nuachtlitir - bunscoil ráth chairn · ranganna naíonán go rang 3. Úsáideann muid é mar chuid...
TRANSCRIPT
1
Fáilte
Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na
Nollag de Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh
Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as.
Laethanta Leabharlainne
Thug Rang 1 & Naíonáin Shinsearacha cuairt ar
an leabharlann ag éisteacht leis an údar Carmel
Uí Cheallaigh ar an 20/10/16. Bhí lá speisialta
eile ag Rang 3 faoi Roald Dahl le Méadhbh
Rúán, mar bhí ceiliúradh mór Roald Dahl ann i
mbliana. Bhí ceardlann Origami ag Rang 4
freisin. Tá muid an-bhuíoch den leabharlannaí
Treasa Uí Mháirtín a thugann chuile chúnamh
don scoil i rith na bliana agus a eagraíonn ócáidí
iontacha sa leabharlann dúinn. Déan cinnte an
leabharlann a úsáid agus leanaigí leis an
léitheoireacht i rith na Nollag!
Gleacaíocht
Bhí an-spraoi go deo ag páistí na scoile leis na
ranganna gleacaíochta a bhí ar bun sa scoil ag
deireadh mhí Mheán Fómhair 2016. Is cinnte go
gcuireann gleacaíocht go mór le saol na bpáistí
agus is cinnte go mbeidh Gary ón Ungair ar ais
arís againn, le cúnamh Dé, i 2017!
Rang 6 i mbun an rang gleacaíochta
Lúthchleasaíocht
Rinne na paistí scoile spréachadh ag Fr
Murphys ar an Aoine 21/10/16. Thug siad leo an
dá chorn, ceann na mBuachaillí & na gCailíní!
Táimid fíor -bhródúil go deo astu. Buíochas do
Ruairí Mac Conduibh & Brenda Ní Cheallacháin a
bhí in éindí leo. Comhghairdeachas ó chroí leo !
Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn
[email protected] www.bunscoilrathchairn.ie
046-9432837 Nollaig 2016
2
Lá Bándearg
Bhí lá bándearg againn ar an Aoine 21/10/16.
Ghléas chuile dhuine in éadaí bándearg agus
bhailigh páistí na scoile €240 ar son Cumann
Ailse na hÉireann. Go raibh míle maith agaibh
as ucht bhur dtacaíocht ar fad.
Suíomh Idirlín Nua
Tá athchóiriú déanta ar suíomh idirlín na scoile
agus tá sé ar fheabhas! Tá sé i bhfad níos
éasca rudaí a aimsiú air agus tá feilire
idirghníomhach ann gur féidir imeachtaí
laethúil na scoile a fheiceáil. Míle buíochas do
Ruairí Mac Conduibh a rinne an oiread oibre
leis. Is féidir libh breathnú air ag:
www.bunscoilrathchairn.ie
Féile Rugbaí:
Bhí féile rugbaí ag Rang 5 & 6 ar an 27ú Meán
Fómhair agus bhí an-lá go deo acu.
Tá muid fíor bhuíoch do Ruairí Bond agus na
múinteoirí a thug ann iad.
Aisteoirí Áth Buí
Bhí cuairteoirí an-speisialta againn i mí
Dheireadh Fómhair Hugh de Lacy agus Tiarnáin
Ó Ruairc! Bhí troid fiachmhar acu i halla na
scoile!
Cigire Teagacs Críostaí Máirín Ní Ainín
Thug an Cigire Teagacs Críostaí Máire Ní
Ainín cuairt ar an scoil ar an Aoine 9ú
Nollaig . Bhí sí an-sásta leis an méid oibre
atá dhá dhéanamh sa scoil ó thaobh an
Teagasc Críostaí de. Labhair sí leis na
páistí ar fad agus mhol sí go mór iad.
Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga
Bhí Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga ag
foireann na scoile ar an 6/12/16. Beidh
muid ag súil go mór le cur leis an teanga
labhartha i nGaeilge agus i mBéarla.
3
Féile na Mí
Comhghairdeachas leis na páistí ar fad a ghlac
páirt i bhFéile na Mí . Chas siad go hálainn
ceolmhar. Bhí buaiteoirí ón scoil sa gcomórtas
damhsa freisin! Déanann muid
comhghairdeachas ó chroí leo. Táimid an –
bhródúil astu.
