smaointe le foghlaim a nascadh (sfn) · na séasúir agus na hathruithe a thugann gach séasúr...

13
FÓCAS Tá fiosracht ó dhúchas i bpáistí faoi na séasúir agus na hathruithe a thugann gach séasúr leis. In 'Turas Tríd an Bhliain' amharcfaidh siad ar an dóigh a n-athraíonn na séasuir agus mar a théann sin i bhfeidhm ní amháin ar a saol féin ach ar shaol daoine sa domhan mór. Rúin Mholta Foghlama Gníomhaíochtaí Molta An dóigh le tabló a úsáid le himeachtaí a athchruthú a thuiscint. Na himeachtaí a athchruthú ag úsáid tabló. An dóigh le straitéis lorg smaointe a úsáid a thuiscint. Bheith eolach ar chuid de scileanna míme agus tobchumtha. An dóigh a dtig le ceol agus éifeachtaí fuaime mím a fhorbairt nó an dóigh a dtig le script tobchumadh a fhorbairt a thuiscint. Pléigh imeachtaí a tharlaíonn trí na séasúir, mar shampla, Geimhreadh/Nollaig, Earrach/Cáisc, saoire an tSamhraidh agus Fómhar/Oíche Shamhna agus mol imeachtaí eile séasúracha, mar shampla, déanamh fear sneachta, breithlaethanta agus léirithe scoile. Roinn i ngrúpaí 3-6 agus láithrigh tabló imeachta (pictiúr socair struchtúrtha). Tig leis na daltaí a thomhas cad é an t- imeacht, mar shampla, baint sméar dubh, tógáil caisleáin ghainimh, maisiú chrainn Nollag, imirt bob nó bia. Fiafraigh den rang cad é, dar leo, a bheadh ar intinn gach duine sa tabló (lorg smaointe) agus ansin iarr ar gach duine smaoineamh a rá. Taifead an tabló ag úsáid ceamara digiteach agus cuir bolgáin chainte leis. Amharc ar an phacáiste bogearraí 'Kartouche Composer' agus athchruthaigh idéanna cosúla nó úsáid é le struchtúr an scéil a fhorbairt. Taighid saothar roinnt ealaíontóirí a léiríonn imeachtaí agus athchruthaigh sa rang iad, mar shampla, 'Potato Pickers' agus 'The Turf Cutters' le Henry, 'An Phicnic' le Monet, 'Na hImreoirí Cártaí' le Cezanne, 'An Luascadán' le Renoir, 'Bean ag Iarnáil' agus 'Rang Damhsa' le Degas, 'An Bhalcóin' le Manet, 'Dáil an Teaghlaigh' le Bazille. Ag úsáid an tabló mar thús nó mar dheireadh, forbair an radharc ina mhím ghairid nó ina thobchumadh. Struchtúraíonn na daltaí an scéal ag úsáid míme nó ag cur ceol cúlra nó éifeachtaí fuaime leis, nó ag forbairt na scripte ina ghníomhú don chuid eile den rang. SULT AS IMEACHTAÍ NA BLIANA Eochairchéim: 2 Blianta: 5/6 Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN) • amharc ar shaothar ealaíontóirí; • cumadóireachtaí fuaime; • samhlacha créleice; • ealaín agus ceol; • drámaíocht. • taghdanna agus mothúcháin faoi thionchar na séasúr; • sláinte phearsanta; • sábháilteacht sa dorchadas; • sábháilteacht shéasúrach (feirmeoireacht, grian, uisce); • féilte crábhaidh; • traidisiúin agus ceiliúrthaí tríd an bhliain; • ceiliúrthaí agus féilte i bpobail timpeall an domhain. • áit; • idirspleáchas; • athrú le himeacht ama; • gluaiseacht agus fuinneamh. Forbairt Phearsanta & Comhthuiscint Na hEalaíona An Domhan Thart Orainn • réimse gluaiseachtaí coirp a thástáil agus a fhiosrú; • damhsa a chruthú; • gníomhartha agus gluaiseachtaí a bhaineann leis na séasúir. Corpoideachas TURAS TRÍD AN BHLIAIN

Upload: others

Post on 18-Feb-2021

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • FÓCA

    S Tá fiosracht ó dhúchas i bpáistí faoina séasúir agus na hathruithe athugann gach séasúr leis. In 'TurasTríd an Bhliain' amharcfaidh siad aran dóigh a n-athraíonn na séasuiragus mar a théann sin i bhfeidhm níamháin ar a saol féin ach ar shaoldaoine sa domhan mór.

    Rúin Mholta Foghlama

    Gníomhaíochtaí Molta

    • An dóigh le tabló a úsáid le himeachtaí a athchruthú a thuiscint.• Na himeachtaí a athchruthú ag úsáid tabló.• An dóigh le straitéis lorg smaointe a úsáid a thuiscint.• Bheith eolach ar chuid de scileanna míme agus tobchumtha.• An dóigh a dtig le ceol agus éifeachtaí fuaime mím a fhorbairt nó an dóigh a dtig le script tobchumadh a

    fhorbairt a thuiscint.

    Pléigh imeachtaí a tharlaíonn trí na séasúir, mar shampla, Geimhreadh/Nollaig, Earrach/Cáisc, saoire an tSamhraidhagus Fómhar/Oíche Shamhna agus mol imeachtaí eile séasúracha, mar shampla, déanamh fear sneachta,breithlaethanta agus léirithe scoile.

    Roinn i ngrúpaí 3-6 agus láithrigh tabló imeachta (pictiúr socair struchtúrtha). Tig leis na daltaí a thomhas cad é an t-imeacht, mar shampla, baint sméar dubh, tógáil caisleáin ghainimh, maisiú chrainn Nollag, imirt bob nó bia. Fiafraighden rang cad é, dar leo, a bheadh ar intinn gach duine sa tabló (lorg smaointe) agus ansin iarr ar gach duinesmaoineamh a rá. Taifead an tabló ag úsáid ceamara digiteach agus cuir bolgáin chainte leis. Amharc ar an phacáistebogearraí 'Kartouche Composer' agus athchruthaigh idéanna cosúla nó úsáid é le struchtúr an scéil a fhorbairt.

    Taighid saothar roinnt ealaíontóirí a léiríonn imeachtaí agus athchruthaigh sa rang iad, mar shampla, 'Potato Pickers'agus 'The Turf Cutters' le Henry, 'An Phicnic' le Monet, 'Na hImreoirí Cártaí' le Cezanne, 'An Luascadán' le Renoir, 'Beanag Iarnáil' agus 'Rang Damhsa' le Degas, 'An Bhalcóin' le Manet, 'Dáil an Teaghlaigh' le Bazille.

    Ag úsáid an tabló mar thús nó mar dheireadh, forbair an radharc ina mhím ghairid nó ina thobchumadh.Struchtúraíonn na daltaí an scéal ag úsáid míme nó ag cur ceol cúlra nó éifeachtaí fuaime leis, nó ag forbairt nascripte ina ghníomhú don chuid eile den rang.

