an tÍosmhéid pairéimeolaíochta san fhoclóireacht dátheangach: anailís … · 2017. 9. 7. ·...

57
An tÍosmhéid Pairéimeolaíochta san Fhoclóireacht Dátheangach: Anailís ar chás na Gaeilge. Proinséas Ní Chatháin 32004903 IRS504C1 07/02/2006

Upload: others

Post on 02-Feb-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • An tÍosmhéid Pairéimeolaíochta san Fhoclóireacht Dátheangach: Anailís ar

    chás na Gaeilge.

    Proinséas Ní Chatháin 32004903 IRS504C1

    07/02/2006

  • 2

    Buíochas

    Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr. Marcas Mac Coinnigh a mhol an t-

    ábhar seo dom agus a thug an-chomhairle agus treoir dom. Tá mé buíoch fosta de

    Fhionnuala Carson Williams, a lig go fial dom staidéar a dhéanamh ar a cuid

    bailiúcháin , agus a thug cuidiú dom gan leisce dá laghad. Ba mhaith liom buíochas a

    ghabhail fosta le Daithí Ó Muirí agus le Peadar De Rás a bhí brea toilteanach

    dreachtaí a léamh dom gan téarma ar bith. Ní dhéanaim dearmad ach an oiread, ar

    fhoireann na leabharlainne a chuidigh go mór liom le linn na n-uaireanta fhada a

    chaith mé ina measc.

  • 3

    Achoimre

    Sa mhiontráchtas seo, tá anailís foclóireachtach ar an seanfhocal sa Ghaeilge. Tá

    staidéar déanta ar thitim an tseanfhocail in English-Irish Dictionary ag Tomás De

    Bhaldraithe. Cuirtear san áireamh, anailís ar thábhacht agus oiriúnacht na seanfhocal

    seo i gcomhthéacs idirnáisiúnta. Díritear áird ar shainmhiniú an tseanfhocail agus na

    himpleachtaí atá aige sin ar an fhoclóireacht go ginearálta, agus níos cruinne sa

    Ghaeilge.

  • 4

    Giorrúcháin

    EID English- Irish Dictionary. An Gúm, Baile Átha Cliath. 1992.

    FB An Foclóir Beag. An Gúm, Báile Átha Cliath.

    FED Harraps shorter French and English Dictionary (Part Two, English and French), 1944.

    FGB Foclóir Gaeilge-Béarla. Eag. Niall Ó Dónaill, 1977.

  • 5

    Gluais

    Íosmhéid Pairéimeolaíochta - Paremiological Minimum

    Pairéimeagrafaíocht - Paremiography

    Pairéimeolaíocht - Paremiology

  • 6

    Clár Ábhar

    CAIBIDIL 1: An Seanfhocal…………………......................................................….8

    1.1 Sainmhíniú an tSeanfhocail………….............................................….9

    1.2 Íosmhéid Paireimeolaíochta……………...........................................10

    1.3 Stair na Seanfhoclaíochta………….............................................…..12

    CAIBIDIL 2: An Fhoclóireacht………………...........................................................15

    2.1 Stair fhoclóireachta na Gaeilge………..............................…………..16

    2.2 Foclóir de Bhaldraithe………..............................................................17

    CAIBIDIL 3: Aidhmeanna...........................................................................................19

    CAIBIDIL 4 : Torthaí...................................................................................................23

    4.1 Tábla 1: Seanfhocail aicmithe de réir an giorraithe ‘Prov.’ atá le fáil in

    English Irish Dictionary.......................................................................24

    4.11 Eochair thábla 1.................................................................................25

    4.2 Tábla 2 : Seanfhocail Béarla EID atá le fáil in FED...........................27

    4.3 Anailís ar sheanfhocail EID................................................................29

    4.4 Tábla 3 : Lorg seanfhocail de Bhaldraithe in FGB..............................34

    4.5 Anailís ar thábla 3................................................................................36

    4.6 Seanfhocail Ghaeilge i gcomhthéacs na hEorpa................................37

    4.7 Tábla 4: Seanfhocail Paczolay (European proverbs in 55 languages),

    agus seanfhocail EID atá lé fáil ann...................................................39

    4.71 Eochair thábla 4.................................................................................44

    4.9 Anailís ar thábla 4................................................................................44

    CAIBIDIL 5: Conclúidí................................................................................................48

    5.1 Tábla 5: Seanfhocail atá in EID de réir giorrucháin agus crostagairt le

    Paczolay............................................................................51

    LEABHARLIOSTA.....................................................................................................56

  • 7

    Innéacs do na táblaí

    Tábla 1: Seanfhocail aicmithe de réir an giorraithe ‘Prov.’ atá le fáil in English Irish

    Dictionary......................................................................................................24

    Tábla 2 : Seanfhocail Béarla EID atá le fáil in FED....................................................27

    Tábla 3 : Lorg seanfhocail de Bhaldraithe in FGB......................................................34

    Tábla 4: Seanfhocail Paczolay (European proverbs in 55 languages), agus

    seanfhocail EID atá lé fáil ann...................................................................39

    Tábla 5: Tábla 5: Seanfhocail atá in EID de réir giorrucháin agus crostagairt le

    Paczolay.........................................................................................................48

  • 8

    CAIBIDIL 1

    AN SEANFHOCAL

  • 9

    Caibidil 1: An Seanfhocal

    1.1 Sainmhíniú an Seanfhocail

    ‘Seanabairt a léiríonn firinne nó nós is coir a leanúint.’ (FB:Gluais)

    Ní léargas leathan a thugtar dúinn ar shainmhíniú an tseanfhocail in ‘An Foclóir

    Beag’ ar chor ar bith, ach fiú go dtí an lá atá inniú ann, níor cumadh go fóill deifníd

    choincréiteach ar an seanfhocal, cé go bhfuil na saineolaithe go fóill á phlé;

    ‘To offer a brief, yet workable definition of a proverb, especially with the verbal phrase included, is well nigh impossible.’ (Whiting, 1932:273-307)

    Is cinnte gur gné den bhéaloideas atá ann, ráiteas traidisiúnta a bhíonn in úsáid i

    measc na ndaoine mar ghléas cumarsáide. Leathnaítear ó bhéal go béal é, agus le

    gairid, trí na meáin cumarsáide, i bhfoghraíocht i gcláir foghraíochta ar an teilifis,

    agus i gceannlínte i bpáipéar nuachta. Tá cuid mhór teoiricí, áfach, ar shainmhiniú an

    tseanfhocail féin, (féach Mieder 1996:597, Dundes 1975:961).Deirtear gur

    eagnaíocht é mar atá le fáil in ‘is é an ceannaí moch an dhéanann an margadh’, nó

    píosa comhairle mar atá in ‘is é cosaint na pingine a chruachas na puint’, ceacht a

    theagasc, ‘is fearr beagán den ghaol ná mórán den charthanas. Leithidí ‘is ciúin iad na

    linnte lána’ ina thugtar rabhadh, nó comparáid mheafarach, ‘chomh folláin le breac’.

    Mar sin de, an gcaithfidh an abairt ceann de na foirmeacha seo a ghlacadh chun é a

    chruthú mar sheanfhocal? Ar a bharr sin, má bhreactar síos an focal féin, ‘Sean-

    fhocal’, tugtar leid dúinn go mb’fhéidir go gcaithfidh an ráiteas bheith i gcúrsaíocht le

    linn méid áirithe ama le bheith ina fhíorsheanfhocal. Cuireann Wolfgang Mieder an

    cheist maidir leis an sainmhíniú, an fhadhb dhiacrónach, go gcaithfidh seanfhocal

    bheith in úsáid le méid áirithe ama, agus an fhadhb shioncrónach, go gcaithfidh

    minicíocht éigean a bheith ag an ráiteas chun é a chruthú mar sheanfhocal. An ionann

    seo agus stádas seanfhocail a ísliú nuair nach mbíonn sé in úsáid níos mó? Má bhíonn

    leaganacha malartacha ag seanfhocal, an seanfhocail iad uilig? Cé nach mbeadh an

    cúrsaíocht ag cuid acu comh mór agus a bheadh ag leagan eile de. Mar shampla, ‘Is é

    cosaint na pingine a chruachas na puint,’ agus leagan eile de; ‘An punt a chailleadh ag

    lorg na pingine’. An teachtaireacht chéanna a bhaineann leis an bheirt acu, ach ní

    féidir a rá gurb ionann iad mar is an-difriúil iad fosta, maidir le structúir. An

    seanfhocail iad beirt, nó an nglactar gurb é an ceann is coitianta acu an

  • 10

    ‘fíorsheanfhocal? Cad faoi seanfhocail nach n-úsáidtear ach go háitiúil? Mar shampla,

    i measc pobail ar leith, an féidir leo dul in iomaíocht le seanfhocail a bhíonn in úsáid

    ar fud an domhain? Is mar gheall ar an doiléireacht a aithnitear an gá atá ann deifiníd

    a chumadh ar an seanfhocal;

    ‘A definition of the proverb genre, even a most tentative definition, should be useful to any form of proverb research’ (Dundes, 1975:961)

    Ach in anneoin an mhearbhaill a bhaineann le sainmhíniú an tseanfhocail, fonn a

    dhéanas fiach agus tá deifnídí cumtha ag an chuid is mó de na scoláirí

    seanfhoclaíochta, an ceann is simplí agus is cuí go dtí seo ná an sainmhíniú a mhol

    Wolfgang Mieder (1996:597)

    ‘Proverbs are short, generally known sentences of the folk that contain

    wisdom, truths, morals and traditional views in a metaphorical, fixed

    and memorizable form that are handed down orally from generation to

    generation’

    1.2 Íosmhéid Pairéimeolaíochta

    Is gné an-tábhachtach é an litearthacht chultúrtha de chuid an domhain sa lá atá inniú

    ann. Leis ‘an domhan’ ag éirí níos lú gach lá, ní bheadh gnáthimeachtaí an lae ábalta

    dul ar aghaidh gan an litearthacht seo ag daoine. Thitfeadh an córas maireachtala atá

    againn as a chéile nuair nach mbeadh daoine in ann fiú cumarsáid a dhéanamh lena

    chéile.

    ‘To be culturally literate is to possess the basic information needed to thrive in the modern world,’(Hirsch 1987:223)

    Is pointe leathan é seo, ach maidir le teangacha is féidir é a caolú, agus a rá go

    gcaithfear méid áirithe eolais bheith ag duine i dteanga amháin, le go mbeidh siad

    ábalta cumarsáid feidhmiúil a dhéanamh sa teanga sin.

