curaclam thuaisceart Éireann aisling Áine · 1 cruthaitheacht Áirítear ‘aisling Áine’ ar...

44
1 Cruthaitheacht Áirítear ‘Aisling Áine’ ar chúig scéal spreagúla a bhfuil dlúthbhaint acu le Creat Scileanna Smaointeoireachta agus Cumas Pearsanta Thuaisceart Éireann. Insíonn an scéal dúinn faoin dóigh a n-oibríonn Seangán agus a chairde le chéile le cuidiú le hÁine, sióg bhriste bhrúite, dul ar ais go cnoc na sióg roimh mhaidin le post a cuid aislingí a fháil. Cuidíonn na carachtair linn foghlaim faoin dóigh lenár samhlaíocht a spreagadh agus le teacht ar smaointe agus ar roghanna faoi rudaí atá le déanamh i réimse suíomh. Mar is cóir na leabhair a úsáid le páistí: an leabhar a léamh do na páistí nó leis na páistí; na léaráidí áille a úsáid le tacú leis an téacs; ag eochairphointí sa téacs feicfidh tú ( ). Seo áit mhaith le stopadh agus le labhairt faoina bhfuil ag tarlú. na pléphointí ar an chlúdach cúil inmheánach a úsáid le roinnt moltaí a thabhairt duit; agus na heochairfhocail agus na heochairfhrásaí a úsáidtear sa leabhar a dhaingniú D’fhéadfaí roinnt de na focail seo a leanas a bhaineann le Cruthaitheacht a thabhairt isteach agus a úsáid leis na páistí. éisteacht aisling, cuspóir misean, tasc fadhb, dúshlán pleanáil (labhairt faoi, é a tharraingt) smaointe, roghanna smaointe mire, smaointe amaideacha, smaointe bómánta comhoibriú dul chuig duine ag iarraidh cuidiú fianaise fíric nó barúil comparáid agus codarsnacht cosúil, difriúil cosaint leanúint ar aghaidh Anois, léigh an scéal agus bíodh craic agat ag fáil amach mar a d’úsáid Seangán a shamhlaíocht agus mar a thug sé ar a chairde cuidiú le hÁine dul ar ais chuig cnoc na sióg ag bun an ghleanna roimh mhaidin. Aisling Áine Curaclam Thuaisceart Éireann bí ciallmhar agus smao!nigh

Upload: others

Post on 18-Jul-2020

10 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • 1

    Cruthaitheacht

    Áirítear ‘Aisling Áine’ ar chúig scéal spreagúla a bhfuil dlúthbhaint acu le Creat Scileanna Smaointeoireachta agus Cumas Pearsanta Thuaisceart Éireann.

    Insíonn an scéal dúinn faoin dóigh a n-oibríonn Seangán agus a chairde le chéile le cuidiú le hÁine, sióg bhriste bhrúite, dul ar ais go cnoc na sióg roimh mhaidin le post a cuid aislingí a fháil.

    Cuidíonn na carachtair linn foghlaim faoin dóigh lenár samhlaíocht a spreagadh agus le teacht ar smaointe agus ar roghanna faoi rudaí atá le déanamh i réimse suíomh.

    Mar is cóir na leabhair a úsáid le páistí:

    • anleabharaléamhdonapáistínóleisnapáistí;• naléaráidíáilleaúsáidletacúleisantéacs;• ageochairphointísatéacsfeicfidhtú().Seoáitmhaithlestopadhagusle labhairt faoina bhfuil ag tarlú.• napléphointíaranchlúdachcúilinmheánachaúsáidleroinntmoltaíathabhairt duit;agus• naheochairfhocailagusnaheochairfhrásaíaúsáidtearsaleabharadhaingniú

    D’fhéadfaí roinnt de na focail seo a leanas a bhaineann le Cruthaitheacht a thabhairt isteach agus a úsáid leis na páistí.

