treoir maidir le seirbhísí dramhaíola

8
t: 028 7137 4107 www.derrycity.gov.uk/recycle 1 Ar líne: www.derrycity.gov.uk/recycle Treoir maidir le Seirbhísí Dramhaíola Ag cuidiú leat chun athchúrsáil a dhéanamh Treoir maidir le Seirbhísí Dramhaíola Cuireann Comhairle Cathrach Dhoire réimse seirbhísí dramhaíola agus comhshaoil ar fáil ar fud na cathrach agus an cheantair. I measc na seirbhísí tá bailiú agus cóireáil dramhaíola ó na 42,000 réadmhaoin chónaithe ar bhonn seachtainiúil agus seirbhís glanta sráideanna a sholáthar chun thart ar 910 ciliméadar de charrbhealaí a chuimsiú. Tá an Chomhairle tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin atá éifeachtach i dtaobh costais de a chur ar fáil do gach duine dá saoránaigh ar bhonn cothrom. Leagtar amach san fhaisnéis a chuimsítear sa bhileog seo na seirbhísí dramhaíola agus comhshaoil a chuireann Rannóg Innealtóir na Cathrach de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire ar fáil, mar aon le comhairle agus treoir faoin dóigh le teacht ar sheirbhísí agus le leas a bhaint astu.

Upload: pol-o-frighil

Post on 09-Mar-2016

245 views

Category:

Documents


6 download

DESCRIPTION

Eolas maidir le seirbhísí dramhaíola agus athchursála ó Chomhailre Chathrach Dhoire

TRANSCRIPT

Page 1: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

t: 028 7137 4107 www.derrycity.gov.uk/recycle 1

Ar líne: www.derrycity.gov.uk/recycle

Treoir maidir leSeirbhísí DramhaíolaAg cuidiú leat chun athchúrsáil a dhéanamh

Treoir maidir leSeirbhísí Dramhaíola

Cuireann Comhairle Cathrach Dhoire réimse seirbhísí dramhaíola agus comhshaoil ar fáil ar fud na cathrach agus an cheantair. I measc na seirbhísí tá bailiú agus cóireáil dramhaíola ó na 42,000 réadmhaoin chónaithe ar bhonn seachtainiúil agus seirbhís glanta sráideanna a sholáthar chun thart ar 910 ciliméadar de charrbhealaí a chuimsiú. Tá an Chomhairle tiomanta do sheirbhísí ardchaighdeáin atá éifeachtach i dtaobh costais de a chur ar fáil do gach duine dá saoránaigh ar bhonn cothrom.

Leagtar amach san fhaisnéis a chuimsítear sa bhileog seo na seirbhísí dramhaíola agus comhshaoil a chuireann Rannóg Innealtóir na Cathrach de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire ar fáil, mar aon le comhairle agus treoir faoin dóigh le teacht ar sheirbhísí agus le leas a bhaint astu.

Page 2: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

Seirbhísí

Dámhachtainí Comhshaoil

• Buaiteoir Chatagóir na Cathrach le haghaidh Ulster in Bloom 2008, 2009, 2010 agus 2011

Buaiteoir Dhámhachtain Britain in Bloom 2001 sa chatagóir um Chathair Bheag/Chathair Mhór agus baineadh Dámhachtain Airgid Sárurrúis um Cháilíocht Chomhshaoil amach le haghaidh Cathair Bheag/Baile Mór

Baineadh Bonn Óir amach i nDúshlán Foirne Chomórtas Garden Show Ireland 2011

Staitisticí

Cuirtear na seirbhísí ar fáil ar bhonn sceidealaithe agus leas á bhaint as cabhlach feithiclí speisialaithe mar aon le 145 pearsanra

Cuirtear Seirbhísí Bailithe Bruscair ar fáil ó Luan go hAoine Oibrítear Seirbhísí Glanta Sráideanna 7 lá sa tseachtain agus 365 lá sa bhliain

Faoi láthair, déanann an Chomhairle 32% den dramhaíl iomlán tí a athchúrsáil

Leanann an Chomhairle ar aghaidh agus na spriocanna bliantúla um athchúrsáil líonta talún a bhaint amach

