nuachtlitir an tsamhraidh - gaelscoileanna · dtí an fhrainc. seans iontach ab ea é chun cultúr...

20
1 Samhradh 2011 Nuachtlitir an tSamhraidh ....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.” San Eagrán Seo: Nuacht na hEarnála 1 & 6 Scéalta na 2 mBunscoileanna Scéalta na nIar- 3 & 18 bhunscoileanna & na nAonad Nuacht na 4 hEagraíochta Scoileanna Nua 6 Nuacht an Tuaiscirt 7 Gailearaí 8 & 9 Imeachtaí Idirscoile 10 Acmhainní 11 Forbairt Ghairmiúil 14 Scoileanna Líonra Réigiúnda 15 Nuacht Ghinearálta 17 Dátaí don Dialann Comhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 25 & 26 Samhain 2011 An Tulach Mhór Nuacht na hEarnála Leis na ciorraithe go léir atá á chur i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna i mbliana, tá líon na múinteoirí atá le dul ar na painéil múinteoireachta níos airde ná riamh. De bharr seo, tá gach seans ann go líonfar na poist múinteoireachta go léir ag an mbunleibhéal tríd na painéil. Tá an Roinn ag plé le huasmhéid múinteoirí don chóras agus níl cead acu an t-uasmhéid sin a shárú de réir rialacha an IMF. GAELSCOILEANNA TEO., mar aon leis na páirtnéirí oideachais ag an mbunleibhéal, ag plé leis an an Roinn maidir le glanadh na bpainéal ar bhonn leanúnach. Is aimsiú múinteoirí atá in ann agus atá toilteanach múineadh trí mheán na Gaeilge an dúshlán is mó atá roimh na scoileanna lán-Ghaeilge. Nuair a ardaíodh an cheist seo sa Roinn, dúradh leis an eagraíocht go raibh gach múinteoir bunscoile cáilithe le múineadh trí mheán na Gaeilge cé go léiríonn tuairisc John Harris don Roinn céanna i 2006 go bhfuil 25% de dhaltaí rang 6 sna scoileanna Béarla á múineadh ag múinteoir a deir go bhfuil a c(h)uid Gaeilge lag. Is léir gur dócha go mbeadh deacracht ag na múinteoirí seo leis an nGaeilge a mhúineadh mar ábhar gan trácht í a úsáid mar mheán múinteoireachta. Tá súil ag an Roinn eolas a bheith acu maidir leis na poist bhuana go léir sa chóras faoi lár Mhí an Mheithimh agus déanfaidh siad iarracht na poist seo (mar aon leis na poist shealadacha) a líonadh ó na painéil éagsúla. Is léir go mbeidh dúshláin roimh an gcóras oideachais seo go léir a chur i gcrích faoi Mheán Fómhair 2011. An Ghaeilge san Ardteist - alt ar lch 6. Éiginnteacht maidir le Painéil na Múinteoirí

Upload: others

Post on 21-Jan-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

1

Samhradh 2011

Nuachtlitir an tSamhraidh“....chun an Ghaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh agan mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal ar fud fad na hÉireann.”

San Eagrán Seo:

Nuacht na hEarnála 1 & 6

Scéalta na 2mBunscoileanna

Scéalta na nIar- 3 & 18bhunscoileanna & nanAonad

Nuacht na 4hEagraíochta

Scoileanna Nua 6

Nuacht an Tuaiscirt 7

Gailearaí 8 & 9

Imeachtaí Idirscoile 10

Acmhainní 11

Forbairt Ghairmiúil 14Scoileanna

Líonra Réigiúnda 15

Nuacht Ghinearálta 17

Dátaí don Dialann

Comhdháil Bhliantúil

GAELSCOILEANNA TEO.

25 & 26 Samhain 2011

An Tulach Mhór

Nuacht na hEarnála

Leis na ciorraithe go léir atá áchur i bhfeidhm ag an RoinnOideachais agus Scileanna imbliana, tá líon na múinteoirí atále dul ar na painéilmúinteoireachta níos airde náriamh. De bharr seo, tá gachseans ann go líonfar na poistmúinteoireachta go léir ag anmbunleibhéal tríd na painéil. Táan Roinn ag plé le huasmhéidmúinteoirí don chóras agus nílcead acu an t-uasmhéid sin ashárú de réir rialacha an IMF.

Tá GAELSCOILEANNA TEO.,mar aon leis na páirtnéiríoideachais ag an mbunleibhéal,ag plé leis an an Roinn maidir leglanadh na bpainéal ar bhonnleanúnach. Is aimsiú múinteoiríatá in ann agus atá toilteanachmúineadh trí mheán na Gaeilgean dúshlán is mó atá roimh nascoileanna lán-Ghaeilge. Nuair aardaíodh an cheist seo sa Roinn,

dúradh leis an eagraíocht goraibh gach múinteoir bunscoilecáilithe le múineadh trí mheán naGaeilge cé go léiríonn tuairiscJohn Harris don Roinn céanna i2006 go bhfuil 25% de dhaltaírang 6 sna scoileanna Béarla ámúineadh ag múinteoir a deir gobhfuil a c(h)uid Gaeilge lag. Is léirgur dócha go mbeadh deacrachtag na múinteoirí seo leis annGaeilge a mhúineadh marábhar gan trácht í a úsáid marmheán múinteoireachta.

Tá súil ag an Roinn eolas abheith acu maidir leis na poistbhuana go léir sa chóras faoi lárMhí an Mheithimh agusdéanfaidh siad iarracht na poistseo (mar aon leis na poistshealadacha) a líonadh ó napainéil éagsúla. Is léir go mbeidhdúshláin roimh an gcórasoideachais seo go léir a chur igcrích faoi Mheán Fómhair 2011.

