tuathal 2 (twothal)

32
Irisleabhar Ghaeilge Choláiste na Tríonóide. Plé na dtáillí Súil Siar ar an Oireachtas Scéal Ghaelscoil Rath Tó Litir chuig an bpropast Tuismeá Príomháideachas Facebook Eagrán 2, 2010/2011 Samhain Cuairt na Banríona Tuathal Dóchas d’ár nglúin Saor in aisce

Upload: an-cumann-gaelach

Post on 30-Mar-2016

283 views

Category:

Documents


19 download

DESCRIPTION

Irisleabhar an Chumainn Ghaelaigh Choláiste na Trionóide

TRANSCRIPT

Page 1: Tuathal 2 (Twothal)

Irisleabhar Ghaeilge Choláiste na Tríonóide.

Plé na dtáillí

Súil Siar ar an Oireachtas

Scéal Ghaelscoil Rath Tó

Litir chuig an bpropast

Tuismeá

Príomháideachas Facebook

Eagrán 2, 2010/2011Samhain

Cuairt na Banríona

Tuathal

Dóchas d’ár nglúin

Saor in aisce

Page 2: Tuathal 2 (Twothal)

T U A T H A L

Tuathal 2

Eagarthóir: Pádraig Schaler

Plé na hagóideTugann scríbhneoirí eagsúla a ndearcadh dúinn ar an agóide a thit amach i gcoinne táille ollscoile i mB.Á.C. le déanaílch 4

Súil Siar ar Sheachtain na Mac Léinn NuaD’eagraigh an Cumann Gaelach go leor imeachtaí eagsúla le linn Sheactain na Mac Léinn Nua agus tá an t-eolas ar fad againn.lch 12

Oireachtas na Samhna 2010An deireadh seachtaine Gaeilge is mó sa bhliain ach má chaill tú amach air, ní bí burtha beidh sé i gCill Áirne arís an bhliain seo chugainn níos mó eolais ar:lch 14

TuismeáAg iarraidh fáil amach cad atá i ndán duit, tá an t-eolas ar fad ag Lisa Nic Mhathúna.lch 19

Suirbhé Mór TuathalGhlac níos mó ná 300 duine páirt sa suirbhé agus tá na freagraí ar fad curtha le chéile againn agus tá na torthaí suimiúla le fáil ar:lch 9

Cuairt na BanríonaTá go leor plé déanta ar an ábhar seo ach cuireann Oísín Místéil a

thuairimí os ár gcomhair san alt seo.lch 24

San Eagrán seo: Eagrán 2 - 2010/2011

An Fhoireann:

Scríbhneoirí:Eibhlín WalshJen Ní MhathúnaJohn LunneMícheál an PlebNiamh Ní Chróinín

Dairíne Ní BheinéidOisín MistéilUrsula Ní ChoillIseult Nic’a BhairdConchur Ó Leathlobhair Mícheál Clancy

Go raibh maith agat do gach duine a scríobh alt nó dán don iris seo, táim fíor-bhuíoch asaibh.

Gearrán? Moladh? Ceist? Teagmháil: [email protected]

Enda Keny ag léamh an chéad eagrán de Tuathal.

Cén Ghaeilge a labhraítear ar an nGealach? -Gaeilge na Mumhan.

Cén saghas teach a thiteann? -Báisteach.

Pictiúir ar an gclúdach: Oisín Mistéil agus Pádraig Schaler ©

Page 3: Tuathal 2 (Twothal)

TF Á I L T E

Tuathal 3

E A G A R F H O C A L

A chairde,

Tá go leor i ndiaidh titim amach in Éirinn le tamall anuas, is dócha go bhfuil sé ar cheann do na tréimhsí is suntasaí i stair na hÉireann ó bunaíodh Poblacht na hÉireann. Tá athruithe móra i ndán dúinn ar fad agus is trua go raibh ar chumhachtaí seachtracha teacht isteach agus ár bhfadhbanna féin a réitiú dúinn. É sin ráite, ní chreidim go bhféadfadh Fine Gael nó dream ar bith eile post níos fearr a dhéanamh. Ach, is fearr i gcónaí breathnú ar an taobh dearfach. Táimid ar an gcoláiste faoi láthair agus níl teach le mórgáiste ag fórmhór dúinn. Faoin am go mbeimid, fiú muintir na ceathrú bliana, críochnaithe ar an ollscoil is cinnte go mbeidh feabhas tar éis teacht ar stad na tíre. Agus, tá buntáistí ag baint le cruachás ar bith agus ní heisceacht é seo. Tá praghas na dtithe in Éirinn tar éis titim go mór. Le deanaí níor díoladh 47 arasán i mBealach Féich i nDún na nGall ag ceant le praghas treorach de €550,00, sin €17,00 an ceann. Bhí sé i gceist ag an bhforbróir na hárasáin céanna a dhíol ar €250,00 an ceann cúpla bliain ó shin. Ciallaíonn sé sin anois go mbeadh tú ag fáil 45 arasán saor in aisce dá gcaithfeá an praghas a bhí ar dhá arasán cúpla bliain ó shin. Ar nós ‘Buy 2 get 45 free.’

Chuala mé cúpla duine le déanaí ag rá go bhfuil náire orthu a bheith ina nÉireannaigh anois. Níl ciall ar bith le sin, tá seanfhocal sa Ghaeilge, ‘thuas seal, thíos seal,’ agus tá firínne ag baint leis. Caithfidh go mbeadh taithí agat ar na drochlaethanta chun a bheith buíoch as na laethanta maithe.

Tá súil agam go mbaineann sibh ar fad taitneamh as an iris. Mar is gnáth mar eagarthóir glacaim freagracht iomlán as gach rud atá san iris agus má tá gearrán ar bith ag éinne is féidir é a sheoladh chugam, [email protected]. Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil le gach duine a scríobh don iris seo, freisin le Roisín Adams a chabhraigh liom leis an gceartúchán agus le Jen Ní Mathúna a chaith oíche fhada liom ag déanamh proléimh ar an iris. Gabhaim buíochas ollmhór le Foras na Gaeilge freisin a chur urraíocht ar fáil do ‘Tuathal.’

Is mise,

Pádraig Schaler

Fáilte

Comórtas!

Buíochas le Cois Life tá cóip den leabhar Favela le hAlex Hijmans le tabhairt amach againn. Le

cur isteach ar an gcomórtas seo níl ort ach tuairisc le thart ar 400 focal a scríobh ar

leabhar Gaeilge ar bith agus é a sheoladh chuig [email protected] roimh an

12/12/2010. Fógrófar an buaiteoir sa chéad eagrán eile de Tuathal.

Na hUimhreacha:150 ‐     an meánmhéid lánúineacha a                         ‐                 bposann i Las Vegas gach lá.

1,140 ‐ an meán glaochanna guthán a                       dhéanann an gnáthdhuine i                 ndiaidh na bliana.

3 ‐          Rugtar leanbh gach 3 soicind.

6,500 ‐ teanga bheo ar domhain faoi          láthair

3250 ‐  an méid teangacha a mbeidh                 fágtha faoin mbliain 2110 

MB Club Leabhar.

Bíonn Club Leabhar ar siúl go rialta sa Choláiste, seo a leanas an t-eolas ar fad:

Leabhar: Lig Sinn i gCathú le Breandán Ó hEithir.

Dáta: 15/12/2010

Am: 7:00i.n.

Áit: 18.02.01 Botany Bay

Craic: Mighty

Fáilte roimh cháca

Tuilleadh eolais: [email protected]

Page 4: Tuathal 2 (Twothal)

6 I D E A C H A S

4 Tuathal

Bhí mé féin i measc an tslua 25,000 mac léinn a rinne máirseáil ó Chearnóg Parnell go dtí Teach Laighean ar an 3ú lá de Mhí na Samhna. Bhí atmaisféar leictreach ann. Bhí an phríomhchathair dubh le daoine agus t-léinte buí á gcaitheamh acu. Bhí a gcantaireacht féin ar bun ag gach uile choláiste. Bhí an tsamhlaíocht agus an ealaíontóireacht á léíriú sna póstaeir. Mhothaigh mé an-bhrodúil as mic léinn na hÉireann.

Mhothaigh mé go raibh ceacht foghlamtha againn ó na Francaigh sa deireadh thiar thall. In ainneoin seo, tháinig deireadh conspóideach leis an mhórshiúil. Is iad na himeachtaí idir grúpa áirithe mac léinn agus na gardaí taobh amuigh den Roinn Airgeadais a dhírigh na meáin chumarsáide air an lá dar gcionn. Ní ar na hóráidí iontacha a rinne muintir USI ar an stáitse os comhair 25,000 mac léinn.

Tá díospóireacht ann anois de thairbhe na n-imeachtaí seo maidir le teorainneacha agóide. Sílim féin nár chóir uibheacha a chaitheamh ar an Aire Airgeadais, an bealach céanna nach raibh an ceart ag an duine a chaith péint thar Mary Harney, an t-Aire Sláinte. In ainneoin seo ní chóir go gcuirfeadh na hócáidí áirithe seo bac ar ár gceart chun agóid a dhéanamh agus míshásacht s’againn a léiriú. Tá fearg ar mhuintir na tíre seo maidir le gníomhaíochtaí an rialtais atá i gcumhacht faoi láthair. Is rialtas é atá ag faire amach do na daoine is saibhre. Tá siad ag tabhairt tacaíochta do na baincéirí agus na fir ghnó in ionad na daoine a bhfuil fíor-thacaíocht de dhíth orthu.

-Eibhlín Walsh

Plé na hAgóide

Page 5: Tuathal 2 (Twothal)

O I D E A C H A S

Tuathal 5

Ar an 3ú lá de Mhí na Samhna, bhí sé mar dhualgas ag na hionadaithe an fhios a chur in áit an aineolais agus na ranganna a spreagadh chun dul ag máirseáil i gcoinne táillí ollscoile. Rinne Aontas na Mac Léinn a míle dícheall chun an todhchaí dubhach a léiriú agus an éagmais oideachais atá i ndán do scoláirí má ardaítear na táillí.

Chuadar amach le t-léinte buí á gcaitheamh acu, péint ar a n-aghaidheanna agus feadóga á séideadh. Bhí mic léinn ann ó gach aird den tír agus iad ag máirseáil ar son chearta oideachais. Is oth liom a rá má théann táillí clárúcháin in airde nach mbeidh sciar mhór de mhic léinn in ann

tairseach na hollscoile a bhaint amach. Sin í an fhírinne lom. Mháirseáil 40,000 mac léinn trí

chroílár Bhaile Átha Cliath chun a thaispeáint don rialtas nach féidir leo scoláirí a chaitheamh ar an gcarn aoiligh!

An mbeidh fál ar an ngairdín i ndiaidh na foghlach? Tá súil ag gach mac máthar go mbeidh! Deirtear dá fhad lá tagann oíche, ach is follasach do dhall gan súl go bhfuilimid idir dhá thine Bhealtaine anois. Táimid ag guí go mbeidh péacáin ghlasa le feiceáil go gairid.

-Niamh Ní Chróinín

•“Oideachas ní Imirce! ceann de na comharthaí a chonaiceamar díreach ansin ar shráid chill dara..” - http://twitter.com/gaelport

•“Tá mic léinn tríú leibhéal na tíre tagtha thar n-ais óna gcuid laethanta saoire samhraidh cúpla seachtain ó shin agus tá sé in am acu dul amach ar na sráideanna anois chun cur i gcuimhne dúinn nach ndíolann siad táillí teagaisc cé gurb iad a gheobhaidh an buntáiste iomlán as a n-oideachas sna blianta atá amach rompu.” - Conall Ó Móráin, Gaelscéal.

•“Más iad sin na hargóintí atá ina bhfabhar agus má tá na táillí clárúcháin seo le dúbailt, creidimse go gcealófar an rochtain atá bronnta orthu siúd gan aon teacht ar mhaoin dá leithéid agus gur céim eile chun cúil a bheadh ann.” - Páidí Ó Lionáird, Gaelscéal

•Ar ndóigh, chaithfí cúnamh breise, i bhfoirm deontais, a chur ar fáil do dhaoine ó chúlra ioncaim íseal, le páirtíocht na n-aicmí is boichte san oideachas ag an tríú leibhéal, a mhéadú. Don chuid eile, mholfainn córas iasachtaí ón Stát a bhunú, mar atá i dtíortha go leor eile, le hairgead a chur ar fáil le híoc as na táillí agus as costais mhaireachtála na mac léinn. Thabharfadh sé deis don rialtas breis airgid a fháil ó na táillí agus chasfadh sé níos mó mic léinn d’ardchumas i dtreo na heolaíochta is na teicneolaíochta.” -Donncha Ó hÉallaithe, www.beo.ie

•“Cuireann iompar grúpa beag dhaoine ag eachtra a thit amach ag an Roinn Airgeadais díomá ar Aontas na Mac Léinn in Éirinn. Ní raibh baint ar bith ag an eachra seo le hagóid Aontais na Mac Léinn.” - Gary Redmond, Uachtarán Aontais na Mac Léinn in Éirinn

An dearcadh taobh amuigh de Choláiste na Tríonóide:

‘Aoibhinn Beatha an Scoláire?’ Ní dóigh liom é.