Baineadh amach 88% de réir an Táscaire um Fheidhmíocht Ghlaineachta le haghaidh 2011, i.e. bhain 88% de na sráideanna uile ar a ndearnadh suirbhé leibhéal inghlactha glaineachta amach – foinse: Suirbhé ar Ghlaineacht Bhuirgí Slachtmhara Thuaisceart Éireann

Cuireann na dámhachtainí seo réimse iomlán de tháscairí comhshaoil san áireamh, lena n-áirítear, rátaí athchúrsála, rannpháirtíocht an phobail, caighdeáin ghlanta sráideanna, feachtais chomhshaoil agus taispeáint bláthanna.

Is mian leis an Chomhairle buíochas a chur in iúl dóibh siúd uile sna hearnálacha pobail, deonacha agus gnó as ucht na n-iarrachtaí a rinne siad agus an méid tacaíochta a thug siad a bhí le sonrú sna mórfheabhsúcháin a cuireadh ar an chomhshaol fisiciúil le blianta beaga anuas.

2 Faisnéis faoi Sheirbhísí – Seirbhísí Dramhaíola

Page 3: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

1.

Treoir maidir le Socruithe Bailithe AraidíTabhair d’araid a fhad le taobh an cholbha, nó chuig an phointe bailithe lenar comhaontaíodh tráth nach déanaí ná 7.30am ar an lá bailithe – d’fhéadfadh nach mbaileofaí araidí nach mbíonn curtha amach lena mbailiú ag an tráth seo.

Fág an araid in áit a bheidh áisiúil don áit a stopann an fheithicil dramhaíola de ghnáth, agus bíodh na hanlaí i dtreo an bhóthair.

Cinntigh nach bhfuil ualach ró-mhór san araid agus go bhfuil clár na haraide dúnta. Ní fholmhófar araidí nach bhfuil fágtha amach ar an dóigh cheart mar gheall go gcruthaíonn siad baol sláinte agus sábháilteachta d’oibreoirí.

Tabhair d’araid ar ais go dtí do theach a luaithe is féidir tar éis an bhailithe bruscair.

2.

3.

4.

Ní féidir málaí nó dramhaíl bhreise a fhágtar in aice na haraide a bhailiú le linn bailiú araidí rothaí mar gheall go gcruthaíonn iad seo baol do-ghlactha sláinte agus sábháilteachta d’oibreoirí. Féadtar dramhaíl bhreise a dhiúscairt ag aon cheann de na seacht nIonad Athchúrsála atá ag an Chomhairle.

Bailítear araidí ar chóras seachtaine malartaí – bailítear araidí dubha seachtain amháin agus na haraidí gorma an tseachtain ina dhiaidh sin. Iarrtar ar shealbhóirí tí a chinntiú go bhfuil na hábhair chearta curtha i ngach araid agus go bhfágtar na haraidí amuigh de réir an sceidil chomhaontaithe bhailithe.

www.derrycity.gov.uk/recycle/refusecollection

Ba cheart go mbeidh saolré idir seacht agus deich mbliana ag araidí rothaí, a fhad agus a úsáidtear iad i gcomhréir le treoirlínte an déantúsóra. Ní athsholáthróidh an Chomhairle araid ach amháin má rinneadh díobháil di le linn oibríochtaí bailithe bruscair. Tá an sealbhóir tí freagrach as an araid a athsholáthar faoi gach cúinse eile.

Guthán: 028 7137 4107 www.derrycity.gov.uk/recycle 3

Page 4: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

Bailiúcháin Dramhaíola Téagartha I measc na n-earraí téagartha tí tá:

Ceisteanna Coitianta

Seantroscáin, fearais tí, bruscar gairdín, ar nós féir i málaí, gearrthóga fáil srl.

Ní bhaileofar bruscar nó dramhaíl tí a eascraíonn ó oibreacha tógála, m.sh. teallaigh, smionagar tógála, aonaid chistine nó seomra folctha etc.

*Tabhair faoi deara, bailíonn feithicil ar leith Cuisneoirí/Reoiteoirí, Teilifíseáin agus Monatóirí Ríomhaire.