Uaireannta Breise Pháirc an Chrócaigh
Déanann foireann na scoile ar fad uaireannta
breise Pháirc an Chrócaigh. Is
minic go mbíonn an fhoireann ar fad istigh ar an
Máirt ón 8.15-9.15 agus bíonn aoichainteoirí nó
cúrsaí eile ar siúl againn i rith na bliana ar
laethanta éagsúla ón 3-5.
Beidh cúrsa Cleachtas Aisiríoch ar bun ag
foireann na scoile ag tosú ar an 10/1/17 ar
feadh ceithre seachtainí le cúnamh Dé ón 3-5.
Iníon Uí Ghuidhir ag obair le Rang 1
Léim sa Litearthacht
Tá an Léim sa Litearthacht faoi lán tseoil sna
ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é
mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta
agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile.
Bláthnaid Libh
Bhí an-tráthnóna ag cuid de na páistí i Rang 1
agus 2 nuair a rinne siad léirmheastóireacht ar
leabhair Ghaeilge don Nollaig do chlár radio
RnaG, 'Bláthnaid Libh', ar an Satharn
17/12/16. Is iarscoláire na scoile í Bláthnaid
agus cuireann sí Ráth Chairn ar an mapa i gcónaí
bail ó Dhia uirthi!
4
Oíche Shamhna
Comhghairdeachas leis na páistí agus na
tuismitheoirí ar fad a rinne a gcuid cultacha
athchúrsáilte féin le haghaidh Oíche Shamhna.
Bhí seó faisin galanta scanrúil againn sa halla
agus bhí an-spraoi ag an scoil ar fad. Is breá le
páistí na scoile seo spórt na Samhna.
Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí
Bhí na Cruinnithe Tuismitheoirí
Múinteoirí againn ar an Déardaoin 24/11/16 ón
3-6.30. Tá mé cinnte go raibh sibh an-sásta le
dul chun cinn bhur bpáistí.
Síntiús Deonach
Tá muid an-bhuíoch do na tuismitheoirí ar fad
a thugann síntiús deonach don scoil. Is mór
againn an cúnamh agus an tacaíocht a thugann
sibh don scoil i gcónaí. Caitear an t-airgead ar
fad ar leabhair agus fearas scoile do na páistí
agus tá muid chomh buíoch as bhur gcúnamh ar
fad.
Féilire na Scoile
Tá féilire álainn scoile againn i mbliana le
haghaidh 2017! Tá muid an-bhuíoch do Áíne
Máire Uí Laoire, Lisa Uí Bheig agus Michaella Uí
Dhúlainne a chuir an-obair ann ag cuartú
urraithe dhó. Is iontach an áis é i dteach agus
chomh maith le sin tá deis agaibh a bheith
breathnú ar pháistí iontacha na scoile!
Boscaí Bróg na Nollag do Hope
Ghlac páistí na scoile páirt i bhFeachtas Boscaí
Bróg na Nollag. Chruinnigh siad 107 bosca bróg
do Team Hope. Tá muid fíor bhuíoch díobh ar
fad.
Ceardlann Mata
D’éagraigh Bn Uí Thuama agus Rang 6 ceardlann
Mata don scoil ar fad i rith seachtain na
Matamaitice. Bhí siad ar fheabhas. Bhí staisiúin
éagsúla ann idir Am, Toilleadh, Fad, Rangú ,
Fadhbanna, Airgead agus go leor rudaí eile.
Bhain muid an-taitneamh as agus is breá le
páistí Scoil Uí Ghramhnaigh MATA!
5
Cumann Naomh Uinseann de Pól
Go raibh míle maith ag chuile dhuine a thug bia,
brioscaí agus seacláidí isteach le haghaidh
Cumann Naomh Uinseann de Pól.
Déanfaidh sé difríocht mhór do dhaoine an
Nollaig seo.
