cití agus an scáthán · 2021. 1. 15. · cití agus an scátháncití agus an scáthán uinseann...

20
Cití agus an Scáthán Cití agus an Scáthán Uinseann Ó Domhnaill Maria Murray a mhaisigh

Upload: others

Post on 28-Jan-2021

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • Cití agus an Scáthán Cití agus an Scáthán

    Uinseann Ó DomhnaillMaria Murray a mhaisigh

  • Cití agus an Scáthán

    Uinseann Ó DomhnaillMaria Murray a mhaisigh

    Baile Átha Cliath

  • An chéad eagrán 2005

    © An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2005

    Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur igcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil,

    bunaithe ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

    Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agusEolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus

    do na bunscoileanna lán-Ghaeilge.

    Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh

    Dearadh agus leagan amach: Designit

    Obair ealaíne: Maria Murray

    Criterion Press a chlóbhuail in Éirinn

    An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

  • 3

  • Chuaigh Cití isteach sa seomra codlata.

    Bhí scáthán sa seomra codlata. 4

  • Chonaic Cití cat eile sa scáthán. 5

  • 6

    Léim Cití suas san aer.

    Léim an cat eile suas san aer.

  • Shuigh an cat eile síos. 7

    Shuigh Cití síos.

  • Chuir an cat eile a chosa ar an scáthán.

    Chuir Cití a cosa ar an scáthán.

    8

  • Chuir an cat eile a shrón ar an scáthán. 9

    Chuir Cití a srón ar an scáthán.

  • 10 Chuir an cat eile cuma throda air féin.

    Chuir Cití cuma throda uirthi féin.

  • 11Baineadh geit as an gcat eile.

    Baineadh geit as Cití.

  • Thosaigh Cití ag troid leis an gcat sa scáthán.

    Thosaigh an cat sa scáthán ag troid le Cití. 12

  • Go tobann thit an scáthán!

    13

  • 14

    Cé a bhris anscáthán?

    Rith Daidí isteach. Lig sé béic as.

  • 15‘Cé a bhris an scáthán?’ arsa Daidí.

  • 16

    Ach cá bhfuil an cat eile?

  • Chuaigh Cití isteach sa seomra codlata.

    Bhí scáthán sa seomra codlata …