is féidir leat a dhéanamh

• Chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le ról forfheidhmiúcháin an EPA, tabhair cuairt ar www.epa.ie/whatwedo/enforce

• Léigh tuilleadh faoin Líonra Forfheidhmiúcháin Comhshaoil ag www.epa.ie/whatwedo/enforce/network

• Íoslódáil an bhileog An bhFaca tú Rud Éigin? Abair Rud Éigin! má tá gearán comhshaoil agat

• Glaoigh ar an líne Dumpáil na Dumpairí ar 1850 365 121 má fheiceann tú aon dumpáil mhídhleathach nó diúscairt mhídhleathach.

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 5

Page 6: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Monatóireacht, anailís agus tuairisciú ar an gcomhshaol

Cáilíocht Aeir

• Feidhmíonn an EPA agus údaráis áitiúla stáisiúin monatóireachta ar fud na tíre, mar chuid den Chlár Monatóireachta Náisiúnta ar Cháilíocht an Aeir, agus cuireann siad tuarascálacha ar cháilíocht aeir na hÉireann ar fáil gach bliain.

Céard is féidir leat a dhéanamh• Faigh faisnéis nuashonraithe maidir le cáilíocht an aeir i do cheantar féin ag

www.epa.ie/whatwedo/monitoring/air/data

• Faigh amach tuilleadh faoi cháilíocht an aeir agus conas is féidir leatsa cabhrú chun é a fheabhsú ag www.epa.ie/environment/air

• Íoslódáil na tuarascálacha is déanaí ar cháilíocht an aeir ag ww.epa.ie/downloads/pubs/air/quality

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 6

Page 7: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Uisce

• Tá ár gclár monatóireachta mar chuid lárnach den straitéis bainistíochta chun an Chreat-Treoir Uisce a chomhlíonadh. Tá sé d’aidhm ag an treoir seo dobharlaigh truaillithe a thabhairt ar ais go dtí “dea-stádas” ar a laghad faoin mbliain 2015. Chuige seo, déanaimid monatóireacht ar chaighdeán aibhneacha, locha, inbhir agus screamhuisce - chomh maith le leibhéil agus sreabhadh a thomhas.

• Tuairiscíonn an EPA ar chaighdeán an uisce óil in Éirinn go bliantúil, agus tá sé de chumhacht aige treoir a thabhairt d’údaráis áitiúla feabhas a chur ar bhainistiú nó ar chaighdeán an tsoláthair uisce poiblí.

Céard is féidir leat a dhéanamh

• Faigh eolas maidir le cáilíocht uisce na hÉireann agus ár ndul chun cinn i dtreo spriocanna an AE a bhaint amach faoin mbliain 2015 ag www.epa.ie/environment/water

• Tabhair cuairt ar an láithreán EPA HydroNet ag www.epa.ie chun rochtain a fháil ar shonraí hidriméadracha arna mbailiú ag údaráis áitiúla

• Íoslódáil na tuarascálacha is déanaí maidir le huisce ag www.epa.ie/downloads/pubs/water

• Íoslódáil na tuarascálacha is déanaí maidir le huisce óil ag www.epa.ie/downloads/pubs/water/drinking

• Íoslódáil na tuarascálacha is déanaí maidir le huisce snámha ag www.epa.ie/downloads/pubs/water/bathing

• Íoslódáil na tuarascálacha is déanaí maidir le dramhuisce uirbeach ag www.epa.ie/downloads/pubs/water/wastewater

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 7

Page 8: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Athrú aeráide

Cuimsíonn an Clár um Athrú Aeráide san EPA freagracht as Trádáil Astuithe (Pleananna Leithdháilte Náisiúnta,Ceadú agus Clár Náisiúnta Trádála Astuithe), Meicníochtaí Thionscadal Kiótó, Réamh-Mheastacháin agus FardailAstuithe gáis cheaptha teasa, Comhairle Eolaíochta, agus Taighde um Athrú Aeráide.