    ‘Where communications fáil….. so do the undertakings’ (Hirsch 1987:222)

    I measc na ‘rudaí’ seo, tá fuaimeanna, comhréir agus ciall mar bhunscileanna, ach ar a

    bharr sin, is mór an tábhacht ag an fhoclóireacht, leithidí cora agus nathanna cáinte,

    meafair agus ar ndóigh, seanfhocail. An ‘íosmhéid pairéimeolaíochta’ an t-ainm a

  • 11

    thugtar ar an mhéid is lú eolas seanfhoclacha is gá a bheith ag duine le cumarsáid líofa

    a dhéanamh sa teanga sin. Mar shampla, deirtear ‘Buail an t-iarann nuair atá sé te’ in

    áit ‘Is fearr rud a dhéanamh nuair atá na coinniolacha is foirsteanaí ann leis an rud sin

    a dhéanamh leis na torthaí is fearr a bhaint amach’. Má dhéantar tagairt le linn

    cumarsáide do rud éigin, gan sainmhíniú a thabhairt, glactar gur ‘eolas coitianta’ atá

    ann agus gur páirt de litearthacht chultúrtha na sochaí sin é. Thiocfadh gur fhairsing

    mhór a bheith i gceist mar i ‘Ní mar a síltear a bhítear’ atá le fáil fud fad an domhain,

    níos coitianta ina leagan Béarla, áfach, ‘Things are not always as they seem’, atá mar

    phíosa litearthachta chultúrtha an domhain, nó b’fheidir go mbeadh fairsinge an eolais

    ar sheanfhocal teoranta chuig pobal, nó áit áirithe amháin, mar shampla ‘Arsa

    Cailleach Mhaigh Eo le Cailleach Thír Eoghain: 'An té a bheas go maith duit, bí go

    maith dó'’, sa chás seo ní bheadh aitheantas ag an fhocal sin ach taobh amuigh

    d’Éirinn ach b’fhéidir go mbeadh leagan difriúil ann dó. Daoine a bhfuil taithí acu ar

    chúlra seanfhocail éigin, bheadh seans ní b’fhearr acu é a thuigbheáil, mar shampla

    ‘chomh salach le teach na gcearc’, ní bheadh iomra den seanfhocal seo taobh istigh

    den chathair, ach cibé ar bith caithfidh an t-eolas seanfhoclach seo a bheith ar a dtoil

    ag daoine atá ag iarraidh tréithe an chainteoira líofa a bhaint amach, nó fiú a bheith

    ábalta cumarsáid a dhéanamh gan dua sa spriocteanga nó sa suíomh áirithe sin. Is

    tábhachtach mar sin, eolas ar an íosmhéid pairéimeolaíochta a bheith ar a dtoil agus in

    úsáid ag foclóirí dátheangacha agus iad ag obair ar fhoclóirí agus áiseanna foghlama.

    Rudaí a bhíonn in úsáid ag muinteoirí teangacha agus ar ndóigh ag na foghlaimeoirí

    féin, agus iad ag iarraidh cumas agus ábaltacht an chainteoira dhúchais a bhaint

    amach, le go gcuirfear an íosmhéid seanfhoclach ar fáil do na daoine seo. Mar le

    meath na gcainteoirí dúchasacha sa Ghaeilge, dá mbeadh gach foghlaimeoir teanga ag

    bráth ar rialacha gramadaí agus an fhoclóireacht amháin, ní bheadh a leithead de

    shaibhreas teanga ann, agus bheadh an chumarsáid mheafarach daortha chuig na

    leabhair staire.

    ‘Proverbs continue to be effective verbal devices, and culturally literate persons, both native and foreign must have a certain paremiological minimum at their disposal to participate in meaningful oral and written communication’.(Mieder, 1992:313).

  • 12

    1.3 Stair na Seanfhoclaíochta

    1.Stair na Seanfhoclaíochta Ní ábhar faisiúnta nua é an seanfhoclaíocht atá i ndiaidh a aimsiú le déanaí. Cé gur

    thainig leathnú mór idirnáisiúnta ar an ábhar le blianta beaga anuas, an mhalairt ar fad

    atá fíor. Cuireadh le chéile na cnuasaigh seanfhocal is luaithe 2500 bliain roimh

    Chríost, agus táibléid dingcruthacha an tSuméir. Chomh maith le sin, aimsíodh

    seanfhocail a bhailíodh le linn na dtréimhsí clasaicí ag na Gréagaigh agus ag na

    Romhánaigh (Mieder/Dundes,1994:réamhrá) Áit eile ina bhfuil ábhar seanfhoclach le

    fáil ná an Bíobla, agus fosta i scríbhneoireacht diaganta eile sa domhan. Cuid de na

    seanfhocail seo, tá siad go fóill ann inniú. Rinneadh iad a choinnéail beo tríd an

    traidisiún béil, agus an ‘focal scríofa’. Ceann de na cnuasaigh is tábhachtaí ná

    ‘Adagia’ ina bhfuil na céadta seanfhocal clasaiceacha agus Bíobalta, ag Erasmus de

    Rotterdam a cuireadh le chéile thart ar 1500.

    Ach is fada an t-achar a tháinig an seanfhoclaíocht ó laethanta Erasmus, tá

    pléascadh tágtha ar an ábhar. Sa lá atá inniú ann, is ollmhór an méid oibre atá á

    dhéanamh sa seanfhoclaíocht fud fad an domhain, ag scoláirí ó réimsí éagsúla staidéir,

    idir antraipeolaithe, béaloidithe, teangeolaí , staraithe agus siceolaí. Feidhmíonn sé

    anois mar pháirt shúntasach an ráiteachais, agus na teangeolaíochta go gineáralta. Is

    leathan fosta réimse na gcineálacha staidéir a dhéantar ar an seanfhocal, staidéir

    stairiúil agus comparáideach, staidéar ar théamaí seanfhocail, staidéar liteartha,

    bailiucháin seanfhocal, fiosrú ar fhoirmeacha agus leaganacha malartacha an

    tseanfhocail, aistriúcháin agus staidéar ar fad agus ar chúrsaíocht na seanfhocal

    áirithe. I measc na scolairí atá chun tosaigh ar an ábhar seo, tá Archer Taylor,

    Wolfgang Mieder, agus Alan Dundes. Le méid na n-alt agus an taighde atá á

    dhéanamh na laethanta seo chaithfí iad a chur ar fáil do na scolairí éagsúla a mbeadh

    suim acu iontu. Sa bhliain 1984, foilsíodh Proverbium: Yearbook of International

    Scholarship den chéad uair. Foilsítear ar bhonn bliantúil é agus ailt ag scoláirí

    idirnáisiúnta ar ghnéithe éagsúla an seanfhocail a bhíonn istigh ann. Tá Wolfgang

    Mieder ina eagarthóir, duine atá ar thus cadhnaíochta san am i láthair maidir leis an

    seanfhoclaíocht. (Féach Mieder:1993). Le bogadh chun tosaigh an siceolaíocht agus

    an sochshiceolaíocht, tá an seanfhoclaíocht anois ar ardán idirnáisiúnta, agus tá

    seanfhocail fiú anois in úsáid mar chuid de fáithmheas na scitsifréine.

  • 13

    Mar sin de, ábhar ildiscliplíneach atá sa seanfhoclaíocht anois, agus is gan críoch na

    brainsí éagsúla stáidéir a eascraíonn uaidh. Téann tradisiún na paireimeagrafaíochta

    na mílte blianta siar ach is mór an bogadh chun tosaigh a rinneadh ó ré na Gréagach

    maidir le bailiú na seanfhocal. Faightear an t-ábhar seanfhoclach as leithidí litríochta

    agus téacsanna diaganta nó trí mhodhanna samplóireachta agus obair allamuigh a

    úsáid, a bhíonn bunaithe ar ‘corpus’, mar shampla, Raymond Doctor agus é ag obair

    ar ‘ A paremiological minimum for Gujarati proverbs’(2005:51). I measc na

    gcnuasach tábhachtach seanfhocal eile, tá ‘Sprichwörterbibliographie’ ag Otto Moll

    (1958), agus ‘Európaí Közmondások 55 nyelven’(2002) ag Gyula Paczolay, agus

    ‘Modern proverbs and proverbial sayings’ ag B.J. Whiting.(1989)

    Gné thábhachtach eile na seanfhoclaíochta is ea an phairéimeolaíocht, staidéar

    eolaíoch ar an seanfhocal a bhaineann le cúrsaí structúrtha, séimeantacha agus cúrsaí

    séimeolaíocha, agus is le gairid a ardaíodh suim san ábhar seo. Baineadh úsáid as

    torthaí an taighde seo le tréithe an tseanfhocail a aithint, rud a chuidigh leis ‘an gad is

    giorra’ i dtaca leis an phaireimeolaíochta, is é sin sainmhíniú an tseanfhocail. Dar le

    Mieder (1993:9) ‘ the more ‘proverbial markers’ a statement has, the greater its

    chance to become proverbial’ Sa bhliain 1986, mar pháirt de ‘The Sixth International

    Congress For Folk Narrative Research’ in Helsinki, eagraíodh siompóisiam ar an

    phairéimeolaíocht. Thainig saineolaithe ar an ábhar le chéile ó gach cearn den domhan

    cúrsaí pairéimeolaíochta a phlé. Ina measc bhí Grigorii Permyakov agus Matti Kuusi

    atá ina gceannródaithe ar an ábhar seo. An chéad teacht le chéile mar seo a bhí ann,

    agus céim eile chun tosaigh maidir leis an phairéimeolaíocht. Aithníonn Alan Dundes

    an aistriú treo ar staidéar ar an seanfhocal;

    ‘In the twentieth century, thanks in part to the influence of the social science, there has been a shift away from purely literary and historical studies of proverbs’(1975:961-973).

    Is dea-rud le feiceáil go bhfuil an méid seo dul chun cinn sa ghort, ach go fóill tá

    achar fada le dul sa ghort. Cé go bhfuil an meid seo ag tarlú i réimse na

    pairéimeolaíochta, is cosúil go bhfuil an Ghaeilge ag titim chun deiridh ar na

    teangacha eile. Is gann an meid taighde a rinneadh ar an seanfhocal sa Ghaeilge i

    gcomparáid le. Mar shampla an Béarla agus an Rúisis, mar aon leis na teangacha

    Lochlannacha. Tá neart bailiúchán seanfhocal sa Ghaeilge, áfach; Seanfhocail na

    Mumhan, An Seabhac (1926), Seanfhocla Chonnacht, Ó Máille (1948), Seanfhocail

    Uladh, Ó Muirgheasa (1907), A Miscellany of Irish Proverbs, T.F. O’Rahilly (1922),

  • 14

    agus níos déanaí, Irish Proverbs ag Fionnuala Carson Williams (2000), agus leabhair

    neamhacadúla a bhíonn ar fáil, mar shampla, do thurasóirí agus do pháistí scoile. Cé

    go bhfuil na cnuasaigh seo ann, is ó thaobh an taighde de a bhfuil na bearnaí le

    líonadh sa Ghaeilge. Tá taighde déanta agus níos mó ná 20 alt scríofa ag Fionnuala

    Carson-Williams, mar shampla, 'Wellerisms in Ireland, towards a corpus from oral

    and literary sources,(1995). Agus ag Marcas Mac Coinnigh, ‘Foirmeacha

    Seanfhoclach na Gaeilge: Aicmiú agus Catagóiriú,’(2005). mar aon leis an tráchtas

    aige, ‘Anailís ar an seanfhocal sa Ghaeilge’.(2004). Níl ann san obair cheannródach

    seo ach sú talún i mbéal buláin, agus, nochtann sé na bearnaí atá le líonadh i

    seanfhoclaíocht na Gaeilge. Caithfear taighde úr a dhéanamh sa ghort agus caithfear

    modheolaíochtaí idirnaisiúnta a chur i bhfeidhm ar sheanfhocail na Gaeilge, anailís

    chomparáideach ina measc. Fiú dá dtosnódh scoláirí seanfhoclaíochta na Gaeilge ar

    an obair seo, tá roinnt mhaith eile le déanamh go dtí go mbeidh muid fiú ag tarraingt

    ar chaighdéan na dtíortha eile.

