lÁ idirnÁisiÚnta na mban

18
ÁIS FHOGHLAMA LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA MBAN

Upload: others

Post on 18-Nov-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

ÁIS FHOGHLAMA

LÁ IDIRNÁISIÚNTA NA MBAN

Fáilte romhaibh chuig an acmhainn speisialta seo do theaghlaigh. Tá an acmhainn seo lán le deiseanna idirghníomhacha don teaghlach ar fad. Tá do shláinte fhisiciúil agus do shláinte mheabhrach ríthábhachtach! Cuidíonn folláine coirp (nuair atá tú gníomhach agus aclaí) le do shláinte mheabhrach a bheith go maith. Lena chois sin, cuidíonn sláinte mhaith mheabhrach le bheith níos aclaí agus cuireann sin le d’fholláine coirp!  Leis an acmhainn foghlama seo beidh tú ag déanamh cleachtadh ar mhodhanna le haire a thabhairt do do shláinte fhisiciúil agus do shláinte mheabhrach. Beimid ag díriú ar dhóigheanna sultmhara leis seo a dhéanamh. Beidh an acmhainn seo faisnéiseach agus oideachasúil le gníomhaíochta bunaithe ar Churaclam na Bunscoile ón Bhonnchéim go dtí Eochairchéimeanna 1&2 lena n-áirítear: 

Tá fáilte romhat chuig an acmhainn nua foghlama seo do Lá Idirnáisiúnta na mBan. Déanann Lá Idirnáisiúnta na mBan ceiliúradh ar éachtaí stairiúla ar bhain mná amach, eachtraí tábhachtacha bainte le mná i stair an Domhain, agus ar mhná go ginearálta! Chomh maith le ceiliúradh a dhéanamh ar na rudaí seo, cuireann sé i gcuimhne dúinn go bhfuil neart le déanamh go fóill ó thaobh chearta na mban de. San acmhainn seo beidh muid ag amharc ar mhná stairiúla na hÉireann agus ar chuid de na cleachtais fadó a raibh i bhfabhar chearta na mban. Beidh an acmhainn dírithe ar pháistí bunscoile go háirithe ach tá sí oiriúnach d’aois ar bith toisc gur ais teaghlaigh í. Tá sí lán le gníomhaíochtaí agus eolais spéisiúil faoi mhná agus stair na hÉireann. Beidh siad seo bunaithe ar Churaclam na Bunscoile ón Bhonnchéim go dtí Eochairchéimeanna 1&2 lena n-áirítear:

FÁILTE!

NA HEALAÍONA

AN DOMHAN THART ORAINN

TEANGA & LITRÍOCHT

FORBAIRT PHEARSANTA AGUS COMHTHUISCINT

CORPOIDEACHAS AGUS GLUAISEACHT

SCILEANNA SMAOINTEOIREACHTA AGUS ÁBALTACHTAÍ PEARSANTA

CUMARSÁID

COMHTHÉACS: Dlíthe na mBreithiúna � � � � � � � � � � � � � � � � � Lch 1

Gníomhaíocht 1: Bean faoi bhláth � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � � LCh 2

Mná Stairiúla na hÉireann � � Lch 3

Gníomhaíocht 2: Iriseoir Iomráiteach � � � � � � � � � � � � � � � � � � � Lch 4

dLÍTHE NA MBREITHIÚNATugadh Dlíthe na mBreithiúna ar chóras dlíthe a bhí i bhfeidhm in Éirinn go dtí deireadh an choncais Shasanaigh sa 17ú haois. Tháinig ainm na ndlíthe sin ó ghrúpa dlíodóirí fáin ar tugadh na Breithiúnaigh orthu agus cuireadh na dlíthe síos ar pár don chéad uair sa 7ú haois. Faoi am Eilís I, cheaptaí go raibh na dlíthe seanfhaiseanta agus gáirsiúil. Mar sin de, cuireadh cosc orthu agus glacadh isteach dlí coiteann Sasanach.

Bhí na dlíthe iontach fadbhreathnaitheach ar dhóigheanna éagsúla – go háirithe ó thaobh chearta na mban de. Shonraigh dlí amháin gur choinnigh an fear agus an bhean i lánúin seilbh ar a gcuid maoine féin. Is seo le rá gur leis an bhean a tailte, a tréada, agus a hearraí féin ar fad. Choinnigh sí na cearta seo ar aon dul leis an fhear.Anuas air sin, gearradh fíneáil ar fhear céile ar bith a cheil bia ar a bhean chéile d’aon turas. Cé nach raibh cuid de na dlíthe foirfe, is cinnte gur ghlac na Breithiúnaigh cearta na mban san áireamh agus iad ag scríobh na ndlíthe seo. Bhí na hÉireannaigh chun tosaigh ar lucht na linne go cinnte!

dlíthe na mBreithiúna

Gníomhaíocht 1: Bean faoi bhláth

Sprioc: Ár scileanna cruthaitheacha agus ealaíne a úsáid, ár scileanna comhordaithe a fhorbairt, ár stóras téarmaíochta a leathnú, ár scileanna scríbhneoireachta a úsáid

Am: 15 Bom. 

