prÓifÍl ol - university of limerick...3 rÉamhrÁ ollscoil neamhspleách, a bhfuil fócas...
TRANSCRIPT
PRÓIFÍL OL Eanáir 2018
2
CLÁR
RÉAMHRÁ .............................................................................................................................. 3 RIALACHAS NA HOLLSCOILE ......................................................................................... 3 BAINISTÍOCHT NA HOLLSCOILE ................................................................................... 3 PRÍOMHFHORBAIRTÍ LE LINN 2017............................................................................... 5
STAITISTICÍ ......................................................................................................................... 10 IONCAM REATHA DE RÉIR BLIAIN FOINSE GO DTÍ MEÁN FÓMHAIR 2016 ... 11 ROCHTAIN, LEATHNÚ AR RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS IDIRCHAIDREAMH
DON PHOBAL ....................................................................................................................... 11 STAIDÉAR IARCHÉIME & GAIRMIÚIL ........................................................................ 12
TAIGHDE AGUS FIONTAR ............................................................................................... 13 COMHAROIDEACHAS AGUS GAIRMEACHA ............................................................. 16 OIDEACHAS IDIRNÁISIÚNTA ......................................................................................... 17
FOIRGNIMH, LÓISTÍN NA MAC LÉINN AGUS SAOTHARLANNA ........................ 18 CÁILÍOCHT .......................................................................................................................... 20 SEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE AGUS FAISNÉISE ...................................................... 21 TEICNEOLAÍOCHT FAISNÉISE ...................................................................................... 21 NA HAMHARC-EALAÍONA .............................................................................................. 22
CEOLÁRAS NA HOLLSCOILE ......................................................................................... 22 FONDÚIREACHT OLLSCOIL LUIMNIGH .................................................................... 23 ALUMNI OLLSCOIL LUIMNIGH .................................................................................... 23 LÉARSCÁIL AN CHAMPAIS ............................................................................................. 24
CAIRT EAGRAÍOCHTA ACADÚIL ................................................................................. 25 CAIRT EAGRAÍOCHTA RIARACHÁIN.......................................................................... 26
3
RÉAMHRÁ
Ollscoil neamhspleách, a bhfuil fócas idirnáisiúnta aici í Ollscoil Luimnigh a bunaíodh sa
bhliain 1972, agus tá os cionn 15,000 mac léinn agus 1,528 comhalta foirne inti. Is ollscoil
óg, fhuinniúil agus fhiontraíoch í agus dea-cháil uirthi as nuálaíocht san oideachas agus as
barr feabhais a bhaint amach sa taighde agus sa léann. Cuireann an Ollscoil cláir i réimse
leathan disciplíní ar fáil, lena n-áirítear na dána, gnó, innealtóireacht agus tógáil, sláinte,
leigheas san áireamh, teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide, dlí, matamaitic agus na
heolaíochtaí nádúrtha. Is é misean na hOllscoile a bheith ina hollscoil eisceachtúil,
cheannródaíoch, a mhúnlaíonn an todhchaí trí oideachas a chur ar dhaoine agus iad a chumasú
le dul i ngleic le dúshláin an lae amárach.
Aithnítear an Ollscoil mar ollscoil ag a bhfuil ceann de na campais tríú leibhéal is iontaí agus
is báúla don timpeallacht ar domhan. Tá áiseanna spóirt agus cultúir den chéad scoth fud fad
an champais, lena n-áirítear an chéad linn snámha Oilimpeach in Éirinn, spórtlann faoi dhíon,
teach bád le tanc rámhaíochta nua-aimseartha faoi dhíon, Ceoláras na hOllscoile a bhfuil áit
suite ann do 1,100 duine, Áras Cheolfhoireann Aireagail na hÉireann, Dámh Chruinne
Éireann agus réimse iontach amharcealaíon, dealbha lasmuigh, Bailiúchán Féinphortráide
Náisiúnta na hÉireann agus Bailiúchán Chumann Uiscedhatha na hÉireann ina measc. Tá an
campas lonnaithe 5km ó chathair Luimnigh agus 20km ó Aerfort Idirnáisiúnta na Sionainne.
Tá Ionad Nuálaíochta Nexus lonnaithe ar an gcampas, ionad a thacaíonn le gníomhaíochtaí
seach-chuideachtaí sa réigiún agus tá sé lárnach do Chonair Fiontraíochta OL, áit a bhfuil
cuideachtaí taighde agus forbartha mór le rá cosúil le Johnson & Johnson lonnaithe. Tá an
Pháirc Náisiúnta Teicneolaíochta (NTP), an chéad pháirc eolaíochta/teicneolaíochta (263
heicteár) in Éirinn, suite le taobh na hOllscoile. Tá os cionn 80 eagraíocht lonnaithe sa Pháirc
a fhostaíonn breis is 3,000 duine.
RIALACHAS NA HOLLSCOILE
Feidhmíonn Ollscoil Luimnigh faoi reachtaíocht náisiúnta, Acht na nOllscoileanna, 1997. Mar
a leagtar síos sa reachtaíocht sin, tá Údarás Ceannais na hOllscoile freagrach go huile agus go
hiomlán as gnóthaí na hOllscoile agus tá an tÚdarás ceaptha de réir an Achta.
BAINISTÍOCHT NA HOLLSCOILE
Is faoi Choiste Feidhmiúcháin na hOllscoile atá bainistíocht fhoriomlán ghnóthaí na
hOllscoile. Is iad boird na ndámh, Coiste Athbhreithnithe na gClár Acadúil agus an
Chomhairle Acadúil a dhéanann gnóthaí acadúla na hOllscoile a bhainistiú.
4
AN TÚDARÁS CEANNAIS
Mary Harney
Cathaoirleach/Seansailéir
AN COISTE FEIDHMIÚCHÁIN
An Dr Des Fitzgerald
An tUachtarán
Gerry O’Brien
Príomhoifigeach Oibriúcháin agus an Leas-Uachtarán Acadúil/Cláraitheoir
An Dr Pat Phelan
(An tOllamh Kerstin Mey ó Aibreán 2018)
An Leas-Uachtarán do Ghnóthaí Acadúla & Rannpháirtíocht na Mac Léinn
An Dr Mary Shire
An Leas-Uachtarán Taighde
An tOllamh Helen Kelly Holmes
Déan, Dámh na nDán, na nDaonnachtaí agus na nEolaíochtaí Sóisialta
An Dr Philip O’Regan
Déan, Scoil Ghnó Kemmy
An tOllamh Rachel Msetfi
Déan, Dámh an Oideachais agus na nEolaíochtaí Sláinte
An tOllamh Edmond Magner
Déan, Dámh na hEolaíochta & na hInnealtóireachta
An Dr Ann Ledwith
Déan, Staidéar Iarchéime agus Gairmiúil
Ruth Maher
Stiúrthóir na dTionscadal Straitéiseach agus an Athraithe
An Dr Tommy Foy
An Stiúrthóir Acmhainní Daonna
John Field
An Stiúrthóir Airgeadais
Callista Bennis
An Rúnaí Corparáideach
Mark Mulqueen
Stiúrthóir Margaíochta & Cumarsáide
5
PRÍOMHFHORBAIRTÍ LE LINN 2017
Uachtarán nua ar OL
Ceapadh an Dr Desmond Fitzgerald, iar-Leas-Uachtarán ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha
Cliath mar chúigiú uachtarán Ollscoil Luimnigh (OL). Bhí an Dr Fitzgerald ina Leas-Uachtarán
do Ghnóthaí Sláinte i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ina Phríomhoifigeach
Acadúil ar Ghrúpa Ospidéal Oirthear na hÉireann. Thosaigh sé ar a théarma mar Uachtarán OL
ar an 1 Bealtaine 2017 agus tháinig sé i gcomharbacht ar an Ollamh Don Barry.
Ionad taighde nua maoinithe ag SFI do OL
Tá Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) chun infheistíocht €74 milliún a dhéanamh thar na
sé bliana amach romhainn i gceithre shárionad taighde nua SFI in Éirinn, lena n-áirítear ceann
amháin in Ollscoil Luimnigh.
I measc na gceithre ionad nua SFI tá CONFIRM, faoi stiúir OL, ionad ar fiú €47 milliún é agus
atá dírithe ar dhéantúsaíocht chliste. Déanann CONFIRM iarracht faisnéis a chur le córais
táirgthe, chun monarchana na todhchaí a fhorbairt, inar féidir táirgí a shaincheapadh agus a
oiriúnú go hiomlán. Ar an iomlán, tacaíonn infheistíocht SFI le taighde bunúsach agus
feidhmeach atá ceannródaíoch agus a bhfuil rannpháirtíocht láidir aige le hearnáil na
tionsclaíochta, agus a chuireann le buntáistí eacnamaíocha agus le tionchar dearfach na sochaí.
An tOllamh Mike Zaworotko ainmnithe mar Thaighdeoir SFI na Bliana
Tá Ollamh Bernal OL le hInnealtóireacht Chriostail, Mike Zaworotko ainmnithe mar
Thaighdeoir na Bliana ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann. Ainmníodh buaiteoirí
dhuaiseanna mór le rá SFI 2017 ag Cruinniú Mullaigh Eolaíochta SFI.
Tugann Gradam Thaighdeoir SFI na Bliana aitheantas d’éachtaí atá bainte amach ag taighdeoir
atá maoinithe ag SFI agus a bhfuil a c(h)ion déanta aige/aici do phobal taighde na hÉireann le
linn a g(h)airme. Tá torthaí eisceachtúla eolaíocha agus innealtóireachta bainte amach ag an
taighdeoir buacach mar aon le léiriú soiléir go bhfuil ar a chumas a chuid taighde a chur in iúl.
Cláir nua sna dána, gnó, ríomhaireacht, innealtóireacht agus eolaíocht Sheol an Ollscoil sraith clár nua fochéime sna dána, gnó, ríomhaireacht, innealtóireacht agus
eolaíocht in 2017. Tugann na cláir níos mó rogha agus solúbthachta do bhreis is 60% de mhic
léinn nua agus iad ag forbairt a gclár céime. Tá an clár sna Dána solúbtha agus leathan, agus tá
19 n-ábhar ar fad ar tairiscint. Is féidir le mic léinn an chláir seo staidéar a dhéanamh ar
mheascán ábhar (mar onóracha aonair nó comhonóracha) i nDámh na nDán, na nDaonnachtaí
agus na nEolaíochtaí Sóisialta. Déanfaidh mic léinn a thugann faoi chláir chomhiontrála sa
ghnó, ríomhaireacht, innealtóireacht nó eolaíocht a rogha dheiridh don chéim i rith na chéad
bhliana dá gclár staidéir.
Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile [Professional Diploma in School
Leadership] seolta in OL
Sheol an tAire Oideachais agus Scileanna, Richard Bruton, TD Dioplóma Gairmiúil nua i
gCeannaireacht Scoile in Ollscoil Luimnigh. Díríonn an clár orthu siúd atá ar thóir poist
shinsearacha i mbunscoileanna agus i scoileanna dara leibhéal agus tá sé mar chuid de Phlean
Gníomhaíochta an Rialtais don Oideachas (2016-2019).