Page 6: Tuathal 2 (Twothal)

O I D E A C H A S

6 Tuathal

Ar an 27ú Meán Fómhair 2009 fuair Ann Cumiskey a bhí 81 bliain d'aois bás de bharr tine ina teach go luath ar maidin. Ba é coinneal a thit ar an urlár cúis na tine, bhí an leictreachas sa teach múchta toisc nach raibh an t-airgead ag an gclann leis an mbille ESB a íoc. Ar an 3ú lá de mhí na Samhna 2010 chuaigh breis is 20,000 mac léinn i mbun agóide ar shráideanna Bhaile Átha Cliath i gcoinne ardú sa táille chlárúchán ollscoile, iníne agus mic dhochtúirí agus dhlíodóirí ina measc agus iad ag lorg go n-íocadh daoine eile as a n-oideachas. Níl an t-airgead ag an rialtas faoi láthair agus ní bheidh ar feadh tamaill, tá gá le corraithe agus caithfidh mic léinn na hÉireann a aithint nach eisceacht iadsan. Cén fáth go raibh ar chlann Ann Cumiskey íoc domsa nó duitse freastal ar an gcoláiste an bhliain seo caite dá mba rud é go raibh an t-airgead againn féin? Sílim gur chóir go mbeadh an deis ag gach uile dhuine in Éirinn freastal ar an gcoláiste más mian leo, agus cé gur conspóideach an

rud é le rá creidim más féidir leo €2,000 nó fiú €3,000 a íoc as ba chóir dóibh.

Tá thart ar 50% do mhic léinn in Éirinn i dteideal deontais a fháil agus ní ghá dóibh siúd an táille clárúcháin a íoc, ní

bhaineann an t-ardú seo leo. Nílim ag séanadh nach bhfuil laigí sa chóras, is cinnte go bhfuil. Ach, dar liomsa is beag duine in Éirinn

anois nach féidir leo freastal ar an ollscoil más mian leo. Leis an airgead a shabháilfeadh an rialtas, d'fhéadfadh siad forbairt a dhéanamh ar na bun- agus meán-scoileanna agus an deis a thabhairt do dhaoine nach

rachadh ar aghaidh chuig an ollscoil de ghnáth dul ann. Dá mba rud é gur fhreastal duine ar scoil phríobháideach, áit gur íoc siad €4,000 nó níos mó i ndiaidh na bliana is féidir leo é sin a íoc le freastal ar an ollscoil freisin.

I Meiriceá, áit go bhfuil ar an gcuid is mó do dhaoine íoc as an ollscoil, freastalaíonn níos mó daoine ar na ranganna agus déanann siad an obair, tá siad buíoch as a n-oideachas. In Éirinn tá roinnt daoine cláraithe ar an ollscoil agus a théann isteach ach is beag rang a bhfreastalaíonn siad air. B'fhéidir gurb iad táillí chlárúchán ollscoile an rud is fearr don tír ina iomlán faoi láthair, d'fhéadfaimis cúnamh ceart a thabhairt do dhaoine atá i gcruachás

ceart, daoine atá sa suíomh céanna agus a bhí Ann Cumiskey.

An bhfuil Mic Léinn na hÉireann leithleaslach?

le Pádraig Schaler

Page 7: Tuathal 2 (Twothal)

O I D E A C H A S

Tuathal 7

Ceart chun Oideachas a fháil?le Jen Ní Mhathúna

De réir shuíomh idirlín na scoile “Is scoil chomhoideachais lán-Ghaeilge í Gaelscoil Ráth Tó, le sainmheon Caitliceach faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta. Tá an scoil lonnaithe in Ionad Phobal Ráth Tó. Cuireann an scoil lán-fháilte roimh pháistí d’aon chúlra teanga, sóisialta nó creidimh agus d’aon náisiúntacht. Bunaíodh an scoil sa bhliain 2010 mar thoradh ar fheachtas tuismitheoirí áitiúla a theastaigh oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí uathu, agus cuirfear fáilte go fóill roimh thuismitheoirí gur mhaith leo a bpaistí a chlárú don téarma reatha. Feidhmíonn an scoil de réir rialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna mar scoil gan táille…” Ach ár ndóigh an rud is spéisiúla faoin scoil nua seo ná nach bhfuil Gaelscoil Ráth Tó ag fáil maoiniú ar bith ón Roinn Oideachais agus Scileanna. Ciallaíonn sé sin go bhfuil an scoil go h-uile ‘is go h-iomlán ag brath ar tabhartais ó thuismitheoirí, ó na h-eagraíochtaí Gaeilge agus ó na díograiseoirí Gaeilge.

Thosaigh feachtas chun gaelscoil a bhunú i Ráth Tó mí

Lúnasa 2008, nuair a tháinig grúpa de thuismitheoirí agus de dhíograiseoirí Gaeilge le chéile chun aird an phobail agus aird an Rialtais a tharraingt ar éileamh Gaelscolaíochta an cheantair. Go luath ina dhiaidh seo, bunaíodh coiste bunaithe na scoile agus tar éis an scoil a fhógairt agus a chur chun cinn ar fud an Chontae, d'fhógraíodh Meán Fómhair 2010 mar sprioc oscailte na scoile. Ina dteannta leis sin, bhí sé ráite ag an Roinn Oideachais ag deireadh na bliana anuraidh go mbeadh bunscoil úr de dhíth ag Ráth Tó, rud a chur misneach agus dóchas i gcroíthe tacadóirí na scoile. Ach

i bhFeabhra 2010, d’fhógair an Roinn gur athraigh siad an anailís seo agus nach mbunófaí aon scoil úr i Ráth Tó le

linn 2010. Ach le tacaíocht ó ceithre eagraíocht - Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Foras Pátrúnacht na Scoileanna Lán-Ghaeilge agus Glór na nGael ach go h-áirithe – lean an feachtas ar aghaidh in ainneoin an drochscéil ón Roinn agus osclaíodh Gaelscoil Ráth Tó ag deireadh mhí Lúnasa 2010. Bunaíodh feachtas nua ‘Aitheantas’ freisin, grúpa atá ag

obair ar son na scoile, ag iarraidh aitheantas oifigiúil a bhaint amach don scoil anois.

Chuir mise glaoch ar phríomhoide Ghaelscoil Ráth Tó, Tricia Ní Mhaolagáin, Dé Sathairn seo caite chun an t-eolas go léir a fháil uaithi. Is léir ón gcomhrá eadrainn nach dtuigeann sí nó aon cheann dá comhghleacaithe meon na Roinne Oideachais. ‘Tá sé scannalach nach bhfuil aitheantas tugtha don scoil…tá éileamh ann’. An rud is spéisiúla a dúirt Iníon Ní Mhaolagáin, dar liom, ná faoin easpa éagsúlacht oideachais i Ráth Tó. ‘Níl rogha ar bith ag tuismitheoirí an cheantair seo’ a dúirt sí, agus ón bpíosa fiosrúcháin a rinne mise, tá an ceart ar fad aici. Is cosúil go bhfuil dhá throid ar siúl ag Gaelscoil Ráth Tó faoi láthair; cinnte, an chéad cheann ná gaelscolaíocht a fháil do pháistí an cheantair, rud atá de cheart acu ar ndóigh. Ach an dara ceann, i dteannta leis an ngaelscolaíocht, ná éagsúlacht oideachais a fháil dóibh chomh maith. Faoi latháir na h-uaire, níl rogha ag tuismitheoirí Ráth Tó. Níl ach gnáth-scoil Náisiúnta lán-Bhéarla i Ráth Tó ag an bpointe seo. Ó thaobh éagsúlachta agus

An bhfeadfá smaoineamh ar aon tír eile ina mbíonn deacrachtaí acu oideachas a bhaint amach i dteanga oifigiúil na tíre?

Page 8: Tuathal 2 (Twothal)

O I D E A C H A S

8 Tuathal

ilchineálacha de, chuirfeadh gaelscoil i Ráth Tó go mór le cultúr agus saol an cheantair. Ach, tar éis gach constaic agus fadhb, coinníonn muintir na scoile an dóchas. Tá deichniúr páistí ag freastal ar an scoil anois, tá daichead cláraithe don bhliain seo chugainn agus idir an mbliain seo agus 2015, tá breis ‘is 140 scoláire cláraithe ag an scoil. Ón scéal seo, is cinnte go bhfuil Gaelscoil Ráth Tó ag dul ó neart go neart agus nach bhfuil siad chun géilleadh d’aon chonstaic atá curtha os a gcomhair.

Sa lá atá inniu ann, tá go leor cainte ag dul ar aghaidh maidir le hoideachas mar cheart againn agus ní mar phribhléid agus is faoi oideachas tríú leibhéil a mbíonn daoine ag caint go

coitianta. Ach b’fhéidir gur chóir dúinn ár n-intinne a leathnú. Go dtí seo, bhí oideachas Gaelach diúltaithe do pháistí Ráth Tó, rud scannalach, náireach agus go deimhin, brónach. Is ceist náisiúnta í ceist Ghaelscoil Ráth Tó. Cé go bhfuil gaelscoileanna ar an earnáil oideachais is mó atá ag fás in Éirinn faoi láthair, níor tugadh aitheantas do ghaelscoil nua ar bith ó 2008. Ní chaithfear a rá go bhfuil sé mar cheart ag gach saoránach na tíre seo oideachas a bhaint amach sa Ghaeilge. An bhfeadfá smaoineamh ar aon tír eile ina mbíonn deacrachtaí acu oideachas a bhaint amach i dteanga oifigiúil na tíre? Is drochscéal amach ‘is amach agus is cúis náire é nach bhfuil aitheantas faighte ag Gaelscoil

Ráth Tó go h-áirithe nuair nach bhfuil buiséad na Roinne leath-chaite acu go dtí seo. Mar sin, nuair a phléimid ceart an oideachais, caithfimid filleadh ar ais chuig an tús agus ar bhunoideachas na tíre seo. Is mór an meas atá tuillte ag foireann na scoile agus guímid gach rath ar Ghaelscoil Ráth Tó sa todhchaí!

(Míle buíochas do Tricia Ní Mhaolagáin, Príomhoide Ghaelscoil Ráth Tó as ucht a cuid ama ar an bhfón)

D’eagraigh an Cumann Gaelach anseo i gColáiste na Tríonóide Tráth na gCeisteanna i Doyle’s le deanái le hairgead a bhailiú do Ghaelscoil Rath Tó, d’éirigh go h-an-mhaith leis agus ár mbuíochas do gach duine a bhí i láthair.

Guíonn ‘Tuathal’ gath rath ar Ghaelscoil Rath Tó.

A Chairde Gael! Ní dóigh go bhfuil aon rud níos fearr na glórtha deasa an Chumainn Ghaelaigh nuair atá siad ag canadh le chéile. Tá an cór ag teacht le chéile anois agus buailimid le chéile gach uile Chéadaoin ag a sé a chloig i seomra a hocht. Is píosa spraoi atá ann. Táimid ag iarraidh ceol nua-

aimseartha a dhéanamh, mar sin, má tá éinne ag iarraidh amhrán ar leith a dhéanamh, seol ríomhphost chugam ag [email protected]. Má tá an t-amhrán i mBéarla bain triail as é a aistriú agus b'fhéidir

go mbeidh sé níos fearr ná an bun-amhrán. Go n-éirí an t-ádh libh! - Andrea Ní Fhearghail

An Cór

Page 9: Tuathal 2 (Twothal)

A N S U I R B H É M Ó R

Tuathal 9

Torthaí an Suirbhé MhóirSeo an chéad suirbhé riamh i Tuathal! D’fhreagair 241 duine an suirbhé, daoine le Gaeilge, daoine gan

Ghaeilge, daoine i gColáiste na Tríonóide, daoine nach bhfuil, daoine óga agus daoine fásta. Phioc Tuathal dhá cheist mhór, dhá cheist a bhíonn plé orthu go minic agus seo a leanas na torthaí

agus tuairimí roinnt daoine a ghlac páirt sa suirbhé. Ba mhaith le Tuathal buíochas ollmhór a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa suirbhé. (Rinneadh an suirbhé seo sula d’fógraíodh go raibh an rialtas

chun na táillí a ardú.)

