scáthán - eanáir - márta 2015

7
www.derrycityandstrabanedistrict.com SEO LINN RÉ NUA Seolfar Ollcomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ar an 1 Aibreán 2015 agus leis sin cuirfear tús le ré nua do na húdaráis áitiúla. As an dáta seo amach beidh an Chomhairle nua seo ag freastal ar ollcheantar a chumascann Doire agus an Srath Bán agus ní bheidh ann do Chomhairle Cathrach Dhoire a thuilleadh. Tá rún ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin clár na Seirbhísí Gaeilge atá ar fáil faoi láthair ó Chomhairle Cathrach Dhoire a leathnú le ceantar an tSratha Báin a chlúdach agus beidh muid ag forbairt na bpleananna seo sna míonna atá romhainn. Cad é mar a dhéanfaidh mé teagmháil le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin? Nua Grianghraf: Dee McEvoy www.facebook.com/derrycityandstrabanedistrictcouncil Twitter @dcsdcouncil Ón 1 Aibreán 2015 ar aghaidh is féidir teagmháil a dhéanamh le Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ar an uimhir fóin nua T: 028 71 253 253 nó trí ríomhphost a chur chuig [email protected] ...scáthán Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire Eagrán 24, Eanáir-Márta 2015 ………………………………………………………………………………….

Upload: pol-o-frighil

Post on 21-Jul-2016

231 views

Category:

Documents


5 download

DESCRIPTION

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire

TRANSCRIPT

Page 1: Scáthán - Eanáir - Márta 2015

www.derrycityandstrabanedistrict.com

SEO LINN RÉ NUA Seolfar Ollcomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ar an 1 Aibreán 2015

agus leis sin cuirfear tús le ré nua do na húdaráis áitiúla. As an dáta seo amach beidh an Chomhairle nua

seo ag freastal ar ollcheantar a chumascann Doire agus an Srath Bán agus ní bheidh ann do Chomhairle

Cathrach Dhoire a thuilleadh. Tá rún ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin clár na

Seirbhísí Gaeilge atá ar fáil faoi láthair ó Chomhairle Cathrach Dhoire a leathnú le ceantar an tSratha

Báin a chlúdach agus beidh muid ag forbairt na bpleananna seo sna míonna atá romhainn.

Cad é mar a dhéanfaidh mé teagmháil le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin?

Ré Nua

Grianghraf: Dee McEvoy

www.facebook.com/derrycityandstrabanedistrictcouncil

Twitter @dcsdcouncil

Ón 1 Aibreán 2015 ar aghaidh is féidir teagmháil a dhéanamh le

Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ar an

uimhir fóin nua T: 028 71 253 253 nó trí ríomhphost a chur chuig

[email protected]

...scáthán Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire

Eagrán 24, Eanáir-Márta 2015

………………………………………………………………………………….

Page 2: Scáthán - Eanáir - Márta 2015

...scáthán Lch 2

Seachtain na Gaeilge Lá Domhanda na Leabhar 2015

LÁ DOMHANDA NA LEABHAR Ní minic a bhíonn deis ag páistí scoile lá a chaitheamh i bhfíorstiúideo

taifeadta, ach sin go díreach a rinne páistí ó Bhunscoil Cholmcille, Ghaelscoil Éadain Mhóir agus

Ghaelscoil na Daróige ar Lá Domhanda na Leabhar mar chuid de thionscnamh a d’eagraigh Comhairle

Cathrach Dhoire agus Cultúrlann Uí Chanáin i gcomhar leis The Verbal Arts Centre dar teideal ‘What

does this book sound like?’. Le hullmhú do Lá na Leabhar fuair gach scoil cóip den leabhar POP! le léamh

sa seomra ranga le dul i dtaithí ar na carachtair agus na fuaimeanna éagsúla sa scéal. Ar Lá Domhanda na

Leabhar féin d’fhreastail na trí Ghaelscoileanna ar cheardlann fuaime ag The Verbal Arts Centre áit a

d’fhoglaim siad fán dóigh le fuaimrian a chruthú don scéal a bhí léite acu. Agus an cheardlann

críochnaithe bhí deis ag achan pháiste, seisiún a chaitheamh sa stiúideo taifeadta leis an innealtóir

fuaime Rory McCarron a thaifead glórthaí na bpáistí ag insint an scéil mar aon le héifeachtaí fuaime.