An Ghaeilge san Ardteist - alt ar lch 6.

Éiginnteacht maidir lePainéil na Múinteoirí

Page 2: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

2

Samhradh 2011

Scéalta na mBunscoileanna

Is ábhar lúcháire agus ábhar mórtais dúinn gobhfuil breithlá cúig bliana is fiche á cheiliúradhag Gaelscoil Ó Doghair i 2011. D’eagraíomarceolchoirm speisialta leis an ócáid seo amharcáil roimh laethanta saoire na Cásca. Bhían-oíche ag na daltaí ó Rang a trí-Rang a séagus bhain gach duine taitneamh is tairbhe as.

Is í Caitlín Móinbhíol príomhoide na scoile ó2009. Tá 14 múinteoirí ag obair sa scoil agus tá234 daltaí ag freastal uirthi.

Creid é nó ná creid, ach tá an cheathrú bratglas bainte amach againn don scoil. Bhí anobair ar siúl ar an gcoiste glas agus agMúinteoir Alice a bhí i bhfeighil air. Bhítionscnamh mór ar siúl sa scoil dar teideal “AgTaisteal go glas”. Bhí cúpla lá speisialta dethaisteal glas againn, agus rinne an coiste an-iarracht a chinntiú go rachadh gach dalta agusmúinteoir ar scoil ar bhealach glas. Reáchtálfar

searmanas bronnta an Bhrait Ghlais i gCathairLuimnigh go luath.

Beidh ár mbreithlá speisialta á cheiliúradhagainn arís sa tseachtain i ndiaidh ár gCéadChomaoineach. Cuirfear roinnt mhaith rudaíspeisialta ar siúl do na daltaí, na tuistí agus dárndóigh na hIar-scoláirí. Fógraítear nahimeachtaí ar ár suíomh nuawww.gaelscoil.com.

Brat Glas eile agus breithlá mór ag Gaelscoil Ó Doghair

Bhí múinteoirí agus páistí Ghaelscoil Chluainín,Co. Liatroma an-ghnóthach le tamall anuas. Imeasc na n-imeachtaí leathan a bhí ar bun,bhí: gairdín úr-nua na scoile a chruthú, páirt aghlacadh ag páistí i bhfeiseanna, i gCoirm GaelLinn, cumann na mbunscoileanna, blitz peile,glanadh an Earraigh, mar aon le Lá Oscailte areáchtáil agus MSU na Roinne Oideachas agusEolaíochta - uilig taobh istigh de chúpla mí!

D’éirigh thar cionn leis na páistí sa RannógGaeilge in san dá Fheis i Sligeach ag aimsir na

Cásca; bronnadh ceithre chorn ar pháistí nascoile le haghaidh comhrá agusaithriseoireachta, bhain ranganna a haon agusa dó an chéad áit amach sa chór aithris agusan chéad áit sa chomórtas drámaíochta faoibhun 10 mbliana d’aois. Ghlac na páistí uilig óranganna 1-5 páirt i gCoirm Gael Linn agusbronnadh dhá ghradam orthu.

Bhí gach uile páiste gafa le déanaí ag cur síolta,ag tabhairt aire do na bleibíní agus bláthannaagus ag coinneáil smachta ar ghairdín nagaelscoile.

Baineadh an-sult as an Lá Oscailte ar an 16úAibreán. Bhí spórt, spraoi agus craic ag gachéinne - na páistí, ach go háirithe. Ar an lá,tugadh seans do gach duine triail a bhaint as nagníomhaíochtaí seo a leanas: preabchaisleán,péinteáil aghaidhe, eolaíocht “funky”, ealaín,tóraíocht uibhe Cásca, seisiúin cheoil agusamhránaíochta srl. Bhí gach baill d’fhoireannna scoile i láthair chun eolas faoinngaelscolaíocht a chur ar fáil dóibh siúd a bhí áchuardach.

Gnóthach i nGaelscoil Chluainín

Page 3: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

3

Samhradh 2011

Scéalta na nIar-bhunscoileanna & na nAonad

Ghlac beirt ó Choláiste Íde, An Daingean, páirti gcomórtas Eolaí Óg na bliana; sin iad EimearNic Eoin ó Bhaile na nGall & Hannah NíChoileáin ó Chill Airne. Seo é an chéad uair arghlac an scoil páirt sa chomórtas.

Rinne siad taighde ar na féidearthachtaíleasacháin a bhaineann le cnámha agussliogáin éisc fágtha sa tionscal próiseála éisc.Fuair siad amach gur féidir na hiarsmaí seo amhuirniú isteach chun leasa talún orgánach atásaibhir i mianraí nádúrtha cosúil le cailciamagus fosfar.

Fuaireadar an-mholadh as an idé seo agusaithníodh an tábhacht a bhaineann lena leithéidde thionscnamh ina gceantar áitiúil.

Eolaí Óg na bliana

Tá an chéad Idirbhliain i nGaelcholáiste naMara faoi lán-seoil agus tá na daltaí an-gnóthach le ranganna, cúrsaí, imeachtaí agusturais. Ina measc, bhí turas go dtí an IonadOideachais faoin aer i mBealach Conglais,Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta i mBaileÁtha Í, Comórtas Eolaí Óg san RDS,glantachán an trá áitiúil, cuairt ar mhonarchaneitleáin Lufthansa i mBaile Dhónaill agus ar an

“Guinness Storehouse”.

Ba é buaicphointe na bliana ná turas scoile godtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chuncultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga natíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú.