  • 15

    CAIBIDIL 2

    AN FHOCLÓIREACHT

  • 16

    Caibidil 2: An Fhoclóireacht

    2.1 Stair foclóireachta na Gaeilge

    Is lárnach an foclóir maidir le staidéar ar bith a bhaineann le teanga, idir sainmhíniú

    focal ina dteanga féin, agus focail ar leith a aistriú ó theanga amháin go sprioctheanga

    eile. Is gléas riachtanach é do mhúinteoirí nuair a fheidhmníonn sé mar chuan tágartha

    agus d’fhoghlaimeoirí agus iad ag iarraidh neamhspleáchas foghlama a fháil, agus a

    gcuid foclóireachta a leathnú. Is féidir tuairisc fhoclóireachtach na Gaeilge a fháil a

    fhad siar chuig cúig mhíle bliain ó shin, chuig na ‘Sanasa’, agus an ceann is cluití acu,

    ‘Sanas Cormac’ ag Cormac Mac Cuileannáin a fuair bás in 908. Scríobh Richard

    Plunkett an chéad fhoclóir mór dátheangach i 1662, foclóir Laidine a bhí ann, ach níor

    foilsíodh é sa deireadh ach baineadh cuid mhór úsáide as ag foclóirí eile a tháinig ina

    dhiaidh. D’fhoilsigh Conchubhar Ó Beaglaoich an chéad fhoclóir Béarla-Gaeilge i

    bParas i 1732 agus foilsíodh an chéad fhoclóir Gaeilge-Béarla sa chathair chéanna

    níos mó na tríocha bliain ina dhiaidh ag Seán Ó Briain. Tháinig roinnt mhaith foclóirí

    amach idir an 19ú agus an 20ú céad, agus ina measc tá Foclóir Gaeilge-Béarla ag

    Niall Ó Dónaill, a tháinig amach in 1977, agus English-Irish Dictionary ag Tomás de

    Bhaldraithe (1959). Tá siad seo beirt anois ar na foclóirí is mó úsáid ag pobal

    labhartha agus foghlama na Gaeilge, agus is ar an dara ceann acu a bheas an cuid is

    mó de mo thaighde bunaithe.

    Obair thábachtach atá ag foclóirí, agus iad ag déanamh eagraíochta ar chorpais

    an eolais le dul isteach sna foclóirí, tá na mílte íontrálacha le gearradh amach, agus

    caithfidh siad idirdhealú a dhéanamh idir cad iad na cinn is oiriúnaí le dul isteach.

    Maidir le seanfhocail, ardaítear fadhb eile, mar aon le feiniméan teanga ar bith, tá

    corpus na seanfhocal i gcónaí ar fhéithbhogadh, agus caithfear gnéithe eile a chur san

    áireamh, an ghné shioncrónach agus an ghné dhiacrónach. Mar sin de, caithfidh go

    rachadh ábhar seanfhoclach sna foclóirí as dáta, nach mbeadh an t-eolas cuí ann ar

    sheanfhocail an phobail. Foilsíodh an foclóir Gaeilge is déanaí den chéad uair 29

    bliain ó shin agus is féidir go imreoidh é seo tionchar ar óiriúnacht an ábhair

    foclóireachta atá ann. Is tábhachtach, áfach, go gcuirtear an t-íosmhéid

    paireimeolaíochta ar fáil sna foclóirí, mar is iad na h-áiseanna is mó úsáid ag na

    foghlaimeoirí, leis an t-íosmhéid seo a bhaint amach astu.

  • 17

    2.2 Foclóir de Bhaldraithe

    Rugadh Tomás de Bhaldraithe i mBaile na Cora, Co. Luimní in 1916. D’fhreastail sé

    ar Choláiste Belvedere i mBaile Átha Cliath, agus ansin ar Choláiste na hOllscoile, sa

    chathair chéanna, áit ar bhain sé BA amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis. Chuaigh sé

    ar aghaidh ansin agus fuair sé MA agus PhD sa Ghaeilge. Chaith sé seal fosta i Scoil

    an Léinn Cheiltigh, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, agus in Ollscoil Pharas.

    Scríbhneoir agus eagarthóir a bhí ann, agus an leabhar is clúití aige ná English-Irish

    Dictionary a tháinig amach in 1959. Mar aon le Foclóir Gaeilge-Béarla ag Niall Ó

    Dónaill, tá siad beirt ar na foclóirí is tábhachtaí , agus is mó tagartha ag ciorcail

    Ghaeilge sa lá atá inniu ann, go háirithe ó thaobh an chaighdeáin de.

    Agus ag scríobh an fhoclóra do, bhain de Bhaldraithe úsáid as ‘Harraps Shorter

    French and English Dictionary’, (London 1960), mar chreatlach, agus is é an aidhm a

    bhí aige ná foirmeacha coibhéiseacha a sholáthar ar fhrásaí agus ar fhocail Bhéarla in

    úsáid choitianta. Mar sin de, ábhar Béarla, aistrithe go Gaeilge amháin atá ann. Mar

    gheall air seo, shílfeá go mbeadh ábhar cainte agus scríofa na Gaeilge fágtha ar lár.

    An foclóir lochtach é seo ón tús?

    ‘There are many thousands of words and phrases in current use in the

    Gaeltacht which will not be found here, because they are not the

    equivalents of common English.’(EID:Preface).

    Cé go n-adhmaítear go bhfuil an t-ábhar Gaeilge seo fágtha ar lár, an fiú foclóir

    dátheangach a scríobh, é dírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga sin, gan ábhar cainte de

    chuid an sprioctheanga sin a chur ar fáil? Ní hionann teangacha ar bith, focal ar

    fhocal, agus tá féidearthacht go gcaillfear leithéidí nathanna cáinte agus seanfhocail sa

    dóigh seo nuair nach gcuirtear ar ‘t-íosmhéid eolais’ ar fáil sna leabhair foghlama.

    Ní thugtar léargas mór ar na modhanna eagarthóireachta a d’úsáid de

    Bhaldraithe agus é ag roghnú an ábhair le dul isteach san fhoclóir, go háirithe i dtaca

    leis na seanfhocail, ach go bhfuair sé an ábhar Béarla as Harraps Shorter French and

    English Dictionary. Insítear fosta gur baineadh úsáid fosta as leithidí lámhscríbhinní,

    ach níl mórán eile faoi;

  • 18

    ‘Only a selection of the Irish material collected by the dictionary staff, from printed and manuscript sources appears in this dictionary.’(EID:Preface).

  • 19

    CAIBIDIL 3

    AIDHMEANNA

  • 20

    Caibidil 3: Aidhmeanna

    Cé nach bhfuil mórán staidéir déanta ar an ábhar seo, tá taighde déanta ag

    Fionnuala Carson-Williams ar lorg seanfhocal Gaeilge, Irish Proverbs and

    Európai Közmondások (Acta Ethnographica Hungarica,2005:45), d’amharc

    sí i leabhair éagsúla Gaeilge, EID ina measc. I ndiaidh tagairt a dhéanamh

    do liosta s’aici, d’aimsigh sí 333 seanfhocail le fáil in EID, 200 acu

    seanfhocail Béarla, agus 133 seanfhocail Ghaeilge.

    ‘ I did not choose i.e. ‘select’ proverbs, i attempted to index all the proverbs in it, whether or not they were marked ‘Prov.’..........they are a complete sentence, they stand out from everyday language as they often contain rhyme or alliteration or are in a certain metre.’1

    San foclóir EID, tugtar foirmeacha coibheasacha ar fhocail, chomh maith le

    habairtí samplacha, inscne an fhocail agus ag cuid acu, tá cora cainte, nó seanfhocail a

    bhain leo, in éineacht leis an fhocal. De réir clár scaoilte na nod (FED:Abbreviations)

    atá in EID, Tugtar an giorrú ‘Prov’ ar sheanfhocal ar bith a nochtar san fhoclóir.

    Bíonn an leagan Béarla i gcló trom, agus an leagan Gaeilge i ngnáthcló ina dhiaidh.

    Leis na seanfhocail a aimsiú, rachaidh mé tríd na iontrála uilig agus ráiteas ar bith a

    bhfuil an giorrú ‘Prov’ leis, mar sin de aicmithe ag de Bhaldraithe mar sheanfhocal ,

    déanfaidh mé é a chur isteach i mo liosta.

    De bhrí gurb é foclóir EID an príomhfhoclóir Gaeilge go Béarla atá in úsáid ag

    foghlaimeoirí sa lá atá inniu ann, bheinn ag dúil le go mbeadh roinnt mhaith ábhar

    Gaeilge d’fhoghlaimeoirí ann, agus i dtaca leis an cultúr, roinnt mhaith seanfhocail.

    Mar a dúradh cheana féin, is riachtanach go bhfuil an t-íosmhéid pairéimeolaíochta

    ag cainteoir teanga chun cumarsáid líofa a dhéanamh, agus is é an spriocábaltacht sin

    a bhíonn gach aon foghlaimeoir teanga ag obair chuige.

    Cé nach bhfuil ann ach foclóir, agus an phríomhaidhm ag foclóirí na haistriúchán

    a dhéanamh, caithfear an t-eolas seo a chur ar fáil, agus is iad na foclóirí na céad

    phointí tagartha a bhíonn ag foglaimeoirí. Is é an aidhm atá agam ná fiosrú a

    dhéanamh ar thitim an ábhair Gaeilge, seanfhocail go beacht, in EID. Chuige sin, tá

    súil agam go mbeidh mé ábalta fáil amach cad iad na seanfhocail atá in úsáid ag na

    ndaoine, nó a bheadh úsáideach ag foghlaimeoirí, dar le de Bhaldraithe, ca mhéad

    1 Ríomhphost a fuair mé ó Fionnuala Carson Williams (07/02/2006)

  • 21

    iontu atá ann, agus na himpleachtaí a bhaineann leis na torthaí. Leis sin déanta agam,

    ta sé mar aidhm agam oiriúnacht EID mar áis fhoghlamtha a mheas.

  • 22

    CAIBIDIL 4

    TORTHAÍ

  • 23

    Caibidil 4: Torthaí

    Rinne mé staidear ar ‘English-Irish Dictionary’ ag Tomás de Bhaldraithe, agus

    chláraigh mé na seanfhocail uilig a bhí aicmithe aige, leis an ghiorrú atá ceaptha aige,

    ‘Prov’. Ar an chéad leathanach eile atá tábla na dtorthaí. Sa chéad cholún, tá an

    ceannfhocal ann de réir mar a bhfuil an seanfhocal mar iontráil san fhoclóir. Sa dara

    colún tá an seanfhocal Béarla ann, agus sa triú colún an leagan Gaeilge. Sa ceathrú

    colún taispeántar an leathanach ar a bhfuil an seanfhocal le fáil, agus sa cuigiú colún,

    taispeántar cé acu seanfhocail is aistriúcháin litriúla iad.

