taistil tríd ama

28
Ag Taistil Tríd Ama - Time Travelling D'imigh páistí ó nGaelscoil Éadain Mhóir i nDoire ar thuras trí am agus is iad seo na griangraif agus scéalta a bhí acu ar fhilleadh dóibh. Children from Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry went time travelling, and these are the photographs and stories they returned with. An próiseas – the process Is tionscadal ealaíon ildisciplíneach é ATTA a raibh 25 pháiste páirteach ann ó rang 5-6 i nGÉM i dTobar an Fhíoruisce i nDoire. ATTA is a multi disciplinary arts project involving 25 children from rang 5-6 in Gaelscoil Éadain Mhóír in the Brandywell in Derry. Ba é cuspóir ealaíonta an tionscadail ná na rannpháirtithe a spreagadh i dtreo na nglún rompu, a muintire nó áitritheoirí a gcathair dhúchais – ag taisteal trí am trí íomhánna s'acu féin a ionsá i seanghriangraif. The artistic objective of the project was to encourage the participants to step inside the shoes of previous generations, relatives or occupants of the city they live in, and travel back in time through the physical insertion of their own image into an old photograph. Ar na gnéithe oideachasúla den tionscadal, bhí taighde ar ghriangraif a aimsiú agus a raibh iontu a fhiosrú, píosa gairid a scríobh orthu agus cuidiú le teicníc 'scáileáin ghlais' a úsáidítear na híomhánna a ionsá. The educational aspects of the project ranged from the research involved in sourcing the photo and enquiring about the content; writing a short piece to accompany the photo, and assisting in the green screen technique used to insert the image.

Upload: sean-cuireain

Post on 14-Mar-2016

239 views

Category:

Documents


3 download

DESCRIPTION

D'imigh páistí ó nGaelscoil Éadain Mhóir i nDoire ar thuras trí am agus is iad seo na griangraif agus scéalta a bhí acu ar fhilleadh dóibh. Children from Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry went time travelling, and these are the photographs and stories they returned with.

TRANSCRIPT

Page 1: Taistil Tríd Ama

Ag Taistil Tríd Ama - Time Travelling

D'imigh páistí ó nGaelscoil Éadain Mhóir i nDoire ar thuras trí am agus is iad seo na griangraif agus scéalta a bhí acu ar fhilleadh dóibh.

Children from Gaelscoil Éadain Mhóir in Derry went time travelling, and these are the photographs and stories they returned with.

An próiseas – the process

Is tionscadal ealaíon ildisciplíneach é ATTA a raibh 25 pháiste páirteach ann ó rang 5-6 i nGÉM i dTobar an Fhíoruisce i nDoire.

ATTA is a multi disciplinary arts project involving 25 children from rang 5-6 in Gaelscoil Éadain Mhóír in the Brandywell in Derry.

Ba é cuspóir ealaíonta an tionscadail ná na rannpháirtithe a spreagadh i dtreo na nglún rompu, a muintire nó áitritheoirí a gcathair dhúchais – ag taisteal trí am trí íomhánna s'acu féin a ionsá i seanghriangraif.

The artistic objective of the project was to encourage the participants to step inside the shoes of previous generations, relatives or occupants of the city they live in, and travel back in time through the physical insertion of their own image into an old photograph.

Ar na gnéithe oideachasúla den tionscadal, bhí taighde ar ghriangraif a aimsiú agus a raibh iontu a fhiosrú, píosa gairid a scríobh orthu agus cuidiú le teicníc 'scáileáin ghlais' a úsáidítear na híomhánna a ionsá.

The educational aspects of the project ranged from the research involved in sourcing the photo and enquiring about the content; writing a short piece to accompany the photo, and assisting in the green screen technique used to insert the image.

