less stress more success irish leaving cert higher level · bhí aoife agus eoin ag caitheamh...

48
Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level by Triona Geraghty Sraith Pictiúr 2015 Seo a leanas an 20 sraith pictiúr ar cheart duit a ullmhú roimh an scrúdú cainte. Roghnóidh an dalta sraith pictiúr amháin agus iarrfar air/uirthi comhrá a dhéanamh leis/léi faoi ábhar na bpictiúr sin. (Beidh gach pictiúr bun os cionn nuair a dhéanfaidh tú sraith pictiúr amháin a roghnú.) Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an tsraith pictiúr, ní mór duit trí cheist a chur ar an scrúdaitheoir agus ansin a bheith in ann trí cheist ón scrúdaitheoir a fhreagairt faoi ábhar na bpictiúr. Idirghníomhaíocht atá i gceist anseo. 70 marc ar fad a bhronnfar don chur síos agus 10 marc do na ceisteanna. Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach san aimsir chaite, ach cibé ceann acu a phiocann tú, bí cinnte go gcloíonn tú leis an aimsir sin tríd síos (chomh fada agus is féidir leat). Tá na samplaí ar fad thíos déanta san aimsir chaite. Ádh mór oraibh go léir!

Upload: trinhtuyen

Post on 02-Mar-2019

232 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Less Stress More SuccessIrish Leaving Cert HigherLevelby Triona Geraghty

Sraith Pictiúr 2015Seo a leanas an 20 sraith pictiúr ar cheart duit a ullmhú roimh an scrúdú cainte.Roghnóidh an dalta sraith pictiúr amháin agus iarrfar air/uirthi comhrá a dhéanamhleis/léi faoi ábhar na bpictiúr sin. (Beidh gach pictiúr bun os cionn nuair a dhéanfaidh túsraith pictiúr amháin a roghnú.)

Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar an tsraith pictiúr, ní mór duit trí cheist a churar an scrúdaitheoir agus ansin a bheith in ann trí cheist ón scrúdaitheoir a fhreagairt faoi ábhar na bpictiúr. Idirghníomhaíocht atá i gceist anseo.

70 marc ar fad a bhronnfar don chur síos agus 10 marc do na ceisteanna.

Tá an rogha agat féin an cur síos a dhéanamh san aimsir láithreach nó san aimsir chaite,ach cibé ceann acu a phiocann tú, bí cinnte go gcloíonn tú leis an aimsir sin tríd síos(chomh fada agus is féidir leat). Tá na samplaí ar fad thíos déanta san aimsir chaite.Ádh mór oraibh go léir!

Page 2: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 1: Laethanta saoire

Pictiúr a haon● Laethanta saoire an tsamhraidh a bhí ann agus fuair Áine, Síle agus Aoife tacsaí go dtí

aerfort Bhaile Átha Cliath. ● Bhí sceitimíní áthais orthu mar bhí siad ag dul ar laethanta saoire go dtí Tenerife tar

éis na hArdteiste. ● D’fhág fear an tacsaí slán leo ag doras an aerfoirt agus d’íoc Aoife as an tacsaí. ● Ansin, isteach leo lena gcuid málaí taistil.

Pictiúr a dó● Chuaigh na cailíní go dtí an deasc cláraithe san aerfort agus sheiceáil siad a gcuid

málaí isteach.

LESS STRESS MORE SUCCESS2

Page 3: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Ansin, thaispeáin siad a gcuid pasanna don fhear agus bhí siad réidh le himeacht. ● Bhí a lán daoine eile san aerfort an lá sin agus feicimid nach raibh an aimsir thar

mholadh beirte taobh amuigh. ● Bhí an spéir scamallach.

Pictiúr a trí● Tar éis sin, shuigh na cailíní síos i mbialann san aerfort agus d’ól siad cupán caifé. ● Bhí siad an-sásta leo féin agus thosaigh siad ag caint faoin saoire álainn a bhí rompu. ● Bhí siad ag tnúth go mór leis an ngrian agus le luí ar an trá. ● Bhí cuma ghealgháireach ar gach duine de na cailíní.

Pictiúr a ceathair● Bhí na cailíní thar a bheith sásta nuair a shroich siad a gcuid lóistín. ● Bhí siad ag fanacht sa Residence Sol agus feicimid go raibh an t-árasán suite díreach in

aice leis an linn snámha. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch. ● Gan aon mhoill, thóg siad a gcuid tuáillí in éineacht leo agus síos leo go dtí an linn

snámha. ● Feicimid cathaoir, leaba gréine agus árasáin eile sa phictiúr seo freisin. ● Gan amhras, bhí saoire iontach rompu!

Pictiúr a cúig● An lá dar gcionn, chuaigh na cailíní síos go dtí an trá. ● Bhí an aimsir go hálainn. Bhí an trá plódaithe. ● Bhí daoine ag grianaíocht, ag léamh, ag imirt eitpheile, ag snámh agus ag siúl. ● Feicimid daoine ag bádóireacht amuigh ar an bhfarraige freisin. ● Is cinnte gur bhain na cailíní an-taitneamh as an lá.

Pictiúr a sé● An oíche sin, d’ith na cailíní béile blasta i mbialann ghalánta in aice láimhe. ● Bhí dea-aoibh orthu go léir. ● Feicimid freastalaí sa chúlra ag teacht chucu le deochanna. ● Ina dhiaidh sin, chuaigh siad go dtí an dioscó agus tugaimid faoi deara go raibh siad

gléasta go deas don ócáid. ● Bhí siad amuigh ag damhsa agus ag baint fíor-thaitnimh as an oíche. ● Bhí an t-atmaisféar leictreach agus bhí a lán daoine eile amuigh ag damhsa freisin. ● Bhí an-chraic go deo acu!

Ceisteanna 1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a ceathair?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a sé.3. Cén sórt duine í Áine, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2015 3

Page 4: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 2: Imreoir gortaithe

Pictiúr a haon● An Domhnach a bhí ann agus bhí cluiche iománaíochta ar siúl idir an scoil agus an

coláiste. Cluiche mór a bhí ann mar bhí slua mór i láthair sa staid. ● Tugaimid faoi deara go raibh bratacha san aer ag an lucht leanúna. ● Bhí clogaid á gcaitheamh ag na himreoirí go léir agus camáin ina lámha acu. ● Feicimid nach raibh mórán idir na foirne sa chéad phictiúr. ● Cúl agus trí chúilín a bhí ag an scoil agus cúl agus aon chúilín a bhí ag an gcoláiste. ● Mar sin, is ar éigean a bhí an scoil chun tosaigh.

LESS STRESS MORE SUCCESS4

Page 5: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● Ansin, gan aon choinne, bhí imreoir amháin ar an talamh agus is léir go raibh sé

gortaithe go dona. ● B’fhéidir gur bhuail imreoir eile é. ● Ar aon nós, feicimid an réiteoir ag breathnú go himníoch air agus traenálaí na foirne

ag rith amach ar an bpáirc. ● Tugaimid faoi deara beirt dhochtúirí ag teacht ón taobh eile den pháirc le sínteán. ● Bhí gach duine an-bhuartha.

Pictiúr a trí● Ar aghaidh leo ansin go dtí an Roinn Timpiste agus Éigeandála san ospidéal. ● Bhí sé a trí a chlog agus bhí beirt othar eile ag fanacht rompu. ● Bhí an traenálaí in éineacht le Seán agus bhí siad go léir an-bhuartha. ● Bhí pian uafásach ag Seán ina chos ach ní raibh aon rogha aige ach fanacht ar a

shínteán.

Pictiúr a ceathair● Níor tháinig aon duine chun freastal ar Sheán go dtí a cúig a chlog sa tráthnóna agus

ní mó ná sásta a bhí an traenálaí. ● Nuair a tháinig an t-altra isteach chun scrúdú a dhéanamh ar Sheán, dúirt an traenálaí

léi nach raibh sé seo sásúil. ● Bhí pian uafásach fós ag Seán agus bhí cuma bhrónach ar an altra. ● Cosúil le gach ospidéal eile sa tír, ní raibh dóthain oibrithe san ospidéal seo chun

freastal ar na hothair go léir.

Pictiúr a cúig● Ansin nuair a chuaigh Seán bocht go dtí seomra an dochtúra, fuair sé an scéal ina

iomlán. ● Dúirt an dochtúir leis go raibh a chos briste go dona agus thaispeáin sé an gortú dó ar

x-gha. ● Bhí plástar Pháras ar chos Sheáin ag an bpointe seo. ● Mhínigh an dochtúir go mbeadh air sos fada a thógáil ón iománaíocht. ● Bhí cuma an-bhuartha ar Sheán agus é ag éisteacht le drochscéal an dochtúra.