  • 4.1 Tábla 1: Seanfhocail aicmithe de réir an giorraithe ‘Prov.’ atá le fáil in English Irish Dictionary.

    Ceannfhocal Seanfhocal Béarla Seanfhocal Gaeilge Lch. Aistriúchán litriúil?

    1. accident Accidents will happen. Nuair a thig an chaill tig an fhaill; ní leithne an t-aer ná an timpiste.

    5 X

    2. alone Let well alone. Nuair atá tú go sóúil fulaing thú féin. 21 X 3. angel Talk of angels and you will hear the flutter of

    their wings. Tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).

    25 X

    4. beauty Beauty is in the eye of the beholder. folaíonn grá grain; nochtann grá gnaoi. 56 X 5. beggar Beggars cannot be choosers. Is buí le bocht an beagán. 58 X 6. begin A good beginning is half the battle. Dhá thrian cuidithe tosú. 58 X 7. bird The early bird catches the worm. Is é an ceannaí moch an dhéanann an margadh. 65 X 8. bird A bird in the hand is worth two in the bush. Is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn. 65 X 9. bite Once bitten twice shy. An té a bhuailtear sa cheann bíonn an eagla air. 66 X 10. blood One can’t get blood out of a stone. Is doiligh olann a bhaint de ghabhar. 70 X 11. blood Blood will tell. Gach uige mar a hábhar. 70 X 12. breed What is bred in the bone comes out in the flesh. An rud a bheirtear sa chnámh is doiligh a bhaint as an

    bhfeoil. 83 X

    13. cup There’s many a slip ‘twixt the cup and the lip. Is minic a bádh long lámh le cuan. 164 X 14. friend The best of friends must part. Is é dan na gcairde scaradh. 279 X 15. friend A friend in need is a friend indeed. Aithnítear cara i gcruatan, cara na cruóige; in am na

    cruóige a bhraitear an chabhair. 279 X

    16. glass People in glass houses should not throw stones. (i) Achasán na hóinsí don amaid; (ii) Cibé atá saor caitheadh sé cloch.

    299 X

    17. glitter All is not gold that glitters. Ní théann áilleacht thar an gcraiceann. 300 X 18. horse It’s a good horse that never stumbles. Níl coill ar bith gan brosna a loiscthe ; ní bhíonn saoi

    gan locht. 345 X

  • 25

    19. mend Least said soonest mended. Níor bhris béal iata fiacail riamh. 445 X 20. mind Great minds think alike. Tuigeann fáidh fáidh eile. 450 X 21. penny In for a penny in for a pound. Ó loisc mé an choinneal loiscfidh mé an tórlach. 520 X 22. penny Take care of the pence and the pounds will take

    care of themselves. Is é cosaint na pingine a chruachas na puint. 520 X

    23. possession Possession is nine points of the law. Is minic gur fearr ‘agam’ ná ‘liom’. 541 X 24. prophet No man is a prophet in his own country. Ní fáidh fear ar a thairseach féin. 559 X 25. still There is no standing still. Mura rachaidh tú ar aghaigh rachaidh tú ar gcúl 707 X 26. swallow One swallow does not make a summer. Ní tread caora; ní scaoth breac. 731 X 27. taste Tastes differ; everyone to his taste. Beatha duine a thoil. 742 X 28. time You cannot be in two places at the same time. Ní féidir an dá thrá a fhreastal. 763 X 29. trouble Troubles never come single. Nuair a thig cioth tig balc. 782 X 30. turn One good turn deserves another. Dlíonn comaoin cúiteamh. 787 X 31. wait Everything comes to him who waits. Faigheann foighne fortacht; tagann gach maith le

    cairde. 824 X

    32. wine Good wine needs no bush. An bhean a bhíos dóighiúil is furasta a cóiriú. 850 X 4.11 Eochair thábla 1

    Siombal Ciall

    X Ní aistriúchán litriúil ar an seanfhocal

    Béarla atá ann

    O Leagan aistrithe atá ann

  • Bhain de Bhaldraithe úsáid as ‘Harraps Shorter French and English Dictionary (Part

    Two, English and French)’ mar chreatlach agus é ag scríobh EID.Rinne mé iarracht

    seanfhocail EID a aimsiú in FED, le fáil amach, an ón fhoclóir creatlachach a fuair Ó

    Dónaill a chuid ábhair seanfhoclach.

    Ar an chéad leathanach eile tá tábla na dtorthaí. Sa chéad cholún tá an ceannfhocal

    Béarla mar atá sé le fáil in FED, sa dara colún tá an seanfhocal Béarla a bhaineann

    leis an cheannfhocal, sa triú colún tá an leagan Fraincise, sa cheathrú colún taispeántar

    an giorrú a bhaineann leis an seanfhocal, agus sa cholún deireanach taispeántar an

    leathanach ar a bhfuil an seanfhocal le fáil in FED.

  • 4.2 Tábla 2 : Seanfhocail Béarla EID atá le fáil in FED.

    Ceannfhocal Seanfhocal Béarla atá in EID Seanfhocal Fraincise atá in FED Giorrú Lch. Accident Accidents will happen On ne peut pas parer à tout; on ne seurait tout

    prévenir. Prov. 5

    Alone Let well alone Le mieux est (souvent) l’ennemi du bien. Prov. 23 Angel Talk of angels and you will hear the flutter of their

    wings. Quand on parle du loup en voit la queue. Prov. 27

    Beauty Beauty is in the eye of the beholder. Il n’y a point de laides amours. Prov. 63 Beggar Beggars cannot be choosers. Ne choisit pas qui emprunte. Prov. 65 Begin Well begin is half done. A moitié fait qui commence bien. Prov. 65 Bird The early bird caches the worm. À qui se lève matin Dieu aide et prête la main. Prov. 73 Bird A bird in the hand is worth two in the bush. Un ‘tiens’ vaut mieux que deux ‘tu l’auras’. Prov. 73 Bite Once Bitten, twice shy. Chat échaudé craint l’eau froide. Prov. 75 Blood Blood will tell. Bon sang ne peut mentir. Prov. 79 Blood One can’t get blood out of a stone. On ne saurait tirer de l’huile d’un mur. Prov. 79 Breed What’s bred in the bone comes out in the flesh. Bon chien chasse de race. Prov. 94 Cup There’s many a slip ‘twixt the cup and the lip. Ily a lion de la coup aux lèvres. Prov. 181 Friend The best of friends must part. Il n’est si bonne compagnie que ne sépare. Prov. 302 Friend A friend in need is a friend indeed. C’est dans le besoin qu’on connaît ses véritables

    amis. Prov. 302

    Glass People who live in glass houses should not throw stones. Il faut être sans défauts pour critiquer autrui. Prov. 322 Glitter All is not gold that glitters. Tout ce que brille n’est pas. Prov. 322 Horse It’s a good horse that never stumbles. Il n’y a si bon cheval qui ne bronche. Prov. 369 Mend Least said soonest mended. Trop grater cuit, trop parler nuit. Prov. 473

  • 28

    Mind Great minds think alike. Les beaux esprits, les grands esprits,se recontrent Prov. 480 Penny In for a penny in for a pound. Qui a dit A doit dire. Prov. 556 Penny Take care of the pence and the pounds will take care of

    themselves. Il n’y a pas de petites economies. Prov. 556

    Possession Possession is nine points of the law. Possession vaut titre. Prov. 582 Prophet No man is a prophet in his own country. Nul n’est prophète en son pays. Prov. 602 Still There is no standing still. Que n’avance pas recule. Prov. 773 Swallow One swallow does not make a summer. Une hirondelle ne fait pas le printemps. Prov. 800 Taste Tastes differ; everyone to his taste. Chacun (à) son gout. Prov. 812 Time You cannot be in two places at the same time. One ne peut pas se trouver dans deux endroits à la

    fois. Prov. 832

    Trouble Troubles never come singly. Un ennui ne vient jamais seul. Prov. 852 Turn One good turn deserves another. À beau jeu beau retour; à charge de revanche. Prov. 857 Wait Everything comes to him who waits. Tout vient à point à qui sait attendre. Prov. 897 Wine Good wine needs no bush. À bon vin point d’enseigne. Prov. 922

  • 4.3 Anailís ar sheanfhocail EID In ‘English-Irish Dictionary’ ag De Bhaldraithe, chuaigh mé ar lorg na seanfhocal atá

    istigh ann agus atá aicmithe de réir an giorraithe ‘Prov’. Tá na hiontrálacha istigh de

    réir leagain Béarla agus an leagan Gaeilge ina dhiaidh. Fuair mé 32 ar fad agus an

    giorrú in éineacht leo. Chuir sé seo iontas orm i dtosach báire de bhrí gur an-íseal an

    líon a

    bhí ann sa deireadh igcomparáid leis an meid a bhí mé ag dúil leis.

    Rinne Raymond Doctor taighde ar eolas seanfhoclach ag 52 cainteoirí dúchais

    an teanga Indio-Aryan, Gujarati. Teanga a labhraítear ag thart faoi 50 milliún daoine,

    agus is é an 20ú teanga is mó labhartha sa domhain.(2005:51). Aithníodh 722

    seanfhocail agus, as an liosta sin d’aimsigh Doctor na 99 seanfhocail is coitianta, ag

    tarraingt ar an íosmhéid paireimeolaíochta do na daoine sin. Is ollmhór an méid seo i

    gcomparáid leis na seanfhocail a chuirtear ar fáil in EID. Cé nach mbeadh sé

    fóirsteanach na seanfhocail uilig sa teanga a chur isteach, ba chóir go mbeadh níos mó

    na an méid atá istigh mar ní féidir go ndéanann 32 seanfhocal an t-íosmhéid

    paireimeolaíochta do theanga a labhraítear ar bhonn rialta ag níos mo na 350,000

    daoine ( dar leis an áireamh a rinneadh in 19962). Tá impléachtaí aige seo maidir le

    óiriúnacht foclóir de Bhaldraithe agus é ina príomhfhoclóir ag foghlaimeoirí, muna

    gcuirtear an t-íosmhéid eolais paireimeolaíochta ar fáil sna foclóirí, tá seans nach

    mbeidh an foghlaimeoir ábalta é a fháil in áit ar bith eile, rud nach mbeadh ann ach

    bac foghlamtha agus iad ag iarraigh líofacht a bhaint amach inti.

    Bhí ‘Harraps Shorter French and English dictionary’, in úsáid ag de Bhaldraithe

    mar chreatlach agus i ndiaidh crostagairt a dhéanamh idir EID agus an foclóir

    fraincise3. Is léir gur thainig na seanfhocail Béarla uilig atá in EID díreach amach as

    FED. Ní fhreagraíonn seo chéist an oiriúnachas, áfach, thiocfadh gurb iad seo na

    seanfhocail is coitianta sa Fhraincis, nó fiú sa Bhéarla, ag brath ar na modhanna

    eagarthóireachta a bhí ag Harrap, ach nach coitianta iad sa Ghaeilge, go

    maireachtáileann leaganacha Gaeilge ach níl aon fhianaise gurb iad seo na cinn is

    coitianta nó gur pháirt de íosmhéid paireimeolaíochta na Gaeilge ar chor ar bith.