Page 2: Taistil Tríd Ama

Thosaigh an próiseas le cruinniú idir príomhoide na scoile, Mary Nic Ailín, an t-éascaitheoir ealaíonta, Sara Greavu agus múinteoir an ranga, Patricia Nic Thorcail. Thug an múinteoir mioneolais do na páistí ar chuspóirí an tionscadail, agus iarradh orthu griangraif a aimsiú. Scanadh na griangraif agus ullmhaíodh fá choinne ionramháil digiteach iad.

The process itself involved an initial meeting between the school principal, Mary Nic Ailín, the artistic facilitator Sara Greavu, and the class teacher, Patricia Nic Thorcail. The teacher briefed the children on the project, and asked them to source a photo. The photos were then scanned and prepared for digital manipulation.

Agus na híomhánna á n-ullmhú, labhair Cara Ní Mhaonaigh, éascaitheoir ar scríbhneoireacht chruthaitheach, leis na páistí agus phléigh siad smaointe faoi ábhar agus stíl scríobhneoireachta an phíosa scríofa. Nuair a bhí an próiseas 'scáileáin ghlais' déanta i ndiaidh plé a bheith acu faoin áit is fóirsteanaí le hiad a chur sna pictiúir, cuireadh a n-íomhánna isteach sna bunghriangraif agus ionramháladh iad chun na híomhánna a chomhoiriúnú.

As the images were being prepared a creative writing facilitator, Cara Ní Mhaonaigh spoke to the children and discussed ideas about content and the style of the written piece. Once the children had been green screened (following a discussion about how best to place themselves in the picture), their image was inserted into the photo and manipulated to match the images.

Ba é an chuid dheireanach den próiseas ná cló na n-íomhánna, agus iad a thaispeáint i halla na scoile ag deireadh mí na Nollag 2012. Beidh taispeántas eile de na híomhánna ar siúl ag tús 2013. Rinne an comhordaitheoir digiteach, Seán Ó Cuireáin, an t-ábhar a bhailiu le chéile i bhfoirm blag agus leathanach facebook, agus beidh leagan digiteach ar fáil ar Issue, iad uilig nasctha le suíomh idirlíne na scoile.

The final stage of the process involved printing out the images, and displaying them in the school hall in late December 2012. A further exhibition will take place in early 2013. A second digital coordinator, Seán Ó Cuireáin, has collated the material in the form of a blog, and a facebook page, and a digital version of the material has been prepared on Issue, all of which are linked to the school website.

Maoiníodh an tionscadal ag Foras na Gaeilge, Scéim ‘An Gaeilge sa Phobal’ agus is é Dearcán Media, Doire a d’éascaigh é.

The project was made possible through funding from Foras na Gaeilge, An Ghaeilge sa Phobal, and was facilitated by Dearcán Media, Derry.

Tá úsáid as griangraf Thomás Uí Loinn le caoinchead ó Eamon Melaugh, griangrafadóir Dhoire.

Thomas Ó Loinn's photo in the project is used with the kind permission of Derry photographer Eamon Melaugh.

Page 3: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Lá amháin i 1971 bhí mé féin agus mó mhamó agus a cara Paddy ag glacadh Patrick Mc Bride ar shiúlóid. Bhímid thuas in aice le Teach Phobail Naomh Mhuire ar an Chreagáin i nDoire. Nuair a bhrúigh mise iad ar an luascán thosaigh an leanbh ag caoineadh! Ghlac Paddy an grianghraf.

One day in 1971 myself, my granny and her friend Paddy were taking Patrick McBride for a walk, We were up beside St. Mary's church in Creggan in Derry. When I pushed them on the swing, the child began to cry! Paddy took the photo.

Jamie Ó Cianáin, Rang 6

Page 4: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Sa bhlian 1983 bhí mé sa teach le mo shean mhamó agus daideo.Bhí mé ann don chéad uair an lá sin. Bhí an teach beag, le sean teilifÍsle feiceáil ann. Bhain mé sult as mo chuairt chuig teach mo mhamó- tá cuma dhifriúl ar rudaí inniu. Thug sí ‘fizzy wizzy’ balls dom agus ‘pineapple cubes’. D’ith mé mó sháith ‘s bhí mé an-sásta.