    SULT AS IMEACHTAÍ NA BLIANA

    Eochairchéim: 2 Blianta: 5/6

    Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN)

    • amharc ar shaothar ealaíontóirí;• cumadóireachtaí fuaime;• samhlacha créleice;• ealaín agus ceol;• drámaíocht.

    • taghdanna agus mothúcháin faoi thionchar na séasúr;

    • sláinte phearsanta;• sábháilteacht sa dorchadas;• sábháilteacht shéasúrach

    (feirmeoireacht, grian, uisce);• féilte crábhaidh;• traidisiúin agus ceiliúrthaí tríd an bhliain;• ceiliúrthaí agus féilte i bpobail

    timpeall an domhain.

    • áit;• idirspleáchas;• athrú le himeacht ama;• gluaiseacht agus fuinneamh.

    Forbairt Phearsanta &Comhthuiscint

    Na hEalaíona

    An Domhan ThartOrainn

    • réimse gluaiseachtaí coirp a thástáilagus a fhiosrú;

    • damhsa a chruthú;• gníomhartha agus gluaiseachtaí a

    bhaineann leis na séasúir.

    Corpoideachas

    TURAS TRÍD AN BHLIAIN

  • Rúin Mholta Foghlama

    Rúin Mholta Foghlama

    Gníomhaíochtaí Molta

    • Bheith eolach ar éagsúlacht patrúin fuaime agus ar dhóigheanna le fuaimeanna a chruthú.• Na dóigheanna a dtig fuaimeanna a rangú a thuiscint.• An gá atá le fuaimeanna agus gluaiseachtaí a sheicheamhú a thuiscint.• Cuid d'uraiceacht an cheoil a thuiscint.

    Dianscrúdaigh na fuaimeanna a chluintear i ngach séasúr, mar shampla, siosarnach duilleog, oícheanta gaoithe,dordán beach nó ceiliúr éan. Pléigh agus socraigh an dóigh leis na fuaimeanna seo a ghrúpáil, mar shampla,ard/íseal, callánach/ciúin nó guth/eile. Déan aithris ar na fuaimeanna seo le glórtha, uirlisí seomra ranga agusábhair ón timpeallacht, mar shampla, craobhóga ag briseadh, cnónna capaill, torainn phléascacha, smeach oighir.

    Úsáid bogearraí TFC mar 'Compose World Junior' le fuaimscéal séasúrach a fhiosrú, a chumadh agus a léiriú agúsáid a bhfuil d'áiseanna fáil, mar shampla, glórtha, uirlisí seomra ranga agus áiseanna ón timpeallacht. Cruthaighagus tarraing scór pictiúrtha a sheasfadh don fhuaimscéal. Cum, gníomhaigh agus taifead aistear trí bhliain i saolainmhí áirithe, mar shampla, éan, sicín nó iora.

    Éist le héagsúlacht ceoil, amhrán agus filíochta faoi na séasúir agus pléigh an dóigh a léirítear gach séasúr, marshampla, 'Young Puffin Book of Verse'.

    AN gCLUINIMID FUAIMEANNA ÉAGSÚLA ARFEADH NA BLIANA?

    CAD IAD COMHARTHAÍ NA SÉASÚR?

    • Bheith eolach ar cháilíochtaí réimse ábhar agus uirlisí le hidéanna a fhíorú.• Bheith eolach ar theicnící éagsúla le hábhair a cheangal.• A thuiscint gurbh fhéidir go mbeadh réimse fuascailtí féideartha ar fhadhb.• An dóigh le roinnt eilimintí amhairc a úsáid a thuiscint.

    Gníomhaíochtaí Molta

    Úsáid foinsi TFC agus áiseanna mar 'Encarta Encyclopaedia', an t-idirlíon nó ceamaraí gréasáin le grianghraifcineálacha eagsúla éan, a ngnáthóga agus a neadacha a thaighde. Breathnaigh agus pléigh cosúlachtaí agusdifríochtaí, san áireamh cluimhreach, neadacha srl. Roghnaigh éan nó a ghnáthóg le múnlú ag úsáid cré.

    Le samhail a dhéanamh de nead agus d'uibheacha éin, roll amach leac cré agus cóirigh é le bonn a chruthú.Úsáid cré le nead agus uibheacha éin a mhúnlú ag úsáid na dteicnící cearta ceangail (scóráil faoin chruth aguscumasc na n-imeall le plaic), ceangail leis an bhonn le híomhá rilífe a dhéanamh. Tig duilleoga nó géaga a churann fosta. Úsáid uirlisí éagsúla múnlaithe nó rudaí a fuarthas le héifeachtaí suimiúla uigeachta a chruthú.Tástáil le meascadh agus meaitseáil dathanna agus críochnaigh an píosa le péinteáil i ndathanna agus patrúinoiriúnacha. Cumhdaigh le APV le cuma ghlónra a chruthú.

    Bí páirteach i seisiún 'amharc agus tarraing' bunaithe ar athruithe sna séasúir. Taispeáin an obair agus labhairfaoin dóigh a ndearnadh í, na deacrachtaí ar teagmhaíodh leo, an dóigh ar fuasclaíodh iad agus ar ghnéitheden obair ar éirigh go sármhaith leo.

    Déan taighde ar obair ealaíontóirí a léiríonn comharthaí séasúracha, mar shampla, 'The Haywain' le Constable,'Sunflowers' le Van Gogh, 'The Turf Cutters' nó 'The Potato Pickers'. Pléigh an dóigh a léirítear na séasúir. Úsáidiad mar spreagadh lena bpictiúir féin a chruthú. Pleanáil taispeántas do thuismitheoirí nó do phobal na háite,agus díol nó ceantáil an obair ar son charthanais roghnaithe. Dear póstaeir agus ticéid fhógartha.

  • Eochairchéim: 2 Blianta: 5/6

    FÓCA

    S Tá fiosracht ó dhúchas i bpáistí faoina séasúir agus na hathruithe athugann gach séasúr leis. In 'TurasTríd an Bhliain' amharcfaidh siad aran dóigh a n-athraíonn na séasuiragus mar a théann sin i bhfeidhm níamháin ar a saol féin ach ar shaoldaoine sa domhan mór.

    Gníomhaíochtaí Molta

    Bailigh grianghraif leanaí agus imir 'Cé hÉ?' Pléigh na hathruithe a tharla agus an dóigh, i gcásanna áirithe, araithníodh daoine. Labhair ar na hathruite nach dtig a fheiceáil, mar shampla, cumas foghlama, smaoineamh níosaibí srl.