Chomh maith leis sin, ghlac na scoláirí páirt igceardlanna ar ábhair éagsúla cosúil le ceolgaspal, an timpeallacht, ceannaireacht,dornálaíocht, drámaíocht, obair an DJ agusceardlann faoi “Public Access to Law” areáchtálfar go luath.

Le linn na bliana, cuireadh béim ar chúrsaífostaíochta agus oibre, le dhá thréimhse dethaithí oibre ar bun ag na daltaí i réimseleathan poist: chabhraigh siad le tréidlia, leleictreoir, le dlíodóir, in oifigí, i scoileanna, isiopaí agus fiú in RTÉ! Reáchtálfar trial-

agallaimh agus lá eolais ar shlite beatha dóibhníos déanaí sa téarma.

Cuireadh béim chomh maith ar fhreagrachtaínua agus ar scileanna eagrúcháin: d’eagraighcinnirí Gaeilge imeachtaí Seachtain nanGaeilge le labhairt na Gaeilge a spreagadh sascoil. D’eagraigh an rang Bricfeasta Cheeriosar son Childline agus Lá Bán-dearg ar sonWicklow Hospice Foundation.

An Chéad Idirbhliain i nGaelcholáiste na Mara

Page 4: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

4

Samhradh 2011

Nuacht na hEagraíochtaAthbhreithniú á dhéanamh ar Ár bPolasaí Gaeilge

Tá athbhreithniú ádhéanamh agGAELSCOILEANNATEO. ar an gcáipéis ÁrbPolasaí Gaeilge faoiláthair agus tá bhurgcabhair á lorg againn!Tá cúinsí nambunscoileanna lán-Ghaeilge athraithe gosuntasach ón am afoilsíodh an chéadleagan den pholasaí

agus táimid ag iarraidh seo a thógáil sanáireamh sa pholasaí athbhreithnithe.

Seolfar nóta amach chuig na bunscoileanna goluath ag lorg tuairimí i leith na nithe a ba chóir

cur leis an bpolasaí agus aon nuashonrú atá ledéanamh ar an gcéad leagan clóite. Bheimísan-bhuíoch dá bhféadfadh sibh tacú linn agusbhur dtuairimí a chur chugainn le cabhrú linnan polasaí a fheabhsú ar son na scoileanna.

Is féidir teacht ar chóipeanna leictreonachaden pholasaí ar shuíomh na heagraíochta(faoin gcnaipe ‘acmhainní’ ar an gcéadleathanach) nó tá fáilte roimh scoileannateagmháil a dhéanamh linn le cóipeanna cruaa lorg chomh maith. Má tá tuairimí ar bith agatmaidir leis na hathruithe atá le déanamh ar anbpolasaí seo, tá fáilte romhat iad a sheoladhchuig [email protected].

Maoiniú na hEagraíochtaTá samhail nua maoinithe á fhorbairt ag Forasna Gaeilge d’earnáil na Gaeilge. Tugann anForas maoiniú d’eagraíochtaí Gaeilge(GAELSCOILEANNA TEO. ina measc) ach tásiad ag féachaint ar mhaoiniú a thabhairt arbhonn a dtosaíochtaí straitéiseacha as seoamach agus ar chomórtais ina mbronnfaímaoiniú ar iarratais seachas ar eagraíochtaí. Isiad na réimsí atá luaite ag an bhForas lehaghaidh iarratas ná:

· Abhcóideacht agus taighde (lena n-áirítear ionadaíocht, scaipeadh eolais,soláthar acmhainní & tacaíochta donearnáil ina hiomláine).

· Na healaíona.· Raidió Pobail.· Oideachas.· Cumasú pobail.· Tacaíocht do theaghlaigh.· An ógra.

Tá an Foras ag forbairt na samhla seo faoiláthair agus tá sé i gceist acu í a chur ibhfeidhm i 2012. Tá comhairliúchán poiblí arsiúl acu faoi láthair agus iarann muid arscoileanna am a ghlacadh le bheith páirteachsa chomhairliúchán seo le go gcloisfí guth nascoileanna lán-Ghaeilge.

Tá eolas ina leith ar fáil ag www.gaeilge.ie . Máthéitear go bun an liosta faoi ‘Foras na Gaeilge’ar thaobh na láimhe deise ar an bpríomh-leathanach, pioc ‘Samhail nua maoinithe’ agusansin oscail an doiciméad dar teideal‘Comhairliúcháin Poiblí Márta 2011’. Tá eolassa doiciméad faoin treo atá molta ag Foras naGaeilge don todhchaí agus ó leathanaigh 9 go14 den doiciméad, faightear múnla d’fhoirmchomhairliúcháin atá inúsáidte ag an bpobal. Isé an 14 Meitheamh an spriocdháta donchomhairliúchán seo.

Cláraigh le seirbhís nuachta naheagraíochta ar

www.gaelscoileanna.ie

Page 5: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

5

Samhradh 2011

Page 6: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

6

Samhradh 2011

Scoileanna NuaGaelscoil nua amháin sna 26 contae i 2011 & ceann eile geallta do 2012

Tá aitheantas faighteag gaelscoil nuailchreidmheach i gCillDhéagláin, Co. na Mído Mheán Fómhair2011. Gaelscoil na Míis ainm don scoil, agustá Gaelscoil Ráth Tó (ad’oscail gan aitheantasi 2010) lecomhnascadh leis an

scoil nua seo, a bheas faoi phátrúnacht anFhorais Pátrúnachta. Beidh Gaelscoil na Mílonnaithe go sealadach ar thalamh an chlubCLG i gCill Dhéagláin go dtí go mbeidh suíomhbuan aimsithe ag an Roinn Oideachais agusScileanna di. Tá Gaelscoil na Mí ag glacadh lefoirmeacha clárúcháin anois do MheánFómhair 2011. Is féidir an fhoirm a íoslódáil ówww.foras.ie.