Rinneadh an taifeadadh críochnaithe, ag a raibh ionchur ag gach ceann de na Gaelscoileanna á

tháirgeadh mar scéal digiteach le fuaimrian agus gheobhaidh gach scoil cóip den áis mar leagáid de

Sheachtain na Gaeilge 2015. Tuilleadh grianghraf ar líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Cailíní as Gaelscoil Éadain Mhóir i mbun ceirde ag The Verbal Arts Centre

Page 3: Scáthán - Eanáir - Márta 2015

...scáthán Lch 3

Féile Pan Cheilteach 2015 Clár na dTeangacha seolta

FÉILE PAN-CHEILTEACH 2015 Fillfidh an 44ú Fhéile Pan Cheilteach ar Dhoire arís i mbliana! Anuraidh bhí

an chathair ina hóstach don fhéile don chéad uair riamh ina cuid staire, agus i mbliana beidh an fhéile

uathúil linn arís ón 7ú go dtí an 12ú Aibreán. Mar aon le himeachtaí agus comórtais cheoil beidh Clár

Teangacha á eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le hOllscoil Uladh agus Cultúrlann Uí

Chanáin, áit a mbeidh na himeachtaí ar fad ar siúl. Beidh blaschúrsaí Gaeilge, Breatnaise, Gàidhlig na

hAlban agus Coirnéise agus léachtaí éagsúla a bhaineann le hoidhreacht na dteangacha Ceilteacha.

Tá cóip den chlár ar fáil anois ag: http://issuu.com/culturlannuichanain/docs/f__ile_pan_cheilteach

Gaeilge Gàidhlig Gaelg Kernowek Brezhoneg Cymraeg

SEOLADH OIFIGIÚIL NA FÉILE

Rinne Méara Chathair Dhoire an

44ú Fhéile Pan Cheilteach a

sheoladh ar an 24 Márta 2015.

Sa ghrianghraf tá: Aisling Ní

Mhaonaigh - Club Óige Setanta,

Eibhlín Ní Dhochartaigh - CCÉ,

Méara Comhairleoir Brenda

Stevenson, Gearóid Ó hEára-

Príomhfheidhmeannach

Chultúrlann Uí Chanáin,

Donncha Mac Niallais -

Cultúrlann Uí Chanáin & Carol

Nic Conmara - Tionscnamh

Léargas - Cultúrlann Uí Chanáin.

Page 4: Scáthán - Eanáir - Márta 2015

...scáthán Lch 4

Seachtain na Gaeilge Scéim Fáinne Chomhairle Cathrach Dhoire

………………………………………………………..

BRONNTAR FÁINNÍ AR FHOIREANN CHOMHAIRLE CATHRACH DHOIRE

Le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2015, bronnadh

suaitheantais Cúpla Focal, Fáinne Airgid agus Fáinne Óir ar fhostaithe

de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire a chuaigh faoi scrúdú béil le linn

Sheachtain na Gaeilge. Tá na fostaithe seo ag déanamh staidéar ar an

Ghaeilge mar chuid de chúrsa in-seirbhíse dar teideal Scéim Theagasc na

Gaeilge atá á reáchtáil ag an Oifigeach Gaeilge. Cuireann Comhairle

Cathrach Dhoire Scéim Theagasc na Gaeilge ar fáil ag bunleibhéal,

meánleibhéal agus ardleibhéal agus faoi láthair tá 19 fostaí ó réimse

rannóg seirbhíse cláraithe ar an chúrsa. Tá sé mar chuspóir ag Scéim

Theagasc na Gaeilge scileanna labhartha Gaeilge a theagasc don

fhoireann le cuidiú leo freastal ar iarratais ó phobal na Gaeilge agus le

cur le cumas na Comhairle an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar

Comhairle. Tá rún againn tógáil ar an dúshraith dhearfach seo san

ollchomhairle nua le freastal ar Ghaeilgeoirí san ollcheantar nua.

Foghlaimeoirí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire ar éirigh leo fáinne a ghnothú le linn Sheachtain na

Gaeilge 2015. Sa ghrianghraf seo tá: Pól Ó Frighil – Oifigeach Gaeilge agus Oide an Chúrsa, Oonagh

O’Doherty – Oifigeach Sláinte & Sábháilteachta, Carol Nic Conmara - Scrúdaitheoir ó Chultúrlann Uí

Chanáin, Jacqui O’Hara – Clár Leagáide – Cathair Chultúir, Rose McGrellis – Forbairt Eacnamaíochta,

David Jones – Seirbhísí Custaiméara agus Ronan O’Donnell – ó The Walled City Partnership.