    éisteachtaisling, cuspóirmisean, tascfadhb, dúshlánpleanáil(labhairtfaoi,éatharraingt)smaointe, roghannasmaointe mire, smaointe amaideacha, smaointe bómántacomhoibriúdul chuig duine ag iarraidh cuidiúfianaisefíric nó barúilcomparáid agus codarsnachtcosúil, difriúilcosaintleanúint ar aghaidh

    Anois, léigh an scéal agus bíodh craic agat ag fáil amach mar a d’úsáid Seangán a shamhlaíocht agus mar a thug sé ar a chairde cuidiú le hÁine dul ar ais chuig cnoc na sióg ag bun an ghleanna roimh mhaidin.

    Aisling ÁineCuraclam Thuaisceart Éireann

    bí ciallmhar agus smao!nigh

  • Is scéalaí agus údar gairmiúil í Liz Weir atá ina cónaí i nGlinntí Aontrama.

    Is stiúrthóir ealaíne, maisitheoir agus beochantóir as Co. Thír Eoghain í Corrina Askin atá lonnaithe i mBéal Feirste.

    Tá teacht ar a thuilleadh mionsonraí faoina gcuid oibre ar an nasc Wise Up and Think ag:

    www.nicurriculum.org.uk/skills_and_capabilities/thinking_skills_and_personal_capabilities/index.asp

    Admhálacha

    IsmianleTonyScullion(CCEA)abhuíochasachuriniúldonadaoineseoaleanasasan-ionchurfíorluachmharsatsraithseo:

    • CarolWeatherall,BordOideachaisagusLeabharlainneBhéalFeirste• LynneBianchi,AntIonadOideachaisEolaíochta,OllscoilSheffieldHallam• MarianHamill,CCEA,ForbairtPhearsantaagusComhthuiscint

    ArnadhearadhagusarnatháirgeadhagCCEAMultimedia

    2

  • Curaclam Thuaisceart Éireann

    bí ciallmhar agus smao!nigh

    le Liz WeirLéaráidí le Corrina Askin

  • 44

  • 55

  • 66

  • 7

    Mhúscail an trup aisteach gach duine.

    “Cad é an trup uafásach sin?” Níor chuala Gráinneog a leithéid riamh roimhe. Caoineadh ard a bhí ann, ag baint macalla as an dorchadas.

    “Tá a fhios agam! Tá a fhios agam!” arsa Seangán.

    7

  • 8

    “Cad é mar a bheadh a fhios agatsa? Tá tusa róbheag le rud ar bith a bheith ar eolas agat. Fan i do thost,” arsa Madadh Rua.Níor thug na hainmhithe eile aird ar Sheangán in am ar bith.

    8

  • 9

    “Cá as a bhfuil sé ag teacht?” a d’fhiafraigh Madadh Rua.

    D’éist Gráinneog go cúramach.

    “Ón sruthán thall ansin, déarfainn. Bí cúramach a Mhadaidh Rua, b’fhéidir gur gaiste atá ann.”

    9

  • 1010

  • 11

    “Ach tá a fhios agam! Tá a fhios agam cad é atá ann, éistigí liomsa!” Níor thaitin sé le Seangán nuair a rinne na hainmhithe eile neamhiontas de. Thiontaigh Madadh Rua thart le labhairt leis na hainmhithe eile.

    “Anois, a Ghráinneog, faigh Broc go ndéanaimid ár mbealach uilig go deas fadálach sa treo sin go bhfeicfimid cé atá ag cur isteach ar ár suaimhneas. Tógaigí go bog é anois, ná déanaigí smid.” 11

  • 12

    “Tá sé feicthe agam cheanna féin. Ó cad chuige nach n-éistfidh sibh liom?” Bhí Seangán ag léim suas agus anuas le míshásamh. Níorbh fhiú é. Níor éist siad in am ar bith. Bhí Seangán i gcónaí ag teacht aníos le smaointe amaideacha.