Forbraíodh an clár in OL i gcomhpháirtíocht le OÉG, CÓBAC agus IT Phort Láirge agus
déanann OÉG, CÓBAC agus OL an cháilíocht a chomhbhronnadh, tá an clár maoinithe ag an
6
Roinn Oideachais agus Scileanna tríd an Ionad Ceannaireachta Scoile. Dioplóma gairmiúil
foghlama cumaisc páirtaimseartha (18 mí) é an clár, a chuirtear ar fáil i sé ionad réigiúnacha
ar fud na tíre (OL, OÉG, CÓBAC, IT Phort Láirge, IT Chorcaí agus Coláiste San Aingeal,
Sligeach) agus déanfaidh Scoil an Oideachais agus an tAonad don Oideachas Leanúnach
Gairmiúil in Ollscoil Luimnigh an clár a riar. Ina theannta sin, déanfar foráil ar leith do
mhúinteoirí i nGaelscoileanna in OÉG.
Ardmholadh do Scoil an Dlí, OL ag Gradaim Dhlí na hÉireann
Ainmníodh Scoil an Dlí in Ollscoil Luimnigh mar an scoil dlí is fearr sa tír ag an séú searmanas
bliantúil de Gradaim Dhlí na hÉireann de chuid Bhaincéireacht Phríobháideach AIB a bhí ar
siúl i mBaile Átha Cliath.
Déanann Gradaim Dhlí na hÉireann de chuid Bhaincéireacht Phríobháideach AIB feabhas agus
éachtaí den scoth i ndlí na hÉireann a aithint, a mholadh agus a phoibliú agus cleachtais
shármhaithe de chuid gnólachtaí agus foirne dlí den scoth ar fud na tíre a aithint. Cuireadh fáilte
ag an ócáid roimh an lucht freastail agus na daoine a bhí ainmnithe ó gach cearn den tír, agus
iad ag déanamh ionadaíochta don ghairm thábhachtach an dlí in Éirinn.
KBS ainmnithe mar an Scoil Ghnó is fearr ag InBUSINESS
Ainmníodh Scoil Ghnó Kemmy ar an Scoil Ghnó is fearr in Éirinn 2016 ag Gradaim
Aitheantais InBUSINESS. Roghnaíodh buaiteoirí na ngradam in 22 catagóir bunaithe ar na
critéir leathana fáis, próifíl ghnó, réimse seirbhísí agus cúram custaiméirí.
Gradam Nuálaíochta Taighde Mheiriceá-Éireann buaite ag foireann OL
Bhuaigh Ollscoil Luimnigh, 3D4Medical agus IBM Research Gradaim Nuálaíochta Taighde
Mheiriceá-Éireann 2017, a chomhbhronn Cumann Tráchtála Mheiriceá in Éirinn agus
Acadamh Ríoga na hÉireann. Faoi stiúir an Dr Eamonn de Barra agus i gcomhar le Stryker
Orthopaedics, bronnadh an gradam ar fhoireann OL as cineál nua stroighne cnáimhe
bhithghníomhaigh a fhorbairt do néaramháinliacht, atá níos fearr ná na táirgí reatha atá ar an
margadh i dtéarmaí a éasca atá sé a úsáid, a sciobtha is atá sé é a chur i bhfearas agus an t-
ualach oibre laghdaithe ar fhoireann na hobrádlainne, toradh atá dearfach do chách.
Gradam Speisialta BAFTA bronnta ar léachtóir OL
Thug Acadamh Ealaíon Scannán agus Teilifíse na Breataine (BAFTA) aitheantas do léachtóir
OL Brenda Romero nuair a bronnadh Gradam Speisialta uirthi ag Gradaim Cluichí Acadamh
na Breataine. Tugann Gradam Speisialta BAFTA aitheantas do dhaoine as a c(h)ion
cruthaitheach don tionscal, agus bronnadh an gradam úd ar Brenda as a gairm iomráiteach i
ndearadh cluichí, a cuid oibre ar son na healaíne agus an phróisis chruthaithigh taobh thiar de
dhéantúsaíocht cluichí agus a dúthracht maidir leis an gcéad ghlúin eile de thallann sa tionscal
a spreagadh.
Seoladh institiúid taighde eolaíochta agus innealtóireachta ar luach €86 milliún
Sheol an Taoiseach ag an am, Éanna Ó Coinnigh, Institiúid Bernal in Ollscoil Luimnigh,
institiúid €86 milliún don taighde eolaíochta agus innealtóireachta ina bhfuil spás taighde
ilchuspóra, ardchaighdeáin 20,000m2 sa Zón nua Eolaíochta agus Innealtóireachta in OL.
In Institiúid Bernal cuimsítear an Institiúid Eolaíochta Ábhar & Dromchla, Institiúid Taighde
Stokes agus Tionscadal Bernal in aon institiúid taighde aontaithe amháin chun láidreachtaí
suntasacha taighde na hOllscoile sna réimsí eolaíochta agus innealtóireachta a chur chun cinn
agus a fhorbairt. Príomhghné den Institiúid is ea earcú taighdeoirí atá ar thús cadhnaíochta le
bheith mar Ollúna Bernal – tá seachtar as an deichniúr atá le hearcú earcaithe cheana féin. Tá
260 taighdeoir ag obair san Institiúid ag plé le téamaí taighde cosúil le hardábhair,
déantúsaíocht agus innealtóireacht próiseála agus sreabhmheicnic.
7
Meabhrán tuisceana nua ina léiriú ar chomhpháirtíocht straitéiseach fhoirmiúil le Intel
Shínigh OL agus Intel Ireland Meamram Tuisceana chun comhpháirtíocht straitéiseach a
bhunú, a dhéanfaidh an caidreamh fadtéarmach idir an dá eagraíocht a chur ar bhonn foirmiúil
agus a chruthóidh sainchlár gníomhaíochta d’oibriú le chéile sa todhchaí. Tógann an
comhaontú comhpháirtíochta nua ar an gceangal reatha idir Intel agus OL agus scrúdóidh sé
go sonrach deiseanna chun tallann a fhorbairt agus a spreagadh sa todhchaí, chun comhoibriú
cruthaitheach a fhorbairt i réimse an taighde, na forbartha agus na nuálaíochta agus chun oibriú
le chéile chun creatlaí polasaí ábhartha a mhúnlú.
Cuimseoidh an chomhpháirtíocht nua béim ar phríomhréimsí iniúchta sa spás taighde chun
intleacht shaorga agus ard-déantúsaíocht a áireamh. Ina theannta sin, déanfaidh an comhaontú
iarracht bealaí a aithint inar féidir leis an dá eagraíocht oibriú le chéile ar ábhair ar nós cur le
hionadaíocht na mban ar chláir oideachais agus i ngairmeacha STEM agus tacú le
comhionannas deiseanna ar an oideachas i measc gach próifíl dhéimeagrafach.
Luimneach 2030
Tá OL ag obair go leanúnach ar thionscnamh Luimneach 2030, a bhfuil sé mar aidhm aige cur
ar chumas údaráis áitiúla, institiúidí oideachais agus fiontair ghnó Luimnigh fás a spreagadh,
infheistíocht dhíreach a mhealladh as tíortha thar lear agus fostaíocht a chruthú d’fhonn fás
inbhuanaithe agus leathnú eacnamaíoch Luimnigh nua a chur chun cinn.
Gradaim an Uachtaráin don Obair Dheonach
Ghlac sa bhreis ar 270 mac léinn de chuid Ollscoil Luimnigh páirt i scéim Ghradaim an
Uachtaráin don Obair Dheonach anuraidh. Thug mic léinn faoi bhreis is 17,000 uair an chloig
d’obair dheonach i réimse eagraíochtaí pobail agus carthanachta le linn na bliana acadúla.
Ó bunaíodh scéim na ngradam in 2012, tá 57,000 uair an chloig d’obair dheonach ar taifead,
agus is é obair dheonach na mac léinn an ghníomhaíocht phobail is mó atá ar siúl in OL.
Os cionn leath de chiste náisiúnta an ÚAO do shoghluaisteacht mac léinn/foirne bronnta
ar institiúidí ardoideachais Luimnigh
Bronnadh breis is leath de Chiste Soghluaisteachta Idirnáisiúnta Creidmheasa Erasmus+ an
Údaráis um Ard-Oideachas ar fiú €1 mhilliún é ar Ollscoil Luimnigh (OL), ar Choláiste Mhuire
gan Smál (MIC) agus ar Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh (LIT) chun tacú le haistriú mac
léinn agus comhaltaí foirne chuig tíortha lasmuigh den Eoraip d’fhonn tabhairt faoi
chomhoibriú teagaisc, oiliúna agus taighde.
Cuireadh tús le Soghluaisteacht Idirnáisiúnta Creidmheasa Erasmus+ sa bhliain 2015, agus
tugann sé deis do mhic léinn staidéar a dhéanamh agus do chomhaltaí foirne tabhairt faoi
theagasc ar feadh tréimhse ama in institiúidí ardoideachais lasmuigh den Eoraip. Cuireann an
scéim na deiseanna céanna ar fáil do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn ó thíortha lasmuigh
den Eoraip teacht chuig institiúidí ardoideachais rannpháirteacha san Eoraip. Tá OL, MIC agus
LIT ina mbaill de Chuibhreannas na Sionainne, comhghuaillíocht straitéiseach lena mbaineann
comhoibriú substaintiúil idir na hinstitiúidí chun tacú le hinrochtaineacht níos fearr ar an
ardoideachas agus ar nuálaíochtaí sa teagasc agus san fhoghlaim.
Tacóidh ciste an Chláir Erasmus+ le gluaiseacht 135 comhalta foirne agus mac léinn chuig
agus ó na trí institiúid chuig coláistí agus ollscoileanna in 20 tír éagsúil ar chúig mhór-roinn.
Mol Sláinte nua OL i lár chathair Luimnigh
D’fhorbair Dámh Oideachais agus Eolaíochtaí Sláinte OL Mol Sláinte nua i gcathair
Luimnigh. Cuirfidh an Mol Sláinte nua ar chumas grúpaí pobalbhunaithe teacht ar chláir
shláinte agus ar eolas tacaíochta maidir le maireachtáil sláinte. Leagadh amach an t-ionad nua
8
chun deis a thabhairt do mhic léinn OL cláir a chur ar fáil chun sláinte agus folláine mhuintir
Luimnigh a fheabhsú.
Tá sé suite san áit chéanna le Saoráid Déantúsaíochta Luimnigh ar Shráid Rutland sa chathair,
agus cuireann an Mol Sláinte leis na múnlaí reatha atá ag OL maidir le hoideachas mac léinn
agus tionscnaimh phobalbhunaithe.
Bronnann OL sa bhreis ar 100 scoláireacht
Bronnadh scoláireachtaí ar mhic léinn ó cheann ceann na tíre ar fiú beagnach €280,000 iad ag
searmanas bronnta Scoláireachta Ollscoil Luimnigh a bhí ar siúl Dé Luain, an 27 Samhain
2017. Bronnadh sa bhreis ar 110 scoláireacht, lena n-áirítear os cionn 30 Scoláireacht Spóirt
de chuid OL.
Bronnadh Scoláireachtaí UL40 ar dhaichead mac léinn, scoláireachtaí ar cuireadh tús leo in
2012 chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh daichead bliain OL agus arb ionann iad agus
€2,000 an ceann. Bronnadh Scoláireachtaí UL40 do Mhic Léinn Lánfhásta ar dheichniúr mac
léinn eile.
Bronnadh Scoláireachtaí Spóirt OL ar thríocha trí duine den scoth in 2017. Orthu siúd ar
bronnadh trí Scoláireacht Spóirt Óir OL bhí Captaen ar Fhoireann Rugbaí Ban na hÉireann,
Niamh Briggs, iománaí Chontae an Chláir agus buaiteoir Bhonn Uile-Éire 2013, Tony Kelly,
agus Shane O’Donoghue, a sheas an fód d’Éirinn sa haca ag Cluichí Oilimpeacha 2016.
