eolas faoi ollscoil na hÉireann, gaillimh ( oÉ gaillimh )

12
Eolas faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉ Gaillimh)

Upload: rhoda

Post on 19-Mar-2016

88 views

Category:

Documents


5 download

DESCRIPTION

Eolas faoi Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ( OÉ Gaillimh ). OÉ Gaillimh. - PowerPoint PPT Presentation

TRANSCRIPT

Page 1: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Eolas faoi Ollscoil na hÉireann,

Gaillimh (OÉ Gaillimh)

Page 2: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

OÉ Gaillimh• Bunaíodh Queen’s College Galway i 1845; sa bhliain 1908

rinneadh comhcholáiste d’Ollscoil na hÉireann agus athraíodh an t-ainm chuig Coláiste na hOllscoile, Gaillimh; sa bhliain 1997, athbhunaíodh an Ollscoil faoin ainm Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

• Cláir acadúla i seacht ndámh: Na Dána, Eolaíocht, Tráchtáil, Innealtóireacht, Léann Ceilteach, Dlí, Leigheas & Eolaíochtaí Sláinte.

• Mar gheall ar an mbeartas atá ag an Ollscoil, cláir nuálaíocha a fhorbairt, cinntítear go bhfreagraíonn na cláir theagaisc do riachtanais na bhfostóirí agus an gheilleagair i gcónaí.

• Tá cáil ar an Ollscoil le fada mar gheall ar a feabhas teagaisc agus taighde.

• Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge: dírithe ar oideachas tríú leibhéal ceannródaíoch trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.

Page 3: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Sonraí faoi Mhic Léinn (2006/07)

Lánaimseartha Páirtaimseartha

Fochéim 8,585 705Céim Chianoideachais 86Céim Iarchéime (Múinte) 1,077 531Céim Iarchéime (Taighde) 722 59Dioplóma Iarchéime 804 104Erasmus 339Dioplóma Neamhchéime 33 1,207Teastas Neamhchéime 46Mic Léinn ar Cuairt 657 18

Scrúdú amháin (369)

Líon iomlán na mac léinn 15,342

Page 4: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Comhaltaí Foirne (Meitheamh 2006)

Lánaimseartha Páirtaimseartha Iomlán

AN FHOIREANN ACADÚIL 575 163738

TACAÍOCHT ACADÚIL 715 158 873TAIGHDEOIRÍ AR CONRADH 347 50

397

AN FHOIREANN IOMLÁN 1,637 371 2,008

Page 5: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Taighde in OÉ Gaillimh D’éirigh thar cionn le OÉ Gaillimh le blianta beaga anuas

ó thaobh tionscnamh taighde ar ardchaighdeán a fhorbairt agus go leor maoinithe a fháil.

Page 6: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Taighde in OÉ GaillimhIna beartas taighde, tugann an Ollscoil tosaíocht d’fhócas idirdhisciplíneach ar réimsí sonracha feabhais chun ionaid agus institiúidí taighde den scoth a fhorbairt. Áirítear orthu sin:

• An tIonad Náisiúnta um Eolaíocht Innealtóireachta Bithmíochaine (NCBES)

• An Institiúid um Leigheas Athghiniúnach (REMEDI)• Institiúid Mhuireolaíochta Martin Ryan (MRI)• An Institiúid um Athrú Comhshaoil (ECI)• Institiúid Taighde na Fiontraíochta Digití (DERI)• Institiúid de Móra um Thaighde sna Daonnachtaí agus sa Léann Sóisialta• Ionad an Léinn Éireannaigh• An tIonad Éireannach um Chearta an Duine• An tIonad um Nuálaíocht & Athrú Struchtúrach (CISC)• An tIonad Taighde um Leanaí agus Teaghlaigh• An tIonad Sheaneolaíocht Shóisialta na hÉireann

Tacaíonn an Oifig um Aistriú Teicneolaíochta le forbairt náisiúnta agus réigiúnach eacnamaíoch trí thimpeallacht a chruthú ina gcuirtear luach ar mhaoin intleachtach, a chuireann aistriú teicneolaíochta agus tráchtálaíochta chun cinn i measc lucht taighde na hOllscoile, agus ina mbainistítear gníomhaíocht tosaigh.

Page 7: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Líonra Idirnáisiúnta OÉ Gaillimh • Breis agus 1,700 mac léinn idirnáisiúnta ar an gcampas as 50

tír.

• Comhaontuithe nua le hollscoileanna móra eile sa tSín, sa tSeapáin, sa Chóiré Theas agus i Hong Cong.

• Clár Socrates/Erasmus: déantar mic léinn a mhalartú le 115 ollscoil san Eoraip; glacann thart ar an méid céanna mac léinn ó Mheiriceá Thuaidh páirt sa Chlár Bliain Shóisearach/Seimeastar Thar Lear. Tá an Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta ar an mbóthar le breis agus 20 bliain.