•Ní rud indéanta é oideachas tríú leibhéal saor in aisce,is rud fíordhaor é. Na daltaí nach bhfuil an t-airgead acu,gheobhfaidh siad deontas. Ní hé an táille chláracháin a dhispeagann daoine óga ó cheantair bheagdheise freastal ar an ollscoil,níor tháinig aon mhéadú ar líon na ndaoine ó na ceantair seo a fhreastalaíonn ar ollscoil ó 1995[ nuair a cuireadh stop le táillí]

•1. Cuirfidh sé stop le níos mó daoine ag teacht ar oideachas tríú leibhéal. 2. Ba cheart go bhfuil oideachas íochta tríd an choras cháin. 3. I cúlu eacnamaíochta ba cheart go bhfuil muid ag oscailt na dorais de daoine gan postanna dul ar ais ar oideachais. Cabhróidh sé leis an tír.

•I gcomhthéacs gach atá ag tarlúint sa tír, ní dóigh liom go bhfuil aon rogha

•Ní dóigh liom gur maith an rud é sin a dhéanamh nuair atá lucht oibre léannta á lorg ag comhlachtaí móire ach más rud é go gcaillfeadh na bunscoilleana/meanscoilleana amach b'fhearr liom íoc as na táillí in ionad a n-oideachas a chur i mbaol.

•the money needs to come from somewhere but if grants are also cut this will put 3rd level education out of the reach of even more of the population

•ni bheidh me abalta e a ioc gan phost, agus ni bheadh me abalta post a fhail ag an am seo mar gheall ar an culu eacnamiochta!

•Má dhéantar an córas deontais a athchóiriú maraon leis an ardú níl fadhb agam leis.

An gceapann tú gur chóir go n-ardófaí an táille chlárúchán ollscoile go dtí €2,000 sa chéad cháinaisnéis eile? Do you believe the government should raise the college registration fee to €2,000 in the upcoming budget?

Page 10: Tuathal 2 (Twothal)

A N S U I R B H É M Ó R

10 Tuathal

•Caithfidh go mbeadh níos mó airgid ag ár gcórás oideachais, níl faic fagtha ag an Stát, caithfidh muid tacú leis.

•Feck 'em.

•Tá áiteanna eile gur feidir gearradh siar a dhéanamh sa chóras poiblí seachas a thuille brú a chur ar Micléinn agus a gclainne

•Ní bheidh chuile duine in ann íoc an méid sin agus beidh orthu an coláiste a fhágáil.

•Ba choir do dhaoine ata in ann e a ioc, e a ioc

•Very short term solution to a complicated problem which will only serve to drive students from middle income families out of college

•Is ceart é an táille a ardaigh gan teorainn fad is ardaíonn siad an deontais chomh maith. Leis an bpolasaí seo, ní íocfadh daoine nach bhuil in ann an ardú a íoc AGUS beadh níos mó aigid ag an rialtas chun na coláistí a tacaigh.

Má tá ochtar le chéile i seomra ag labhairt Gaeilge i gcomhrá mór lena chéile agus má thagann duine amháin gan aon Ghaeilge isteach sa seomra ar chóir don ochtar iompú ar an mBéarla? If eight people are speaking Irish to each other in a room in a big group conversation and one person without Irish enters the room should the eight

•B'fhéidir go mbraithneodh sé ar an gcómhthéacs (más rud ar leith Gaelach atá ann) ach de ghnáth tá sé iontach drochbhéasach leanúint ar aghaidh i dteanga nach dtuigeann achan duine.

•Má tharlaíonn sé seo - gheobhaidh an Ghaeilge bás thar oíche - tá i gcónaí Béarlóir ann. Rinne siad Gaeilge ar scoil, conaíonn siad i dtír ina bhfuil dhá theanga ann, ba cheart dóibh meas a bheith acu agus iarracht a dhéanamh.

•Dá mbeinn féin an duine sin gan aon Ghaeilge ní bheinn sásta in aon chor mura n-athróidis go Béarla mar theanga labhartha an chomhrá sin. Níl an locht ar an duine gan an Ghaeilge agus ní féidir a bheith drochbhéasach agus leanúint ar aghaidh le comhrá Gaeilge. Dá leanfadh Polannaigh cuirim i gcás, ag caint ina dteanga féin agus tú féin ina láthair is cinnte go gceapfá gur iompraíocht dho-ghlachta í toisc go mbeadh náire ort agus tú gan a bheith in ann iad a thuiscint. Is olc an rud é gan dabht ach ní bhíonn ach deiseanna áirithe ag Gaeilgeoirí an teanga a labhairt agus caithfidh leo breith ar na failleanna nuair is féidir.

Page 11: Tuathal 2 (Twothal)

A N S U I R B H É M Ó R

Tuathal 11

•A leithéid de cheist! An stopfadh Francaigh nó Spáinnigh nó Gearmánaigh ag labhairt lena chéile ina dteanga féin dá mba rud é go raibh duine gan a dteanga sa seomra leo?! Ní dhéanfadh, muise! Ceann de na hargóintí a chloisimid go minic ó naimhde na Gaeilge ná nach gcloistear í á labhairt riamh - agus is í an nós seo atá ar mhíthreoir go díreach ceann de na cúiseanna leis sin. Ní chloiseann roinnt daoine gan Ghaeilge an teanga á labhairt riamh mar chomh luath agus a thagann siad i dteagmháil le daoine go bhfuil Gaeilge acu, stopfaidh na daoine sin ag labhairt Gaeilge agus iompaíonn siad ar an mBéarla. Cuirfimís stop leis an droch-nós seo, bímis bródúil as ár dteanga féin, agus ná bímis buartha faoin tuairim seafóideach gur rud mímhúinte is ea é labhairt i dteanga nach dtuigeann duine nó daoine eile sa chomhluadar!

•Ba choir do dhunine no dho iarracht a dhéanamh leis an duine nua agus gan a bheith droch-bhöasach ach bheadh sé nios droch-bhéasach dà gceapadh an duine gan Gaeilge gur coir do gach éinne iompu ar an mBéarla ar a s(h)on amhàin.

•No they shouldn't have to start talking in English but be aware that the person who is unable to speak Irish is there...and they should help that person by either talking slower or translating bits for them!

•Is decair é sin a rá. Tá neart daoine ann a cheapann gur cheart toisc go bhfuil sé drochbheasach toisc nach dtuiginn an duine gan aon Gaeilge, ach muna bhuil siad sa chomhrá ní gá dóibh é a thuiscint. Is í ár dteanga duchais - da mba rud é go raibh ochtar ón Áis ann agus iad ag labhairt le chéile ní iarrfar ariamh orthu iompú ar an mBéarla.

•This question is too vague. As if someone is going to approach other people for a conversation including people who are speaking irish only to be rudely rejected. Also, eight people in a conversation? There's gonna be alot of sub-conversations going on, people speaking irish and english. This whole question has been worded to suit your agenda. (Nóta ón eagarthóir: Níl ‘agenda’ agam...)

•dúirt mé ba chóir... ach breathann sé chun an fhírinne a rá... má tá an duine ag suí isteach ar an gcómhrá.... cinnte... tá sé drochbhéásach a bheith ag labhairt as Gaeilge agus an duine sin ann... ach má tá daoine eile gan Béarla sa seomra, ach níl siad actually ag dul i mbun ar an gcomhrá... tá sé soléir nach gcaithfidh siad.

•An tuairim chéanna le teanga ar bith eile! M.s. Má Fhraincis a bhí á labhairt acu agus ní raibh ach Béarla ag an duine eile, ba chóir dóibh eathrú go Béarla - an gníomh bhéasach, measaim! (Brón orm as aon bhotúin atá déanta agam maidir leis an nGaeilge!!)

•Irish language advocats should project a "moderate" image to the world.

•finish the convo quickly, and then switch

•Níl sé chomh simplí le sin, a Phádraig. Bheadh sé droch-bhéasach do dhuine gan cumarsáid a dhéanamh le duine nach bhfuil Gaeilge aige. An bhfuil tú ag tabhairt le tuiscint nach dhéanadh na daoine aon iarracht caint leis an duine nua? An mbeadh air an áit a fhágáil toisc nach bhfuil sé chomh oilte leo? Má tá gaeilgeoir sa tuairim (amaideach) ann go bhfuil an teanga chun éirigh níos laige de bharr eisean a bheith ag caint as Béarla le duine eile tráth éigin, is léar go bhfuil rud éigin eile níos amaidí ann ar fad.

Page 12: Tuathal 2 (Twothal)

I M E A C H T A Í A N C H U M A I N N G H A E L A I G H

12 Tuathal

An Pub Crawl

Buaicphointe na seachtaine! Bhailigh thart ar 70 duine le chéile agus lean siad an lámh don oíche. Laistigh d’achar ama gairid bhí gach duine cairde lena chéile agus bhí fonn maith orthu. Chríochnaigh an turas go luath (ar maidin) i gClub an Chonartha nuair a fhill gach duine le cuimhní ceanúla saol...

An Seastán

Ghlac níos mó ná 730 duine ballraíocht sa Chumann Gaelach i mbliana, agus bhí an t-ádh orainn go raibh an ghrian ag taitneamh don chuid is mó den seachtain. I measc na ndaoine a ghlac ballraíocht sa Chumann ná: Mary Hanafin, Enda Kenny agus Manchán Magan

Súil Siar ar Sheachtain na Mac Léinn Nua.

An Céilí

Cé go ndiúltaíodh cead an céilí a chur ar siúl sa phríomhchéarnóg arís i mbliana de bharr chúrsaí sábháilteacht níor ligeadh le sin cuir isteach orainn agus bhain

gach uile dhuine fíor-thaitneamh as sa halla spóirt.

Chuir sé gach duine i ndeá-ghiúmar don Pub Crawl a thit amach níos moille an lá sin.

Lá Fhéile Arthur

Arís i bliana rinne an Cumann ceiliúradh ar an bhféile thráthtáilithe seo síos staighre i bPeadar Kearney’s. Bhí praghas maith ar na piontaí (rud a thaitníonn le mic léinn go hiondúil) agus bhí ceol bríomhar beo le cloisteáil ó fhear suas staighre a chan scoth an cheoil Éireannaigh.

Bhí go leor imeachtaí eagsúla eagraithe mar chuid de Sheachtain na Mac Léinn Nua. Sa phíosa seo breathnaíonn muid ar an méid a chur an Cumann Gaelach ar siúl.

Page 13: Tuathal 2 (Twothal)

I M E A C H T A Í A N C H U M A I N N G H A E L A I G H

Tuathal 13

Ná déan:

-Ná déan dearmad ar an ticéad!

-Ná déan dearmad ar na ‘flats’ a chur sa mhála – beidh siad ag teastáil!

-Ná hól buidéal buckfast ar an oíche (ní smaoineamh maith ag am ar bith é!)

-Déan cinnte nach bhfuil an gúna greamaithe sna fo-eadaí agat ag am ar bith i rith na hoíche.

-Ná ceannaigh deoch sna hionaid.

-Ná bí i do luí roimh an mbéile!

Beidh an Bál ag bualadh linn ar ball

Mar is eol dúinn ar fad, tá oíche na bliana ag druidim linn. Beidh an Bál Gaelach ar siúl ar Chéadaoin an ochtú lá do mhí na Nollag sa Guinness Storehouse.

Le déanamh:

-Déanaigí cinnte go bhfuil na láimhinní á chaitheamh agus an ‘tan’ á socrú agaibh a chailíní!!

-Seachain an ghairleog!!

-Bíodh an naggin i bhfolach i gceart agat (sa mhála, sa chóta nó áit ar bith eile!)

-Is léir go mbeidh an-chuid shifteáil ar siúl ar an oíche, mar sin bí cinnte go bhfuil neart ghuma coganta agat!

-Bain sult as!!!