Earraí:PáipéarSiosúrPeann/marcóirPinn luaidhe daiteGealraBata glae

MODH:1. Faigh páipéar agus siosúr le haghaidh na bpeiteal a ghearradh amach. Gearr líon ar bith acu don bhláth. Is féidir iad a ghearradh ar mhéideanna chomh mór nó chomh beag agus is mian leat! Bain triail as méideanna difriúla chomh maith.

2. Faigh píosa páipéir eile agus gearr amach lár an bhlátha. Smaoinigh ar theideal a bhaineann le mná don bhláth seo. Bí cruthaitheach agus scríobh an teideal sa chiorcal seo.

3. Leis na pinn luaidhe daite agus an gealra, maisigh na peitil agus lár an bhlátha ar an dóigh is cruthaithí is féidir leat.

MODH:4. Anois, scríobh aidiachtaí difriúla a chuireann síos ar mhná ar na peitil ar fad. Féadfaidh go mbainfidh na haidiachtaí le neart na mban nó le rud ar bith eile. Bí ag smaointiú go dian agus focail dhifriúla ó dhuine eile!

5. Nuair atá na peitil ar fad críochnaithe agat, bain úsáid as an ghlae leis an bhláth a chur le chéile.

6. Agus an bláth críochnaithe agat, taispeáin do do chairde agus do theaghlach é. Déan comparáid idir do bhláth féin agus bláth a chruthaigh duine éigin eile. An bhfuil siad an-difriúil nó ar roghnaigh sibh cuid de na focail chéanna?

Medhbh, Banríon Chonnacht

De réir an tseanchais, ba le fear céile Mhedhbh, Ailill mac Máta, an tarbh ab fhearr sa tír. Ach, nuair a chuala Medhbh go raibh tarbh ní ba láidre ann i gCúige Uladh, rinne sí ionsaí ar Dháire mac Fiachna leis an bheithíoch a ghoid. Rinne sí seo le bheith ar chomhchéim shaibhris le hAilill. Is féidir léamh faoin scéal seo in ‘Táin Bó Cuailnge’.Bhí cúigear fear céile ag Medhbh toisc gur shantaigh go leor fear talamh Chonnacht. Chreidtí gurbh é pósadh le Medhbh an chaoi ab fhusa leis na tailte a aimsiú agus bhí go leor páirtnéirí aici dá bharr.Bhí seachtar mac agus beirt iníonacha ag Medhbh. Nuair a d’fhiafraigh sí de dhraoi cé acu dá mic a mharódh Conchobar mac Nessa, d’inis an draoi di gurbh é ‘Maine’ ainm an mhic sin. Mar sin de, thug sí an t-ainm seo ar achan mhac a raibh aici. Ba é Maine Andeo (?) a mharaigh Conchobar, ag fíorú na tairngreachta ar son a mháthar.

Mná stairiúla na hÉireann:

Gráinne MhaolNí bheadh liosta cuimsitheach ar bith de mhná stairiúla na hÉireann iomlán gan an bhean chlúiteach, Gráinne Ní Mháille - ‘Banríon na bhFoghlaithe mara’.Rugadh Gráinne ar Oileán Chliara, Contae Mhaigh Eo in 1530. Bhearr sí a cuid gruaige nuair a dhiúltaigh a hathair í a thabhairt ar thuras farraige ar eagla go n-éireodh a dlaoithe daite greamaithe i dtéada an tseoil. Tugadh ‘Gráinne Mhaol’ uirthi de bharr seo.Mhair Gráinne go 73 bliain d’aois. I mbarr a réime, bhí sí i gceannas ar thrí rámhlong, fiche long, agus breis is 200 fear i gcoinne a namhad shíoraí – na Sasanaigh. Thairis sin, bhuail sí leis an Bhanríon Eilís I in 1593 lena deartháir agus a mac a scaoileadh saor ón phríosún i mBaile Átha Luain. Bhain sí úsáid as an Laidin leis an Bhanríon toisc gur shéan sí an Béarla.