Seirbhísí Gaeilge ón Chomhairle: An bhfuil a fhios agat gur féidir leat do ghnó ar fad a dhéanamh leis an

Chomhairle trí Ghaeilge? Má tá seirbhís uait, tabhair cuairt ar www.derrycity.gov.uk/gaeilge le liosta

iomlán na seirbhísí reatha a fheiceáil, ach má tá seirbhís uait nach bhfuil luaite, abair linn le do thoil!

Page 5: Scáthán - Eanáir - Márta 2015

...scáthán Lch 5

Acht na Gaeilge DCAL ag dul i gcomhairliúchán leis an phobal

ACHT NA GAEILGE Tá an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, Caral Ní Chuilín, ag iarraidh

dul i gcomhairle leis an phobal faoi láthair maidir le plean chun Bille Gaeilge a thabhairt isteach a

chosnódh cearta Gaeilgeoirí taobh istigh de fhrámaíocht nua reachtaíochta. Mar chuid den phróiseas

comhairliúcháin seo tionóladh cruinniú i nDoire ar an 11ú Márta a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge i

gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin agus Comhairle Cathrach Dhoire. D’fhreastail ionadaithe ó phobal na

Gaeilge ar an chruinniú lena mbarúlacha a thabhairt ar an ábhar agus beidh an t-ábhar faoi chaibidil ag

an chéad chruinniú eile d’Fhóram Phobal na Gaeilge a bheas ag tarlú ar an Chéadaoin 15ú Aibreán. Tá go

dtí an 5ú Bealtaine ag an phobal le tuairim a thabhairt agus ní gá aighneacht mhór a scríobh, is féidir

ríomhphost nó litir a chur isteach ag míniú do thuairime. Tuilleadh eolais maidir leis an phróiseas ar fáil

trí cuairt a thabhairt ar: http://www.dcalni.gov.uk/irish_language_bill_consultation_2015

Acht na Gaeilge Tuairimí na nÓg á lorg

TUAIRIMÍ DHAOINE ÓGA Á LORG Tá sé tábhachtach

go gcluintear glórtha an Aois Óig le linn an phróisis

chomhairliúcháin seo. Le cabhrú le daoine óga a

gcuid smaointe ar an ábhar a mhúnlú, tá leagan

speisialta den cháipéis chomhairliúcháin táirgthe ag

an Roinn a mhíníonn cad atá i gceist le Bille Gaeilge

agus é scríofa sa dóigh is go dtuigfidh páistí atá á

dtógáil le Gaeilge cad é atá i ndán leis an

reachtaíocht mholta. Tá an cháipéis do dhaoine óga

ar fáil ón Oifigeach Gaeilge Sprioc: 5 Bealtaine 2015

Page 6: Scáthán - Eanáir - Márta 2015
Page 7: Scáthán - Eanáir - Márta 2015

...scáthán Lch 7

Seirbhísí Gaeilge

Chomhairle

Cathrach Dhoire

curtha ar fáil le

caoinmhaoiniú ó:

Pól Ó Frighil

Oifigeach Gaeilge

Comhairle Cathrach Dhoire

98 Bóthar na Trá

Doire BT48 7NN

T: (028) 71 376 579

[email protected]

www.derrycity.gov.uk/gaeilge

FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís

uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait

i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha

coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí

eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá aon fhormáid eile den

nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn. GAEILGE & FÁILTE

………………………………………………………………………………….

Fóram Phobal na Gaeilge Céad chruinniú eile 15.04.15

CÉAD CHRUINNIÚ EILE Beidh an chéad chruinniú eile d’Fhóram

Phobal na Gaeilge ar siúl ar an Chéadaoin 15 Aibreán ag 6:00in i

Seomra MA007, Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh, Doire. Más

mian leat bheith i láthair gabh i dteagmháil leis an Oifigeach

Gaeilge Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, 98 Bóthar na Trá, Doire

BT48 7NN, T: 028 71 376 579 [email protected]

Oifigeach Gaeilge

Bí linn ar Facebook: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge