centre for gl bal education me… · leis an ra agus leis na tíortha lena n-oibrímid - athraímid...

43
INTREOIR DON FHOGHLAIM DHOMHANDA TREOIR DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE l gcomhpháirt le : CENTRE FOR EDUCATION GL BAL www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

Upload: others

Post on 19-Oct-2020

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • INTREOIR DON FHOGHLAIM DHOMHANDATREOIR DO MHÚINTEOIRÍ BUNSCOILE

    l gcomhpháirt le : C E N T R E F O R

    EDUCATIONGL BAL

    www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

  • 2 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    Buíochas

    Tacaíonn an clár um Chomhcheangal Ranganna tríd an Fhoghlaim Dhomhanda (CSRFD) le scoileanna i dTuaisceart na hÉireann agus ar bhonn idirnáisiúnta a bheith ag cuidiú le daoine óga an t-eolas, na scileanna agus an meon iomchuí a fhorbairt le go dtig leo ról dearfach a bheith acu sa domhan seo. Tá an clár á chómhaoiniú ag Comhairle na Breataine agus ag Roinn na Forbartha Idirnáisiúnta ó bhí 2018-2021 ann.

    Is é atá i gComhairle na Breataine ná an eagraíocht idirnáisiúnta atá ag an RA a phléann le caidreamh cultúrtha agus le deiseanna oideachasúla cultúrtha. Cruthaímid eolas agus tuiscint chairdiúil idir daoine a chónaíonn sa RA agus muintir tíortha eile. Déanaimid é seo trí bheith ag cur go dearfach leis an RA agus leis na tíortha lena n-oibrímid - athraímid saol daoine trí dheiseanna a chruthú, trí chomhcheangail a fhorbairt agus trí mhuinín a chothú. Bímid ag oibriú le breis agus 100 tír ar fud an domhain i réimse na n-ealaíon agus an chultúir, an Bhéarla, an oideachais agus na sochaí sibhialta. Is cuidiú í an obair s’againn san oideachas agus sa tsochaí chun córais náisiúnta oideachais a athrú agus forbraíonn sí sochaithe níos cuimsithí níos oscailte agus méadaíonn ar dheiseanna na ndaoine óga. Tugaimid scoileanna as gach cearn den domhan le chéile le go dtig le daoine óga agus múinteoirí as tíortha éagsúla a bheith ag foghlaim óna chéile.

    Tá conradh faighte ag Ionad an Oideachais Dhomhanda ó Chomhairle na Breataine le bheith ag feidhmiú mar Shain-Ionad Ceannais d’fhonn soláthar an chláir um CSRFD a riar i dTuaisceart na hÉireann, le tacú le hearcú na scoileanna agus na mbraislí ar mian leo tabhairt faoi thionscadail chomhpháirtíochta scoile idirnáisiúnta agus le pacáistí oiliúna san Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach a sholáthar do mhúinteoirí i dtaca leis an fhoghlaim dhomhanda. Is eagraíocht neamhrialtasach forbartha muid (ENR) a sholáthraíonn seirbhísí oideachasúla trína gcuirtear chun cinn oideachas forbartha. Is é atá i gceist leis an oideachas forbartha ná cineál d’fhoghlaim ó thaithí atá saindeartha chun scileanna, luachanna, dearcthaí agus eolas úr a ghiniúint a chuireann ar ár gcumas na tosca a luíonn taobh thiar den bhochtaineacht agus den éagóir ar fud an domhain a thuiscint. Measann an tIonad an gníomhú a bheith ina thoradh lárnach ar phróiseas foghlama an oideachais forbartha agus spreagann foghlaimeoirí, dá réir, le rannpháirt dhíreach a bheith acu i gceisteanna forbartha d’fhonn athrú dearfach sóisialta a réadú ar bhonn áitiúil agus idirnáisiúnta araon. Soláthraímid gníomhaíochtaí sna hearnálacha oideachais foirmeálta agus neamhfhoirmeálta, eisíonn foilseacháin agus déanann taighde ar cheisteanna domhanda agus ar chleachtas oideachasúil. Rinne an tIonad an Clár Foghlama Domhanda sa Tuaisceart a riar idir 2014 agus 2018.

    Is í Anna Grindle a chuir an treoir seo le chéile thar ceann Ionad an Oideachais Dhomhanda. Gabhaimid buíochas mór le múinteoirí ceannais na Foghlama Domhanda, Clare Calwell; Chris Rankin; Marie-Therese Sloan; agus Andrew Bradley as a rannchuidiú luachmhar. Gabhaimid buíochas fosta le Harmony Hill Primary School (Lios na gCearrbhach), Strandtown Primary School (Béal Feirste), Glencraig Integrated Primary School (Ard Mhic Nasca), Ballycastle Integrated Primary School, St. Patrick’s & St. Brigid’s Primary School (Baile an Chaistil) agus St. Columba’s Primary School (Srath) as a gcuid oibre leis na cás-staidéir.

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 3

    Clár an Ábhair

    1: Intreoir 4

    2: Comhthéacs na Foghlama Domhanda 5

    3: Creat don Fhoghlaim Dhomhanda 8

    4: Foghlaim Dhomhanda agus Curaclam Thuaisceart Éireann 16

    5: An Fhoghlaim Dhomhanda i bhFeidhm - Cás-staidéar 18

    6: Dul Chun Cinn sa Bhonnchéim agus in Eochairchéimeanna 1 agus 2 20

    7: Pleanáil Thopaic-Bhunaithe a chuimsíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 26

    8: Féinmheastóireacht Scoile 33

  • 4 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    1 Intreoir

    Cad é an rud foghlaim dhomhanda?

    Is é atá i gceist leis an fhoghlaim dhomhanda ná oideachas faoi choinne domhan cothrom inbhuanaithe. Is é an aidhm atá léi ná domhan saor ó bhochtaineacht a chruthú, mar a gcaithfí go measúil agus go díniteach le gach aon duine agus áit a mbeadh daoine aonair, pobail, gnólachtaí agus tíortha á n-iompar féin ar bhealach a bheadh ag teacht le riachtanais an am i láthair, gan a bheith ag teacht salach ar riachtanais na nglúnta a thiocfas inár ndiaidh.

    Bíonn tuairiscí ar bhonn rialta ar an teilifís agus ar na meáin shóisialta faoi dhomhan atá líon lán éagóra, éagothroime agus scrios timpeallachta. Bíodh sé ag tarlú thart ar an choirnéal uainn nó ar an taobh eile den domhan, in amanna, is cosúil na fadhbanna seo a bheith dosháraithe. Agus an rogha acusan an scáileán a mhúchadh, is é an tasc atá idir lámha againne ná daoine óga a ullmhú do na dúshláin dhosheachanta a chuirfidh an saol rompu agus a chur ar a gcumas gníomhú ar na ceisteanna seo mar shaoránaigh dhomhanda.

    Cuidíonn an fhoghlaim dhomhanda le daoine óga ciall a dhéanamh den saol ina gcónaíonn siad – saol atá ag éirí níos domhandaithe, níos casta agus atá ag athrú go gasta. Tacaíonn sí le daoine óga agus iad ag imscrúdú chúiseanna agus tionchair na bhfadhbanna fíorshaol, le go dtig leo iad seo a thuiscint ó réimse leathan de dhearcthaí agus iad a nascadh lena saol féin agus saol daoine eile. Forbraíonn foghlaim dhomhanda atá gníomhach agus a chumasaíonn daoine athléimneacht agus cothaíonn sí ionbhá le daoine eile. Soláthraíonn sí na scileanna atá de dhíth chun gníomhartha freagracha a dhéanamh i dtreo folláine inbhuanaithe chomhchoiteann, arna spreagadh ag braistint dlúthpháirtíochta seachas braistint trua, agus ag cíocras ceartais seachas braistint carthanachta.

    Trí chur chuige iomlánaíoch i leith na foghlama domhanda, feistítear daoine óga leis an eolas, na luachanna, an meon agus na scileanna atá riachtanach lena chur ar a gcumas lánacmhainneacht a bhaint amach agus a bheith ag cur go dearfach leis an domhan s’againn. Luíonn roinnt coincheap, amhail ceartas sóisialta, idirspleáchas, cearta daonna, comhionannas, ilchineálacht, síocháin agus coimhlint, agus an fhorbairt inbhuanaithe, ag croí an dioscúrsa san fhoghlaim dhomhanda.1

    1 Aguisín 1: Eolas ar choincheapa na foghlama domhanda

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 5

    2 Comhthéacs na Foghlama Domhanda

    Thiocfadh leat a rá go bhfuil an fhoghlaim dhomhanda níos tábhachtaí sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh.  Nuair a thit an tóin as cúrsaí eacnamaíochta sa bhliain 2008, tháinig méadú mór ar an bhearna idir saibhir agus daibhir, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn idirnáisiúnta.  Mar shampla, in 2018, thuairiscigh Oxfam2 go raibh 82% de shaibhreas an domhain i lámha an aon faoin chéad is saibhre de dhaonra an domhain, agus nár tháinig méadú ar bith ar chor ar bith ar shaibhreas an 3.7 billiún duine arb iad an leathchuid is boichte de dhaonra an domhain iad.  Níos cóngaraí don bhaile, thuairiscigh an Trussel Trust3 go ndearna siad, sa bhliain dar críoch an 31 Márta 2018, 1.3 milliún de sholáthairtí éigeandála bia a dháileadh ar dhaoine sa Ríocht Aontaithe a bhí i gcruachás.   Tugtar ‘oibrithe bochta’ ar go leor de na daoine seo - daoine a bhfuil post acu ach nach saothraíonn go leor airgid le bunchostais an tsaoil a chlúdach gach mí. Léiríonn sé seo go bhfuil an bhochtaineacht ag éirí níos coitianta i dtíortha a dtugtar tíortha saibhre orthu. Treocht leanúnach eile atá ag dul in olcas ná líon na ndaoine easáitithe thart ar an domhan.  Dar le hÁisíneacht Dídeanaithe na Náisiún Aontaithe4, táthar i ndiaidh 68.5 milliún duine a easáitiú ar fud an domhain.  As an líon seo, rinneadh 40 milliún a easáitiú ar bhonn inmheánach (níor fhág siad a dtír féin), is teifigh iad 25.4 milliún agus is iarrthóirí tearmainn iad 3.1 milliún.  Easáitíodh bunús mór na ndaoine seo, nó bhí orthu dul ar a dteitheadh, mar gheall ar chogadh, géarleanúint, bochtaineacht agus suaitheadh polaitiúil.  In ainneoin a gcreideann roinnt daoine agus d’ainneoin a maítear sna tíortha is saibhre, tá 85% de na daoine easáitithe seo ag cur fúthu anois i dtíortha in íochtar an Domhain, lena n-áirítear an Tuirc (3.5 milliún), Uganda (1.4 milliún), an Phacastáin (1.4 milliún) agus an Liobáin (1 mhilliún). Tá na tíortha in íochtar Domhain ar an líne thosaigh fosta ó thaobh an athraithe aeráide de nó tá patrúin aeráide níos neamhrialta agus níos contúirtí ag bagairt ar stíl bheatha thraidisiúnta na ndaoine, go háirithe i gceantair thuaithe agus feirmeoireachta agus is minice anois a bhíonn ar dhaoine a n-áit féin a fhágáil le saol níos fearr a chuardach in áit eile.  Fágann sé seo go bhfuil sé éigeantach go gcloíonn gach tír le Prótacal Pháras ar an Athrú Aeráide5 ina raibh gealltanas go gcoinneofaí an téamh domhanda faoi bhun dhá chéim celsius.  Is riachtanas measartha beag é seo chun tíortha leochaileacha a chosaint ar dhamáiste do-athraithe dá dtimpeallacht nádúrtha. Iarmhairt amháin a tháinig le leibhéil sheasta na bochtaineachta atá ag dul i dtreis i gcuid mhaith tíortha ó bhí an ghéarchéim airgeadais ann ná dul chun cinn an náisiúnachais choitinn agus dícheangal níos mó idir na daoine agus na forais dhaonlathacha a dhéanann ionadaíocht dóibh. Is ábhar buartha é seo. Is cúis imní é an sciorradh seo i dtreo na héadulaingthe, an chiníochais agus an claonadh ‘ceap milleáin’ a dhéanamh den strainséir nó de dhaoine ‘eachtrannacha’ san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Caithfidh muid cur le cumas na n-oideachasóirí daoine óga a spreagadh le dul i ngleic le castacht iomlán agus le bunchúiseanna na bhfadhbanna atá le sárú ag gach tír sa lá atá inniu ann.