Pictiúr a sé● Sa phictiúr deireanach, bhí Seán agus an traenálaí ina suí sa chlub ag plé an scéil. ● Ní raibh ceachtar acu sásta mar d’inis Seán don traenálaí nach mbeadh sé ábalta imirt

ar feadh cúig mhí. ● Dúirt sé go mbeadh air ficheall a imirt fad is a bheadh an plástar air agus bhí an bheirt

acu an-ghruama faoi seo. ● Is léir ó na pictiúir ar fad go raibh Seán ina shár-imreoir iománaíochta agus go

mbraithfeadh an traenálaí uaidh é ar an bhfoireann.

SRAITH PICTIÚR 2015 5

Page 6: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Ceisteanna 1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é an traenálaí, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS6

Page 7: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 3: Na déagóirí cróga

Pictiúr a haon● Lá fliuch geimhridh a bhí ann agus bhí seanfhear darbh ainm Liam ina chodladh go

sámh. Bhí pitseámaí á gcaitheamh aige agus bhí an chuma air go raibh sé compordachagus te teolaí ina leaba.

● Bhí na cuirtíní ar oscailt agus mar sin feicimid go raibh sé ag stealladh báistí taobhamuigh agus go raibh tuilte ar an tsráid.

● Ba chosúil go raibh Liam ina chónaí sa chathair nó i sráidbhaile mar bhí teach eiletrasna na sráide uaidh.

Pictiúr a dó● Nuair a dhúisigh Liam, chuaigh sé isteach sa chistin agus baineadh geit mhór as. ● Níor thuig an fear bocht cad a bhí tarlaithe.

SRAITH PICTIÚR 2015 7

Page 8: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Bhí tuile mhór ar urlár na cistine agus gan aon choinne bhí Liam fliuch báite. ● Feicimid cathaoir, cófra agus drisiúr le soithí air sa chistin freisin.

Pictiúr a trí● Bhí eagla an domhain ar Liam gan amhras agus chuaigh sé go dtí an fhuinneog. ● Chonaic sé beirt dhéagóirí, Aoife agus Eoin, trasna na sráide ina suí ar an mballa. ● Thosaigh Liam ag screadaíl agus d’iarr sé cabhair orthu. ● Bhí sé an-bhuartha mar ní raibh sé in ann teacht amach óna theach. ● Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí.

Pictiúr a ceathair● Gan a thuilleadh moille, thosaigh na déagóirí ag cabhrú leis an seanfhear. ● Chuaigh Eoin go dtí an fhuinneog agus rinne sé iarracht Liam a chur ar a

shuaimhneas. ● Dúirt sé leis gan a bheith buartha agus go bhfanfaidís in éineacht leis. ● Chuir Aoife fios ar na seirbhísí éigeandála agus dúirt sí leo teacht go tapaidh. ● Thug sí ainm na sráide agus uimhir an tí dóibh. ● Bhí an bheirt acu an-chabhrach agus cineálta gan dabht.

Pictiúr a cúig● Cúig nóiméad ina dhiaidh sin, bhí an bhriogáid dóiteáin tagtha. ● Ar dtús, chabhraigh na fir dóiteáin le Liam teacht amach an fhuinneog. ● Tar éis sin, chuir siad píobán isteach chun an t-uisce a thógáil amach. ● Bhí na déagóirí ag féachaint ar an obair a bhí ar siúl acu le hiontas agus bhí faoiseamh

ar Liam a bheith slán agus saor.

Pictiúr a sé● Sa phictiúr deireanach, feicimid Liam ina shuí i leaba san ospidéal agus na déagóirí

taobh leis. ● Bhí cuma an-sásta ar aghaidh Liam ag an bpointe seo agus ghabh sé buíochas mór leo. ● Bhí áthas orthu go raibh feabhas ag teacht air agus dúirt Eoin leis go mbeadh sé ag dul

abhaile sar i bhfad. ● Bhí na déagóirí thar a bheith sásta gur chabhraigh siad le Liam agus dúirt Aoife é sin

leis. ● Críoch shona a bhí leis an scéal seo buíochas le Dia!

Ceisteanna 1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine í Aoife, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS8

Page 9: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 4: Obair dhian – torthaí maithe sanArdteistiméireacht

Pictiúr a haon● Lá amháin chuaigh Úna go dtí an seomra gairmthreoraí chun comhairle a fháil ón

múinteoir gairmthreoraí. ● Is dócha go raibh sí sa séú bliain. ● Ba mhaith léi dul go dtí Ollscoil na Gaillimhe chun cúrsa Ceimice a dhéanamh. ● Dúirt an múinteoir léi go mbeadh uirthi obair go dian mar bhí ceithre chéad pointe

ag teastáil uaithi. ● D’aontaigh Úna leis, ar ndóigh.

Pictiúr a dó● Ansin, bhí Úna agus a cara Síle taobh amuigh den scoil agus iad ag caint.

SRAITH PICTIÚR 2015 9

Page 10: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Chuir Síle ceist ar Úna ar mhaith léi dul ag siopadóireacht ar a cúig a chlog. ● Bhí brón ar Úna go raibh uirthi í a dhiúltú, ach dúirt sí go raibh a lán obair bhaile le

déanamh aici. ● Bhí díomá ar Shíle, ach tá sé soiléir ón bpictiúr go raibh Úna faoi bhrú mór. ● Feicimid buachaillí taobh thiar de na cailíní ag imirt cispheile.

Pictiúr a trí● Nuair a chuaigh Úna abhaile, thosaigh an fón ag bualadh. Bhí a cara Ciarán ar an

taobh eile den líne. ● D’iarr sé ar Úna an mbeadh suim aici dul go dtí an phictiúrlann mar bhí scannán

iontach sa Savoy agus bhí sé ar siúl ar a hocht a chlog. ● Dúirt Úna go raibh brón uirthi, ach go raibh aiste le déanamh aici. ● Bhí díomá ar Chiarán nuair a chuala sé é sin.

Pictiúr a ceathair● Sa cheathrú pictiúr, bhí Úna ag staidéar go dian ina seomra leapa. Bhí sí ag scríobh

aiste. ● Bhí Daid buartha, áfach, mar ní raibh Úna ag tógáil sosanna agus ní raibh sí ag fáil aer

úr. ● Ar an lámh eile, ní raibh imní ar a máthair. Cheap sí go raibh Úna ciallmhar a bheith

ag staidéar. ● Is léir go raibh tuairimí difriúla ag Mam agus Daid faoin staidéar!

Pictiúr a cúig● Cúpla mí ina dhiaidh sin, fuair Úna torthaí na hArdteiste ina scoil. ● Bhí sí neirbhíseach go dtí go bhfaca sí iad. ● Bhí a tuismitheoirí agus a beirt chara in éineacht léi mar thacaíocht. ● Nuair a chonaic sí na torthaí, bhí sí go sona sásta mar fuair sí ceithre chéad caoga

pointe. ● Dúirt Mam go raibh sé sin go hiontach ar fad agus bhí an-bhród ar na tuismitheoirí. ● Dúirt a cairde go raibh na torthaí sin tuillte go maith aici toisc gur oibrigh sí go crua.

Pictiúr a sé● Faoi dheireadh, tá Úna ag clárú in Ollscoil na Gaillimhe agus tá sí thar a bheith sásta. ● Beidh sí ag staidéar eolaíochta – b’shin an cúrsa a bhí uaithi. ● Caithfidh go bhfuil sí ar bís faoin mbliain atá amach roimpi san ollscoil. ● Seans maith go bhfuil sí beagán neirbhíseach chomh maith!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chúigiú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr.3. Cén sórt duine í Úna, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS10

Page 11: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 5: Ag téacsáil sa rang

Pictiúr a haon● Maidin Dé Luain a bhí ann agus bhí rang Mata ar siúl. ● Bhí Iníon Ní Shé ag múineadh ailgéabair agus bhí na daltaí ag féachaint ar an gclár

agus ag éisteacht léi. ● Ní raibh aon duine ag pleidhcíocht sa phictiúr seo agus bhí cuma dháiríre ar an

múinteoir agus í ag múineadh.

Pictiúr a dó● Nuair a bhí gach duine eile ag obair, fuair Seán téacs ó Liam agus thóg sé amach an

fón. ● Cuireadh a bhí ann faoi chóisir a bhí ar siúl i dteach Liam Dé hAoine. ● Dúirt Liam go mbeadh a thuismitheoirí imithe agus is léir go raibh áthas mór ar

Sheán an téacs sin a léamh.

SRAITH PICTIÚR 2015 11

Page 12: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Ní fhaca Eoin agus Aoife, a bhí os a chomhair, é seo ar chor ar bith mar bhí siad agstaidéar go dian.

Pictiúr a trí ● D’athraigh an scéal, áfach, nuair a shiúil an múinteoir Matamaitice síos chuig Seán. ● Chonaic sí an fón agus ní mó ná sásta a bhí sí. Rug sí ar an bhfón agus thóg sí léi é. ● Bhí fearg ar Sheán agus bhí náire an domhain air freisin mar bhí gach duine sa rang ag

stánadh air. ● Ní raibh an dara rogha aige ach an fón póca a thabhairt don mhúinteoir.