    Dianscrúdaigh na focail 'Fisiceach', 'Mothúchánach' agus 'Sóisialta'. Tiomsaigh trí liosta focal. Dírigh ar na tríchatagóir agus liostaigh na difríochtaí idir gach céim forbartha: 'mise, i mo leanbh'; 'mise, anois'; 'mise, agus mé imo dhéagóir'; 'mise, agus mé aosta'.

    Pléigh na hathruithe a d'fhéadfadh tarlú le himeacht ama agus malartaigh idéanna ar cad é mar a thiocfadh leoteacht chun réitigh leis na hathruithe fisiceacha, mothúchánacha agus sóisialta.

    I ngrúpaí aon inscne, liostaigh na dóigheanna arb ionann agus ar dhifriúil gasúir agus girseacha faoi naceannteidil: 'Fisiceach', 'Mothúchánach' agus 'Sóisialta'. Taispeáin na torthaí a lorg tuairimí.

    Pléigh, dear agus roinn spriocliosta nó mianliosta faoi na ceannteidil: 'Éacht i…', 'An cineál duine a nglacfainn aáit…', 'Athrú coirp…'.

    Smaoinigh ar dhóigheanna le cuimhní gaolta agus/nó baill níos sine sa phobal a bhailiú. Smaoinigh ar imeachtfiontraíochta a eagrú leis na torthaí a roinnt, mar shampla, tabhair cuireadh do na gaolta níos sine agus do bhaillan phobail chuig láithriú nó taispeántas cuimhní cinn.

    • amharc ar shaothar ealaíontóirí;• cumadóireachtaí fuaime;• samhlacha créleice;• ealaín agus ceol;• drámaíocht.

    • taghdanna agus mothúcháin faoi thionchar na séasúr;

    • sláinte phearsanta;• sábháilteacht sa dorchadas;• sábháilteacht shéasúrach

    (feirmeoireacht, grian, uisce);• féilte crábhaidh;• traidisiúin agus ceiliúrthaí tríd an bhliain;• ceiliúrthaí agus féilte i bpobail

    timpeall an domhain.

    • áit;• idirspleáchas;• athrú le himeacht ama;• gluaiseacht agus fuinneamh.

    Forbairt Phearsanta &Comhthuiscint

    Na hEalaíona

    An Domhan ThartOrainn

    • réimse gluaiseachtaí coirp a thástáilagus a fhiosrú;

    • damhsa a chruthú;• gníomhartha agus gluaiseachtaí a

    bhaineann leis na séasúir.

    Corpoideachas

    Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN)

    TURAS TRÍD AN BHLIAINRúin Mholta Foghlama

    • Bheith eolach ar chuid de na hathruithe mothúchánacha, fisiceacha agus sóisialta a tharlaíonn sa bheatha.• Príomhchéimeanna shaolré an duine a thuiscint.

    AISTEAR ATÁ SA BHEATHA

  • Rúin Mholta FoghlamaRúin Mholta Foghlama

    Gníomhaíochtaí Molta

    • Fios a bheith agat go bhfuil éagsúlacht leathan mothúchán ann a thig a chur in iúl ar dhóigheanna difriúla.• An dóigh a dtig le mothuithe dul i bhfeidhm ar shaol duine a thuiscint.• Bheith eolach ar chuid de na dóigheanna le déileáil le taghdanna éagsúla.

    Malartaigh tuairimí faoin dóigh a dtig le seasúir dul i bhfeidhm ar mhothuithe agus ar mhothúcháin. Mínigh cadchuge a dtarlaíonn sé seo agus tabhair samplaí praiticiúla. Le drámaíocht agus rólghlacadh fiosraigh cuid de namoltaí.

    Le linn am ciorcail, spreag idéanna faoi mhothuithe agus mhothúcháin a bhaineann leis na séasúir agus leis anaimsir, mar shampla, 'ar thrá sa samhradh mothaím…', 'in uaimh le linn mórtas farraige…'.

    Pléigh straitéisí le déileáil le hathruithe taghaid. Ceap cairt taghaid, cinn ar dhathanna agus chruthanna áirithe leseasamh do na mothúcháin éagsúla.

    Tarraing pictiúr, úsáid grianghraf nó pictiúr irise a thaispeánann mothúcháin éagsúla. Lipéadaigh agus taispeáin anpictiúr agus labhair ar na mothúcháin agus na mothuithe agus gaolaigh le cásanna san fhíorshaol iad.

    IS MÉ AN RUD IS MÉ FANACHT SÁBHÁILTE AR FEADH NA BLIANA

    • Cuid de na contúirtí agus na guaiseanna a bhaineann le saol an uile lae a thuiscint.• Bheith eolach ar roinnt bearta cuí sábháilteachta do réimse dálaí.• Dóigheanna a dtig roinnt taismí a chosc a thuiscint.• Bheith eolach ar an ghníomh is cóir a dhéanamh i gcás roinnt éigeandálacha.

    Gníomhaíochtaí Molta

    Labhair ar choincheap na sábháilteachta agus ar ghnáthchontúirtí a bhaineann le saol an uile lae. Déan taighde ar na rioscaí, guaiseanna agus ar dhaoine a bhaineann le ceann díobh seo: an baile, an scoil,bóthar, feirm, grian, farraige agus bia. Fiosraigh staitisticí ábhartha agus faigh agus léirmhínigh léirithegrafacha na staitisticí. Tarraing, lipéadaigh nó tóg grianghraif de chontúirtí agus rioscaí féideartha. Láithrigh narioscaí mar rang iomlán agus cuir chun tosaigh coincheap na dóchúlachta.

    Fiosraigh dóigheanna a dtig na rioscaí a íoslaghdú. Dearbhaigh bunrialacha a chuideodh le timpeallachtshábháilte a bhuanú. Ina mbeirteanna, roinn agus grúpáil idéanna, ag caitheamh amach athidéanna. Láithrighagus rangaigh na hidéanna mar rang iomlán. Labhair trí phróiseas straitéise éigeandála i ngach cás, marshampla, breathnaigh an cás, measúnaigh an riosca, an áit le cabhair a lorg, beart a dhéanamh.

    Úsáid TFC le bileog 'Fan Sábháilte' a dhearadh agus a chruthú le leideanna simplí d'éagsúlacht lucht éisteachtale fanacht sábháilte, mar shampla, sábháilteacht tinte ealaíne nó sábháilteacht i seomraí cainte ar líne.

    Iarr ar oifigeach sábháilteachta, mar shampla, sábhailteacht ar bhóithre, comhraiceoir dóiteáin, oifigeachsláinte nó oifigeach de chuid CNCL le labhairt leis an rang agus scileanna sábháilteachta a thaispeáint. Taighidan ról s'acu, san áireamh na scileanna a theastaíonn don phost, cáilíochtaí agus oiliúint a iarrtar. Scríobh post-tuairisc duine de na daoine seo.

    Tóg páirt i rólghlacadh nó i ngníomhaíocht suíocháin the le léiriú, mar shampla, na céimeanna i ndéanamhglao éigeandála. Tarraing aird ar chontúirtí a bhaineann le déanamh glao bréige.