Oíche den chéad scoth a bheas inti, dár ndóigh. Ach beidh i bhfad níos mó i gceist leis an ullmhúcháin ná an gúna nó an tux amháin. Mar sin, seo daoibh anois bhur seicliosta don ócáid – na rudaí le coinneáil ar bharr na gceann:

Is cuid mhór de shaol na hollscoile iad na baill. Eagraíonn go leor cumainn eagsúla iad i rith na bliana. Dár ndóigh is é Bál na Tríonóide a eagraíonn Aontas na Mac Léinn an ceann is mó,

ní hionann é sin agus a rá gurb é an ceann is fearr, ní h-é. Ní hamháin gurb é an Bál Gaelach an bál is fearr den bhliain, ach is é an chéad cheann den bhliain!

Page 14: Tuathal 2 (Twothal)

A N T - O I R E A C H T A S

14 Tuathal

‘Oireachtas na Samhna’m. (gs. & npl. - ais, gpl. ∼) 1. An fhéile Ghaeilge is mó sa tír. An fhéile is fearr sa tír. An deireadh seachtaine is fearr den bhliain. Is rud sainiúil é an tOireachtas, ‘Gaeltacht soghluaiste’ mar a dúirt saoi fadó. Bailíonn 10,000 duine le chéile le Breac-Ghaeltacht shealadach a chruthú, ach i ndiaidh go ngluaiseann lucht labhartha na Gaeilge ar agaidh tá a rian fágtha acu ar an mbaile ar feadh tamaill ar a laghad.

D’fhéadfá a rá gur theip ar Chonradh na Gaeilge lena gcuspóirí a bhí acu, a mhalairt atá fíor faoin bhféile rathúil seo a

cuireadh tús le sa bhliain 1897 ceithre bliana i ndiaidh gur tháinig Dubhghlas de hÍde agus lucht eile le suim acu sa Ghaeilge le chéile leis an gConradh a bhunú.

Go hiondúil bíonn deachrachtaí agus lagmhiseach ag lucht labhartha na Gaeilge taobh amuigh do Ghaeltachtaí na hÉireann. Ach ní neart gur chuir le chéile agus nuair a fhágann tú an tOireachtas tá fuinneamh agus

dóchas úr nua agat don teanga, bliain i ndiaidh bliana.

Ach, tá níos mó ag baint le an Oireachtas ná an Ghaeilge amháin. Ní chreidfeá go n-íocfadh mac léinn i ngannchuid 10 euro le breathnú ar chomórtas rince ar an seán nós ar feadh trí uaire a chloig go dtí go bhfeiceann tú ag an Oireachtas é. Ní chreidfeá go mbaineadh suas le 400 mac léinn iarracht rince ar an sean nós ar an úrlár rince taobh le curaidh na hÉireann

Page 15: Tuathal 2 (Twothal)

A N T - O I D E A C H A S

Tuathal 15

agus gach duine acu ag ceapadh go bhfuil na steipeanna níos fearr ar a dtoil acu féin.

Is féile í lena gcastar le chéile le daoine nach bhfuil cloiste óna gcéile leis na blianta ach nuair a feictear iad tá sé ar nós nach bhfuil tábhacht leis an am. Rud uasréalaíodh dar liom ná go mbuaileann tú le sean-mhúinteoirí agus daoine údarásach eile agus an bheirt agaibh ar an dá thaobh den sráid, rud nach dtarlóidh i suíomh ar bith eile.

Céadaítear rudaí eile i rith na deireadh seachtaine seo a bheadh doghlactha in áit ar bith eile ach casann daoine a gclú lena bpionsabail agus ligeann siad don chumaliomachas dul i gcion orthu, rud lena bhíonn tionchar dearfach.

I mbliana ar oíche Shathairn d’fhéadfá a rá go raibh Fear an Tí i gClub na Féile caoch ar meice ag tús na hoíche, faoi dheireadh na hoíche sin níor aithin sé an difríocht idir an úrlar agus an tsíleáil ach ní dúradh rud ar bith leis agus ligeadh dó.

Níl maitheas a shéanadh go

n-óltar cuid mhór alchóil. Tá tuairiscí cloiste agam go n-óltar níos mó alchóil i rith na ceathar lá den Oireachtas ná a n-óltar i gCill Áirne i mbliain iomlán. Cé nach

bhfuil fianaise le tacú leis an teoiric sin, chreidfinn é. Ach, is atmaisféar leictreach, sona, féile atá ann agus ní bhíonn drochthionchar ag an alcól fluairseach ar ghiúmar na ndaoine, cuireann sé iad ag rince agus ag canadh agus ag eitilt. Bhí fiú ráfla i measc lucht feastal an

Oireachtais gur fearr d’alchól a cheannach i mB.Á.C. toisc go mbeidh sé díolta amach ann i gCill Áire de bharr an tóir a bhí air.

Muna bhfuil tú i ndiaidh freastal ar an Oireachtas go fóill mholfainn duit dul ann an bhliain seo chugan. Tá sé

deacair a mhiniú i bhfocail an draíocht a bhaineann leis, caithfí a bheith ann.

- Pádraig Schaler

Roinnt de na culaithí Bréaga ag an Oireachtas.

Rud le smaoineamh faoi...Féach ar an bpictiúir ar chlé. Cé h-é an chéad duine le dath ceart a hata a bheiceáil amach? Ní féidir le duine ar bith na hataí taobh thiar dó a fheiceáil. Tá a fhois ag gach duine go

bhfuil ceathrar le ceithre hata ann agus go bhfuil dhá cheann dhubha agus dhá cheann bhána ann. Is balla é sin idir A agus

B.

Freagra ar www.cumann.ie.

Na h-Uimhreacha:735 - Líon na mball atá ag an gCumann Gaelach i mbliana.310 - lá go dtí Oireachtas na Samhna 2011.9,567 - líon na ndaoine a d’fhreastal ar Oireachtas na Samhna i mbliana ina iomlán.1 - an áit inár tháinig Coláiste na Tríonóide i gComórtas na gCulaithlí Bréige ag an Oireachtas.299 - Líon na bpictiúirí a dtóg Dairíne ag an Oireachtas.

Page 16: Tuathal 2 (Twothal)

A N T - O I R E A C H T A S

16 Tuathal

Dúshlán Mór Romhainnle Mícheál Clancy

“Is cinnte nach ndéanfaidh mé dearmad ar oíche Dé hAoine an Oireachtais go deo”

Is cinnte nach ndéanfaidh mé dearmad ar oíche Dé hAoine an Oireachtais go deo. Cuireadh tús ceart le hOíche na Mac Léinn nuair a thosaigh Mo Hat Mo Gheansaí ag casadh ar an ardán. Faoin am sin bhí an seomra dubh le daoine, culaith bréige a chaitheamh ag gach duine beo agus ba mhór an spraoi a bhí ann.

Ansin rith sé liom nach raibh aon airgead fágtha agam agus bheartaigh mé dul ar aghaidh chuig Óstán an Gleneagle chun breis airgid a fháil ón ATM ann.

Nuair a shiúil mé isteach san Óstán bhuail an t-atmaisféar geit asam; bhí chuile dhuine mórthimpeall orm ag Gaeilgeoireacht go beomhar, rud nach raibh mé ag tnúth le.

D'fhiafraigh mé as Gaeilge ar cheann de fhoireann an óstáin cá raibh an ATM agus thug sé freagra dom glan as Gaeilge. Léan an oíche ar aghaidh mar sin; gach duine in Óstán an Gleneagle ag labhairt, ag gáire, ag damhsa, agus an rud is tábhachtaí gan amhras, ag ól trí Ghaeilge!

Bhí sé i gceist agam maidin Dé Sathairn agus cuid den tráthnóna freisin a chaitheamh sa leaba. Ach d'éirigh mé as an leaba nuair a dúradh liom go raibh seimineáir faoi thodhchaí na Gaeilge ag tosnú ag a haon déag in Óstán an Gleneagle.

Rinneadh plé sa tseimineáir ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge le saineolaithe i gcúrsaí oideachais, Ghaeltachta agus an phobail faoin teideal Straitéis 20 Bliain don Gaeilge: Réiteach an Scéil? Ina measc bhí Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta; Muireann Ní Mhóráin, Príomhfheidhmeannach na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG); agus Feargal Ó Cuilinn, Stiúrthóir Comhluadar.

Ní raibh duine na deoraí i láthair nach ndearna tagairt don chéad bhuiséad eile agus don ghearradh siar atá i ndán dúinn. Ba léir go raibh an-imní ar chách go mbeadh deireadh leis an dul chun cinn atá tar éis teacht ar stádas agus úsáid laethúil na Gaeilge le blianta beaga anuas.

Page 17: Tuathal 2 (Twothal)

A N T - O I R E A C H T A S

Tuathal 17

I mo thuairim phearsanta, ní féidir linn a bheith ag brath ar an rialtas i gcónaí. Faoi láthair na huaire is é an Teachta Dála Frank Feighan urlabhraí Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta de Fhine Gael. Is fear é nach bhfuil focal amháin Gaeilge aige agus nach bhfuil cónaithe sa Ghaeltacht fiú, ach gach seans go mbeidh sé ina aire tar éis an chéad toghchán eile.

Dar le Mícheál Ó Conghaile, stiúrthóir Chló Iar-Chonnacht, is é an tAire Ó Cuiv an 't-aire a rinne níos mó don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ná aon aire eile le mo linnse'.

Ach an mbeidh a leithead Ó Cuiv arís ann?

Níl aon amhras ach go bhfuil dúshlán ollmhór roimh mhuintir na Gaeilge. Caithfimid teacht le chéile mar aon phobal amháin chun an Ghaeilge agus saol na nGael a neartú agus a nascadh le chéile sna blianta atá romhainn. In ainneoin an chúlú eacnamaíochta is é an dúshlán atá romhainn ná an Ghaeilge agus ár gcultúr Gaelach a choimeád beo pé gearradh siar a dhéanann an rialtas sa bhuiséad.

Is é an rud is tábhachtaí ná go mbeadh an deis againn amach as seo an saol a chaitheamh inár rogha teanga, an Ghaeilge.

Oireachtas na Samhna 2010 de réir Facebook

Andy Ó Faoláin: CHOMHHHHH ag tnúth leis an Oireachtas. Ní bheidh mé in ann codladh...

Cumann Gaelach Dcu: Deireadh seachtaine iontach in Oireachtas na Samhna i gCill Airne, tá súil againn gur bhain sibh taitneamh as an turas :D

Diarmuid Ó Domhnaill: Oireachtas na Gaeilge = craic, ceol, ag iarraidh rince agus A LÁN alcól..... so bliain seo chugainn yeh???? :P haha animal!!!

Isabelle Kehoe: deireadh seachtaine fíor trippy, great craic though!

Oisín Mistéil: Oireachtas. Fair play dhuit.

Jen Ní Mhathúna: go h-iomlán scriosta ach sona sásta! Cill Áirne, tá tú imithe uaim ró-fháda a chara!!

Cumann Gaelach Froebel: Tá gach duine ag rá cé chomh iontach is a bhí sé an méid sin mac léinn a fhécail ó Froebel agus cé chomh beasach a bhí sibh. Maith sibh ar fad bhí sibh iontach. Beidh dhá bus againn an bliain seo chugainn :-) An-deireadh seachtaine! Froebel Rebels Abú.

Róisín Nic Fhearghusa: shit leads, táim tar éís mo chroí a fhágáíl i gcontae chíarraí!

Aodán Ó Deá: An tAire Pat Carey ag labhairt sa Seanad cúpla lá ó shin faoin Straitéis 20 bhliain don Ghaeilge- "An deireadh seachtaine seo caite, bhí seans agam freastal ar Oireachtas na Samhna i gCill Áirne. Am éigin déanach go leor i rith oíche Dé hAoine bhuail mé le súnámaí den chéad ghlúin eile de Gaeilgeóirí na tíre. Chuir sé gliondar chroí orm go rabhadar chomh nádúrtha, bríomhar agus neartmhar agus iad ag spalpadh Gaeilge, ag amhránaíocht agus ag damhsa." Sin muidne woop

Conor Lawlor: níor fhág mé mo chroí i gCiarraí, just my dignity!!!

Mo Hat Mo Gheansaí: Go raibh míle maith agaibh na daoine ar tháinaig go dtí na gigs ag an Oireachtas. Bhaineamar an méid sin taitneamh as an féile. Bhí brón orainn Cill Áirne a fhágáil =( x

Page 18: Tuathal 2 (Twothal)

A N T - O I R E A C H T A S

18 Tuathal

Claochlú...

Page 19: Tuathal 2 (Twothal)

D R A Í O C H T

Tuathal 19

An Reithe AriesNí gá duit a bheith chomh h-ionraic le do thuairimí an t-am ar fad, ba cheart duit seans a thabhairt do dhaoine a dtuairimí féin a chur in iúl an babhta seo agus tabhair cluas ghéar dóibh. Níl aon rud dodhéanta an mhí seo ó thaobh cúrsaí airgeadis de. Seans gurb í an mhí seo an mí is fearr duit i mbliana.