Bua idirnáisiúnta do mhic léinn OL
Bhí ceathrar mac léinn OL ar an gcéad fhoireann lasmuigh de Cheanada ar éirigh leo an bua a
fháil ag Comórtas Idirnáisiúnta Cásanna Innealtóireachta agus Tráchtála (ECCC) in Montreal.
Chuir Université Concordia a bhfuil cáil mhór uirthi an comórtas idirdhisciplíneach ar bun agus
is é an t-aon tástáil dá chineál ar domhan agus tá sé ar cheann de na dúshláin cásanna is fearr i
Meiriceá Thuaidh. Is é aidhm an chomórtais teacht ar réitigh maidir le dúshláin réadúla a
gcaithfidh tionscail nua-aimseartha dul i ngleic leo. Bhí mic léinn as disciplíní na
hinnealtóireachta agus an ghnó ar gach foireann. Tá mic léinn Ollscoil Luimnigh ag seasamh
an fhóid don Eoraip agus tháinig an 11 fhoireann eile as Meiriceá Thuaidh agus as an
Meánoirthear. Chomh maith leis an mbua iomlán a bhaint amach, bhuaigh OL an Réiteach
Innealtóireachta is fearr agus an Réiteach Inbhuanaithe is fearr.
Dhaingnigh OL a cháil mar Champas Spóirt na hÉireann nuair a seoladh Ionad
Ardfheidhmíochta Rugbaí na Mumhan agus linn tumadóireachta 25m nua OL
D’oscail an tAire Stáit Patrick O’Donovan, an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt dhá
fhoirgneamh spóirt nua in Ollscoil Luimnigh ar fiú beagnach €15m iad. Tá Ionad
Ardfheidhmíochta Rugbaí na Mumhan agus an linn tumadóireachta 25m nua in OL cóngarach
agus nasctha le hAiréine Spóirt reatha OL.
Leathnú ar Leabharlann Glucksman
Táthar beagnach críochnaithe leis an obair thógála ar leathnú agus athchóiriú Leabharlann
Glucksman. Tá an leabharlann athchóirithe airdeallach ar an gcaoi a n-úsáideann mic léinn
agus taighdeoirí leabharlanna sa lá atá inniu ann, agus cuirfidh sí spásanna teicneolaíochta,
cruthaitheacha agus spreagúla ar fáil chun freastal ar riachtanais reatha agus amach anseo. Ní
chun spás breise amháin a chur ar fáil atáthar i mbun na hoibre seo ach chun saoráid den scoth
a chruthú a fhreastalóidh ar riachtanais na hOllscoile amach sa todhchaí agus a dhéanfaidh
institiúid nuálach agus cheannródaíoch ar leith de OL. Cuirfear thart ar 7,500 méadar cearnach
leis an leabharlann, agus déanfar áiseanna reatha na leabharlainne a uasghrádú. Beidh spás do
1,000 suíochán breise sa spás nua do stíleanna foghlama éagsúla, mar shampla foghlaim chiúin
agus chomhoibríoch. Cuirfear síneadh leis an áit a bhfuil na Bailiúcháin Speisialta agus beidh
spásanna taispeántais, léitheoireachta, láithreoireachta agus digitithe ann chun tacú le húsáid
9
acmhainní uathúla na leabharlainne, don taighde agus don churaclam. Cuirfidh na spásanna
digiteacha, meán agus sonraí nuálacha ar leith saoráidí ar fáil do chruthú meáin,
láithreoireachtaí a chleachtadh agus ríomhaireacht ardleibhéil. Beidh scáileáin mhóra ag
bealach isteach na leabharlainne agus beidh deis againn taighde OL agus an saothar is fearr ó
na mic léinn a chur ar taispeáint ansin. I measc na n-áiteanna eile nua nó athfhorbartha beidh
seomra léitheoireachta na n-iarchéimithe, seomraí ranga cliste agus seomraí staidéir grúpa,
leabharlann Eolaíochta Sláinte agus leabharlann Dlí.
Ceadaíonn an tÚdarás Ceannais Ionad Mac Léinn a thógáil
Rinneadh dul chun cinn suntasach i bpleanáil an fhoirgnimh nua don Ionad Mac Léinn in
Ollscoil Luimnigh nuair a cheadaigh an tÚdarás Ceannais dearadh an fhoirgnimh. Foirgneamh
trí stór, 3,529 méadar cearnach a bheidh san ionad agus beidh sé in áit lárnach in aice le hIonad
na Stáblaí agus an Leabharlann. Cuirfear an tionscadal ar aghaidh chuig Comhairle Cathrach
agus Contae Luimnigh chun cead pleanála a fháil.
Fógra maidir le Tionscnamh an Champais Shláintiúil
Tá OL ag déanamh iarracht a bheith ina champas Saor ó Thobac in 2018. Mar chuid de
Thionscnamh an Champais Shláintiúil, crochadh comharthaí ‘Ná Caitear Tobac, Ná Vápáil’ ar
fud an champais. Beidh na limistéir ar fud an champais atá ina limistéir saor ó thobac/ó vápáil
le feiceáil ar mhapaí den champas. De réir mar a fhorbraíonn foireann thionscnamh an
Champais Shláintiúil, cuirfear tuilleadh eolais ar fáil maidir le seirbhísí chun tacú le
Tionscnamh an Champais Shláintiúil in OL.
An Comharoideachas agus Rannóg na nGairmeacha
Tá ráta fostaíochta chéimithe OL 12% níos airde ná an meán san earnáil ollscoile.
10
STAITISTICÍ
MIC LÉINN CHLÁRAITHE - BLIAIN ACADÚIL 2016/17
Lánaimseartha Páirtaimseartha Iomlán
Cúrsaí Fochéime 10,107 1,337 11,444
Dioplómaí & Máistreachtaí Iarchéime Múinte 1,168 604 1,772
Céimeanna Iarchéime Múinte (Máistreacht/PhD) 704 127 831
Iomlán 11,979 2,068 14,047
STAITISTICÍ ÚAO - Bliain Acadúil 2016/17
CÉIMITHE DE RÉIR LEIBHÉAL NA DÁMHACHTANA - BLIAIN ACADÚIL 2015/16
Fochéimithe
Baitsiléir 2,150
Dioplóma 386
Teastas 428
Iomlán 2,964
Iarchéimithe
Dochtúireacht 119
Máistreacht 987
Ard-Dioplóma 74
Dioplóma Iarchéime 254
Teastas Iarchéime 54
Iomlán 1,488
CÉIMITHE DE RÉIR DÁIMHE - BLIAIN ACADÚIL 2015/16
Scoil Ghnó Kemmy 910 20%
Dána, Daonnachtaí agus Eolaíochtaí Sóisialta 710 16%
Oideachas agus Eolaíochtaí Sláinte 1,055 24%
Eolaíocht agus Oideachas 1,097 25%
Idirdhámh 680 15%
Iomlán 4,452 100%
DÁMH agus FOIREANN - BLIAIN ACADÚIL 2016/17
Foireann Teagaisc 659
Foireann Taighde 264
Foireann Tacaíochta 605
11
IONCAM REATHA DE RÉIR BLIAIN FOINSE GO DTÍ MEÁN FÓMHAIR 2016
Comhdhlúite Ollscoil
Foinse €’000 % €’000 %
Deontais stáit 36,174 14.6 36,174 15.9
Táillí acadúla 89,630 36.2 89,630 39.4
Deontais taighde agus conarthaí 35,154 14.2 35,154 15.4
Amúchadh ar Dheontais Chaipitil
Stáit Iarchurtha
4,113
1.7
4,113
1.8
Ioncam oibriúcháin eile 46,578 18.9 26,956 11.9
Ioncam ó ús 498 0.2 177 0.1
Bronntanas 1,000 0.4 1,000 0.5
Maoiniú iarchurtha glan do
shochair scoir
34,157
13.8
34,157
15.0
Ioncam iomlán 247,304 100 227,361 100
ROCHTAIN, LEATHNÚ AR RANNPHÁIRTÍOCHT AGUS IDIRCHAIDREAMH
DON PHOBAL
Tá Ollscoil Luimnigh meáite ar thionscnaimh a fhorbairt agus a chur chun cinn d'fhonn
rannpháirtíocht foghlaimeoirí a chothú i measc grúpaí atá imeallach san ardoideachas. Áirítear
orthu sin foghlaimeoirí ó chúlraí socheacnamaíochta ar leith, foghlaimeoirí faoi mhíchumas,
foghlaimeoirí lánfhásta, baill den lucht siúil agus baill de mhionlaigh eitneacha eile.
Déanann an Oifig Rochtana, Oifig na Seirbhísí Tacaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, an
Oifig Idirchaidrimh don Phobal agus Oifig na Mac Léinn Lánfhásta laistigh de Rannóg
Ghnóthaí na Mac Léinn, rannpháirtíocht na mac léinn seo san Ollscoil a chur chun cinn agus
a thacú. Áirítear iad seo a leanas ar chuid de na tionscnaimh atá ar fáil chun rannpháirtíocht a
leathnú: gníomhaíochtaí uaillmhéine/réamhiontrála, soláthar bealaí iontrála atá solúbtha,
tacaíochtaí atá dírithe go sonrach ar mhic léinn na chéad bhliana agus tacaíochtaí breise do
mhic léinn le linn a gclár staidéir. Mar fhreagra ar an bpolasaí náisiúnta agus ar phlean
straitéiseach na hOllscoile, cuireann OL bealaí breise iontrála ar fáil taobh istigh den phróiseas
CAO do lucht fágála scoile ó ghrúpaí socheacnamaíochta atá imeallach faoin scéim HEAR
(Bealach Rochtana don Ardoideachas) agus do lucht fágála scoile atá faoi mhíchumas faoin
scéim DARE (Bealach Rochtana don Oideachas do Dhaoine faoi Mhíchumas). Déanann mic
léinn lánfhásta os cionn 23 bliain d’aois iarratas ar chúrsaí fochéime tríd an CAO. Bíonn deis
acu siúd a n-éiríonn leo ar cheann den dá chúrsa rochtana atá ag OL tabhairt faoinár gcúrsaí
fochéime. Is gné lárnach den ghníomhaíocht sa réimse seo an obair for-rochtana atá ar siúl sa
phobal i gcathair Luimnigh tríd an gCampas Rochtana in Roxboro a chuireann réimse
tionscnamh oideachais ar fáil dóibh siúd atá ag freastal ar an scoil agus d’fhoghlaimeoirí fásta.
Déanann an Oifig Idirchaidrimh don Phobal (CLO) comhordú agus bainistiú ar Chlár
Ghradaim an Uachtaráin don Obair Dheonach (PVA). Cuirtear an tionscnamh seo chun cinn
i measc mhic léinn uile na hOllscoile. Déanann sé ceangal idir mic léinn agus eagraíochtaí
pobalbhunaithe tríd an obair dheonach d’fhonn freagracht shóisialta na mac léinn a chothú.
