11 an renaissance - cogg

22
11 An Renaissance PICTIÚIR (15 Marc) Ceist 1 A X Y Pictiúr ón meánaois é pictiúr X agus pictiúr ón Renaissance é pictiúr Y. (i) Luaigh dhá thréith atá ag pictiúr X a thaispeánann gur pictiúr ón meánaois é. ……………………………………………………………………………………………….(2) (ii) Luaigh dhá thréith atá ag pictiúr Y a thaispeánann gur pictiúr ón Renaissance é. ………………………………………………………………………………………….……(2) (iii) Tabhair cúis amháin gur tharla an Renaissance san Iodáil. ………………………………………………………………………………………….……(1)

Upload: others

Post on 05-Jan-2022

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: 11 An Renaissance - COGG

11 An Renaissance

PICTIÚIR (15 Marc)

Ceist 1 A

X Y

Pictiúr ón meánaois é pictiúr X agus pictiúr ón Renaissance é pictiúr Y.

(i) Luaigh dhá thréith atá ag pictiúr X a thaispeánann gur pictiúr ón meánaois é.

……………………………………………………………………………………………….(2)

(ii) Luaigh dhá thréith atá ag pictiúr Y a thaispeánann gur pictiúr ón Renaissance é.

………………………………………………………………………………………….……(2)

(iii) Tabhair cúis amháin gur tharla an Renaissance san Iodáil.

………………………………………………………………………………………….……(1)

Page 2: 11 An Renaissance - COGG

Ceist 1 B

Is dealbh í seo a chruthaigh an dealbhóir Michelangelo.

(i) Cad is ainm don dealbh seo?

………………………………………………………………………………………….……(1)

(ii) Cén scéal a insíonn an dealbh seo?

…………………………………………………………………………………………………

…………………………………………………………………………………………….…(2)

(iii) Liostaigh dhá shaothar eile le Michelangelo seachas an saothar atá thuas.

……………………………………………………………………………………….………(2)

Page 3: 11 An Renaissance - COGG

Ceist 1 C

Pictiúr é seo a léiríonn teoiric Nicholas Copernicus faoin domhan agus an ghrian.

(i) Mínigh go gairid an teoiric a bhí ag Copernicus.

…………………………………………………………………………………………………

……………………………………………………………………………………………….(2)

(ii) Cad a chreid daoine faoin domhan roimhe seo?

…………………………………………………………………………………………………

………………………………………………………………………………………….……(2)

(iii) Ainmnigh fear cáiliúil eile i rith an Renaissance a rinne an-chuid staidéir ar an réalteolaíocht.

……………………………………………………………………………………………….(1)

Page 4: 11 An Renaissance - COGG

DOICIMÉID (15 marc) Ceist 2 A Seo a leanas cuntas dialainne ar an obair a bhí ar siúl ag Michelangelo agus é ag péinteáil síleáil an tSéipéil Shistínigh. Fad is a bhí sé ag péinteáil theastaigh ón bPápa Julius cigireacht a dhéanamh ar a chuid oibre go minic. Dhreap sé in airde ar dhréimire agus chuaigh sé in aice le Michelangelo ar an scafall. Fear mífhoighneach ab ea an Pápa agus theastaigh uaidh an obair a fheiceáil ar an bpointe fiú nuair a bhí sí clúdaithe gan an snas deireanach curtha uirthi. Mar go raibh an méid sin cáil ar Michelangelo theastaigh ó phobal uile na Róimhe dul chun an obair a fheiceáil agus rinne an Pápa cinnte de go raibh sé ann sula raibh deis ag aon duine eile. Nuair a chonaic Raphael an stíl phéintéireachta nua seo chuir sé scéal go dtí an Pápa ag lorg go mbeadh sé féin in ann an obair a chríochnú. Chuir sé seo isteach go mór ar Michelangelo. D’impigh Michelangelo ar an bPápa gan ligean do Raphael teacht in aice leis an séipéal agus d’éist an Pápa leis. Dúirt sé le Michelangelo gur theastaigh uaidh go leanfadh sé ar aghaidh leis an obair. Chríochnaigh sé an obair seo ar fad laistigh de fhiche mí gan aon chabhair. Ní raibh duine aige chun na dathanna a mheascadh fiú. Chuala mé é ag rá nach bhfuil an obair críochnaithe ina hiomlán mar go raibh an Pápa chomh mífhoighneach sin. Lá amháin chuir an Pápa ceist air cathain a bheadh an obair críochnaithe. “Nuair atá mé críochnaithe léi” a d’fhreagair Michelangelo. “Caithfidh mé tú síos ón scafall” arsa an Pápa go feargach. Rinne Michelangelo cinneadh ansin deireadh a chur leis an obair cé nach raibh sé sásta go pearsanta leis. (i) Cad a bhí an Pápa ag déanamh fad is a bhí Michelangelo ag péinteáil?