Déanaimid cainníochtú ar astuithe gáis cheaptha teasa na hÉireann i gcomhthéacs ár dtiomantas do chonradhKiótó. Rialaíonn an EPA gníomhaíochtaí a bhfuil sé de chumas acu méid suntasach gáis cheaptha teasa ascaoileadh, agus coinníonn sí clár náisiúnta trádála astuithe de na mór-ghineadóirí dé-ocsaíd charbóin.

Céard is féidir leat a dhéanamh

• Féach ar na leathanaigh athraithe aeráide ar láithreán gréasáin EPA ag www.epa.ie/whatwedo/climate agus aimsigh do lorg carbóin leis an áireamhán carbóin ag www.epa.ie/whatwedo/climate/calculators

• Chun forbhreathnú ar obair an EPA sa réimse um athrú aeráide, agus na dúshláin atá os comhair na hÉireann a léamh, íoslódáil The EPA and Climate Change ag www.epa.ie/downloads/pubs/climatechange

• Tabhair cuairt ar www.epa.ie/environment/what/air chun féachaint céard is féidir leat a dhéanamh chun fuinneamh agus airgead a shábháil agus taisteal go cliste.

• Féach ar sraith léachtaí um athrú aeráide an EPA, inar phlé saineolaithe idirnáisiúnta gnéithe lárnacha a bhaineann le hathrú aeráide, lena n-áirítear eolaíocht bhunúsach, réamhaisnéisí, tionchar agus roghanna gníomhaíochta chun an dúshlán domhanda seo a láimhseáil. Tá siad ar fáil i bhformáidí feiliúnacha www.epa.ie/downloads/videos/climate

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 8

Page 9: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Bainistíocht dramhaíola fhorghníomhach

Déanann an EPA comhordú ar an gClár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, agus tá ionchur aici ó thaobhTionscnaimh maidir le Freagracht ar an Táirgeoir agus bearta eile a chur i bhfeidhm.

Déanaimid forfheidhmiú ar rialacháin nua cosúil leis an Treoir um Dhramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach(WEEE) agus an tOrdú um Shrianadh ar Shubstaintí Guaiseacha agus substaintí a dhéanann ídiú ar an gcriosózóin. Ullmhaíonn an EPA an Plean Náisiúnta Bainistíochta um Dhramhaíl Ghuaiseach agus déanann síathbhreithniú air. Tuairiscíonn an EPA go bliantúil ar threochtaí maidir le giniúint dramhaíola agus bainistíochtdramhaíola in Éirinn, agus léiríonn sí an dul chun cinn atá déanta i dtreo spriocanna téarnaimh.

Céard is féidir leat a dhéanamh

• Féach cad iad na hathruithe is féidir leatsa a dhéanamh ag www.epa.ie/environment/waste

• Léigh na Tuarascálacha Náisiúnta Dramhaíola ag www.epa.ie/downloads/pubs/waste/stats

• Cuireann údaráis áitiúla comhairle ar fáil maidir le hathchúrsáil dramhaíola teaghlaigh. Is féidir sonraí teagmhála d’údaráis áitiúla a fháil ag www.epa.ie/environment/la

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 9

Page 10: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Pleanáil, oideachas agus treoir chomhshaoil

Tá bainistiú éifeachtach an chomhshaoil bunaithe níos mó agus níos mó ar an eolaíocht. Trí chláir taighde agusforbartha arna gcoimisiúnú ag an EPA, ginimid an t-eolas agus an saineolas a theastaíonn chun an comhshaol a chosaint agus a bhainistiú.

Is bealach riachtanach atá san oideachas chun cosaint ár gcomhshaol do ghlúine amach anseo a chinntiú. Táacmhainní oideachais forbartha ag an EPA do mhúinteoirí ag leibhéal na bunscoile agus na meánscoile, lena n-áirítear cluichí, póstaeir le híoslódáil agus pacáistí acmhainne do mhúinteoirí.

