mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.” … · 2012. 10. 19. · 1...

20
1 Nuachtlitir an tSamhraidh 2012 ....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.” Nuacht na hEarnála Mar cheann de na páirtithe leasmhara a ghlac páirt in obair an Fhóraim, fáiltíonn GAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh fhoilsiú tuarascáil an Ghrúpa Comhairligh ar an bhfóram faoi phátrúnacht agus iolrachas i mbunscoileanna na tíre seo. Glacadh an chuid is mó dár moltaí ar bord agus fáiltímid ach go háirithe roimh:- an aitheantais do riachtanais earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus go bhfuil an earnáil mar chuid den shainchúram ar shocraithe nua pátrúnachta. an aitheantais gurb iad na gnéithe ar leith a bhaineann leis an gcóras seo ná 1) tábhacht na teanga don tsochaí Éireannach agus an áit speisialta atá aici de bharr gealltanais an Stáit do chur chun cinn an chórais seo, mar atá cumhdaithe sa Bhunreacht, san Acht Oideachais agus sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus 2) mian líon méadaitheach tuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge. an ghealltanais go mbeidh éileamh ar an gcóras oideachais lán-Ghaeilge mar chuid lárnach den phróiseas anailíse ar athrú patrúnachta sna 47 ceantair atá aitheanta. go gcaomhnófar na socraithe taistil solúbtha i dtaobh an chórais iompar scoile. go ndéanfar iniúchadh ar an bhféidearthacht go mbeadh catagóir speisialta ar an bPainéal do mhúinteoirí a dteastaíonn uathu obair i scoil lán-Ghaeilge agus chun éascú do Ghaelscoileanna foireann a earcú atá inniúil go cuí sa Ghaeilge. go gcuirfí scéim phíolótach ar bun ar an gcoincheap maidir le scoil ‘satailíte’ a bheadh ceangailte le ‘máthairscoil’ Ghaeilge atá dea-bhunaithe. Beidh GAELSCOILEANNA TEO. ag comhoibriú go dlúth leis an ROS chun forbairt a dhéanamh ar na beartais thuas. Is féidir teacht ar an dtuarascáil iomlán agus ar achoimre as Gaeilge ar shuíomh na Roinne, nó féadfar an t-eolas uile móide freagra iomlán GAELSCOILEANNA TEO. ar an dtuarascáil a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn san oifig: 01-8535195 nó [email protected] Todhchaí na nGaelscoileanna i dtaobh Pátrúnachta agus Iolrachais San eagrán seo: Lch 3: Tuairisc ó chruinniú leis an Roinn Oideachas maidir le cóiríocht Lch 5: Comhdháil ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sa bhunscoil …..agus go leor eile!

Upload: others

Post on 14-Feb-2021

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • 1

    Nuachtlitir an tSamhraidh 2012“....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag anmbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.”

    Nuacht na hEarnála

    Mar cheann de na páirtithe leasmhara a ghlac páirt in obair an Fhóraim, fáiltíonnGAELSCOILEANNA TEO. go mór roimh fhoilsiú tuarascáil an Ghrúpa Comhairligh ar anbhfóram faoi phátrúnacht agus iolrachas i mbunscoileanna na tíre seo. Glacadh an chuid is módár moltaí ar bord agus fáiltímid ach go háirithe roimh:-

    an aitheantais do riachtanais earnáil an oideachais lán-Ghaeilge agus go bhfuil an earnáilmar chuid den shainchúram ar shocraithe nua pátrúnachta.

    an aitheantais gurb iad na gnéithe ar leith a bhaineann leis an gcóras seo ná 1) tábhachtna teanga don tsochaí Éireannach agus an áit speisialta atá aici de bharr gealltanais anStáit do chur chun cinn an chórais seo, mar atá cumhdaithe sa Bhunreacht, san AchtOideachais agus sa Straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus 2) mian líon méadaitheachtuismitheoirí ar oideachas lán-Ghaeilge.

    an ghealltanais go mbeidh éileamh ar an gcóras oideachais lán-Ghaeilge mar chuid lárnachden phróiseas anailíse ar athrú patrúnachta sna 47 ceantair atá aitheanta.

    go gcaomhnófar na socraithe taistil solúbtha i dtaobh an chórais iompar scoile.

    go ndéanfar iniúchadh ar an bhféidearthacht go mbeadh catagóir speisialta ar an bPainéaldo mhúinteoirí a dteastaíonn uathu obair i scoil lán-Ghaeilge agus chun éascú doGhaelscoileanna foireann a earcú atá inniúil go cuí sa Ghaeilge.

    go gcuirfí scéim phíolótach ar bun ar an gcoincheap maidir le scoil ‘satailíte’ a bheadhceangailte le ‘máthairscoil’ Ghaeilge atá dea-bhunaithe.

    Beidh GAELSCOILEANNA TEO. ag comhoibriú go dlúth leis an ROS chun forbairt a dhéanamhar na beartais thuas. Is féidir teacht ar an dtuarascáil iomlán agus ar achoimre as Gaeilge arshuíomh na Roinne, nó féadfar an t-eolas uile móide freagra iomlán GAELSCOILEANNA TEO.ar an dtuarascáil a fháil ach teagmháil a dhéanamh linn san oifig: 01-8535195 nó[email protected]

    Todhchaí na nGaelscoileanna i dtaobh Pátrúnachta agus Iolrachais

    San eagrán seo:

    Lch 3: Tuairisc ó chruinniú leis an Roinn Oideachas maidir le cóiríochtLch 5: Comhdháil ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sa bhunscoil

    …..agus go leor eile!

  • 2

    Nuacht na hEagraíochtaCuíchoíriú Earnáil Dheonach na Gaeilge

    Gabhaimid buíochas mór le gach duine a thugaiseolas, a shínigh achainí, a d’fhreastail archruinnithe chun tacaíocht a léiriú doneagraíocht agus don earnáil agus a chuiraighneacht isteach chuig Foras na Gaeilgemaidir leis an Samhail Nua Mhaoinithe mholta.Táimid fíor-bhuíoch daoibh uile as an tacaíocht.