An Tarbh TaurusBeidh sé ciallmhar feabhas a chur ar do shláinte an mhí seo, b’fhéidir gur chóir duit páirt a ghlacadh i rang cleachta ag an ionad spóirt. Inis do bhuarthaí do dhuine atá iontaofa i do shaol. Beidh tú níos buartha gan iad a insint do dhuine. Pléigh laethanta saoire le do chompánach, tá sos ag teastáil uait.

An Cúpla GeminiMá oibríonn tú go crua an mhí seo gheobhaidh tú an t-aitheantas atá ag teastáil uait ó do chomhpháirtithe. Tabhair aire do na mionsonraí.Beidh comórtas ar siúl idir tú féin agus an Saighdiúir, agus an Mhaighdean i gcaoi níos laige.

An Portán CancerTá go leor fuinnimh agat an mhí seo ach í a úsáid i mbealach nua in ionad cúrsaí oibre. Tabhair seans duit féin na caithimh aimsire is fearr leat a dhéanamh. Bí ag gaire agus bí ag spraoi. Tá rómáns ar an mbealach. Tá sé in am duit do scíth a ligeant agus na rudaí maithe a bhaint as do shaol.

An Leon LeoTá do mhuintir tábhachtach duit an mhí seo. Caith do chuid ama le dlúthchara leat in ionad daoine nach bhfuil aithne ró-mhaith agat orthu. Bíag déanamh machnaimh. Tá suaimhneas ag teastáil faoi láthair. Beidh do shaol sóisialta níos fearr an tseachtain seo chugainn.

An Mhaighdean VirgoAn bhfuil tú ag caitheamh an iomarca ama ar “facebook”. Bhuel chun na fírinne a rá tá muid go léir. Ach níl sé sin oiriúnach duitse. Tá tú ró-chiallmhar le haghaidh na seafóide sin. Caithfidh tú do shúil a choinneáil ar an rud is tábhachtaí.

An Mheá LibraNíl mórán foighne agat le daoine eile ag an am seo (rud atá neamhghnách duitse). Caithfidh tú a bheith foighneach chun torthaí a fháil. Má choinníonn tú do shúil ar an gcion oibre beidh an t-ádh leat, go háirithe le cúrsaí airgid.

An Scairp Scorpio Lá breithe sona duit!! B'fhéidir go bhfuil do bhreithlá ag teacht suas nó b’fhéidir go bhfuil sé díreach tar éis imeacht ach ar aon chaoi tá do shaol ag bogadh ar aghaidh go tapaidh an mhí seo. Ná bí ag éisteacht le luaidreán, fan go gcloisfidh tú na fíricí. Mura bhfuil tú cinnte, ná bac leis ar chor ar bith.

An Saighdeoir SagittariusGníomhaíocht, gníomhaíocht agus tuilleadh gníomhaíochta. Déan deifir, tá go leor le déanamh agat agus tá an fuinneamh agat le gach uile rud adhéanamh. Ag deireadh na míosa gheobhaidh tú an faoiseamh atá ag teastáil uait i ndiaidh na míosa gnóthaí sin. Ach go dtí sin lean ar aghaidh ag gluaiseacht.

An Gabhar CapricornIs é an rud is tábhachtaí an mhí seo ná le casadh le daoine nua, tá tú tar éis athrú a dhéanamh ar an taobh istigh agus caithfidh tú “slua” nua a fháil. Ní gá duit á fháil réidh le seanchairde leat ach b'fhéidir nach mbeidh siad in ann do phearsantacht nua (nó athraithe) a thuiscint.

An t-Uisceadóir AquariusTá do bhua gan nochtadh ag nochtú an mhí seo agus tá daoine á thabhairt faoi deara. Is duine tréitheach thú ach níl sé sin soiléir duit an chuid is mó den am. Caithfidh tú é a chreidiúint chun do cheann sprice a bhaint amach. Ach bí cúramach, tá daoine ag coinneáil súile ort, agus tá éad orthu.

Na hÉisc PicesTá an tábhacht atá ag baint le pleanáil soiléir an mhí seo. Mura bhfuil pleananna agat ní bhíonn tú in ann rud ar bith a chur i gcrích. Tá tú go maith ag idirbheartú agus ag obair le daoine an mhí seo, Tá do scileanna sóisialta eisceachtúil (mar is gnáth). Ach bí neamhspleách ag an am céanna.

Tuismeále Lisa Nic Mhathúna

Page 20: Tuathal 2 (Twothal)

T E I C N E O L A Í O C H T

20 Tuathal

Adhaigh a’ Da Thaobh?

Idir an 19ú agus 20ú Céad tháinig athrú mór ar shaol an duine, bhí beagnach gach gné de shaol laethúil difriúil agus bhí ar dhaoine iad féin a shocrú agus taithí a fháil ar na difríochtaí seo. Faoi láthair tá muid i lár réabhlóide nua, réabhlóid theicneolaíochta agus eolais. Arís tá athruithe móra tar éis teacht ar an saol le cúpla bliain anuas.Tá ár saol laethúil agus sóisialta tar éis struchtúr nua a thógáil. Tá sé i bhfad níos furasta teagmháil a dhéanamh le daoine ar an taobh eile den domhan agus eolas ar aon saghas ábhair a fháil i gceann cúpla soicind. Tá meon daoine tar éis athrú go mór mór faoi ábhair éagsúla a bheadh doghlactha díreach caoga bliain ó shin cosúil le bheith ag súil le leanbh agus gan a bheith pósta. Tá cláir theilifíse réalaíocha domhanda (go háirithe i Meiriceá) faoi ábhair nár luadh fiú go poiblí ní i bhfad ó shin, an clár ‘16 agus ag iompar’ mar shampla. Tá daoine sáite i súile an phobail anois níos mó ná riamh cheana agus gan mórán seans éalú acu.

Tá Facebook, láithreán líonraithe sóisialta a chuaigh beo i mí Feabhra 2004, ionadaíoch sa

réabhlóid seo. Bunaíodh an suíomh seo i seomra scoláire in Ollscoil Harvard i Meiriceá agus é ar fáil do scoláirí na hOllscoile amháin. Anois tá sé oscailte d’aon duine thar trí bliana déag d’aois le níos mó ná leath billiúin ball, 50% díobh a théann ar an suíomh gach lá.

Tá a lán buntáistí ag baint le Facebook, coimeádann sé na baill ar fud an domhain ceangailte le chéile, scaipeann sé eolas faoi rudaí go tapa agus spreagann sé suim i ndaoine, in ábhair nach dtiocfaidís trasna orthu de ghnáth. Tá sé go hiontach go bhfuil daoine in ann teacht ar eolas chomh héasca, eolas faoi chúrsaí reatha timpeall an domhain agus ar shaolta daoine. Cosúil leis an réabhlóid a tharla níos mó ná céad bliain ó shin, tá ar dhaoine taithí a fháil ar na hathruithe seo. Tá na buntáistí ag Facebook mealltach agus na ballaí a leag sé tarraingteach, mar a deirtear, is minic cuma aingeal ar andiabhal féin. Tá a lán fadhbanna a thagann chun cinn nuair a scaiptear eolas chomh tapa, go háirithe nuair nach bhfuil aon srian ar an eolas atá á scaipeadh. Tá daoine ag cur a saolta ar an idirlíon agus gan fhios dóibh tá daoine eile ar féidir leo teacht ar an eolas seo agus é a úsáid, Bheadh ort a

Príobháideachas FacebookAgus an scannán nua ‘The Social Network’ amuigh sa phictiúrlann, caitheann

Iseult Nic’a Bhaird súil ar na fadhbanna a bhaineann leis an dara suíomh gréasáin is mó ar domhan.

Page 21: Tuathal 2 (Twothal)

T E I C N E O L A Í O C H T

Tuathal 21

bheith i do shaineolaí ríomhaireachta chun fhios a bheith agat conas aon srian a chur ar an eolas a sheolann tú ar an idirlíon, agus tá sé i bhfad níos deacra clú maith a chruthú ná ceann a scrios.

Ó thosaigh Facebook tá an comhlacht tugtha os comhair na cúirte go minic mar gheall ar fhadhbanna príobháideachas ar an suíomh. Déanann Facebook an chuid is mó dá gcuid airgid trí fhógraíocht, agus nuair a smaoiníonn tú air sin, ní h-é go bhfuil an suíomh ann do na baill agus dá saolta sóisialta ina n-iomláine, ach chun airgead a dhéanamh tríd a saolta sóisialta. Is fiú €25,000,000an suíomh agus formhór de sin is ón bhfógraíocht a thagann sé. An scéal is déanaí faoi phríobháideachas daoine a bheith i mbaol ná go bhfuil uimhreacha aitheantais dhaoine á dtabhairt amach do chomhlachtaí fógraíochta tríd na feidhmchláir is coitianta a úsáidtear ar Facebook.

Táim cinnte go n-athnóidh an chuid is mó díobh an feidhmchlár ‘Farmville’, le 59 milliún ball á imirt. Is tríd an bhfeidhmchlár seo agus an chuid eile de na cinn is mo éilimh ar an suíomh go bhfuil eolas pearsanta daoine, agus a gcairde, á dhíol le comhlachtaí éagsúla. Tá comhlachtaí ag faire ar bhaill Facebook, ar a n-eolas pearsanta agus ar a gcuid n-eachtraí a fhoilsíonn siad ar an suíomh, fiú má tá a leathnaigh socraithe chun a bheith príobháideach.

An fhadhb ná nach bhfuil fhios ag formhór de na daoine go bhfuil gnéithe dá saol príobháideach oscailte agus díolta le lucht gnó. Ó thosaigh Facebook tá siad tar éis a lán de na gnéithe réamhshocraithe a athrú ó phríobháideach go poiblí, i ngan fhios d’fhormhór na ndaoine. Má phostálann tú stádas nuashonraithe poiblí agus na focail céanna ann 's atá ar ainm leathanach eile, ní fheicfidh do chairde amháin é ach rachaidh sé trí phróiseas innill cuardaigh agus beidh do phostáil le feiceáil ar an leathanach sin. Mar shampla, má scríobhann tú postáil leis na focail ‘is fuath liom mo léachtóir.....’ rachaidh an postáil sin suas ar an

leathanach leis an ainm ‘is fuath liom léachtóir’ toisc na focail chéanna a bheith ann. Freisin leis an ‘CIA’ agus an ‘FBI’, téann siad go dtí leathanaigh chun faire a dhéanamh. Má tá tú ag dul i gcóir poist nua is féidir le d’fhostóir do ríomhphost a chuardach agus eolas a fháil ort nach mbeidís in ann a fháil roimhe seo. Fiú ag dul isteach go dtí an Astráil, mar shampla, uaireanta cuardaíonn siad eolas ar dhaoine chun a fháil amach má tá Visa dleathach acu, nó an rabhadar sa tír thar ama an uair dheireanach, agus le Facebook tá rudaí mar seo i bhfad níos simplí dóibh.

Is féidir anois uimhreacha gutháin chairde a fháil ar an suíomh, agus gan fhios do na

cairde iad féin. Seo ceann de na gnéithe is scannalaí, is dóigh liom, atá tar éis tarlú ó bhunaíodh é. Mar tá a fhios againn nár chairde faoi leith iad an míle ‘s rud éigin duine atá agat faoin teideal ‘Friends’. De ghnáth is

méid áirithe díobh daoine a bhfuil aithne agat orthu amháin. Ar mhaith leat go mbeadh aon duine as an míle sin ábalta d’uimhir gutháin a fháil pé uair go mian leo? Cad faoi na comhlachtaí a ndíolfadh do chuid eolais chucu? Má theann tú isteach i do chuntas, feicfidh tú ‘Edit Friends’, ansin ar chlé beidh leabhar d’uimhreacha gutháin, gan fhios don a lán daoine tá a n-uimhreacha gutháin ann.

Tá a lán samplaí eile de bhealaí in a bhfuil eolas príobháideach daoine i mbaol, ach an cheist ná cad ba cheart do dhaoine, nó fiú ar féidir le daoine, a dhéanamh faoi. Cosúil leis an réabhlóid caithfimid sin féin a chur i dtaithí agus ar an eolas faoi na athruithe atá ag tarlú timpeall orainn. Gan dabht is suíomh iontach é Facebook. Tá sé sin cruthaithe ó fhéachaint ar an méid ball atá aige amháin. Ach b'fhéidir nár cheart dúinn a bheith á úsáid lenár súile dúnta in aghaidh na bhfadhbanna a thagann leis. Ba cheart dúinn ar fad fanacht i láthair don réabhlóid seo ach a fhios a bheith againn faoin maitheas agus faoin olcas ata i bhfeidhm ann, gan ligean le h-aon Tadhg a’ da thaobh.