    12

  • 1313

  • 1414

  • 15

    Ina luí taobh leis an sruthán bhí sióg bheag bhriste bhrúite.

    “Ó! Ó!”

    Bhí deora móra ag titim go fras síos a leicne. Mhill sí an t-aon seans a bhí aici. Bhí sí i gcónaí i dtrioblóid as bheith dalba agus anois bhí gach

    rud millte aici.

    Bhí mála beag gorm in aice léi. Bhí a fhios aici go raibh sé róthrom di le hiompar ach go fóill rinne sí iarracht eitilt leis. Agus anois, amharc

    an dóigh a bhí uirthi!

    Bhí sí ina luí sa luachair cois abhann. Bhí sí fuar. Bhí eiteog amháin lúbtha aici agus glúin nimhneach aici. Cad é mar a bhainfeadh sí an

    baile amach roimh an mhaidin? Ní bhfaigheadh sí jab a cuid aislingí go deo anois.

    “Bú hú....” Thosaigh an callán arís.

    15

  • 1616

  • 17

    Bhog na hainmhithe go mall ciúin tríd an fhéar fhada. Léim Seangán thar an talamh fliuch. Sa deireadh thiar thall, bhain siad an sruthán amach.

    “Amharc! Thall ansin - an dtig leat é a fheiceáil?” arsa Madadh Rua de chogar. Faoi sholas na gealaí bhí sé in ann rud aisteach a oibriú amach. “Cad é atá ann? Tá trup millteanach á dhéanamh aige do rud chomh beag sin.”

    17

  • 1818

  • 19

    “An duine é?” D’amharc Gráinneog tríd an luachair.

    “Tá cuma róthanaí air.” arsa Broc go srónach.

    “An bréagán é? Fágann daoine gach cineál ruda ina luí thart anseo.”

    “Tá mé ag iarraidh a rá libh le tamall,” arsa Seangán. “Is SIÓG í!”

    19

  • 20

    Phléasc na hainmhithe eile amach ag gáire.

    “Amaidí! Bheinn ag dúil le rud bómánta mar sin uaitse. Níl a leithéid de rud agus sióga ann. Fuist, a Sheangáin, cluinfidh sé thú.”

    “Sióg atá ann! Bhí mé thall ag amharc uirthi. Ní fhaca sí mé. Tá sí gortaithe. Ní thig léi dochar ar bith a dhéanamh dúinn.”

    20

  • 21

    Níor chreid siad an radharc a bhí rompu agus iad ag druidim níos cóngaraí. Bhí an ceart ag Seangán.

    “Cad chuige nár dúirt tú roimhe?” B’fhuath le Madadh Rua a admháil go raibh sé contráilte faoi rud ar bith. Rachaimid go bhfeicfimid cad é atá ar bun aici in áit s’againne!”

    21

  • 22

    Thug an sióg faoi deara nach raibh sí léi féin. Bhí ainmhithe i ngach áit thart timpeall uirthi, cuid acu i bhfad níos mó ná í féin. Bhain an eagla na deora di.

    “Cé thusa? Cad chuige a bhfuil tú anseo?” arsa Madadh Rua go feargach.

    “Ná gortaigh mé. Ní raibh mé ag iarraidh dochar ar bith a dhéanamh.” Bhí an tsióg bheag ar crith le heagla. “Áine an t-ainm atá orm. Bhí mé ar mo bhealach abhaile ach bhí mo mhála róthrom dom agus tharraing sé anuas mé. Ansin chuaigh m’eiteog i bhfostú san fhál sin agus tá cuma ar an scéal anois nach bhfeicfidh mé mo theach roimh an mhaidin. Beidh mé i dtrioblóid mhór.” Thosaigh sí ag caoineadh arís.

    22

  • 2323

  • 24

    “Stad den challán sin, le do thoil,” arsa Gráinneog.

    “Cá bhfuil tú i do chónaí?”

    “Tá mé i mo chónaí i gcnoc na sióg. Ba é seo mo chéad mhisean liom féin agus anois tá gach rud millte agam.”

    24

  • 25

    Ní raibh a fhios ag na hainmhithe eile cad é ba cheart dóibh a rá. Bhí sé deacair acu a chreidiúint go raibh siad ag amharc ar fhíorshióg bheo.

    25

  • 2626

  • 27

    Labhair Seangán ar dtús.

    “Ná bíodh imní ort. B’fhéidir go dtig linne cuidiú. Cad é atá sa mhála sin cibé?”

    “Fiacla. Ba é seo an seans mór amháin s’agamsa le bheith i mo shióg fhiacla. Bhí mé ag iarraidh a thaispeáint don Bhanríon go raibh mé ábalta cuairt a thabhairt ar na tithe uilig taobh istigh d’aon oíche amháin. Ach bhí an mála róthrom dom. Ba cheart dom bheith ar ais leis na fiacla roimh éirí na gréine ar maidin.

    “Caithfidh go dtig linn cuidiú leat ar bhealach éigin,” arsa Seangán.

    27

  • 28

    “Fág thusa sin fúinne, a Sheangáin. Socróimidne seo.” Bhí Madadh Rua i gcónaí ag iarraidh bheith i gceannas.

    “Anois, a Áine, an dtig leat d’eiteog a bhogadh?”

    “Tá sí stróicthe go dona.”

    “Mar sin, níl tusa ag eitilt áit ar bith anocht ach amháin go dtig linn sin a chóiriú.”

    “Nach bhfuil cnoc na sióg thíos ag bun an ghleanna?” Bhí Seangán ag iarraidh bheith cuidiúil. Rinne na hainmhithe eile neamhiontas de. Rinne siad uilig iarracht teacht aníos le smaointe úra.

    28

  • 2929

    Cnoc na Sióg.

  • 30

    Bhí Broc i gcónaí praiticiúil.

    “Thiocfadh linn roinnt luachra a úsáid lena heiteog a chóiriú.” “Cad é faoi líon damháin alla a úsáid?” a mhol Gráinneog.

    30

  • 31

    Ní raibh Gráinneog cinnte cad é mar a mhothódh Damhán Alla faoi sin.

    “B’fhéidir go dtiocfadh linn í a chóiriú le duilleoga?” arsa Madadh Rua. Níor bhuail Madadh Rua le sióg riamh roimhe, mar sin ní raibh barúil ar bith aige.

    “Cad é mar is féidir linn í a chur abhaile?”

    31

  • 32

    Bhí a sháith cluinste ag Seangán. Bhí a fhios aige cá háit le dul le cuidiú a fháil. Bhí Dobharchú ina chodladh ar bhruach an tsrutháin. Ní raibh sé róshásta nuair a tháinig seangán beag chun é a mhúscailt.

    “Cad é atá de dhíth ort?”

    “Tá brón orm cur isteach ort, a Dhobharchú, ach tá do chuidiú de dhíth orainn.”

    “Cad é an fhadhb?”

    “Bhuel, seo mar atá, tá an tsióg seo ann.......

    32

  • 3333

  • 34

    Rinne Dobharchú srannfach.

    34

  • 35

    “An bhfuil tusa dáiríre? Mhúscail tú mé le labhairt faoi rud nach ann dó fiú!”

    “Le do thoil, a Dhobharchú, éist liom!”

    Bhí a fhios ag Seangán nach dtiocfadh le duine ar bith eile cuidiú le hÁine. Bhí seo tábhachtach. Labhair sé go malltriallach. “Tá...fíorshióg...ina luí ar an fhéar cóngarach don áit seo. Tá sí gortaithe agus caithfidh sí bun an ghleanna a bhaint amach roimh an mhaidin. Chuir mé fios ar na Seangáin uilig eile. Sílim go dtig linn bheith ag obair lena chéile chun í a chur abhaile.”

    D’aithin Dobharchú go raibh Seangán ag insint na fírinne agus d’éist go cúramach lena phlean.

    35

  • 36

    Faoin am seo, bhí Áine ag iarraidh an-bhuartha ar fad.

    “Imeoidh airgead na bpáistí mura n-éiríonn liom na fiacla a thabhairt abhaile sula músclaíonn siad ar maidin. Caithfidh mé dul ar ais!”

    36

  • 37

    “Fan ort bomaite! Táimid ag déanamh ár ndíchill.” Bhí Madadh Rua ag amharc ar mholl luachra, duilleoga agus cleití agus ag smaoineamh cad é a d’fhéadfaí a dhéanamh leo.

    37

  • 383838

  • 39

    Díreach ansin, chonaic siad scuaine seangán ag brú píosaí de gach cineál bruscair. Bhí Dobharchú á leanúint le píosa mór adhmaid.

    3939

  • 40

    “Cad é atá ar bun agat anois, a Sheangáin?” D’amharc Madadh Rua ar an mholl bruscair. Bhí buidéil phlaisteacha, málaí brioscáin phrátaí, spúnóga lúbtha, caipín roth cairr, agus seanbhróg chaite fiú.

    40

  • 4141

    “Níl sí ábalta eitilt, mar sin thiocfadh linn iarracht a dhéanamh í a chur ar snámh síos an sruthán. Bhailigh muid uilig na rudaí éagsúla a chaith daoine ar shiúl. Chomh maith leis sin, tá píosa mór adhmaid faighte ag Dobharchú dúinn fosta. Má oibrímid as lámha a chéile beimid in ann Áine a thabhairt abhaile. Amharc, tá plean leagtha amach agam duit.”

    Shíl Madadh Rua a mhór de phlean Sheangáin.

    “Smaoineamh ar mire atá ann, ach mar sin féin, tá gach seans ann go ndéanfaidh sé cúis!”

  • 4242

  • 4343

  • 44

    Leideanna plé.Cad chuige, dar leat, ar shíl na hainmhithe eile i gcónaí go mbeadh smaointe mire ag Seangán?An dtig leat smaoineamh ar fháthanna ar bith eile nár éist ainmhí ar bith le Seangán?Cad é mar a mhothaigh Seangán, dar leat, nuair nár éist ainmhí ar bith leis?

    Cad é a thiocfadh le Seangán a dhéanamh le tabhairt ar na hainmhithe eile éisteacht leis?Cad é a dhéanfása dá mbeadh rud éigin tábhachtach le rá agat agus nach raibh duine ar bith ag éisteacht?Cad é ba chóir do Sheangán a dhéanamh anois, dar leat? Dá mba thusa Seangán, cad iad na roghanna a dhéanfása agus cad chuige?

    An síleann tú gur sióg a bhí ann, dáiríre?Cad é an chuma atá ar shióg, dar leat?Cad é mar atá a fhios agat?

    Dá mba thusa Seangán, cad é a mholfá le cuidiú le hÁine dul ar ais go cnoc na sióg roimh mhaidin ionas go dtig léi a haisling a fhíorú?Cé acu smaointe ab fhearr a d’oibreodh agus cad chuige?

    Fiosraighréimseroghanna a chuideodh le hÁine dul ar ais chuig cnoc na sióg. Spreag na páistí lena samhlaíocht a úsáid le teacht ar smaointe neamhghnácha iontacha. Más mian leat, úsáid an fráma smaointeoireachta Ag Cruthú Féidearthachtaí(GeneratingPossibilities)lepléroinnte,grúpanóbeirteathreorú-féachannascgréasáinthíos.