    Tá ábhar na n-aighneachtaí faoi bhreithiúnasfaoi láthair agus coinneoimid ar an eolas sibhfaoi thoradh an mheasúnaithe. Mar eolas, tá nahaighneachtaí liostáilte agus ar fáil arwww.gaeilge.ie

    Scéim Phíolótach ar an Aistriú ón Naíonra go dtí an GhaelscoilTá scéim nuálach tosaithe ag GaelscoileannaTeo. agus ag FNT ina bhfuil dhá scoil ag pléleis na naíonraí a fhreastalaíonn orthu maidirle haistriú na bpáistí atá sa naíonra chuig na

    scoileanna. Tá anscéim bunaithe armholtaí sa leabhrán,An Traein, (ad’fhoilsigh an dáeagraíocht anuraidh)a chur i bhfeidhm gopraiticiúil agusdéanfar measúnú arconas mar achabhraíonn sin leisna páistí an t-aistriú

    ón naíonra chuig an scoil a dhéanamh.

    Trí bheith ag ullmhú na bpáistí don scoil i dtreodeireadh na bliana sa naíonra agus trí roinntde na gníomhaíochtaí a bhí ar siúl sa naíonraa dhéanamh ag tosach na bliana sa bhunscoildeirtear go gcabhraíonn a leithéid leis anbpáiste socrú síos ar scoil. Tríd an scéim, tásúil againn go láidreofar an nasc idir nanaíonraí agus na scoileanna agus anchomhthuiscint eatarthu ar ról an dá earnáil.Léiríonn an taighde idirnáisiúnta go bhfuiltábhacht fad-téarmach leis an aistriú seo do napáistí. Níl mórán oibre déanta ar angcoincheap seo in Éirinn go dáta agus mar sintáimid ag tnúth le torthaí na scéime phíolótaighag an gComhdháil Oideachais bhliantúil 2012.

    Dátaí don DialannComhdháil ar Fhorbairt na Ceannasaíochta sna Bunscoileanna lán-Ghaeilge

    *Oiliúint ar na Boird Bainistíochta Bunscoile

    Ionad oideachais Shligigh, Sligeach 21 Bealtaine 2012 19.00-21.30

    Ionad Oideachais Chorcaí, Cathair Chorcaí 21 Bealtaine 2012 19.00-21.30

    Óstán Bewley’s, Crosaire Newlands, BÁC 22 22 Bealtaine 2012 19.00-21.30

    Ionad Oideachais Chill Chainnigh 28 Bealtaine 2012 19.00-21.30

    Ionad Oideachais na hInse, Inis, Co. an Chláir 29 Bealtaine 2012 19.00-21.30

    Campas Coláiste Ollscoile an tSrutháin Mhilis,Béal Feirste

    22-23 Lúnasa 2012 09.00-16.00

  • 3

    Nuacht na hEagraíochtaCruinniú faoi chóiríocht leis an Roinn Oideachais

    Bhuail ionadaithe ó Gaelscoileanna Teo. lehionadaithe ón Rannóg Bhreithmheas arChaipitil sa Roinn Oideachais & Scileanna lecás na scoileanna a chur os a gcomhair nachbhfuil cóiríocht bhuan faighte acu go dtí seoagus nach bhfuil san áireamh ar an liostacóiríochta cúig bliana. Faoi láthair tá 45% debhunscoileanna agus 39% d’iabhunscoileannalán-Ghaeilge gan cóiríocht bhuan scoile, gantrácht ar scoileanna a bhfuil gá le síneadhscoile nó athchóiriú ar shean- fhoirgneamh. Tároinnt de na scoileanna seo ag fanacht níosmó ná 20 bliain ar fhoirgneamh cuí don scoil,tréimhse atá scannalach. Tá scoileanna eile abhfuil an-bhrú ag teacht orthu de bharr fás líonna ndaltaí sna scoileanna sin thar an gcéadcúpla bliain atá amach romhainn.

    Le linn an chruinnithe míníodh dúinn goleanúnach gurb é an bunús leis an bpróiseascinnteoireachta do chóiríocht nua ná de réirceantair ina bhfuil daonra ag fás go mór agusscoileanna ina bhfuil gá le seomraí rangabreise le freastal ar an bhfás. Léiríomar an-mhíshástacht gur fhág sé seo roinnt

    scoileanna as an áireamh a raibh próiseaspleanála tosaithe ag an Roinn dóibh cheana.Rinne Gaelscoileanna Teo. argóint láidir gobhfuil sé riachtanach go dtabharfaidh an Roinnfaoi na scoileanna atá ag fanacht le blianta fadchomh maith le scoileanna a thógáil i gceantairfáis. Aithnímid go bhfuil airgead gann ach tá25+ bliain i bhfad ró-fhada le fanacht arfhoirgneamh cuí le do scoil a lonnú inti nó lefanacht i scoil a bhfuil sláinte agussábháilteacht na bpáistí i mbaol dá bharr.

    Dheimhnigh an Roinn dúinn áfach go bhfuilroinnt de na scoileanna nach bhfuil ar an liostaliosta tógála reatha ar ‘an radar’ acu agus gorabhadar ag iarraidh réitigh a lorg dóibh gogníomhach. Fáiltíonn an Roinn roimh phlé leGaelscoileanna Teo. maidir leis na scoileannalán-Ghaeilge ar bhonn córasach agusleanúnach. Fáiltíonn muid roimh aon eolasmaidir le cúrsaí cóiríochta na scoileanna gurféidir linn a chur faoi bhráid na Roinne agusbeimid i dteagmháil le gach scoil ar éirigh linna gcás a phlé.

    Impleachtaí Ciorcláin 0007/2012 do Scoileanna lán-GhaeilgeAg eascairt as ciorclán 0007/2012 bhailíomareolas ó scoileanna maidir leis na himpleachtaía bheidh ann dóibh de thoradh anleithdháileadh GAM/EAL agus an próiseasnua leithdháileadh do mhúinteoirí acmhainne.Gabhaimid buíochas leis na scoileanna a thugeolas dúinn faoina gcásanna ar leith.Rinneadh cás leis an Chomhairle NáisiúntaUm Oideachas Speisialta agus leis an Roinnach táimid ag fanacht ar chruinniú le HubertLoftus go fóill.

    I measc na moltaí áirítear: Cead a thabhairt do scoileanna, ag brath arlíon na n-uaireanta a bhfuil siad i dteideal, postpáirt nó lánaimseartha a líonadh nó tríchomhiarratas le gaelscoil/eanna eile.Chinnteodh sé seo foireann chuí a bheith arfáil de réir sainriachtanais teanga nascoileanna lán-Ghaeilge.