In 1983 I was in the house with my granny and granda. That day was the first time that I had been there. The house was small, there was an old television there. I enjoyed my visit to my granny - things are very different now. She gave me fizzy wizzy balls, and pineapple cubes. I ate loads of them, and I was very happy.

Malachaí Ó Murchú, Rang 5

Page 5: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Seo an lá a pósadh mo dhaideo agus mó mhamó i 1973, Mary agus Danny. Teach Phobail an Túr Fhada atá sa phictiúr. Bhí gach duine ag amharc go sásta an lá sin. Bhí an-bhród ormsa iad a fheiceáil ar an lá sin. Tá siad beirt sona sásta go fóill, buíochas le Dia!

This is the day that my granda and granny, Mary and Danny, married in 1973. The Long Tower church is in the picture. Everyone was looking very pleased that day. I was very proud to see them all. They are both really happy still, thankfully!

Maria Ní Bholscaigh, Rang 5

Page 6: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Is mise Micheál. Is í seo mó mhamó. Níl a fhios agam cé hí an bhean eile sin. B’fhéidir gur í cara do mhamó? Is breá liom thú a mhamó.

My name is Micheál. This is my granny. I don't know who the other woman is. Perhaps she's a friend of hers? I love you granny.

Micheál Ó Doibhlin, Rang 5

Page 7: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Seo grianghraf dúinn ar an trá i nDún na nGall. Glacadh é sa bhliain 2000. Tá mó dhaidí sa ghrianghraf le mó dheirfiúr. Tá mé féin ann fosta leis an madadh Rex. Bhí lá ar dóigh againn ar an trá i nDún na nGall - Dún na nGall abú!

This is a picture of us on the beach in Donegal. It was taken in 2000. My dad is in the picture along with my sister. I'm also there with Rex the dog. We had a great day on the beach in Donegal. Up Donegal!

Naoise Ní Sheáin, Rang 5

Page 8: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Seo an lá a d’fhág mo dhaideo le dul chuig an chabhlach. Níl sé beo inniu ar an drochuair. Glacadh an grianhraf seo sa bhliain 1944 i bPortsmouth i Sasain. Bhí mo athair mór sa chabhlach agus ní raibh sé ach 16 bliain d’aois sa ghrianghraf seo. Stan ab ainm dó. Glacadh an grianghraf seo sula raibh cóisir mór acu.

This is the day that my granda left to join the navy. He's not with us today, unfortunately. This picture was taken in Portsmouth in England in 1944. My granda was in the navy and he was only sixteen in this picture. He was called Stan. This picture was taken before they had a big party.

Oisín Ó Raghallaigh, Rang 5

Page 9: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Chéad comaoineach mo aintín Helen a bhí ann an lá seo. Bhí mo dhaidí bliain d’aois ag an am. Bhí sé ag cleachtadh a bheith ag siúl thart faoin am chéanna. Bhí an teach callánach mar gheall ar na daoine go léir a bhí ag rith thart. Bhí mo dhaidí ag ithe seacláide agus chumil sé a chuid lámha salach ar gúna nua deas bán m’aintín. Ní raIbh cuma aingeal uirthi nuair a tharla sin!

This was the day of my aunt Helen's first communion. My own dad was a year old at the time. He was practicing how to walk around then. The house was very noisy with all the people running around. My dad was eating chocolate and he rubbed his dirty hands all over my aunt's new white dress. She wasn't so angelic when that happened!

Oisín Mac Cartaine, Rang 5

Page 10: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

“Dia duit a mhamó. Caidé mar atá tú inniu? Tá cuma uaigneach ort i dó sheasamh ansin leat féin. Ná bí buartha! Beidh gach duine anseo gan mhoill. Beidh cóisir mór againn tráthnóna. Ní thig liom fanacht.” Glacadh an grianghraf seo sa bhlian 1956 san Ard Eaglais i nDoire.