    Mar sin de, shílfeá gur seanfhocail Béarla a bheadh iontu agus thiocfadh go

    léireodh é seo easpa ábhar seanfhoclach Gaeilge san fhoclóir, ach ní aistriúchán litriúil

    2 Central statistics office. (www.cso.ie) 3 Féach tábla 2, 4.2.

  • 30

    a rinneadh ar na seanfhocail Béarla, ach leagán Gaeilge eile dóibh. B’fhéidir gur

    aimsigh De Bhaldraithe leaganacha Gaeilge ar na seanfhocail Bhéarla atá in

    ‘Harraps’, agus nár roghnaigh sé ach na cinn a raibh leaganacha Gaeilge acu, no

    seanfhocail a raibh an teachtaireacht céanna leo,agus sa dóigh sin, ábhar Gaeilge a

    bheadh ann ag dul isteach san fhoclóir, fianaise a thabharfadh tacaíocht don teoiric sin

    ná nár ghlac de Bhaldraithe na seanfhocail uilig atá in ‘Harraps’ le cur isteach ina

    fhoclóir féin mar sheanfhocail aicmithe, mar shampla;

    ‘What can’t be cured must be endured’(FED,1944:164)

    Tá an leagan Béarla seo le fáil i bhfoclóir de chuid Harrap, agus an leagan Fraincise in

    éineacht leis, mar aon leis an ghiorrú atá ag na cinn eile a ghlac De Bhaldraithe ach

    níor chuir sé an ceann seo isteach ina fhoclóir féin leis na cinn eile a d’aimsigh mé 4.

    Is féidir de bhrí nach raibh sé ag iarraidh aistriúchan litriuil a dhéanamh agus go raibh

    mífhonn aige iad a aistriú focal ar fhocal.

    Ach ní amhlaidh gur roghnaigh De Bhaldraithe na cinn a roghnaigh sé de bhrí go

    raibh leaganacha Gaeilge ann ach nach aistriúcháin litriúla iad. I ndiaidh tagairt a

    dhéanamh don cheannfhocal Béarla in EID d’aimsigh mé an seanfhocal céanna ó

    FED iontrailithe in EID mar fhrása;

    What can’t be cured must be endured.

    Beart gan leigheas, foighne is fearr air.(EID:164)

    Ní chloigheann seo leis an phatrún a bhí ag an Dálach ar chor ar bith go dtí seo, más

    mar chreatlach a d’úsáid De Bhaldraithe FED, cad chuige ar mhothaigh sé gurbh

    éigean do stadás seanfhoclach a bhaint den seanfhocal seo? Tá samplaí eile in EID ina

    bhfuil ‘seanfhocail’ istigh aige mar frásaí, mar shampla;

    Be it ever so humble there’s no place like home, Níl aon tinteán mar do thinteán féin.(FGB:1236)

    4 Féach Tábla 1. (4.1).

  • 31

    De réir sainmhíniú Wolfgang Mieder (1996:597) Shílfeá go líonfadh é seo dualgaisí

    an tseanfhocail, mar tá a leithéid de ‘ wisdoms truths, morals and traditional views.’

    Le fáil ann. Rud eile ná go bhfuil an t-athrá ann, a thiocfadh ‘memorizable

    form’(Mieder 1996:597) a thabhairt air. Tá na marcálaithe seanfhoclacha le sonrú

    anseo, ach dar leis an Dálach, ní leor iad le stádas seanfhoclach a thabhairt dóibh. Is

    léir nach raibh coras ar bith ag de Bhaldraithe agus é ag déanamh eagarthóireachta

    don fhoclóir EID maidir leis na seanfhocail, mar níor thug sé stadas seanfhoclach do

    ‘Níl aon tinteán mar do thintean féin’, ach thug sé ‘Prov.’ do ‘is fearr breac sa láimh

    na bradán sa linn’, seanfhocal a bhfuil an struchtúr céanna leis an chéad cheann, agus

    na marcalaithe seanfhoclacha céanna fosta, an t-athrá, agus an rím go háirithe anseo.

    Is suntasach é seo, mar dá mbeadh duine ag déanamh tagairte do EID, cé go dtugtar

    leid ar na frásaí is seanfhocail iad agus na frásaí nach seanfhocail iad, is cosúil nach

    bhfuil comhsheasmhach ar bith maidir le haicmiú na seanfhocal atá ann.

    Is súntasach fosta, nach bhfuil ann ach 32 seanfhocail aicmithe ag Ó Dónaill,

    nuair a d’éiligh Fionnuala Carson-Williams gur aimsigh sí níos mó na trí chéad cinn.

    Caithfidh go raibh cuid acu istigh mar fhrásaí mar atá luaite cheana féin. Chuaigh mé i

    dteagmhail léi le fáil amach cérbh iad na ‘marcálaithe seanfhoclacha’ a bhí de dhíth

    ag an fhrása bheith curtha in áireamh ina liosta, mar d’aithin mé go raibh cuid de na

    cinn aicmithe ag Ó Dónaill, fágtha ar lár, mar shampla,‘Talk of angels and you will

    hear the flutter of their wings,’ ‘Tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua

    agus an marbhánach).’

    ‘I did not 'choose' ie., 'select' proverbs, I attempted to index all the

    proverbs in it, whether or not they were marked 'Prov.' Maybe you

    mean how can proverbs be recognised? Well, firstly they are a

    complete sentence. They stand out from everyday language as they

    often contain rhyme or alliteration, or are in a certain metre.5

    Anseo arís feictear an doiléireacht a bhaineann le aicmiú an tseanfhocail, fiú

    idir Ó Dónaill agus Carson-Williams tá comhlint comhaontú, rud a

    bhaineann, dar liom féin, le sainmhíniú na seanfhocal, tá duine ag rá gur

    seanfhocal rud eigean de bhrí go bhfuil cáilíochtá éagsúla a bhaineann leis

    5 Ríomhphost a fuair mé ó Fionnuala Carson-Williams: 08/02/06

  • 32

    an seanfhocal agus duine eile ag amharc ar an fhrása céanna agus rialacha

    difriúla acu air, ag maíomh nach seanfhocal é ar chor ar bith. Is fianaise é

    seo go bhfuil géarghá ann deifníd a chumadh ar an seanfhocal gan mhoill.

    Is iad English-Irish Dictionary ag de Bhaldraithe, agus an Foclóir

    Gaeilge-Béarla ag Ó Dónaill in éineacht le chéile ar na foclóirí is déanaí

    agus is mó úsáid i measc Gaeilgeoirí an láe inniu ann, agus is ceart agus is

    cóir go mbeadh comhionannas idir an bheirt acu, Rinne mé crostagairt idir

    na seanfhocail aicmithe a fuair me in EID agus na seanfhocail a bhí faoi

    iontráil cinnfhocail in FGB de na seanfhocail Gaeilge a bhí agam cheana

    féin, agus ar an chéad leathanach eile tá tábla na dtorthaí. Sa chéad cholún tá

    an seanfhocal Béarla mar atá sé le fáil in EID, sa dara colún tá an leagan

    Gaeilge mar atá sé in EID, sa triú colún tá leathanach an seanfhocail in EID.

    Sa cheathrú colún tá leagan an seanfhocail mar atá in FGB, ( ma tá sé ann),

    sa chúigiú colún taispeántar an giorrú, (más ann dó), agus taispeántar

    leathanach an tseanfhocail in FGB sa cholún deireanach.

  • Tábla 3 : Lorg seanfhocail De Bhaldraithe in FGB.

    Seanfhocal Béarla Seanfhocal in EID Lch. Leagan in FGB Giorrú Lch. Accidents will happen. Nuair a thig an chaill tig an fhaill; ní leithne an

    t-aer ná an timpiste. 5 Nuair a thagann an chaill, tagann an fhaill. Prov. 171

    Let well alone. Nuair atá tú go sóúil fulaing thú féin. 21 Nuair atá tú go sóúil fulaing thú féin. - 1137 Talk of angels and you will hear the flutter of their wings.

    Tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).

    25 Tagann gach aon rud lena iomra ( ach an madra rua is an marbhán.)

    - 723

    Beauty is in the eye of the beholder.

    Folaíonn grá grain; nochtann grá gnaoi. 56 Folaíonn grá grain. Prov. 665

    Beggars cannot be choosers.

    Is buí le bocht an beagán. 58 Is buí le bocht an beagán. - 155

    A good beginning is half the battle.

    Dhá thrian cuidithe tosú. 58 -

    The early bird catches the worm.

    Is é an ceannaí moch an dhéanann an margadh. 65 -

    A bird in the hand is worth two in the bush.

    Is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn. 65 -

    Once bitten twice shy. An té a bhuailtear sa cheann bíonn an eagla air.

    66 An té a bhuailtear sa cheann bíonn eagla air.

    Prov. 151

    One can’t get blood out of a stone.

    Is doiligh olann a bhaint de ghabhar. 70 Is doiligh olann a bhaint de ghabhar. - 929

    Blood will tell. Gach uige mar a hábhar. 70 Gach uige mar a hábhar. Prov. 1297 What is bred in the bone comes out in the flesh.

    An rud a bheirtear sa chnámh is doiligh a bhaint as an bhfeoil.

    83 An rud atá sa chnámh (is doiligh a bhaint as an bhfeoil.

    - 255

    There’s many a slip ‘twixt the cup and the lip.

    Is minic a bádh long lámh le cuan. 164 Is minic a bádh, a chailleadh long láimh le cuan.

    Prov. 800

  • 34

    The best of friends must part.

    Is é dan na gcairde scaradh. 279 -

    A friend in need is a friend indeed.

    Aithnítear cara i gcruatan, cara na cruóige; in am na cruóige a bhraitear an chabhair.

    279 -

    People in glass houses should not throw stones.

    (i) Achasán na hóinsí don amaid; (ii) Cibé atá saor caitheadh sé cloch.

    299 Cibé atá saor caitheadh sé cloch. - 247

    All is not gold that glitters. Ní théann áilleacht thar an gcraiceann. 300 - It’s a good horse that never stumbles.

    Níl coill ar bith gan brosna a loiscthe ; ní bhíonn saoi gan locht.

    345 Níl coill gan brosna a loiscfeadh. - 146

    Least said soonest mended. Níor bhris béal iata fiacail riamh. 445 - Great minds think alike. Tuigeann fáidh fáidh eile. 450 - In for a penny in for a pound.

    Ó loisc mé an choinneal loiscfidh mé an tórlach.

    520 Ó loisc tú an choinneal loisc an t-orlach. - 268

    Take care of the pence and the pounds will take care of themselves.

    Is é cosaint na pingine a chruachas na puint. 520 An punt a chailleadh ag lorg na pingine. Prov. 976

    Possession is nine points of the law.

    Is minic gur fearr ‘agam’ ná ‘liom’. 541 -

    No man is a prophet in his own country.