Cabhraíonn Gradaim an Uachtaráin don Obair Dheonach spriocanna comhpháirteachais
phoiblí OL a bhaint amach. De réir a chéile tá tionchar níos mó ag chomh maith is atá ag éirí
le Clár Ghradaim an Uachtaráin don Obair Dheonach ar obair na hOifige Idirchaidrimh don
12
Phobal. Ó bunaíodh an ról in 2010 agus i gcomhar le comhghleacaithe agus le heagraíochtaí
pobail seachtracha, tá an méid seo a leanas curtha i gcrích ag an Oifig Idirchaidrimh don
Phobal in OL:
Os cionn 100 deis d’obair dheonach cruthaithe ar an gcampas agus 250 deis d’obair
dheonach phobalbhunaithe
5,000 léiriú spéise cláraithe san obair dheonach ó mhic léinn Os cionn 900 iarratas ar Ghradaim an Uachtaráin don Obair Dheonach próiseáilte
Os cionn 70,000 uair an chloig d’obair dheonach na mac léinn ar taifead chomh maith
le 900 portfóilió machnamhach
Sé shearmanas bliantúil Ghradaim an Uachtaráin don Obair Dheonach reáchtáilte
Lena chois sin, bhí an Oifig Idirchaidrimh don Phobal i gceannas ar straitéis náisiúnta a
fhorbairt agus a sheachadadh sa chomhpháirteachas poiblí trí obair dheonach na mac léinn ó
2013 i leith. Mar thoradh ar an obair seo seoladh studentvolunteer.ie in 2016. Is córas
bainistíochta, bunachar sonraí agus láithreán gréasáin saincheaptha é Studentvolunteer.ie atá
ar fáil do gach institiúid ardoideachais ar fud na hearnála. Is é aidhm fhoriomlán
studentvolunteer.ie comhpháirteachas poiblí a chur ar fáil trí obair dheonach mar atá leagtha
amach sa Straitéis Náisiúnta Ardoideachais 2030. Tá trí institiúid ardoideachais déag ar fud
na hÉireann ag obair i gcomhpháirt le studentvolunteer.ie. Tá studentvolunteer.ie ar fáil do
bhreis is 120,000 mac léinn agus do lear mór eagraíochtaí pobail ar fud na hÉireann agus níos
faide i gcéin. De bharr studentvolunteer.ie tá institiúidí ardoideachais na hÉireann uathúil i
dtéarmaí ár gcur chuige, bainistíocht, forbairt, seachadadh agus tuairisciú ar obair dheonach
na mac léinn.
STAIDÉAR IARCHÉIME & GAIRMIÚIL
Is cónascadh idir Scoil na nIarchéimithe agus Oideachas Leanúnach & Gairmiúil é Staidéar
Iarchéime & Gairmiúil (GPS) atá freagrach as gach straitéis, polasaí agus nós imeachta a
bhaineann le taighde iarchéime, cláir mhúinte lánaimseartha, pháirtaimseartha, ar líne agus
ghairmiúla ar fud na hOllscoile. Tá ceithre dhámh san áireamh i Staidéar Iarchéime &
Gairmiúil agus tá 859 mac léinn ag tabhairt faoi chláir thaighde mháistreachta agus
dhochtúireachta agus 1,286 mac léinn ag tabhairt faoi dhioplómaí agus faoi chéimeanna
iarchéime múinte.
Tá freagracht ar Staidéar Iarchéime & Gairmiúil as na nithe seo a leanas:
• Polasaithe agus rialacháin iarchéime taighde
• Próisis a bhaineann le tráchtais taighde a leagan isteach agus a scrúdú
• Iontrálacha iarchéime do chláir mhúinte, thaighde agus ghairmiúla
• Maoiniú agus scoláireachtaí iarchéime
• Mic léinn iarchéime a earcú
• Oiliúint dáimhe agus taighde iarchéime agus forbairt scileanna ginearálta
• Moltaí maidir le maoiniú Springboard+ a chur isteach
• Moltaí maidir le scéimeanna printíseachta náisiúnta a chur isteach
• Socrúchán oibre a eagrú do mhic léinn Springboard
Oibríonn GPS le ranna acadúla chun portfóilió leathan de chláir iarchéime agus forbartha
gairmiúla a leagan amach agus a chur ar fáil. Déantar na cláir seo a sheachadadh ag úsáid
réimse modhanna teagaisc, idir chláir thraidisiúnta mháistreachta, lánaimseartha agus
seachadadh ar líne agus cumaisc. Tugann na modhanna seo deis d’fhoghlaimeoirí i bhfostaíocht
cothromaíocht a bhaint amach idir an saol oibre, baile agus foghlama. Baineann traidisiún láidir
de bheith ag obair go dlúth le fostóirí agus le grúpaí gairmiúla le OL d’fhonn a chinntiú go
dtugann ár gcláir na scileanna agus an t-eolas do chéimithe a theastaíonn uathu ina ngairmeacha
roghnaithe.
13
Áirítear na nithe seo a leanas i measc ár n-éachtaí mór le rá in 2017:
• Dioplóma Iarchéime i gCeannaireacht Scoile le breis is 250 mac léinn cláraithe
• Gur muid an t-aon ollscoil ar bronnadh maoiniú uirthi do sheacht bprintíseacht suas go
leibhéal 10 NFQ
• 12 clár Springboard+ maoinithe don Bhliain Acadúil 2017/18
• D’éirigh linn an tairiscint bhuacach a bhaint amach don MSc in Intleacht Shaorga
[MSc in Artificial Intelligence]
• Saindioplómaí nua i ngnóthaí san eitlíochta agus rialúcháin, máistreacht in Imscrúdú
faoi Thromchoireanna agus dochtúireacht ghairmiúil san innealtóireacht
• Comhoibriú le MIC agus LIT trí Scoil Chónasctha Iarchéimithe Luimnigh (FLGS) mar
chuid de Chuibhreannas Shionainne
I measc na mórimeachtaí a eagraíodh agus a cuireadh i láthair bhí:
• Comhdháil HELLIN 2017 ar Fhoghlaim Fad Saoil a chumasú
• An chéad chomhdháil de Líonra Barainneach an Mheán-Iarthair i gcomhpháirtíocht le
Seomra na Sionainne
• Comhdháil Léasaithe Idirnáisiúnta na Sionainne 2017 (SILC), áit ar tháinig
feidhmeannaigh theicniúla ó phobal léasaithe na heitlíochta i Réigiún an Mheán-Iarthair
le chéile chun barr feabhais agus nuálaíocht theicniúil a phlé
• Comhdháil Sola, comhpháirtíocht idir OL, J&J agus DFI ar Cháilíocht agus ar
Chaighdeáin inbhuanaithe d’eagraíochtaí pobail, deonacha agus míchumais
• Comhdháil ar ról an oideachais i dtacú le gnólachtaí beaga, áit ar labhair an tAire Pat
Breen
• An tAistear i dtreo Barr Feabhais Fiontraíochta 1, atá ar an gcéad imeacht i sraith
imeachtaí ar fheabhsúchán leanúnach
TAIGHDE AGUS FIONTAR
Eagraíocht óg, uaillmhianach agus fhreagrúil í Ollscoil Luimnigh agus cáil uirthi as a
ceannródaíocht agus a nuálaíocht. Táimid bródúil as an gcáil atá orainn taighde den scoth a
chur ar fáil a mbíonn tionchar aige ar an bpobal níos leithne, ar an ngeilleagar, ar chultúr agus
ar an domhan mór. Meallann ár n-éiceachóras taighde dinimiciúil taighdeoirí, lucht acadúil,
fiontraithe agus mic léinn ardfheidhmíochta. Tá bród ar OL a mhaíomh go bhfuil a dhúthracht
don rannpháirtíocht ina láidreacht ar leith, a chothaíonn comhpháirtíochtaí domhanda
straitéiseacha le fiontraíocht agus le pobail in 97 tír.
Láidreachtaí Taighde
Téann ár gcuid taighde i ngleic le réimsí tábhachtacha sa tsochaí, mar atá oideachas, teangacha,
cúram sláinte agus cuimsiú sóisialta agus tá tionchar suntasach aige ar earnálacha atá
ríthábhachtach do gheilleagar na hÉireann, cosúil le cógaisíocht, teicneolaíocht-leigheas,
bogearraí, bia, cumarsáid agus fuinneamh. Seo a leanas na réimsí a bhfuil seasamh láidir againn
iontu:
Ábhair
Ard-déantúsaíocht
Bogearraí
Sláinte
Eolaíochtaí matamaiticiúla feidhmeacha
Tá breis is €215 milliún i ndámhachtainí maoiniúcháin bainte amach ag ár gcuid taighdeoirí le
cúig bliana anuas.
14
INSTITIÚIDÍ TAIGHDE
Léirítear nádúr idirdhisciplíneach ár gcultúir taighde inár n-institiúidí taighde: Institiúid Bernal,
Lero – Lárionad Taighde na hÉireann do Bhogearraí agus an Institiúid Taighde Sláinte.
Institiúid Bernal
Tugann Institiúid Bernal ardán dár láidreachtaí suntasacha i dtaighde eolaíochta ábhair mar aon
le próiseas agus innealtóireacht déantúsaíochta. Tá sé mar aidhm ag Institiúid Bernal a bheith
ar an institiúid Éireannach is fearr ó thaobh taighde ábhar agus a bheith aitheanta ar fud an
domhain as an taighde sin. Tá taighde ar ábhair dírithe ar dhúshláin, bíodh sin ag tabhairt
aghaidh ar dhúshláin sa tsláinte (bithleighis, cógaisíocht agus cothaitheach); fuinneamh
(leictreach agus cumasc); iompar (cumasc agus breoslaí); nó faisnéis (leictreonach). Cuireann
an t-eolas a ghineann taighde ábhar i gcomhar le hinnealtóireacht próisis cost-éifeachtúil agus
inbhuanaithe peirspictíocht taighde ar leith ar fáil atá uathúil d’Institiúid Bernal.
Lero – Lárionad Taighde na hÉireann do Bhogearraí
Tugann Lero foirne bogearraí den scoth le chéile ó ollscoileanna agus ó institiúidí
teicneolaíochta in ionad comhardaithe sárthaighde ina bhfuil béim láidir ar an tionscal. Fuair
an t-ionad €46 milliún chun forbairt a dhéanamh thar thréimhse sé bliana. Tacaíonn an fhorbairt
le 90 post PhD agus 46 post taighde iardhochtúireachta a chruthú thar thréimhse sé bliana. Tá
€32.6 milliún den infheistíocht á maoiniú ag Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI). Tá an
tionscal ag tabhairt tacaíochta ar fiú €13.8 milliún é don tionscnamh. Tá leibhéal agus próifíl
taighde bogearraí na hÉireann curtha chun cinn an oiread sin ag Lero go bhfuil sé anois ar
cheann de na hionaid taighde bogearraí is mó cáil ar domhan. Tá cumas léirithe ag an ionad
gur féidir leis ceannairí domhanda a tharraingt chuige agus a choinneáil agus cuidiú go mór le
taighde a bhaineann le bogearraí agus le geilleagar na hÉireann araon.