“Hello granny. How are things today? You look lonely standing there all alone. Don't worry! Everyone will soon be here. We will have a big party in the afternoon. I can't wait.” This picture was taken in 1956 at the cathedral in Derry.

Oran Ó Raghallaigh, Rang 5

Page 11: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama: Bhí mo mhamó 7 mbliana d’aois agus bhí sí i scoil do chailíní. Rinne máthair mo mhamó an gúna di. Bhí siad breá ábalta ag rudaí mar sin ag an am, cibé a tharla dúinn! Bhí sí ina cónaí ar an Chreagáin ag an am sin agus bhí deartháir agus deirfiúr aici. Bhí an dara cogadh domhanda ag dul ar aghaidh ag an am. Bhí sí ag déanamh a chéad Comaoineach. Ní raibh cuma shásta uirthi mar go raibh sí fuar `s ní raibh dúil aici sa ghúna. Bhí 72 dalta sa rang. Bhí dhá mhúinteoir aici, Miss O'Donald duine acu.

My granny was seven and she was at a girl's school. Her own mother made the dress for her. They were great at doing things like that at that time, whatever happened to us! She lived in Creggan then and she had a brother and sister. This was the time of the second world war. She was doing her first communion. She doesn't look very pleased because she's cold, and she doesn't like the dress. There were seventy two children in the class. She had two teachers, one of them was Miss O'Donald.

Róis Ní hUadáin, Rang 5

Page 12: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Sa bhlian 1936, cúpla bliain roimh an dara cogadh domhanda a glacadh an grianghraf seo. Bhí Doire ina áit dhifriúl ag an am sin. Céad Chomaoineach mo dhaideo a bhí ann. Bhí an coineartú ann ar an lá céanna. Rinne mo shean mhamó na headaí seo ar a inneall fúala.Chuaigh muid ag súgradh go ‘Brooke Park’ i ndiaidh an aifreann. Bhí sport ar dóigh againn sa pháirc.

This picture was taken in 1936, a few years before the second world war. Derry was very different then. This is my granda's first communion. They had the confirmation on the same day. My great granny made these clothes on her sewing machine. We played in Brooke Park after the mass. We had a great time in the park.

Ruaidhrí Mac Lochlainn, Rang 6

Page 13: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Seo lá chéad comaoineach mo dheirfiúr Natalie. Bhí mo dhaideo 52 bliain d’aois sa ghrianghraf agus mo mhamó 51 bliain d’aois. Chuaigh Natalie lena cuid gruaige a fháil déanta an mhaidin sin. Bhí gach duine i dTeach Nazareth ag amharc go deas, go háirithe múinteoir Patricia agus í ag ceol! Ina dhiaidh bhí coisir mór againn sa bhaile. Bhí lá ar dóigh ag Natalie ag sugradh lena cairde.

This is my sister Natalie's first communion. My granda is 52 in the picture, and my granny 51. Natalie went to have her hair done that morning. Everyone was looking well in Nazareth House, especially Patricia the teacher, who was singing! We had a big party in the town afterwards. Natalie had a great day playing with her friends.

Shéa Ó Deoráin, Rang 5

Page 14: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Ins an phictiúr seo tá mé ag súgradh le mo chairde. Tá daoine ag rith inár ndiadh agus tá eagla orainn. Ní raibh am ró mhaith i nDoire san am seo. Bhí seo thart ar 40 bliain ó shin. Tá cúrsaí níos fearr inniu buíochas le Dia! Tá cuma níos deise ar na sráideanna agus ar an chathair go ginearálta anois.

I'm playing with my friends in this picture. Some people are chasing us and we're afraid. Things weren't great in Derry at this time. This is about forty years ago. Things are much better now, thanks be to God! The streets and the city are generally nicer looking now.