Cuirtear an tseirbhís seo ar fáil ar bhonn seachtainiúil laistigh de chriosanna seasta agus is seirbhís saor in aisce í do gach sealbhóir tí laistigh de cheantar na Comhairle.Chun fáil a bheith ar an tseirbhís, glaoigh ar 028 7137 4107 agus glacfaidh oibreoirí le sonraí faoi na hearraí is mian leat go mbaileofar agus cuirfidh siad ar an eolas thú faoin lá bailithe.

C.F.

Cad é a tharlaíonn mura mbailítear m’araid?Murar féidir leis an Chomhairle d’araid a bhailiú mar gheall ar dheacrachtaí oibríochta, déanfar iarracht í a bhailiú laistigh de 24 uair an chloig tar éis an dáta sceidealaithe bailithe – nó ar an chéad lá eile oibre más í an Aoine an lá a bhailítear d’araidí.

C.F.

Cé mhéad araidí is féidir le teaghlach a fhágáil amuigh lena mbailiú?Ní bhaileoidh an Chomhairle, faoi ghnáthchúinsí, ach araid amháin in aghaidh an teaghlaigh. Féadfaidh an Chomhairle socruithe a dhéanamh go mbaileofar araidí breise sa chás go mbíonn cúinsí speisialta i gceist, m.sh. iad siúd ag a bhfuil riochtaí sláinte srl. Is féidir teacht ar bhreis faisnéise faoi conas is féidir araidí breise a fháil trí dhul i dteagmháil le 028 7137 4107.

C.

F.

An mbaileoidh, an bhfolmhóidh agus an dtabharfaidh an t-oibreoir an araid ar ais chuig mo theach mar gheall nach bhfuil sé de chumas fisiciúil agam amhlaidh a dhéanamh?Féadfaidh an Chomhairle a shocrú chun araidí a bhailiú, a fholmhú agus a thabhairt ar ais do na cónaitheoirí siúd nach bhfuil sé de chumas acu amhlaidh a dhéanamh. Tá breis faisnéise faoin scéim seo ar fáil trí dhul i dteagmháil le 028 7137 4107 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected] nó chuig [email protected]

C.F.

Cén dóigh is féidir liom deacrachtaí nó gearáin a thuairisciú?Má bhíonn aon deacracht nó fhadhb agat le haon ghné den tseirbhís a chuirtear ar fáil, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Tacaíochta do Chustaiméirí ag Rannóg Innealtóir na Cathrach ag 028 7137 4107 chun d’fhadhb nó do ghearán a chlárú ionas gur féidir dul i mbun gníomhartha.

4 Faisnéis faoi Sheirbhísí – Seirbhísí Dramhaíola

Page 5: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

Bags or food waste

Recycling Helpline

028 7137 4107This document is available upon request in a number of formats and ethnic languages. For further information telephone (028) 7136 5151 textphone: (028) 7137 6646 or email: [email protected]

Brandywell Household Recycling CentreBrandywell Showgrounds

Claudy Household Recycling CentreLearmount Road

Eglinton Household Recycling CentreBenbow Industrial Estate

Glendermott Road Household Recycling CentreGlendermott Road

Pennyburn Household Recycling CentrePennyburn Industrial Estate

Park Household Recycling CentreLearmount Road

Strathfoyle Household Recycling CentreTemple Road

Recycling Centres provide you with an opportunity to dispose of larger household items. They are located in the following areas:

Plastic Food Containers * Tins, Cans * & Aerosols

Juice Cartons * (Tetrapak)Paper & Cardboard

Small Electrical Appliances Household Batteries & Textiles **

** Give charity shops or clothing banks st choice of textiles* To be emptied and rinsed

Mixed Glass

Líne Chabhrach Athchúrsála

028 7137 4107Tráidirí plaisteacha feola aimhe (tráidirí ina raibh sicín amh, mairteoil amh, muiceoil amh nó iasc amh á choimeád)Páipéar mionstrialltaFuinneoga plaisteacha ó chlúdaigh litreachClúidíníCiarsúir pháipéir

Coimeádáin Phlaisteacha Bia*

Gloine Mheasctha

Athchúrsáil Úsáid d’Araid

Tá cúrsaí á ndéanamh níos fusa againn duit chun earraí a athchúrsáil. Is féidir níos mó earraí a chur i d’araid ghorm.