Tá aitheantas faighte ag coiste bunaitheGhaelscoil an Chuilinn do ghaelscoililchreidmheach nua i Mullach Eadrad, BaileÁtha Cliath 15 i 2012. Cosúil le Gaelscoil na Mí,beidh sí faoi phátrúnacht an FhoraisPátrúnachta. Tá an coiste bunaithe ag obair ar

an bhfeachtas ó 2008 leis an scoil a bhunú,agus tá díomá ar bhaill an choiste agus arthuismitheoirí an cheantair a bhí ag súil leis anscoil a oscailt i mbliana agus nach bhfuiláiteanna gaelscoile ar fáil dá bpáistí atá réidhle dul ar scoil i Meán Fómhair 2011. TáGAELSCOILEANNA TEO. agus pátrún nascoile ag plé leis an Roinn Oideachais agusScileanna ar a son maidir leis an gcinneadhgan aitheantas a thabhairt dóibh i mbliana, lesoiléireacht a lorg dóibh ar na critéir ar abunaíodh an cinneadh.

Cé go bhfuil an-dóchas ann don earnáil, legaelscoil amháin á oscailt i mbliana agusceann eile geallta do 2012, tá díomá arGAELSCOILEANNA TEO. nach bhfuil aird áthabhairt ag an Roinn ar na ceantair eiletimpeall na tíre ina bhfuil coistí bunaithe i mbundian-fheachtais le gaelscolaíocht a chinntiú dábpáistí.

Osclófar trí bhunscoil lán-Ghaeilge nua agussruth amháin i mbliana sna 6 contae. Tá scéalmaidir le Naíscoil nua a d’oscail ó Thuaidh ledéanaí le léamh ar leathanach 7.

Thacaigh GAELSCOILEANNA TEO. leis anngluaiseacht láidir i saol na Gaeilge aghníomhaigh leis an nGaeilge a choimeád marchroí-ábhar san Ardteist le linn an fheachtaisOll-toghchánaíochta i mbliana. De réir Chláiran Rialtais, díreofar ar chaighdeán agus aréifeachtacht mhúineadh na Gaeilge ag an daraleibhéal agus ansin déanfar an cheist achíoradh an ceart go mbeadh sí mar ábharroghnach don Ardteist. Is léir go mbeidh orainnsúil a choimeád ar seo!

Idir an dá linn, ar iarratas ón Aire Oideachaisagus Scileanna, tá an CNCM ag déanamhathbhreithnithe ar shiollabas Gaeilge nahArdteistiméireachta i bhfianaise na n-athruithe a tháinig ar an gclár le déanaí nuair a

ardaíodh na marcanna atá ag dul don bhéal-triail. Feicfear cén toradh a bheidh ar anathbhreithniú seo, go háirithe agus Clár anRialtais ag moladh go n-ardófaí na marcannadon bhéal-triail ó 40 go 50%! Má tá seo le cur igcomparáid leis an Teastas Eorpach doTheangacha (teastas teanga atá aitheantatrasna na hEorpa agus ar féidir a dhéanamh inaon teanga san Aontas Eorpach) sin dháoiread de na marcanna ag dul don bhéal-triail igcomparáid le réimsí eile teanga (léamh-thuiscint, cluas-thuiscint agus scríobh, gantrácht ar litríocht). Tá GAELSCOILEANNATEO. an-bhuartha go spreagfaidh seo an-laghdú ar chaighdeán na Gaeilge ag leibhéalna hArdteiste, rud a bheadh tubaisteach dothodhchaí na teanga.

Gaeilge ag leibhéal na hArdteistiméireachtaNuacht na hEarnála

Page 7: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

7

Samhradh 2011

Nuacht an Tuaiscirt

Bhí an t-Iar Aire Oideachais, Caitríona Ruane(tionól 2008-2011), i gCill Locha le deanaí chunnaíscoil úr lán-Gaeilge an bhaile, Naíscoil ChillLocha, a oscailt go hoifigiúil.

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire: “Is léiriú eile é seo ar bheocht earnáil nagaelscolaíochta agus na Gaeilge araon.Tugann an scoil nua seo deis do dhaoine ógaan Ghaeilge agus an cultúr a bhaineann léi achaomhnú agus a chur chun cinn don am iláthair agus do na glúnta amach romhainn.”

“Is buntáiste mór ag dalta é tosú amach artheanga a fhoghlaim go luath ina shaol agusféadann sé cur lena suim agus lena rath sanoideachas i gcoitinne. Féadann sé, chomhmaith, a muinín, a bhféinmheas agus an fonnfoghlama aige a chothú. Siúlann fíorbhuntáistele páistí dátheangacha ar feadh a saoil.”

Rinne an tAire comhghairdeas le coiste nanaíscoile a bhfuil an-obair déanta acu le cúpla

bliain anuas chun an ghaelscolaíocht a chur aran fhód i gceantar Chill Locha.

Chuir Martin Rice, cathaoirleach an choiste, iniúl go raibh an-suim á léiriú sa Ghaeilge sacheantar agus mhol sé tiomantas agus daingneintinne an choiste agus na dtuismitheoirí abhfuil páistí ar an naíscoil acu araon. “ Bheadhmuid ag iarraidh,” arsa An tUasal Rice, “ argach duine a bhfuil spéis aige nó aici saGhaeilge, sa chultúr Ghaelach, satumoideachas agus san éagsúlacht a bheithlinn sa tionscadal seo.”