    Solúbthacht a fhágáil faoi na scoileannalán-Ghaeilge GAM agus uaireanta acmhainnía chomhnascadh.

    Go mbeadh múinteoir acmhainne atá igcnuasach scoileanna le gaelscoil annlonnaithe sa scoil lán-Ghaeilge chun deis athabhairt don mhúinteoir acmhainne tuiscint amhéadú ar na sainriachtanais bhreise atá agna scoileanna lán-Ghaeilge móide tuiscint amhéadú ar an gcóras tumoideachais agus natacaíochtaí riachtanacha lena mbaineann.

    I gcomhthéacs athraithe sa chóimheas,molaimid go ndéanfaí anailís ar éifeacht anchóimheas athraithe i gcomhthéacs na teangaagus na foghlama. É sin a dhéanamh gocuimsitheach le gach gaelscoil a chaillmúinteora agus athbhreithniú a dhéanamh aran gcinneadh an sceideal ceapacháin doscoileanna lán-Ghaeilge a chur ar ceal dábharr.

    Cláraigh don nuacht laethúil ar www.gaelscoileanna.ie

  • 4

    Scoileanna NuaTá áthas ar phobal Mullach Eadrad go mbeidh Gaelscoilan Chuilinn, scoil lán-Ghaeilge nua faoin bhForasPátrúnachta, ar an bhfód i Meán Fómhair 2012. Labhairan craoltóir Mícheál Ó Muircheartaigh ag ócáid mhór ad’eagraigh an coiste bunaithe le déanaí agus thug séardmholadh do na tuismitheoirí cróga a throid le fada lehaitheantas a bhaint amach don scoil. Le páiste a chlárúleis an scoil is féidir ríomhphost a sheoladh [email protected] nó glaoch a chur ar 0863236187.

    Tá sé fógartha ag an Roinn Oideachais agus Scileannago mbeidh bunscoileanna le hoscailt i 2013 i gceantairéagsúla timpeall na tíre. S’iad na ceantair atá aitheantado ghaelscoileanna nua ná:

    Teach na Giúise/An tSeanbhábhún, Baile Átha Cliath 24

    An Chéim, Baile Átha Cliath 18

    An Foras Pátrúnachta a bheidh mar phátrún ar nascoileanna seo agus is féidir glaoch a chur ar oifig anFhorais ag 01 6294110 le tuilleadh eolais a fháil.Osclófar gaelscoil nua i gCnoc na Cathrach, Gaillimh i

    Meán Fómhair 2013, ach an phátrúnacht le socrú go fóill.

    Faraor, níor tugadh aitheantas don iarratas ar ghaelscoil nua i gCill Dara, áit ina bhfuil éileamhollmhór ar an ngaelscolaíocht. Tá dóchas ann go mbunófar an dara ghaelscoil ann i 2014.

  • 5

    Forbairt Ghairmiúil ScoileannaComhdháil ar Dhúshláin na Ceannasaíochta sna Bunscoileanna

    Lán-GhaeilgeEagrófar an chéad chomhdháil uile-oileánda riamh ar Fhorbairt naCeannasaíochta sna Bunscoileannalán-Ghaeilge ar an 22-23 Lúnasa imBéal Feirste.

    Is comhthionscadal í an chomhdháil seoidir An Coiste Seasta Thuaidh Theas aran nGaeloideachas (atá comhdhéantade na heagrais gaelscolaíochta uile inÉirinn agus a bhfuil GAELSCOILEANNATEO. mar chathaoirleach reatha air);Ionad Réigiúnach Oiliúna agus antSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil doMhúinteoirí.

    Tá an chomhdháil dírithe arPhríomhoidí/leasphríomhoidí ó gachbunscoil lán-Ghaeilge ar bhonn 32contae, Gaeltacht san áireamh mar aonle príomhoidí agus comhordaitheoirí nanAonad (bunleibhéal):

    I measc ábhair an chláir, áirítear:- Ról na gCeannasaithe sa Scoil Lán-Ghaeilge Tarmligean dualgas - foireann bhainistíochta agus foireann iomlán Forbairt na meán-cheannasaíochta le róil agus freagrachtaí soiléire Ag cinntiú Ardchaighdeán Oideachais Ionduchtú agus meántóireacht do mhúinteoirí nua Forbairt Ghairmiúil an Mhúinteora Measúnú Uile Scoile agus Féinmheasúnú i dtreo barr fheabhais: tábhacht, impleachtaí

    agus feidhmiú éifeachtach Ceannasaíocht Teanga Shóisialta / Chumarsáide na scoile Polasaí na Gaeilge / sainmheon teanga na scoile a chaomhnú Cruinneas na bpáistí / na múinteoirí / na foirne Gaeilge sa chlós / lasmuigh den fhoghlaim fhoirmiúil Pleanáil uile scoile (cúrsaí curaclaim san áireamh) Cur chuige an tumoideachais Léitheoireacht an Bhéarla agus na Gaeilge sa scoil lán-Ghaeilge Ag Cothú Cultúr Dearfaigh Gaol a chothú idir an scoil agus an scoilphobal / mórphobal Cur chuige cumarsáide le páirtithe éagsúla Comhoibriú idir scoileanna

    Scaipeadh an bhileog ar ríomhphost chuig gach scoil agus tá breis eolais le fáil ónár suíomhfaoin rannóg ‘Oiliúint’ nó tré glaoch ar an oifig.Féadfar clárú ar an suíomh gréasáin www.rtuni.org roimh an 15 Meitheamh 2012.Beidh costas lóistín amháin i gceist do rannpháirtithe agus cuirfear sólaistí agus lón ar fáil le linnna comhdhála. Tá lóistín ar fáil ar an gcampas.

  • 6

    Scéalta na mBunscoileanna

    Is cúis bhróid é go bhfuil an dara cheirnín, “LeChéile Arís” taifeadta againn i nGaelscoil naBóinne. Deich mbliain ó shin bhí Mícheál ÓMuircheartaigh i láthair chun an chéad dioscaa sheoladh agus bhí lúcháir orainn go raibh sélinn chun an dara cheann a láinseáil. Tháinigtuismitheoirí, seantuistí, gaolta agus cairde eile

    na scoile chuig an seoladh oifigiúil agus chuirna páistí ceolchoirm beomhar, taitneamheachina láthair. Bhí an-áthas orainn go raibh árn-iarscoláirí ann freisin agus iad agcuimhneamh siar ar an uair a raibh siad féin aran ardán.