    Ní fáidh fear ar a thairseach féin. 559 Ní fáidh fear, ina dhúchas, ar a thairseach féin.

    Prov. 504

    There is no standing still. Mura rachaidh tú ar aghaigh rachaidh tú ar gcúl

    707 -

    One swallow does not make a summer.

    Ní tread caora; ní scaoth breac. 731 -

    Tastes differ; everyone to his taste.

    Beatha duine a thoil. 742 Beatha (do) dhuine a thoil. - 101

    You cannot be in two places at the same time.

    Ní feidir an dá thrá a fhreastal. 763 -

    Troubles never come Nuair a thig cioth tig balc. 782 -

  • 35

    single. One good turn deserves another.

    Dlíonn comaoin cúiteamh. 787 -

    Everything comes to him who waits.

    Faigheann foighne fortacht; tagann gach maith le cairde.

    824 Faigheann foighne fortacht. - 560

    Good wine needs no bush. An bhean a bhíos dóighiúil is furasta a cóiriú. 850 An bhean atá dóighiúil, is furasta a cóiriú Prov. 429

  • Anailís ar thábla 3

    Níl le fáil in FGB ach 56% de na seanfhocail atá aicmithe ag De Bhaldraithe in EID,

    figúr a léiríonn nach bhfuil comhsheasmhacht ar bith le feiceáil idir an dá fhoclóir a

    úsáidtear in éineacht lena chéile go mór ag Gaeilgeoirí. Glactar leis gurb é FGB an

    foclóir caighdéanach. Mar sin de an ionann sin agus nach tábhachtach na cinn atá

    luaite ag Ó Dónaill, nach bhfuil ag De Bhaldraithe. Foilsíodh EID in 1959, agus

    tháinig FGB amach 18 bliain ina dhiaidh. Is féidir gurb é seo an fáth a bhfuil na

    difríochtaí seo le feiceáil, gur athraigh cúrsaíocht na seanfhocal ní ba luaithe, go raibh

    ábhar cainte na ndaoine ag athrú ó bhliain go bliain agus is frithchaitheamh iad na

    torthaí seo ar na hathruithe a tharla sa teanga idir na blianta sin. Maidir le giorrúcháín

    áfach, sna seanfhocail atá le fáil sa dá fhoclóir, arís feictear nach bhfuil an bheirt ag

    teacht lena chéile, níl an giorrú ag fiú leathchuid de na seanfhocail atá ag an bheirt acu

    in FGB, is amhlaidh nach bhfuil ‘Prov’, an giorrú a chuirtear leis na seanfhocail in

    FGB(FGB, 1977:Clár na nod), mar a gcéanna le EID, ach ag 44% acu, atá istigh mar

    fhrasaí, fianaise eile nach bhfuil na foclóirí ag cloí le marcalaithe seanfhoclacha ar

    bith. Tugann sé seo íomhá go bhfuil foclóireachta na Gaeilge tríd a chéile maidir le

    seanfhocail, leis an méid seo feicthe, ní iontas go bhfuil muid chomh fada siar ar na

    tíortha eile i ngort na paireimeolaíochta.

  • 37

    4.6 Seanfhocail Ghaeilge i gcomhtheacs na hEorpa.

    Níl morán is feidir a dhéanamh leis na seanfhocail EID, mar an céanna le cnuasacht

    seanfhocal ar bith. Is feidir cuntas a dhéanamh orthu agus bunús na seanfhocail a

    fhail amach, ach ní feidir iad a chur i gcomhthéacs níos leithne, no seanfhocail na

    hÉireann a aimsiú thart ar na tíortha eile. Cé chomh minic agus a úsaidtear na

    seanfhocail áirithe seo? An iad seo na cinn is coitianta? Níl taighde déanta ar úsáid na

    seanfhocail in Éirinn, mar sin de ní feidir oiriúnacht na seanfhocail seo a mheastú ó

    thaobh na tíre seo de, ach caithfear comparáid a dhéanamh le fáil amach an léiriú fíor

    na seanfhocail seo ar na seanfhocail a bhíonn in úsáid sa lá atá inniu ann. Go háirithe

    de bhrí gur mionteanga í an Ghaeilge, is tábhachtach go gcuirtear an t-eolas is déanaí

    ar fáil do na foghlaimeoirí.

    Sa bhliain 2002, d’fhoilsigh Gyula Paczolay liosta seanfhocail; European Proverbs in

    55 Languages with Equivalents in Arabic, Persian, Sanskrit, Chinese and Japanese.6

    Céim mhór chun tosaigh a bhí ann ó thaobh na paireimeagrafaíochta de. Bhailigh sé

    an 106 seanfhocail is coitianta ar fud na hEorpa, agus sílim gurb é cuireadh an líosta

    seo agus an liosta de na seanfhocail in de Bhaldraithe le hais a chéile an dóigh is fearr

    oiriúnacht na seanfhocal a roghnaigh de Bhaldraithe a mheas.

    Fuair mé coip de na 106 seanfhocail is coitianta san Eoraip, dar le Paczolay,

    agus d’aimsigh mé na seanfhocail aicmithe de réir EID ar an liosta, Tábla na dtorthaí

    atá ar an chéad leathanach eile. An aidhm a bhí agam sa staidéar seo, ná lorg

    seanfhocail na hEorpa a aimsiú, agus le fáil amach cé chomh fóirsteanach agus atá na

    seanfhocail roghnaithe ag de Bhaldraithe mar shamplaí d’ábhar seanfhoclach na

    hEorpa. Más amhlaidh nach léiriú maith seanfhoclach é, b’fhéidir gur comhartha é sin

    gur gá foclóir úr a scríobh, agus ábhar cainte na Gaeilge de chuid an lae inniu istigh

    ann.

    6www. DeProverbio.com.

  • 38

    Tábla 4

    Sa chéad cholún tá European Proverbs in 55 Languages, sa dara colún, tá leagan

    Gaeilge an seanfhocail as EID, más ann dó, sa triú colún taispeántar leathanach ar a

    bhfuil an seanfhocal le fáil. Sa cheathrú colún taispeántar aon ghiorrú atá ann,

    taispeántar cló an tseanfhocail Béarla in EID sa chúigiú colún, agus sa cholún

    deireanach taispeántar cé acu seanfhocail is aistriúcháin litriúla iad.

  • 4.7 Tábla 4: Seanfhocail Paczolay (European proverbs in 55 languages), agus Seanfhocail EID atá lé fáil ann.

    Paczolay -European proverbs in 55 languages. Foclóir de Bhaldraithe. Lch. Giorrú Cló Aistriúchán litrúil?

    1. No smoke without fire. An áit a mbíonn toit bíonn tine. 676 - Trom. O 2. As you sow you reap. Mar a chuirfeas tú bainfidh tú. 580 - Trom. X 3. A dog barking does not bite. - - - - - 4. One swallow does not make a spring. Ní tread caora; ní scaoth breac. 731 Prov. Trom. X 5. Look not a gift horse in the mouth. - - - - - 6. Misfortunes never come alone. - - - - - 7. The shoemaker has bad shoes. - - - - - 8. Two eyes see more than one. - - - - - 9. He who digs a pit for another will fall ino it

    himself. - - - - -

    10. So many men, so many minds. Ní lia duine na barúil. 435 - Trom. X 11. Never put off till tomorrow what can be done

    today. - - - - -

    12. New brooms sweep clean. Scuab úr scuabann sí glan. 87 - Trom. O 13. Ravens will not pick out ravens’ eyes. - - - - 14. A rolling stone gathers no moss. - - - - - 15. A spark may kindle a great fire. - - - - - 16. Strike while the iron is hot. Buail an t-iarann nuair atá sé te. 715 - Trom. O 17. When the cat is away the mice will dance. Fad a bhíos an cat amuigh, bíonn na

    luchain ag rince. 105 - Trom. O

    18. Fields have eyes. - - - - - 19. All that glitters is not gold. Ní théann áilleacht thar an 300 Prov. Trom. X

  • 40

    gcraiceann. 20. You see the mote in another’s eye but fáil to

    see the beam in your own. - - - - -

    21. Like mother like daughter. - - - - - 22. Walls have ears. Bíonn cluasa ar na claíocha, tá poll

    ar an teach. 212 - Trom. O

    23. Empty vessels make much sound. - - - - - 24. God helps those who help themselves. Is maith le Dia cúnamh. 335 - Trom. X 25. A horse has four legs and still it stumbles. - - - - - 26. A true friend is known indeed. Aithnítear cara i gcruatan; cara na

    cruóige. 279 Prov. Trom. X

    27. Far from the eye, far from the heart. - - - - - 28. Like father like son. - - - - - 30. In at one ear and out at the other. - - - - - 31. One learns while one lives. - - - - - 32. The wolf may change its hair but not its

    nature. - - - -

    33. Better late than never. Is fearr go mall ná go brách; Is fearr déanaí ná ró dhéanaí.

    398 - Trom. O

    34. Better one bird in the hand than two in the air. Is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn.

    65 Prov. Trom. X

    35. If a blind man leads a blind man, both will fall into a ditch.

    - - - - -

    36. Give him an inch and he will take an ell. Nuair a théann an gabhar don teampall, ní stadann sé go haltóir.

    361 - Trom. X

    37. A mountain never meets a mountain but a man meets a man.

    - - - - -

    38. Do not sell the bear’s skin before the bear is caught

    - - - - -

  • 41

    39. An unbidden guest knows not where to sit. - - - - 40. Begun is half the work. Dhá thrian cuidithe tosú. 58 Prov. Trom. X 41. Blood is not water. Is fearr beagán den ghaol ná morán

    den charthanas (blood is thicker than water.)

    70 - Iodáileach.