“Is teist é bunú Naíscoil Chill Locha,” arsa ConorStiobhard, Oifigeach Forbartha de chuidChomhairle na Gaelscolaíochta atá ag obair igceantar Chill Locha, “ar obair chrua an phobailáitiúla chun an ghaelscolaíocht a chur ar fáilmar rogha ag tuismitheoirí agus páistí igceantar Chill Locha”.

Oscailt Oifigiúil ag Naíscoil Chill Locha i gCo. An Dúin

Page 8: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

8

Samhradh 2011

Gailearaí Scléip 2011

Buaiteoir Grand Prix Scléip Killian Ó Flanagáin ó Cheoltóirí Reachrann, GaelcholáisteReachrann le láithreoirí, moltóirí agus foireann GAELSCOILEANNA TEO.

‘Ceathrar Leaids’ ó Scoil Chaitríona.

Buaiteoir sa RannógIlchineálach, Gearóid ÓGealbháin, GaelcholáisteChiarraí

Gaelcholáiste Reachrann le‘Mairtíreacht Naomh Bríde’

Page 9: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

9

Samhradh 2011

Gailearaí Imeachtaí Idirscoile

Gaelscoil Adhamhnáin & Bunscoil Cholmcille

Gaelscoil Adhamhnáin & Bunscoil Cholmcille

Gaelscoil Bhun Cranncha, GaelscoilChois Feabhail & Gaelscoil na Daróige

Gaelscoil Thaobh na Coille, Scoil Lorcáin & Gaelscoil Phádraig

Page 10: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

10

Samhradh 2011

Imeachtaí Idirscoile

Tráth na gCeistD’fhreastail daltaí rang a cúig agus a sé óGhaelscoil Thaobh na Coille, An Chéim,Scoil Lorcáin, Baile na Manach agusGaelscoil Phádraig, Baile Breac ar thráth nagceist i halla Ghaelscoil Thaobh na Coille marchuid d’imeachtaí ‘Seachtain na Gaeilge’. 210dalta ar fad a d’fhreastail ar an imeacht seoagus foirne measctha idirscoile a bhí i gceist.(grianghraf thuas)

Idir gach babhta, chuir daltaí ó na scoileannaagus na ranganna éagsúla mír bheag ar anardán. Léiríodh an-mheascán tallainne snamíreanna seo, idir amhránaíocht ranga agusaonair, taispeántas gleacaíochta, ceol uirliseagus eile. Bronnadh spotduaiseanna freisin ardhaltaí a bhailigh eolas faoi na daltaí eile a bhíar an bhfoireann leo nó a bhí in ann ceisteannafaoi na scoileanna rannpháirteacha afhreagairt.  Bronnadh na spot-dhuaiseannadeireanacha ar an gcéad fhoireann amhalartaigh a gcuid geansaithe scoile! Bhían-lá go deo ag na daltaí agus na múinteoiríaraon.

Lá SpraoiTháinig naíonáin mhóra agus rang a haon óRush National School ar chuairt goGaelscoil Ros Eo le haghaidh lá spóirt agusspraoi. D’imir grúpa amháin cluichí clóis leisna múinteoirí ón ghaelscoil. Chuireamar anbhéim ar an teanga a mhúineadh goneamhfhoirmiúil trí chluichí agus eile. D’imirna páistí cluichí ar nós “Cén t-am é a mhictíre?”, Seachain an Liathróid, “An ligfidh tú

trasna na habhann mé?” agus cluichítóraíochta agus rásaíochta. (Griangraif thíos)

Spreag na páistí ón ghaelscoil an Ghaeilge imeasc na bpáistí eile. Ag an am céanna, rinnean grúpa eile “Blitz Peile” leis an gcóitseálaí ónchlub. Arís, chuir muid, agus eisean, an bhéimar an Ghaeilge. Bhí na foirne uilig meascthaidir na scoileanna. Théis lón, athraíodh nagrúpaí.

Ba bhreá linn rud mar seo a dhéanamh arís doSheachtain na Gaeilge an bhliain seo chugainn,ach ar feadh lae iomlán le ceardlann ealaínemar chuid de na himeachtaí!

Cuairt ScoileI mí Feabhra, tháinig rang a cúig agus MúinteoirMajella as Bhunscoil Cholmcille, Co. Dhoirear cuairt go rang a trí agus Múinteoir Pól inGaelscoil Adhamhnáin, Leitir Ceanainn.Bhí lá gnóthach ann ó thús an lae go deiridh,lán d’imeachtaí, craic, cluichí agus comhráití trímheán na Gaeilge.

Chuir na daltaí ón dá scoil aithne ar a chéile frídchluichí boird a imirt, páirt a ghlacadh i dtráth nagceist sa halla, cluichí clóis taobh amuigh agusféasta deas ag deireadh. Bhí na foirnemeasctha, idir buachaillí agus cailíní ón dá scoilagus bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí nagcomórtas. Seo an dara bhliain a reáchtáladhimeacht idir an dá scoil, le cuidiú ó dheontasGAELSCOILEANNA TEO. Tá nasc dearfachCruthaithe idir Gaelscoil Adhamhnáin agusBunscoil Cholmcille anois.