Pictiúr a ceathair ● Ina dhiaidh sin, bhí ar Sheán dul go dtí Oifig an Phríomhoide. ● Chonaic sé a fhón póca ar an mbord agus thóg an príomhoide amach cóip de Rialacha

na Scoile. ● Labhair sí leis faoi mheas agus mhínigh sí dó gur chuir a chuid iompair isteach ar gach

duine eile sa rang. ● D’admhaigh Seán go ndearna sé botún agus go raibh sé ina amadán. ● Thuig sé gur tharraing sé trioblóid air féin, agus bhí brón agus náire air.

Pictiúr a cúig● Ansin, chuir an príomhoide fios ar mháthair Sheáin. ● Mhínigh sí an scéal di agus bhí ionadh an domhain ar Mham. Níor chreid sí a cluasa! ● Dúirt sí leis an bpríomhoide go dtiocfadh sí isteach sa scoil láithreach. ● Bhí Seán bocht i dtrioblóid mhór anois, gan amhras.

Pictiúr a sé ● Sa phictiúr deireanach, bhí gach duine in Oifig an Phríomhoide. ● Bhí Mam míshásta le Seán, ar ndóigh. Luaigh sí an obair a bhí le déanamh aige do na

scrúduithe. Dúirt sí leis go raibh súil aici gur fhoghlaim sé ceacht uaidh seo agus nachdtarlódh a leithéid seo arís.

● Labhair an príomhoide arís faoi rialacha na scoile agus faoin tábhacht a bhain le dea-shampla a léiriú do na daltaí eile. Bhí uirthi Seán a chur ar fionraí ansin.

● Ghabh Seán a leithscéal leis an mbeirt bhan agus gheall sé nach dtarlódh sé seo arís.Bhí brón agus aiféala air, gan amhras.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa tríú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa cheathrú pictiúr.3. Cén sórt duine í an príomhoide, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS12

Page 13: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 6: An Ghaeilge – seoid luachmharagus cuid dár gcultúr

Pictiúr a haon● Sa chéad phictiúr, bhí Eoin agus Aoife ar an tsráid agus feicimid iad taobh amuigh de

shiopa ceoil. ● Bhí a lán úirlísí ceoil ar taispeáint san fhuinneog, úirlísí cosúil le cláirseach, consairtín,

bosca ceoil, bainseó agus bodhrán. ● Chonaic siad comhartha ar an doras, ‘Sladmhargadh na Cásca’, agus bhí áthas ar Aoife

go raibh an comhartha scríofa as Gaeilge. ● Dar le hEoin, bhí sé de dhualgas ar dhaoine óga na tíre an Ghaeilge a chur chun cinn.

SRAITH PICTIÚR 2015 13

Page 14: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● Níos deanaí nuair a bhí Eoin agus Aoife ar an suíomh idirlín Facebook, chonaic siad

fógra faoi thuras chun na Gaeltachta. ● Bhí áthas orthu é seo a fheiceáil agus shocraigh siad ansin go rachaidís le chéile chun

na Gaeltachta.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, feicimid iad ag labhairt as Gaeilge agus ag baint taitnimh as. ● Chomh maith leis sin, bhí siad ag imirt eitpheile ar an trá agus an ghrian ag spalpadh

anuas orthu. Feicimid bád ar an uisce freisin. ● San oíche, bhí céilí acu sa halla agus bhí an-chraic agus spraoi acu ag rince. ● Níl aon amhras ach gur bhain siad an-taitneamh as an gcoláiste Gaeilge.

Pictiúr a ceathair● Níos déanaí sa bhliain, nuair a bhí Eoin agus Aoife ar ais ar scoil, d’eagraigh siad

ciorcal cainte sa Ghaeilge ag am lóin. ● ’Séard a bhí i gceist leis seo ná gur tháinig cairde ón rang le chéile ag am lóin chun

Gaeilge a labhairt go neamhfhoirmiúil. ● D’fhoghlaim na daltaí a lán Gaeilge as seo gan dabht, ach ag an am céanna, bhí sé

taitneamhach!

Pictiúr a cúig● Ansin, thosaigh cairde leo ag taispeáint níos mó suime sa Ghaeilge. ● Bhí cara amháin ag éisteacht le Raidió na Gealtachta ar ipod agus bhí Eoin agus a

chara ag féachaint ar TG4 le chéile. ● Dúirt Eoin gurbh fhiú go mór féachaint ar TG4 chun feabhais a chur ar do chuid

Gaeilge.

Pictiúr a sé● Ansin i bpictiúr a sé, bhí bronnadh na ngradam ar siúl sa scoil. ● Bronnadh gradam speisialta ar Eoin agus Aoife as an nGaeilge a neartú sa scoil agus sa

cheantar. ● Bhí an bheirt acu thar a bheith bródúil nuair a thug an príomhoide an gradam dóibh. ● Is cinnte gur thuig na daltaí seo luach na Gaeilge agus go raibh siad mórtasach as an

teanga a labhairt agus a chur chun cinn.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é Eoin, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS14

Page 15: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 7: Mo cheol thú! Mo cheol sibh!

Pictiúr a haon● I bpictiúr a haon, feicimid fógra ar an mballa i gColáiste Phádraig. ● Fógra faoin gceol a bhí ann. ● Bhí cleachtadh ag an nGrúpa Traidisiúnta ag am lóin agus tar éis scoile gach Luan

agus Céadaoin. ● Ba léir go raibh an-suim agus grá don cheol traidisiunta sa scoil ón bhfógra seo.

Pictiúr a dó● Ansin, feicimid an grúpa ag cleachtadh tar éis scoile sa seomra ceoil. ● Bhí sé a cúig a chlog. Bhí an múinteoir ceoil ag stiúradh an ghrúpa agus bhí ceathrar

daltaí sa ghrúpa.

SRAITH PICTIÚR 2015 15

Page 16: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Bhí buachaill amháin ag seinm ar an bhfliúit, bhí cailín agus buachaill eile ag seinm aran bhfidil agus bhí feadóg stáin ag an gcailín eile.

● Ba léir go raibh siad go léir an-díograiseach faoin gceol Gaelach.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, bhí Áine ag cleachtadh ar an bhfidil arís sa bhaile. ● Bhí port nua le foghlaim aici don lá dar gcionn agus bhí sí ag obair go dian air. ● Níl aon dabht ón bpictíur seo ach go raibh sí an-dáiríre faoi.

Pictiúr a ceathair● Feicimid ansin gur shroich an grúpa traidisiúnta Fleá an Chontae. ● Ghlac ceithre ghrúpa traidisiúnta ar fad páirt sa chomórtas agus dúirt an moltóir ag

an deireadh go raibh siad go léir ar fheabhas. ● Ba léir do na moltóirí ar fad, dar leis, go raibh obair mhór déanta ag gach duine. ● Faoi dheireadh, d’fhógair sé na buaiteoirí agus bhí an bua ag Coláiste Phádraig. ● Lean siad ar aghaidh ansin go dtí Fleá an Chúige agus arís d’fhógair na moltóirí go

raibh an bua ag an nGrúpa Traidisiúnta. ● Bhí ríméad ar na daltaí agus ar an múinteoir ceoil.

Pictiúr a cúig● Chuaigh siad ar aghaidh ansin go dtí Fleá Cheoil na hÉireann i Leitir Ceanainn. ● Bhí na sráideanna dubh le daoine agus bhí atmaisféar iontach ann. ● Bhí an grúpa traidisiúnta ag seinm ar a hocht a chlog i gCeolchoirm na mBuaiteoirí

agus bhí sceitimíní áthais orthu. ● Bhí lucht tacaíochta mór in éineacht leo agus bhí an-chraic acu.

Pictiúr a sé● Sa deireadh, bhuaigh Coláiste Phádraig Fleá Cheoil na hÉireann agus bhí ceiliúradh

mór i halla na scoile an oíche dar gcionn ar a hocht a chlog. ● Bhí seisiún ceoil ar siúl, chomh maith le hóráid ón bpríomhoide. ● Bua stairiúil a bhí ann dar leis an bpríomhoide. ● Mhol sé go hard an obair iontach a bhí déanta ag an ngrúpa agus labhair sé faoi

thábhacht an chomhoibriú. ● Ghabh sé buíochas le gach duine a chabhraigh leo an bua seo a fháil – na múinteoirí,

na tuismitheoirí agus pobal na scoile ar fad a thug tacaíocht dóibh. ● Dúirt sé comhghairdeachas leis an ngrúpa agus ansin lean an seisiún ceoil ar aghaidh.