     Féachann an fhoghlaim dhomhanda le foghlaimeoirí a ghríosú faoi shaincheisteanna domhanda de réir mar a chuirtear ina láthair iad, ach déantar iarracht fosta dul níos doimhne agus tuiscint a

    2 https: //www.oxfam.org/en/pressroom/pressreleases/2018-01-22/richest-1-percent-bagged-82-percent-wealth-created-last-year3 https://www.trusselltrust.org/news-and-blog/latest-stats/end-year-stats/4 https://www.unhcr.org/figures-at-a-glance.html5 https://unfccc.int/process-and-meetings/the-paris-agreement/the-paris-agreement

    https://www.oxfam.org/en/pressroom/pressreleases/2018-01-22/richest-1-percent-bagged-82-percent-wealth-created-last-yearhttps://www.oxfam.org/en/pressroom/pressreleases/2018-01-22/richest-1-percent-bagged-82-percent-wealth-created-last-yearhttps://www.trusselltrust.org/news-and-blog/latest-stats/end-year-stats/https://www.unhcr.org/figures-at-a-glance.htmlhttps://unfccc.int/process-and-meetings/the-paris-agreement/the-paris-agreement

  • 6 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    fhorbairt ar choincheapa amhail idirspleáchas, éagothroime, cothromas agus ceartas sóisialta, rud a éascaíonn tuiscint ar na fáthanna arb ann dá leithéid d’fhadhbanna agus ar na fáthanna ar fadhbanna iad atá thar a bheith doiligh a réiteach. Pléitear fosta leis na fáthanna a mbíonn gá le cur chuige bunúsach i leith na bhfadhbanna seo le dul i ngleic le hiarmhairtí na saincheisteanna, mar aon le bheith ag meabhrú ar athruithe córasacha.

    Is ionann na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), nó na Spriocanna Domhanda mar is fearr aithne orthu, agus gairm uilíoch chun gnímh le deireadh a chur leis an bhochtaineacht, leis an phláinéad a chosaint agus lena chinntiú go mbíonn síocháin agus rathúnas ag gach duine ar domhan.6 Ghlac 193 ballstát na Náisiún Aontaithe d’aon ghuth leis na 17 sprioc i Meán Fómhair na bliana 2015. Tá siad mar chuid de Chlár Oibre 2030 le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe, ar rud níos leithne é.7 Ag labhairt dó tráth a seolta, arsa Ban Ki-moon, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe:

    “Is ionann na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus an fhís chomhroinnte s’againn don chine dhaonna agus conradh sóisialta idir ceannairí an domhain agus a gcuid daoine. Is liosta ‘le déanamh’ iad do na daoine agus don phláinéad, treoirphlean le haghaidh rathúlachta.”8

    Cuireann na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le Spriocanna Forbartha na Mílaoise (SFMnna), arbh iad a chuir tús, idir na blianta 2000 - 2015, le hiarracht bhliantúil le dul i ngleic leis an bhochtaineacht agus leis an easpa dínite a thagann léi. Agus cuspóirí intomhaiste taobh thiar díobh a bhí comhaontaithe ag cách, bhíothas in ann leas a bhaint as na SFMnna le rathúlacht a bhaint amach i réimsí tábhachtacha amhail an éagothroime ioncaim a laghdú, rochtain ar uisce agus sláintíocht a chur ar fáil, básmhaireacht páistí a laghdú agus sláinte máithreachais a fheabhsú. Is amhlaidh fosta gur mhúscail na SFMnna gluaiseacht dhomhanda i leith oideachas bunscolaíochta saor in aisce agus go raibh, ar na buaicphointí is suntasaí a tháinig leo, dul chun cinn i dtaca leis an streachailt in éadan VEID/SEIF (HIV/AIDS) agus in éadan galair inchóireáilte eile amhail maláire agus eitinn.9

    Cé gur chinntigh na SFMnna go ndearnadh dul chun cinn suntasach, is amhlaidh nár cloíodh le gach ceann de na SFMnna ar bhonn domhanda agus go raibh an dul chun cinn míchothrom i réigiúin agus i dtíortha éagsúla. Cuimsíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 17 mórsprioc agus 169 de chuspóirí d’fhonn an bhochtaineacht a dhíbirt, cur in éadan na héagothroime agus dul i ngleic leis an athrú aeráide faoin bhliain 2030. Is gairm phráinneach iad na SFInna chomh maith chun an domhan a chur ar bhealach níos inbhuanaithe agus is rud uathúil iad sa mhéid is go gclúdaíonn siad saincheisteanna a imríonn tionchar orainn uilig, beag beann ar an áit a gcónaímid.

    Tá Sprioc 4, Oideachas Ardchaighdeáin, dírithe ar ‘oideachas cuimsitheach cothromasach ardchaighdeáin’ a chinntiú trína gcuirtear chun cinn ‘foghlaim fadsaoil agus deiseanna don uile dhuine’. Is é is aidhm le sprioc shainiúil amháin, SDG 4.7, ná a chinntiú, faoin bhliain 2030:

    6 http://www.undp.org/content/undp/en/home/sustainable-development-goals.html7 https://sustainabledevelopment.un.org/post2015/transformingourworld8 https://www.un.org/sustainabledevelopment/blog/2015/12/launch-of-new-sustainable-development-agenda-to-guide-

    development-actions-for-the-next-15-years/9 http://www.undp.org/content/undp/en/home/sustainable-development-goals/background.html

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 7

    “go sealbhaíonn gach foghlaimeoir an t-eolas agus na scileanna atá de dhíth chun forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, lena n-áirítear, i measc rudaí eile, trí oideachas le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus stíl maireachtála inbhuanaithe, cearta daonna, comhionannas inscne, cur chun cinn cultúr síochána agus neamhfhoréigin, saoránacht dhomhanda agus tuiscint ar an ilchineálacht chultúrtha agus ar an mhéid a chuireann an cultúr leis an fhorbairt inbhuanaithe”10.

    Go bunúsach, baineann na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le folláine chomhchoiteann na ndaoine ar fud an domhain, mar aon le folláine an phláinéid a roinnimid eadrainn, a chinntiú. Ó thaobh na foghlama de, cuidíonn siad le hoideachasóirí bheith ag smaoineamh faoi cé chomh hábhartha is a bhíonn an teagasc s’acu i dtaca le páistí agus daoine óga a ullmhú faoi choinne domhan idirnasctha, agus faoi choinne na ndeiseanna agus na ndúshlán a thagann leis.

    Cuidíonn na spriocanna domhanda linn an fhoghlaim a chur i gcomhthéacs agus naisc a aimsiú idir saincheisteanna domhanda agus ár saol féin. Fágann sé seo go mbíonn an fhoghlaim bríoch agus níos ábhartha, agus cuidíonn sé le daltaí tuiscint a chur ar an tionchar a bhíonn ag ár gcuid roghanna, ár n-iompar agus ar ghníomhartha ár bpobail, gnólachtaí agus ceannairí polaitiúla ar bhonn áitiúil agus ar bhonn domhanda.

    10 https://www.globalgoals.org/4-quality-education

  • 8 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    3 Creat don Fhoghlaim Dhomhanda

    Tarraingíonn an cleachtas san fhoghlaim dhomhanda ar réimse de mhúnlaí dea-fhorbartha, lena n-áirítear oideachas cearta daonna, oideachas um fhorbairt inbhuanaithe, oideachas idirchultúrtha agus oideachas saoránachta domhanda. Tá an sprioc chéanna ag gach múnla, mar atá, tuiscint na ndaltaí ar an domhan a bhreisiú, agus baintear feidhm, in achan cheann acu, as modhanna gníomhacha foghlama lena mbaineann foghlaim-trí-dhéanamh agus comhoibriú le daoine eile.

    Arna aithint dóibh go bhfuil gá le foghlaim a chuidíonn le daoine ciall a dhéanamh den domhan seo ina gcónaíonn siad, domhan atá ag iarraidh níos domhandaithe agus níos casta agus atá ag athrú go pras, shocraigh an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) go gcuimseodh siad inniúlacht dhomhanda ina méadracht cáilíochta, cothromais agus éifeachtachta sa Chlár um Measúnú Idirnáisiúnta ar Dhaltaí acu (Programme for International Student Assessment - PISA)11. Bhunaigh siad an cinneadh seo ar an taighde is úire agus ar dhea-cleachtas. Is ionann Creat Inniúlachtaí Domhanda PISA agus bonn tacaíochta coincheapúil don fhoghlaim dhomhanda, agus is creat é a thacaíonn le pleanáil agus cleachtas.

    Tá léirithe sa léaráid thíos áit a suífeadh creat PISA laistigh de Churaclam TÉ. I lár an chreata, tá ceithre eochairghné den fhoghlaim dhomhanda, a dtacaíonn bloic thógála leo - eolas, luachanna, meon agus scileanna.

    Eochairghnéithe

    Is ionann na ceithre eochairghné, mar atá le sonrú sa léaráid thíos, agus croí na foghlama domhanda. Seans go mbeadh an múinteoir ag iarraidh díriú go príomha ar ghné amháin más rud é go bhfuil topaic ón fhoghlaim dhomhanda á fí nó á comhtháthú isteach i dtopaic níos leithne nó mar chuid den fhoghlaim ábhar-bhunaithe. Mar an gcéanna, d’fhéadfaí glacadh leo mar thimthriall den fhoghlaim ghníomhach, mar shampla, chuimseodh tionscadal fiosrúcháin dalta-stiúrtha saincheaptha gach gné. Tá na gnéithe seo idirspleách agus scil-bhunaithe chomh maith agus d’fhéadfadh sé, mar shampla, go ndéanfaí iad a chomhtháthú isteach san fhoghlaim theagmhasach agus neamhfhoirmeálta i réimsí éagsúla den churaclam. Is mír sheasmhach ar feadh na foghlama domhanda iad na ceithre ghné agus is féidir iad a úsáid, agus difreáil a dhéanamh orthu, le freastal ar riachtanais gach aoisghrúpa ó Rang 1 go Rang 7 (an Bhonnchéim, Eochairchéim 1 agus 2).

    Sa rannán seo a leanas, tá roinnt samplaí de thorthaí foghlama do dhaltaí le sonrú. Is féidir iad seo a fhorbairt agus a choigeartú de réir do chuid riachtanas féin, mar shampla, trí na torthaí daltaí ó Churaclam Saoránachta Domhanda Oxfam a úsáid, nó tríd an teanga a chur in oiriúint don chomhthéacs agus intinní foghlama agus critéir rathúlachta á roinnt le daltaí.

    11 Is suirbhé idirnáisiúnta é PISA arb é is aidhm leis meastóireacht a dhéanamh ar chórais oideachais ar fud an domhain trí thástáil a dhéanamh ar scileanna agus ar eolas scoláirí atá in aois a 15 bliana.

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 9

    Léaráid 1: Creat Foghlama Domhanda

    Eochairghné 1: Foghlaimeoirí domhanda … fiosraíonn siad saincheisteanna áitiúla agus domhanda

    Díríonn an eochairghné seo ar an dóigh a dtagann daltaí ar eolas agus a mbaineann siad tairbhe as. Má dhéanann siad, i dtosach, ceisteanna a chruthú atá bunaithe ar an mhéid atá siad ag iarraidh a fháil amach, bíonn siad in ann scileanna taighde agus tuiscint ar na meáin a úsáid le smaointeoireacht agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar cheisteanna ábhartha, rud a chuireann ar a gcumas teacht ar thuairimí eolasacha, fianaise-bhunaithe agus machnamhacha ar shaincheisteanna áitiúla agus domhanda.

    Torthaí foghlama féideartha do dhaltaí12:

    • Chuir mé ceisteanna dírithe • D’úsáid mé mo chuid smaointe féin agus smaointe daoine eile chun foinsí eolais a aimsiú• Roghnaím, cuirim i gcomparáid agus déanaim meastóireacht ar eolas• Bím ag cuardach ceisteanna le fiosrú agus fadhbanna le réiteach • Fiosraímse smaointe agus barúlacha• Bímse ag éisteacht go gníomhach agus déanaim barúlacha a chomhroinnt• Thig liom teacht ar, anailís a dhéanamh agus breithmheas a dhéanamh ar theachtaireachtaí ó na

    meáin chumarsáide• Thig liom bheith rannpháirteach i gcomhphlé maidir le saincheisteanna a imríonn tionchar orm

    féin, ar dhaoine eile, agus ar an saol i gcoitinne

    12 In oiriúint ó CCEA (2007b) agus Oxfam (2015)

  • 10 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    Saincheisteanna áitiúla agus domhanda a fhiosrú: sampla den chleachtas

    Agus staidéar á dhéanamh ar shíocháin agus réiteach coimhlinte, rinne daltaí breithniú ar dhóigheanna a gcuirtear teachtaireachtaí cumhachtacha i láthair ar bhealaí cruthaitheacha. Bhain daltaí leas as cur chuige smaointeoireachta criticiúla chun taighde a dhéanamh ar obair Banksy, ealaíontóir sráide anaithnid atá lonnaithe i Sasana, agus tháinig siad aníos lena gcuid ceisteanna féin faoina chuid oibre. D’fhiosraigh daltaí ansin na cineálacha teachtaireachtaí ba mhaith leo féin a chur in iúl agus rinne tionscadal ealaíne dá gcuid féin, bunaithe ar obair Banksy.