…………………………………………………………………………………………………..

…………………………………………………………………………………………….…(2)

(ii) Cén péintéir eile ar theastaigh uaidh baint a bheith aige leis an obair?

…………………………………………………………………………………….…………(1)

(iii) Cad a rinne Michelangelo nuair a chuala sé é seo?

………………………………………………………………………………………..…………

……………………………………………………………………………………………….(2)

(iv) Cén fhad a thóg sé ar Michelangelo an obair a chríochnú?

………………………………………………………………………………………………(1)

(v) Ainmnigh péintéir eile ón Renaissance agus saothar a rinne sé.

……………………………………………………………………………….………………(2)

Page 5: 11 An Renaissance - COGG

Ceist 2 B

Seo a leanas cuntas dialainne ar bhás an Pápa Alexander VI sa bhliain 1503.

D’oscail siad na doirse ag a ceathair a chlog um thráthnóna agus d’fhógair siad go raibh an Pápa marbh. Fad is a bhí sé seo ag tarlú thóg searbhóntaí gach a bhí fágtha san árasán. Ní raibh aon rud luachmhar fágtha seachas roinnt cathaoireacha, cúisíní agus taipéisí ar an mballa.

Thóg siad an corp isteach go seomra speisialta sa Vatacáin agus réitigh siad é. Ghlan siad an corp, ghléas siad é, chuir siad isteach sa chónra é agus ansin thóg siad amach go clós cúirte é. Tar éis tamaill tháinig na gardaí chun súil a choimeád air.

Chuaigh mise ar ais go dtí an Vatacáin timpeall a hocht a chlog an oíche sin le hochtar garda ón bpálás mar chomhluadar agam. Nuair a shroich mé an oifig thug mé ordú don teachtaire imeacht agus an scéal a fhógairt don gcléir uile sa Róimh. Dúirt mé leis a rá leo go raibh orthu bailiú le chéile ag a cúig a chlog an mhaidin dár gcionn i bPálás an Phápa don siúlóid ón Séipéal Sistíneach go dtí Basilica Naomh Peadar. Bhí dhá chéad duine réidh le cabhair a thabhairt don siúlóid seo.

(i) Cén t-am a d’fhógair siad bás an Phápa?

…………………………………………………………………………….…………………(1)

(ii) Ainmnigh dhá rud a bhí fágtha in árasán an Phápa.

…………………………………………………………………………………….…………(2)

(iii) Cén t-ordú a thug an t-údar do chléir uile na Róimhe?

…………………………………………………………………………………………………

…………………………………………………………………………………………….…(2)

(iv) Ainmnigh ealaíontóir nó dealbhóir amháin a rinne obair sa Vatacáin agus ainmnigh an saothar a rinne sé.

………………………………………………………………………….……………………(2)

Page 6: 11 An Renaissance - COGG

Ceist 3 CEISTEANNA GEARRFHREAGRA (20 marc)

1. Cad a chiallaíonn an focal “Renaissance”? .................................................................................................................................................(2)

2. Luaigh dhá chúis gur tharla an Renaissance san Iodáil. ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

3. Cad a bhí i gceist leis an Daonnachas? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

4. Cén t-athrú, maidir le téama, a tharla san ealaín le linn an Renaissance? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

5. Cén t-athrú a tharla, maidir leis an gcorp daonna, i bpictiúir, le linn an Renaissance? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

6. Mínigh a raibh i gceist leis an bpeirspeictíocht. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

7. Cén saghas ábhair a úsáideadh chun péint a dhéanamh i rith an Renaissance? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

Page 7: 11 An Renaissance - COGG

8. Cad atá i gceist le freascó? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

9. Cén t-athrú a tharla san ailtireacht i rith an Renaissance? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

10. Cén t-athrú a tharla sa dealbhóireacht le linn an Renaissance? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

11. Cén cháil a bhí ar mhuintir de Medici i bhFlórans? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

12. Cad a rinne Cosimo de Meidici do mhuntir Flórans? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

13. Luaigh éacht amháin a rinne Lorenzo de Medici. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

14. Conas a thit cumhacht theaghlaigh de Medici? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

Page 8: 11 An Renaissance - COGG

15. Cérbh iad na Pátrúin a tháinig in ionad clann de Medici? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

16. Cén saghas traenála a rinne an t-ealaíontóir óg i rith an Renaissance? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