Thomas Ó Loinn, Rang 5

Page 15: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Seo an lá ar báisteadh mó dheartháir Daithí sa bhliain 1997 i mBéal Feirste. Tá mó mhamó Mary agus mó dhaideo Billy sa phictiúr fosta. Tá siad ar shlí na fírinne anois. An bhfeiceann sibh mise sa phictiúr? Tá mé níos mó ná Daithí! Tá seisean 16 bliain d’aois anois agus táim féin naoi.

This is the day of my brother Daithí's baptism in Belfast in 1997. My granny Mary and my granda Billy are also in the picture. They are both dead now. Can you see me in the picture? I'm bigger than Daithí! He's now sixteen, and I'm nine.

Tiarnán Mag Leanainn, Rang 5

Page 16: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Bhí mise agus mó mhamó lena cara ar laethanta saoire thall i Londain. Annie Quigley is ainm de mo mhamó agus tá a cara Bob ann fosta. Ní raibh muid ann ach ar feadh dhá lá ach bhí áthas an domhain orainn ag filleadh ar ais go Doire mar go raibh droch bholadh i Londain lena busanna dearg uilig agus an trácht. Chonaic muid go leor áiteanna deasa i Londain an lá sin, droichead Londain, na títhe parliminte agus abhainn an Thames. Bhí muid ar ais i nDoire an lá ina dhiaidh sin.

I was on holidays in London with my granny and her friend. My granny is called Annie Quigley, and her friend is called Bob. We were only there for two days, but we were really happy to get back to Derry because there was a terrible smell from the red buses and the traffic. We saw some really nice places in London that day, London Bridge, the Houses of Parliament and the river Thames. We were back in Derry a day later.

Tiarnán Ó Coigligh, Rang 5

Page 17: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Báisteadh Antoin a bhí ann. Bhí mo mhamó Maggie agus mo mhamó Margaret ann. Bhí mo mhamaí agus mo dhaidí agus mo chlann uilig ann. Tháinig daoine go dtí an teach phobail mícheart. Shíl mé go raibh seo greannmhar! Ins an bhliain 2005 a glacadh an grianghraf seo, bhí mise ceithre bliana d’aois ag an am. Bhí Antoin ceithre sheachtain an lá sin.

It was Antoin's baptism. My granny Maggie was there, and so was my granny Margaret. My mammy and daddy and my whole family was there. People arrived at the wrong church. I thought that was funny! This picture was taken in 2005, I was four years old at the time. Antoin was four weeks old that day.Annie De Brún, Rang 5

Page 18: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Seo m’uncal Dober (Shaun Friel). Tá sé ag ceiliúradh á 20ú breithlá. Seo é ocht mí sular bhfuair sé bás. Bhí mó mhamaí ann, m’aintín, m’uncal, mó dhaideo agus a chara. Bhí am ar dóigh ag m’uncal Dober ag an chóisir agus ní raibh fágtha sa teach tábhairne ag deireadh na hoíche ach mó mhamaí, m’uncal agus mó dhaideo. Bhí siad iontach 8 mí ina dhiaidh sin nuair a fuair Dober bás. Anois tá m’uncal i gcroí gach duine sa teaghlach agus táimid uilig sásta go raibh sé inár saol le toiseacht leis.

This is my uncle Dober (Shaun Friel). He is celebrating his 20th birthday. This is him eight months before he died. My mammy was there, my aunt, my uncle, my granda and his friend. Uncle Dober had a great time at the party and the only ones left in the pub at the end of the night were my mammy, my uncle and my granda. They were great eight months later when uncle Dober died. My uncle is still in the heart of every member of the family, and we're very happy that he was a part of our lives to start with.

Aoife Ní Fhríl, Rang 5

Page 19: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:Dá mbéinn beo ag an am seo ní bhéinn sásta. Ní maith liom an chuma atá ar na héadaí agus ní bhéinn sásta ag éirí go luath don scoil. Ní maith liomsa ag éirigh go luath ar maidin’s de bhrí sin ní bhéinn ró-shásta mar go mbeadh tuirse mhór orm!Ní raibh cead ach sciortaí a chaitheamh san am sin. Sin an fáth nach gcaithim mórán scíortaí inniu! Measaim go bhfuil saol i bhfad níos compordaigh ag páisti scoile an lae inniu!Ins an phictiúr seo tá mo mhamó Annie agus a cairde ins an bhliain 1945.