‘Is féidir anois uimhreacha gutháin chairde a fháil ar an suíomh, agus gan fhios

do na cairde iad féin. ‘

Page 22: Tuathal 2 (Twothal)

T U A I R I M Í

22 Tuathal

Tá ár nglúin, abair daoine a rugadh idir 1986 agus 1991, méid mhór a bhí ag siúl san agóid i gcoinne ardú na dtáillí clárúcháin ar an 3ú Samhain, an-suimiúil. Is daoine muid le cuimhne ar an saol roimh an Tíogar Ceilteach, a mhair taobh istigh de agus muid ar an meánscoil agus a fógraíodh an cúlú eacnamaíochta dúinn agus muid ar an ollscoil nó ar tí dul ann. Tá mórán rudaí atá i gcoiteann againn uilligh nach mór: is cuimhin linn Ray Darcy ar an Den; is cuimhin linn an oiread a cheannós an punt sin a thug an síog fiacla; is cuimhin linn an chéad Toy Story a fheiscint sa phictiúrlann i 1995; is cuimhin linn toghchán Bertie agus toghchán Mháire Mhic Giolla Íosa; is cuimhin linn, fiú munar thuig muid an tábhacht a bhain leis, Comhaontú Aoine an Chéasta agus is cuimhin linn an t-uafás nuair a chuala muid mar gheall ar an mbuamáil a rinneadh ar an Ómaigh; is cuimhin linn Harry Potter, beagnach gach ceann acu, a cheannach ag meán-oíche agus gan aon codladh a fháil go dtí go raibh an rud uilligh léite againn; is cuimhin linn ríomhaire a úsáid den chéad uair agus a mhoille is a bhí an seanidirlíon; is cuimhin linn go díreach cá háit a raibh muid nuair a chuala muid scéal 9/11; is cuimhin linn foghlaim faoin Euro sular tugadh isteach é agus na sean-phuint a thabhairt ag an mbanc; is cuimhin linn nuair a bhí The Simpsons go maith; is cuimhin linn an dul thar fóir a bhain leis na blianta sin ar an meánscoil agus go raibh an ceart go hiomlán ag Ross

O'Carroll-Kelly; is cuimhin linn na mórshiúil in aghaidh an chogaidh in Iaráic; is cuimhin linn a bheith ag foghlaim abairtí le haghaidh aistí ar nós “bhí Éire bocht ach anois tá sí saibhir ach dar liom féin is scannal atá sa chóras sláinte...”. Is cuimhin linn é seo ar fad – is cuimhin liomsa ar aon nós – ach níor ghlac muid aon pháirt ag cruthú na suíomhanna sin go léir. Ní orainn an locht go bhfuil tubaiste sa tír seo faoi láthair ach is féidir linn ar a laghad cuid den réiteach a chur ar an scéal. Creidim é seo ar lámh amháin toisc nach bhfuil muinín ar bith agam féin as an nglúin a chuaigh romhainn agus ar an lámh eile toisc, bunaithe ar an taithí atá againn – agus tá mé cinnte de go bhféadfadh sibh cur le mo liosta cuimhneacháin – gur féidir linn claochlú eacnamaíochta, claochlú polaitíochta agus claochlú sóisialta, a chur i bhfeidhm in Éirinn. Beidh a lán cainte agus díospóireachta ann ar feadh cúig bliana eile ar an gcomóradh céad bliain ar Éirí Amach 1916. Tá mórán daoine sa tír seo a chreideann gur dea-rud ar an iomlán a bhí san Éirí Amach, gur uasal agus laoch fiú an duine a bhfaigheadh bás ar son na cúise. Dar liom féin, is éagothrom an saol é nuair is gá bás a fháil nó daoine a mharú le go ndéanfaí comóradh ort. Caoga bliain tar éis 1916 bhí daoine móra i saol poiblí na hÉireann idir polaiteoirí, státseirbhísigh agus réabhlóidithe – T. K. Whitaker (rúnaí na roinne airgeadais le linn den bhorradh eacnamaíochta agus údar An Chéad Chlár um

Dóchas d’ár nGlúin.le hUrsula Ní Choill

Page 23: Tuathal 2 (Twothal)

T U A I R I M Í

Tuathal 23

Fhorleathnú Eacnamaíoch), Seán Lemass (Taoiseach le linn an bhorradh eacnamaíochta seo), Donncha Ó Máille (a rinne meánscolaíocht saor sa tír sa bhliain 1968), Nollaig de Brún (an t-Aire Leighis a chuir deireadh le heiteann sa tír) agus John Hume (“an t-Éireannach is fearr a mhair riamh”). Na laochra is mó, dar liom féin, sa tír seo san aois seo caite. Bhí aidhmeanna móra ag na daoine seo. Bhí siad idéalach gan an t-idéalachas sin a bheith teibí. In ionad bás a fháil ar son na tíre gan aon fíor-phlean acu, thug siad a gcuid ama go huasal, stuama, foighneach ar son an phobail. Is fearr go mór breathnú ar dhaoine mar seo mar eiseamláirí. Bhí mé ag ócáid le déanaí i Halla na Saoirse i lár na cathrach le iriseoir Fintan O'Toole, an staraí Diarmuid Ferriter, Paul Reynolds ó Microsoft, Mary Murphy ón bhfeachtas Claim Back Our Future agus ceannaire Barnardos Fergus Finlay. Bhí siad ag plé staid na tíre i gcomhthéacs leabhair nua le Fintan O'Toole ar an ábhar a thugann moltaí don chóras polaitíochta sa tír seo. Labhair siad faoin maorlathas uafásach ag fás sa tír seo sa chaoi nach bhfuil aon duine sásta a bheith freagrach as polasaithe a chur i bhfeidhm .i. is féidir le Mary Harney an locht a chur ar an HSE. Labhair siad faoin mbealach go socraíonn Éireannaigh a gcuid fadhbanna sa mbaile trí dul ar imirce. Maidir leis an agóid ag na mic léinn, mhol gach cainteoir díograis na mac léinn ach dúirt Mary Murphy go bhfuil gá le níos mó sa tír seo faoi láthair ná agóidíocht. Dúirt sí gur ghá dúinn bheith soiléir faoin rud atá uainn seachas bheith diúltach agus gur ghá aidhmeanna dáiríre a chur in iúl don rialtas. Ní féidir le gach ceardchumann agus aontas sa tír teacht amach agus iad ag éiliú ar an stát gan a gcuid féin a ghearradh gan a bheith ag comhoibriú le chéile ar bhonn sochaí seachas ar bhonn aonair. Le linn ár linne, is dócha gurb é an t-athrú is mó a thiocfaidh ar an tír seo an bealach a rachaidh sí i ngleic le mórathraithe domhanda. Le linn 20 bliain beidh an tSín níos cumhachtaí go heacnamúil ná Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an

Eoraip le chéile. Ar feadh na mblianta sa tír seo, cleachtadh eacnamaíocht chosantach. Séard atá i gceist leis seo ná earraí Éireannacha den chuid is mó a cheannach. Chuir sé isteach go mór ar fhorbairt eacnamaíochta na tíre. Cé gur cinnte gur dea-rud é earraí Éireannacha ar nós earraí déiríochta is a leithéid a cheannach, níl mórán ag an tír seo gur féidir linn a thionscal gan é a bheith níos costasaí ná iompórtáil a dhéanamh ar an t-earra céanna. Beidh orainn bheith glic agus

samhlaíoch agus a thuiscint nach mbeidh an t-oileán beag seo gan mórán tionscal nó acmhainnithe agus daonra de 5 mhilliún riamh mór go heacnamúil, cé gur féidir linn

seasmhacht eacnamaíochta a bhaint amach. Fós féin, tá buntáistí móra againn gur cheart dúinn leas a bhaint astu. Is dócha gurb é ár gcultúr agus ár n-oidhreacht an tacmhainn is láidre atá againn. Is féidir linn leas a bhaint as ár gcultúr ar bhonn eacnamaíochta gan a bheith chomh tuata leis an leipreachán a fheictear ag dealbh Molly Malone. Is aoibhinn le Meiriceánaigh de shliocht Éireannach teacht go hÉirinn agus is aoibhinn le Gearmánaigh teacht chomh maith maraon le daoine ó gach gach ceathrún an domhain. Toisc gur earnáil chomh mór sin na tithe tábhairne Éireannacha ar fud an domhain, braitheann daoine go bhfuil aithne acu ar 'Éireannachas' sula dtagann siad. Go háirithe i láthair na huaire, is gá dúinn a bheith cinnte de go bhfuil muid fáiltiúil do thurasóirí. Cuireann an líon mór turasóirí a thagann go Coláiste na Tríonóide as do roinnt mic léinn ach ní ceart go gcuirfeadh. Labhraigí leo mar gheall ar a dtaithí in Éirinn, molaigí áiteanna sa chathair agus ar fud na tíre dóibh, molaigí na tithe tábhairne is fearr dóibh, molaigí dóibh dul ag an gConradh agus geallaim díbh go mbeidh bród oraibh tar éis sin as a bheith i bhur gcónaí ar an oileán beag seo. Ar deireadh, is dócha gurb é an rud is mó a theastaigh uaim a chur in iúl ná nach gá dúinn a bheith diúltach faoi na blianta atá ag teacht. Cé gur faoi cheannas grúpa lúidreamáin a bhfuil muid i gcruachás anois.

Is féidir linn leas a bhaint as ár gcultúr ar bhonn eacnamaíochta gan a bheith chomh tuata leis an leipreachán a fheictear ag dealbh Molly Malone

Page 24: Tuathal 2 (Twothal)

ÍT U A I R I M Í

24 Tuathal

Cuairt na Banríona“Tá fáilte romhat, a bhanríon!”

le hOisín Mistéil.

Tá téarma Mháire Mhic Giolla Íosa le teacht chun deiridh timpeall ar Mhí na Samhna 2011. Faoin am sin, tá sé i gceist ag rialtas na hÉireann agus rialtas na Breataine cuairt a eagrú don Bhanríon Eibhlís II go hÉireann chun bualadh lenár n-Uachtarán. Nuair a d’fhoilsíodh an scéal seo i rith an tsamhraidh bhí roinnt mhaith conspóide ag baint leis, le grúpaí áirithe ar buille go mbeadh ceannstáit na Breataine ag tabhairt cuairte ar an tír bheag seo againne tar éis an méid ar thit amach idir an dá thír go stairiúil, dár ndóigh, agus le blianta beaga anuas chomh maith. An teachtaireacht a bhí ann, ba léir, ná gur féidir an banna ceoil a sheoladh trasna lá ar bith, ach an bhanríon í féin... Ní dóigh linn é. Tá an dearcadh seo as dáta, fimíneach, agus ag deireadh thiar thall ag coimeád na tíre seo, atá na grúpaí seo chomh paiseanta faoi, taobh thiar ó thaobh chúrsaí eachtracha agus cúrsaí idirnáisiúnta.

An uair dheireanach ar tháinig rí nó banríon na Breataine go dtí an chuid d’Éire ar a ghlaoitear Poblacht na hÉireann uirthi sa lá atá inniu ann ná i 1911 nuair a tháinig Seoirse V,

seanathair Éibhlís ar cuairt. Tá an bhanríon tagtha go tuaisceart na hÉireann go minic ina ceannasaíocht, agus bhuail sí le Máire Mhic Giolla Íosa ansin agus freisin ag Pálás Buckingham, ach ní i bPoblacht na hÉireann riamh. Sin iad na fíricí. Ónar tháinig Éilís go dtí an coróin i 1952, tá cuairteanna tugtha aici ar 56 tír dhifriúl. An argóint a chaitear amach go minic - ná gur tír í seo a bhí faoi riail na Breataine, mar sin ba chóir nach leagfadh an Bhanríon cos ar an talamh seo riamh arís - titeann sé síos nuair a fheictear go bhfuil tíortha eile a bhí faoi riail na Breataine ag am amháin nó ag am eile- ina measc An tSúdáin, Na Maldives, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Samoa, Kuwait, Bahrain, Qatar, UAE, Oman, Kenya, An Índ, An Iordáin, Singapore – tar éis fáilte a chur roimh an mbanríon ina dtíortha féin. Más féidir leis na tíortha seo glacadh leis an bhfreagracht a thagann le tír neamhspleách chun dea-chaidreamh a chothú le gach tír cuma cad a tharla go stairiúil, cén fáth nach féidir linne chomh maith?