Díolachán Earraí
Bhí Díolachán Éarraí dochreidthe sa scoil ar an
Domhnach 4/12/16. Bhí cór na scoile ag casadh
ag Aifreann an lae agus ansin tháinig muid ar
fad ar ais chuig halla na scoile le haghaidh an
spóirt agus an spraoi.
Go raibh míle míle maith ag na tuismitheoirí ar
fad a d’eagraigh an ócáid iontach. Bhailigh siad
síntiúis ó na gnóthaí ar fad timpeall an
cheantair agus ó na comhlachtaí ar fad a
mbíonn an scoil ag plé leo. Bhí an halla ag
breathnú go hiontach. Bhí fógraí nua ann i
mbliana a bhreathnaigh go hálainn.
Bhí aghaidheanna dhá bpéinteáil agus bhí
iongacha dhá maisiú .
Seomra nua Dhaidí na Nollag!
Bhailigh Cumann na dTuismitheoirí €9,500.
Comhghairdeachas ó chroí leo agus go raibh
míle maith ag chuile dhuine a tháinig agus chuile
dhuine a cheannaigh earraí ar an lá.
Ceolchoirm na Nollag
Bhí ceolchoirm na scoile againn ar an Mháirt
20ú agus Dé Céadaoin 21ú Nollaig ag 7 a chlog.
Bhí páistí na scoile ar fad páirteach ann.
Chomh maith leis na haisteoirí iontacha a bhí ar
an stáitse ar an dá oíche sin bhí amhránaithe
agus ceoltóirí na scoile.
Chas an grúpa sean-nóis agus an grúpa Spáinise.
Bhí drámaí na Nollag iontach againn ó Rang na
Naíonáin Shinsearacha agus ó Rang 4.
6
Bhí chuile rang ar fheabhas. Molann muid go
mór iad. Tá buíochas mór millteach tuillte ag
na múinteoirí ranga a dhéanann an oiread oibre
le páistí na scoile , chomh maithe leis na
cúntóirí ranga agus cuntóirí teangan.
Go raibh míle maith agaibh ar fad!
Is breá linn an crannchur!
Seomraí Nua
Tá an seomra nua acmhainne faighte againn
agus tá sé go hálainn. Tá oifig an rúnaí curtha in
aice leis an doras tosaigh anois agus tá seomra
tacaíochta foghlama nua ag Bn. Uí Riain chomh
maith. Tá leithreas nua sa halla againn freisin .
Teastaionn níos mó áit stórála don stáitse ,
cathaoireacha, trollaithe & rl. Tá plean curtha
le chéile ag an ailtire Pat Weafer dhúinn. Beidh
muid ag tabhairt faoin seomra stórais i 2017 le
cúnamh Dé.
Seomra Suaimhneach
Tá seomra Suaimhneach againn sa scoil anois do
pháistí na scoile. Tá muid faoi chomaoin ag
Cumann na dTuismitheoirí a thug an maoiniú ar
fad dúinn. Míle buíochas le Trudi de Brún a
rinne an oiread oibre leis an dearadh ar fad. Tá
muid chomh buíoch do June Rayfus freisin a
chuir na cuirtíní ar fáil. Is iontach go deo an
spas é agus baineann agus bainfidh páistí na
scoile an oiread tairbhe as !
Plásóg Aclaíochta agus Gairdín na Scoile.
Is gearr go mbeidh plásóg aclaíochta ag an scoil
le cúnamh Dé agus beidh athchóiriú dhá
dhéanamh ar ghairdín na scoile. Má tá
tuismitheoirí sásta aon chúnamh a thabhairt le
réiteach nó glanadh níl ort ach do ainm a
thabhairt don scoil 0469432837 . Beidh
Cumann na dTuismitheoirí dhá mhaoiniú seo
freisin bail ó Dhia orthu. Nach aoibhinn Dia do
pháistí na scoile seo!
Beannachtaí na Nollag
Tá muid an-bhuíoch do chuile dhuine a thugann
cúnamh don scoil i rith na bliana. Bhí bliain
cheiliúrtha iontach againn i 2016! Guíonn muid
Nollaig faoi shéan is faoi mhaise ar chuile
dhuine agus feicfidh muid ar ais ar scoil sibh ar
an Luan 9ú Eanáir, 2017 le cúnamh Dé!