An Institiúid Taighde Sláinte
Is institiúid trasdáimhe é an Institiúid Taighde Sláinte a thugann taighdeoirí le chéile in OL
agus ina institiúidí comhpháirtíochta le béim ar thaighde sláinte aontreoch agus aistritheach. Is
é misean na hInstitiúide tabhairt faoi thaighde den scoth atá dírithe ar an duine d’fhonn sláinte
agus folláine daoine aonair a fheabhsú agus an timpeallacht sláinte a athrú don phobal. Tá
gníomhaíocht taighde na hInstitiúide bunaithe ar na ceithre réimse théamacha seo a
leanas: Teicneolaíocht sláinte, stíl mhaireachtála agus sláinte, seachadadh seirbhíse sláinte,
agus rannpháirtíocht phoiblí agus othar. Tá saineolas i mbithstaitisticí, faisnéisíocht sláinte
agus eacnamaíocht sláinte mar bhonn taca ag gníomhaíochtaí na hInstitiúide agus á stiúradh ag
an Aonad Tacaíochta Taighde Chliniciúil. Is é Aonad Taighde Chliniciúil OL/Ospidéil OL an
chéad chomhpháirtíocht chomhaontaithe de chuid an Aonaid Tacaíochta Taighde Chliniciúil
agus tá sé suite in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach. Is é an aidhm atá leis timpeallacht
shaibhir chomhoibríoch a chur ar fáil a chothaíonn fionnachtain agus nuálaíocht san eolaíocht
sláinte a fhágann go mbeidh sláinte níos fearr, cúram feabhsaithe agus sochaí níos sláintiúla.
IONAID NÁISIÚNTA
Chomh maith le Lero, tá na hionaid náisiúnta seo a leanas lonnaithe in OL agus baint acu le
réimsí a mbaineann tábhacht shuntasach leo do gheilleagar na hÉireann:
CONFIRM – Ionad Taighde SFI do Dhéantúsaíocht Chliste. Féachann CONFIRM
le hionad den scoth a bhunú le haghaidh déantúsaíocht chliste agus feidhmíonn sé mar
eiseamláir do thallann idirnáisiúnta i réimsí na hard-déantúsaíochta, ó róbataic go
hintleacht shaorga.
SSPC – an tIonad don Chógaisíocht Sintéise agus Soladstaide, comhoibriú uathúil
idir 22 comhlacht agus ocht n-institiúid acadúla. Cuidíonn SPCC le mol domhanda a
dhéanamh d’Éirinn do nuálaíocht próisis cógaisíochta agus d’ard-déantúsaíocht.
15
An Lárionad Teicneolaíochta Próiseála Déiríochta (DPTC), ionad barr feabhais do
thaighde agus nuálaíocht próiseála déiríochta. Mar pháirt de DPTC tá ocht n-eagraíocht
taighde agus naoi gcomhpháirtí as tionscal na déiríochta agus clár oibre taighde acu atá
á thiomáint ag na deiseanna fáis fhadtréimhsigh in earnáil na déiríochta.
IComp, Lárionad Taighde Comhábhar na hÉireann, a chuireann nasc ar fáil idir an
tionscal agus na hacmhainní fairsinge atá dírithe ar chomhábhair atá ar fáil in institiúidí
tríú leibhéal na hÉireann. Díríonn obair IComp ar dhúshláin theicniúla a réiteach agus
ar thacú le gníomhaíocht taighde agus forbartha.
An tIonad Teicneolaíochta Déantúsaíochta Cógaisíochta (PMTC), faoi stiúir bord
stiúrtha tionscail le clár gníomhach taighde. Úsáideann comhlachtaí an tIonad seo chun
tionscadail a chruthú agus chun taighde den scoth atá ábhartha do thionscail i réitigh
ardteicneolaíochta a chur i gcrích a thugann aghaidh ar fhadhbanna déantúsaíochta
comhaimseartha.
FIONTRAÍOCHT AGUS NUÁLAÍOCHT
Cuireann Ollscoil Luimnigh éiceachóras de rannpháirtíocht fhiontraíoch agus gníomhaíocht
fhiontraíoch ar fáil a chruthaíonn cosán uathúil ó shocrúchán mac léinn go dtí fostaíocht
iarchéimithe, comhpháirtíocht tionscail PhD go dtí rannpháirtíocht le seach-chuideachtaí agus
le cuideachtaí ilnáisiúnta taighde agus forbartha. Trí ghníomhaíocht taighde agus forbartha a
dhaingniú go teann laistigh de thírdhreach fiontraíochta na hÉireann, coinnítear agus
cruthaítear poist, cuirtear feabhas ar scileanna agus bíonn iomaíochas níos fearr ann agus ar
deireadh thiar déantar cáil na hÉireann mar gheilleagar eolasbhunaithe a dhaingniú.
Rannpháirtíocht Fiontair
Tá an Ollscoil i gceannas nó i gcomhpháirtíocht ar roinnt tionscadal taighde eile, go náisiúnta
agus go hidirnáisiúnta araon. Le bliain anuas, shíníomar 77 comhaontú taighde comhoibríoch
le 56 eagraíocht, agus faoi dheireadh na bliana, bhain 50% dár n-ollchaiteachas taighde
bliantúil le taighde comhoibríoch le tionscal.
Aistriú Eolais Is tosaíocht d’Ollscoil Luimnigh é taighde a bhfuil úsáid tráchtála ag baint leis a aistriú chuig
gnó. Tá Oifig Aistriú Teicneolaíochta OL ag stiúradh cuibhreannas réigiúnach le hInstitiúid
Teicneolaíochta Luimnigh chun seirbhísí aistrithe teicneolaíochta a chur ar fáil i Réigiún an
Mheán-Iarthair. Féachann an cuibhreannas le leibhéil na n-aistrithe teicneolaíochta a mhéadú
ó infheistíocht taighde na hearnála poiblí go fiontar príobháideach. Tá na comhpháirtithe sa
chuibhreannas ag obair le chéile chun deis a thabhairt do ghnólachtaí teacht ar shaineolas
taighde agus ar theicneolaíocht nuálach trí mheicníochtaí comhsheasmhacha rannpháirtíochta
a úsáid.
Le bliain anuas, fuarthas 42 faisnéisiú fionnachtana nua ónár gcuid taighdeoirí (174 le cúig
bliana anuas), rinneadh 14 iarratas nua ar phaitinní (50 le cúig bliana anuas), bunaíodh dhá
chuideachta nua campais (bunaíodh naoi gcuideachta le cúig bliana anuas), agus síníodh 14
chomhaontú nua aistrithe teicneolaíochta le cuideachtaí (65 le cúig bliana anuas). Fostaíonn ár
gcuideachtaí campais sa bhreis ar 80 duine, agus d’éirigh leo maoiniú infheistíochta os cionn
€50 milliún a mhealladh.
Fiontraíocht
Pobal d’fhiontraithe idirnáisiúnta atá i mbun forbartha é Ionad Nuálaíochta Nexus agus tá sé
lonnaithe i gcroílár champas Ollscoil Luimnigh. Is éiceachóras bríomhar fiontraíochta é Nexus
a chuireann le bonn eolais na hOllscoile, a éascaíonn forbairt gnó luathaithe agus a dhéanann
16
ceangal le hinfheisteoirí féideartha, le fiontraithe a bhfuil ardtaithí acu agus leis an bpobal i
gcoitinne. Mar mhol a thugann deis d’fhiontraithe forbairt, comhoibriú agus fás a dhéanamh,
díríonn Nexus ar fhiontraíocht a mhéadú le fócas ar thrádáil idirnáisiúnta.
Cuireann cuideachtaí de chuid Nexus fostaíocht ar fáil do bhreis is 149 duine i bpoist
ardchaighdeáin. Le cúig bliana anuas, thug Nexus tacaíocht do 76 cuideachta, a d’fhostaigh
breis is 310 duine agus a mheall infheistíocht níos mó ná €7.35 milliún. Tá ag éirí le cuideachtaí
Nexus duaiseanna náisiúnta a bhuachan. In 2016, bhuaigh Arralis, ball de Nexus, an Gradam
IT agus Teileachumarsáide chomh maith le holl-duais náisiúnta Nuálaíochta na Bliana dá
shliseanna radar 94GHz.
I measc na dtionscnamh nua ar cuireadh tús leo in 2016 bhí comhpháirtíocht idir Nexus agus
BNest i seachadadh an chéad chláir fiontraíochta sóisialta in Éirinn.
COMHAROIDEACHAS AGUS GAIRMEACHA
Mar gheall ar an nasc idir an saol acadúil agus an t-ionad oibre, bhí OL ina cheannródaí ar an
gcomharoideachas in Éirinn in 1972. Tá Rannóg an Chomharoideachais agus na nGairmeacha
freagrach as cláir chomharoideachais, socrúcháin scoile agus gairmeacha a bhainistiú, a
fhorbairt agus a sholáthar in OL. Tá an Comharoideachas lárnach i bhfealsúnacht oideachais
agus i mbrandáil OL agus luann mic léinn é de shíor mar cheann de na príomhchúiseanna ar
roghnaigh siad teacht chuig OL thar aon institiúid ardoideachais eile. Bunaithe ar chóras
Mheiriceá Thuaidh ar fhoghlaim chomhtháite ag an obair, tá samhail lárnach socrúcháin oibre
ag OL do na cláir Chomharoideachais agus Socrúcháin Scoile, áit a bhfuil an Ollscoil freagrach
as na socrúcháin oibre a chinntiú.
Faoin gclár Comharoideachais, téann mic léinn fochéime as na dámha seo a leanas: Gnó;
Eolaíocht & Innealtóireacht; na Dána, na Daonnachtaí & Eolaíochtaí Sóisialta ar shocrúchán
oibre mar chuid fhoirmiúil, éigeantach agus chreidiúnaithe go hacadúil dá gcéim cheithre
bliana. Caithfidh mic léinn socrúchán oibre idir sé agus ocht mí a dhéanamh sa dara nó sa tríú
bliain. Braitheann an t-am agus an tréimhse ar a gclár staidéir. Tá gné den Chomharoideachas
ag baint le 56 clár céime agus tá sé ar an gclár socrúcháin oibre is mó in Éirinn agus ar cheann
de na cinn is mó san Eoraip. Eagraítear 1,900 socrúchán oibre gach bliain; 97% an ráta
socrúcháin oibre a bhí ann anuraidh. Tá an ghné dhomhanda den chlár suntasach: téann mic
léinn ar shocrúchán oibre go dtí breis is 30 tír thar na cúig mhór-roinn.
Bainistíonn OL an clár socrúcháin scoile is mó in Éirinn, ó thaobh líon na mac léinn agus an
réimse disciplíní, do mhic léinn na gclár B.Oid. Faoin gclár, eagraítear 700 socrúchán do mhic
léinn gach bliain laistigh de líonra OL de 550 iar-bhunscoil.
In OL tá fócas láidir ar infhostaitheacht agus tá an Ollscoil tiomanta go mbeidh na scileanna
agus na hinniúlachtaí ag mic léinn agus ag céimithe a bheidh ag teastáil uathu le gairmréim
rathúil a bhaint amach. Le linn a gceithre bliana in OL, bíonn rochtain ag na mic léinn ar réimse
leathan gníomhaíochtaí atá dírithe ar infhostaitheacht, lena n-áirítear socrúchán oibre, cláir
forbartha gairme, seisiúin forbartha scileanna agus mheasúnaithe, agus comhairliúcháin duine
le duine, a chuidíonn leo cur lena gcumas ullmhúchán a dhéanamh do na gairmeacha a bheidh
acu agus na gairmeacha sin a bhainistiú. Léirítear tiomantas na hOllscoile don infhostaitheacht
san ardleibhéal fostaíochta céimithe atá aici. De réir thuarascáil ÚAO 2017 i dtaca leis an áit a
ndeachaigh céimithe tar éis dóibh críochnú san Ollscoil, seasann fostaíocht chéimithe OL ag
74%, 12% os cionn an mheáin náisiúnta don earnáil ollscoile.