  • FÓCA

    S Tá fiosracht ó dhúchas i bpáistí faoina séasúir agus na hathruithe athugann gach séasúr leis. In 'TurasTríd an Bhliain' amharcfaidh siad aran dóigh a n-athraíonn na séasuiragus mar a théann sin i bhfeidhm níamháin ar a saol féin ach ar shaoldaoine sa domhan mór.

    Gníomhaíochtaí Molta

    Eagraigh grúpaí darb ainm 'Fómhar,' 'Geimhreadh', 'Earrach' agus 'Samhradh' le bheith ag obair iontu. Pléigh agusláithrigh eolas faoi cheann de na séasúir, ag smaoineamh ar a thréithe, (titim duilleog, imirce, geimhriú agus beathaúr/fás) agus cúiseanna athraithe (fad an tsolais, gaoth, fearthainn, teocht). Roinn an t-eolas idir na grúpaí.

    Le húsáid taithí ar an láthair, faigh amach faoi éifeachtaí athruithe sna séasúir ar nithe agus ar áiteanna beo, marshampla, staidéar mionainmhithe, staidéar crann, staidéar éan, staidéar tailte scoile, staidéar áitiúil, staidéaraibhneacha, staidéar feirme nó staidéar lochán.

    Staidéar Éan i bhFearann na ScoileTabhair cuairt staidéir allamuigh ar, mar shampla, Ionad Fionnachtana Loch nEathach nó Chaisleán an Easpaig.Tuar cé acu éin a d'fhéadfadh bheith ann le breathnú agus an áit a bhfeicfí iad. Pleanáil an dóigh leis an bhreathnú adhéanamh, mar shampla, cad é atá le breathnú, cad é chomh minic is ba chóir breathnuithe a dhéanamh, cén chuidd'fhearann na scoile ina ndéanfaí an breathnú, trealamh a theastódh (déshúiligh, lorgáin radhairc, ceamaraídigiteacha, treoir allamuigh/póstaeir éan), modhanna breathnaithe (fad an ama a mhairfidh an breathnú agusbreathnuithe ranga iomláin nó grúpaí) agus an dóigh is fearr le breathnuithe a thaifeadadh.

    Le linn breathnuithe aithin agus ainmnigh speicis éagsúla a chonacthas. Labhair faoin dóigh a dtiocfadh seo adhéanamh (úsáid póstaer nó treoracha allamuigh nó scríobh chuig CRCÉ a lorg eolais). Taifead agus láithrigh an t-eolas abailíodh. Tionscnaigh plé agus ceisteanna, macasamhail, 'An bhfuil speiceas amháin éan níos iomadúla ná cinn eile?', 'Cadiad na breathnuithe neamhghnácha a fuair muid?', 'Cén dóigh a bhfuil an séasúr láithreach ag dul i bhfeidhm ar na héin?','Dá mbeimis sa séasúr roimhe/ina dhiaidh seo?', 'Ar bhreathnaigh muid aon tréithe/iompraíocht a bhí sonrach?' nó 'Dámbeimis inár gcónaí in aice uisce/i dtír eile/in aice feirme/ar phríomhbhóthar?'

    Roghnaigh ceist(eanna) a rachadh i dtreo tuilleadh fiosraithe, mar shampla, 'An fearr le héin áiteanna áirithebeathaithe, mar shampla, ar an fhoscadh nó ar an ard?', 'An mbíonn amanna ar leith sa lá a mbeathaíonn éin?', 'Anfearr le héin dathanna áirithe seachas cineálacha eile?', 'Cad iad na cineálacha bia is fearr le héin?' Pleanáil an dóigh lecuid de na ceisteanna a ardaíodh a fhreagairt.

    Smaoinigh ar fhadhb/cheist le fuascailt, mar shampla, 'Cad é mar a thig linn cuidiú le héin iad féin a bheathú sagheimhreadh?'. Smaoinigh ar dhearadh (méid, fara/ní theastaíonn fara, dath an tráidire beathaithe uisce), ábhair(uiscedhíonach), ionad (airde - as bealach na gcat, ar chúl na gaoithe), bia (roghanna na n-éan) agus an dóigh is fearrleis na beathaitheoirí a dhaingniú.

    I mbeirteanna, roghnaigh gné i gcomhair tuilleadh taighde, mar shampla, imirce, saolréanna, iompraíocht éan, éindhíothaithe agus i mbaol, éin gan eitilt, éin ó ionad codarsnach, oiriúnú, duaithníocht nó éin sa bhéaloideas.

    'Is doiligh teacht slán agus tú i d'éan' - pléigh.

    Eochairchéim: 2 Blianta: 5/6

    Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN)

    • amharc ar shaothar ealaíontóirí;• cumadóireachtaí fuaime;• samhlacha créleice;• ealaín agus ceol;• drámaíocht.

    • taghdanna agus mothúcháin faoi thionchar na séasúr;

    • sláinte phearsanta;• sábháilteacht sa dorchadas;• sábháilteacht shéasúrach

    (feirmeoireacht, grian, uisce);• féilte crábhaidh;• traidisiúin agus ceiliúrthaí tríd an bhliain;• ceiliúrthaí agus féilte i bpobail

    timpeall an domhain.

    • áit;• idirspleáchas;• athrú le himeacht ama;• gluaiseacht agus fuinneamh.

    Forbairt Phearsanta &Comhthuiscint

    Na hEalaíona

    An Domhan ThartOrainn

    • réimse gluaiseachtaí coirp a thástáilagus a fhiosrú;

    • damhsa a chruthú;• gníomhartha agus gluaiseachtaí a

    bhaineann leis na séasúir.

    Corpoideachas

    TURAS TRÍD AN BHLIAINRúin Mholta Foghlama

    • Cuid de na dóigheanna a n-oibríonn athruithe séasúracha ar nithe beo a thuiscint.• Bheith feasach ar imirce agus na cúiseanna atá léi.• Bheith eolach ar an dóigh le triail chothrom a dhéanamh.• Bheith eolach ar an mhodh taifeadta agus láithrithe is oiriúnaí.• Bheith in ann torthaí a úsáid le conclúidí a tharraingt.

    NITHE BEO AR FEADH NA BLIANA

  • Rúin Mholta FoghlamaRúin Mholta Foghlama

    Gníomhaíochtaí Molta

    • Fios a bheith agat go mbíonn difríochtaí agus éagothroime sa domhan.• Bheith in ann imeachtaí agus athruithe le himeacht ama a sheicheamhú.• Bheith eolach ar an dóigh le foinsí traidisiúnta agus digiteacha a úsáid le heolas a thaighde agus a láithriú.• Fios a bheith agat go mbíonn an bhliain roinnte ina séasúir.

    Pléigh an chúis a gcoinníonn daoine dialanna.