I wouldn't be very happy to be around in these times. I don't like the look of the clothes, and I wouldn't like having to get up early for school. I don't like to get up early in the morning so I wouldn't be keen on this, I would be too tired!They were only allowed to wear skirts then. That's why I rarely wear a skirt now! I think schoolchildren have a much more comfortable life today!My granny Annie is in this picture with her friends in 1945. Brónagh Ní Roigne, Rang 5

Page 20: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

1940 a bhí ann i nDún na nGall. Tá mó shean athair mór le feiceáil sa ghrianghraf lena chairde ag an am. Tá siad ag freastal ar thorramh a mhathair, mó shin shean mháthair féin. Lá brónach a bhí ann dóibh. Tá mise ann chun tacaíocht a thabhairt dó.

It's Donegal in 1940. My great grandfather and his friends are in this picture. They are at the funeral of my great grandmother. It was a very sad day for them. I'm there to comfort my great grandfather.

Bryan Ó Laoghóg, Rang 5

Page 21: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Nuair a mhuscail mé ar an lá seo i 1971 bhí mó mhamó agus mó dhaideo le pósadh. An mhaidin sin chuala mé fuaim mór milteanach, buama a bhí ann ach bhí trup níos measa ag teacht as beál George (Daideo) an mhaidin céanna. Chaill sé fáinne Rosemary (Mamó). Bhí mise ag cuardú leo an fáinne a fháil. Fuarthas an fáinne roimh an aifreann cibé, buíochas le Dia. Chuala Rosemary faoin eachtra i ndiaidh na bainise ach bhí siad pósta faoin am sin. Bhí m’athair mór iontach sásta leis féin.

When I woke on this day in 1971 my granny and granda were getting married. That morning I heard a terrible noise, it was a bom, but there was an even greater noise coming from my granda George. He had lost granny Rosemary's ring. I helped them look for the ring. We did find it before the mass, thanks be to God. Rosemary heard the story after the wedding, but they were already married by then. My granda was very pleased with himself.

Cónal Mac Breartaigh, Rang 6

Page 22: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:Glacadh an pictiúr seo i 1995 i Jersey. Tá mé fein anseo le mo mhamó agus mo dhaideo. Bhí an óstan galánta fosta. Fuair mé amach ón scoil don dinnéar. Bhí arán againn le hithe, d’ith muid ár sáith. Bhí an lá deas ach ní raibh an aimsear ró dheas acu i nDoire. An lá dar gcionn bhi muid ag obair ar an Ghaeilge ar scoil. Is bréa liom an Ghaeilge agus tá caighdéan ard bainte amach agam sa Ghaeilge. Táim an-bhródúil! Is iad Joe Pewtner agus Sarah Pewtner mo dhaideo agus mhamó.This picture was taken in Jersey in 1945. I'm here with my granny and granda. The hotel was lovely. I was able to leave school for the dinner. We had bread to eat, and we were stuffed. It was a nice day, but the weather wasn't so good in Derry. The day after, we were working on our Irish in school. I love Irish, and I'm doing really well in it. I'm very proud of myself! My granny and granda are Joe and Sarah Pewtner.Caitlín Ní Chonchúir, Rang 6

Page 23: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Nuair a mhuscail mé an mhaidin seo bhí dhá ubh agam de mo bhricfeasta. Lá chéad comaoineach mo mhamó a bhí ann. Bhí gúna deas bán uirthi. Bhí sí an-sásta agus bhí rud beag eagla uirthi fosta. Níl a fhios agam cén fáth. Bhí náire uirthi nuair a chuaigh sí chuig an teach Phobail ‘s na sluaite daoine ag amharc uirthi, a shíl sí. Thug mise aire mhaith di afách! Chuaigh muid go teach mo mhamó i ndiaidh an aifreann. Bhí áthas an domhan uirthi ansin.