Constance MarkieviczBhí Constance Markievicz ar an chéad bhean a toghadh go Teach na dTeachtaí in 1918, dhá bhliain i ndiaidh di dul ndeabhaidh lainne leis an Bhreatain in Éirí Amach na Cásca 1916 i mBaile Átha Cliath.Poblachtánach go smior ab ea í an chuntaois i rith a saoil ar fad. Dhiúltaigh sí a suíochán a ghlacadh sa Pharlaimint mar gheall ar pholasaí staonta Shinn Féin, polasaí a mhaireann go fóill ar na saolta seo.Rinneadh aire sinsearach di i dTeach Laighean i ndiaidh de Phoblacht na hÉireann neamhspleáchas a bhaint amach in 1922. D’éag sí in 1927 i ndiaidh di a rachmas ar fad a thabhairt do dhaoine eile lena saol a chaitheamh i measc na mbocht.

Margaret Ann Bulkley (Dr James Barry)

B’Éireannach í Margaret Ann Bulkley a ghléas ar nós fir le linn ré Victoria chun freastal ar an ollscoil agus, ina dhiaidh sin, clú a bhaint amach mar mháinlia de chuid an airm.Rugadh i gCorcaigh in 1795 í agus thug sí an t-ainm Dr James Barry uirthi féin le céim a fháil ó Scoil Mhíochaine Ollscoil Dhún Éideann in 1812 sular fostaíodh mar mháinlia í i Londain.Sula ndeachaigh sí ar scor, bhí Florence Nightingale ina namhaid ollmhór ag Bulkley. Lena chois sin, rinne sí an chéad ghearradh Caesarach rathúil san Afraic nuair a bhí sí sa dara chéim míochaine is airde in Arm na Breataine.

Mary Ann McCrackenRugadh Mary Ann McCracken i mBéal Feirste in 1770. Ba bhean radacach í a chuaigh i ngleic le neart saincheisteanna sóisialta amhail an sclábhaíocht agus an bhochtaineacht. Chaith sí a saol ag cuidiú le daoine bochta, ag tiomsú airgid d’Áras na mBocht Bhéal Feirste ar Shráid Clifton. Chomh maith leis sin, bhunaigh sí Coiste na mBan i gCumann Carthanachta Bhéal Feirste in 1832. Mar gheall ar an choiste seo, tógadh bunscoil agus naíscoil le dílleachtaí na cathrach a theagasc. Bhí McCracken go láidir in éadan na sclábhaíochta. Fiú ag 88 bliain d’aois, bhíodh sí ar dhugaí Bhéal Feirste ag dáileadh bileoga frith-sclábhaíochta ar dhuine ar bith a bhí ag taisteal go Meiriceá – tír ina raibh an sclábhaíocht go tréan.Thacaigh sí le Edward Bunting agus é ag bailiú ceol traidisiúnta na hÉireann de bhrí go raibh an-spéis aici in athbheochan an cheoil thraidisiúnta in Éirinn .Tá sí adhlactha in uaigh 35 i reilig Shráid Clifton i dTuaisceart Bhéal Feirste.

Gníomhaíocht 2: Iriseoir Iomráiteach

Sprioc: Ár scileanna cruthaitheacha agus scríbhneoireachta a úsáid agus a fhorbairt, ár scileanna bleachtaireachta a fhorbairt.

Am: 10+ Bom.

1. Faigh bean a bhfuil aithne agat uirthi agus iarr uirthi agallamh a dhéanamh. Is féidir leat do mhamó a roghnú nó b’fhéidir máthair do charad.

2. Le peann agus leabhar nóta, cuir ceisteanna uirthi faoina saol. Bain úsáid as seo a leanas agus smaoinigh ar cheisteanna eile fosta:Cé a bhí mar laoch agat agus tú i d’óige?Cén uaillmhian a bhí agat nuair a bhí tú i do pháiste?Cad iad na cuimhní cinn is mó atá agat ó laethanta d’óige?

3. Breac síos na freagraí i do leabhar nóta. Leis na freagraí seo, bí cruthaitheach agus déan rud éigin leo. Is féidir tuairisc nuachta nó scéal a scríobh bunaithe ar na freagraí.

MODH:

[email protected]

Bain sult agus tabhair aire! Tá na gníomhaíochtaí agus an t-eolas seo ann le do scileanna a fhorbairt ó thaobh na cruthaitheachta de chomh maith le neart eile. Tá sé beartaithe go mbeidh siad oideachasúil agus cuidiúil do gach duine – agus iad ar fad bunaithe ar Lá Idirnáisiúnta na mBan agus ar stair na hÉireann a bhaineann le mná. Roinn an t-eolas seo le do chairde agus do theaghlach le feasacht a thógáil ar na scéalta seo ar fad. Cuir in iúl dúinn má ghlac tú páirt sna gníomhaíochtaí seo agus inis dúinn faoin méid a d’fhoghlaim tú ag [email protected] le grianghraif, físeáin, agus scéalta suimiúla ar bith.

Bain sult as Lá Idirnáisiúnta na mBan agus bain tairbhe as an acmhainn seo!