    I ngrúpaí, smaoinigh ar an aimsir a bhaineann le gach séasúr agus mar a théann sí i bhfeidhm ar ghníomhaíochtaíiarscoile.

    Úsáid bogearraí TFC mar 'Slideshow' nó 'PowerPoint' le dialann ranga a chur le chéile de phríomhimeachtaí naseachtaine nó na bliana agus grianghraif dhigiteacha inti. Athbhreithnigh í ag deireadh na scoilbhliana.

    Déan ceangail le scoil i dtír eile agus cuir i gcomparáid an scoilbhliain s'acu.

    Déan seomra dialainne agus úsáid físeán digiteach le smaointe agus ionchais don bhliain romhainn a thaifeadadh.

    Úsáid foinsí traidisiúnta agus digiteacha, cartlanna nuachtán san áireamh, le taighde a dhéanamh ar ar tharla lelinn bhliain do bhreithe. Úsáid bogearraí TFC mar 'Textease' le céadleathanach nuachtáin a dhearadh agus achruthú agus tabhair tuairisc ar imeachtaí is suimiúla na bliana sin.

    Cruthaigh taisceadán todhchaí de bhliain do ranga nó na scoile agus adhlaic an taisceadán i bhfearann na scoilenó cruthaigh amlíne imeachtaí pearsanta ar feadh na bliana.

    Úsáid an t-idirlíon le fáil amach faoin dóigh ar úsáid seansibhialtachtaí réaltbhuíonta i saol gach lae, mar shampla,sa talmhaíocht, am le plandáil agus an fómhar, féilte crábhaidh srl. Smaoinigh ar an cheist: 'An mbíonn patrúinréaltaí i gcónaí infheicthe?'

    Bí páirteach i gclár Nollag Dhaonpháirc Uladh-Mheiriceá. Taighid bunúis féilte eile cultúrtha ar feadh na bliana,mar shampla, Hanukah, an Bhliain Úr Shíneach, Divali, Lá an Altaithe nó Oíche Chinn Bhliana (ag úsáid Gridclub -Look It Up - Festivals).

    Roghnaigh rogha ama sa bhliain agus scríobh tuairisc ar ghníomhaíochtaí pearsanta.

    Úsáid suíomh gréasáin'Coolplanet' (Wake Up World) Oxfam le lá i saol páiste i nGána, sa Rúis, sa Bhrasaíl nó sanIndia a chur i gcomparáid le lá inár saol féin.

    BLIAIN I mBEATHA . . . TÓG SOS!

    • Cuid de thréithe tarraingtí éagsúla turasóireachta a aithint.• Bheith eolach ar an dóigh le léarscáileanna a úsáid le háiteanna a aimsiú.• Bheith eolach ar an mhodh taifeadta agus láithrithe is oiriúnaí.

    Gníomhaíochtaí Molta

    Úsáid léarscáil le hionaid saoire cois farraige ar thug baill an ranga cuairt orthu a aimsiú. Úsáid ocht n-airde anchompáis agus tagairtí eangaí.

    Aithin an t-ionad is mó ar thug daoine cuairt air agus maígh cúiseanna leis sin. Gabh i dteagmháil le hoifig eolaisturasóireachta le heolas a iarraidh ar ghníomhaíochtaí atá ar fáil, costas, staidreamh cuairteora agus amchláir turaisbusanna agus traenach. Áirigh fad na dturas ag úsáid cnámhscéalta éagsúla turais agus bíodh san áireamh úsáid anchloig 12 agus 24 uair. Úsáid an t-eolas seo le fiosrú faoin tionchar a oibríonn athrú séasúrach ar an ionad, marshampla, an aimsir, saoire scoile, áiseanna atá ar fáil, féilte srl. Úsáid bogearraí TFC mar 'Slideshow', 'PowerPoint' nó'Textease' leis na torthaí a láithriú. Úsáid scarbhileog le costas réimse 'breiseanna breise' le linn saoire a fhiosrú.Déan liosta feabhsuithe a thiocfadh leis an ionad áitiúil a dhéanamh le tuilleadh cuairteoirí a mhealladh le linnmhíonna an gheimhridh agus cuir chuig an oifig eolais turasóireachta é.

    Dianscrúdaigh na poist éagsúla a thagann ar fáil le linn mhíonna an tsamhraidh, mar shampla, díoltóirí uachtairreoite, oibrithe teach aíochta, gardaí tarrthála srl. Roghnaigh post seirbhíse a aithníodh agus fiosraigh tuilleadh é,mar shampla, ceap ceistneoir le líon na míonna a oibríodh ar feadh na bliana a fháil amach, na huaireanta aoibríoidh in aon lá agus buntáistí agus míbhuntáistí na fostaíochta séasúraí agus áirimh rátaí pá. Dear póstaer lecuairteoirí a mhealladh le linn mhíonna an gheimhridh.

    I ngrúpaí, úsáid bogearraí TFC mar 'Slideshow' nó 'PowerPoint' le deireadh seachtaine teaghlaigh ina rogha ionad achur chun cinn. Bíodh san áireamh mionsonraí cóiríochta, gníomhaíochtaí agus costais agus cuir ann grianghraif.

    Cruthaigh bunachar simplí sonraí d'ionaid cois farraige ina mbeidh, mar shampla, cineálacha cóiríochta,siamsaíocht, agus seirbhísí atá ar fáil. Déan rólghlacadh gníomhairí taistil agus ceistigh an bunachar sonraí le saoireoiriúnach a aimsiú. Cuir i láthair an ranga agus measúnaigh é.

  • FÓCA

    S Tá fiosracht ó dhúchas i bpáistí faoina séasúir agus na hathruithe athugann gach séasúr leis. In 'TurasTríd an Bhliain' amharcfaidh siad aran dóigh a n-athraíonn na séasuiragus mar a théann sin i bhfeidhm níamháin ar a saol féin ach ar shaoldaoine sa domhan mór.

    Eochairchéim: 2 Blianta: 5/6

    Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN)

    • amharc ar shaothar ealaíontóirí;• cumadóireachtaí fuaime;• samhlacha créleice;• ealaín agus ceol;• drámaíocht.

    • taghdanna agus mothúcháin faoi thionchar na séasúr;

    • sláinte phearsanta;• sábháilteacht sa dorchadas;• sábháilteacht shéasúrach

    (feirmeoireacht, grian, uisce);• féilte crábhaidh;• traidisiúin agus ceiliúrthaí tríd an bhliain;• ceiliúrthaí agus féilte i bpobail

    timpeall an domhain.

    • áit;• idirspleáchas;• athrú le himeacht ama;• gluaiseacht agus fuinneamh.

    Forbairt Phearsanta &Comhthuiscint

    Na hEalaíona

    An Domhan ThartOrainn

    • réimse gluaiseachtaí coirp a thástáilagus a fhiosrú;

    • damhsa a chruthú;• gníomhartha agus gluaiseachtaí a

    bhaineann leis na séasúir.