Ceisteanna 1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a cúig.3. Cén sórt duine é an príomhoide, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS16

Page 17: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 8: Tine sa seomra eacnamaíochtbhaile

Pictiúr a haon● Bhí Seán, Liam agus Aoife ag cócaireacht sa seomra eacnamaíocht bhaile ar scoil lá

amháin agus bhí an múinteoir eacnamaíocht bhaile ag faire orthu. ● Bhí na daltaí ag caitheamh naprúin agus bhí an múinteoir ag caitheamh cóta bán. ● Bhí an friochtán ar an sorn acu agus bhí na buachaillí i bhfeighil air. ● Is cosúil go raibh an teas an-ard acu, áfach, mar bhí ola ag dul in airde ón bhfriochtán.

Pictiúr a dó● Go tobann, thosaigh lasracha ag éirí ón bhfriochtán. ● D’fhan Seán ansin ag stánadh air agus ag iarraidh na lasracha a mhúchadh. ● Níor thuig sé cén fáth a ndeachaigh sé trí thine, ach cheap sé gurbh é an t-ola ba chúis

leis.

SRAITH PICTIÚR 2015 17

Page 18: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Bhí scanradh an domhain ar an múinteoir agus scread sí ar gach duine rith amach óngcistin láithreach.

● Bhí sé dainséarach fanacht sa chistin ag an bpointe seo.

Pictiúr a trí● Sa tríú pictiúr, feicimid aláram dóiteáin agus painéal gloine a bhí le briseadh i gcás

dóiteáin. ● Rith an múinteoir chuig an t-aláram, bhris sí an ghloine agus bhrúigh sí ar an gcnaipe

éigeandála. ● Bhí rírá agus ruaille buaille san áit ansin, mar thosaigh an t-aláram ag bualadh go hard.

Pictiúr a ceathair● Ina dhiaidh sin, chuala daltaí na scoile fógra práinneach ag teacht amach ar an

idirchum ón bpríomhoide. ● D’ordaigh an príomhoide do phobal na scoile ar fad siúl amach go dtí an clós go mall,

mar a bhí foghlamtha acu cheana féin. ● Ansin, shiúil na daltaí go deas réidh go dtí an t-ionad tionóil sa chúirt chispheile. ● Sheas dhá rang ón tríú bliain le chéile agus ghlaoigh na múinteoirí an rolla le cinntiú

go raibh gach duine amuigh ón scoil. ● Bhí cuma dháiríre ar na múinteoirí.

Pictiúr a cúig● Lena linn sin, chuaigh beirt mhúinteoirí eile isteach sa chistin le múchtóirí dóiteáin. ● Ag an bpointe seo, bhí lasracha agus deatach i ngach áit agus ba dheacair an tine a

mhúchadh. ● Rinne siad a seacht ndicheall, áfach, agus sa deireadh d’éirigh leo.

Pictiúr a sé● Nuair a bhí ord agus eagar ar gach rud sa scoil, chuaigh na daltaí isteach i línte. ● Bhí an t-ádh ar phobal na scoile go raibh an tine faoi smacht agus nár leath sé amach

ón gcistin. ● Bhí náire an domhain ar na daltaí nuair a labhair an múinteoir leo sa deireadh. ● D’iarr sí orthu an raibh ceacht foghlamtha acu ón timpiste a tharla sa chistin agus

d’fhreagair siad go raibh gan amhras. ● Thuig siad go mbeadh orthu a bheith aireach agus ullamh an chéad uair eile. ● Ní dóigh liom gur tharla sé seo dóibh arís!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa dara pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa séú pictiúr.3. Cén sórt duine í an múinteoir eacnamaíocht bhaile, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS18

Page 19: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 9: Ag campáil cois farraige

Pictiúr a haon● An dara lá is fiche de mhí an Mheithimh a bhí ann agus bhí an Ardteist thart. ● Bhí cúpla comhionann Seán agus Liam ag labhairt lena dtuismitheoirí tar éis dóibh

na scrúduithe a chríochnú agus dúirt siad gur mhaith leo dul ag campáil cois trá iLoch Garman ag an deireadh seachtaine.

● Cheap na tuismitheoirí gurbh an-smaoineamh é sin. ● Is dócha go raibh faoiseamh mór ar gach duine sa teach go raibh an Ardteist

críochnaithe.

Pictiúr a dó● Dé hAoine, thosaigh na buachaillí ar a dturas. ● Nuair a shroich siad an t-ionad campála, chuir siad suas puball dóibh féin in aice na

trá. Bhí siad thar a bheith sásta leo féin.

SRAITH PICTIÚR 2015 19

Page 20: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Bhí an ghrian go hard sa spéir agus bhí báid seoltóireachta le feiceáil amuigh ar anbhfarraige. Bhí sé foirfe, dar leis na buachaillí!

● Bhí suíomh iontach aimsithe acu agus bhí siad go deas compordach.

Pictiúr a trí● Níos déanaí an tráthnóna sin, bhí na buachaillí ag ligean a scíthe sa ghrian. ● Bhí Seán ag léamh a leabhar agus bhí Liam ina luí faoin ngrian.● Go tobann, áfach, d’athraigh an aimsir go hiomlán agus thosaigh sé ag stealladh báistí. ● Bhí an spéir dubh dorcha agus rith na buachaillí ar nós na gaoithe ar ais go dtí a

bpuball.

Pictiúr a ceathair● Ansin, bhí na deartháireacha san fhaopach ceart, mar nuair a shroich siad a bpuball,

chonaic siad gur leagadh é leis an stoirm agus go raibh aon rud a bhí istigh ann báite. ● Bhí an aimsir ag dul in olcas agus anois ní raibh dídean ar bith ag na buachaillí

bochta. ● Ní raibh a fhios acu céard a dhéanfaidís anois. Ní raibh siad ag súil leis seo in aon

chor. Is dócha go raibh scanradh orthu.

Pictiúr a cúig● Ní raibh an dara rogha ag na buachaillí ach fios a chur ar a dtuismitheoirí agus a rá leo

go raibh siad fliuch go craiceann. ● Dúirt Daid leo gan a bheith buartha, go raibh óstán deas in aice láimhe agus go raibh

aithne aige féin ar an mbainisteoir. ● Dúirt sé go gcuirfeadh sé glao ar an mbainisteoir chun a rá leis go raibh na buachaillí

ag teacht.

Pictiúr a sé● Faoi dheireadh, nuair a bhí na buachaillí suite ag bord sa bhialann in Óstán na Faille

le béile deas os a gcomhair, ní raibh gearán ar bith acu. ● Bhí siad breá sásta leo féin anois agus iad ar nós rithe! ● Chuimhnigh Liam ar an seanfhocal sin a deir ‘Is olc an ghaoth nach séideann do

dhuine éigin’ agus tuigim féin cén fáth!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chéad phictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa tríú pictiúr.3. Cén sórt duine é athair na mbuachaillí, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS20

Page 21: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 10: Fadhbanna sóisialta ag curisteach ar na déagóirí

Pictiúr a haon● Sa chéad phictiúr, bhí clár faisnéise ar an teilifís faoi fhadhbanna na n-óg sa lá atá

inniu ann. ● Baineadh geit as Seán agus Aoife nuair a chuala siad an láithreoir ag caint faoi roinnt

de na fadhbanna. ● Ba léir dóibh, áfach, go raibh an-chuid fadhbanna agus trioblóidí ag baint leis an aos

óg.

SRAITH PICTIÚR 2015 21

Page 22: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● An oíche dar gcionn, bhuail Seán agus Aoife lena gcairde ag an gclub óige. ● Shuigh siad síos ar an tolg agus phléigh siad na fadhbanna go léir. ● D’iarr a gcara Pól orthu an raibh siad ag féachaint ar an gclár agus dúirt Máire go

raibh na scéalta a chuala sí féin scanrúil. ● Bhí na déagóirí ar fad ar aon intinn faoi seo.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, feicimid cuid de na cúiseanna a bhí taobh thiar de na fadhbanna seo,

’sé sin brú scrúduithe agus an brú uafásach a bhaineann le córas na bpointí. ● Dar le Seán agus Aoife, cuireann na rudaí sin an iomarca struis agus brú ar dhaoine

óga.

Pictiúr a ceathair● Ansin, feicimid íomhánna diúltacha de dhaoine óga. ● Bhí grúpa amháin déagóirí ag ól beorach agus bhí beirt eile ag ceannach agus ag díol

drugaí mídhleathacha. ● Ar thaobh na láimhe deise, áfach, feicimid Garda ag tabhairt rabhaidh do dhaoine óga

gan na rudaí sin a dhéanamh. ● Is cosúil nach raibh na daoine seo ag éisteacht leis!

Pictiúr a cúig● I bpictiúr a cúig, feicimid fadhbanna ag leanúint na ndaoine óga. ● Bhí cuid acu dífhostaithe agus bhí na scuainí ag an oifig leasa shóisialaigh ag éirí níos

faide lá i ndiaidh lae. ● Bhí ar roinnt daoine mí-ámharacha eile Éire a fhágáil agus dul ar imirce toisc nach

raibh aon obair ar fáil dóibh anseo. Bhí sé uafásach.