Is féidir leat gloine mheasctha a chur i d’araid ghorm anois. Glactar le buidéil bhriste agus prócaí gloine fosta.

Buidéil Phlaisteacha*

Stáin, Cannaí* agus Aerasóil

Fearais Bheaga Leictreacha

Páipéar agus Cairtchlár Cartáin Sú* (Tetrapak)

Cadhnraí agus Teicstílí Tí**

*Le folmhú agus le ní le huisce**Déan teicstílí a thairg do shiopaí carthanachta nó do bhainc éadaí ar dtús

NÍ FÉIDIR na hearraí a leanas a chur san araid ghorm:

Teilifíseáin, oighinn mhicreathonnacha, monatóirí ríomhairePiréisBruscar ginearáltaDramhaíl bhiaCuilteanna Ilchríochacha

Go raibh maith agat as ucht athchúrsáil a dhéanamh

Tá fáil ar an cháipéis seo i líon formáidí agus teangacha ach í a iarraidh. Chun teacht ar bhreis faisnéise, glaoigh ar (028) 7136 5151 nó seol téacs chuig (028) 7137 6646 nó seol ríomhphost chuig: [email protected]

Cuireann Ionaid Athchúrsála an deis ar fáil duit chun earraí móra tí a dhiúscairt. Tá na hionaid lonnaithe sna ceantair a leanas:

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Thobar an FhíoruiscePáirc Thaispeántais Thobar an Fhíoruisce

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh ChlóidíBóthar Ard na Laidhre

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh na MaíEastát Tionsclaíochta Benbow

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Bhóthar Ghleann DhiarmadaBhóthar Ghleann Dhiarmada

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh PennyburnEastát Tionsclaíochta Pennyburn

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh na PáirceBóthar Ard na Laidhre

Ionad Athchúrsála Teaghlaigh Shrath FeabhailBóthar an Teampaill

Guthán: 028 7137 4107 www.derrycity.gov.uk/recycle 5

Page 6: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

Ionaid Athchúrsála TeaghlaighCuireann Ionaid Athchúrsála an deis duit earraí móra tí a dhiúscairt, mar shampla, dramhaíl gharraíodóireachta, aonaid chistine etc. I measc na n-ábhar lena nglactar tá an méid a leanas:

• Buidéil agus prócaí gloine, cairtchlár, páipéar, buidéil phlaisteacha, plaistigh mheasctha, dramhaíl ghlas, trealaimh leictreacha nach bhfuil in úsáid a thuilleadh, adhmad, spallaí agus ithreacha, teicstílí, péinteanna agus olaí, dramh-mhiotal, cadhnraí tí agus feithiclí, feadáin fhluaraiseacha.

Tabhair faoi deara nach féidir le cuid de na suíomhanna glacadh leis an liosta iomlán d’ábhair agus nach nglacfar le dramhaíl trádála nó tráchtála ach amháin tar éis dearbhán bailí réamhíoctha a sholáthar. Chun teacht ar thuilleadh sonraí, tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin.

Uaireanta Oscailte na nIonad Athchúrsála Teaghlaigh

Uaireanta Oscailte Samhraidh

Luan go hAoine8.00am-8.00pmDé Sathairn8.00am-6.00pmDé Domhnaigh1.00pm-5.00pm

Luan go hAoine8.00am-5.00pmDé Sathairn8.00am-5.00pm(Srath Feabhail – 6.00pm)

Luan go hAoine12.00am-8.00pmDé Sathairn8.00am-6.00pm(An Pháirc – 5.00pm)

UaireantaOscailteGeimhridh

Luan go Satharn8.00am-6.00pmDé Domhnaigh1.00pm-5.00pm

Luan go hAoine8.00am-5.00pmDé Sathairn8.00am-5.00pm(Srath Feabhail – 6.00pm)