    Corpoideachas

    TURAS TRÍD AN BHLIAIN

  • Rúin Mholta Foghlama

    Gníomhaíochtaí Molta

    • Bheith eolach ar an dóigh tástáil le réimse gluaiseachtaí coirp.• An dóigh a dtig le ceol agus damhsa idéanna, taghdanna agus mothuithe a chur in iúl a thuiscint.• Bheith in ann oibriú leo féin, le páirtí nó i ngrúpa.• Bheith eolach ar an dóigh lena ngluaiseachtaí féin agus cuid daoine eile a mheasúnú agus a fheabhsú.

    Sa rang, pléigh na ceithre ráithe agus liostaigh a dtréithe (á nascadh le gníomhaíocht An Domhan Thart Orainn in'Living Things Through The Year').Le linn an chéad cheacht damhsa, úsáid ceol ó 'Na Ceithre Ráithe' le Vivaldi mar spreagadh don ghluaiseacht.Tosaigh le ceol oiriúnach a bhaineann leis an séasúr ina bhfuil an teagasc ag tarlú. Cleacht agus fiosraigh réimsegluaiseachtaí agus patrún a bhaineann leis an séasúr a roghnaíodh, mar shampla:

    Fómhar - duilleoga - scuabann, eitlíonn, rollann, luascann siad, téann ar foluain, tiontaíonn, claonann, titeann siad.

    Geimhreadh - oighear ag sioc, ag leá, gaoth ag búireach, sneachta ag carnadh, ag titim, satailt cos, luascadhsciathán le fanacht te.

    Earrach - bláthanna ag oscailt agus ag druidim, beatha úr, fás, tórmach mar a bheadh uan nuabheirthe ann,loscainn.

    Samhradh - snámh, lapadáil, laparnach na dtonn, soilsiú gréine, iomramh, caisleáin ghainimh, tochailt saghaineamh, bolg le gréin, imirt cluichí.

    Taispeáin réimse na ngluaiseachtaí do dhaoine eile agus pléigh cáilíochtaí na ngluaiseachtaí. Éist le píosaí éagsúlaceoil agus smaoinigh ar réimse gluaiseachtaí. Tóg am le gluaiseachtaí a chleachtadh leis an cheol. Féach leis nagluaiseachtaí a nascadh le chéile le damhsa/seicheamh simplí gluaiseachta a chruthú, mar shampla - nascluascadh ar an láthair, mar a bheadh duilleog ag croitheadh ar ghéag crainn agus ansin ag rolladh ar an talamh,mar dhuilleog á séideadh thar an talamh le gaoth, ag stad go ciúin cuachta ina duilleog shocair arís.Cuimhnigh ar tús, lár agus deireadh a chuimsiú i ngach damhsa. Úsáid leibhéil, treonna agus luasanna éagsúla lelinn gluaiseachta. Taispeáin na damhsaí do dhaoine eile agus pléigh cén rud é gníomhú maith. Cleacht le páirtí comhcheangal na ngníomhartha a fiosraíodh cheana féin. Arís, éist le ceol oiriúnach as 'CeithreRáithe' Vivaldi. Forbair damhsa gairid nó seicheamh gluaiseachta le páirtí, ag struchtúrú an damhsa le tús, lár agusdeireadh atá soiléir. Taispeáin do dhaoine eile agus measúnaigh a ngluaiseachtaí féin agus cuid daoine eile.

    NA CEITHRE RÁITHE

  • TURAS TRÍDAN BHLIAIN

    Áiseanna Digiteacha

    Bogearraí TFC

    ÁISEANNA Leathanach 1

    Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN)

    Compose World JuniorEncarta EncyclopaediaSlideshow or PowerpointTexteaseInformation MagicInformation Workshop 2000Choosit MakerColour Magic 2Multimedia TexteaseThrough My WindowRead and Write 4Switch Clicker 4Switchit MakerWrite Away!WriterWriting with SymbolsYoung Writers’ WorkshopJunior ViewpointNumber Box 1Number Magic

    Microsoft PowerpointComicLife – ar fáil ó www.plasq.com (Is féidir greannán a chumadh i nGaeilge leis an chlár seo)PhotoStory3 – (Is féidir seó sleamhnán a chruthú go gasta a bheidh ar fáil ar C2K ó Mhí Mheán Fómhair 2009)LearningNI – Network – EncartaLearningNI – Network – Infomapper (Léarscáileanna OS)Damhan Alla –(Blackcat) Amharc faoi ‘Webpage Creation/Design’.Encarta Premium Suite 2003 –(Microsoft) Amharc faoi ‘Curriculum Content – KS2’Compose Junior World –(ESP) Amharc faoi ‘Music Composition’.2Simple Software – 2Connect:(Clár a dhéanann Gréasáin Topaicí.)Beir Bua 1 CD ROM, – (Gael Linn) ISBN 1904174124Beir Bua 2 CD ROM, – (Gael Linn) ISBN 1904174132Gaelspell 2007 Litreoir Gaeilge, - (Cruinneog: 2008) Ceart Gramadóir Do Windows, - (Cruinneog: 2008)

    Suímh Ghréasáin Mholta

    www.classicalsearch.com www.musicatschool.co.ukwww.evelyn.co.ukwww.hse.gov.uk www.sunstuff.co.ukwww.rnli.org.uk www.irishchurches.orgwww.niwaf.orgwww.streetwiseguys.co.ukwww.protectchild.co.ukwww.psni.police.uk/stats/rtas972.shtmlwww.galaxy-h.gov.ukwww.oxfam.org.uk/coolplanet (Wake Up World)

    www.wwt.org.uk/brent (track the movement of Brent Geese)www.wwt.org.ukwww.barewalls.com (examples of pieces of art)www.discovernorthernireland.com www.cosgrove-taylor.freeserve.co.uk/science/ lifecycles/lily.htm www.nspcc.org.ukwww.careinthesun.orgwww.magni.org.ukwww.armaghplanet.comwww.nasa.govwww.esa.int