    Is iontach an éagsúlacht atá ar an CD le ceoltraidisiúnta, popcheol, córchantain,amhránaíocht aonréadach, feadóga, pianó,boscaí ceoil agus giotáir le cloisint. Dá bhrí sind’éirigh le gach uile dalta a bheithrannpháirteach agus tá an clúdach maisithe lehealaín álainn na bpáistí chomh maith. Isábhar mórtais dúinn é gur chomhoibrigh pobalna scoile chun sárchaighdeán a bhaint amachagus táimid fíor-bhuíoch do gach duine achabhraigh linn. Beidh cuimhne go deo agdaltaí na scoile ar an sult a bhain siad as aneispéireas.

    Tá an dlúthdhiosca ar fáil ar €10. Cuir glaochorainn ar 046 9437872.

    http://www.gaelscoilnaboinne.com/

    Dlúthdhiosca Nua ag Gaelscoil na Bóinne

    Seachtain na Gaeilge i nGaelscoil Mhic EasmainnCuireadh tús le himeachtaí Seachtain naGaeilge 2012 i nGaelscoil Mhic Easmainn lehAifreann na nÓg maidin Domhnaigh. MaidinDé Luain dhúisíomar go léir le Raidió Chiarraíagus daltaí na Gaelscoile ag léamh nabhfógraí as Gaeilge. Dé Máirt d’fhágamar slánle Rang a 5 a bhuail an bóthar go hInis, Co. anChláir lena dhráma “Goid Asal an Rí”.Thugadar an trófaí abhaile leo agus anois táidag ullmhú do Chraobh na hÉireann!

    Maidin Dé Céadaoin bhí Gaelscoil MhicEasmainn ar fad ar an stáitse leis an SeóArdáin Bhliantúil ina raibh mír bheag ó gachrang idir ceol, amhránaíocht, scéalaíocht agusfilíocht. Ar an Déardaoin chuireamar fáilteroimh chuairteoirí go dtí Lá Oscailte 2012,lenár gCór Scoile a chan go binn soiléir. OícheDhéardaoin d’eagraigh Comhairle nadTuismitheoirí Tráth na gCeist Teaghlaigh inaraibh ard oíche spóirt agus craic ag gach éinne.

    Osclaíodh doirse na scoile maidin Dé hAoinedo Thráth na gCeist agus Céilí idirscoileanna.Bhí an Banna Ceoil ag siúl i bParáid Lá lePádraig ar an Satharn ag seinnt go haoibhinnagus ag féachaint go hálainn.

    Chun deireadh a chur le himeachtaí naseachtaine deineadh clár Raidió le MéabhLawlee ar Raidió Chiarraí, Caint Chiarraí a bhícraolta beo oíche Dé Domhnaigh ar a dheinleanaí na Gaelscoile scéalaíochta, agallamhbeirte, amhránaíocht agus cúpla píosa ceoil.Níl aon dabht ach go raibh seachtainghníomhach achtaitneamhach agmuintir naGaelscoile le linnSeachtain naGaeilge 2012.

    http://www.gaelscoilnaboinne.com/

  • 7

    Scéalta na nIar-bhunscoileanna & na nAonad

    Gaelcholáiste Reachrann…..10 mBliain ar an bhFód!Bhí ócáid an-speisialta ag GaelcholáisteReachrann ar an 29ú Márta. Chomh maith leisan deichiú breithlá a cheiliúradh, bhíaitheantas ar leith á thabhairt don cheoltraidisiúnta atá beo bríomhar agus arardchaighdeán sa scoil; idir scoláirí ó ngrúpaceol traidisiúnta, múinteoirí, iarscoláirí agustuismitheoirí. Seoladh CD le ceol traidisiúntamaraon le hamhráin ó chór na scoile agus óiarscoláirí. Ba mhór an onóir don scoil é gurbé Mick O Brien, píobaire uilinn cáiliúil agustuismitheoir a rinne an seoladh.

    Is leor éisteacht amháin le tuiscint go bhfuil anceol traidisiúnta fós beo i measc na ndéagóiríseo agus is léir le roinnt de na ceoltóirí seo gur

    dúil dóibh a saol gairmiúil a chaitheamh ar anstáitse más é sin a mian.

    D’oscail Gaelcholáiste Reachrann i 2001 le 36dalta. Tá an uimhir sin taréis méadú ó shin godtí 304 dalta i mbliana agus beidh 340 dalta agfreastal ar an scoil an bhliain seo chugainn.

    Thuas: Ó chlé, Príomhoide TánaisteachSinéad Nic Stiofáin, Iar-PhríomhoideFionnuala Ní Chaisil, Comhairleoir &Cathaoirleach Tomás Ó Céilleachair,Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ChoisteGairmoideachais BÁC, Máire Uí Ghrifín,tuismitheoir Mick O’Brien, Príomhoide Máire NíGhealbháin.

    Buaiteóirí ag Coláiste DaibhéidMar chuid deLeabhar-FhéileDhomhandaChorcaí 2012, areachtáileadh imí Aibreán, bhíLá na nDéagóiríann, tráth a

    fógraíodh torthaína gcomórtas éagsúla i gcomhair déagóirí lecúpla mí anuas, Bhí taispeántas grianghrafann agus seoladh an “Unfinished Book ofPoetry 2012” chomh maith.

    De thoradh an 5ú Chomórtas BliantúilGearrscéil, bhí breis is 100 iontráil agusdáréag ar an ngearr-líosta. Ar an dáréag sin,bhí beirt dhalta as Coláiste Daibhéid,

    méanscoil lán-Ghaeilge sa chathair: SophieNic Choinnigh as an 3ú Bhliain agus Antóin ÓTrinlúin as an gCéad Bhliain. Bhuaigh Sophiean phríomh-dhuais lena scéal, Ao and Ix.Bhronn an scríobhnóir áitiúil, Kevin Doyle naduaiseanna ar Sophie agus Antóin.