    Harmony Hill Primary School, Lios na gCearrbhach

    Eochairghné 2:

    Foghlaimeoirí domhanda … fiosraíonn siad dearcthaí éagsúla

    Tríd an eochairghné seo, iarrtar ar dhaltaí breithniú a dhéanamh ar shaincheisteanna ó dhearcthaí éagsúla agus barúlacha éagsúla a chur san áireamh. Trí eolas agus tuiscint a chur ar a gcuid luachanna agus barúlacha féin, tosaíonn scoláirí a chur tuiscint ar na dóigheanna a ndearnadh a ndearcadh féin ar an saol a mhúnlú. Cuireann sé seo ar a gcumas a thuiscint go mbíonn dearcadh ag daoine eile den domhan atá thar a bheith éagsúil lena ndearcadh féin. Trí úsáid an fhéinmhachnaimh agus na smaointeoireachta criticiúla, spreagtar daltaí le bheith feasach ar a gcuid braistintí agus réamhthuiscintí féin agus cuirtear lena n-acmhainneacht i dtaca le breithniú gníomhach a dhéanamh ar dhearcthaí eile.

    Torthaí foghlama féideartha do dhaltaí13:

    • Tá mé feasach ar mo chuid luachanna agus barúlacha féin • Thig liom naisc úra a dhéanamh idir smaointe agus eolas• Cuirimse ceisteanna ábhartha • Foghlaimím ó agus bíonn meas agam ar smaointe daoine eile • Bíonn comhbhá agam le daoine i gcomhthéacsanna áitiúla agus níos faide ó bhaile • Déanaimse breithniú ar shaincheist ó réimse de dhearcthaí éagsúla • Bainimse leas as eolas ar dhearcthaí daoine eile chun fadhbanna a réiteach agus comhghéilleadh

    a dhéanamh

    13 In oiriúint ó CCEA (2007b) agus Oxfam (2015)

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 11

    Dearcthaí éagsúla a fhiosrú: sampla den chleachtas

    Bhreithnigh daltaí ar chumhacht na gaoithe mar fhoinse fuinnimh in-athnuaite, mar a úsáideadh í roimhe seo agus na féidearthachtaí a bhaineann léi anois. Cuireadh cás hipitéiseach i láthair na ndaltaí, mar atá, feirm ghaoithe a bhí á tógáil in aice na scoile. Ghlac daltaí le róil éagsúla amhail cónaitheoir áitiúil, feirmeoir, forbróir agus polaiteoir. Rinne an rang seomra díospóireachta a óstáil, mar ar chuir daltaí réimse leathan de dhearcthaí i láthair i dtaca leis an fhorbairt shamhlaithe, ag úsáid scileanna smaointeoireachta criticiúla, taighde agus réasúnaíochta. Tríd an ghníomhaíocht seo, rinne daltaí machnamh ar a gcuid luachanna, d’fhorbair comhbhá agus mhothaigh a gcuid foghlama féin a bheith faoina stiúir féin.

    Strandtown Primary School, Béal Feirste

    Eochairghné 3:

    Foghlaimeoirí domhanda … bíonn siad measúil agus iad ag idirghníomhú

    Tá an eochairghné seo dírithe ar an dóigh a ndéanann daltaí idirghníomhú agus cumarsáid le daoine eile, lena n-áirítear daoine de chúlra agus de chultúir éagsúla. Spreagann sé idirghníomhuithe atá oscailte agus a bhfuil cuspóir leo agus cumarsáid mheasúil a léiríonn íogaireacht i leith daoine eile agus dearcthaí eile agus toilteanas dul i mbun teagmhála leo.

    Torthaí foghlama féideartha do dhaltaí14:

    • Bímse ag éisteacht go gníomhach agus déanaim barúlacha a chomhroinnt • Glacaimse sealanna, bím ag comhroinnt agus ag comhoibriú • Sainaithnímse saincheisteanna atá tábhachtach dom féin agus do dhaoine eile • Tuigimse an dóigh a dtéann gníomhartha agus focail i bhfeidhm ar dhaoine eile • Cuirim mo chuid barúlacha agus smaointe ar shaincheisteanna in iúl go soiléir, ag úsáid réimse

    de mhodhanna fóirsteanacha • Cuirim m’iompar agus an cineál teanga a úsáidimse in oiriúint do dhaoine agus do chásanna di-

    friúla• Bíonn meas agam ar dhearcadh agus ar bharúlacha daoine eile agus úsáidim idirbheartaíocht

    agus comhréiteach le teacht ar chomhaontuithe

    14 In oiriúint ó CCEA (2007b) agus Oxfam (2015)

  • 12 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    Ag idirghníomhú go measúil: sampla den chleachtas

    Bhain trí scoil feidhm as a gcomhpháirtíocht san oideachas comhroinnte le bheith ag comhoibriú ar ghníomhaíochtaí oideachas comhroinnte Tháinig daltaí agus tuismitheoirí Rang 7 le chéile leis an chluiche trádála a imirt, gníomhaíocht rólghlactha ina mbíonn rannpháirtithe in iomaíocht lena chéile chun an méid is mó is féidir a shaothrú ón trádáil, cé go dtosaíonn siad le méideanna difriúla acmhainní. Sna blianta roimhe sin, tháinig na daltaí i Rang 5-7 le chéile thar 3 lá le himscrúdú a dhéanamh ar théamaí síochána agus coimhlinte le céad bliain anuas agus rinne siad gealltanais aonair síochána chomh maith.

    St. Patrick’s & St. Brigid’s Primary School agus Ballycastle Integrated Primary School, Baile an Chaistil

    Eochairghné 4:

    Foghlaimeoirí domhanda … bíonn siad ag gníomhú le haghaidh saol cothrom inbhuanaithe

    Tá an eochairghné seo dírithe ar idirghníomhú daltaí mar bhaill ghníomhacha fhreagracha den tsochaí, agus ar a n-ullmhacht agus a n-acmhainneacht chun tabhairt faoi ghníomhartha eolasacha. Aithníonn sé go mbíonn réimsí iolracha tionchair ag daltaí ó thionchar pearsanta agus áitiúil go tionchar digiteach agus domhanda. Ar a bharr sin, cumasaíonn sé daltaí le bheith ag pleanáil agus ag gníomhú i dtreo athrú dearfach.

    Torthaí foghlama féideartha do dhaltaí15:

    • Déanaimse eagrúchán agus pleanáil maidir leis an dóigh le bheith ag tabhairt faoi thasc• Déanaimse mo chuid smaointe a réadú trí bheith ag baint triail as dearthaí, gníomhartha agus

    torthaí éagsúla• Téim sa seans le mo chuid foghlama agus tchím deiseanna sna meancóga agus sna teipeanna a

    bhíonn agam• Glacaim freagracht phearsanta as obair le daoine eile agus déanaim breithmheas ar an mhéid a

    chuirim féin le hobair an ghrúpa • Cuirim go gníomhach agus go dearfach le saol mo ranga agus mo scoile féin • Cuirim mo chur chuige féin i gcomparáid le cur chuige daoine eile i gcomhthéacsanna éagsúla• Molaim bealaí trína bhféadfadh an cur chuige s’againn i leith an chomhoibrithe a fheabhsú • Déanaim bearta iomchuí agus deiseanna le mo bharúlacha féin a chur chun tosaigh a shainaith-

    int agus a phleanáil

    15 In oiriúint ó CCEA (2007b) agus Oxfam (2015a)

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 13

    Gníomh le haghaidh saol cothrom inbhuanaithe: sampla den chleachtas

    Gach bliain, cuireann Seachtain Ghlas, nuair a bhítear ag díriú ar bhearta ar son na timpeallachta, ar chumas phobal na scoile bheith ag comhoibriú agus difear a dhéanamh laistigh den scoil agus sa phobal. B’ionann an téama i mbliana agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus gach rang ag díriú ar aon sprioc faoi leith a raibh suim ag na daltaí inti, nó a bhí ag teacht leis an topaic a raibh siad ag gabháil di ag an am sin. Thug gach rang faoi ghníomhaíochtaí agus ceardlanna aoisoiriúnacha a bhí bunaithe ar an sprioc áirithe a raibh siad ag díriú uirthi. Rinne daltaí póstaeir bunaithe ar a sprioc agus scríobh siad faoin dóigh a dtiocfadh leo féin bheith ag cuidiú, ar bhonn pearsanta, chun an sprioc sin a bhaint amach, mar aon le dóigheanna a bhféadfadh gníomhartha áitiúla agus idirnáisiúnta cuidiú. Rinneadh na póstaeir a chrochadh ar chrann saillí taobh amuigh den scoil le go bhféadfadh na tuismitheoirí agus an pobal iad a léamh le linn na Seachtaine Glaise. Cuireadh clabhsúr ar an tseachtain le tionól faoi na Spriocanna Domhanda le haghaidh Forbairt Inbhuanaithe.

    Glencraig Integrated Primary School, Ard Mhic Nasca

    Na Bloic Thógála

    Is ionann eolas, luachanna, meon agus scileanna agus na Bloic Thógála chun foghlaim dhomhanda éifeachtach a phleanáil agus a sholáthar. Mar shampla, má tá ceacht dírithe ar eochairghné 1, saincheist áitiúil agus dhomhanda a fhiosrú, bíonn daltaí;

    • Ag tarraingt ar nó ag aimsiú eolais ar shaincheist ar leith;• Ag úsáid scileanna ceisteoireachta, ag díospóireacht agus ag breithniú ar dhearcthaí éagsúla

    chun tuiscint níos doimhne a chur ar an tsaincheist;• Ag úsáid a gcuid luachanna agus a meoin le machnamh a dhéanamh ar na saincheisteanna ó ré-

    imse de pheirspictíochtaí.

    Mar aon le bheith lárnach sna gnéithe éagsúla d’eispéiris foghlama na ndaltaí, is féidir fosta gur bonnlíne iad na bloic thógála le haghaidh foghlaim dhomhanda. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh eolas maith fíorasach ar shaincheist ag daltaí mar aon le scileanna dea-fhorbartha le tacú leis an fhoghlaim ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh na luachanna agus an meon iomchuí acu le bheith ag plé leis na saincheisteanna seo go híogair. Thig leis an mhúinteoir, arna aithint seo dó nó di, cuidiú leo a meon agus a gcuid luachanna a fhorbairt trí bheith ag díriú ar na bloic thógála sa rang.

    Eolas Is ionann saincheisteanna domhanda agus na fadhbanna sin a mbíonn tionchar acu ar gach duine, beag beann ar a náisiún nó an grúpa sóisialta lena mbaineann siad. Cuimsíonn siad bochtaineacht, cúrsaí trádála, cearta daonna, cúrsaí geopholaitíochta agus cúrsaí timpeallachta. Is ceisteanna áitiúla iad na saincheisteanna domhanda chomh maith ach téann siad i bhfeidhm ar phobail áitiúla ar bhealaí iontach éagsúil16. Is féidir, chun teagasc a dhéanamh faoi shaincheisteanna domhanda, gur gá dul i ngleic le saincheisteanna conspóideacha íogaire.

    16 ECFE (2018)

  • 14 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    Luachanna Ba cheart go gcuirfeadh an fhoghlaim deiseanna ar fáil do pháistí chun a gcuid luachanna féin a shainaithint, machnamh a dhéanamh orthu agus freagracht a ghlacadh astu (CCEA 2007a:15), bunaithe ar bhunphrionsabail na gceart daonna (Dearbhú Cearta Daonna na Náisiún Aontaithe, Alt 1) trína gceiliúrtar dínit an duine, agus ar aitheantas d’fhiúntas intreach gach aon duine (ECFE 2018:18). Spreagann na luachanna s’againn meon nó barúlacha agus iompar áirithe. Trí thábhacht na luachanna a aithint san oideachas, tugtar roinnt tagairtphointí riachtanacha do dhaltaí lena éascú dóibh a mbealach a dhéanamh trí shaol ina mbíonn barúlacha éagsúla ag daoine, ach tá sé de dhualgas ar gach duine na prionsabail a ligeann dúinn bheith ag cómhaireachtáil lena chéile agus rathúlacht a bhaint amach a chosaint.

    Meon Is é atá i gceist le meon agus barúlacha ná an dearcadh a bheadh ag duine i leith duine, grúpa, foras, saincheist, iompar nó siombail. Cuimsíonn an meon seo tuairimí, breitheanna, mothúcháin agus claonadh tú féin a iompar ar dhóigh áirithe. Cuimsíonn an fhoghlaim dhomhanda meon na hoscailteachta, dearcadh domhanda agus meas ar dhaoine de chúlra cultúrtha éagsúil:

    • Oscailteacht: íogaireacht, fiosracht agus toilteanas teagmháil, comhoibriú agus idirghníomhú a dhéanamh le daoine eile ar bhonn cothrom.