• Clár Scoláireachtaí Idirnáisiúnta: Is é atá mar aidhm leis an gclár seo cur le cumas daoine ó thíortha eile atá i mbéal forbartha ionas go mbeidh rólanna ceannaireachta acu ina réimsí staidéir féin agus a gcuirfidh a gcuid oibre le forbairt a sochaí féin (mic léinn ón Afraic Theas, Srí Lanca agus an Aetóip atá ag staidéar in OÉ Gaillimh faoi láthair faoin gclár scoláireachta seo).

Page 8: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Clár Rochtana OÉ Gaillimh• Tacaíonn an Ollscoil le tionscnaimh a spreagann níos mó

rannpháirtíochta in oideachas ollscoile i measc grúpaí faoi ghannionadaíocht.

• Cruthaíonn an clár seo timpeallacht thacúil foghlama ina dtugtar deis agus ina gcuirtear ar chumas mac léinn faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch nó oideachais, rochtain a bheith acu ar oideachas tríú leibhéal.

• Is éard atá sa chlár cúrsaí réamhullmhúcháin ollscoile, córas cuimsitheach tacaíochta do mhic léinn, naisc speisialta le bunscoileanna agus scoileanna dara leibhéal chomh maith le comhlachtaí eile oideachais agus forbraíochta sa réigiún.

• Cuireann an Clár do Mhic Léinn Lanfhásta páirt na ndaoine lánfhásta san oideachas tríú leibhéal chun cinn.

• Tá cláir rochtana oideachais á gcur ar fáil anois san Eastóin, i Laitvia, sa Liotuáin, sa Chosaiv, i Srí Lanca agus san Afraic Theas.

Page 9: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Obair Dheonach in OÉ Gaillimh

• Trí chlár straitéiseach dar teideal an Tionscnamh Eolais Phobail (CKI), tá páirt ag lucht acadúil agus comhaltaí foirne OÉ Gaillimh i gcaidreamh fada a fhorbairt le heagraíochtaí pobail trí mhic léinn a bheith ag obair go deonach, foghlaim sheirbhíse, taighde agus roinnt eolais.

• Tugann an clár ALIVE, a d’fhorbair CKI, an deis do mhic léinn OÉ Gaillimh teastas a fháil as a gcuid oibre.

• Is féidir leo oiliúint a fháil i scileanna inaistrithe agus scileanna praiticiúla a fhorbairt trína dtaithí san obair dheonach.

Page 10: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Na hEalaíona in OÉ Gaillimh

• Tá traidisiún in OÉ Gaillimh timpeallacht láidir agus bheomhar ealaíonta a éascú.

• Clár bliantúil de thaispeántais, de cheolchoirmeacha, de léachtaí ealaíne agus de dhrámaí ar an gcampas.

• Déanann Féile Ealaíon Earraigh na hOllscoile (Múscailt) ceiliúradh ar éachtaí ealaíonta phobal na hOllscoile.

• Tá bailiúchán ealaíon ag an Ollscoil a thugann léargas ar phéintéireacht agus dealbhóireacht Éireannach le linn an fhichiú haois.

• Bíonn scríbhneoirí cónaitheacha in éineacht leis na mic léinn, leis an bhfoireann agus leis an bpobal go ginearálta trí shraith cainteanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla, seimineár agus ceardlann scríbhneoireachta a thabhairt.

Page 11: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Cumann Alumni OÉ Gaillimh

• Chun caidreamh comhthairbhiúil agus gníomhach a chothú idir OÉ Gaillimh agus a céimithe ar fud an domhain.

• Os cionn 63,000 céimí ar fud na cruinne.

• Tá an Oifig Alumni freagrach as Duaiseanna Alumni, an Mórfhéasta, teacht le chéile alumni and roinnt foilseachán alumni (e.g. Cois Coiribe).

Page 12: Eolas faoi  Ollscoil na hÉireann, Gaillimh  ( OÉ Gaillimh )

Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe

• Tacaíocht airgeadais a chur ar fáil don Ollscoil ó dhaoine príobháideacha agus ó fhorais.

• Tá baint ag an bhfondúireacht le tionscnamh mór bailithe airgid chun tacaíocht phríobháideach a fháil d’infheistíocht na hOllscoile, €250 milliún thar thréimhse cúig bliana i gclár mór forbartha infrastruchtúrach .

• Bíonn Fondúireacht Ollscoil na Gaillimhe i dteagmháil le cairde, céimithe agus comhaltaí foirne na hOllscoile agus oibríonn sí go dlúth le roinnt deontóirí, orthu siúd, go minic, tá daoine a thug maoiniú d’fhoirgnimh nó tionscnaimh mhóra i réimsí na rochtana, soláthar leabharlainne agus scoláireachtaí idirnáisiúnta.