Pictiúr a sé● I bpictiúr a sé, feicimid Seán agus Aoife ar ais ag caint faoi na fadhbanna seo go léir. ● Dúirt Aoife go raibh súil aici go dtiocfadh feabhas ar an scéal go luath. ● Bhí cuma an-bhuartha ar a haghaidh agus í ag caint. ● Is léir gur chuir na fíricí seo, faoi dhaoine óga an lae inniu, scanradh an domhain ar na

déagóirí seo.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a trí.3. Cén sórt duine í Aoife, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS22

Page 23: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 11: Robáil bainc

Pictiúr a haon ● An Satharn a bhí ann agus bhí Áine sa chistin ag ól cupáin tae agus ag téacsáil. ● Ansin, fuair sí téacs teachtaireacht óna cara Róisín. ● Chuir Róisín ceist ar Áine dul ag siopadóireacht sa chathair in éineacht léi. ● Bhí áthas ar Áine agus ghlac sí leis an gcuireadh gan aon agó.

Pictiúr a dó● Níos déanaí an lá sin, bhuail Áine le Róisín ag an stáisiún traenach. ● Cheannaigh na cailíní dhá thicéad fillte go Baile Átha Cliath.

SRAITH PICTIÚR 2015 23

Page 24: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Ansin d’fhan siad leis an traein ar ardán a dó. Bhí bean ina suí in aice leo. ● Bhí an ghrian ag taitneamh an lá sin agus tháinig an traein isteach gan mórán moille.

Pictiúr a trí● Ar a haon déag a chlog, shroich na cailíní Sráid Uí Chonaill.● Bhí an aimsir go hálainn agus bhí sé an-ghnóthach sa chathair an lá sin. Bhí na sluaite

amuigh ag siopadóireacht. ● Feicimid na cailíní ag siúl thar Bhanc na hÉireann.

Pictiúr a ceathair ● Go tobann, chonaic na cailíní beirt ghadaithe ag rith amach ón mbanc. ● Bhí málaí airgid agus gunnaí ina lámha acu. Bhí eagla an domhain ar na cailíní. ● Baineadh geit mhór astu gan dabht. ● Gan mhoill, thóg Róisín amach a fón póca agus chuir sí fios ar na Gardaí. Bhí sí ag

lorg cabhrach go tapaidh.

Pictiúr a cúig● Ansin, feicimid gur tháinig na Gardaí ar an suíomh, ach scaoil na gadaithe urchar

orthu. ● Lean na Gardaí iad in ainneoin sin, áfach, agus tar éis tamaill ghabh siad iad. ● Thóg na Gardaí na málaí airgid agus na gunnaí uathu agus ar aghaidh leo go dtí

Stáisiún na nGardaí. ● Baineadh geit as na gadaithe gan dabht. Ní raibh siad ag súil leis seo in aon chor.

Pictiúr a sé● Tar éis na heachtra, chuaigh na Gardaí ar ais go dtí Áine agus Róisín agus ghabh siad

buíochas mór leo. ● Dúirt na Gardaí gur chabhraigh na cailíní go mór leo breith ar na gadaithe. ● An tseachtain dar gcionn, tugadh na gadaithe os comhair na cúirte. ● Ciontaíodh iad ar ndóigh agus ghearr an breitheamh téarma príosúin orthu.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a ceathair?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a cúig.3. Cén sórt duine í Áine, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS24

Page 25: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 12: Lá ag cluiche rugbaí i Stade deFrance

Pictiúr a haon● Lá amháin bhí Seán, Cathal agus Tomás i gceaintín na scoile. ● Am lóin a bhí ann agus, nuair a bhí siad ag ithe an lóin, bhí na buachaillí ag caint

faoin gcluiche idirnáisiúnta rugbaí a bheadh ar siúl Dé Sathairn i bPáras. ● Dar le Seán, bhí foireann na hÉireann an-mhaith agus bhí siad go léir ag tnúth leis an

gcluiche.

SRAITH PICTIÚR 2015 25

Page 26: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● An Satharn ina dhiaidh sin, chuaigh na buachailli go dtí Aerfort Bhaile Átha Cliath. ● Bhí sceitimíní áthais orthu ag féachaint ar na heitiltí eile ag imeacht. ● Ansin nuair a shroich siad Páras, chuaigh na buachaillí ar thuras bus i lár na cathrach. ● Chonaic siad an Túr Eiffel agus na radharcanna eile. Bhain siad an-taitneamh as.

Pictiúr a trí● Nuair a shroich na buachaillí an Arc de Triomphe, cheap siad gur radharc dochreidte a

bhí ann. ● Nuair a shroich siad isteach sa Stade de France, chuaigh siad go dtí an siopa

bronntanais. ● Cheannaigh Cathal liathróid rugbaí dó féin. Bhí geansaithe, bróga peile agus rudaí

eile ar díol sa siopa freisin. ● Bhí na buachaillí an-sásta leo féin.

Pictiúr a ceathair● Ansin, lean siad ar aghaidh go dtí an cluiche. ● Bhí an aimsir go hiontach agus bhí an t-atmaisféar leictreach sa staid. ● Bhí slua mór ann ag féachaint ar an gcluiche. ● Ag leath-ama, bhí Éire i dtrioblóid, áfach, mar bhí an Fhrainc naoi bpointe chun

tosaigh. ● An scór a bhí ann ná Éire a trí agus an Fhrainc a dó dhéag.

Pictiúr a cúig● Sa dara leath, thosaigh an teannas ag éirí. ● Bhí an dá fhoireann i gclibirt. ● Buíochas le Dia, bhuaigh Éire an chlibirt agus bhí sceitimíní ar lucht tacaíochta na

hÉireann faoin am seo. ● Rith Johnny Sexton suas na páirce leis an liathróid agus fuair sé úd álainn d’Éire. ● Bhí gach duine ag béicíl in ard a gcinn is a ngutha.

Pictiúr a sé● Go gairid ina dhiaidh sin, fuair Tommy Bowe an liathróid agus thug sé cic mór di. ● Scóráil sé pointe agus sa deireadh bhí an bua ag Éire. ● Nuair a chríochnaigh an cluiche, bhí aon phointe ’s fiche ag Éire agus bhí cúig phointe

déag ag an bhFrainc. ● Lá stairiúil a bhí ann gan dabht agus bhí lúcháir ar na buachaillí go raibh siad ansin

don ócáid mhór!

LESS STRESS MORE SUCCESS26

Page 27: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a haon?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é Cathal, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2015 27

Page 28: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 13: Turas scoile

Pictiúr a haon● Tús na bliana scoile a bhí ann agus bhí múinteoir ag labhairt le lucht na hidirbhliana

faoi thuras scoile ag deireadh na bliana. ● D’éist sé le tuairimí na ndaltaí ar dtús. ● Mhol dalta amháin dul go dtí an Róimh.● Dúirt buachaill eile gurbh fhearr leis dul ag sciáil ag an Nollaig. ● Luaigh dalta eile Páras. ● Thosaigh an múinteoir ag caint faoin eacnamaíocht, áfach, agus dúirt sé go mbeadh

turas thar lear an-chostasach. ● Mhol se dóibh smaoineamh faoi thuras go dtí campa eachtraíochta in Éirinn agus bhí

na daltaí sásta leis sin.

LESS STRESS MORE SUCCESS28

Page 29: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● Níos déanaí sa bhliain chuaigh siad go dtí campa eachtraíochta i gConamara. ● Bhí beirt mhúinteoirí in éineacht leo. ● Nuair a d’fhág siad an bus, chonaic siad go raibh lóistín na mbuachaillí ar chlé agus

lóistín na gcailíní ar dheis. ● Isteach leo ansin go dtí an lóistín lena gcuid málaí droma agus bhí siad réidh le tosú ar

na heachtraí ar fad.

Pictiúr a trí● Bhí an-chuid eachtraí ar siúl dóibh.● Bhí grúpaí éagsúla ag rothaíocht, ag surfáil, ag curachóireacht, ag sléibhteoireacht, ag

rith agus ag rianadóireacht. ● Feicimid go raibh compás agus léarscáil acu. ● Gan aon dabht, thaitin na himeachtaí go léir go mór leo. ● Sos iontach a bhí ann ón seomra ranga.

Pictiúr a ceathair● Sa chéad leath den phictiúr seo, feicimid daltaí ag rith faoin tuath agus éadaí reatha á

gcaitheamh acu. ● Tugaimid faoi deara comhartha le rianadóireacht scríofa air chomh maith. ● Sa dara leath den phictiúr, bhí buachaill amháin san abhainn agus buachaill eile ag dul

trasna ar rópaí. ● Bhí daltaí eile sa chúlra ag tabhairt tacaíochta dóibh b’fhéidir.