17
OIDEACHAS IDIRNÁISIÚNTA
Cuireann an Rannóg Oideachais Idirnáisiúnta (IED) cuspóir straitéiseach na hOllscoile i
bhfeidhm maidir le próifíl idirnáisiúnta na hOllscoile a ardú. Chun go mbainfear an cuspóir
seo amach, cuirfidh IED bonn idirnáisiúnta níos fairsinge fós faoi eispéireas na mac léinn in
OL, déanfar an luach idirnáisiúnta atá ar chéimeanna OL a neartú, mic léinn agus comhaltaí
foirne breise ón iasacht a mhealladh chugainn, agus páirt a ghlacadh i mórlíonraí taighde
idirnáisiúnta. Dá thoradh seo, beidh an fhoireann agus na mic léinn in ann a scéal féin faoi OL
a chur i láthair an domhain agus cruthófar deiseanna nua chun go dtabharfaidh an domhan
cuairt ar Luimneach. Chuir an Ollscoil fáilte roimh mhic léinn idirnáisiúnta as 99 tír sa bhliain
acadúil 2016/17 agus chruthaigh sí naisc nua acadúla agus taighde ar fud na cruinne.
Tá OL gníomhach i gclár Erasmus an Aontais Eorpaigh agus cheiliúir sé 30 bliain de
rannpháirtíocht sa chlár Erasmus in 2017 le taibhléiriú i nDámh Chruinne Éireann. Léirigh an
ócáid seo na gníomhaíochtaí forleathana agus gnéithe dearfacha a bhaineann le bheith
rannpháirteach sa chlár Erasmus+ agus san idirnáisiúnú, ní hamháin laistigh den Ollscoil ach
ar fud phobal leathan Erasmus+ an mheáin-iarthair. Tá an clár Erasmus is mó in Éirinn ag an
Ollscoil; le duine as gach triúr fochéimithe ag caitheamh seimeastair thar lear, bíodh sin ag
staidéar nó ag obair thar lear. Tá os cionn 300 comhpháirtí ollscoile i 28 tír san Eoraip a
chuireann os cionn 600 mac léinn go dtí OL gach bliain. Tugann an líonra seo de
chomhpháirtithe Eorpacha deis do mhic léinn sna Daonnachtaí, Gnó, Oideachas agus
Eolaíochtaí Sláinte, agus Eolaíocht agus Innealtóireacht seimeastar acadúil a chaitheamh thar
lear mar chuid chreidiúnaithe dá gclár céime.
Ina theannta sin, bhí 122 mac léinn malairte neamh-AE ó 15 thír ag staidéar in OL le linn na
bliana acadúla 2016/17. Tá 89 comhpháirtí neamh-AE ag OL i dtíortha ar fud an domhain,
lena n-áirítear an Airgintín, an Astráil, an Bhrasaíl, Ceanada, an tSín, an tSeapáin, an Chóiré,
an Nua-Shéalainn, Singeapór, an Afraic Theas, an Téalainn, Uragua agus Stáit Aontaithe
Mheiriceá. Is comhpháirtí rannpháirteach é OL i dtrí thionscadal Erasmus Mundus –
LOTUS+; LEADERS agus INTACT; agus an Chomh-Mháistreacht EM i nGluaisteacht
Dhomhanda, Cuimsiú agus Éagsúlacht na Síceolaíochta sa tSochaí (Global-MINDS) – agus
meallann sé mic léinn ar ardchaighdeán as tíortha chomh éagsúil leis an India, an Indinéis,
Vítneam agus an Chambóid. Ag tógáil ar an gclár Erasmus Mundus, is ag OL atá an clár is
mó Erasmus+ i nGluaisteacht Creidmheasa Idirnáisiúnta (ICM) in Éirinn. Ó bunaíodh ICM
sa bhliain 2015, d’éirigh le OL maoiniú sa bhreis ar €1.1 milliún a dhaingniú do
ghníomhaíochtaí gluaisteachta lasmuigh den AE. Bainfidh trí chéad agus a naoi duine leas
díreach as ICM E+; ina measc tá 192 comhalta foirne agus 117 mac léinn a thaistealaíonn ó
agus go dtí 26 tír ar fud an domhain.
Tá ionadaíocht ag IED i Stáit Aontaithe Mheiriceá, sa tSín, san India, sa tSeapáin, sa Bhrasaíl,
san Áise Thoir Theas, sa Mheán-Oirthear agus san Afraic Thiar agus tá sé gníomhach sna
háiteanna seo ag earcú mic léinn cháilithe idirnáisiúnta do gach clár acadúil in OL (cláir
fochéime agus iarchéime araon). Tá an-tóir ar OL mar áit do mhic léinn idirnáisiúnta le
staidéar inti. Is é an meascán de shárcháil acadúil agus an tacaíocht shuntasach atá ar fáil do
mhic léinn ó IED agus sa seomra ranga an chúis leis an ardú ar líon na mac léinn. Le linn na
bliana acadúla 2016/17, shínigh OL Meabhráin Tuisceana le roinnt ollscoileanna agus
eagraíochtaí idirnáisiúnta. Díríonn na Meabhráin seo ar chomhchláir acadúla, comhoibriú
taighde, gluaisteacht foirne agus mac léinn agus ar earcaíocht mac léinn taighde iarchéime
maoinithe. Tá comhpháirtíocht idir OL agus lear mór ollscoileanna idirnáisiúnta, go háirithe
sa tSín, sa Mhalaeisia, in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, san Afraic Thiar agus i Stáit
Aontaithe Mheiriceá chun curaclaim ag leibhéal fochéime agus iarchéime a fhorbairt, a
thugann deis do mhic léinn tús a chur lena gcláir chéime ina dtír dhúchais agus críoch a chur
leis an mbliain deiridh nó an dá bhliain deiridh in Ollscoil Luimnigh.
18
Tagann os cionn 500 mac léinn as thar lear chun staidéar anseo gach bliain agus tá OL
gníomhach i gcláir Staidéir Thar Lear ar fud an domhain. Tá OL bródúil as bheith ina
chomhalta den Fhóram ar Oideachas Thar Lear a bhfuil faomhadh QUIP aige agus le gairid
gheall OL go mbeadh sé ina chomhpháirtí don Tionscnamh Staidéir Thar Lear IIE Generation.
Tá an taithí staidéir thar lear ríthábhachtach do thaithí choláiste ár mac léinn; is é sin an cumas
atá ag OL freastal ar riachtanais na mac léinn seo ó thaobh cúrsaí a bheith ar fáil dóibh as gach
disciplín, leagan amach mhodúil na céime in OL, tacaíocht iontach na mac léinn agus lóistín
cinnte ar an gcampas agus chuidigh na nithe seo go mór leis an bhforbairt leanúnach ar an gclár
staidéir thar lear in OL. Tugadh aitheantas d’fhoireann Staidéir Thar Lear OL le gairid nuair a
bronnadh gradam Balkcum de chuid Ollscoil Minnesota orthu. Bronntar an gradam seo ar
institiúid amháin in aghaidh na bliana mar aitheantas ar a fheabhas atá sí ag freastal ar mhic
léinn thar lear. Mar gheall ar leasuithe a rinneadh le gairid ar an gclár tá mic léinn ábalta leas a
bhaint as an gclár idirnáisiúnta fochéime i ndáil le deiseanna taighde, cláir a mhaireann ar feadh
seimeastar amháin san altranas, tréimhsí cleachtaidh foghlama inseirbhíse agus cláir
shamhraidh i ndisciplíní neamhthraidisiúnta cosúil le haltranas, gnó agus ailtireacht, mar aon
leis an rogha thraidisiúnta de chláir an Léinn Éireannaigh.
Líon na mac léinn idirnáisiúnta - Bliain Acadúil 2016/17
Mic léinn fochéime 744
Mic léinn iarchéime (múinte) 395
Mic léinn iarchéime (taighde) 244
Clár Staidéir Thar Lear (SAM den chuid is mó) 536
Mic léinn mhalairte (AE agus neamh-AE) (isteach) 662
Mic léinn mhalairte (AE agus neamh-AE) (amach) 516
Iomlán Iomlán 3,097
FOIRGNIMH, LÓISTÍN NA MAC LÉINN AGUS SAOTHARLANNA
I gcampas OL tá 148 heicteár, tá 50 heicteár díobh sin ar an gCampas Thuaidh ar thaobh
an Chláir den tSionainn.
245,333m2 achar iomlán na bhfoirgneamh.
Tá 429 saotharlann ag OL (don teagasc fochéime, taighde, áiseanna speisialaithe agus
ardteicneolaíochta).
Tá beagnach €1 bhilliún infheistithe i dtalamh, i bhfoirgnimh agus i dtrealamh.
Cuireann seacht mbaile beag lóistín ar fáil do 2,700 mac léinn agus 24 comhalta foirne
acadúil.
Le cúig bliana anuas, cuireadh na forbairtí seo a leanas i gcrích:
Tugadh an obair thógála ar an bhfoirgneamh nua don Scoil Leighis Iontrála Iarchéime
(GEMS), ina bhfuil 4,295m2 chomh maith le trí bhloc cóiríochta do mhic léinn a bhfuil
3,563m2 ar fad iontu le haghaidh 100 cónaitheoir, chun críche in 2012. Freastalaíonn
an foirgneamh GEMS seo ar riachtanais teagaisc, seimineáir, foghlaim fhadhb-
bhunaithe, scileanna cliniciúla, scileanna anatamaíochta, saotharlanna taighde,
comhaltaí foirne agus riaracháin na scoile go léir in aon saoráid speisialta amháin.
An Lárionad Gnó Idirnáisiúnta (IBC) – Cheannaigh an Ollscoil foirgnimh an Lárionaid
Gnó Idirnáisiúnta ó SFADCo in 2013. Tá 3,632m2 sa dá fhoirgneamh idir oifigí, gorlann
ghnó agus spás comhoibrithe do ghníomhaíochtaí taighde idir an tionscal agus an
ollscoil.
19
Sráidbhaile Mic Léinn Troy – ceannaithe i mí na Nollag 2014 le 170 leaba
Tugadh an obair thógála ar fhoirgneamh taighde 7,652m2 Analog Devices, chun críche
i mí an Mheithimh 2015. Tá 150 taighdeoir lonnaithe san fhoirgneamh faoi cheannas
deichniúr ollúna nua. Tá saotharlann taighde den scoth dá chuid féin ag gach grúpa agus
gach grúpa faoi cheannas Ollamh amháin. Tá foireann riaracháin agus foireann
tacaíochta san fhoirgneamh chomh maith mar aon le seomraí comhdhála/léachtaí agus
seimineáir.
Tugadh obair thógála ar shíneadh 2,784m2 a cuireadh leis an Institiúid Eolaíochta Ábhar
agus Dromchla chun críche i mí Lúnasa 2015. Tá 60 comhalta foirne taighde breise
lonnaithe san fhoirgneamh mar aon le comhaltaí acadúla agus tacaíochta. Tá 16 spás
speisialta saotharlainne curtha ar fáil mar aon le spásanna seimineáir agus cruinnithe.
Park Point Centre (Óstán an Travel Lodge san áireamh) – ceannaithe i mí na Nollag
2015 (8,940m2)
I mí Lúnasa 2016 críochnaíodh an obair thógála ar cheanncheathrú nua agus Ionad Barr
Feabhais 2,370m2 do Rugbaí na Mumhan. I measc na n-áiseanna nua tá giomnáisiamaí,
seomraí cóireála, seomraí anailíse físeán, áiseanna lónadóireachta, ionad comhdhála
agus spás oifige.
I mí na Nollag 2016 críochnaíodh an obair thógála mar chuid de chomhfhiontar idir OL
agus an HSE ar champas Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, do Lárionad Oideachais
agus Taighde Chliniciúil (CERC) 3,400m2, ionad ina bhfuil spás saotharlainne,
teagaisc, leabharlainne, taighde agus riaracháin don oideachas cliniciúil. Tá spás san
ionad seo d’Institiúid Taighde Sláinte Ollscoil Luimnigh.
I mí an Mhárta 2017, críochnaíodh an obair thógála ar shíneadh a cuireadh le Spórtlann
na hOllscoile; mar chuid den síneadh seo beidh fáil ar linn snámha nua 25m le háiseanna
tumadóireachta agus fo-uisce, giomnáisiamaí chun traenáil le meáchain, seomraí allais
agus gaile.
Anuas air sin, cuireadh tús leis an obair thógála ar shíneadh 7,456m2 atá le cur ar Leabharlann
Glucksman. Mar chuid den síneadh seo, beidh fáil ar 1,000 stáisiún nua do léitheoirí, stáisiún
rochtana do 140,000 imleabhar, córas uathoibríoch stórála agus aisghabhála do bhreis is
400,000 imleabhar agus seomraí grúpstaidéir agus limistéir taispeántais speisialaithe.
I measc na bhforbairtí atá beartaithe amach anseo tá:
Acadamh Gailf creidiúnaithe an PGA, a bhfuil an próiseas dearaidh a bhaineann leis
curtha i gcrích. Áireofar mar chuid den áis seo raon gailf (25 bá), plásóga cleachtaidh
agus áiseanna taighde bithmheicnice don ghalf ar an gcampas.
Ionad nua do Mhic Léinn 3,500m2, agus tá tús curtha leis an bpleanáil. Cuimseoidh an
t-ionad amharclann taibhléirithe, seomraí clubanna agus cumann, oifigí Chomhaltas
na Mac Léinn, oifigí leasa, siopa, láthair chaife, spás mór comhthionóil, seomra ceoil,
seomraí cluichí, roinnt seomraí móra cruinnithe agus gairdín dín.
Áiseanna nua spóirt, a bhfuil tús curtha leis an bpleanáil ina leith. Áireofar mar chuid
de na háiseanna seo páirceanna uile-aimsire, páirc ardchaighdeáin féir, balla
dreapadóireachta agus áis liathróid láimhe. Mar aon leis seo, déanfar athchóiriú ar
ghiomnáisiamaí agus ar áiseanna lúthchleasaíochta atá ar fáil cheana féin.
Clós nua do Chothabháil Tailte, a bhfuil tús curtha leis an bpleanáil ina leith.
20
CÁILÍOCHT
Tá tiomantas OL don cháilíocht léirithe ina ráiteas cáilíochta institiúideach, áit a ngeallaimid
cultúr ina mbeidh feabhas leanúnach agus áit a ngeallaimid cloí le riachtanais cháilíochta na
reachtaíochta náisiúnta.
Faoi reachtaíocht na hÉireann, an tAcht um Cháilíochtaí agus Dearbhú Cáilíochta 2012 go mór
mór, tá gach ollscoil freagrach as nósanna dearbhaithe cáilíochta (QA) a chinntiú, a chothú
agus a fheabhsú maidir lena ngníomhaíochtaí agus a seirbhísí. Caithfidh na socruithe sin
treoirlínte cuí cáilíochta a chur san áireamh a eisíonn Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí
Éireann (QQI) agus/nó eagraíochtaí roimhe sin. Is é QQI an comhlacht reachtúil atá freagrach
as athbhreithniú agus maoirseacht a dhéanamh ar éifeachtacht na nósanna imeachta QA a
ghlacann institiúidí ardoideachais (agus institiúidí breisoideachais) in Éirinn.
Tá socruithe institiúideacha OL chun cáilíocht ár ngníomhaíochtaí a fhorbairt, a mhaoirsiú, a
athbhreithniú, a fheabhsú agus a bhainistiú ilsrathach agus ilghnéitheach. I measc na bpróiseas
QA ag leibhéal na hinstitiúide tá siad seo a leanas:
Athbhreithniú leanúnach timthriallach cáilíochta ar gach aonad acadúil agus tacaíochta
chomh maith le hinstitiúidí taighde (tá na sonraí agus na tuairiscí athbhreithnithe le fáil
anseo ar láithreán gréasáin Aonad Tacaíochta Cáilíochta OL).
Gach aonad tacaíochta ag cur córas bainistíochta cáilíochta (QMS) i bhfeidhm bunaithe
ar na prionsabail cháilíochta atá sonraithe i gcaighdeán bainistíochta cáilíochta an
ISO9001:2015. Tá sonraí maidir leis an QMS le fáil anseo ar láithreán gréasáin Aonad
Tacaíochta Cáilíochta OL.
Córas a chur i bhfeidhm do scrúdaitheoirí seachtracha do gach clár teagaisc chomh
maith le dámhachtainí céime trí thaighde.
Ár gcóras Measúnachta Mac Léinn ar an Teagasc (SET), seirbhís measúnachta teagaisc
a dhéanfaidh Ionad Teagaisc agus Foghlama OL a oibríochtú. Is é an aidhm atá leis an
gcóras tuairimí na mac léinn ar cháilíocht ábhar an mhodúil agus seachadadh an
mhodúil sin a bhailiú agus a chur le chéile.
Ár Suirbhé Sástachta Modúl (MSS), a dhéantar i seimeastar nach ndéantar an SET.
Clúdaíonn an MSS lár téarma gach mac léinn atá cláraithe ar mhodúil i rith an téarma
sin. Tomhaiseann an suirbhé sástacht na mac léinn lena gcuid modúl agus tugann na
torthaí aiseolas do léachtóirí agus do chinn roinne agus na modúil fós ag dul ar aghaidh.
Tá sonraí faoi nós imeachta an MSS agus achoimre ar thorthaí institiúideacha as na
suirbhéanna le fáil anseo ar láithreán gréasáin an Aonaid Tacaíochta Cáilíochta.
Suirbhé scoir na mac léinn in OL. Tá an suirbhé scoir bunaithe ar Shuirbhé Náisiúnta
na Mac Léinn (NSS) sa Ríocht Aontaithe agus dáiltear é gach bliain ar mhic léinn sa
bhliain deiridh. Tá tuairisc ar na suirbhéanna scoir roimhe seo le fáil anseo ar láithreán
gréasáin an Aonaid Tacaíochta Cáilíochta.
Creat cuimsitheach de chleachtais agus de rialacháin acadúla a chothú, a athbhreithniú
go rialta agus a leasú, mar a chuirtear in iúl i lámhleabhar na rialachán agus na nósanna
imeachta acadúla.
De réir riachtanais reachtúla, déantar measúnú seachtrach cáilíochta institiúideach, go
neamhspleách agus go rialta ar gach ollscoil in Éirinn. Deimhnítear sa tuairisc a tháinig as an
athbhreithniú institiúideach deiridh (2012) go gcomhlíontar riachtanais reachtúla (ó thaobh
cáilíochta de) agus Caighdeáin na hEorpa mar aon le Treoirlínte do Dhearbhú Cáilíochta san
Ardoideachas (ESGs) in OL agus go gcloítear le dea-chleachtas náisiúnta, na hEorpa agus
idirnáisiúnta. Ina cheann sin, seolann OL Tuairisc Bhliantúil ar Cháilíocht Institiúideach
21
(AIQR) ar aghaidh chuig QQI. Tá an tuairisc AIQR is deireanaí a seoladh ar aghaidh le fáil
anseo ar láithreán gréasáin an Aonaid Tacaíochta Cáilíochta.
SEIRBHÍSÍ LEABHARLAINNE AGUS FAISNÉISE
Cuireann an Leabharlann & an Rannóg Seirbhísí Faisnéise, atá lonnaithe i Leabharlann
Glucksman, faisnéis ar fáil, i bhformáidí clóite agus leictreonacha
Líon iomlán na leabhar clóite 354,100
Líon iomlán na ríomhleabhar 279,000
Líon iomlán na n-irisí 63,000
Líon iomlán na stáisiún oibre leabharlainne 1,450
Ar na bailiúcháin eile, tá taisclann institiúide ghréasán-bhunaithe na hOllscoile, ULIR, ina
bhfuil taighde OL le fáil cosúil le hailt irisí agus tráchtais. I Roinn na mBailiúchán Speisialta
tá bailiúcháin na Leabharlainne de chartlanna, leabhair uathúla agus lámhscríbhinní a
bhaineann go speisialta le stair, litríocht agus cultúr Luimnigh agus Réigiún an Mheán-Iarthair.
Áirítear ar na bailiúcháin seo Cartlann Náisiúnta Dhamhsa na hÉireann, Bailiúcháin Taistil
McAnally agus páipéir Kate O’Brien, Maurice Walsh, Jim Kemmy, agus páipéir na nEastát
Dunraven agus Moyaliffe.
Sa bhliain 2016, ghnóthaigh an Leabharlann Leabharlann Bolton ó Chomhlacht Ionadaíochta
Eaglais na hÉireann. I Leabharlann Bolton tá bailiúchán suntasach de 12,000 leabhar
luathchlóite, lámhscríbhinní agus ioncúnabail agus baineann tábhacht mhór leis i dtéarmaí
acadúla agus bibleagrafaíochta. Tá Leabharlann Bolton ar cheann de na leabharlanna léinn is
tábhachtaí in Éirinn. Tagann sé ó bhailiúcháin beirt ardeaspag Éireannacha ón 18ú hAois:
William King ar dtús agus ina dhiaidh sin, Theophilus Bolton. Tá líon suntasach gnéithe sa
bhailiúchán a bhaineann le matamaitic, réalteolaíocht, ailtireacht, na heolaíochtaí nádúrtha,
leigheas, litríocht, taisteal, stair, dlí agus polaitíocht.
TEICNEOLAÍOCHT FAISNÉISE
Tá an méid seo a leanas ag an Ollscoil:
Os cionn 5,000 ríomhaire pearsanta atá idirnasctha trí líonra le freastalaithe
Linux/Windows
Deis ceangail leis an idirlíon ar ardluas ag 10 Gbps
Líonra snáithín inmheánaigh ardluais ag idirnascadh gach foirgneamh ar dhá thaobh an
champais
1600 ríomhaire pearsanta d’úsáid na mac léinn i saotharlanna
Naisc líonra do ríomhairí glúine do mhic léinn sa Leabharlann
Os cionn 130 spás teagaisc le háiseanna teilgeora ilmheáin
Clúdach gan sreang sna príomhlimistéir san Ollscoil agus tá pleananna ann é seo a
leathnú
Lóistín mac léinn ar an gcampas le ceangal líonra ardluais le sreang agus gan sreang
Áiseanna físchomhdhálaithe agus ilmheáin
Seirbhísí táirgthe priontála
Seirbhís poist intí a sheachadann na mílte earra gach seachtain chuig pointí dáilte ar fud
an champais
22
Deasc freastail tiomnaithe IT do chomhaltaí foirne agus do mhic léinn
Cúntóirí ríomhlainne ar an láthair a chuireann tacaíocht thráthúil ar fáil do mhic léinn i
ríomhlanna
Clinicí tacaíochta gach lá do ríomhairí glúine na mac léinn sa Leabharlann
Réimse forleathan d'fheidhmchláir ríomhfhoghlama agus d'fheidhmchláir taca do mhic
léinn
Is í an Rannóg Teicneolaíochta Faisnéise (ITD) a chuireann na seirbhísí seo ar fáil faoin
deimhniú caighdeáin ISO9001:2000.