    Is minic a fhiafraítear d’fhoirne scoileanna lán-Ghaeilge, an mbíonn na daltaí ar mhí-bhuntáiste ó thaobh an Bhéarla de toisc gombíonn gach ábhar eile á fhoghlaim acu trímhéan na Gaeilge. Is léir ón toradh seo nachbhfuil aon bhunús leis an tuairim sin. Tá anscríobhnóireacht chruthaitheach i mBéarla an-láidir i gColáiste Daibhéid; bíonn idir scéaltaagus dhánta á gcumadh ag na daltaí. Tugannna múinteoirí an-spreagadh agus an-tacaíochtdóibh chun an tallann a fhorbairt.

  • 8

    Feachtais CóiríochtaColáiste Ráithín, Cill Mhantáin

    Tá Coláiste Ráithín 21 bliain ar an saol agusiad ag cur oideachas dara leibhéal ar fáil dodhaltaí gaelscoileanna i dtuaisceart ChillMhantáin. Lena chois sin, tagann trian dá gcuiddaltaí ó scoileanna Béarla sa chontae. Tá luchtna scoile ag iarraidh go mbeidh foirgneamhnua acu faoi 2014. Faoi láthair, níl áiseannaspóirt acu agus is i mbotháin réamhdhéanta adhéantar cuid mhór den teagasc. Bhí focal acuar shuíomh i mBré ach níl iomrá ar thógáil arbith tosú ann. Is mó a n-imní anois nó tá scoilBhéarla nua díreach oscailte ag an RoinnOideachais sa cheantar céanna leo féin. Dúirtpríomhoide Choláiste Ráithín, Gearóid ÓCiaráin, go raibh sé “tinn tuirseach” den scéal

    agus go raibh lucht na scoile 20 bliain i mbunagóide.

    Bhí ag éirí thar barr leis an scoil ó bunaíodh ísa bhliain 1991 agus gan acu ach 33 dalta.250 dalta atá anois ag freastal ar an scoilagus thiocfadh leo “dhá oiread” a thógáil achna háiseanna a fháil. Ar an drochuair, bhíorthu páistí a chur ó dhoras i mbliana. Bhí nabunscoileanna Gaeilge sa cheantar ag fás gofóill agus bhí cáil ar an choláiste as mic léinna chur ar aghaidh chun na hollscoile. Ach bhí

    “baol ann nach mbeadh gaelscoil dara leibhéali dtuaisceart Chill Mhantáin” mar níorbh fhéidirleis an scoil “dul i gcomórtas le scoileannamóra gan áiseanna cearta”.

    Dúirt sé fosta gur mhinic an tAire Oideachais,Ruairí Quinn, ag caint ar “iolrachas” ach gan anGhaeilge a chur san áireamh. Bhí ColáisteRáithín ag iarraidh “oideachas leathanliobrálach” a chur ar fáil i nGaeilge. Chuige sin,bhí páistí as 23 tír éagsúil i measc na bpáistí aran scoil. Dúirt Ó Ciaráin go raibh “ár gcuiddéanta againn” agus iad ar lorg suímh bhuainagus ba thrua leis nach raibh Quinn ábaltabualadh le lucht na scoile agus é ar chuairt igCill Mhantáin ag tús na seachtaine.

    Ón IRISH TIMES

    Tá dúshlán an Aire Oideachais agus Scileanna,Ruairí Quinn T.D., tugtha ag cúigear TheachtaDála Gaillimh Thiar agus iad ag iarraidh a fháilamach cén fáth a bhfuil Gaelscoil MhicAmhlaigh fágtha ar lár ón liosta scoileanna atále maoiniú faoi phlean thógála na Roinne ó seogo dtí 2015. Tá na Teachtaí Dála i measc liostaiomlán de 13 ionadaithe poiblí a shínigh litirchuig an Aire Ruairí Quinn ag éilimh gogcuirfear maoiniú ar fáil don scoil. Tá anbeartas nua ag teacht sna sála ar chruinniútacaíochta don scoil, cruinniú a mheall breisagus 600 duine chuig Óstán Bhóthar na Trá antseachtain seo caite. Chuala an cruinniú goraibh an-chuid obair ullmhúcháin déanta ag anscoil chun síneadh a chur leis an scoil aguscóiríocht bhuan a chur ar fáil do 200 páiste.Dúradh go raibh an scoil réidh le tairiscintí

    tógála a lorg ach gur tharraing an RoinnOideachais siar ón tionscnamh ag an nóiméaddéanach i mí Eanáir. Ábhar mór sásaimh a bhísa slua mór a d’fhreastail ar an gcruinniú poiblídar le Dairíona Nic an Iomaire, príomhoide nascoile. Ag trácht ar an tacaíocht seo dúirt sífreisin “Laistigh de 10 lá, shínigh breis agus3000 de shaoránaigh na Gaillimhe achainíchun an cinneadh a athrú. Tá 12 bhliain caiteagainn ag feitheamh, tá gach céim sáraitheagainn agus ní bheidh an scéal seo ag dul achodladh. Má tá an Rialtas dáiríre maidir lenandílseacht do pháistí, don oideachas, dochruthú todhchaí níos folláine agus cosaint naGaeilge féin, tá dualgas orthu gníomhúláithreach”.

    Ón GALWAY ADVERTISER

    Gaelscoil Mhic Amhlaigh, Gaillimh

  • 9

  • 10

    Gailearaí

    Thall: Thug an grúpa ‘Na FataíFánacha’ ó Choláistí Eoin agusÍosagáin, Baile Átha Cliath an daraháit agus duais €1,250 leo agcraobhchomórtas Siansa Gael Linn2012

    Bhí díospóireacht idir Gaelscoil anBhradáin Feasa agus GaelscoilBhaile Brigín i rith seachtain naGaeilge.

    D'éirigh go hiontach leis nacainteoirí uilig agus táthar ag súilgo mbeidh comórtas bhliantiúildíospóireachta idir bhunscoileannaann as seo amach.

    Thíos: Comhghairdeas le grúpadrámaíochta Rang 1 & Rang 2 óGhaelscoil Chionn tSáile a bhuaighComórtas 4 i bhFéile Dhrámaíochtana hÉireann le déanaí sa MhuileanngCearr.

  • 11

    Roinnt Buaiteoirí ó Chomórtas Ealaíona Texaco

    Rachel O’ Brien (17), Coláiste PobailOsraí, Cill Chainnigh (thuas).

    Milo Feehan (8), GaelscoilEoghain Uí Thuairisc,Ceatharlach.