Page 11: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

11

Samhradh 2011

Acmhainní

An bhfuil bileoga dátheangacha de dhíth ó do scoil?Tá na hábhair thíos ar fáil saor in aisce do na scoileanna lán-Ghaeilge:

Bileoga tumoideachais Gaeilge / BéarlaBileoga tumoideachais Gaeilge / Rómáinis, Fraincis, Portaingéilis, Polainnis, RúisisBileoga iar-bhunscoile Gaeilge / BéarlaPacáistí eolais Gaeilge / Béarla le DVD‘Ár bPolasaí Gaeilge’

Glaoigh ar oifig GAELSCOILEANNA TEO. ar 01-8535195 chun ordú a chur isteach.

Téigh go ‘Acmhainní’ ar www.gaelscoileanna.ie chun liosta iomlán a fheiceáil nó chuncóip leictreonach a íoslódáil.

Ní Sheolfar ach uasmhéid de 30 pacáistí eolais sa phostas chuig aon scoil amháin debharr costais ar an eagraíocht. Má tá níos mó na 30 pacáiste de dhíth ó scoil ar bith, isféidir leo iad a bhailiú ón oifig, nó más mian le scoil iad a fháil uainn sa phostas, gearrfarcostas de €10 ar bheart de 10 bpacáiste. Ní cheadófar níos mó ná 100 pacáiste d'aonscoil amháin de bharr sriain ar líon na bpacáistí.

Tá scéim Phones for Boards ar bun ag angcumann carthanachta Jack & Jill a théannchun leasa na carthanachta agus nascoileanna a chabhraíonn leo.

Tá sean-fóin póca á bhailiú ag Jack and Jill óscoileanna. Déanann siad athchúrsáil ar nagutháin agus díolann siad iad. Téann dháthriain den bhrábús uaidh seo ar aghaidh chuigan charthanacht agus fillean an triain eile ar aisar na scoileanna. Anuas air seo, beidh deis ag

an dá scoil a bhailíonn an líon fón póca is airdebualadh le Jedward i mí an Mheithimh,spreagadh eile dóibh páirt a ghlacadh!

De ghnáth, dáileann Jack and Jill brábúis nascéime seo ar na scoileanna i bhfoirm táirgícosúil le: cláir bhána idirghníomhacha,ríomhairí glúine, leabhair, geansaithe,trealamh spóirt agus rudaí eile den chineál sin.Sa chás nach bhfuil táirgí ar bith de dhíth ónscoil, tugtar airgead tirim dóibh. Tá breiseolais ar fáil ó

www.jackandjill.ie/phonesforboards nó 1850-525545. Tá fáilte roimh ghlaonna as Gaeilgeagus is é Shane Whelan a bhíonn ag déileáil lefiosrúcháin ó na scoileanna lán-Ghaeilge.

Oibríonn fondúireacht Jack and Jill chuncuraimí faoisimh agus tacaíochtaí a sholáthardo pháistí le tinnis fhoircheanta acu agus dágclanna.

Fondúireacht Jack and Jill

Page 12: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

12

Samhradh 2011

Page 13: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

13

Samhradh 2011

Page 14: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

14

Samhradh 2011

Forbairt Ghairmiúil Scoileanna

Bhí comhdháil den scoth agGAELSCOILEANNA TEO. sa Tulach Mhór i2010, agus tá áthas orainn a rá go mbeidh muidag filleadh ar Óstán an Tullamore Court arís imbliana, ar an 25 agus 26 Samhain 2011.

Tá muid i mbun pleanála don chlár faoi láthairagus ba bhreá linn cloisteáil ó na scoileannaina leith. Tá suirbhé curtha le chéile againn ar

www.gaelscoileanna.ie agus bheimis thar abheith buíoch as moltaí a fháil maidir lecomhdháil na bliana seo. Déantar gach iarrachti gcónaí clár a chur le chéile a spreagfaidhneart ábhar machnaimh agus a thabharfaidhtacaíocht phraiticiúil do phobail uile nascoileanna; clár a bheidh suimiúil, fiúntachagus fairsing, le h-aoi chainteoirí clúiteachaagus saineolaithe dúchasacha.

Bíonn sé mar aidhm againn chomh maithgréasánú a chothú agus fóram plé a chur ar fáildo chleachtóirí agus taighdeoirí, le malartúsaineolais a éascú. Cuirtear béim ar ionchur namball sa comhdháil, go háirithe i dtaobh rún nacomhdhála ag an gCruinniú Cinn Bhliana.

Ba mhaith linn go mbeadh an oiread scoileannarannpháirteach ann agus is féidir agus déanfariarrachtaí ar leith i mbliana tuismitheoirí agusbaill na boird bainistíochta a mhealladh ag angCruinniú Cinn Bhliana ar an Satharn an 26Samhain.

Coinnigh súil ar suíomh idirlín na heagraíochtale haghaidh tuilleadh eolais, agus bí cinnte nadátaí a chur i do dhialann!

Comhdháil Bhliantúil GAELSCOILEANNA TEO. 2011 - Bíodh ionchur agat inti!

Tá cúrsaí nua ar-líne do mhúinteoirí ar fáil anoisó Gaelchultúr ar www.ranganna.com. Tugannan Roinn Oideachais agus Scileannaaitheantas do na cúrsaí seo agus beidh namúinteoirí a ghlacfaidh páirt in aon cheann díbhi dteideal trí lá saoire pearsanta breise (EPV) athógáil ar an gcoinníoll go dtabharfaidh siadfaoin gcúrsa ar bhealach éifeachtach aguscríochnúil.

Ní mór an cúrsa a dhéanamh am éigin idir 1 Iúil2011 agus 26 Lúnasa 2011. I rith na tréimhsesin, is fútsa atá sé cinneadh a dhéanamhcathain is mian leat staidéar a dhéanamh arábhar an chúrsa; is timpeall fiche uair an chloigsan iomlán a bheadh i gceist leis.