    • Meas ar dhaoine eile: aird agus meas a bheith acu ar dhuine bunaithe ar an luach go bhfuil fiún-tas ag baint linn uilig. Ní hionann meas a léiriú agus neamhshuim a dhéanamh de na difríochtaí suntasacha a bhíonn ann idir daoine ná ní gá comhaontú le daoine ná glacadh le barúlacha dao-ine eile le meas a léiriú orthu.

    • Dearcadh domhanda: ag amharc orainn féin mar phobal atá mar chuid den phobal dhomhanda, agus braistint den fhreagracht mhorálta againn le go mbeadh muid ag iarraidh bheith ag tacú le daoine eile beag beann ar shuíomh geografach agus ar dhifríochtaí cultúrtha.

    ScileannaMar bhaill ghníomhacha fhreagracha den tsochaí, ní mór do dhaoine óga na scileanna a fhorbairt atá de dhíth le réimse de shaincheisteanna casta áitiúla agus domhanda a aithint, agus le bheith in ann freagairt dóibh. Bíonn réimsí iolracha tionchair ag daltaí, ó thionchar pearsanta agus áitiúil go tionchar digiteach agus domhanda. Léiríonn daoine óga cumasacha tionscnaíocht agus cruthaíonn deiseanna d’fhonn bearta eolasacha machnamhacha a chur i ngníomh agus lena mbarúlacha a chur in iúl. Chun sprioc faoi leith a phleanáil agus a bhaint amach, déanann daoine óga scileanna cognaíocha, cumarsáide agus socheacnamaíocha a chomhtháthú isteach i ndearadh, pleanáil, agus soláthar a gcuid gníomhaíochtaí agus sa bhreithmheas a dhéanann siad orthu.

    Foghlaim Ghníomhach Tacaíonn cuir chuige ghníomhacha, rannpháirtíocha agus eispéireasacha i leith na foghlama le daltaí le go dtig leo forbairt, tuiscint níos iomláine a bheith acu ar shaincheisteanna domhanda agus a gcuid eolais, luachanna, dearcthaí agus scileanna a fhorbairt. Tá réimse de mhodheolaíochtaí atá sármhaith agus furasta a chur in oiriúint le fáil sa leabhrán ‘Global Citizenship in the Classroom’ le Oxfam17 agus ‘Foghlaim Ghníomhach agus Modhanna Gníomhacha Teagaisc d’Eochairchéim 1 & 2’ le CCEA18.

    17 Oxfam (2015b)18 CCEA (2007d)

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 15

    Is é atá i gceist leis an tsaoránacht dhomhanda ... 1

    Ní ...

    Ceisteanna a chur agus smaointeoireacht chriticiúil

    A rá le daoine an rud ba cheart dóibh a smaoineamh agus a dhéanamh

    Naisc áitiúil-domhanda agus agus an dearcadh, na luachanna agus na réamhthuairimí s’againn a fhiosrú

    Ní bhaineann sé ach le háiteanna agus le daoine atá i bhfad ar shiúl

    Fiosrú a dhéanamh ar chastacht na saincheisteanna domhanda agus dul i ngleic le peirspictíochtaí iolracha

    Réitigh shimplí a sholáthar ar fhadhbanna casta

    Ceisteanna a bhaineann leis an cheartas shóisialta, go háitiúil agus ar bhonn domhanda, a fhiosrú

    Dírithe ar thiomsú airgid do charthanais

    An fhoghlaim a chur i bhfeidhm i gcomhthéacsanna agus ar shaincheisteanna fíorshaoil

    Foghlaim theibí gan aon chur i bhfeidhm ná torthaí fíorshaoil

    Deiseanna d’fhoghlaimeoirí chun gníomhú eolasach machnamhach a dhéanamh agus a gcuid tuairimí a chur i láthair daoine eile

    Cur i gcéill i dtaca le foghlaimeoirí a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht

    Gach aoisghrúpa Ródheacair ag páistí óga a thuiscint

    Gach réimse den churaclam Ábhar breise

    Saibhriú an ghnáth-theagaisc agus na gnáthfhoghlama

    Ní dhírítear air ach ar lá nó le linn seachtain áirithe

    An timpeallacht uile-scoile Teoranta don seomra ranga

  • 16 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    4 Foghlaim Dhomhanda agus Curaclam Thuaisceart Éireann

    Tá Curaclam Thuaisceart Éireann (TÉ) leathan cothrom agus tagann go leor féidearthachtaí leis faoi choinne solúbthachta i bpleanáil agus i soláthar na foghlama domhanda. Is é atá leagtha amach san achoimre ar an Churaclam faoi choinne Eochairchéimeanna 1 & 2: ‘Tá an-solúbthacht ag múinteoirí, áfach, cinneadh a dhéanamh faoin dóigh is fearr leis na riachtanais a léirmhíniú agus a chomhcheangal ionas go n-ullmhaítear an t-aos óg don domhan atá ag athrú go gasta.’19

    Tá an nascacht idir na heochairghnéithe agus na bloic thógála soiléir i gCuraclam TÉ. Tacaíonn na heochairghnéithe agus na bloic thógála laistigh den chreat foghlama domhanda le forbairt na dtorthaí foghlama, an dul chun cinn agus na pleanála, rud a aithníonn tábhacht na foghlama próiseas-bhunaithe mar aon le foghlaim tháirge-bhunaithe agus foghlaim atá stiúrtha ag torthaí (CCEA 2007c:10)

    Tá ceithre eochairghné na foghlama domhanda idirspleách, scilbhunaithe agus thig iad a nascadh leis na Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta. Tarraingíonn gach ceann acu ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile le cúig shnáithe an Bhainistithe Faisnéise: Smaointeoireacht, Fadhbfhuascailt agus Cinnteoireacht; Cruthaitheacht; Comhoibriú le Daoine Eile agus Féinbhainistiú. Tarraingíonn na torthaí foghlama féideartha do dhaltaí ón treoir i dtaca le Scileanna Smaointeoireachta agus Cumais Phearsanta le haghaidh Eochairchéimeanna 1 & 2 agus ar Churaclam Saoránachta Domhanda Oxfam20. Spreagann siad comhtháthú scileanna agus béim níos soiléire ar an smaointeoireacht agus ar fhoghlaim ghníomhach (CCEA 2007b:14).

    Is féidir na Bloic Thógála - eolas, luachanna, meon agus scileanna - a fheiceáil go soiléir laistigh d’Fhorbairt Phearsanta agus Comhthuiscint i gCuraclam TÉ, mar shampla21:

    • Forbairt scileanna na foghlama (PDMU Theme 3: Learning to Learn)• Rialacha, Cearta agus Freagrachtaí a thuiscint (PDMU Theme 6)• Feasacht ar Chosúlachtaí agus Difríochtaí (PDMU Theme 8)

    Tá sonraithe sa réasúnaíocht leis an Fhorbairt Phearsanta agus Comhthuiscint ag Eochairchéimeanna 1 & 2 (CCEA 2007a:3) go bhfuil sí dírithe ar: ‘eolas, meon, scileanna, caidreamh, iompar is féidir a úsáid laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, scileanna smaointeoireachta agus ábaltachtaí pearsanta, feasacht mhothúchánach, luachanna agus scileanna saoil’ a fhorbairt i bpáistí.

    Té réimse suntasach i ngach achar foghlama leis an fhoghlaim dhomhanda a chuimsiú, mar shampla (Oxfam 2015: 12-13):

    • Teanga agus Litearthacht: tarraing ar théacsanna agus ar smaointeoireacht ó chomhthéacsanna ilchineálacha le himscrúdú a dhéanamh ar bhealaí eile le bheith ag amharc ar rudaí agus eolas a fháil; agus luachanna, tuairimí agus eispéiris grúpaí eile daoine.

    • Matamaitic agus Uimhearthacht: úsáid agus cuir an mhatamaitic i bhfeidhm ar fhadhbanna agus sonraí fíorshaoil.

    • Na hEalaíona: mar a léirítear saincheisteanna agus téamaí domhanda san ealaín; mar a úsáideadh

    19 http://www.nicurriculum.org.uk/docs/irish_medium/foundation/IrishMediumPrimaryCurriculum.pdf 20 Oxfam (2015a)21 CCEA (2007a)

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 17

    ceol agus drámaíocht mar agóid in éadan na héagóra sóisialta agus, chomh maith, mar a chuire-ann siad físeanna i dtaca leis an athrú dearfach chun cinn.

    • Corpoideachas: braistint ar chothrom na Féinne, cóimheas agus scileanna comhoibrithe a fhor-bairt.

    • Oideachas Reiligiúnach: feasacht a fhorbairt ar an ilchineálacht trí luachanna, dearcthaí agus crei-dimh éagsúla a fhiosrú.

    • An Domhan Thart Orainn: tuiscint a fhorbairt ar an idirspleáchas domhanda trí thíreolaíocht; im-scrúdú a dhéanamh sa stair idir cosúlachtaí agus difríochtaí idir imeachtaí, daoine agus áiteanna thar am; agus san eolaíocht, tástáil agus turgnamh a dhéanamh chun réitigh a fhorbairt ar fhadh-banna fíorshaoil.

  • 18 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    5 Dea-Chleachtas san Fhoghlaim Dhomhanda

    Cás-Staidéar - St. Columba’s Primary School, Srath

    Is bunscoil bheag thuaithe é St Columba’s a bhfuil 184 dalta ar an rolla acu. Tá an scoil suite i sráidbhaile beag Shratha, cóngarach do Bhaile na Croise, contae Dhoire. Cé go raibh éiteas láidir carthanachta riamh anall ag an scoil, agus naisc dhomhanda againn (trí Thrócaire, achainí boscaí bróg Samaritan’s Purse, agus nasc fadbhunaithe le Ngi Moyo, tionscadal sláinte sa Mhaláiv), ní go dtí go raibh muid rannpháirteach sa Chlár Foghlama Domhanda (CFD) a thuig muid réimse agus luach iomlán na Foghlama Domhanda (FD) dár gcuid daltaí.

    Dhear an Comhordaitheoir Foghlama Domhanda iniúchadh uile-scoile, bunaithe ar Curaclam Saoránachta Domhanda Oxfam, d’fhonn rannpháirtíocht reatha na foirne agus na ndaltaí i dtaca le torthaí FD a mheas. Tríd an iniúchadh agus trí chomhphlé foirne, chonacthas dúinn go raibh go leor cleachtas FD neadaithe againn sa scoil cheana trí Fhorbairt Phearsanta agus Comhthuiscint, an Domhan Thart Orainn agus tionscnaimh eile amhail na Cairteacha Ranga againn agus an Clár Éicea-Scoileanna.

    Shainaithin muid ansin réimsí ina dtiocfadh linn an FD a chomhtháthú nó a fhorbairt níos mó. Ceann de na chéad ghníomhaíochtaí ar thug muid fúithi ná clár taispeántais FD a fheistiú san fhorhalla, croí na scoile. Is é an cuspóir a bhí leis ná an FD a dhéantar a aibhsiú, a phleanáil agus a cheiliúradh agus léiríonn suíomh lárnach an chláir taispeántais a thábhachtaí atá an FD anois laistigh den scoil. Taobh leis na samplaí den rannpháirtíocht agus de na gníomhartha atá curtha i gcrích againn, tá na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe ar taispeáint againn.

    Ó ghlac muid níos fonnmhaire leis an FD, tá muid meáite ar eispéiris a thabhairt dár gcuid daltaí, dar linn, a fheabhsóidh caighdeán an oideachais acu. Roghnaítear tionscadail nó tionscnaimh nuair a mhothaímid go mbainfidh daltaí agus baill foirne léargas agus tuiscint ríluachmhar astu, rud a chuirfeadh le héiteas agus spiorad na scoile. Tá san áireamh ar a leithéid de ghníomhaíochtaí; an Ceacht is mó ar Domhan, Coicís na Cóirthrádála, Lá Idirnáisiúnta na gCoillte agus Lá Domhanda an Uisce. Ar na tionscadail a ndearnadh iad a chomhtháthú trí fhoghlaim agus teagasc an churaclaim, tá: Staidéar comparáideach idir Vítneam agus Éirinn ina raibh béim ar Spriocanna 6 (Uisce glan agus sláintíocht) agus 15 (Saol ar Talamh); ‘Would you Rather for Refugees’, tionscadal arbh é ba bhuaicphointe dó físeán a chur le chéile a uaslódáladh chuig YouTube agus a gearrliostaíodh faoi choinne Gradaim Romero de chuid Trócaire. Trí thopaic na bhforaoisí báistí acu, tá imscrúdú á dhéanamh ag Rang 6 faoi láthair ar thionchar tháirgeadh na hOla Pailme ar na hórang-útain san Indinéis.