17. Mínigh an téarma “Sfumato”. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

18. Déan cur síos gairid ar phictiúr amháin le Leonardo da Vinci. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

19. Seachas an ealaín, déan cur síos gairid ar rud amháin eile a raibh Leonardo da Vinci tógtha leis.

...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

20. Cén teaghlach mór le rá a raibh Michelangelo cairdiúil leo? .................................................................................................................................................(2)

Page 9: 11 An Renaissance - COGG

21. Déan cur síos gairid ar dhealbh amháin a rinne Michelangelo. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

22. Déan cur síos gairid ar phictiúr amháin a phéinteáil Michelangelo. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

23. Cén pearsa Críostaíochta a bhfuil cáil ar Raffaello as í a phéinteáil? .................................................................................................................................................(2)

24. Déan cur síos gairid ar phictiúr amháin a phéinteáil Rafaello. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

25. Luaigh dhá chúis gur scaip an Renaissance timpeall na hEorpa. ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

26. Déan cur síos gairid ar phictiúr amháin le Dürer. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

27. Cén cháil eile a bhí ar Albrecht Dürer? .................................................................................................................................................(2)

28. Cén téama a d’úsáid Dürer i mórán dá chuid pictiúir? .................................................................................................................................................(2)

Page 10: 11 An Renaissance - COGG

29. Cad a chreid gach duine faoin domhan roimh an Renaissance? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

30. Cad a chreid Copernicus faoin domhan? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

31. Luaigh rud amháin a threoraigh Galileo i dtreo na heolaíochta. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

32. Cén teoiric a chruthaigh Galileo faoin luas agus meáchan? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

33. Cén úsáid a bhain Galileo as an teileascóp? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

34. Cad a chreid an Eaglais Chaitliceach faoin domhan i rith an Renaissance? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

35. Cén fáth go dtugtar “Athair na hEolaíochta” ar Galileo? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

Page 11: 11 An Renaissance - COGG

36. Cén fáth go bhfuil cáil ar Johann Gutenberg? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

37. Cad a bhí i gceist leis an gclóphreas inaistrithe? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

38. Luaigh cúis amháin go raibh teacht an chlóphreasa tábhachtach. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

39. Cén fáth go dtugtar “Athair na hAnatamaíochta” ar Andreas Vesalius? ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

40. Cén cháil atá ar William Harvey? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

41. Cén fáth go bhfuil William Shakespeare cáiliúil? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

42. Déan cur síos gairid ar shaghas amháin dráma a scríobh Shakespeare. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

Page 12: 11 An Renaissance - COGG

43. Cad a bhí sa “Glób” i Londain i rith an Renaissance? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

44. Cén fáth nach raibh mná ina n-ealaíontóirí, dealbhóirí srl. cáiliúla i rith an Renaissance?

...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

45. Cén fáth nach raibh cead ag mná a bheith ina ndochtúirí i rith an Renaissance? ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

46. Luaigh dhá thoradh a tháinig as an Renaissance. ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... ...................................................................................................................................................... .................................................................................................................................................(2)

Page 13: 11 An Renaissance - COGG

Ceist 4 PEARSA SA STAIR (20 marc)

A.

Scríobh cuntas faoi Ealaíontóir a ainmníonn tú ón Renaissance laistigh den Iodáil. (1½ A4)

Luaigh na pointí seo thíos (alt i gcomhair gach uimhir):

Ealaíontóir nó Dealbhóir nó Dealbhóir nó Ealaíontóir agus Dealbhóir laistigh den Iodáil. (Leonardo da Vinci)

