scathán (nollaig 2015)

6
...scáthán Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin Eagrán 27, Geimhreadh 2015 www.derrystrabane.com/gaeilge www.facebook.com/foramphobalnagaeilge Twitter @foramphobal @dcsdcouncil …………………………………………………………………………………. Rith 2016 - Is féile náisiúnta í Rith 2016 a bheidh ar siúl ón 4-14 Márta 2016 mar chuid de chlár Sheachtain na Gaeilge. Is é is cuspóir leis an fhéile ná feasacht an phobail ar an Ghaeilge a mhúscailt agus maoiniú a thiomsú le tacú le tionscnaimh Ghaeilge ar fud fad an oileáin. Tá cúrsa 700km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ar fud an oileáin, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Theach Bhaile an Chaisleáin i gContae Chill Dara go Baile Átha Cliath. Mairfidh an fhéile 11 lá agus beidh na mílte duine ag glacadh páirte ann. Tá lúcháir ar phobal Chomhairle Chathair Dhoire & an tSratha Báin go mbeidh Rith 2016 ag teacht chuig baile an tSratha Báin ar an Aoine 11 Márta 2016 díreach i lár Sheachtain na Gaeilge! Tá deiseanna iontacha ann do scoileanna agus chlubanna óige páirt a ghlacadh sa cheiliúradh – tá pacáiste scoile ar fáil saor in aisce chun cuidiú le scoileanna agus grúpaí óige páirt a ghlacadh agus chun tacú le múinteoirí obair thraschuraclaim a bhunú ar ábhar na féile. Má tá fonn ar do scoil féin páirt a ghlacadh tabhair cuairt ar shuíomh idirlín Rith 2016 ag www.rith.ie/ga/scoileanna

Upload: pol-o-frighil

Post on 24-Jul-2016

251 views

Category:

Documents


13 download

DESCRIPTION

Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin

TRANSCRIPT

Page 1: Scathán (Nollaig 2015)

...scáthán Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin

Eagrán 27, Geimhreadh 2015

www.derrystrabane.com/gaeilge

www.facebook.com/foramphobalnagaeilge

Twitter @foramphobal @dcsdcouncil

………………………………………………………………………………….

Rith 2016 - Is féile náisiúnta í Rith 2016 a bheidh ar siúl ón 4-14 Márta 2016 mar chuid de chlár

Sheachtain na Gaeilge. Is é is cuspóir leis an fhéile ná feasacht an phobail ar an Ghaeilge a mhúscailt

agus maoiniú a thiomsú le tacú le tionscnaimh Ghaeilge ar fud fad an oileáin.

Tá cúrsa 700km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh ar fud an oileáin, ag rith ó

mhaidin go hoíche, ó Theach Bhaile an Chaisleáin i gContae Chill Dara go Baile Átha Cliath. Mairfidh

an fhéile 11 lá agus beidh na mílte duine ag glacadh páirte ann. Tá lúcháir ar phobal Chomhairle

Chathair Dhoire & an tSratha Báin go mbeidh Rith 2016 ag teacht chuig baile an tSratha Báin ar an

Aoine 11 Márta 2016 díreach i lár Sheachtain na Gaeilge!

Tá deiseanna iontacha ann do scoileanna agus chlubanna óige páirt a ghlacadh sa cheiliúradh – tá

pacáiste scoile ar fáil saor in aisce chun cuidiú le scoileanna agus grúpaí óige páirt a ghlacadh agus

chun tacú le múinteoirí obair thraschuraclaim a bhunú ar ábhar na féile. Má tá fonn ar do scoil féin

páirt a ghlacadh tabhair cuairt ar shuíomh idirlín Rith 2016 ag www.rith.ie/ga/scoileanna

Page 2: Scathán (Nollaig 2015)

Lch 2

Rith 2016

Glac Páirt! Tá deis anois ag pobal na Gaeilge sa cheantar Comhairle tacú leis an imeacht. Bíonn baitín sealaíochta lámh-dhearaithe speisialta le teachtaireacht ó Uachtarán na hÉireann folaithe istigh ann á iompar ag rannpháirtithe Rith 2016 agus má tá grúpa/scoil/cumann ag iarradh páirt a ghlacadh, seilbh a ghlacadh ar an bhaitín, agus rith chun tosaigh ní mór clárú le foireann Rith 2016 chun ciliméadar a cheannach.