    Le go dtiocfadh linn bheith ag idirghníomhú le pobal níos leithne, bhunaigh muid cuntas twitter FD saincheaptha don scoil, @strawglobal. Taitníonn sé leis na daltaí nuair a dhéantar a gcuid éachtaí a cheiliúradh ar an ardán seo agus is maith leo na ‘leantóirí’ agus ‘is maith liom-anna’ as gach cearn den domhan a fheiceáil. Is bealach é chomh maith le daoine agus eagraíochtaí eile a bhfuil an dearcadh céanna acu agus cúiseanna comhchosúla a leanúint. Creidimid go bhfuil an Fhoghlaim Dhomhanda laistigh den scoil ag imirt tionchar dearfach ríluachmhar ar na daltaí s’againn. Trí naisc thraschuraclaim leis an litearthacht, tá siad ag forbairt smaointeoireacht chriticiúil, scil éigeantach saoil; cothaíonn an FD iontu chomh maith ionbhá agus comhbhá, á gcumhachtú i mbun gnímh.

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 19

    Is é is aidhm le curaclam TÉ ‘daoine óga a chumhachtú lena gcumas a fhorbairt agus roghanna agus cinntí eolasacha freagracha a dhéanamh i rith a saoil’22. Is cinnte gur cuidiú í an Fhoghlaim Dhomhanda sna hiarrachtaí s’againn i dtaca le bheith ag tacú le gach páiste an aidhm seo a bhaint amach agus, dá réir, anseo in St Columba’s, níl lá amhrais orainn ná go bhfuil muid ag feistiú na ndaltaí s’againn leis na scileanna agus na hinniúlachtaí a bheas de dhíth orthu lena mbealach a dhéanamh tríd an domhan seo - domhan atá ag éirí i bhfad níos domhandaithe agus níos casta agus atá ag athrú go pras. Ní fios, agus na scileanna agus na luachanna a d’fhorbair siad anseo ar a dtoil acu, nach mbeidh cuid de na daltaí s’againn féin ar laochra an chine dhaonna amach anseo, an dream sin a athróidh an domhan chun feabhais!

    Is féidir teacht ar níos mó cás-staidéar Foghlama Domhanda, i bhfoirm scríofa agus i bhfoirm físe, ag: www.globallearningni.com/case-studies

    22 CCEA (2007c: 4)

    file:///C:\Users\Anna\Dropbox\CCGL\Inception%20-%20New%20materials\CCGL%20framework,%20self-eval%20&%20handbook\www.globallearningni.com\case-studies

  • 20 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    6 Dul Chun Cinn sa Bhonnchéim agus in Eochairchéimeanna 1 agus 2

    Is rud uathúil ar leith é an aistear foghlama domhanda a dhéanann gach scoil, rud a léireoidh comhthéacs, tosaíochtaí agus acmhainneacht na scoile. Cuireann roinnt scoileanna tús leis an aistear trí dhul siar ar phleananna topaice chun deiseanna foghlama a bheadh nasctha leis an fhoghlaim dhomhanda a thabhairt isteach nó a choigeartú. Bunaíonn scoileanna eile an fhoghlaim dhomhanda ar thionóil nó ar lá téamach. Is féidir cuid de na huirlisí atá ar fáil anseo a úsáid le tacú leis an phleanáil faoi choinne foghlaim dhomhanda.

    Torthaí do Dhaltaí

    Rinneadh tagairt do thorthaí féideartha do dhaltaí i gcreat na foghlama domhanda dalta-láraithe, faoi gach eochairghné:

    • Saincheisteanna áitiúla agus domhanda a fhiosrú• Peirspictíochtaí iolracha a fhiosrú• Bheith ag idirghníomhú go measúil• Gníomh le haghaidh saol cothrom inbhuanaithe: sampla den chleachtas

    Cuireadh iad seo in oiriúint ó Threoirleabhar Churaclam TÉ na Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta ag Eochairchéimeanna 1 agus 2,23, agus ó Churaclam Saoránachta Domhanda Oxfam24. Moltar do mhúinteoirí cuspóirí agus torthaí foghlama a shocrú a bheas ábhartha don topaic atá idir lámha, agus a léiríonn ceann amháin nó níos mó d’eochairghnéithe na foghlama domhanda, le go mbeidh fócas ar phróiseas san fhoghlaim, mar aon le hábhar.

    Curaclam Saoránachta Domhanda OxfamFoilsíodh Curaclam Saoránachta Domhanda Oxfam an chéad lá in 1997 agus ó shin i leith, tá Oxfam ag obair le hoideachasóirí ar bhonn leanúnach le hathbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar an treoir. Tá Curaclam na Saoránachta Domhanda leagtha amach trí shraith chuiditheach de thorthaí foghlama: • Eolas agus tuiscint, faoi réimsí leathana coincheapúla • Scileanna• Luachanna agus dearcthaí

    Cé go bhfuil réimse go leor ann i gCuraclam TÉ le haghaidh pleanáil agus socrú solúbtha na foghlama domhanda, tá teanga atá sainoiriúnaithe don fhoghlaim dhomhanda le fáil sa treoir seo, rud a chuideoidh le múinteoirí a gcuid pleanála a bheachtú. Dhearbhaigh aiseolas ó mhúinteoirí ceannais san fhoghlaim dhomhanda ó gach cearn den Tuaisceart a úsáidí atá Curaclam Saoránachta Domhanda Oxfam le tacú le pleanáil agus cur i bhfeidhm na foghlama domhanda. Sa réamhrá leis an treoir, deir Oxfam gurb é is aidhm acu ‘ní a rá cad é is gá a chlúdach ach daoine a spreagadh agus smaointeoireacht bhreise, comhphlé agus forbairt curaclaim a threorú’ (Oxfam 2015:4). Is le caoinchead ó Oxfam atá na tuairiscíní Curaclaim do na haoisghrúpaí 3 – 11 á n-atáirgeadh.

    23 CCEA (2007b)24 Oxfam (2015a)

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 21

    Torthaí do Dhaltaí - Eolas agus Tuiscint

    Aois 3-5 Aois 5-7 Aois 7-11

    Ceartas Sóisialta agus Comhionannas

    • cothrom agus míchothrom• a thábhachtaí atá sé aire a thab-

    hairt• agus a bheith ag comhroinnt

    • an rud atá i gceist le cothrom• samplaí den mhéid a chiallaíonn

    sé a bheith saibhir nó bocht i gcomhthéacsanna áitiúla agus eile

    • an dóigh nach ionann i gcónaí cothroime agus caitheamh go co-throm le gach duine

    • roinnt cúiseanna agus tionchar a bhaineann leis an bhochtaineacht agus leis an éagothroime (lena n-áirítear neamh-chomhionannas inscne) ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda

    Féiniúlacht agus Ilchineálacht

    • uathúlacht agus luach gach aon duine

    • cosúlachtaí agus difríochtaí idir muid féin agus daoine eile

    • cosúlachtaí agus difríochtaí idir daoine ar bhonn áitiúil agus i gcomhthéacsanna níos leithne

    • na rudaí a bhíonn taobh thiar dár bhféiniúlacht féin agus de na braistintí muintearais a bhíonn againn

    • ilchineálachtnagcultúragusnasochaithelaistighaguslasmuighdárdtaithíféin

    • anméidachuireanncultúiréag-súlalenársaol

    • réamhchlaonadh, ciníochas agus gnéasachas agus bealaí le dul i ngleic leo

    Domhandú agus idirspleáchas

    • an gharthimpeallacht agus an timpeallacht áitiúil

    • naisc shimplí le háiteanna eile (e.g. trí bhia)

    • cosúlachtaí agus difríochtaí idir áiteanna i gcodanna éagsúla den domhan, lena n-áirítear ár n-áit féin

    • naisc idir an pobal áitiúil agus an saol mór

    • naisc dhomhanda idir daoine agus tíortha (e.g. trí thrádáil agus cu-marsáid)

    • mar a théann gníomhartha áitiúla i bhfeidhm ar an saol mór

    Forbairt inbhuanaithe • neacha beo agus a gcuid ri-achtanas

    • mar a thig linn aire a thabhairt dár ngarthimpeallacht

    • féidearthachtaí i dtaca le hath-ruithe sa todhchaí

    • tionchair dhearfacha agus diúl-tacha gníomhartha daoine (lena n-áirítear roghanna pearsanta) ar dhaoine eile agus ar an timpeal-lacht

    • mar a thig le daoine dochar a dhéanamh don timpeallacht nó í a fheabhsú

    • spleáchas daoine ar an timpeallacht• buneolas faoin athrú aeráide (cúise-

    anna agus tionchair)• maireachtáil atá freagrach ar bhonn

    timpeallachta agus éagothroimí domhanda sa lorg choise éiceo-laíoch

    Síocháin agus coimhlint

    • mar a thagann iarmhairtí lenár ngníomhartha féin

    • bealaí bunúsacha trína dtig linn an choimhlint a sheachaint, a bhainistiú agus a réiteach

    • cúiseanna easaontais agus co-imhlinte ag leibhéal pearsanta, seomra ranga agus teaghlaigh

    • roinnt bealaí trína dtig linn an choimhlint a sheachaint, a bhainistiú agus a réiteach

    • roinnt cúiseanna agus éifeachtaí a bhaineann leis an choimhlint ag gach leibhéal ó phearsanta go dom-handa

    • straitéisí chun an choimhlint a bhainistiú, a réiteach agus a chosc, lena n-áirítear réitigh trína bhfaig-headh gach taobh bua

    • samplaí de choimhlintí ón stair agus ón am i láthair inár sochaí féin agus i sochaithe eile

    Cearta daonna • bunriachtanas na beatha daonna • cearta sa rang agus ar scoil• an gá atá le meas a bheith againn

    ar chearta daoine eile• bunchearta daonna agus na

    dóigheanna a gceiltear iad seo ar roinnt daoine

    • Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar chearta an pháiste

    • na fáthanna a gceiltear cearta ar roinnt daoine

    • na daoine atá freagrach as com-hlíonadh ceart (e.g. múinteoirí, rial-tas áitiúil agus náisiúnta)

    Cumhacht agus rialachas

    • rialacha sa rang agus ar scoil• mar a chuidíonn rialacha linn

    • mar is féidir a bheith rannpháir-teach i ndéanamh agus athrú na rialacha i do rang/scoil féin

    • comhroinnt mhíchothrom na cumhachta agus an dóigh a ndé-antar roinnt daoine a eisiamh ón chinnteoireacht

    • an gá atá le rialacha inár scoil féin agus sa tsochaí i gcoitinne agus an dóigh a dtig le daoine a bheith páir-teach ina ndéanamh agus a n-athrú

    • an buneolas i dtaca le cúrsaí riala-chais inár dtír agus ár réigiún féin

  • 22 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    Arna chur in oiriúint, le caoinchead, ón leabhrán de chuid Oxfam, ‘Education for Glocal Citizenship: A guide for schools’, Oxford: Oxfam, lgh16-17 (2015). Cóipcheart © Oxfam GB. Is féidir breis eolais a fháil sa treoir iomlán atá ar shuíomh gréasáin oideachais Oxfam: https://www.oxfam.org.uk/education/resources/education-for-global-citizenship-a-guide-for-schools

    Torthaí do Dhaltaí - Scileanna

    Aois 3-5 Aois 5-7 Aois 7-11

    Smaointeoireacht chriticiúil agus chruthaitheach

    • ceisteanna a chur• bealaí a mholadh le fadhb a réiteach• bheith fiosrach i dtaca le smaointe

    • ceisteanna ábhartha a chur• buanna agus buntáistí dearcthaí

    ar leith a mheas• cuir chuige éagsúla a úsáid le

    fadhbanna a réiteach

    • a thosú de bheith ag sainaithint réamhchlaonta agus barúlacha

    • fianaise a thabhairt le tacú le hargóint, dearcthaí éagsúla a mheas agus frith-argóintí a chur chun tosaigh

    • a bheith in ann féidearthachtaí malartacha a shamhlú agus smao-inte úra a mholadh le fadhbanna a réiteach

    Comhbhá • íogaireacht a léiriú i leith mhothúcháin agus riachtanais daoine

    • feasacht agus meas ar mhothúcháin a léiriú

    • spéis a chur in, agus meas a léiriú ar dhaoine eile lasmuigh de do ghrúpa féin agus i gcom-hthéacsanna atá éagsúil le do chomhthéacs féin

    • iompar a choigeartú chun moth-úcháin daoine eile a chur san áireamh

    • comhbhá a léiriú le daoine i gcomhthéacsanna áitiúla agus níos faide ó bhaile

    • tionchair an réamhchlaonta agus an leithcheala a thuiscint

    Féinfheasacht agus machnamh

    • na mothúcháin a aithint, ainm a chur leo agus bheith in ann plé leo ar dhóigh dhearfach

    • cuid de na tionchair a imríonn ár gcuid gníomhartha féin ar dhaoine eile a thabhairt faoi deara

    • an dóigh a mothaíonn daoine a shain-aithint

    • tionchair ár n-iompair féin agus iompar daoine eile a aithint agus é seo a úsáid le cuidiú linn roghanna a dhéanamh

    • saincheisteanna atá tábhachtach dúinn féin agus do dhaoine eile a shainaithint

    • bheith in ann foghlaim ó mhe-ancóga agus aiseolas a úsáid

    • naisc a shainaithint idir cinntí pearsanta agus saincheisteanna a mbíonn tionchar acu ar dhaoine ar bhonn áitiúil agus domhanda

    • na cúiseanna taobh thiar de mhothúcháin dhiúltacha i leith daoine eile i suíomhanna úra nó deacra a fhiosrú

    Cumarsáid • éisteacht le daoine eile• sealaíocht a dhéanamh agus barúlacha

    á gcur chun tosaigh

    • bheith rannpháirteach i gcomh-phlé maidir le saincheisteanna a imríonn tionchar orainn féin, ar dhaoine eile, agus ar an saol i gcoitinne

    • barúlacha a léiriú agus tosú de bheith ag míniú na gcúiseanna leo

    • éisteacht go cúramach le daoine eile

    • éisteacht go hairdeallach, ceiste-anna a chur agus bheith ag frea-gairt do dhaoine eile

    • barúlacha agus smaointe de do chuid féin ar shaincheisteanna a chur in iúl go soiléir, ag úsáid réimse de mhodhanna fóirstea-nacha

    • fáthanna, fianaise agus samplaí a thabhairt le tacú le barúil

    Comhoibriú agus réiteach coimhlinte

    • a bheith rannpháirteach i ngníom-haíochtaí grúpa

    • sealaíocht agus comhroinnt a dhéan-amh

    • achrainn a bhainistiú go síochánta

    • a bheith ag súgradh agus ag obair le chéile ar bhonn comhoi-britheach

    • do chion féin a dhéanamh lena chinntiú go gcuimsítear agus go mbíonn ról ag gach duine sa ghrúpa

    • tosú de bheith ag léiriú tuis-ceana agus scileanna taidhleoi-reachta

    • bheith ag obair ar bhonn com-hoibritheach chun fadhbanna a réiteach nó spriocanna a bhaint amach

    • straitéisí a úsáid le fearg, frustra-chas agus mothúcháin ionsaithea-cha a bhainistiú

    • leas a bhaint as eolas ar dhearcthaí daoine eile chun fadh-banna a réiteach agus comhghéil-leadh a dhéanamh

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 23

    Torthaí do Dhaltaí - Scileanna

    Aois 3-5 Aois 5-7 Aois 7-11

    Acmhainneacht i dtaca le castacht agus éiginnteacht a bhainistiú

    • cuidiú a iarraidh má bhíonn tú éiginnte i dtaca leis an mhéid atá le déanamh

    • cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin i leith athruithe i do shaol féin agus ar bhonn áitiúil

    • cur síos a dhéanamh ar mhothúcháin i leith athruithe agus teagmhais i do shuíomh féin agus sa saol i gcoitinne

    • straitéisí a úsáid le bheith in ann déileáil le hathruithe sa saol

    • a aithint nuair is féidir nach mbeadh an t-aon fhreagra ceart nó mícheart ann

    Gníomh eolasach machnamhach

    • tacú le daoine eile sa ghrúpa nó sa rang • bheith ag cur go gníomhach agus go dearfach le saol do ranga agus do scoile féin

    • gníomhú nuair a bhíonn rud míchothrom

    • bheith rannpháirteach sa chinnte-oireacht ar scoil

    • cur le folláine agus le leas an pho-bail i gcoitinne

    • barúlacha agus fianaise i dtaca le saincheisteanna a chomhroinnt le daoine eile lena n-áirítear lucht déanta cinntí agus ionadaithe tofa

  • 24 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    Arna chur in oiriúint, le caoinchead, ón leabhrán de chuid Oxfam, ‘Education for Glocal Citizenship: A guide for schools’ lgh 18-19 (2015). Cóipcheart © Oxfam GB. Is féidir breis eolais a fháil sa treoir iomlán atá ar shuíomh gréasáin oideachais Oxfam: https://www.oxfam.org.uk/education/resources/education-for-global-citizenship-a-guide-for-schools

    Torthaí do Dhaltaí - Luachanna agus Dearcthaí

    Aois 3-5 Aois 5-7 Aois 7-11

    Braistint féiniúlachta agus féinmheasa

    • feasacht ar d’uathúlacht féin agus ar uathúlacht daoine eile

    • braistint ar fhéinfhiúntas agus ar fhiún-tas daoine eile

    • braistint muintearais agus meas ar chaidreamh le daoine eile

    • feasacht ar, agus mórtas as, d’fhéiniúlacht féin

    • dearfacht i dtaca leis na bealaí ina mbímid cosúil le daoine eile ach éagsúil agus uathúil san am céanna

    • meas a bheith againn ar na nithe a chu-ireann lenár bhféiniúlacht féin

    Tiomantas i leith an cheartais shóisialta agus an chothromais

    • braistint den ‘imirt chothrom’ nó den chothromas

    • toilteanas sealaíocht agus comhroinnt a dhéanamh

    • toilteanas an fód a sheasamh agus labhairt ar son daoine eile

    • cothroime agus muid ag plé le daoine eile

    • míshásamh agus míshuaimhneas nuair a chaitear go míchothrom le daoine eile ar bhonn áitiúil agus domhanda

    • braistint cheartais• spéis mhéadaithe in imeachtaí

    idirnáisiúnta agus saincheisteanna domhanda

    Meas ar dhaoine agus cearta daonna

    • tosú de bheith ag smaoineamh ar dhaoine eile

    • meas ar mhothúcháin agus smaointe daoine eile

    • meas ar chearta daoine eile

    • an tuairim agus an chrei-diúint go bhfuil cearta comhionanna ag gach duine

    • bheith sásta agus ullamh chun smao-ineamh ar iarmhairtí focal, gníomhartha agus roghanna do dhaoine eile

    • an chreidiúint go bhfuil sé d’fhreagracht ar gach duine cur in éadan an réamh-chlaonta agus an leithcheala

    Meas ar an ilchineálacht

    • meon dearfach i leith na héagsúlachta agus na hilchineálachta

    • toilteanas bheith ag éisteacht le smao-inte daoine eile

    • meas a bheith againn ar dhaoine eile mar dhaoine atá éagsúil linn ach ar com-hchéim agus comhionann linn

    • toilteanas bheith ag éisteacht go measúil le smaointe agus dearcthaí daoine eile go fiú nuair nach n-aontaímid leo

    • toilteanas bheith ag foghlaim ó eispéiris daoine eile

    • meas a bheith againn ar an ilchineálacht• tuiscint ar a thairbhí atá sé éisteacht

    le réimse de dhearcthaí agus tuairimí éagsúla

    Imní i leith na timpeallachta agus tiomantas i leith na forbartha inbhuanaithe

    • tuiscint agus meas ar neacha beo agus ar ár dtimpeallacht féin

    • braistint iontais agus fiosrachta faoin domhan

    • tosú de bheith ag léiriú measa agus tuisceana ar acmhainní

    • imní faoin timpeallacht áitiúil agus toilteanas aire a thabhairt di

    • cúram a dhéanamh d’acmhainní agus gan iad a chur amú

    • braistint freagrachta i leith na timpeal-lachta agus i leith úsáid na n-acmhainní

    • tiomantas i dtaca le bheith ag gníomhú chun an timpeallacht agus an caigh-deán maireachtála do dhaoine ar bhonn áitiúil agus domhanda a chosaint agus a fheabhsú

    Tiomantas i leith na rannpháirtíochta agus na cuimsitheachta

    • toilteanas bheith ag imirt agus ag súgradh go cothrom cuimsitheach le daoine eile

    • toilteanas bheith ran-npháirteach i ngníom-haíochtaí lasmuigh agus laistigh den seomra ranga

    • an chreidiúint gur cheart go ndéanfaí gach duine a chuimsiú agus é nó í a bheith in ann a bheith ran-npháirteach

    • rannpháirtíocht ghníomhach i gcinnte-oireacht scoilbhunaithe

    • bheith réamhghníomhach i dtaca le daoine eile a chuimsiú, go háirithe iad sin a bhféadfadh sé bacainní a bheith ann idir iad agus an rannpháirtíocht iomlán

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 25

    Torthaí do Dhaltaí - Luachanna agus Dearcthaí

    Aois 3-5 Aois 5-7 Aois 7-11

    An chreidiúint go bhfuil sé de chumas ag daoine athruithe a dhéanamh

    • an chreidiúint go dtig le gach duine rudaí a dhéanamh lenár dtimpeallacht a fheabhsú agus le tacú le daoine eile

    • an chreidiúint go dtig le daoine difear a dhéanamh, as a stuaim féin agus nuair a bhíonn siad ag comhoi-briú

    • an chreidiúint go dtig le daoine aonair agus le grúpaí cásanna agus suíom-hanna a fheabhsú

    • toilteanas bheith ag comhoibriú le dao-ine eile le rudaí a athrú chun feabhais

    Arna chur in oiriúint, le caoinchead, ón leabhrán de chuid Oxfam, ‘Education for Glocal Citizenship: A guide for schools’, Oxford: Oxfam, lgh20-21 (2015). Cóipcheart © Oxfam GB. Is féidir breis eolais a fháil sa treoir iomlán atá ar shuíomh gréasáin oideachais Oxfam: https://www.oxfam.org.uk/education/resources/education-for-global-citizenship-a-guide-for-schools. 

    https://www.oxfam.org.uk/education/resources/education-for-global-citizenship-a-guide-for-schoolshttps://www.oxfam.org.uk/education/resources/education-for-global-citizenship-a-guide-for-schools

  • 26 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    7 Pleanáil Thopaic-Bhunaithe a chuimsíonn na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe(SFInna)

    Gréasáin thopaice a úsáid le tacú leis an phleanáil

    Aithníonn go leor múinteoirí bunscoile na tairbhí a thagann le foghlaim nasctha agus pleanáil théamach a úsáid. Tacaíonn an cur chuige seo chomh maith le forbairt na nasc foghlama domhanda le topaicí agus réimsí curaclaim. Tá gréasán topaice samplach faoi choinne uisce le sonrú thíos chun léiriú a thabhairt ar naisc foghlama domhanda leathana ar Eochairchéimeanna 1 agus 2.

    Na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a úsáid le tacú leis an phleanáil

    Is mór an cuidiú iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus muid ag pleanáil faoi choinne foghlaim dhomhanda. Is féidir iad a chur in oiriúint do thopaic nó réimse curaclaim ar bith, a úsáid le smaointe a ghiniúint i dtaca le saincheisteanna a fhiosrófar, agus mar chuidiú le topaicí a imscrúdú trí lionsa na cothroime, an cheartais agus na hinbhuanaitheachta. Agus 17 Sprioc Dhomhanda ann, is fiú, mar thúsphointe, breithniú a dhéanamh ar a ábhartha atá siad do shaol daoine óga. Is féidir na grúpaí téamacha a leanas, arna gcur in oiriúint ón Cheacht is Mó ar Domhan25, a úsáid lena dhéanamh seo.

    Téama Sprioc le cur san áireamh

    Mar a mhairimid le chéile chun leas gach duine a chinntiú

    1: Bochtaineacht ar bith

    5: Comhionannas inscne

    10: Éagothroimí laghdaithe

    16: Síocháin agus ceartas agus institiúidí láidre

    17: Comhpháirtíochtaí do na Spriocanna

    Sláinte agus folláine 2: Ocras ar bith

    3: Dea-shláinte agus folláine

    6: Uisce glan agus sláintíocht

    Oideachas, scileanna agus poist

    4: Oideachas ardchaighdeáin 8: Obair fhiúntach agus fás eacnamaíoch

    Inbhuanaitheacht 7: Fuinneamh glan inacmhainne

    9: Tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar

    11: Cathracha agus pobail inbhuanaithe

    12: Tomhaltas agus táirgeadh freagrach

    Timpeallacht 13: Gníomhú ar son na hAeráide

    14: An Saol faoin Uisce

    15: An Saol ar Talamh

    Is ionann na SFInna agus creat cuimsitheach trínar féidir naisc a dhéanamh le téamaí na cothroime, an cheartais agus na hinbhuanaitheachta laistigh d’aon réimse topaice. Tá dhá eangach smaointe ar fáil anseo, do Bhia ag Eochairchéim 1 agus An Saol na Naoú Céad Déag (Tugann roinnt scoileanna ‘Aimsir Victoria Shasana’ air seo fosta ag Eochairchéim 2, faoi seach. Tá liosta d’fhéidearthachtaí i ngach

    25 http://cdn.worldslargestlesson.globalgoals.org/2016/06/26-What-To-Do-With-The-Global-goals-in-my-daily-life.pdf

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 27

    eangach i dtaca leis an dóigh a gcuidíonn na SFInna dúinn deiseanna foghlama sna topaicí éagsúla a shainaithint. Thig le múinteoirí na smaointe, dar leo, atá teacht leis an treo a bhfuil siad ag dul leis an topaic a chur san áireamh, cé nach mbeifí ag dúil leis go ndéanfadh múinteoir nasc le gach ceann de na spriocanna.

    Ba cheart amharc ar na SFInna mar chreat úsáideach le tacú le pleanáil na foghlama domhanda. Ní gá do mhúinteoirí tagairt fhollasach a dhéanamh do na SFInna sna ceachtanna, cé go mbíonn amanna ann nuair a bheadh sé sin fóirsteanach nó iomchuí, mar shampla, sa chás go mbeadh daltaí ag foghlaim faoi uisce nó i mbun comhphlé ar mhír nuachta a mbeadh baint aici le SFI.

    Ar shuíomhanna gréasáin amhail Global Goalshttps://www.globalgoals.org/, tá níos mó eolais ar gach sprioc agus cuidíonn siad linn breithniú a dhéanamh ar naisc ábhartha chuig réimsí topaice eile.

    https://www.globalgoals.org/

  • 28 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 29

    Bia - Smaointe topaice ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (Eochairchéim 1)

    1: Bochtaineacht ar bith

    Ár gcuid bunriachtanas. Go leor a bheith againn, an méid atá riachtanach dúinn a bheith againn.

    2: Ocras ar bith

    Tugann bia fuinneamh dúinn. Nuair a bhíonn ocras orm ... dá mbeadh sé seo ag tarlú ar bhonn rialta. Bia sláintiúil, cineálacha bia. Mura mbíonn cineál bia ar fáil, cad é mar a théann sé i bhfeidhm ormsa? Fáthanna nach mbeadh roinnt bianna ar fáil (costas, bianna nach dtig le daoine iad a thabhairt chomh fada linn, nuair a loiceann an fómhar/barra).

    3: Dea-shláinte agus folláine

    Níl sa mhéid a ithimid ach ceann amháin de na nithe a choinníonn sláintiúil muid. Is táscaire é an fás s’againn dár sláinte, e.g. meáchan babaí, airde agus meáchan do m’aois Nasc idir fuinneamh agus folláine - mura n-itheann tú, seans go dtiocfadh tuirse nó cantal ort.

    4: Oideachas ardchaighdeáin

    Bíonn orainn ithe ag eatraimh rialta, mura mbeadh sos agat, gach seans nach mbeadh an fuinneamh agat le bheith ag rith thart. I roinnt tíortha, bíonn páistí ag cuidiú leis na barra a fhás agus ainmhithe a bhuachailleacht, mar aon le bheith ag freastal ar scoil. Tharlaíodh sé seo in Éirinn sa seanam fosta, m.sh. san fhómhar.

    5: Comhionannas inscne

    Coincheap chomhroinnt chothrom an bhia agus na n-acmhainní - ag an tábla, agus ar bhonn domhanda fosta. In amanna, bíonn níos mó bia de dhíth ar dhaoine, m.sh. le neart a fháil más rud é go raibh siad tinn, má úsáideann siad cuid mhór fuinneamh fisiceach sa phost s’acu, nuair a bhíonn siad ag dul trí thréimhse fáis, mar a tharlaíonn i gcás déagóirí.

    6: Uisce glan agus sláintíocht

    Bíonn orainn bia a ullmhú i dtimpeallacht ghlan agus ár lámha a ní. Bíonn orainn uisce a ól agus uisce glan sábháilte a úsáid don chócaireacht. Áiteanna ina n-ullmhaímid bia agus ina nímid rudaí agus muid féin a choinneáil scartha. An méid uisce a bhíonn de dhíth le cineálacha éagsúla bia a fhás

    7: Fuinneamh glan inacmhainne

    Mar a dhéanann daoine i dtíortha eile a gcuid bia a chócaráil. Cad é mar a bheadh an saol mura mbeadh breosla ar bith ann le bia te a chócaráil ar feadh cúpla lá?

    Cad é mar a bheadh sé rís agus pasta a bheith agat ach gan aon dóigh agat lena gcócaráil?

    Cuidíonn na bealaí ina dtig linn bia a choinneáil agus a chócaráil na bianna atá muid ag dul a ithe a phleanáil.

    8: Obair fhiúntach agus fás eacnamaíoch

    Eolas a chur ar na poist éagsúla a bhíonn ag daoine atá bainteach le fás agus táirgeadh ár gcuid bia. Dá mhéad a dhéantar táirge a phróiseáil, éiríonn sé níos costasaí. Is féidir go gcruthódh sé seo poist.

    Tuiscint a chur ar bhunphrionsabail na Cóirthrádála.

    9: Tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar

    Mar a dhéantaí bia a phacáistiú, a sheachadadh agus a cheannach san am atá caite.Na próisis a bhaineann le bia a sholáthar, e.g. ó fheirm go forc, scéal an bhainne.

    Mar a ligeann an nuálaíocht dúinn bia a fhás in áiteanna agus i séasúir éagsúla (i gcomparáid leis an chostas airgeadais a thagann leis an táirgeadh seo)

    Cén sórt bia a bheas againn sa todhchaí?

    10: Éagothroimí laghdaithe

    An coincheap den mhéid a bhíonn de dhíth orainn agus an méid is mian linn ó thaobh an bhia de.Bunphrionsabail na cóirthrádála.

    D’fhéadfadh sé go mbeadh daltaí eolach nó feasach ar bhainc bia.

    Leabhair scéalta faoi charachtair shantacha!

  • 30 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    11: Cathracha agus pobail inbhuanaithe

    Cad é mar a thugtar an bia uilig a fhad leis na cathracha? Tuiscint ar an fhad a thaistealaíonn bia agus an dóigh a ndéantar é a sheachadadh.

    Feirmeoireacht uirbeach: Garraithe scóir nó cuibhrinn san aimsir a caitheadh agus an dóigh a bhfuil siad ag éirí coitianta arís, feirmeoireacht cheartingearach.

    Siopadóireacht áitiúil - margaí feirmeoireachta, boscaí glasraí.

    I dtíortha eile, is minic a cheannaítear bia gach lá ag an mhargadh.

    12: Tomhaltas agus táirgeadh freagrach

    Ba ghnách le daoine gan ach an méid a bhí de dhíth orthu a cheannach, ach tá an bia i bhfad níos saoire sa lá atá inniu ann. Cur amú bia – an méid a chaithimid amach, caillteanas ag céimeanna éagsúla an táirgthe, gach cuid den phlanda/den táirge feola a úsáid.

    Tomhaltas pearsanta: an méid a chuireann tú ar do phláta, tairiscintí 3 rud ar phraghas 2.

    Dul i ngleic leis na roghanna: buiséadú / bíonn cuid den bhia inbhuanaithe níos costasaí

    13: Gníomhú ar son na hAeráide

    Tionchar timpeallachta ár gcuid nósanna bia, e.g. cúrsaí iompair.Amanna nuair nár féadadh táirgí áirithe ár gcuid siopaí a bhaint amach, m.sh. d’fhág sneachta nár féadadh arán agus bainne a sheachadadh.

    Brúchtanna bó ag cur amach meatáin agus ag cur leis an téamh domhanda!

    14: An Saol faoin Uisce

    Tuiscint a chur ar an chuma a bhíonn ar chineálacha éagsúla éisc, e.g. ní léiríonn canna tuinnín dúinn cén chuma atá ar an tuinnín féin!Eolas a chur ar ainm na n-iasc a ithimid agus ar na háiteanna ar domhan a maraítear nó a gceaptar iad.

    Iasc agus sceallóga! San am a caitheadh, is trosc den chuid is mó a d’ith muid ach tá athrú tagtha ar an scéal.

    Cur amú leis an ró-iascaireacht agus leis an trálaeireacht

    Tionchar an truaillithe mara ar stoic éisc.

    15: An Saol ar Talamh

    Eolas a chur ar an mhéid a bhíonn de dhíth ar thalamh agus ar chréafóg le barra maithe a fhás. Uainíocht na mbarr, blianta gan chur. An méid talaimh a bhíonn de dhíth le líon áirithe ainmhithe, barra srl. a chothú. An chréafóg a chosaint, gan leasuithe ceimiceacha a úsáid. Táirgí séasúracha agus bia orgánach. Coincheapa luatha den bhithéagsúlacht.

    16: Síocháin, ceartas agus institiúidí láidre

    Cinntíonn eagraíochtaí agus dlíthe éagsúla go mbíonn ár gcuid bia sábháilte agus go bhfaighimid é as foinsí maithe, e.g. tír as ar tháinig sé, sláinte agus sábháilteacht, cóirthrádáil, inbhuanaitheacht. Eagraíochtaí amhail an Clár Domhanda Bia a chuidíonn nuair a bhíonn tubaiste nádúrtha nó cás éigeandála ann.

    17: Comhpháirtíochtaí do na Spriocanna

    Mar a bhíonn náisiúin ag comhoibriú le smaointe agus eolas a chomhroinnt. Sampla a aimsiú den dóigh a mbíonn dhá thír ag obair i gcomhpháirt le chéile ar bhonn inbhuanaitheach, e.g. sampla maith de shlabhra soláthair eiticiúil a fhad le siopa in Éirinn, mar atá cleachtais feirmeoireachta a forbraíodh anseo á n-úsáid anois i dtír eile.

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 31

    An Saol na Naoú Céad Déag - Smaointe topaice ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (Eochairchéim 2)

    1: Bochtaineacht ar bith

    D’éirigh an bhochtaineacht agus an éagothroime níos sonraí. Bhí sé deacair ag na húdaráis ag an am seo an bhochtaineacht a mhíniú – ar bhain sí le cúinsí seachtracha nó falsacht phearsanta?

    Is iad na hoibrithe a bhí thíos leis an dul chun cinn eacnamaíoch a tháinig le fás na tionsclaíochta; tháinig straitéisí chun cinn le dul i ngleic leis an bhochtaineacht, e.g. ó theach na mbocht go dtí fiontraithe sóisialta amhail Joseph Rowntree.

    2: Ocras ar bith

    Ba bhunchuid den streachailt laethúil ag go leor daoine é an t-ocras, mar is léir dúinn ón litríocht e.g. Oliver Twist Tháinig athruithe suntasacha i dtáirgeadh agus i scaipeadh an bhia

    Dhírigh an tOcras Mór in Éirinn aird ar róspleáchas ar bharr amháin, freagairtí easnamhacha agus neamhshuim i measc na n-aicmí ceannais agus tionchair na himirce ar mhórscála.

    3: Dea-shláinte agus folláine

    D’éirigh an tuiscint agus an taighde ar shláinte níos eolaíche agus níos fianaise-bhunaithe, agus rinneadh dul chun cinn mór sa phaiteolaíocht, sa tuiscint ar scaipeadh galar, san ainéistéitic, le hantaiseipteáin agus le vacsaíní. Tháinig méadú ar an phleanáil agus an maoiniú faoi choinne tionscnamh sláinte, e.g. Acht Sláinte Phoiblí 1875.

    4: Oideachas ardchaighdeáin

    Tháinig méadú gasta ar an rochtain ar oideachas le linn an ama seo, e.g. bhí Acht Oideachais 1870 ar an chéad acht de shraith d’Achtanna trínar cruthaíodh oideachas éigeantach i Sasana agus sa Bhreatain Bheag do pháistí idir 5 agus 13 bliana d’aois.

    5: Comhionannas inscne

    Bhí róil iontach éagsúil ag an dá inscne i measc na huasaicme ag an am seo. Sna huasaicmí, thosaigh níos mó fear de bheith ag taisteal ar obair agus fágadh na mná i mbun cúrsaí tí agus teaghlaigh. I measc an lucht oibre, ní raibh róil an dá inscne chomh difriúil sin nó bhí ar gach duine obair a dhéanamh! Teacht chun cinn Ghluaiseacht na Sufraigéidí agus mná ceannródaíocha suntasacha, e.g. Florence Nightengale agus Marie Curie.

    6: Uisce glan agus sláintíocht

    Ba mar gheall ar eipidéim i Londain sa bhliain 1863 a tháinig siad ar an nasc idir an calar agus uisce truaillithe. Mar chuid d’oibreacha poiblí, cuireadh tús le tógáil na gcóras séarachais agus tháinig soláthar úruisce, rud ar tháinig laghdú ar ráta na básmhaireachta naíonán agus ionchas saoil méadaithe leis. Tógadh i bhfad níos mó tithe a raibh saoráidí príobháideacha sláintíochta iontu.

    7: Fuinneamh glan inacmhainne

    Aistríodh ó chumhacht in-athnuaite gaoithe agus uisce ar bhonn áitiúil go dó na mbreoslaí iontaise faoi choinne cumhacht gaile i monarchana agus i gcúrsaí iompair. Bhí an t-athrú seo riachtanach nuair a bhíothas in ann freastal ar an dul chun cinn sa teicneolaíocht leis na hacmhainní a bhí ar fáil. Is ábhar machnaimh é seo i dtaca leis an ghá atá le coigeartuithe a dhéanamh ar bhonn leanúnach ar na dóigheanna a bhfoinsímid agus a n-úsáidimid an fuinneamh.