    Rachel McKenna (13), Colaiste Oiriall,Muineachán.

    Saorla Martin (9), ScoilNeasáin, Baile ÁthaCliath.

    Erin McEvoy (9),Gaelscoil an GhoirtÁlainn, Corcaigh.

    Eoghain Ó Braonáin (4), Scoil Santain,Baile Átha Cliath (ar dheis).

  • 12

    Scéalta ón dTuaisceartFás agus Forbairt na Gaelscolaíochta in Éirinn ó Thuaidh

    Tá áthas ar Chomhairle na Gaelscolaíochta afhógairt go bhfuil earnáil na gaelscolaíochta óthuaidh go fóill ag dul ó neart go neart abhuíochas leis an díograis atá ann i meascphobal na gaelscolaíochta. I láthair na huairetá 4 mholadh forbartha do ghaelscoileannanua faoi bhráid an Aire Oideachais JohnO’Dowd. As na moltaí seo tá 3 cinn ann dobhunscoileanna nua Gaelscoil na mBeann atái gCill Chaoil, Co an Dúin agusneamhaitheanta faoi láthair, GaelscoilEoghain ar an Chorr Chríochach i gCo. ThírEoghain atá le hoscailt don chéad uair i MeánFómhair agus Gaelscoil Neachtain, i nDúnGeimhin i gCo Dhoire atá le hoscailt i MeánFómhair fosta.

    Lena cois sin tá moladh forbartha eile dochampas úr Choláiste Feirste a bheidhlonnaithe i Machaire Rátha, Contae Dhoire. Agan bhunleibhéal tá aonad gaelscolaíochta imBunscoil Naomh Cainneach, Dún Geimhin le10 mbliana anuas ach tá an oiread sin éilimhar ghaeloideachas sa cheantar go ndearna natuismitheoirí cinneadh Gaelscoil Neachtain abhunú le soláthar dírithe ar ghaeloideachasamháin a chur ar fáil don phobal. Tá Gaelscoilna mBeann le dul ar aghaidh i Mí MheánFhómhair le riar ar an ráchairt atá ann donghaeloideachas i gceantar íochtar BheannaBoirche agus déanfaidh Gaelscoil Eoghainamhlaidh ar an Chorr Chríochach.

    www.comhairle.org

    Tá rannóg nua á forbairtagainn ar www.gaelscoileanna.iedo thuismitheoirí, le freagraí ar

    cheisteanna coitianta maidir leis anngaelscolaíocht. Cuir bhur gcuid

    tuairimí agus moltaí chugainn!

    http://www.comhairle.org http://www.gaelscoileanna.ie

  • 13

  • 14

    ScléipSpreagadh agus spraoi ag Scléip 2012

    Buíochas mór ó chroí le gach éinne a chabhraigh linn an seótallainne Scléip a chur ar stáitse arís i mbliana – foireann,múinteoirí, tuismitheoirí, moltóirí, láithreoirí, lucht féachanaagus na daoine is tábhachtaí ar fad, na hiomaitheoirí a ghlacpáirt ann!

    Chuireadar seó den scoth ar an stáitse agus tá tuilleadhgrianghraf álainn dóibh le feiceáil ar www.gaelscoileanna.ie.Tá liosta na mbuaiteoirí ar dheis agus tá liosta iomlán nambuaiteoirí ó na babhtaí réigiúnacha ar an suíomh.

    Ár mbuíochas mór le Fiachna Ó Braonáin agus foireannRaven Productions, a rinne taifead ar an gcomórtas imbliana thar ceann Raidió na Gaeltachta. Beidh na cláir lecloisteáil ar an raidió an samhradh seo, coinnígí cluasamach dóibh.

    Tá pleanáil ar bun cheana féin do Scléip 2013, agus tá fáiltei gcónaí roimh mholtaí ina leith chuig Clare [email protected].

    Buaiteoirí Scléip 2012Ceol nua-aimseartha (grúpaí):

    - Cór Cois Life, Coláiste Cois Life,Baile Átha Cliath (sóisear)

    - Na Comrádaithe, GaelcholáisteMhuire AG, Corcaigh (sinsear)

    Ceol nua-aimseartha (aonair):- Sinéad Toomey, Gaelcholáiste

    Luimnigh (sóisear)

    - Kym Gartry, Coláiste de hÍde(sinsear)

    Rince cruthaitheach (aonair):- Saoirse ní Dhubhshláine,Coláiste de hÍde (sóisear)

    - Dearbhail Ní Mhurchú,Meánscoil Gharman (sinsear)

    Rince cruthaitheach (grúpaí):- Áine Pollock agus Sinéad Ní

    Buachalla, Coláiste de hÍde(sóisear)

    - Na Jaffa Cakes, GaelcholáisteCheatharlach (sinsear)

    Drámaíocht / mím:- Cé sa diabhail í Alice?

    Gaelcholáiste Chill Dara (sóisear)

    - Naomh Smirnoff, PobalscoilGhaoth Dobhair (sinsear)

    Ilchineálach:- Clíona Ní Ghallchoir, Pobalscoil

    Ghaoth Dobhair (sóisear)

    - Grúpa Ceoil an Daingean,Pobalscoil Chorca Dhuibhne

    (sinsear)

    Rogha na Moltóirí:- Scléipeoirí, Coláiste Chilliain

    Grand Prix 2012:- Sinéad Toomey, Gaelcholáiste

    Luimnigh

    Ábhar Saor in Aisce ón Oifig Bileoga tumoideachais Gaeilge / Béarla, Rómáinis,

    Fraincis, Portaingéilis, Polainnis, Rúisis Bileoga iar-bhunscoile Gaeilge / Béarla Pacáistí eolais Gaeilge / Béarla ‘Ár bPolasaí Gaeilge’

    Glaoigh ar oifig GAELSCOILEANNA TEO.ar 01-8535195 nó cur ríomhphost [email protected] chun iad a ordú.

  • 15

    Blúiríní NuachtaComórtas Clár Raidió Gael Linn 2012

    Comhghairdeas leis na Gaelcholáistíagus na hiar-bhunscoileannaGaeltachta a bhuaigh duaiseanna igComórtas Clár Raidió Gael Linn,comórtas náisiúnta atá dírithe armhic léinn san idirbhliain gopríomha, ach tá cead ag daltameánscoile ar bith páirt a ghlacadhann. Bhí suas le 60 clár páirteach igcomórtas na bliana seo – an líon ismó riamh.