Luan go hAoine8.00am-5.00pmDé Sathairn8.00am-6.00pm(An Pháirc – 5.00pm)

6 Faisnéis faoi Sheirbhísí – Seirbhísí Dramhaíola

PennyburnGleann Mhic Dhiarmada

Srath FeabhailTobar an FhíoruisceClóidigh

An PháircAn Mhagh

Page 7: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

Oibreoidh an Chomhairle, má iarrtar uirthi, le pobail áitiúla chun glantacháin agus bailiú earraí téagartha a eagrú agus a dhéanamh. Tá na glantacháin seo sa mhullach ar sheirb-hísí bailithe bruscair agus glanta sráideanna agus tá siad in ainm is tacú le cónaitheoirí áitiúla chun comharsanachtaí a choimeád glan agus slachtmhar. Más mian leat teacht ar thuilleadh faisnéise nó más mian leat glan-tachán a eagrú do do cheantar, déan teagm-háil le Des McChrystal ag 027 7136 5151, folíne 6807 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Seirbhísí Dramhaíola

Tá an Chomhairle freagrach as araidí bruscair agus salachar madraí a shuiteáil agus a chothabháil laistigh de cheantar na Comhairle. Le teacht ar thuilleadh faisnéise, le fadhbanna a thuairisciú nó le hiarratais a dhéanamh ar araidí déan teagmháil le Des McChrystal ag 028 7136 5151, folíne 6807 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]

Glantacháin Phobail

Araidí Bruscair agus Salachar Madraí

Cuireann an Chomhairle clár saor in aisce oideachas agus feasachta comhshaoil ar fáil do scoileanna, do ghrúpa pobail, d’eagraíochtaí óige sri. ar fud cheantar na Comhairle. I measc na n-ábhar a chuimsítear tá bruscar, dramhaíl agus athchúrsáil, múiríniú, bithéagsúlacht srl. Chun teacht ar thuilleadh faisnéise nó chun cuairt a eagrú, téigh i dteagmháil le Julie Hannaway ag 028 7136 5151, folíne 6635 nó seol ríomhphost chuig [email protected]

Feachtais Oideachais agus Fheasachta

Guthán: 028 7137 4107 www.derrycity.gov.uk/recycle 7

Page 8: Treoir Maidir le Seirbhísí Dramhaíola

Cuireann Comhairle Cathrach Dhoire seirbhísí glanta sráideanna ar fáil do gach ceantar sa chathair. Roinneadh an ceantar ina cheithre chrios - Lár na Cathrach, Tuaisceart na Cathrach, Iarthar na Cathrach agus Oirthear na Cathrach - agus tá maoirseoir glanta freagrach as seirbhísí i ngach ceann de na ceantair.

Sa chás go mbíonn aon deacrachtaí agat nó más mian leat aon ghné den tseirbhís i do cheantar a phlé, téigh i dteagmháil leis an mhaoirseoir ábhartha amhail a shonraítear thíos.

Seirbhísí Glanta Sráideanna John Quinn (Lár na Cathrach, lena n-áirítear an Chúil Mhór, Baile na gCailleach, Cnoc an Chairn, Pennyburn srl.)Guthán: 028 7135 [email protected] Nutter (Lár na Cathrach, lena n-áirítear Sráid an Diúic, Bóthar Spencer srl.)Guthán: 028 7135 [email protected] Boyd (Oirthear na Cathrach, Doire Trasna agus an Tuath)Guthán: 028 7135 [email protected] McIvor (Iarthar na Cathrach, Baile Mhic Robhar-taigh, Cnoc na Rós, Taobh an Bhogaigh, An Creagán srl.)Guthán: 028 7135 [email protected]

Is féidir le cónaitheoirí teagmhais dumpála, bhruscair agus ghraffiti a thuairisciú trí úsáid a bhaint as fóin chliste nó tríd an láithreán gréasáin. Tuilleadh eolais ar na naisc thíos:

www.reportitderry.com nó www.reportitlondonderry.com

Córas tuairiscithe teagmhas comhshaoil ar an ghuthán nó ar an idirlíon

Déan é a thuairisciú