Pictiúr a cúig● An oíche sin, bhí na daltaí ar ais sa teach lóistin. Lig siad a scíthe. ● Feicimid cailín amháin ag léamh i gcathaoir uillinn, buachaill ag seinm an ghiotáir,

agus daoine eile ag canadh agus ag féachaint orthu. ● Bhí gach duine sona sásta tar éis eachtraí an lae agus bhí atmaisféar deas sa phictiúr

seo gan amhras.

Pictiúr a sé● Nuair a d’fhill na daltaí ar an scoil, bhí príomhoide na scoile ag an doras chun fáilte a

chur rompu. ● D’iarr sé orthu an raibh briseadh deas acu agus bhí an-suim aige gach rud a chloisteáil

faoi. ● Cé go raibh na daltaí tuirseach traochta, dúirt siad go raibh turas iontach acu agus go

raibh sé níos fearr ná Páras fiú! Ghabh siad buíochas leis na múinteoirí a bhí inéineacht leo sular fhág siad an bus.

● Turas sár-mhaith a bhí acu gan amhras.

SRAITH PICTIÚR 2015 29

Page 30: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Ceisteanna 1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a cúig.3. Cén sórt duine é an príomhoide, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS30

Page 31: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 14: Obair dheonach

Pictiúr a haon● Bhí Seán agus Liam ar scoil agus bhí siad ag féachaint ar fhógra ar an mballa. ● Fógra a bhí ann faoi Chlann Síomóin ag lorg cabhrach ó dhaltaí scoile. ● Dúirt Seán go bhfiosródh sé an scéal agus d’fhreagair Liam go mbainfidís triail as. ● Thug siad faoi deara ar an bhfógra go mbeadh orthu labhairt leis an bpríomhoide.

Pictiúr a dó● Ar aghaidh leo ansin go dtí Oifig an Phríomhoide. ● An cúigiú lá ’s fiche de mhí Meán Fómhair a bhí ann agus chuir na buachaillí roinnt

ceisteanna ar an bpríomhoide faoin bhfógra.

SRAITH PICTIÚR 2015 31

Page 32: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Mhínigh sé dóibh go mbeadh orthu málaí a phacáil san ollmhargadh áitiúil an Aoineina dhiaidh sin ón a ceathair go dtí a hocht a chlog.

● Ní raibh fadhb ar bith ag na buachaillí leis sin agus dúirt siad go ndéanfaidís é sin ganaon agó.

Pictiúr a trí● Ansin ar an Aoine, an naoú lá ’s fiche de mhí Meán Fómhair, chuaigh na buachaillí go

dtí an t-ollmhargadh. ● Bhí siad ag caitheamh t-léinte le Clann Síomóin scríofa orthu. ● Bhuail siad leis an mbainisteoir san ollmhargadh agus labhair siad leis faoin obair a

bhí le déanamh acu. ● Dúirt sé leo cuidiú leis na custaiméirí na málaí a phacáil agus bosca bailiúcháin a

fhágáil in aice leo. ● Dúirt sé leo freisin gan airgead a iarraidh ar aon duine, ach a bheith néata sa phacáil

agus a bheith béasach, deas agus fáiltiúil le gach duine.

Pictiúr a ceathair● Feicimid ansin bean a bhí ag siopadóireacht san ollmhargadh an lá sin. ● Chuala sí fógra ag teacht amach ar an idirchum faoi na déagóirí áitiúla a bhí ag cabhrú

leis an bpacáil an lá sin ar son Chlann Síomóin. ● Iarradh ar na custaiméirí a bheith fial agus flaithiúil sa bhailiúchán a bhí ar siúl. ● Lean an bhean ar aghaidh go dtí an cuntar ansin agus dúirt Seán go ndéanfadh sé an

phacáil di. ● Is léir go raibh an bhean an-tógtha le béasa na mbuachaillí agus cheap sí gurbh an-

smaoineamh é i ndáiríre. ● Feicimid Liam sa chúlra agus bhí an rud céanna ar siúl aige. Bhí seisean go deas

cneasta leis na custaiméirí freisin, ar ndóigh. ● Bhí an buicéad bailiúcháin ag na buachaillí in aice láimhe.

Pictiúr a cúig● Isteach leis na buachaillí ansin go dtí oifig an bhainisteora chun an t-airgead a

chomhaireamh. ● Bhí siad thar a bheith sásta mar bhailigh siad dhá chéad caoga Euro ar fad. ● Mhol an bainisteoir go hard iad as an obair a rinne siad. ● Dúirt sé leo go raibh siad an-chneasta leis na custaiméirí agus, dá bhrí sin, thairg sé

post páirtaimseartha san ollmhargadh dóibh.

Pictiúr a sé● Faoi dheireadh, ar an Luan, an dara lá de mhí Deireadh Fómhair, tháinig ionadaí ó

Chlann Síomóin isteach sa scoil agus bhronn an príomhoide seic dhá chéad caogaEuro uirthi.

● Bhí na daltaí go léir i láthair don bhronnadh agus bhí Seán agus Liam chun tosaigh.

LESS STRESS MORE SUCCESS32

Page 33: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Dúirt an príomhoide gur bhailigh Seán agus Liam an t-airgead seo tar éis ceithrehuaire a’chloig oibre agus go raibh sé féin agus an scoil go léir an-bhródúil astu.

● Ghlac an bhean leis an seic go fonnmhar agus mhínigh sí dóibh go mbeadh an t-airgead an-úsáideach chun bia, fothain agus seirbhísí eile a chur ar fáil do luchtChlann Síomóin.

● Rinne na buachaillí an-obair gan aon dabht!

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chúigíú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa séú pictiúr.3. Cén sórt duine é an bainisteoir, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2015 33

Page 34: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 15: Ag toghadh scoláire na bliana

Pictiúr a haon● Bhí an múinteoir ag labhairt le daltaí na scoile faoin toghchán, Scoláire na Bliana, a

bhí le teacht go luath. ● Mhínigh sí dóibh an tábhacht a bhain leis an vóta a bhí acu agus dúirt sí leo a bheith

ag smaoineamh ar thréithe an duine agus ar na dualgais a bheadh aige/aici. ● Dar léi, bhí sé tábhachtach go mbeadh an duine sin cairdiúil, freagrach agus cabhrach

i gcoitinne le gach duine eile sa scoil. Ansin, d’fhág sí an cinneadh leis na daltaí.

Pictiúr a dó● Lá arna mhárach, bhí an toghchán ar siúl sa scoil. Tháinig na daltaí isteach i ngrúpaí

agus chuir siad a gcuid vótaí isteach sa bhosca. ● Bhí an múinteoir ansin ag bailiú na vótaí agus ag feitheoireacht ar an vótáil.

LESS STRESS MORE SUCCESS34

Page 35: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

● Níl aon amhras ach go raibh gach duine sa scoil lán dáiríre faoi agus gur thuig siadtábhacht an toghcháin do phobal na scoile ar fad.

Pictiúr a trí● Nuair a bhí an toghchán thart, chuaigh beirt de na múinteoirí go dtí an oifig

ghinearálta sa scoil. ● Chaith siad na vótaí go léir amach ar an mbord agus rinne siad iad a chomhaireamh. ● Bhí clár fógra taobh thiar díbh chun na torthaí a thaifeadadh. ● Is dócha go mbeidís in ann na torthaí a thaifeadadh ar an ríomhaire chomh maith.

Pictiúr a ceathair● Sa cheathrú pictiúr, bhí gach duine i Halla na Scoile. ● Bhí beirt mhúinteoirí agus príomhoide na scoile ar an ardán agus bhí daltaí na scoile

ciúin agus iad ag fanacht go foighneach leis an toradh. ● Feicimid an corn in aice leo agus bhí cíor na scoile le feiceáil ar an seastán. ● Is dócha go raibh na daltaí ar bís ag an bpointe seo.

Pictiúr a cúig● Gan mórán moille ansin, ghlaoigh an príomhoide amach an toradh. Bhí an bua ag

Sandra Ní Cheallaigh. ● Dúirt sé le Sandra teacht aníos ar an stáitse agus an corn a ghlacadh. ● Bhí an halla lán go doras agus is dócha gur baineadh geit as Sandra nuair a chuala sí a

hainm.

Pictiúr a sé● Bhí sceitimíní áthais ar lucht na scoile ar fad nuair a chuaigh Sandra suas ar an ardán.