    I ndiaidh dóibh teacht ar réimse roghanna, spreag na beirteanna, grúpaí nó an rang iomlán le haontú ar rogha a shíleann siad a thabharfaidh an toradh is fearr. Spreag na páistí le tógáil ar smaointe daoine eile nó le réimse cuí roghanna a roghnú a shíleann siadachuirfidhantsiógaraisinam.Spreagnapáistíleisnaroghannaaghlacsiadachosaint.

    An síleann tú gur smaoineamh ‘mire’ a bhí ann? An síleann tú gur oibrigh an plean? Cad chuige? Cad chuige nár oibrigh?Déan comparáid agus codarsnacht idir plean Sheangáin agus plean s’agatsa. Cén dóigh a bhfuil siad cosúil agus difriúil lena chéile?Cadéatharlódhdástadfadhnahainmhitheeiledenchuidiú?CéndóighambeadhanscéaldifiriúilmuraleanfadhSeangánaraghaidh lena phlean?Cad é, dar leat, a tharla d’Áine? An síleann tú go ndearna sí a bealach ar ais go cnoc na sióg ag bun an ghleanna roimh mhaidin?An síleann tú gur fíoraíodh a haislingagusgondearnadhsiógnabhfiacladi?

    Anbhfuilaislingnóspriocagatsaabhfuilsédeacairagatachurigcrích?(marshampla,agseinmuirlischeoil,agfoghlaimsnámha).Smaoinigh ar na roghanna a thiocfadh leat a dhéanamh le cuidiú leat do sprioc a bhaint amach: - Cé a chuideodh leat? - An dtig leat plean a chruthú a chuideoidh leat do sprioc a bhaint amach?- An dtig leat a bhriseadh anuas ina chéimeanna beaga?

    Tá scéal le hinsint ag gach duine againn....

    Is cuid thábhachtach den scéalaíocht cur síos ar charachtair agus beatha a thabhairt dóibh.Iarr ar na páistí a súile a dhruidim agus sióg a shamhlú.

    Spreag iad lena gcuid mothúchán a fhiosrú le smaoineamh ar:

    - Cad é an chuma atá uirthi? Cad é atá ar a cloigeann? Ar a droim? Ar a cosa? Cé acu níos airde, níos lú nó thart faoin mhéid chéanna leatsa atá sí?

    - Cad iad na fuaimeanna a chluineann tú? An dtig léi labhairt? Cén cineál gutha atá aici? An ndéanann sí fuaim agus í ag eitilt, ag siúl, ar foluain?

    - An dtig leat do sciatháin a shíneadh amach agus baint di? Cad iad na haidiachtaí is fearr a chuireann síos ar a craiceann, a cuid éadaigh, a heiteoga?

    - An bhfuil boladh deas uirthi? An gcuireann an boladh rud ar bith i gcuimhne duit? An bhfuil boladh..... uirthi? Tabhair roinnt roghanna a thuigfidhnapáistí,darleat.

    Buailcloigínbeaggohéadromgodíreachsulan-iarranntúorthuasúileaoscailtagusgon-imíonnantsiógónasamhlaíocht. Iarr ar na páistí na pictiúir atá ina n-intinn a roinnt le ‘páirtnéir cainte’.

    Lecurleisanphléisiúraguslenasamhlaíochtaspreagadhathuilleadh,b’fhéidirgurmhaithleatbeagán‘dustasióg’aspréthartaranurláragusiadagoscailtasúl.D’fhéadfábeagán‘dustasióg’aspréthartaranseomrarangasuladtagannnapáistíisteachmaidinláarnamhárach.Fangodtabharfaidh na páistí faoi deara é agus ansin lig dóibh bheith oscailte agus cruthaitheach agus iad ag plé cén dóigh ar tháinig an ‘dusta sióg’.

    Faightacaíochtagusgníomhaíochtaíbreisedo‘AislingÁine’ag:http://www.nicurriculum.org.uk/skills_and_capabilities/thinking_skills_and_personal_capabilities/index.asp