When I woke that day I had two eggs for breakfast. It was my granny's first communion. She was wearing a nice white dress. She was very happy, but she was also a bit scared. I'm not too sure why. She felt a bit embarrassed when she came to the church and thought that everyone was looking at her. I took good care of her, however! We all went to my granny's house afterwards. She was really happy there.

Cara Nic an Ultaigh, Rang 5

Page 24: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama: 1988 a bhí ann. Bhí mé i dteach mó mhamó le fear le gruaig fhada. Ní raibh aithne agam air. Chuir muid aithne ar a chéile i ndiaidh tamall. John a bhí air agus bhí sé ag dul amach le mo aintín Paula. It was 1988. I was in my granny's house with a man with long hair. I didn't know who he was. We got to know each other after a while. His name was John, and he was going out with my aunt Paula.Ché Mac Maonghail, Rang 5

Page 25: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Sa bhlian 1995 bhí babaí nua ag mó dhaideo. Cailín beag a bhí ann. Karen a thug siad uirthí. Mí na Nollaig a bhí ann. Bhí droch chuma ar an pháipéar balla sa phictiúr! Ní raibh mórán airgead ann ag an am sin. Ghlac mo mhamó an pictiúr.

My granda had a new baby in 1995. It was a little girl. They called her Karen. It was the month of Christmas. The wallpaper in the picture looked terrible! In those days money was very tight. My granny took the picture.

Christopher Mac Liam, Rang 6

Page 26: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Lá amháin sa bhlian 1978, bhí mise, mó dhaideo agus mo mhamó ag siúl ar shráid Thír Chonaíll, agus bhí muid ag iarraidh pictiúr a fháil.Chonaic muid gasúr óg ag scríobh ar an bhalla agus d’iarr mó mhamó air stopadh! Ach dúirt mise is mo dhaideo go raibh sé ceart go leor mar go raibh cuma dheas air.

On day, in 1978, myself, my granda and my granda were walking along Donegall Street looking to take a picture. We say a young boy writing on the wall, and my granny asked him to stop! Granda and myself said to let him be because we thought it looked nice.

Dylan Mac Lochlainn, Rang 6

Page 27: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Bhí mo mhamó ina conaí i scoil. Ní raibh an scoil cosúil le mo scoil. Bhí sé sa bhlian deireanach dén chéad cogadh domhanda i 1945. Bhuail siad an chlog ar a hocht a chlog ar maidin. Bhí siad iontach dían. Bhí na héadaí scoile donn. Bhí siad úfásach. Tá saol rud beag níos fearr againn anois. Tá mé sásta nár rugadh mé san am sin!

My granny lived in a school. It wasn't anything like my school. This was the last year of the second world war in 1945. They rang the bell at eight in the morning. They were terribly strict. The school uniform was brown, it was awful. Our life is a bit better now. I'm happy I wasn't born in those days!

Erin Ní Roigne, Rang 5

Page 28: Taistil Tríd Ama

Ag Taisteal Tríd Ama:

Seo grianghraf de mó dhaideo, mé féin agus a chairde. Táimid inár seasamh ar bhóthar Brandywell i nDoire. Ghlac mó mhamó an pictiúr ach ní raibh siad pósta ag an am sin. 1961 a bhí ann. Ní raibh am ró mhaith i nDoire ag an am sin ‘s bhí an saol crua dóibh. Cuireadh mó dhaideo cúpla bliain ó shin. Harry ab ainm dó. Tá mó mhamó beo go fóill, Bernadette is ainm di.

This is a picture of my granda, myself and his friends. We're standing at the Brandywell Road in Derry. My granny took the picture though they weren't married at the time. It was in 1961. Things weren't great in Derry then, people had a tough life. My granda died a few years ago. He was called Harry. My granny is still alive, she's called Bernadette.

Geri Hamaltún, Rang 6