Transcript
  • Na Focail DheacraLch 193 bláthfhleascanna

    Lch 194 dólásach

    Lch 199 leiceadar

    Ceisteanna Bunaithe ar Fhianaisea. An cuimhin leat ainm an charad eile nach raibh cuimhne ag Bruno air?

    b. Cad é mar a bhí a fhios ag Bruno gur fhás sé ón am ar fhág sé Beirlín?

    c. Cad iad na rudaí ba mhó ar chuimhnigh Bruno orthu faoina sheanmháthair?

    d. Cad é an rud ab fhearr le Bruno faoi Amach-Libh?

    e. Ainmnigh dhá rud arbh fhéidir le Bruno agus Shmuel a dhéanamh mura mbeadh an fál sreinge eatarthu?

    f. Cad é a chuir Gretel ar na ballaí?

    g. Cén ‘cineál’ daoine a bhí ar an taobh eile den fhál, de réir Gretel?

    h. Cén grúpa daoine a chónaigh ar thaobh Bruno den fhál, dar le Gretel?

    i. Cad é a bhí i gcuid gruaige Bruno agus Gretel?

    j. Cad é ba chúis leis, dar le máthair Bruno?

    Leab

    hrán

    Oib

    re A

    n Ga

    súr A

    Cha

    ith

    Pits

    eám

    aí S

    trío

    cach

    a

    An Bearradh GruaigeCaibidil

    16

    68

  • Caibidil 16 An Bearradh Gruaige

    Ceisteanna Tátalacha Lch1 An mbeadh seanmháthair Bruno sásta leis na héadaí a

    chaith a mac chuig an tórramh? Mínigh do fhreagra. 193

    2 Cén fáth a dtiontódh seanmháthair Bruno ina huaigh? 193

    3 Cén fáth a raibh Bruno sásta filleadh ar Amach-Libh? 193

    4 Cén fáth nach raibh Leifteanant Kotler in Amach-Libh a thuilleadh, dar leat?

    194

    5 Chonaic an bheirt ghasúr a chéile gan an fál sreinge eatarthu ach lig Bruno air nach bhfaca. Cén fáth?

    195

    6 Cad é an t-athrú a tháinig ar sheomra Gretel? Cén fáth? 196

    7 Cad é a bhí ar bun ag Gretel nuair a bhog sí na bioráin thart, do bharúil?

    196

    8 Thug Gretel ‘cineál eile’ ar na daoine ar thaobh s’acusan den fhál? Cén ‘cineál’ daoine iad? Cad é a léiríonn sin faoin dearcadh a bhí coitianta ag an am?

    199

    Ceisteanna Smaointeoireachta1 Chuir sé an-bhrón go deo ar Bruno smaoineamh ar na rudaí nach

    ndéanfadh sé arís lena mhamó. Is rud nádúrtha é go mbeadh duine ag mothú mar sin nuair a smaoiníonn siad ar dhuine a fuair bás, ach cad é mar a d’athródh a smaointe le himeacht ama?

    2 An réiteach a bhí ag Bruno an dá ghrúpa a thabhairt le chéile agus an fhadhb a réiteach. An aontaíonn tú gur réiteach maith a bheadh ansin? Cad chuige?

    69

  • Gníomhaíocht 1Gaeilge

    Cén fáth a ndúirt Gretel sin in áit:‘níl an fál ann le cosc a chur orainn dul anonn chucu ach tá sé ann le cosc a chur orthu teacht anall chugainn.’? Aimsigh sampla eile den chineál seo ar leathanach 198 agus trí shampla ar leathanach 199.

    Leab

    hrán

    Oib

    re A

    n Ga

    súr A

    Cha

    ith

    Pits

    eám

    aí S

    trío

    cach

    a

    70

    Caibidil

    16An Bearradh Gruaige

    Sliocht Athfhriotail Lch 198

    “níl an fál ann le cosc a chur orainne dul anonn chucu ach tá sé ann le cosc a chur orthusan teacht anall chugainne.”

  • Gníomhaíocht 2ScríbhneoireachtBhí Gretel iontach uaigneach agus iad in Amach-Libh. Ar bharr gach rud b’éigean di a cuid gruaige a ghearradh. Scríobh an litir a scríobh sí chuig duine dá cuid cairde i mBeirlín agus déan cinnte go gclúdaíonn tú na pointí seo a leanas:• tórramh a mamó• gur fhág Leifteanant Kotler• an rud a bhí ar bonn aici agus na léarscáileanna in airde aici• soineantacht a dearthár• an bearradh gruaige.

    Caibidil 16 An Bearradh Gruaige

    71


Top Related