  • TURAS TRÍDAN BHLIAIN

    Áiseanna Digiteacha

    Leabhar/Áiseanna Teagaisc

    Planning for Progress in Art and Design(p39) Northern Ireland Education and Library BoardsCreating Music Around the World, Paul Sturman (Cambridge University Press:1982) ISBN 0 5822 0001 6Music Through Topics for Infants Spiral Bound: An Activity Resource, Veronica Clark, (Cambridge University Press:1990) Explore Music series (Oxford University Press:1993)Visualise (CCEA:2001)Children Dancing: A Practical Approach to Dance in the Primary School, Rosamund Shreeves (Ward Lock Educational Co. Ltd: 1994)Musical Starting Points with Young Children, Jean Gilbert (Ward Lock Educational Co Ltd:1981) ISBN: 0706240456 More Quality Circle Time, Jenny Mosley (LDA:1998) ISBN: 1855032708Me and My Health, Carole Barnickle (Hopscotch Educational Publishing:2000)Primary Values (CCEA:2001)Stay Safe on the Farm (HSE:2000)Spectrum Science: Answers Pack 2, John Foster (HarperCollins:1994)Helping Hands for Children (NI Women’s Aid:2001)Book of Verse (Young Puffin Books), Barbara Ireson (Puffin Books:1970) ISBN: 014030410X The Ring of Words: An Anthology of Poetry for Children, Roger McGough (Faber & Faber:1999) ISBN:0571197361Gach Dath Faoin Spéir, -(Futa Fata: 2009) ISBN: 9780955098383An Chailleach agus a Cuid Gruaige, -(An Gúm: 2004) ISBN: 1857914562Ní Mar a Shíltear a Bhítear, -(An tÁisaonad: 2008) ISBN: 9780732748135 Súil Ghrinn, - (An tÁisaonad: 2007)ISBN: 9780732747435

    Rogha Gach Bia, -(An tÁisaonad: 2000) ISBN: 9780732747459Taismí Tairbheacha, -(An tÁisaonad: 2008) ISBN: 9780732748203Cúrsaí an tSaoil 3, -(An tÁisaonad: 2005) ISBN: 1903597404Mistéir an Mary Celeste, -(An tÁisaonad: 2006) ISBN: 032746671Luaithríona – I bhFad Níos Mó Ná Scéal, -(An tÁisaonad: 2006) ISBN: 0732745489An Saol sa Chianaimsir, -(An tÁisaonad: 2000) ISBN: 1898392579Le Linn na Lochlannach, -(An tÁisaonad: 2000) ISBN: 1898392587Leabhar Mór an Eolais, -(An Gúm: 2007) ISBN: 9781857916348Eolaíocht Bhunscoile 1, - (An tÁisaonad: 1999)Eolaíocht Bhunscoile 2, - (An tÁisaonad: 1999) Féach Thart 3, - (An Gúm: 2004) ISBN: 1857912772Féach Thart 4, - (An Gúm: 2002) ISBN: 1857912829An Stair Mórthimpeall Orm 3, -(COGG: 2003) ISBN: 095472335XAn Stair Mórthimpeall Orm 4, -(COGG: 2003) ISBN: 0954723341An Stair Mórthimpeall Orm 5, -(COGG: 2004) ISBN: 0954723333Timpeall an Domhain Rang 4, -(Folens: 2008) ISBN: 9781847410672Timpeall an Domhain Rang 5, -(Folens: 2008) ISBN: 9781847410689Céim ar Chéim 13 – Súil ar do Chorp, -(An tÁisaonad: 2004) ISBN: 0790130475Céim ar Chéim 19 – Ag Feitheamh ar Fheithidí, -(An tÁisaonad: 2005) ISBN: 0790130793Céim ar Chéim 19 – Snáthaid Mhór Shnasta… , -(An tÁisaonad: 2005) ISBN: 0790130750

    ÁISEANNA Leathanach 2

  • TURAS TRÍDAN BHLIAIN

    Áiseanna Digiteacha

    Clos/Amhairc (Téacsanna Meán)

    The Four Seasons by VivaldiThe Pastoral Symphony by BeethovenThe Rite of Spring by StravinskyNight on the Bare Mountain by MussorgskyNocturnes (night music) by ChopinThe Storm from William Tell by Rossini

    Teagmhálacha Úsáideacha Áiteanna Cuartaíochta

    Eagraíochtaí

    Tugtar faoi deara gurb iad na háiseanna thuas na cinn a mhol na múinteoirí a raibh lámh acu i bhforbairt an SFN seo. Agus seo ag dul i gcló, tá na suímh ghréasáin mholta beo.

    Iarsmalann UladhPláinéadlann Ard MhachaDaonpháirc Uladh-Mheiriceá

    Caisleán an Easpaig(An tIontaobhas Bogach agus Éanlaithe Fiáine)78 Bóthar Bhaile an DraighinAn ComarGuthán: 028 9187 4146An tOifigeach Oideachais, Christine Wilson(imirce na gCadhan)CNCLTuaisceart na hÉireannGnópháirc Thulach Shíne, Sráid Derby Thuaidh, Béal Feirste,BT15 3HNGuth: 028 9035 1135Cónaidhm Grúpaí Cúnta Ban TÉ129 Sr na hOllscoile, Béal Feirste, Contae Aontroma BT7 1HPGuth: 028 9024 9041

    The Snow is Dancing (from children’s Corner Suite) by DebussyThe Antarctica Symphony by Vaughan WilliamsListening through Music (NEELB CASS MUSIC)The Four Seasons by Antonio Vivaldi

    ÁISEANNA Leathanach 3

  • Smaointe le Foghlaim a Nascadh (SFN)

    CUR LE FORBAIRT SCILEANNA

    TURAS TRÍD AN BHLIAIN

    Ar fud na réimsí san SFN seo tá deiseanna le heispéiris a sholáthar a chuideodh le forbairt scileanna Cumarsáide, Úsáid na Matamaitice, Úsáid TFC agus Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta.

    Úsáid na Matamaitice

    Cumarsáid

    • Áirimh airgid a dhéanamh ag úsáid na gceithre oibríocht, fadhbréiteach san áireamh;• Cruthú le cuidiú, agus bileog bailithe sonraí a úsáid;• Sonraí i réimse dóigheanna, TFC san áireamh a thaifeadadh agus a láithriú agus cé acu léiriúchán is soiléire a léiríonn an t-eolas a phlé;• TFC a úsáid le heolas a bhaineann leis an topaic a thaighde, a anailísiú agus a láithriú;• Stór focal gach lae a bhaineann le dóchúlacht a fhiosrú agus a úsáid.• Imeachtaí a mbeadh torthaí dodhéanta, éiginnte nó cinnte orthu a phlé agus a mholadh;• Am analógach agus digiteach a thuiscint agus a úsáid, ag úsáid am, pm agus nodaireachta 24 uair;• Imeacht an ama idir dhá dháta a áireamh nó am a tugadh;• Patrúin ar fhéilire a fhiosrú agus a aithint agus labhairt faoi dhátaí tábhachtacha;• Líon na laethanta i ngach mí, bliain agus bliain bhisigh bheith ar eolas;• Na gaolta idir ciliméadair agus méadair a thuiscint agus a úsáid.