Page 25: Tuathal 2 (Twothal)

T U A I R I M Í

Tuathal 25

Pléitear go minic an cás go bhfuil stair áirithe ag baint leis an dá thír i gceist. Ach is cosaint dall aon-taobhach é seo ag rá go bhfuil gaol eisceachtúil idir Éire agus an Bhreatain ach nach bhfuil stair faoi leith ag na tíortha thuasluaite ag baint leis an mBreatain? Nár chaith saighdiúirí na Breataine go déisteanach le pobail na tíortha sin ag am amháin nó am eile chomh maith? Ba chóir dúinn inspreagadh a ghlacadh ó na tíortha seo a bhí ábalta céim chun tosaigh a ghlacadh ó thaobh a ngaoil leis an mBreatain. B’fhearr dúinne an rud céanna a dhéanamh, agus fáilte a chur roimh an mBanríon mar a chuirfimis roimh aon cheannstáit eile a thiocfadh ar cuairt go rialta.

Nuair a bhris an scéal i rith an tsamhraidh, tháinig TD Shinn Féin Caoimhghín Ó Caoláin amach ag léiriú seasamh a pháirtí ar an gceist, ag rá “Sinn Féin opposes the proposed state visit of the Queen of England, commander-in-chief of the British armed forces.” Ainneoin gurb é seo fós ceann de na teidil atá aici, ní dóigh liom go mbeadh duine ná a mháthair in ann a rá go macánta gur cheapadar go bhfuil fíorbhaint ar bith ag an mbanríon le harm na Breataine go fóill. Tá sé áiféiseach an bhean bheag leochaileach a shamhlú i measc na saighdiúirí i lár catha, gléasta i gcombats le péint cogaidh ar a haghaidh ag béiceáil orduithe imeaglacha ar na saighdiúirí mórthimpeall uirthi. Níl ann sa mhonarcacht sa Bhreatain ach aghaidh gan chumhacht ar bith, gan ról ar bith seachas caidreamh poiblí agus meon a pobail a spreagadh ó am go chéile. Ní dhéanann sé ciall ar bith gan glacadh le cuairt na banríona ar bhonn cogaíochta nó míleata, toisc nach bhfuil baint ar bith aici le seo.

Nuair a tháinig foireann rugbaí Shasana go Páirc an Chrócaigh i 2007, bhí an-chuid daoine, imreoirí Shasana ina measc, is léir, ag súil go mbeadh cur isteach éigin ag an lucht leanúna i rith ‘God Save the Queen’ – ach níor tháinig sé. Níor lean ach ciúnas a léirigh níos mó faoi dul chun cinn cultúrtha na hÉireann ná mar a bhféadfadh aon fhocal. B’é sin ceann de na laethanta is bródúla le haghaidh an-chuid Éireannaigh le roinnt mhaith blianta anuas. D’fhás bród agus tírghrá na hÉireann go mór an lá sin. Má cheapann daoine go bhfuil siad ag cosaint tírghrá agus náisiúnachas na tíre seo trí sheasamh i gcoinne chuairt na banríona, is a mhalairt ar fad atá á dhéanamh acu. Tógann sé

ócáid mar sin chun a léiriú dúinn an méid dul chun cinn atá déanta againn óna bhfuair an tír seo neamhspleáchas, go bhfuileamar ábalta fáilte a chur roimh cheannstáit na Breataine le meas, le haibíocht agus ar aon chéim le tír ar bith eile ar domhan.

Is céim ríthábhachtach í ó thaobh forbairt an ghaoil idir an dá thír, agus más féidir linn glacadh leis an mbanríon agus fáilte a chur roimpi seachas agóidíocht agus conspóid a chruthú i rith na cuairte, rachadh sé chun tairbhe na tíre in go leor slite – ó thaobh íomhá idirnáisiúnta de, ó thaobh an ghaoil leis an tír is cóngaraí dúinn, agus ó thaobh tírghrá de. Ba chóir go mbeadh sé sin mar chuspóir againn i dtógáil na tíre óig seo, agus más féidir linn an cuspóir sin a bhaint amach mar thír nach ndéanfaidh dearmad ar a chuid staire riamh, ach a mbogfaidh leis chun todhchaí níos fearr a chinntiú, is lá é sin gur féidir linn go léir bheith fíorbhródúil as.

Tá sé áiféiseach an bhean bheag leochaileach a shamhlú i measc na saighdiúirí i lár catha, gléasta i gcombats le péint cogaidh ar a haghaidh ag béiceáil orduithe imeaglacha ar na saighdiúirí mórthimpeall uirthi.

Page 26: Tuathal 2 (Twothal)

T U A I R I M Í

26 Tuathal

Litir Oscailte chuig an bPropastSeol litir oscailte don Phropast a bhfuair ‘Tuathal’ ó ‘Mhícheál an Pleb.’

Mícheál an Pleb,Coláiste na Tríonóide,

B.Á.C. 2,Éire.

A Phrovost,

Tuigim nach bhfuil aithne agat orm. Cén chaoi go mbeadh i ndáiríre? Bhuel, tabhair seans dom mé féin a chuir i láthair duit. Is Pleb mé atá sa tríú bliain. Úsáideann tú m'uimhir Pleb gach bliain chun an deontas a fháil ón rialtas. Níor bhuail muid le chéile riamh agus gach seans nach bhuailfidh muid le chéile go deo. Cuireann sé sin díomá orm, a Phrovost, ach tuigim do chás. Níl ionam ach Pleb.

Tuigim freisin nach bhfuil mórán ama fágtha agat san áit seo. Beidh Provost úr nua i gColáiste na Tríonóide roimh dheireadh na bliana, ach is cinnte nach mbeidh do leithead arís ann. Ciallaíonn sé sin áfach, go mbeidh trí bliana cáite agat gan aon teagmháil liom ar chor ar bith. Is mór an trua é nach bhfuil mo leithead worthy duit, a Phrovost, ach tuigim do chás.

B'fhéidir go bhfuil iontas ort, a Phrovost, tuigim nár chóir dom a bheith i dteagmháil leat ar chor ar bith, mar is duine de na unclean mé. Ach éist le seo. Ó is rud é go mbeidh tú imithe uainn roimh dheireadh na bliana seo, tá favour agam duit. Tá favour agatsa, a deir tú? Tuigim do chás. Ach éist le seo.

Is iomaí cainte atá ag dul thart maidir le na haiseanna i gcoláiste na Tríonóide. Easpa aiseanna go díreach. Tá mic léinn ag rá go mbíonn na computers agus na printers agus na photcopiers i gcónaí ina bpraiseach. Agus costasach, a Phrovost, costasach. Cé go bhfuil €1500 íoca acu sa registration fee.

Page 27: Tuathal 2 (Twothal)

T U A I R I M Í

Tuathal 27

Tuigim féin nach dtéann an €1500 sin ar student services. Tuigim go bhfuil teach mór millteach galánta ar shráid Ghrafton le foireann mór servants ag teastáil uait, a Phrovost, tuigim do chás.

Ach ní thuigeann siad, a Phrovost. Dar leo, tá an bia sa Buttery cac agus costasach. Sea, cac agus costasach. Dar leo, ní bhíonn suíocháin ar bith ar fáil ag um lón chun a scíth a ligint. Tá sé ráite ag na Plebs go mbíonn siad ar an urlár, a Phrovost, ar an urlár.

Cén favour mar sin? Bhuel, cé go dtuigim do chás, a Phrovost, molaim duit lá iomlán a chaitheamh san áit seo mar Pleb. Bíonn na Water Fountains briste go minic. Bíonn scuaine gach lá sa Mac Computer Room. Bíonn na lecture halls plódaithe le daoine. Bíonn suas le 40 duine sna seminars. Ní bhíonn desk ar bith sa leabharlann tar éis um lón. Ach in ainneoin sin, geallaim duit go mbeadh lá iontach taitneamhach agat leis an Pleb seo.

Agus ina dhiaidh an lá sin, d'fheadfá tuairisc mór fada leadránach a scríobh, agus fiú cuairt a thabhairt ar an Oireachtas education committee. Níos fearr fós, d'fheadfá coiste a bhunú chun é sin a dhéanamh ar do shon. Gan amhras, scríobhfaidh siad go bhfuil an t-ádh dearg ar na Plebs gur thug tú céad dóibh a bheith i gcomhluadar greatness. Scríobhfaidh do choiste nach bhfuil sna Plebs ach moaners and begrudgers, cosúil le yer man ón Irish Times Fintan O' Toole. Cuirfidh sé sin stop leis an gcaint, a Phrovost, táim cinnte.

Is mise, le meas mór ort go deo a Phrovost,

Mícheál an Pleb.

P.S. Déanfaidh mé an-iarracht cith a thógáil ar an lá sin. Ach gan amhras beidh boladh uafásach sa jax, go háirithe i leithreas an Arts Block. Agus tourists. Bíonn tourists sa leithreas sin i gcónaí, nach mbíonn? Go háirithe nuair atá uimhir a dó ag teastáil. Mar sin déan cinnte na facilities a úsáid sula fhágann tú uimhir a haon Sráid Ghrafton.

PPS An bhfuil gold taps i do theach, a Phrovost? Mura bhfuil, ba chóir go mbeadh.

‘Lón Déanach ar an Luan.’

Gach Luan ar Raidió na LIfe 106.4fm óna 2.30 i.n.-3.30 i.n.

“Tá sé ar fheabhas” - Aisling Lonergan

Éist leis.

Tá gach duine eile á dhéanamh agus tá sé in am do Tuathal léimt ar an mbandwagon. Ach ná bac le

Seanfhocal na Seachtaine, seo é ‘Seacht Seanfhocal na Seachtaine’:

★ “Is fearr an troid ná an t-uaighneas”★ ‘Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann.’ ★ ‘Is fearr cairde ná ór.’ ★ ‘Bíonn blas ar an mbeagán.’ ★ ‘Ní thagann ciall roimh aois.’ ★ ‘Ní bhíonn saoi gan locht.’ ★ ‘Is fearr beagán cúnaimh ná mórán trua.’

Page 28: Tuathal 2 (Twothal)

A O N T A S N A M A C L É I N N

28 Tuathal

Go luath ar maidin ar an séú lá déag de mhí Dheireadh Fómhair a bhuail na reps le chéile le haghaidh dheireadh seachtaine chiúin, gan aon smaoineamh ar rírá nó ruaile buaile. É sin ráite, ní mar sin a tharla sé!!!

Ag naoi a chloig thuirling breis ‘s trí chéad duine ó na busanna agus isteach leo in Óstán an Bracken Court, i mBaile Brigín. Le sin tosaíodh ar ár “traenáil”. I dtosach báire labhair Nikolai, uachtarán Aontais na Mac Léinn, agus oifigigh eile an sabbat linn. Bhí an-chuid cainte faoin agóid ar an tríú lá de mhí na Samhna ach caitheadh an cuid is mó den am ag imirt an cluiche “stand-up”. Sula

cuirtear céist, is cluiche é stand-up ina sheasann gach uile dhuine suas agus ansin deirtear le héinne atá rud éigin áirithe déanta acu fanacht ina sheasamh agus scéal na heachtra a insint don slua. Sampla don saghas ceiste a bhí acu ná “stay standing if you’ve been with someone in this room”. Gan aon bhréag a insint ach bhí níos mó ná péire amháin de leicne ag dul dearg faoin gceist sin! Ina dhiaidh na cluichí de stand-up agus caint faoin agóid agus cursaí eile an Aontais briseadh i gcómhair lóin, rud a bhí gear gá le de réir an údair seo!