Bhí siad go léir ag bualadh bos agus ag screadaíl. ● Ghlac Sandra an corn agus is léir go raibh ionadh an domhain uirthi. Níor chreid sí a

súile ná a cluasa! ● Nuair a bhí an príomhoide ag rá comhghairdeachais léi, dúirt sé go raibh an gradam

seo tuillte go maith aici mar gheall ar a cuid dea-iompair, a cuid oibre sa scoil agus ancuidiú a thug sí dó féin, dá mhúinteoirí agus do phobal na scoile ar fad.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa séú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr.3. Cén sórt duine í Sandra, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2015 35

Page 36: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 16: Teip sa scrúdú tiomána

Pictiúr a haon● Maidin Dé Luain a bhí ann. Bhí Seán an-neirbhíseach mar bhí sé ag déanamh scrúdú

tiomána. ● Fuair sé síob go dtí an t-ionad tástála lena athair. ● Ansin, d’fhág Daid slán leis agus ghuigh sé ádh mór air. ● Feicimid comhartha ar an doras: ‘Scrúdú Tiomána Anseo’. ● Bhí an chuma ar Sheán bocht go raibh sé ag crith le heagla.

Pictiúr a dó● Ansin, bhuail Seán leis an scrúdaitheoir tiomána agus dúirt sé go raibh sé chun cúpla

ceist a chur ar Sheán ar dtús. ● Scríobh an scrúdaitheoir síos na freagraí go léir agus ansin lean siad ar aghaidh go dtí

an scrúdú tiomána praiticiúil. ● Nuair a shuigh Seán isteach sa charr bhí sé fós neirbhíseach.● Chuir sé air a chrios sábhála agus ar aghaidh leo leis an scrúdú.

LESS STRESS MORE SUCCESS36

Page 37: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a trí● Nuair a thosaigh Seán ag tiomáint, chonaic sé a chairde ar thaobh an bhóthair. ● D’fhéach sé orthu agus bheannaigh sé dóibh. Bheannaigh siadsan ar ais dó, ar ndóigh. ● Bhí fearg ar an scrúdaitheoir, áfach, mar ní raibh Seán ag tabhairt airde ar an mbóthar. ● Ba léir go raibh an scrúdaitheoir mífhoighneach.

Pictiúr a ceathair● Ansin, gan choinne, nuair nach raibh Seán ag féachaint os a chomhair, bhuail sé cúl an

chairr a bhí roimhe. ● Baineadh geit mhór as gach duine sa phictiúr. ● Níor thuig an tiománaí bocht sa charr eile céard a tharla. ● Bhí scanradh an domhain ar Sheán. ● Bhí eagla agus fearg ar an scrúdaitheoir. ● Bhí an tiománaí sa charr eile sceimhlithe ina bheatha agus bhí cairde Sheáin ag crith le

heagla.

Pictiúr a cúig● Ansin, tháinig gach duine amach óna gcarranna. ● Bhí fearg an domhain ar thiománaí an chairr eile ag an bpointe seo, mar rinneadh a

lán damáiste dá charr. ● Chuir sé fios ar na Gardaí. ● Nuair a tháinig an Garda ar an suíomh, labhair sé le gach duine. ● Mhínigh an scrúdaitheoir don Gharda go raibh Seán ag foghlaim conas tiomáint. ● Bhí an-bhrón ar Sheán gan dabht.

Pictiúr a sé● Nuair a chuaigh Seán ar ais go dtí an t-ionad tástála, bhí an scrúdaitheoir fós crosta go

raibh Seán freagrach as an timpiste bhóthair seo. ● Bhí aiféala ar Sheán. ● Dúirt an scrúdaitheoir leis go mbeadh seans eile aige sa chéad scrúdú eile. ● Mar sin, is léir gur theip air sa scrúdú! ● Dúradh leis dul ag cleachtadh arís agus aire a thabhairt ar an mbóthar. ● Dúirt Seán go raibh ceacht foghlamtha aige agus go mbeadh sé cúramach as sin

amach.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chéad phictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa chúigiú pictiúr.3. Cén sórt duine é an scrúdaitheoir tiomána, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2015 37

Page 38: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 17: Bua sa seó tallainne

Pictiúr a haon● Chonaic na buachaillí fógra faoi sheó tallainne áitiúil a bhí ar siúl i mí Bealtaine i

Halla an Phobail. ● Nuair a thug siad faoi deara go raibh míle Euro le buachan sa chomórtas, bhí an-suim

acu ann. ● Dúirt siad go mbainfidís triail as toisc go raibh siad go léir sa ghrúpa ceoil céanna.

Pictiúr a dó● An Criú Craiceáilte an t-ainm a bhí ar an ngrúpa agus chaith siad mí Feabhra, Márta

agus Aibreán ag cleachtadh don chomórtas. ● Bhí Seán ag seinm na fidile, sheinn Liam na drumaí, bhí Eoin ag canadh agus sheinn

Peadar an giotár. ● Is léir go raibh siad go léir dáiríre faoin gcleachtadh.

LESS STRESS MORE SUCCESS38

Page 39: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a trí● Cúpla lá roimh an gcomórtas, d’éist an múinteoir ceoil leis an ngrúpa. ● Cheap sé go raibh feabhas mór tagtha orthu agus thug sé cúpla moladh dóibh freisin. ● Ansin, tháinig oíche an chomórtais agus feicimid scuaine ag dul isteach sa halla.

Pictiúr a ceathair● Nuair a sheinn gach grúpa eile, tháinig an láithreoir amach ar an ardán agus mhol sé

an ceol an-mhaith a bhí cloiste acu go dtí sin. ● D’iarr sé ar an lucht féachana ansin bualadh bos a thabhairt don ghrúpa deiridh, An

Criú Craiceáilte. ● Nuair a tháinig na buachaillí amach ar an ardán, chuir an slua mór a bhí i láthair fáilte

mhór rompu.

Pictiúr a cúig● Ag deireadh an chomórtais, tháinig an láithreoir amach ar an stáitse arís agus

d’fhógair sé go raibh an bua ag an gCriú Craiceáilte. ● Ghabh sé buíochas le gach duine agus dúirt sé go raibh caighdeán ard ceoil cloiste

acu. ● Gan mhoill ansin, bhronn sé an seic ar na buachaillí agus bhí gliondar croí orthu. ● B’fhiú go mór an obair dhian a chur siad isteach roimh an gcomórtas.

Pictiúr a sé● Lá arna mhárach, thug na buachaillí cuairt ar an siopa ceoil áitiúil, An Fonn Mall. ● Dúirt an siopadóir comhghairdeachas leo agus thaispeáin sé dóibh go raibh cúpla rud

ar leathphraghas sa siopa an lá sin toisc go raibh sladmhargadh acu. ● Bhí na buachaillí ciallmhar, áfach, agus lean siad ar aghaidh uaidh sin go dtí an banc. ● Feicimid Liam ag dul isteach an doras chun an seic a lóisteáil ar son an ghrúpa.

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre sa chúigiú pictiúr, dar leat?2. Déan cur síos ar an atmaisféar sa dara pictiúr.3. Cén sórt duine é an múinteoir ceoil, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2015 39

Page 40: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 18: Bronntanas costasach

Pictiúr a haon● An cúigiú lá de Bhealtaine a bhí ann agus breithlá Aoife a bhí ann an lá sin. ● Sa phictiúr seo, bhí a teaghlach ar fad timpeall uirthi agus ghuigh siad breithlá sona

uirthi. ● Thug siad bronntanas álainn di ansin. ● Fón póca nua a bhí ann agus bhí ríméad ar Aoife nuair a d’oscail sí an bosca. ● Ní raibh sí ag súil leis seo in aon chor. ● Bhí dea-aoibh ar gach duine sa phictiúr. ● Feicimid a tuismitheoirí, a deartháir Eoin agus a deirfiúr Síle in aice léi.

LESS STRESS MORE SUCCESS40

Page 41: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● Ansin, ghlaoigh Aoife ar a cairde go léir. ● Duine an-chainteach ab ea í gan amhras. ● Fiú amháin nuair a bhí sí ag caint ar an bhfón, bhí sí ag smaoineamh ar trí ghlaoch eile

a bhí le déanamh aici. ● Chaith sí an oíche ar fad ag caint ar an bhfón. ● Gan amhras, thaitin a bronntanas go mór léi!

Pictiúr a trí● Bhí sí ag caint faoi gach saghas ábhair lena cairde. ● Phléigh siad buachaillí, dioscó a bheadh ar siúl oíche Dé hAoine agus siopadóireacht. ● Ní dóigh liom go raibh aon ábhar nár phléigh siad. ● Bhí siad ag caint gan stad agus níor smaoinigh Aoife ar an gcostas.

Pictiúr a ceathair● Ar an dara lá déag de Mheitheamh, áfach, fuair Aoife a céad bille teileafóin. ● Baineadh geit mhór aisti nuair a chonaic sí an méid a bhí le híoc aici. ● Céad fiche cúig Euro agus tríocha cúig cent a bhí i gceist. ● Ba léir nach raibh sí ag súil leis seo ar chor ar bith agus sa phictiúr seo feicimid go

raibh sí sceimhlithe ina beatha.