    • Stór focal oiriúnach a úsáid le smaointe, mothuithe agus samhluithe faoi eispéiris/imeachtaí a chur in iúl;• Labhairt faoin dóigh a gcuireann na céadfaí lenár dtuiscint d’imeachaí, d’atmaisféar agus de charachtair;• Réimse na gceisteanna a leathnú le tasc a shoiléiriú agus/nó an cuspóir a aithint;• Réimse is leithne teanga a úsáid le labhairt ar smaoineamh agus ar fhoghlaim;• Tosú a nochtadh tuairimí ar an phróiseas a d’úsáid siad lena n-idéanna a fhorbairt;• Feasacht de thuairimí daoine eile a léiriú agus freagairt go cuí;• Idéanna agus eolas oiriúnach don ábhar agus don chuspóir a thabhairt;• Labhairt agus éisteacht le daoine eile le hidéanna a ghiniúint agus a fhorbairt, agus le tógáil orthu;• Labhairt le muinín mhéadaitheach i réimse gnáthchásanna;• Comhoibriú le daoine eile trí éisteacht go cúramach, trí chur leis an ábhar cainte agus trí cheisteanna a chur a fhreagraíonn d’idéanna

    agus do thuairimí daoine eile;• Feasacht a léiriú go mbíonn tuairimí éagsúla ann agus, le treoir an mhúinteora, féachaint le teacht ar réiteach ar thopaic a tugadh;• Éisteacht le agus freagairt réimse is leithne ceisteanna agus tosú a ghiniúint a gceisteanna féin i ngníomhaíochtaí leantacha;• Teanga, céadfaí, gluaiseacht agus gotha a úsáid le linn ról a ghlacadh;• Léamh ar shainchuspóirí le cuidiú i dtabhairt faoi thasc/ghníomhaíocht;• Cúis a gcuid léitheoireachta a aithint agus a shoiléiriú;• Príomhphointí téacs a aithint, ag roghnú agus ag úsáid eolas cuí m.sh. athchruthú, athinsint;• Léirbhríonna agus manaí i dtéacsanna a aithint agus a chur in iúl agus tosú bheith feasach de roinnt bríonna agus manaí intuigthe le linn

    tátal a bhaint agus déaduchtú a dhéanamh;• Eolas a fuair/léigh siad a roinnt le daoine eile, mionsonraí tacaithe éigin san áireamh;• Tosú a thabhairt tuairimí, mar shampla, do charachtair/imeachtaí, ag féachaint le cúiseanna a dtuairimí a thabhairt;• Cuspóir an taisc a dhearbhú agus tosú a aithint an lucht éisteachta;• Tosú a ghiniúint idéanna le dianscrúdú nó roghnú ó eolas a sholáthair an múinteoir nó ó TFC;• Foirm, stíl agus struchtúr (paragraif san áireamh) atá cuí a úsáid i dtreo an taisc, ag tosú a thabhairt lucht éisteachta san áireamh;• Idéanna, tuairimí agus eolas a chur in iúl agus a eagrú go soiléir;• Réimse idéanna, smaointe, mothuithe a chur in iúl agus scríobh go samhlaíoch ar thopaicí/shuímh/charachtair agus dhálaí éagsúla;• Oibriú le páirtithe ranga ar thograí comhoibríocha;• Idéanna don scríbhneoireacht a thionscnamh agus a eagrú;• Tosú a phleanáil níos neamhspleáiche agus a leagan amach céimeanna soiléire sna tascanna scríbhneoireachta;• Tosú a thriail leagan amach agus stíleanna éagsúla scríbhneoireachta;• Tosú a úsáid stór focal leathnaitheach le ciall a fheabhsú don léitheoir.

  • TURAS TRÍD AN BHLIAIN

    Úsáid TFC

    Scileanna Smaointeoireachta agus Ábaltachtaí Pearsanta

    • Eolas ó réimse foinsí agus áiseanna tugtha digiteacha a aimsiú, a roghnú, a eagrú agus a úsáid;• Eolas/sonraí a thacódh le topaic a thaighde, a bhailiú, a eagrú, a láithriú agus anailísiú ag úsáid réimse foinsí agus áiseanna digiteacha;• Obair a chruthú agus a athdhréachtú ag comhcheangal téacs, fuaime agus/nó grafaicí á láithriú agus á cur in iúl ar dhóigheanna éagsúla

    a léiríonn feasacht do lucht éisteachta agus chuspóir;• Sraith treoracha a dhéanamh agus a eagrú le fadhbanna a fhuascailt ag úsáid gléasanna nó timpeallachtaí digiteacha;• Fadhbanna a fhuascailt le fiosrú, tástáil agus leasú ag úsáid gléasanna nó timpeallachtaí digiteacha.

    Beidh deis ag na daltaí iad seo a leanas a fhorbairt:

    Bainistiú Faisnéise: Fiafraigh ceisteanna is dírithe ag úsáid a smaointe féin agus cuid daoine eile le heolas a aithint agus a aimsiú. Ceangail gníomhaíochtaí anois le heolas a fuarthas. Tosú a phleanáil na gcéad chéimeanna eile, ag roinnt tascanna ina bhfothascanna agus ag beartú spriocanna.

    Smaointeoireacht, Fadhbréiteach: Achoimriú le tuiscint a léiriú. Seicheamhú, ordú agus rangú ar thoisí éagsúla. Déanamh comparáidí agus ceangal. Tástáil tuarthaí agus lorg fianaise. Giniúint roghanna agus moladh fuascailtí ar fhadhbanna. Bheith córasach le linn taisc. Míniú modhanna agus tuairimí, tabhairt fáthanna le roghanna agus gníomhaíochtaí.

    Bheith Cruthaitheach: Glacadh am le samhlaíocht a úsáid chun suilt. Léiriú fiosrachta, éisteacht le agus roinnt idéanna agus eispéireas. Giniúint idéanna agus roghanna, tógáil agus comhcheangal idéanna. Baint suilt as an neamhghnách, as an ghnách agus as an iontach. Eispéiris a bheith acu le hiomlán a gcéadfaí. Tástáil agus fiosrú ceisteanna san fhíorshaol.

    Ag Obair le Daoine Eile: Forbairt nósanna comhfhoghlama. Léiriú an chumais foghlama ó ghníomhaíochtaí comhroinnte agus múnlaithe. Éirí sciliúil ar shealaíocht, chomhroinnt agus chomhoibriú. Cinneadh ar an rud a chaithfear a dhéanamh agus gabháil freagrachta pearsanta as gnéithe den obair. Léiriú cothrom agus meas ar mhothuithe agus idéanna daoine eile.

    Féin-Bhainistiú: Seiceáil go bhfuil siad ag cur cuspóra i gcrích trí labhairt ar a bhfuil siad a fhoghlaim. Seiceáil a gcuid oibre i gcomhair beachtais agus cruinnis. Feidhliú le tascanna. Athbhreithnigh an dóigh a ndearnadh an obair agus gné éigin di a thiocfadh a fheabhsú. Tosú a oibriú i dtreo spriocanna pearsanta. Lorg cuidithe ó dhaoine eile. Forbairt feasachta ar a láidreachtaí agus a dteorainneacha pearsanta.

    CUR LEFORBAIRT SCILEANNA