1. Cúlra

-Rugadh é… -Nuair a bhí sé óg… -Printíseach, 13 nó 14 bl, Máistir Verrocchio, foghlaim -Cabhair le saothair –Baisteadh Chríost 2. Téamaí, Ábhair agus Scileanna -Reiligiún agus téamaí clasaiceacha (cur síos) -Daoine –beocht, mar a fheiceann an tsúil é, -Anatamaíocht (cur síos), Peirspictíocht (cur síos) -Ábhair, ola agus canbhás, buntáiste –tirim go mall & ceartú -Freascó (mínigh) 3. Pátrúin -Daoine saibhre, trádáil –saibhreas a chaitheamh -Ealaíontóirí –bord, bia, airgead -Clann de Medici, Flórans, baincéirí, tacaíocht -Pápaí & an Vatacáin –nuair a thit cumhacht de Medici 4. Milano -Iarracht obair a fháil, Flórans, de Medici, theip -D’imigh go Milano, Maighdean ar na Carraigeacha (cur síos) -Sfumato –línte doiléire, níos réalaí

Page 14: 11 An Renaissance - COGG

5. An Suipéar Deireanach -Freascó, balla mainistreach, cáiliúil -Aspail & Íosa, Iúdás -Turgnamh –ní gnáth freascó, olaphéint & cloch -níor oibrigh, an lá atá inniu ann 6. Flórans -Sforza & cumhacht caillte, ar ais go Flórans -Mona Lisa (cur síos), miongháire, súile, pictiúr is fearr ar domhan, Lourve -gnóthach, cúpla saothar ag an am céanna 7. Suimeanna Eile -Réalteolaíocht, geolaíocht, innealtóireacht -Anatamaíocht, staidéar ar an gcorp, matáin -suim sa chóras fola, an fhuil ag taisteal timpeall an choirp -reilig san oíche, ag tochailt corp ón uaigh 8. Leabhar Nótaí -Smaointe, scríbhneoireacht –lámh chlé, slí eile timpeall, scáthán -na mílte sceitsí, fionnachtana, tanc, eitleán, seaicéad tarrthála, héileacaptar -mórán buanna, fear eisceachtúil

Page 15: 11 An Renaissance - COGG

B.

Scríobh cuntas faoi Dealbhóir agus/nó Ealaíontóir a ainmníonn tú ón Renaissance laistigh den Iodáil. (1½ A4)

Luaigh na pointí seo thíos (alt i gcomhair gach uimhir):

Dealbhóir agus/nó Ealaíontóir ón Renaissance laistigh den Iodáil (Michelangelo Buonarotti)

1. Cúlra

-Rugadh é… -Uasaicme -Printíseach, 13 nó 14 bl, Máistir Ghirlandaio -Scileanna, suim mhór sa dealbhóireacht, staidéar ar Donatello 2. Téamaí, Ábhair agus Scileanna -Reiligiún agus téamaí clasaiceacha (cur síos) -Daoine –beocht, mar a fheiceann an tsúil é, -Anatamaíocht (cur síos), Peirspictíocht (cur síos) -Ábhair, ola agus canbhás, buntáiste –tirim go mall & ceartú -Freascó (mínigh) 3. Pátrúin -Daoine saibhre, trádáil –saibhreas a chaitheamh -Ealaíontóirí –bord, bia, airgead -Clann de Medici, Flórans, baincéirí, tacaíocht -Michelangelo le clann de Medici, Lorenzo –chaith sé leis mar a mhac féin -Pápaí & an Vatacáin –nuair a thit cumhacht de Medici 4. La Pietà -Tar éis bháis Lorenzo de Medici –An Róimh, 24 bl d’aois -Cairdinéal, píosa is fearr dealbhóireachta riamh, La Pietà an toradh -Bás Chríost, i mbaclainn a mháthar, mícheart –uilleannacha -déanta as bloc iomlán marmair, an t-aon saothar atá sínithe

Page 16: 11 An Renaissance - COGG

5. Dáiví -D’fhill sé ar Fhlórans, bloc marmair briste ag dealbhóir, Dáiví an toradh -Dealbh b’airde, 5m, -Suim ag muintir Fhlórans i nDáiví & Gola, iad féin i gcoinne cathairstát mhór -Halla an bhaile, cáil mhór 6. An Séipéal Sistíneach -Pápa Julius II, 1508, síleáil a phéinteáil -ghlac sé leis an iarratas, freascó, ceithre bliana -luigh sé ar scafall, scéalta ón Sean Tiomna, Cruthú Adaimh 7. Gairdín Éidin -Freascó, balla na haltóra, Séipéal Sistíneach, Breithiúnas deireanach -Fioracha nochta, níor thaitin leis an bPápa -Dul siar ar an bhfreascó, fíoracha nochta a bhaint nó péinteáil tharstu 8. Baisleac Naomh Peadar srl. -1546, ceist air Baisleac Naomh Peadar a dhearadh -Bás sular chríochnaigh sé é -Cuireadh sa Róimh, muintir Fhlórans ag iarraidh a choirp, smuigleáil -File, níor cheap go raibh mórán maitheasa, garnia –d’fhoilsigh 1623

Page 17: 11 An Renaissance - COGG

C.