    8: Obair fhiúntach agus fás eacnamaíoch

    Tháinig méadú géar ar an éileamh ar oibrithe agus thosaigh daoine de bheith ag brath ar phost a bheith acu seachas ar a mbeatha a shaothrú ar an talamh. Le linn an ama seo, tháinig forbairt ar choinníollacha, gnáthaimh agus conarthaí oibre agus ba ag an am seo fosta a tháinig forbairt ar chaidreamh idir oibrithe agus lucht bainistíochta san ionad oibre mar aon leis na chéad chineálacha de leas sóisialta.

    9: Tionsclaíocht, nuálaíocht agus bonneagar

    Thiomáin nuálaíocht agus dul chun cinn ó thaobh cúrsaí meicníochta de fás eacnamaíoch. Forbraíodh gréasán iarnróid le háiteanna éagsúla a cheangal lena chéile agus ní raibh sainghnéithe fisiceacha geografacha chomh lárnach céanna níos mó i dtaca leis na háiteanna a bhféadfaí monarchana a lonnú iontu. Tháinig slabhraí domhanda iompair chun cinn amhail tionscal an chadáis.

    Ceisteanna tábhachtacha i dtaca leis na dreasachtaí a bhí taobh thiar den nuálaíocht – fás eacnamaíoch, nó freastal ar bhunriachtanais na ndaoine sa tsochaí?

    10: Éagothroimí laghdaithe

    B’ionann dolúbthacht struchtúr na n-aicmí agus sainchomhartha na héagothroime sa ré seo. Ba dhaoine aonair (leithéidí William Booth, Robert Owen, srl.) a d’éiligh athruithe agus a tháinig aníos le bealaí úra le dul i ngleic le héagothroime – thar am, rinneadh dlí de chuid de na nithe seo.

  • 32 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    11: Cathracha agus pobail inbhuanaithe

    D’fhág scála na forbartha uirbí neamh-chomhordaithe, á spreagadh ag gluaiseacht mhór daoine ó cheantair thuaithe isteach chuig bailte agus cathracha, go raibh go leor de na cathracha neamh-inbhuanaithe. D’fhág sé seo gur ghá do na húdaráis idirghabháil a dhéanamh. Dá thoradh seo, tháinig ann do scéimeanna oibreacha poiblí chun bonneagar amhail córais séarachais agus soláthar uisce a thógáil, agus tháinig ann fosta do phleanáil fheabhsaithe uirbeach agus cuireadh limistéir ghlasa agus áiseanna fóillíochta san áireamh sa phleanáil.

    13: Gníomhú ar son na hAeráide

    Ba le linn an ama seo a cuireadh tús le dó forleathan na mbreoslaí iontaise, go háirithe gual i monarchana cumhachta. Tháinig feasacht chun cinn ar thionchar na ngníomhaíochtaí daonna ar an timpeallacht áitiúil, e.g. na tionchair sláinte a bhí ann do dhaoine a bhí ina gcónaí ar chúl na gaoithe ó mhonarcha ghualbhreoslaithe, nó sa ghleann chéanna le monarcha, áit a sáinneofaí na hastaíochtaí.

    14: An Saol faoin Uisce

    B’ionann an iascaireacht agus foinse cothaithe leanúnach nó séasúrach ag an am seo.

    15: An Saol ar Talamh

    Ag tús an 19ú céad, bhí dlúthcheangal ag go leor daoine le agus iad spleách ar, an talamh. Nuair a tháinig meicniú na feirmeoireachta, agus nuair a tosaíodh ar tháirgí feirmeoireachta a iompar ó áit go háit, thosaigh an tírdhreach a athrú. I gcuid mhaith tíortha sa lá atá inniu ann, is rud tábhachtach é ag teaghlach talamh a bheith acu.

    16: Síocháin, ceartas agus institiúidí láidre

    Bhí Éire ar fad faoi riail na Breataine ag an am seo, ar ndóigh, agus ba ‘Ollchumhacht’ í an Bhreatain agus cumhacht agus tionchar suntasach domhanda aici. Is dócha gur mhó go fiú saibhreas, ról agus tionchar an British East India Company ná na comhlachtaí móra ilnáisiúnta sa lá atá inniu ann.

    Tá go leor de na seirbhísí atá againn inniu bunaithe ar dhlíthe agus ar institiúidí a bunaíodh sa naoú céad déag.

    17: Comhpháirtíochtaí do na Spriocanna

    Bhí comhoibriú idirnáisiúnta ann ag an am seo ach bhí sé bunaithe ar chúrsaí eacnamaíochta den chuid is mó. Bhí tíortha ábalta teacht le chéile, mar shampla, chun an Afraic a roinnt eatarthu féin. Sa bhliain 1885, tháinig ceannairí Eorpacha le chéile leis an Afraic a roinnt eatarthu féin. Tharraing siad teorainneacha ar an léarscáil gan aird ar bith acu ar na pobail a chónaigh sna háiteanna agus ar na deighiltí a bheadh ann mar gheall ar na teorainneacha. Tá an chuid is mó de na teorainneacha céanna go fóill ann inniu.

    In 1870, cuireadh Cros Dhearg na Breataine ar bun chun cuidiú neodrach a chur ar fáil le linn coimhlintí.

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 33

    8 Uirlis Féinmheastóireachta

    Tá prionsabail na féinmheastóireachta scoile ag croí an pholasaí oideachais anseo sa Tuaisceart, ar dtús trí Gach Scoil ina Scoil Mhaith (ROTÉ 2009) agus, níos déanaí, tríd an Chreat Cigireachta agus Féinmheastóireachta (2017)26, a dearadh lena chur ar chumas eagraíochtaí, foirne agus daoine aonair rochtain a bheith acu ar phróiseas an fhéinmhachnaimh d’fhonn feabhsúchán a bhaint amach.

    Tacaíonn an fhéinmheastóireacht seo le múinteoirí le go dtig leo machnamh a dhéanamh ar chleachtas san fhoghlaim dhomhanda. Is féidir é a úsáid:

    • Do mhúinteoirí aonair - le go dtig leo machnamh a dhéanamh ar a gcleachtas pearsanta san fhoghlaim dhomhanda;

    • Le pleanáil a dhéanamh in Eochairchéim / réimse foghlama / don scoil ar fad – le tacú le hanailís níos leithne ar riachtanais oiliúna, le riachtanais Forbairt Ghairmiúil Leanúnach a shainaithint agus le tacú le cur chuige uile-scoile i leith na pleanála don fhoghlaim dhomhanda.

    Ba cheart do mhúinteoirí glacadh leis seo mar a bheadh uirlis thacaíochta ann seachas treoir chríochnaitheach. Tá aitheantas ann go mbeidh gach scoil agus gach múinteoir ag pointe difriúil ar an aistear foghlama domhanda agus comhpháirtíochta idirnáisiúnta s’aige nó s’aici. Is féidir an fhéinmheastóireacht seo a dhéanamh in am ar bith agus mholfadh muid féin í a dhéanamh ar a laghad ar bhonn bliantúil le go dtig monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn agus é a cheiliúradh. Baineann 2 phríomhréimse leis an fhéinmheastóireacht, mar atá leagtha amach thíos. Tacóidh an uirlis seo leat breithmheas a dhéanamh ar dhul chun cinn reatha do scoile san fhoghlaim dhomhanda trí roinnt aidhmeanna laistigh de gach réimse, agus trí 4 chéim de dhul chun cinn a úsáid (sainmhíniú, forbairt, leathnú agus neadú). Cuirfidh an próiseas féinmheastóireachta ar do chumas duit aon riachtanais oiliúna atá ann a shainaithint agus bearta a phleanáil chun an fhoghlaim dhomhanda a chur chun cinn i do scoil.

    • Foghlaim Dhomhanda Dhalta-LáraitheBaineann sé seo leis na bealaí a ndéantar eochairghnéithe na foghlama domhanda (sainchei-steanna áitiúla agus domhanda a fhiosrú, peirspictíochtaí iolracha a fhiosrú, idirghníomhú go measúil agus gníomhú le haghaidh domhan cothrom inbhuanaithe) a chlúdach.

    • Teagasc agus Foghlaim Baineann sé seo leis an tuiscint a bhíonn ag múinteoirí ar an fhoghlaim dhomhanda agus ar gh-néithe praiticiúla amhail pleanáil, áiseanna a aimsiú agus iad a bheith meabhrach ar an dul chun cinn.

    26 https://www.etini.gov.uk/articles/inspection-and-self-evaluation-framework-isef

  • 34 | www.britishcouncil.org/connectingclassrooms

    Tuairiscíní le tacú le comhlánú na féinmheastóireachta

    Sainmhíniú Forbairt Leathnú Neadú

    Machnamh Pearsanta

    Déanaim machnamh ar réimsí de mo chleachtas

    Bímse feasach ar na réimsí a dtugaimse fúthu gan stró agus na réimsí a chaithfidh mé a fhorbairt.

    Déanaim pleanáil faoi choinne na ngnéithe seo den chleachtas agus tá mé ag éirí níos muiníní á dhéanamh seo.

    Déanaim na heilimintí seo a chorprú isteach i mo chleachtas go muiníneach machnamhach.

    Pleanáil oibríochtúil / scoile

    Rinne muid comhphlé tosaigh i dtaca leis an aidhm seo agus tá sainmhínithe againn an méid a chiallaíonn sé dár scoil agus dár gcomhthéacs.

    Tá roinnt bearta tosaigh forbartha agus curtha i bhfeidhm againn le tacú linn an aidhm seo a réadú.

    Tá leathnú déanta againn ar ár gcuid oibre i dtreo chomhlíonadh na haidhme seo agus rinne muid í a chorprú sna pleananna s’againn.

    Tá an aidhm bainte amach ina hiomláine agus neadaithe. Leanfaidh muid den athbhreithniú agus den mhonatóireacht uirthi.

    Foghlaim Dhomhanda Dhalta-Láraithe

    Aidhmeanna Sainmhíniú Forbairt Leathnú Neadú

    Déanann daltaí réimse de shaincheisteanna áitiúla agus domhanda a fhiosrú, ag úsáid cur chuige ceisteoireachta agus réimse d’fhoinsí eolais.

    Déanann daltaí saincheisteanna áitiúla agus domhanda a fhiosrú ó dhearcthaí éagsúla agus ó pheirspictíochtaí iolracha.

    Tuigeann agus forbraíonn daltaí scileanna criticiúla smaointeoireachta.

    Bíonn daltaí ag idirghníomhú go measúil le daoine eile - sa rang, ar scoil, ar líne nó nuair a bhíonn siad ag obair i gcomhpháirt le scoileanna eile, ar bhonn áitiúil nó domhanda.

    Bíonn deis ag daltaí bearta bríocha eolasacha a phleanáil agus a chur i gcrích ar shaincheisteanna áitiúla agus domhanda laistigh den scoil agus/nó an phobal i gcoitinne.

    Bíonn deiseanna ag daltaí machnamh a dhéanamh ar gcuid eispéireas san fhoghlaim dhomhanda.

    Bíonn ról dearfach réamhghníomhach ag daltaí i bhforbairt na foghlama domhanda laistigh den scoil s’acu, e.g. trí chomhairle scoile nó trí laethanta foghlama domhanda a phleanáil.

  • www.britishcouncil.org/connectingclassrooms | 35

    Ar ár gcuid buanna sa réimse seo, tá:

    Ar na rudaí a thiocfadh linn a fheabhsú sa réimse seo, tá:

    Ar na bearta réadúla a thiocfadh linn a dhéanamh sa 6-12 mhí atá romhainn le dul chun cinn a dhéanamh i dtreo céim an neadaithe, tá:

    Teagasc agus Foghlaim

    Aidhmeanna Sainmhíniú Forbairt Leathnú Neadú

    Tá tuiscint mhaith ag múinteoirí ar an réasúnaíocht, na heochair-choincheapa agus na cuir chuige i leith na foghlama domhanda.

    Tuigeann múinteoirí mar a thacaíonn an fhoghlaim dhomhanda le Curaclam TÉ.

    Tá múinteoirí muiníneach i dtaca le háiseanna a aimsiú agus gníomhaíochtaí foghlama domhanda a fhorbairt atá ag teacht leis an eochairchéim, leis an ábhair agus leis na réimsí topaice a bheas á dteagasc/á gcomhordú acu.

    Bíonn múinteoirí toilteanach agus ábalta saincheisteanna íogaire conspóideacha a fhiosrú sa seomra ranga i dtimpeallacht shábháilte mheasúil.

    Bíonn múinteoirí in ann torthaí foghlama domhanda a shainaithint agus pleanáil a dhéanamh i dtreo dul chun cinn.

    Thig le múinteoirí measúnú a dhéanamh ar thorthaí foghlama domhanda na ndaltaí de réir mar is cuí (e.g. Cad é atá ar eolas agat? Cad é ba mhaith a fhoghlaim? Cad é a d’fhoghlaim tú? Measúnú bonnlíne, freagairt na ndaltaí)

    Glacann múinteoirí le cur chuige criticiúil machnamhach i le