I measc na gcúrsaí atá ar fáil, tá:� Gaeilge Phraiticiúil do Mhúinteoirí

Bunscoile (bunaithe ar na rangannaéagsúla)

� Cruinneas sa Ghaeilge do MhúinteoiríBunscoile

� Áiseanna Teicneolaíochta Gaeilge donSeomra Ranga

De réir rialacha na Roinne Oideachais agusScileanna maidir le cúrsaí ar líne, ní bhfaighfidhrannpháirtithe Saoire Phearsanta Bhreise ach igcomhair cúrsa amháin. Gheobhaidhrannpháirtithe teastas agus taifead ar abhforbairt ghairmiúil leanúnach. Tá gach eolasmaidir leis na cúrsaí seo ar fáil ach teagmháil adhéanamh le Gaelchultúr ar 01 484 5220 nó1890 252 900.

Cúrsaí do Mhúinteoirí le Gaelchultúr

Page 15: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

15

Samhradh 2011

An Líonra Réigiúnach

Tá GAELSCOILEANNA TEO. ag obair legréasán tacaíochta a spreagadh idirscoileanna, le go mbeidh deiseanna rialta agpobail na scoile saineolas agus taithí a roinntar a chéile, dúshláin a phlé agus obair idteannta a chéile. Chuige sin, tá an tír roinnte i16 réigiún againn agus táimid i mbun cruinnithea eagrú i ngach ceann acu siúd.  Tugtarcuireadh do phobail na scoileanna áitiúlateacht agus bualadh le chéile i dteannta lehionadaí ón eagraíocht.

Tháinig scoileanna i ndeisceart Átha Cliathagus in Iarthar Chorcaí le chéile ag cruinnitheina gceantair féin le déanaí agus ba léir goraibh go leor ábhar plé acu – ceisteanna abhain lena scoilphobail féin agus roinnt eile abhaineann leis an earnáil i gcoitinne agus gurfiú iad a phlé ag leibhéal na heagraíochta. Tásúil ag an dá ghrúpa teacht le chéile arísamach anseo.

Tá súil agGAELSCOILEANNATEO. cruinnithe a eagrúin iarthar Átha Cliathagus i gCo. na Gaillimheroimh dheireadh nascoilbhliana reatha, agussna réigiúin eile ó MheánFómhair ar aghaidh.Coinnigh súil arwww.gaelscoileanna.iedo na dátaí!

Tá cruinnithe an líonra ar oscailt do phobal uilena scoileanna; foireann, Boird Bainistíochta,tuismitheoirí agus coistí bunaithe lonnaithe sacheantar – mar sin, tá fíor fáilte roimh ionadaíeile ón scoil freastal mura bhfuil an príomhoidear fáil, agus ar ndóigh, bheadh míle fáilte roimhthoscaireacht ón scoil má tá cúpla duine gurmian leo teacht.

Ar scáth a chéile a mhaireann na scoileanna!

Page 16: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

16

Samhradh 2011

Blúiríní nuachta ó COGG

Tá liosta cuimsitheach d’acmhainní don bhun agus don iar-bhunleibhéal ar fáil anois ó shuíomhgréasáin COGG, www.cogg.ie faoin mhír ‘Nuacht’.

Tá áis nua luath-litearthachta á fhorbairt ag COGG i gcomhpháirt leis an Áisaonad agus beidhLeibhéal 1 de 60 leabhar ar fáil san Fhómhar.

Tá an áis Mata-ar-Líne ar fáil saor in aisce ar www.ilearn.ie.

Tá na freagraí do Mata Meabhrach ar fáil ar www.cogg.ie faoi ‘ábhar staidéar’ - ‘bunscoileanna’- ‘mata’ - ó leabhar 2-6.

Nuacht Ghinearálta

Saol ar-líneFoilseofar ‘Saol na Gaeilge’ (ainm nua ar annuachtán Gaeilge ‘Saol’) i bhfoirmleictreonach as seo amach agus beidh anchéad eagrán ar fáil ón 15 Bealtaine.

Beidh daoine ina ann teacht air agwww.gaeilge.ie/saol áit ar féidir clárú leis. Táspás ann d’ár teideal ‘Ár Scoil’ ina mbeidhscéalta ó scoileanna éagsúla. Más mian lehaon scoil scéal a sheoladh isteach, ‘s é anseoladh rphoist ná [email protected]

Page 17: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

17

Samhradh 2011

Nuacht Ghinearálta

D’fhreastail suas go 3,000 aisteoirí, damhsóiríagus ceoltóirí óga ó bhunscoileanna i ngachcarn den tír ar fhéilte COIRM Gael Linn imbliana!  Eagraíodh sraith de na hócáidí aon-lae seo le linn mí Feabhra agus mí Márta inionaid éagsúla ar fud na tíre.

Tá COIRM ar an bhfód anois le deich mblianaagus é mar aidhm ag Gael Linn spreagadh athabhairt do lucht bunscoile seó i nGaeilge achur ar ardán a léiríonn na tallanna éagsúla atáag daltaí na scoile. Léiríonn na scoileannarannpháirteacha seónna ar théamaí éagsúlaina mbíonn meascán de mhíreanna; ceol,amhránaíocht, scéalaíocht, aithriseoireacht,rince agus eile.  Anuas air sin, bíonn deis ag nadaltaí na seónna ó scoileanna eile a fheiceáil.

Tá an-mholadh tuillte ag na múinteoirídíograiseacha ó na scoileannarannpháirteacha a léirigh seónna dathúla,spleodracha agus lán de spiorad.