Scríobh cuntas faoi Ealaíontóir a ainmníonn tú ón Renaissance taobh amuigh den Iodáil. (1½ A4)

Luaigh na pointí seo thíos (alt i gcomhair gach uimhir):

Albrecht Durer

1. Cúlra

-Rugadh é…Nuremburg -Mac gabha óir, scileanna -greanadh -13 bl. portráid de féin -15 bl. Chomh maith sin, chuir a athair é mar phrintíseach 2. Téamaí, Ábhair agus Scileanna -Reiligiún agus téamaí clasaiceacha (cur síos) -Daoine –beocht, mar a fheiceann an tsúil é, -Anatamaíocht (cur síos), Peirspictíocht (cur síos) -Ábhair, ola agus canbhás, buntáiste –tirim go mall & ceartú -Freascó (mínigh) 3. Pátrúin -Daoine saibhre, trádáil –saibhreas a chaitheamh -Ealaíontóirí –bord, bia, airgead -Clann de Medici, Flórans, baincéirí, tacaíocht -Pápaí & an Vatacáin –nuair a thit cumhacht de Medici 4. Ag Taisteal -Cáiliú, ag taisteal sa Eoraip, Iodáil, d’fhoghlaim ó mhórán ealaíontóirí -sceitsí & pictiúir, ag taisteal, plandaí & ainmhithe, an-chruinn -Pictiúr: An Fód Mór Móna –cruinneas, nádúr -Pictiúr: Gallóglach Éireannach, bhuaile sé leo ag taisteal, sceitse

Page 18: 11 An Renaissance - COGG

5. Obair -Cáil: féinphortráidí, portráidí, pictiúir de phlandaí & ainmhithe -a lán pictiúr dá féin, go gcuimhneodh daoine air, an-réalaíoch -iarracht i gcónaí –carachtar an duine sa phictiúr -1512: cáiliúil, Impire Maximilian –ardphéintéir -Pictiúir: Féile na mBláthfhleasc Rósanna, Adhradh na Tríonóide 6. Greanta Adhmaid -Cáil : greanta, adhmad & miotal -Adhmad: bloc adhmaid mhín, ghrean pictiúr, ghearr amach an cúlra, dúch, brúdh ar pháipéar 7. Greanta Miotail -Miotal: uirlis ghéar ar leathán copair, brúdh ar pháipéar -bailiúchán: leabharlann Chester Beatty i mBÁC -na céadta greanta, Ádhamh & Éabha cáiliúil, clár teilifíse i Meiriceá 8. An Dúlra & Bás -Dúlra. téama ab fhearr leis -Pictiúr: An Giorria Óg, giorria i measc féir -Bás: suim sa dúlra, -Ísiltír, míol mór a tharraing, slaghdán, fiabhras, bás cúpla bliain ina dhiaidh sin

Page 19: 11 An Renaissance - COGG

Ceist 5 (30 Marc)

Foinse X Pictiúr é seo a thaispeánann an dul chun cinn a rinneadh san eolaíocht i rith an Renaissance.

Foinse Y

Cuntas é seo ar thitim Constantinople sa bhliain 1543.

Ní fheicfear a leithéid de ghníomh gránna go deo arís. Rith daoine amach as a gcuid tithe, an torann ag cur sceoin agus eagla orthu. Nuair a rith siad amach rinneadh slad orthu sula raibh a fhios acu cad a bhí ag tarlú. Maraíodh roinnt daoine eile agus iad ag iarraidh dul i bhfolach ina dtithe. Maraíodh roinnt daoine eile fós agus iad ag iarraidh tearmainn a fháil sna séipéil.

Rinne siad scrios ar na teampaill, chaith siad earraí naofa i leataobh, bhris siad dealbha ina smidiríní agus chaith siad amach ar na sráideanna iad. Ghoid siad cailísí agus aon rud eile a bhí déanta as miotal luachmhar ionas go mbeidís ábalta iad a leá agus an saibhreas a choimeád dóibh féin. Dhíol siad gach rud luachmhar don duine a d’ofráil an praghas ba mhó orthu.