    X

    42. He that climbs high, falls deep. - - - - - 43. Make haste slowly. - - - - - 44. Rather hear than speak. - - - - - 45. One’s shirt is nearer than ones coat. - - - - - 46. A tree is not felled at one stroke. - - - - - 47. He that will not work, shall not eat. - - - - - 48. The apple does not fall far from the tree. - - - - - 49. Every man has his faults. - - - - - 50. Stretch your legs according to the cover. - - - - - 51. Children tell the truth. - - - - - 52. End good, everything good. - - - - - 53. He that has not head, should have feet. - - - - - 54. Nobody can serve two masters. - - - - - 55. The pitcher only goes so long to the water until

    it breaks. - - - - -

    56. One scabbed sheep will mar a flock. - - - - - 57. Do not do unto others which you do not like to

    be done to you. - - - - -

    58. Fish and guests smell in three days. - - - - - 59. He that greases, travels. - - - - - 60. Man proposes, God disposes. Duine a rá is Dia á dhéanamh. 193 - Trom. X 61. The master’s eye makes the horse fat. - - - - - 62. Measure many times cut once. - - - - - 63. The pot abuses the kettle. - - - - -

  • 42

    64. Praise the day at sunset. - - - - - 65. A prophet is not honoured in his own country. Ní fáidh fear ar a thairseach féin. 559 Prov. Trom. X 66. No rose without a thorn. - - - - - 67. If one runs after two hares, one will catch

    neither. - - - - -

    68. He adds oil to the fire. - - - - - 69. To buy a cat in a poke. - - - - - 70. The cat would eat the fish but would not wet

    her feet. - - - - -

    71. Constant dropping wears away the stone. - - - - - 72. Every beginning is difficult. - - - - - 73. An eye for an eye and a tooth for a tooth. - - - - - 74. One must howl with the wolves. - - - - - 75. He that lies also steals. - - - - - 76. Silence is gold. Binn béal ina thost. 664 - Iodáilea

    ch. X

    77. He carries water in a sieve. - - - - - 78. Still waters are deep. Is ciúin iad na línnte lána 174 - Trom. X 79. All cats are alike in the dark. - - - - - 80. Clothes do not make the man. - - - - - 81. A man drowning will catch at a straw. - - - - - 82. Every man is the architect of his own fortune. - - - - - 83. It is good fishing in troubled waters. - - - - - 84. He laughs well laughs last. - - - - - 85. Love is blind. Folaíonn grá gráin 425 - Trom. X 86. As you make your bed so you will lie upon it. Mar a chóirigh tú do leaba,

    caithfidh tú lui uirthi. 56 - Trom. O

    87. If an ass goes abroad an ass will return. - - - - - 88. Out of a fly he makes an elephant. - - - - -

  • 43

    89. Long hair and short brain. - - - - - 90. An ox is taken by the horns and a man by his

    tongue. - - - - -

    91. Big fish eat little fish. - - - - - 92. The devil is not so black as he is painted.

    -

    - - - -

    93. Time is money. - - - - - 94. Silence is consent. Is geall le toil tost, ionann éisteacht

    agus aontú. 664 - Trom. X

    95. Sweep before your own door. - - - - - 96. All roads go to Rome. - - - - - 97. Fish always begin to stink at the head. - - - - - 98. In the kingdom of the blind the one eyed is

    king. - - - - -

    99. Appetite comes with eating. - - - - - 100. Rome was not built in one day. I ndiaidh a chéile a thógtar na

    caisleáin. 611 - Trom. X

    101. He who gives quickly gives twice. - - - - - 102. Roast pigeon does not fly into ones mouth. - - - - - 103. They that sow the wind shall reap the

    whirlwind. Ól gloine is caoin dabhach. 849 - Trom. X

    104. There is nothing new under the sun. - - - - - 105. Let the shoemaker stick to his last. - - - - - 106. It’s an ill bird that soils its own nest. - - - - -

  • 4.71 Eochair thábla 4

    Siombal Ciall

    X Ní aistriúchán litriúil ar an seanfhocal

    Béarla atá ann

    O Leagan aistrithe atá ann

    4.8 Anailís ar Thábla 4

    Tá 6 de na seanfhocail is coitianta san Eoraip, de réir Paczolay (2000), ar fáil ‘mar

    sheanfhocail’ in EID ag Tomás de Bhaldraithe, de réir mar atá na seanfhocail istigh

    aige;

    One swallow does not make a spring.

    Ní tread caora; ní scaoth breac.

    All that glitters is not gold.

    Ní théann áilleacht thar an gcraiceann.

    A true friend is known indeed.

    Aithnítear cara i gcruatan; cara na cruóige.

    Better one bird in the hand than two in the air.

    Is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn.

    Begun is half the work.

    Dhá thrian cuidithe tosú.

    A prophet is not honoured in his own country.

    Ní fáidh fear ar a thairseach féin.

  • 45

    Ábhar spéise atá ann nach bhfuil anseo ach 5.7% de na seanfhocail atá ag Paczolay,

    líon an-íseal, nach léiríonn ar chor ar bith fairsing ábhair seanfhoclach na hEorpa. Ní

    féidir go bhfuil 106 seanfhocal in úsáid go coitianta fud fad na hEorpa, agus nach

    bhfuil ach 6 de dhíth sa Ghaeilge, fianaise nach sroicheann sé marc na

    seanfhoclaíochta, agus gur soiléir an t-easpa ábhar seanfhoclach i gcomparáid leis na

    seanfhocail atá in úsáid coititanta fud fad na hEorpa. Is súntasach arís é seo nach

    bhfuil an t-ábhar seanfhoclach á chur ar fáil do na foghlaimeoirí.

    Mar aon leis na seanfhocail aicmithe ag EID a chur i gcomparáid le seanfhocail

    Paczolay, d’aithin mé ní ba luaithe go raibh ábhar seanfhoclach le fáil in EID nach

    raibh an giorrú cuí leo, mar sin de, d’amharc mé faoi iontráil na cinnfhocail atá sna

    seanfhocail ag Paczolay fosta le ábhar seanfhoclach eile a fháil a bheadh ag cloí le

    Paczolay ach nach raibh aitheantas seanfhoclach acu de réir de Bhaldraithe.

    Fuair mé 19 de sheanfhocail Paczolay in EID, istigh mar fhrasaí;

    New brooms sweep clean.

    Scuab úr scuabann sí glan.

    Strike while the iron is hot.

    Buail an t-iarann nuair atá sé te.

    When the cat is away the mice will dance.

    Fad a bhíos an cat amuigh, bíonn na luchain ag rince.

    Walls have ears.

    Bíonn cluasa ar na claíocha, tá poll ar an teach.

    God helps those who help themselves.

    Is maith le Dia cúnamh.

    Better late than never.

    Is fearr go mall ná go brách; Is fearr déanaí ná ró dhéanaí.

  • 46

    Give him an inch and he will take an ell.

    Nuair a théann an gabhar don teampall, ní stadann sé go haltóir.

    Begun is half the work.

    Dhá thrian cuidithe tosú.

    Man proposes, God disposes.

    Duine a rá is Dia á dhéanamh.

    Silence is gold.

    Binn béal ina thost.

    Still waters are deep.

    Is ciúin iad na línnte lána

    Love is blind.

    Folaíonn grá grain

    As you make your bed so you will lie upon it.

    Mar a chóirigh tú do leaba, caithfidh tú lui uirthi.

    Silence is consent.

    Is geall le toil tost, ionann éisteacht agus aontú.

    Rome was not built in one day.

    I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin.

    They that sow the wind shall reap the whirlwind.

    Ól gloine is caoin dabhach.

    Déanann iad seo 18% de seanfhocail Paczolay, líon atá go fóill íseal ach níos mó na

    trí huaire níos mó ná na seanfhocail a bhfuil an giorrú leo. Ardaíonn sé seo an cheist

  • 47

    faoi na modhanna eagarthóireachta a bhí ag de Bhaldraithe . An raibh córas de chineál

    ar bith aige agus é ag roghnú na seanfhocal seo?. B’fhéidir gur chloigh sé le

    sainmhíniú eigin, a d’éiligh go raibh na cinn a bhí aige ina seanfhocail agus na cinn

    eile, nach raibh, ach leis na torthaí atá agam go dtí seo, tá an chuma ar an scéal go

    bhfuil na seanfhocail tríd a chéile.

    23.6% de na seanfhocail ag Paczolay atá le fáil in EID ina iomláine, ní fiú

    ceathrú é seo de na seanfhocail is coitianta san Eoraip. Tá sé seo súntasach sa dóigh is

    go léiríonn é seo nach leor na seanfhocail atá in EID leis an íosmhéid

    paireimeolaíochta a líonadh. Fiú nuair a chuirtear na cinn nach ‘seanfhocail’ iad san

    áireamh. Maidir leis an chló, tá neamhréir de chineál éigin in EID. Tá

    comhsheasmhacht i dtaca leis na seanfhocail a bhfuil an giorrú leo, tá an leagan

    Béarla i gcló trom, agus an leagan Gaeilge i gnáthcló ina dhiaidh, agus is mar an

    gcéanna leis na seanfhocail eile den cuid is mó, ach tá beirt acu i gcló iodáileach;

    Blood is thicker than water. (blood is not water.)

    Is fearr beagán den ghaol ná morán den charthanas.

    Silence is gold.

    Binn béal ina thost.

    Ní thugtar fios ar cén fáth a bhfuil an hbeirt acu seo sa cló difriúil, ach de bhrí

    nach dtugtar míniú, tugann sé an íomhá arís go bhfuil an foclóir cineál tríd a chéile,

    agus nach bhfuil cineal ar bith d’ord nó d’eagar maidir le cló an fhoclóra. Níl

    comhsheasmhacht ar bith le feiceáil maidir leis na frásaí, más ‘fíorsheanfhocail’ na

    cinn a bhfuil an giorrú leo, ba chóir go míneofar cad é mar a roghnaíodh iad.

  • 48

    CAIBIDIL 5

    CONCLÚIDÍ

  • 49

    Caibidil 5: Conclúidí

    Nuair a thosaigh mé amach ar an taighde seo, is é an aidhm a bhí agam na fiosrú a

    dhéanamh ar an eolas seanfhoclach in EID. Is é an dóigh mar a ndearna mé é na

    seanfhocail de Bhaldraithe a aimsiú, idir na cinn a bhí aicmithe, agus na cinn a bhí

    iontráilthe mar fhrásaí agus iad a chur i gcomparáid le cnuasaigh seanfhoclach eile

    chun;

    -Óiriúnacht an fhoclóra mar áis foghlamtha, maidir le soláthar an t-íosmhéid

    paireimeolaíochta.

    -Comhsheasmhacht a fiosrú idir an foclóir EID féin, agus an foclóir eile a úsáidtear in

    éineacht leis, FGB.

    -Fiosrú a dhéanamh ar na modhanna eagarthóireachta a bhí ag de Bhaldraithe agus é

    ag scríobh EID.

    -Foclóir EID a mheas mar fhoclóir nua-aimseartha idirnáisiúnta agus mar léiriú

    foirsteánach Gaeilge an lae inniu.

    An rud is súntasaí a d’aithin mé ná líon na seanfhocail ina iomláine, mar is mór na

    himpleachtáí a bheadh aige sin ar fhairsing an t-íosmhéid paireimeolaíochta i measc

    foghlaimeoirí agus cainteoirí an teanga. Is léir ón taighde a rinne Fionnuala Carson

    Williams go bhfuil léar mór ábhar seanfhoclacha le fáil in Foclóir de Bhaldraithe, ach

    níl sé furasta é a aimsiú. I ndiaidh na seanfhocal atá aicmithe mar seanfhocail aige

    agus na cinn uachtaracha san Eoraip a aimsiú san fhoclóir, níl agam ach corpas de 51;

    Ar an chéad leathanach eile tá tábla ar a bhfuil na seanfhocail uilig a d’aimsigh mé, ní

    amhlaidh gur liosta uileghabhálach é seo ar chor ar bith, mar tá a fhios agam ó mo

    thaighde féin go bhfuil lorg seanfhocail mar fhrasaí in EID, b’fheidir nach mbeadh

    curtha san áireamh anseo:

  • 50

    Sa chéad cholún tá an seanfhocal nó frása Béarla mar atá le fáil in EID, sa dara colún

    tá an seanfhocal nó frása as Gaeilge. Sa triú cholún taispeántar an leathanach ar a

    bhfuil an seanfhocal le fáil in EID, agus sa cheathrú colún tugtar aon ghiorrú atá ann.