Tar éis lón breá d’fhill na reps ar ais sa seomra seimineáir, áit inár briseadh

suas iad i na dáimh éagsúla. Ansin chuir ceann na dáimhe iad féin in iúl dúinn agus tugadh tuilleadh eolais dúinn faoi na dáimh éagsúla ina rabhamar. Ina dhiaidh sin bhí caint faoi scileanna idirbheartaíochta agus labhair Cónán Ó Broin, Leas Uactarán Aontais na Mac Léinn in Éirinn agus Iar-Uachtarán Aontais na Mac Léinn i gColáiste na Trionóide, faoi Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus, sea, an agóid! Le sin déanta tugadh dhá uair a chloig dúinn lenár scíth a ligean, ach níor éirigh leis an gcuid is mó dúinn é sin a dhéanamh toisc na faidhbe móir a bhí ann leis na seomraí. B’éigean dom féin fanacht beagnach uair a chloig sular

Deireadh Seachtaine Na Reps!!!le Conchur Ó Leathlobhair

Page 29: Tuathal 2 (Twothal)

O I D E A C H A S

Tuathal 29

tugadh eochairchárta dom don seomra. Leis na heochairchártaí tugtha amach bhuaileamar suas chun na seomraí agus ba mhór an díomá a bhí orm nuair a chonaic mé go raibh orm leaba a roinnt le leaid eile! Cé seo bhí mé ró-mheiscithe chun gearrán nuair a d’fhill mé ar an seomra ag deireadh na hoíche.

Timpeall ar a hocht bhuaileamar go léir ar ais le chéile don dinnéar agus tar éis é sin a ithe d’fhill formhór dúinn ar na seomraí i gcomhair roinnt ólacháin. Caitheadh an-chuid den am sin ag siúl timpeall na hallaí ag lorg an tseomra ina raibh an craic is fearr, agus déarfainn gur thóg sé leath huair sula roghnaigh mé an seomra sin agus ní

bhfuair mé ach cúpla nóiméad ólacháin sula raibh daoine ag dul síos don disco! Yeoww!!!!!!!!!!!!

Bhí an-chuid “banter” ag an disco agus mar a deir an seanfhocal “nuair a bhíonn an fíon istigh bíonn an ciall amuigh!”. Ó dhaoine ag dul timpeall le rian an chinn Harry Potter orthu go daoine eile ag caitheamh anuas isteach i ndoirteal leithris na mbuachaillí, is cinnte go bhfuil gach sórt scéil faoin disco gan aon chaint ar cad a tharla ina dhiaidh! Níl a fhios agam cén t-am ar chríochnaigh mé suas ag ach tá a fhois agam go raibh mé

tuirseach traochta nuair a dúisíodh mé ag a naoi an mhaidin dár gcionn. Cuireadh bricfeasta breá ar fáil dúinn ach ní raibh mé in ann buntáiste ceart a bhaint den ofráil dheas de bharr na póite a bhí orm!

Faoin a deich a chloig bhí gach uile dhuine sínithe amach agus tosaíodh ar chúpla caint eile sular buaileadh bóthar timpeall ar a dó a

chloig (cé go raibh fadhb mhór leis na busanna!) Le sin bhí deireadh le traenáil na reps agus, dár liom ar aon nós, d’fhágamar le cuimhní maithe ar dheireadh seachtaine den scoth!

        Toghadh breis is 200 ionadaí ag tús na bliana agus é mar aidhm acu comhoibriú agus a bheith mar nasc idir na scolairí agus an fhoireann anseo i gColáiste na Trínóide. Tá ionadaí ann do gach rang nach mór agus chaitheadar deireadh seachtaine traenála le

chéile in óstán i mBaile Brigín. Rinneadar ranganna ceirde agus d’fhreastail siad ar leachtaí chun scileanna riachtanacha a fhoghlaim. Mar aon leis seo, bhí craic den scoth acu agus bhí ceol ón ngrúpa ‘Killer Chloe’ san oíche.

       Beidh oícheanta sóisialta agus turais ranga á n-eagrú anois ag na hionadaithe amach anseo. Tabharfaidh sé seo deis do na baill ranga aithne cheart a chur ar a chéile, agus caidreamh buan a chruthú. 

‘Ar son na Cúise’ - le Iseult Nic’a Bhaird

Gaeilge GhastaGaeilge Béarla

Saineolaí an tSaoil - Bullshitter

Nílim ag iarraidh óil anocht - I’m getting hammered.

Cheannaigh mé an pionta seo ag an mbeár - I poured my can into the glass in the toilet

Déanfaidh mé an aiste anocht - I’ll leave the essay until the last minute

Déanfaidh mé stáidéar sa seomra ríomaireachta - I’ll spent an hour on facebook and convince

myself that I’m studying

‘ is cinnte go bhfuil gach sórt scéil faoin disco gan aon chaint ar cad a tharla ina

dhiaidh!’

Page 30: Tuathal 2 (Twothal)

O Í C H E S H A M H N A

30 Tuathal

Chuile bhliain, nuair a thagann Mí Dheireadh Fómhair, bíonn an cheist chéanna i mbéal gach éinne, ‘Cad a bheidh á chaitheamh agat an Oíche Shamhna seo?’ An cheist atá i mo bhéal ná an bhfuil bunbhrí Oíche Shamhna imithe le sruth nó an féidir í a haithint fós?

Nuair a bhí mé i mo pháiste, chiallaigh Oíche Shamhna fuil, putóga, taoibhsí agus draíocht. Bhíomar ar fad as ár meabhair le scanradh agus áthas, ag rith na sráideanna sa dorchadas, ag samhlú go raibh taibhsí agus spioraidí an tsean-am ag rith le cosa in airde in éineacht linn! Bhíodh na cultacha adharcáileacha, fíochmhara agus sceimhleacha. Bhíodh an seans ann i gcónaí nach culaith a bhí ins an chulaith is sceimhlí ach arracht réadach i measc na ndaoine gléasta suas! Ní haon ionadh é gur chreid mé an mhéid sin mar d’fhéachfadh mé ar an scannán Hocus Pocus chuile bhliain roimh Oíche Shamhna. Feictear na daoine fásta sa scannán sin ag damhsa in éineacht le harrachtaí agus cailligh toisc nach n-aithníonn said nach bhfuil culaith orthu!

D’imríomar na cluichí traidisiúnta sa teach, ar nós snap úll. Mar aon leis sin, d’úsáideamar ár bhfiacla chun punt a aimsiú i mbáisín plúr nó uisce. Chuireamar púicín ar a chéile agus bhí orainn samplaí

bia eagsúla a thriall, cosúil le mustard agus fínéagar!Rinneamar magadh ar an duine a d’aimsigh an fáinne óir sa bháirín breac, toisc gur chiallaigh sé go bpósfadh said go luath, ach ag an am céanna bhíodh éad orainn nár bhfuaireamar féin é. Bhíodh Oíche Shamhna an tsaoire is fearr liom i gcónaí, ach le déanaí braithim go bhfuil cuid dá draíocht caillte againn.

Dealraíonn sé nuair a fhágtar an óige taobh thiar dúinn, nach maireann Oíche Shamhna ach mar seans againn roinnt ciséal éadaí a bhaint dínn agus culaith sraoilleogach a chaitheamh. Le déanaí, chuaigh

mé isteach go dtí siopa culaith i mBaile Átha Cliath agus bhí na ballaí clúdaithe ar gach taobh le cultacha. Bhíodh culaith acu le haghaidh banaltraí, damhsóirí, foghlaí agus gach aon rud eile. Ach, bhí an focal ‘gnéasach’

scríofa ar chuile paicéid! Nuair a chuala mé cailíní ag caint timpeall an choláiste, chuala mé go raibh sé ar intinn acu gléasadh suas ina gcailíní Hooters nó cailíní scoile gnéasach. Ní thuigim cén fáth a mbeadh culaith gnéasach á chaitheamh agat ar oíche a cheiliúrann spiorad na daoine marbh ag gluaiseacht timpeall!

Is é mo thuairim go mba cheart culaith scanrúil a bheith ort.

I mbliana, ní rabhas ag tnúth le mórán i dtaobh Oíche Shamhna a cheiliúradh. Chonaic mé go leor aingeal, banaltraí agus cailíní scoile gnéasacha ag clagarnacht síos Sráid Grafton go dtí roinnt clubanna oíche ar leith timpeall na cathrach. Roghnaigh mé mo cheiliúradh a dhéanamh ar an Déardaoin. D’fhreastail mé ar an oíche Tim Burton, a bhí eagruithe ag an Sochaí Innealltóireachta, sa Button Factory. Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm agus bhí áthas an domhain orm a bheith páirteach ann. Don chuid is mó, bhí

Siúl Siar ar Oíche Shamhna le hEmma Birmingham

Page 31: Tuathal 2 (Twothal)

O Í C H E S H A M H N A

Tuathal 31

cultacha den scoth á chaitheamh ag na daoine ann. Bhí áit ar leith a bhítear in ann smidiú agus péint don aghaidh a fháil i stíl na gcarachtar i scannáin Tim Burton. Bhí an Button Factory lán go béal le brídithe marbháin agus carachtair ghnáthógacha ó Alice in Wonderland, Charlie and the Chocolate Factory, Corpse Bride agus go leor scannán eile. Chonaic mé cuid de na cultacha is fearr a chonaic mé riamh, agus chuile cheann acu ina luí le téama Oíche Shamhna; scanrúil, fuilteach agus gnáthógach.

Munar shábháil an méid sin mo ghrá d’Oíche Shamhna,

chinntigh Oíche Shamhna mo dheirfiúr dom nach raibh an bhunbhrí imithe le sruth. Chuaigh sí go Londain, áit ar ghléas sí agus beirt chara ina mbrídigh marbháin. Bhaineadar úsáid as fuil bhréagach agus sean-ghúnaí pósadh agus chaitheadar lionsaí tadhaill bána ina súile acu. Tharraingíodar a ngruaig go dtí gur sheas sé suas ina phraiseach. D’fhreastalaíodar ar chóisir ollmhór ina raibh coirí lán d’oighear tirim, bhí dealbh chailleach déanta as oighear agus mainicíní céir i bhfoirm daoine marbh. Sroich mo dheirfiúr agus a cairde an chóisir go luath agus

d’imríodar cleas ar na daoine eile. Sheasadar timpeall agus ligeadar orthu gur ndealbhaí a bhí iontu. I ndiaidh tamaill, thosaíodar ag beireadh greim ar daoine a shiúl thart le preab agus scread a bhaint astu!

Le cúpla bliain anuas, bhíodh draíocht Oíche Shamhna imithe uaim, ach i mbliana d’aimsigh mé arís an grá a bhí agam dó. Is breá liom an tsaoire thaibhsiúil seo agus an traidisiún fuillteach a bhaineann leis, ach ar an drochuair, tá sé in am agam an fuil bhréagach a chur ar leaththaobh, go dtí an bhliain seo chugainn!

Amhrán— Le Dairíne Ní Bheinéid

Na crainn sa Gheimhreadhgan a nduilleogaAn t-éan thuas sa spéirgan cheol, gan aer - An ghrian gan ghileFilíocht gan fhileMothóidh tú uaimMothóidh tú uaim

An stoirm gan aonbhogha báisteAn máthairínag uaigh na páisteAn lá gan aon ghuíAn folús faghta im' chroíMothóidh tú uaimMothóidh tú uaim

Am— Le John Lunne

Sníonn an t-am thartMar abhainnI gconaí i bhfloscGo tobann, difrúilFeicim na daoineAg dul thartAg fáil aoisAg fáil bháisAgus tá mé féin-Mise-An duine is móI mo domhainTá mé ag sleamhnúSíos an bótharBóthar na gcuimhníTá mé ag fáil bháisGo tobannTá an t-am thart orm

An Fhilíocht

Page 32: Tuathal 2 (Twothal)

CCAAOOLL DDÍÍRREEAACCHH!!!!!!go ceann scríbe!

do nasc leis an teangayour link to the language

T: "#$% &'$ &'$ / %#($ &%) #"(' (T!É!) R: eolas@forasnagaeilge!ie

No roundabouts here! Let the information superhighway take you whereyou want to go with the Irish language! Just log on to wwwwww!!ggaaeeiillggee!!iiee forthe quickest route to the information you need!

Check out the NASC classified ads where you can:• post an ad to request or advertise a course/ event* • register your area of interest to get alerts when new info is posted* or • search for what’s available in your neighbourhood! And much more!

It’s never been easier to connect with the Cyber+gaeltacht!

Ní gá dul amú a thuilleadh! Tá bealach glan romhat! Pé eolas atá uait faoin nGaeilge agus a mbaineann léi* éascóidhwwwwww!!ggaaeeiillggee!!iiee do thuras!

Féach go speisialta inneall fógraíochta NASC* áit gur féidir leat:• cúrsa/ imeacht a fhógairt nó a iarraidh* • do shainspéis a chlárú (chun nod a fháil nuair a bhíonn eolas

nua faoi ar an suíomh)* nó • a bhfuil ar fáil i do cheantar féin a chuartú!

Tabhair cuairt agus glac páirt sa Chíbear+ghaeltacht inniu!