NA HAMHARC-EALAÍONA
Tá roinnt bailiúchán ealaíne lonnaithe go buan san Ollscoil, lena n-áirítear:
Bailiúchán Armitage
Bailiúchán Féinphortráide Náisiúnta na hÉireann
Bailiúchán Chumann Uiscedhatha na hÉireann
Bailiúchán Dealbhóireachta Uí Mháille
Bailiúchán Uí Mháille d’Ealaín na hÉireann de chuid Institiúid Chultúir na hÉireann
agus Mheiriceá
An Bailiúchán Molas bronnta ag an Dr Patrick J Murphy
Bailiúchán The Midnight Court le Pauline Bewick
Luimneach “A Positive View” le Annemarie Bourke
Is í Dánlann Bourn Vincent príomhshuíomh na hOllscoile do thaispeántais agus bíonn fochlár
de sheimineáir, léachtaí agus taibhléirithe ann freisin. Leanann Dánlann Bourn Vincent ag cur
amharc-ealaín agus cleachtais chomhaimseartha chun cinn i measc an phobail lena sceideal
taispeántais a reáchtáiltear i rith na bliana. I measc na dtaispeántas a reáchtáladh anuraidh bhí
PLATES agus CHARON’S BOATS.
Áirítear ar bhailiúchán ealaíne na hOllscoile féin dealbhóireacht faoin spéir le healaíontóirí
idirnáisiúnta lena n-áirítear Michael Warren, Peter Logan, Alexandra Wejchert, James
McKenna, Tom Fitzpatrick, Antony Gormley, Seán Scully, agus le deireanas obair
dhealbhóireachta Orla de Brí (NICHE). Cuireann an obair dhealbhóireachta sin go mór leis an
atmaisféar ealaíonta agus cultúrtha san Ollscoil agus sa réigiún.
CEOLÁRAS NA HOLLSCOILE
Le breis is 1,000 suíochán, is é Ceoláras na hOllscoile (UCH), Luimneach an t-ionad
siamsaíochta agus comhdhála is mó i réigiún an Mheán-Iarthair. Ó bunaíodh é in 1993, is iomaí
duine mór le rá atá meallta ag an gCeoláras go Luimneach, lena n-áirítear Sir James Gaillimh,
Van Morrison, Kris Kristofferson, Ceolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ, Billy Connolly,
Colm Wilkinson, Don McLean agus go leor leor eile, agus cuireann sé go mór le saol cultúrtha
na cathrach agus an réigiúin. Eagraíonn an Ceoláras go leor ócáidí don Ollscoil, ina measc
bíonn breis is 24 uair an chloig de léachtaí gach seachtain, searmanais bhronnta na gcéimeanna
agus na ngradam, agus tugann sé ardán gairmiúil d'ealaíontóirí pobail agus d'eagraíochtaí as
Luimneach agus as an gceantar máguaird.
23
Le 25 bliain anuas, tá an Ceoláras ina lárionad do thaispeántais taibh-ealaíon cosúil le
ceoldrámaí agus oratóirí Luimnigh, cóir ógra, ceolfhoirne áitiúla, compántais
amharclannaíochta ceoil agus scoileanna damhsa. Bíonn cónaitheachtaí samhraidh agus
comhdhálacha móra don Ollscoil agus don chathair ar siúl sa Cheoláras, chomh maith le
craoladh cláir theilifíse agus raidió cosúil le Gradam Ceoil TG4, agus Díospóireacht na
gCeannairí beo ar RTÉ d'Olltoghchán 2016.
In 2017, chuir an Ceoláras fáilte roimh breis is 100,000 duine chuig 200 ócáid éagsúil, idir
ócáidí ceoil agus damhsa, ceolamharclannaíochta, coiméide, craoltaí teilifíse agus
Geamaireacht na Nollag. In 2018, le tacaíocht OL, PCC agus daoine eile, ag tráth a mbeidh an
t-ionad ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód, tabharfaidh an Ceoláras faoi obair athchóirithe
€1.5m chun a chuid áiseanna a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn go mbeidh ar a chumas
leanúint ag mealladh ealaíontóirí a bhfuil cáil idirnáisiúnta bainte amach acu chuig Réigiún an
Mheán-Iarthair agus ardchaighdeán seirbhíse a chur ar fáil dá chustaiméirí. Áireoidh sé seo
obair athchóirithe ar an aitriam agus caifé, trealamh soilsithe agus fuaime nua, chomh maith le
seomra scíthe nua agus oifig na dticéad inrochtana.
FONDÚIREACHT OLLSCOIL LUIMNIGH
I gcomhar le OL, cuireann Fondúireacht Ollscoil Luimnigh ceannaireacht agus maoiniú
náisiúnta agus idirnáisiúnta ar fáil ar mhaithe le cur chun cinn na hOllscoile. Bhailigh an
Fhondúireacht breis is €200 milliún go dtí seo trína líonra idirnáisiúnta, agus faigheann sí cuid
den mhaoiniú daonchairdiúil idirnáisiúnta is mó in Éirinn.
Bíonn an Fhondúireacht de shíor ag iarraidh na naisc a cruthaíodh idir an Ollscoil agus pobal
chéimithe na hOllscoile agus an pobal gnó ar oileán na hÉireann agus níos faide ó bhaile a
neartú. Faoi threoir agus le tacaíocht ónár gcathaoirleach, Loretta Brennan Glucksman, agus ó
bhord de cheannairí náisiúnta agus idirnáisiúnta ó shaol an ghnó, an tionscail agus na n-ealaíon,
is ábhar bróid don Fhondúireacht an ról a bhíonn aici ag cuidiú leis an bhforbairt ar Ollscoil
Luimnigh ó thaobh gnéithe fisiciúla agus acadúla de agus ag cinntiú go mbíonn an Ollscoil i
gceartlár cuid mhór tionscnamh náisiúnta i gcónaí.
ALUMNI OLLSCOIL LUIMNIGH
Bunaithe ag céimithe sa bhliain 1987 agus atá anois faoi úinéireacht iomlán na hOllscoile,
cuireann Alumni OL le gníomhaíochtaí rannpháirtíochta alumni na hOllscoile agus tugann sé
deis do chéimithe OL caidreamh fadsaoil a bheith acu lena n-alma mater agus lena gcomh-
alumni. Tá gach céimí de chuid OL ina c(h)omhalta de Alumni OL go huathoibríoch agus ní
gá íoc as an gcomhaltas (gar do 90,000 comhalta faoi láthair).
Trí na gníomhaíochtaí éagsúla – lena n-áirítear ‘UniversaL’ (pobal ar líne do chéimithe OL
amháin), agus imeachtaí lena n-áirítear athchaidrimh ranga, teacht le chéile mírchinn in Éirinn
agus thar lear, agus an clár bliantúil do Dhuaiseanna Alumni – cothaíonn Alumni OL nasc
gníomhach idir céimithe agus OL chun tacú leis an Ollscoil agus lenár bpobal alumni atá ag
fás.
24
LÉARSCÁIL AN CHAMPAIS
CAIRT EAGRAÍOCHTA ACADÚIL
Sláinte
Governing
Authority
An Roinn
Ríomheolaíochta
agus Córais
Faisnéise
Scoil na
nEolaíochtaí
Nádúrtha
Dámh na hEolaíochta agus na
hInnealtóireachta
An Leas-Uachtarán do
Ghnóthaí Acadúla &
Rannpháirtíocht na
Mac Léinn
Roinn na
hEacnamaíochta
An Roinn
Cuntasaíochta &
Airgeadais
Roinn na
Polaitíochta agus
an Riaracháin
Phoiblí
Scoil an Dlí
Scoil na
Nuatheangacha
agus na
Teangeolaíochta
Feidhmí
Roinn na Staire
Roinn na
Socheolaíochta
Dámh Chruinne
Éireann - Rince &
Ceol
An Scoil Leighis
Iontrála Iarchéime
Roinn na
Síceolaíochta
An Roinn
Pearsanra agus
Caidrimh
Fostaíochta
Scoil an
Oideachais
Roinn an Altranais
agus an
Chnáimhseachais
An Roinn
Corpoideachais
agus Eolaíochta
Spóirt
Roinn na
Bainistíochta agus
na Margaíochta
Dámh an Oideachais agus na
nEolaíochtaí Sláinte
Leas-Uachtarán
Comhlach Acadúil
Roinn na
hInnealtóireachta
Leictreonaí &
Innealtóireachta
Ríomhaireachta
Roinn na
Matamaitice agus
na Staitisticí
Scoil an
Chomhchúraim
Sláinte
Scoil Ghnó Kemmy Dámh na nDán, na
nDaonnachtaí agus na
nEolaíochtaí Sóisialta
Scoil an Dearaidh Scoil na
hInnealtóireachta
An Chomhairle
Acadúil
An tUachtarán
An tÚdarás
Ceannais
Scoil an Chultúir
agus na
Cumarsáide
An Príomhoifigeach
Oibriúcháin & an Leas-
Uachtarán
Acadúil/Cláraitheoir
Déan
Teagaisc &
Foghlama
CAIRT EAGRAÍOCHTA RIARACHÁIN
Déan,
Scoil Ghnó
Kemmy
An Leas-Uachtarán
do Ghnóthaí
Acadúla &
Rannpháirtíocht na
Mac Léinn
Déan, Staidéir
Iarchéime
& Oideachas
Gairmiúil
Stiúrthóir,
Seirbhís
Leabharlainne
& Faisnéise
Stiúrthóir, an
Rannóg
Comharoideachais
& Gairmeacha
Stiúrthóir,
Aonad
Tacaíochta do
Chúrsaí
Cáilíochta
Stiúrthóir,
Gnóthaí na
Mac Léinn
Stiúrthóir,
Oideachas
Idirnáisiúnta
Stiúrthóir,
Foirgnimh
& Eastáit
Stiúrthóir,
Campus Life
Services
Stiúrthóir,
Spórt agus
Fóillíocht
Stiúrthóir,
Seirbhísí
Tacaíochta
Taighde
Déan
Teagaisc &
Foghlama Rúnaí
Corparáideach
Stiúrthóir,
Gnóthaí
Corparáideacha
Príomhoifigeach
Oibriúcháin & an Leas-
Uachtarán Acadúil/Cláraitheoir
An tUachtarán
An tÚdarás
Ceannais
Stiúrthóir,
Pleanáil
Straitéiseach
Déan,
Dámh na nDán, na
nDaonnachtaí agus
na nEolaíochtaí
Sóisialta
Déan,
Dámh na
hEolaíochta agus
na
hInnealtóireachta
Déan,
Dámh an
Oideachais agus na
nEolaíochtaí
Sláinte
An Leas-
Uachtarán
Taighde
Stiúrthóir
na dTionscadal
Straitéiseach agus
an Athraithe
Stiúrthóir, an
Oifig don Aistriú
Teicneolaíochta
An Coiste Feidhmiúcháin, An Chomhairle
Bainistíochta
Stiúrthóir,
Acmhainní
Daonna
An Stiúrthóir
Airgeadais
Stiúrthóir,
Rannóg
Theicneolaíocht
na Faisnéise
Stiúrthóir,
Margaíocht &
Cumarsáid
Clárlann
Acadúil