    Is iad scoláirí Coláiste PhobailCholmcille, Oileán Thoraí, TírChonaill a thug leo an chéad duais(€300) i Roinn A (d’iar-bhunscoileanna ndéantar an teagasc iontu trí Ghaeilge)dá glár Ceist agam ort.

    Tháinig Coláiste an Phiarsaigh, GleannMaghair, Co. Chorcaí sa dara áit agusfuaireadar duais €250 dá gclár ToircheasDéagóra, agus bronnadh €200 don tríú áit ar angclár Rosmuc: Pobal beag le croí mór arscoláirí Ghairmscoil na bPiarsach, Rosmuc.

    Bronnadh an tríú háit ar scoláirí PhobalscoilChorca Dhuibhne, An Daingean agus dá gclárAn Idirbhliain – an fiú é a dhéanamh? agus

    fuaireadar seic ar €350 mar aon le trófaí as andúthracht! RTÉ Raidió na Gaeltachta a rinneurraíocht ar an duais agus tá súil ag an stáisiúnan chlár a chraoladh ar amach anseo. Tá nacláir bhuacacha uilig sna ranna éagsúla lecloisteáil ag www.gael-linn.ie.

    Thuas: Scoláirí Ghairmscoil na bPiarsach,Rosmuc ag ceiliúradh a mbua le Príomhoidena scoile, Peadar Ó Loideáin - (ar chúl, óchlé): Síle Ní Shúilleabháin, Órla Ní Fhlatharta,Heather Ní Chaisín agus(chun tosaigh, ó chlé): Antóin Ó Ceallaigh,Shauna Nic Dhonnacha, Mary de Búrca

    Thíos: Seán Ó hÉanaigh, Eagarthóir StiúrthaClár, RTÉ Raidió na Gaeltachta (ar dheis)agus Seán Ó Ceallaigh, BainisteoirScéimeanna Náisiúnta Gael Linn (sa lár), agtréaslú le scoláirí Phobalscoil ChorcaDhuibhne, An Daingean agus a múinteoir,Pádraig Ó Dubhaigh (ar chlé), tar éis dóibh antríú háit náisiúnta a ghnóthú i gComórtas ClárRaidió Gael Linn 2012.

    An bhfuil acmhainní ranga leroinnt agat le múinteoirí eile arwww.gaelscoileanna.ie?

    Tá rannóg nua á forbairt againndo mhúinteoirí agus ba mhóragainn cloisteáil uait.

    Seol ríomhphost [email protected].

  • 16

    AcmhainníAcmhainn Ranga Gaeilge Nua bunaithe ar Fhíor-eachtraí Tarrthála

    Tá pacáiste foghlama nua saor in aisce d’arbhainm On Your Wavelength seolta ag InstitiúidNáisiúnta Ríoga na mBád Tarrthála (RNLI), abhaineann úsáid as fíor-eachtraí tarrthála agusan éiteas deonach a bhíonn ag angcarthanacht chun daltaí a spreagadhscileanna saoil agus sábháltachta pearsanta afhoghlaim.

    Cuid de na hábhair a bhaineann leis ná treoirdo mhúinteoirí; ceachtanna ranga ag éascúdíospóireachtaí, obair ghrúpaí nó aonair;gearrthóga scannáin; acmhainní cur i láthairagus rochtain ar thacaíocht ilmheánacheisiach agus íoslódáil de chur i láthair agusbileoga gníomhacha do dhaltaí.

    Tá sé ar fáil i nGaeilge, Béarla agus imBreatnais. Chun níos mó eolais a fháil nóchun pacáiste a ordú, téigh go rnli.org.uk nócuir ríomhphost ag [email protected].

    Cuireann na hoibrithe deonacha seirbhíschuardach agus tarrthála 24 uair a chloig ar fáilagus braitheann siad ar ioncam dheonachchun an tseirbhís a choinneáil ag imeacht. Óbunaíodh iad in 1824, tá ós cionn 139,000 saoilsábháilte acu.

    Duais Fiontraíochta Buaite ag Daltaí i bPobalscoil Chorca DhuibhneComhgháirdeas le Shane Ó Cinnéide agus Pádraig Ó hÓgáin, beirt mhac léinn ó PhobalscoilChorca Dhuibhne sa Daingean, a bhain an dara dhuais i gCatagóir na Sóisear ag an gComórtasNáisiúnta Fiontraíochta le déanaí.

    Tá dlúthdhiosca idirghníomhach bunaithe ar Éirinn déanta ag Shane agus Pádraig. Isdlúthdhiosca dátheangach atá ann atá oiriúnach do ranganna 3, 4, 5 agus 6 sa bhunscoil agusáisiúil do mhúinteoirí agus do dhaltaí. Tá an dlúthdhiosca ar díol ar €5 agus tá gach eolas ar fáilar www.eirecd.wordpress.com.

    Dlúthdhiosca taitneamhach oideachasúil é seo dírithe ar leanaí aois 8+

    Ar fáil go dátheangach – Gaeilge agus Béarla ar dhlúthdhiosca amháin

    Eolas ar gach contae in Éirinn

    Aibhneacha, sléibhte aguslochanna na hÉireann

    Cluichí spórtúla – crosfhocail,cuardach focal, tráth nagceist, agus tuilleadh

    Ceachtanna samplacha gurféidir a phriontáil

    Téama CLG

  • 17

    Acmhainní

    Trealamh oifige ar fáil saor in aisceTá trealamh ríomhaireachta ar fáil saor in aisce ó oifigGAELSCOILEANNA TEO. d’aon scoil ar mian leo é. Ar fáil tá:

    2 ríomhaire Fujitsu Siemens le Microsoft XP Pro orthu(iad dara-láimhe ach athchóirithe)

    2 mhéarchlár

    2 luchóg

    Printéir dubh & bán HP Laserjet 2200D

    Ní gá ach teagmháil a dhéanamh linn anseo san oifig más suim ledo scoil aon chuid den trealamh thuas, 01 8535195 nó[email protected].