Céard is féidir leat a dhéanamh

• Foghlaim faoi chláir taighde an EPA ag www.epa.ie/researchandeducation/research

• Cuir na múinteoirí i do scoileanna áitiúla ar an eolas faoi na hacmhainní oideachais atá le híoslódáil ag www.epa.ie/researchandeducation/education

• Léigh treoir-dhoiciméid agus comhairle ón EPA maidir le raon ábhar ar cháilíocht an aeir agus bainistíocht dramhaíola ag www.epa.ie/downloads/advice

• Féach ar thaifid físeán ar raon leathan saincheisteanna comhshaoil ag www.epa.ie/downloads/videos

• Tá treoir-dhoiciméid a chuimsíonn raon leathan gníomhaíochtaí ar fáil ag www.epa.ie/downloads/advice

• Bain úsáid as an amharcóir léarscáileanna idirghníomhach ENViron chun rochtain a fháil ar léarscáileanna comhshaoil idirghníomhacha na hÉireann. Zúmáil isteach ar do chontae nó do bhaile fearainn chun eolas mionsonraithe a fháil, nó féach ar an bpictiúr mór. Chun féachaint ar na léarscáileanna, téigh chuig www.epa.ieagus cliceáil ar EPA Maps sa chúinne thuas ar dheis

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 10

Page 11: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

Bí cinnte go ndéanann tú do chuid chun comhshaol na hÉireann a chosaint

• Faigh amach faoi na sraitheanna éagsúla oibre um chosaint an chomhshaoil a dhéanann an EPA, agus faigh

amach conas is féidir leatsa cabhair a thabhairt, trí pháirt a ghlacadh, aighneacht a dhéanamh, nó athrú a

dhéanamh i do shaol féin. Túsphointí maithe iad na codanna What We Do (www.epa.ie/whatwedo) agus The

Environment and You (www.epa.ie/environment) de láithreán gréasáin an EPA - agus lean na naisc a

bhaineann leatsa.

• Tá Láraonad um Cheisteanna Comhshaoil bunaithe ag an EPA. Is féidir le daoine dul i dteagmháil leis an Aonad

tiomanta seo le haon cheist a bheidh acu faoi chúrsaí comhshaoil. Is féidir dul i dteagmháil leis an Aonad ar

uimhir Lóghlao an EPA thíos, nó trí ríomhphost ag [email protected].

• Téigh i dteagmháil leis an EPA ag Lóghlao 1890 335599 chun tuilleadh faisnéise a fháil.

Faisnéis Teagmhála:

Ceanncheathrú an EPA, Bosca Oifig Phoist 3000, Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach, Co. Loch GarmanLóghlao: 1890 335599 ríomhphost: [email protected] láithreán gréasáin: www.epa.ie/about/contact(Tabhair faoi deara go n-athraíonn na rátaí a ghearrtar chun uimhreacha 1890 (Lóghlao) a úsáid i measc na soláthraithe seirbhíse éagsúla).

Lean muid ar Twitter: www.twitter.com/EPAIreland www.twitter.com/EPAClimateNews

www.twitter.com/EPAResearchNews

Féach ar ár gcainéal ar YouTube: www.YouTube.com/EPAIreland

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 11

Page 12: An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil with EPA Irish.pdfIs í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil a thugann cosaint don chomhshaol ar mhaithe le gach duine sa tír. Rialaímid

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, Bosca Poist 3000, Eastát Chaisleán Bhaile Sheonach, Contae Loch Garman, Éire.

Teil: +353 916 0600 Facs: +353 916 0699 Lóghlao: 1890 33 55 99 Ríomhphost: [email protected] Láithreán Gréasáin: www.epa.ie

(Tabhair faoi deara go n-athraíonn na rátaí a ghearrtar chun uimhreacha 1890 (Lóghlao) a úsáid i measc na soláthraithe seirbhíse éagsúla).

Lean muid ar Twitter: www.twitter.com/EPAIreland www.twitter.com/EPAClimateNews www.twitter.com/EPAResearchNews

Féach ar ár gcainéal ar YouTube: www.YouTube.com/EPAIreland

interacting with EPA IRISH Version 29/03/2011 10:49 Page 12