Pictiúr a cúig● An tráthnóna sin, bhí cruinniú ag an teaghlach sa teach chun an fhadhb seo a phlé. ● Ní mó ná sásta a bhí tuismitheoirí Aoife. ● Dúirt Daid go raibh an bille dochreidte agus cheistigh sé cén fáth nár smaoinigh sí ar

an gcostas. ● Theastaigh ó Mham teacht ar réiteach na faidhbe. ● Dar le hEoin, chaith Aoife an iomarca ama ag caint agus mhol sé di go mbeadh

téacsanna i bhfad níos saoire as sin amach. ● Bhí náire an domhain ar Aoife bhocht agus dúirt sí nár thuig sí é sin go dtí go bhfuair

sí an bille. ● Faoi dheireadh, dúirt a deirfiúr Síle léi go mbeadh sí sásta iasacht a thabhairt di mar

bhí trua aici di.

Pictiúr a sé● Ansin ar an dara lá is fiche de Lúnasa, fuair Aoife a céad bille teileafóin eile. ● Cúig euro is fiche a bhí air an uair seo agus bhí sí sásta faoi sin. ● Bhí an bille níos isle toisc gur thosaigh Aoife ag cur téacsanna chuig a cairde in ionad

glao a chur orthu. ● Sa phictiúr seo, feicimid í ag téacsáil a cara ag rá léi fios a chur uirthi agus ag rá go

mbuailfeadh sí léi go luath. ● Gan aon amhras, bhí ceacht fiúntach foghlamtha aici!

SRAITH PICTIÚR 2015 41

Page 42: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Ceisteanna 1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a cúig.3. Cén sórt duine í Síle dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS42

Page 43: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 19: Sláinte na n-óg – Seachtain naSláinte

Pictiúr a haon● Bhí sé leathuair tar éis a deich agus bhí príomhoide na scoile ag caint le pobal na scoile

ar an idirchum. ● Thug sí cúpla fógra is dócha, ach sa phictiúr seo, feicimid go raibh sí ag labhairt faoi

Sheachtain na Sláinte ar scoil. ● D’iarr sí ar gach duine sa scoil páirt a ghlacadh sna himeachtaí go léir a bheadh ar siúl

sa scoil mar chuid den tseachtain sin.

SRAITH PICTIÚR 2015 43

Page 44: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● Thosaigh an tseachtain le cluiche peile idir na múinteoirí agus na daltaí agus

chruthaigh sé seo atmaisféar iontach sa scoil. ● Bhí spórt agus spraoi ag gach duine. ● Ansin, feicimid daltaí eile i rang aeróbaice sa halla spóirt. ● Bhí gach duine ag baint an-taitnimh as na himeachtaí éagsúla gan amhras ar bith.

Pictiúr a trí● I bpictiúr a trí, feicimid gur ghlac lucht bialainne na scoile a bpáirt féin i Seachtain na

Sláinte. ● Ní raibh ach bia sláintiúil ar an mbiachlár an tseachtain sin.● Feicimid samplaí ar an mbiachlár den bhia sláintiúil a bhí acu, ’sé sin úlla, iógart agus

arán donn tí. Bhí scuaine sa bhialann an lá sin. ● Ar an taobh eile den phictiúr sin, feicimid buachaill ag ithe burgair agus sceallóga

agus ag ól cóc. ● Deirtear go minic go n-itheann daoine óga an iomarca bia míshláintiúil mar sin na

laethanta seo.

Pictiúr a ceathair● Tar éis sin, feicimid grúpa ón scoil ar shiúlóid urraithe. ● Bhí an tsiúlóid seo eagraithe mar chuid de Sheachtain na Sláinte agus, chomh maith

leis sin, chun airgid a bhailiú le haghaidh trealaimh spóirt nua don scoil. ● Bhí an t-ádh leo, mar bhí an ghrian ag spalpadh anuas orthu an lá áirithe seo.

Pictiúr a cúig● Tháinig aoichainteoir isteach sa scoil freisin, chun labhairt leis na daltaí faoi shláinte

choirp agus aigne. ● Mhol sí dóibh dá mbeadh fadhbanna ar bith acu labhairt le daoine eile agus gan eagla

ná náire a bheith orthu. ● Bhí na daltaí ag éisteacht go géar léi.

Pictiúr a sé● Ansin tráthnóna Dé hAoine, ag ceathrú tar éis a dó, tháinig an príomhoide ar an

idirchum arís. ● Dúirt sí go raibh sí fíorbhuíoch as pobal na scoile ar fad a ghlac páirt sna himeachtaí

go léir agus go háirithe astu sin a d’eagraigh na himeachtaí. ● Dúirt sí freisin go raibh seachtain den scoth ag gach duine sa scoil agus mhothaigh sí

féin an-bhródúil as an scoil dá bharr. ● Tá sé an-tábhachtach go deo béim a chur ar shláinte na n-óg i mo thuairim!

LESS STRESS MORE SUCCESS44

Page 45: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a dó.3. Cén sórt duine í an príomhoide, dar leat?

SRAITH PICTIÚR 2015 45

Page 46: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Sraith Pictiúr 20: Samhradh iontach

Pictiúr a haon● Bhí sé ceathrú tar éis a trí sa tráthnóna agus bhí Áine agus Aoife ag spaisteoireacht sa

bhaile mór. ● Bhí laethanta saoire an tsamhraidh acu agus bhuail siad lena chéile taobh amuigh den

séipéal. ● Bhí an aimsir go breá an lá sin agus bhí an ghrian ag taitneamh. ● Dúirt Áine go mbeadh samhradh den scoth acu agus d’aontaigh Aoife léi, ag rá go

raibh a lán le plé acu. ● Ansin, shocraigh siad go rachaidís ag lorg poist.

LESS STRESS MORE SUCCESS46

Page 47: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Pictiúr a dó● I dtús báire, chuaigh siad go dtí óstán áitiúil sa bhaile mór agus bhí agallamh acu le

bainisteoir an óstáin ina oifig. ● Mar is léir ón bpictiúr, fuair an bheirt acu post agus, gan mhoill, thosaigh siad ag

obair. ● Bhí siad ag cóiriú na leapa, ag glanadh agus ag folúsghlanadh sa phictiúr. ● Bhí siad an-bhuíoch as an obair agus cheap Áine go raibh an t-ádh dearg leo go raibh

post acu.

Pictiúr a trí● Ansin, a bhuí leis an airgead a fuair siad ón obair, chuaigh na cailíní ar saoire go dtí an

Iodáil. ● Chuaigh siad ag siopadóireacht agus ag féachaint ar na radharcanna. ● Tá a fhios agam go raibh siad sa Róimh mar feicimid an Colasaem sa chúlra. ● Cheap Aoife go raibh an chathair sin gleoite agus an-suimiúil. Bhí siad ar a sáimhín

só!

Pictiúr a ceathair● Cúpla seachtain ina dhiaidh sin, nuair a tháinig na cailíní abhaile, bhí siad ag imirt

peile leis an bhfoireann peile áitiúil agus bhuaigh siad an chraobh. ● Bhí sceitimíní áthais orthu nuair a leag siad a lámha ar an gcorn. ● Níos déanaí ansin, chuaigh siad go dtí an phictiúrlann agus bhain siad taitneamh as

scannán maith. ● D’ith siad poparbhar agus d’ól siad cóc. Bhí an-saol acu!

Pictiúr a cúig● Ní dhearna na cailíní dearmad ar dhaoine bochta sa tír, áfach, agus mar a fheicimid ón

bpictiúr seo, thosaigh siad ag obair le Cumann Naomh Uinseann de Pól. ● Bhí siad ag tabhairt bia do dhaoine bochta ar na sráideanna. ● Ghabh seanbhean bhocht amháin buíochas leo as an gcabhair a thug siad di. ● Ba chailíní carthannacha iad gan dabht.

Pictiúr a sé● Sa phictiúr deireanach, bhí na cailíní ag caint faoin samhradh iontach a bhí acu. ● Deireadh an tsamhraidh a bhí ann anois agus bhí siad an-sásta leo féin. ● Dúirt Áine gurbh é an samhradh ab fhearr a bhí aici riamh agus d’fhreagair Aoife go

raibh sí ag súil go mór leis an mbliain dar gcionn cheana féin. ● Samhradh iontach a bhí acu gan aon agó!

SRAITH PICTIÚR 2015 47

Page 48: Less Stress More Success Irish Leaving Cert Higher Level · Bhí Aoife agus Eoin ag caitheamh éadaigh báistí agus hataí. Pictiúr a ceathair Gan a thuilleadh moille, thosaigh

Ceisteanna1. Céard iad na mothúcháin is láidre i bpictiúr a sé?2. Déan cur síos ar an atmaisféar i bpictiúr a ceathair.3. Cén sórt duine é bainisteoir an óstáin, dar leat?

LESS STRESS MORE SUCCESS48