    Tá an Gyréum ag comhoibriú le Foras na Gaeilge archeardlanna as Gaeilge a eagrú i gContae Shligigh.Beidh na ceardlanna dírithe ar ghrúpaí éagsúla agusaoisghrúpaí difriúla a bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Beidhdeireadh seachtaine le suantraí á reáchtáil ar an 15-17Meitheamh. Beidh deis ann do dhaoine Gaeilge afhoghlaim trí shuantraí. Beidh Siobhán Cleary(Gaeilgeoir áitiúil agus cumadóir) agus Máire Breatnach(ceoltóir Gaelach) i gceannas ar an deireadh seachtaine.

    Gach eolas le fáil ó http://www.gyreum.com/

    Deireadh Seachtaine le Suantraithe

    Tá lámhleabhar do phríomhoidí bunscoile ar fáil ar shuíomh idirlínGaelscoileanna Teo. a d’eascair as comhthionscadal idirGaelscoileanna Teo. agus An Foras Pátrúnachta.

    Tugann an lámhleabhar seo treoir agus moltaí don phríomhoide ar rudaíar fiú dóibh tabhairt fúthu ó thaobh an fhéilire scoile de, agus eolasginearálta maidir le ceapachán foirne, an bord bainistíochta agus anRoinn Oideachais agus Scileanna i measc nithe eile.

    Tá súil againn go mbainfidh sibh tairbhe as!

    Lámhleabhar do Phríomhoidí

  • 18

    An Líonra RéigiúnachTionóladh cruinnithe den líonra réigiúnach in iarthar Bhaile Átha Cliath, i Co. na Gaillimhe agusi gCorcaigh le déanaí agus ba mhór ag GAELSCOILEANNA TEO. ár mbuíochas a chur in iúldóibh siúd a bhí i láthair. Cuireann an eagraíocht an-luach ar an deis a thugann na cruinnitheseo d’oifigigh agus stiúrthóirí na heagraíochta bualadh le hionadaithe ó na scoileanna le cúrsaígaelscolaíochta a phlé agus comhoibriú a chothú.

    Pléadh ceisteanna cóiríochta, cruinneas teanga, tacaíocht foghlama, trialacha caighdeánachaagus acmhainní don seomra ranga agus go leor eile ag na cruinnithe i mbliana, agus tá sébeartaithe ag na scoileanna sna ceantair sin teacht le chéile arís. Ba mhór linn scoileanna ar fudna tíre a spreagadh le teacht le chéile go rialta leis na dúshláin atá acu a phlé agus le gréasántacaíochta áitiúil a fhorbairt.

    Tá cruinnithe beartaithe do na ceantair seo a leanas sa scoilbhliain 2012/2013 (sonraí le fógairt):

    Dún na nGall

    Cill Dara agus Baile Choimín

    Co. Chiarraí

    Cill Chainnigh, Ceatharlach agus Loch Garman

    Tiobraid Árainn agus Port Láirge

    Iarbhunscoileanna BÁC

    Más mian leat go n-eagrófar cruinniú den líonra i do cheantar féin, ní gá ach teagmháil adhéanamh leis an Oifigeach Forbartha (Clare ar 01 8535193 nó[email protected]).

  • 19

    Is cúrsa seachtaine é an dianchúrsa Gaeilge agus tá sé oiriúnach do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a bhfuil spéis acu feabhas a chur ar a gcuidscileanna teanga.

    Dé Luain - Dé hAoine 20 - 24 Lúnasa 2012Coláiste an EachréidhBaile Átha an RíCo. na GaillimheFoirm iarratais agus tuilleadh eolais ó [email protected]

    Dianchúrsa Gaeilge do Mhúinteoirí Iar-bhunscoileanna

    Deontais chun freastal ar Choláiste Ghobnait, Inis OírrBronnann Roinn naGaeltachta deontais arCholáiste Ghobnait gachbliain agus ba bhreá linnglacadh le scoláirí donscoilbhliain 2012-2013.Clúdaíonn deontas naRoinne lóistín na scoláirífad a bhíonn siad ar anoileán. Bheadh deisiontach ag scoláirí barr

    feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. Is í anGhaeilge teanga labhartha mhuintir an oileáinagus comhluadar na scoile (smaoinigh ar 40%don Bhéaltriail sa Ghaeilge) agus bheadh anscoláire ag cónaí le teaghlach ar an oileán inalabhraítear Gaeilge an t-am ar fad.

    Tá go leor buntáistí ag baint le ColáisteGhobnait:

    Beidh rogha leathan ábhar ar fáilLíon beag scoláirí i ngach rangÁiseanna nua-aimsearthaMion-ríomhairí glúine ar fáil do na rangannasa Teastas Sóisearach agus sa chéad bhliainArdteisiméireachtaÁis fhíschomhdhálaPáirc uile-aimseartha in aice na scoilePáirc imearthaCúirteanna cispheile, leadóige agus eitpheileÁiseanna liathróid láimheGach duine ina gcónaí in aice na scoileGach áis in aice láimhe

    Moltar féachaint ar na suíomhanna gréasáinseo chun íomhánna an oileáin draíochta a fháil:www.inisoirr-island.comwww.colaistelaichtin.ie

    Acmhainní

    Is féidir gearradh siar ar chostais fuinnimh má ghlacann tú páirt sa bhfeachtas Cnaipe Glas. Táleagan Gaeilge ar fáil anois dá gcuid bogearraí. Bheadh scoileanna ag sábháil thart ar €50 (£55)in aghaidh an ríomhaire in aghaidh na bliana i mbillí fuinnimh.Féach ar www.thegreenbuttoncampaign.com le haghaidh tuilleadh sonraí.

    Ag Sábháil Airgid leis an gCnaipe Glas

    Clár Oiliúna Tús Áite do Leanaí ar fáilTá oiliúint ar chosaint leanaí á chur ar fáil i nGaeilge ag angcomhlacht 1 Stop Training Shop agus é dírithe ar earnáil anghaeloideachais. Tá oiliúnóirí atá líofa sa Ghaeilge acu achuirfidh an clár seo ar fáil trí Ghaeilge ar fud na tíre.

    Tá cúrsaí Leibhéal 1 (Na comharthaí a fheiscint- Réamheolasar Chosaint Leanaí) agus Leibhéal 2 (Freagrachtaí, Aithintagus Tuairisciú) ar fáil anois agus tá gach eolas ar fáil arwww.1stoptrainingshop.webs.com nó trí glaoch a chur ar 085749 4383.

  • 20