    Sa cholún deireanach taispeántar cé acu seanfhocail atá ag Paczolay: European

    Proverbs in 55 Languages.

  • 5.1 Tábla 5: Seanfhocail atá in EID de réir giorrucháin agus crostagairt le Paczolay

    Seanfhocal Béarla Seanfhocal Gaeilge Lch. Giorrú Curtha in áireamh i

    liosta Paczolay?

    Accidents will happen. Nuair a thig an chaill tig an fhaill; ní leithne an t-aer ná an timpiste.

    5 Prov. X

    Let well alone. Nuair atá tú go sóúil fulaing thú féin. 21 Prov. X Talk of angels and you will hear the flutter of their wings.

    Tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).

    25 Prov. X

    Beauty is in the eye of the beholder. folaíonn grá grain; nochtann grá gnaoi. 56 Prov. X Beggars cannot be choosers. Is buí le bocht an beagán. 58 Prov. X A good beginning is half the battle. Dhá thrian cuidithe tosú. 58 Prov. X The early bird catches the worm. Is é an ceannaí moch an dhéanann an margadh. 65 Prov. X A bird in the hand is worth two in the bush. Is fearr breac sa láimh ná bradán sa linn. 65 Prov. X Once bitten twice shy. An té a bhuailtear sa cheann bíonn an eagla air. 66 Prov. X One can’t get blood out of a stone. Is doiligh olann a bhaint de ghabhar. 70 Prov. X Blood will tell. Gach uige mar a hábhar. 70 Prov. X What is bred in the bone comes out in the flesh. An rud a bheirtear sa chnámh is doiligh a bhaint

    as an bhfeoil. 83 Prov. X

    There’s many a slip ‘twixt the cup and the lip. Is minic a bádh long lámh le cuan. 164 Prov. X The best of friends must part. Is é dan na gcairde scaradh. 279 Prov. X A friend in need is a friend indeed. Aithnítear cara i gcruatan, cara na cruóige; in

    am na cruóige a bhraitear an chabhair. 279 Prov. X

    People in glass houses should not throw stones. (i) Achasán na hóinsí don amaid; (ii) Cibé atá saor caitheadh sé cloch.

    299 Prov. X

    All is not gold that glitters. Ní théann áilleacht thar an gcraiceann. 300 Prov. X It’s a good horse that never stumbles. Níl coill ar bith gan brosna a loiscthe ; ní 345 Prov. X

  • 52

    bhíonn saoi gan locht. Least said soonest mended. Níor bhris béal iata fiacail riamh. 445 Prov. X Great minds think alike. Tuigeann fáidh fáidh eile. 450 Prov. X In for a penny in for a pound. Ó loisc mé an choinneal loiscfidh mé an

    tórlach. 520 Prov. X

    Take care of the pence and the pounds will take care of themselves.

    Is é cosaint na pingine a chruachas na puint. 520 Prov. X

    Possession is nine points of the law. Is minic gur fearr ‘agam’ ná ‘liom’. 541 Prov. X No man is a prophet in his own country. Ní fáidh fear ar a thairseach féin. 559 Prov. X There is no standing still. Mura rachaidh tú ar aghaigh rachaidh tú ar gcúl 707 Prov. X One swallow does not make a summer. Ní tread caora; ní scaoth breac. 731 Prov. X Tastes differ; everyone to his taste. Beatha duine a thoil. 742 Prov. X You cannot be in two places at the same time. Ní feidir an dá thrá a fhreastal. 763 Prov. X Troubles never come single. Nuair a thig cioth tig balc. 782 Prov. X One good turn deserves another. Dlíonn comaoin cúiteamh. 787 Prov. X Everything comes to him who waits. Faigheann foighne fortacht; tagann gach maith

    le cairde. 824 Prov. X

    Good wine needs no bush. An bhean a bhíos dóighiúil is furasta a cóiriú. 850 Prov. X As you sow you reap. Mar a chuirfeas tú bainfidh tú. 580 O So many men, so many minds. Ní lia duine na barúil. 435 O Strike while the iron is hot. Buail an t-iarann nuair atá sé te. 715 O When the cat is away the mice will dance. Fad a bhíos an cat amuigh, bíonn na luchain ag

    rince. 105 O

    Walls have ears. Bíonn cluasa ar na claíocha, tá poll ar an teach.

    212 O

    God helps those who help themselves. Is maith le Dia cúnamh. 335 . O Better late than never. Is fearr go mall ná go brách; Is fearr déanaí ná

    ró dhéanaí. 398 O

  • 53

    Give him an inch and he will take an ell. Nuair a théann an gabhar don teampall, ní stadann sé go haltóir.

    361 O

    Blood is not water. Is fearr beagán den ghaol ná morán den charthanas (blood is thicker than water.)

    70 O

    Man proposes, God disposes. Duine a rá is Dia á dhéanamh. 193 O Silence is gold. Binn béal ina thost. 664 O

    Still waters are deep. Is ciúin iad na línnte lána 174 O

    Love is blind. Folaíonn grá gráin 425 O

    As you make your bed so you will lie upon it. Mar a chóirigh tú do leaba, caithfidh tú lui uirthi.

    O

    Silence is consent. Is geall le toil tost, ionann éisteacht agus aontú. 664 O Rome was not built in one day. I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin. 611 O They that sow the wind shall reap the whirlwind. Ól gloine is caoin dabhach. 849 O

  • 5.2 Eochair thábla 5

    Siombal Ciall

    X Ní cheann de sheanfhocail Paczolay atá

    ann.

    O Seanfhocal le fáil ag European Proverbs

    in 55 Languages ag Paczolay.

    -Is é English-Irish Dictionary an ceann de na foclóirí is mó úsáid ag foghlaimeoirí

    Gaeilge agus ba chóir go mbeadh an t-íosmhéid paireimeolaíochta ar fáil go furasta

    dóibh, agus i ndiaidh an staidéir atá déanta agam is cosúil nach sroicheann sé an marc,

    go háirithe i dtaca leis an Eoraip. Níl ann ach 51 seanfhocail7 líon an-íseal nach bhfuil

    fiú congarach don íosmhéid paireimeolaíochta, is olc na himpleachtaí a bhaineann le

    heaspa seanfhocal sin, mar muna bhfuil siad á fhoghlaim ag foghlaimeoirí an teanga,

    níl aon suíomh eile ná go bhfuil siad ag imeacht as an teanga.

    - Maidir leis an pholasaí eagarthóireachta a bhí ag Ó Dónaill, is cosúil nach raibh aon

    chomhsheasmhacht i dtaca leis na seanfhocail, cuid acu tá siad aicmithe aige mar

    seanfhocail, agus cuid eile tá frásaí a bhfuil na marcálaithe céanna aige istigh mar

    gnáthfhrásaí eile. Léiríonn é seo an géarghá atá ann rialacha a chumadh ar

    shainmhiniú an tseanfhocail, ní amháin do na foclóirí, ach do na scoláirí ar fad a

    bhíonn ag staidéar ar an ábhar. Ba chóir deifníd choncreiteach a chumadh gan mhoill

    mar níl ann ach bac foghlamtha nuair a bhíonn lorg an seanfhocail tríd a chéile.

    Is léir go bhfuil an foclóir seo as dáta, fáth amháin ná go bhfuil ábhar na teanga ar

    fhéithbhogadh i gcónaí, seanfhocail ina measc. Tá foclóir Béarla-Gaeilge á scríobh

    faoi láthair ag Foras na Gaeilge, agus ba choir go ndéanfar taighde le go gcuirfear

    7 De réir giorrucháin agus crostagairt le European Proverbs in 55 Languages ag Paczolay.

  • 55

    isteach an t-ábhar seanfhoclach is fóirsteanaí don lá inniu. An dóigh is fearr le seo a

    dhéanamh ná obair allamuigh a dhéanamh i measc cainteoir na Gaeilge idir an

    Ghaeltacht agus cainteoirí na cathrach, le fáil amach cad iad na seanfhocail atá i

    gcúrsaíocht. Is iad na modhanna samplóireachta seo an dóigh is fearr corpas

    seanfhoclach a fháil, mar atá á dhéanamh ag an BNC ‘The British National Corpus’,

    Bailiuchán foclóireachta a tháinig as foinsí éagsúla, a thugann leiriú ar Bhéarla

    labhartha agus scríofa an lae inniú.8 Tá staidéar na seanfhoclaíochta ag bogadh níos

    gaiste anois ná mar a bhí sé riamh, agus fiú anois, tá an Ghaeilge cheana féin ag titim

    chun deiridh ar na tíortha eile. Céim chun tosaigh a bheidh ann le foilsiú an fhoclóra

    nua seo, ach ní sheasann sac folamh agus caithfear an obair seo a dhéanamh le nach

    bhfágfar sa dorchadas muid.

    8 http://www.natcorp.ox.ac.uk

  • 56

    Leabharliosta An Foclóir Beag, 2000. Baile Átha Cliath: An Gúm. Brunvand, Jan H. 1996. American Folklore: An Encyclopedia. New York: Garland

    Publishing. Carson Williams, F. 2000. Irish Proverbs and Európai Közmondások . Acta Ethnographica Hungarica 45:421-437. De Bhaldraithe, T. 1959. English-Irish Dictionary. Baile Átha Cliath: An Gúm. Doctor, R. 2005. Towards a Paremiological Minimum for Gujarati Proverbs.

    Proverbium 22:51-71. Dundes, A. 1975. On the Structure of the Proverb. Proverbium 25:961-973. Hirsch, ED. 1987. What Every American Needs to Know. Boston: Houghton Mifflin Company. Mac Coinnigh, M. 2005. Foirmeacha Seanfhoclacha na Gaeilge; Aicmiú agus

    Catagóiriú. Taighde agus Teagasc, Imleabhar 5, Coláiste Ollscoile Naomh Mhuire. Béal Feirste.

    Mansion, J.E.1944. Harraps shorter French and English Dictionary.London:Harrap. Mieder, W. 1993. Proverbs are never out of season: Popular wisdom in the modern

    age. New York: Oxford University Press. Mieder, W. 1994. Paremiological Minimum and Cultural Literacy, Wise Words:

    Essays on the Proverb. New York/London : Garland. Mieder,W, Dundes, A. 1981. The Wisdom of Many; Essays on the Proverb. New

    York: Garland Ó Dónaill, N. 1977. Foclóir Gaeilge-Béarla. Baile Átha Cliath: An Gúm. Paczolay, G. 2002. European Proverbs in 55 Languages with Equivalents in Arabic,

    Persian, Sanskrit, Chinese and Japanese. DeProverbio.com. Permiakov, G. 1989. On the Question of a Russian Paremiological Minimum.

    Proverbium 6:92-102. Taylor, A. 1962. The Proverb and an ‘Index to the Proverb’. Hatboro: Pa.: Folklore

    Associates. The British Library: The Worlds Knowledge.

  • 57

    Whiting, B.J. 1952. Proverbs and Proverbial sayings: Introduction.Vol. 1:Durham. www.foclóir.ie/lexi www.cso.ie http://www.natcorp.ox.ac.uk/