Ní comórtas é COIRM Gael Linn, ach bíonnléirmheastóir i láthair ag gach féile agus tugtaraitheantas (i bhfoirm ghradaim) do mhíreannaas seónna a léiríonn ardchaighdeán agusbronntar cuimhneacháin den lá ar narannpháirtithe go léir.

Neart Tallainne ag COIRM Gael Linn 2011

Scoláirí Scoil Chearbhaill Uí Dhálaigh, Léiman Bhradáin ag féile COIRM Gael Linn

Fíbín ag cuartú Aisteoirí Óga!Tá Fíbín ag cuartú aisteoirí óga ó cheann ceannna tíre chun páirt a ghlacadh i SárScoilDhrámaíochta Fíbín an samhradh beag seo.Reáchtálfar eisteachtaí ar fud na tíre ón 11ú –27 Bealtaine. Tá siad oscailte do dhéagóirí leGaeilge atá idir 15mbl – 17mbl.

Is comhlacht drámaíochta Gaeilge é Fíbín, atálonnaithe i nGaeltacht Chonamara. Tá ancomhlacht ag iarraidh deis a thabhairt doGhaeilgeoirí óga na tire páirt a ghlacadh isárchúrsa drámaíochta trí mheán na Gaeilgean samhradh seo. Glacfaidh siad páirt i

gceardlanna drámaíochta leis an stiúrthóir PaulMercier (Aifric). Bhuaigh Aifric trí ghradam IFTAagus is tríd ceardlanna mar seo a d’aimsighléiritheoirí an chláir an talann óg a bhí le feiceáilar an gclár.

Tá Fíbín ar thóir talainne úr-nua. Má tá tuilleadheolais uait, is féidir dul i dteangmháil le Fíbín ag091-505855 nó [email protected].

Reáchtálfar éisteachtaí i gConamara, inGaillimh, i Sligeach, i mBaile Átha Cliath, igCorcaigh, i gCiarraí agus i nDún na nGall.

Dáta Baile/Cathair Áit Am11/5/11 Conamara Seanscoil Sailearna 5-8in12/5/11 Conamara Seanscoil Sailearna 5-8in14/5/11 Gaillimh Town Hall Theatre 10-2in18/5/11 Ciarraí An Lab, Sráid Eoin, An Daingean 4-8in19/5/11 Corcaigh Jury’s Inn 5-8in20/5/11 Baile Átha Cliath Conradh na Gaeilge 5-8in21/5/11 Baile Átha Cliath Conradh na Gaeilge 10-4in22/5/11 Baile Átha Cliath Conradh na Gaeilge 10-4in26/5/11 Sligeach Sligo Park Hotel 5-9in27/5/11 Dún na nGall An Chúirt, Gaoth Dobhair 5-9in

Page 18: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

18

Samhradh 2011

Roghnaíodh 11 daltaí ó GhaelcholáisteLuimnigh le freastal ar chúrsaí Samhraidh sanIonad um chumasach Óige in Ollscoil ChathairBhaile Átha Cliath i mí Iúil.

Gach bliain, roghnaíonn an t-Ionad ÓigeChumasach an barr 5% de na daltaí bunaithear thorthaí acadúla is airde le freastal ar agcúrsa Samhraidh. Tá Gaelcholáiste Luimnighthar a bheith sásta leis an ardú suntastach (ócheathrar g’aon duine dhéag) tagtha ar líon nandaltaí ón gColáiste a roghnaíodh i mbliana.

Tionóladh oíche eolais dothuismitheoirí agus daltaí len iada chur ar an eolas faointionscadal luachmhar seo.Labhair beirt dhaltaí óGhaelcholáiste Luimnigh ad'fhreastail ar chúrsa na blianaseo caite agus d’fhreagair siadceisteanna na dtuismitheoirí.Míníodh do thuismitheoirí gurféidir leo cabhair airgeadais alorg leis na táillí a bhaineannleis an gcúrsa seo a chlúdach.Scríobhtar ag Rúnaí na scoileagus cuirtear an iarratas ar

aghaidh ag CoisteGairmoideachais Chathair Luimnigh.

Tá príomhoide Ghaelcholáiste Luimnigh thara bheith bródúil as an éacht seo agus mhol séna daltaí maraon lena gcuid múinteoirí agustuismitheoirí.

Tá Coiste Gairmoideachais Chathair Luimnighrí-shásta leis na daltaí chomh maith agus dúirtPól Ó Péatain, Príomhoifigeach ChoisteGairmoideachais Chathair Luimnigh gogcruthaíonn seo go bhfuil dul chun cinnsuntasach, spleodrach déanta agGaelcholáiste Luimnigh sa cheantar mar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge d’ard-chaighdeán.

Ionad Óige Chumasach na h-ÉireannScéalta na nIar-bhunscoileanna (ar lean)

Bhuaigh an grúpa ‘Eile’ ó Laurel HillColáiste FCJ, Luimneach, comórtasnáisiúnta SIANSA GAEL LINN  saCheoláras Náisiúnta ar an 10Aibreán 2011. Tá an scoil 75 bliain aran bhfód i mbliana agus an-sástaleis an mbua seo.

Comhghairdeas leis na cailíní go léiragus lena múinteoir, Holly Geraghty(lár).

Siansa ag Coláiste Laurel Hill

Page 19: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú
Page 20: Nuachtlitir an tSamhraidh - Gaelscoileanna · dtí an Fhrainc. Seans iontach ab ea é chun cultúr na Fraince a bhlaiseadh agus teanga na tíre sin a chleachtadh agus a fheabhsú

20

Samhradh 2011

Nótaí