1

Page 20: 11 An Renaissance - COGG

Foinse Z

Is cur síos é seo ar an obair a rinne Leonardo da Vinci ar an Mona Lisa.

Is féidir a rá gurb í an Mona Lisa an pictiúr is cáiliúla ar domhan. Phéinteáil Leonardo da Vinci an pictiúr sa 16ú aois. An chúis is mó cáile atá aige ná an miongháire mistéireach atá ar aghaidh na mná sa phortráid. Luíonn an mhistéir sa tslí a chur an t-ealaíontóir doiléireacht ag taobhanna a béil agus a súile. Dá bhrí sin tá sé an-deacair mothúchán na mná a aithint. Sfumato a thugtar ar an teicníc seo nó “deatach Leonardo” an leasainm a thugann roinnt daoine air.

Chomh maith leis an miongháire tá an gúna simplí atá á chaitheamh aici agus an tírdhreach atá le feiceáil sa chúlra. Tá an chuma air go bhfuil an domhan taobh thiar trína chéile mar go bhfuil an phéintéireacht agus na dathanna chomh mín sin agus iad ag meascadh le chéile. Tá an pictiúr caomhnaithe go hiontach agus is annamh a thagtar trasna ar phictiúr nach bhfuil ró-phéinteáilte, cosúil leis an bpictiúr seo. Mar sin, is pictiúr foirfe é.

A. Foinse X

(i) Ainmnigh an gléas atá marcáilte “1” i bhfoinse X.

…………………………………………………………………….…………………………(1)

(ii) Cén úsáid a bhaintear as an ngléas seo?

…………………………………………………………………………………………….…(2)

(iii) Ainmnigh an t-eolaí a rinne an-chuid forbartha ar an ngléas seo i rith an Renaissance.

………………………………………………………………………………………….……(1)

(iv) Luaigh fionnachtain nó creideamh amháin a rinne nó a bhí ag an eolaí seo?

……………………………………………………………………………………………..……

……………………………………………………………………………………………….(2)

(v) Cad a rinne an Eaglais Chaitliceach leis an eolaí seo nuair a d’fhoilsigh sé a chuid smaointe?

…………………………………………………………………………………………………

………………………………………………………………………………….……………(2)

Page 21: 11 An Renaissance - COGG

B. Foinse Y agus Z

(i) Luaigh dhá rud gránna a tharla do mhuintir Constantinople i bhfoinse Y.

…………………………………………………………………………………………………

………………………………………………………………………………………………(2)

(ii) I bhfoinse Y, cad a rinneadh leis na teampaill agus cad a rinneadh leis na hearraí óir?

…………………………………………………………………………………………………..

……………………………………………………………………………………………….(2)

(iii) Conas go raibh toradh ar thitim Constantinople ar an Renaissance?

…………………………………………………………………………………………………

………………………………………………………………………………………………(2)

(iv) Cad í an chúis is mó cáile maidir leis an Mona Lisa dar le foinse Z?

……………………………………………………………………………………………….(1)

(v) I bhfoinse Z, cén téarma a chuireann síos ar an doiléireacht ar thaobhanna an bhéil agus na súile?

………………………………………………………………………………………………(1)

(vi) Ainmnigh saothar amháin eile le Leonardo da Vinci.

…………………………………………………………………………………………….…(1)

C.

(i) Ainmnigh scríbhneoir amháin ón Renaissance agus dhá shaothar dá chuid.

…………………………………………………………………………………………………

…………………………………………………………………………………….…………(3)

(ii) Scríobh cuntas ar cheann amháin díobh seo.

(a) Na Cúiseanna gur thosaigh an Renaissance san Iodáil.

(b) Na Tréithe a bhain le saothair ealaíne an Renaissance.

(c) Daonnachas. (10)

Page 22: 11 An Renaissance - COGG

Ceist 6 (30 Marc)

(i) Luaigh dhá dhifríocht a bhí idir ealaín na meánaoise agus ealaín an Renaissance. (4)

(ii) Tabhair dhá chúis nach raibh cead ag mná páirt mhór a ghlacadh i ndul chun cinn agus fionnachtana an Renaissance. (2)

(iii) Mínigh dhá cheann de na téarmaí seo a leanas:

Freascó Pátrún Sfumato Anatamaíocht (2 x 2)

(iv) Scríobh cuntas ar dhá cheann díobh seo a leanas:

(a) Muintir de Medici.

(b) Eolaíocht sa Renaissance.

(c) Clódóireacht sa Renaissance. (2 x 10)