Is féidir le duine ar bith rith ar aon chuid den chúrsa. Ní gá do dhuine aonair clárú le Rith 2016, ach tá rogha ann do chiliméadar féin a cheannach chun go rithfidh tú le do ghrúpa cairde chun tosaigh ar fad, le duine agaibh ag iompar an bhaitín. Tá beagnach 700 ciliméadar ar díol mar chuid de Rith 2016 agus consaíonn gach ciliméadar €100. Más mian leat ciliméadar a cheannach ní mór sin a dhéanamh trí theagmháil a dhéanamh le: Marcas Mac Ruairí Glór na nGael 18 Sráid an Mhistéalaigh Dún Garbhán T: 086 171 9755 [email protected]

Rith 2016 - Seoladh Rith mar fhéile náisiúnta nua in Éirinn i Márta 2010, chun labhairt agus úsáid ghinearálta na

Gaeilge a chur chun cinn. B’é aidhm fhéile Rith ná ardú croí, tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do phobal labhartha na Gaeilge i rith Sheachtain na Gaeilge. Chuir pobal na Gaeltachta, scoileanna bunleibhéil agus

meánleibhéil, coláistí tríú leibhéal, Gaelscoileanna, coláistí, clubanna spóirt, clubanna óige, lúthchleasaithe agus

reathaí, grúpaí atá bainteach leis an Ghaeilge, cainteoirí agus díograiseoirí na Gaeilge, agus go leor leor eile fáilte

mhór roimh na féile - ghlac níos mó ná 20,000 duine páirt i Rith 2010 agus tá an fhéile ag fás léi ó shin! Tógadh coincheap na féile ó Thír na mBascach agus ón Bhriotáin, áit a cheiliúrtar ‘Korrika’ agus ‘Ar Rededag’ – imeachtaí

teanga chomhchosúil chun na mionteangacha sin a chur chun chinn. I mbliana, iarrtar ar phobal na Gaeilge ar an

tSrath Bán tacú leis an fhéile nuair a thiocfaidh sí chun an bhaile mór ar an Aoine 11 Márta 2016. Deis iontach atá ann dár scoileanna agus dár ngrúpaí pobail teacht amach ar na sráideanna lena ngrá don teanga a chur in iúl!

gach eolas: www.rith.ie

Page 3: Scathán (Nollaig 2015)

Lch 3

Oíche Oscailte Gaelscoil Éadain Mhóir

An Duais Scoile Idirnáisiúnta bainte ag Gaelscoil Uí Dhochartaigh

Oíche Oscailte - Reáchtáil Gaelscoil Eádain Mhóir oíche oscailte ar an Mháirt 24 Samhain le deis a thabhairt do thuismitheoirí a bhfuil suim acu an Gaeloideachais a roghnú dá bpáistí cuairt a thabhairt ar an scoil le bualadh leis an scoilfhoireann agus le háiseanna na scoile a fheiceáil.

Tá ráchairt ar an Ghaeloideachas i gcathair Dhoire ag fás i gcónaí agus moltar do thuismitheoirí atá ag iarraidh a bpáistí a chlárú sin a dhéanamh roimh na Nollag. Dúirt príomhoide na scoile, Mary Nic Ailín “Cé go bhfuil an scoil lonnaithe i dTobar an Fhíoruisce, fáiltíonn muid roimh pháistí as gach ceantar agus cuireann muid iompar saor in aisce ar fáil. Tá buntáistí an Ghael-oideachais aitheanta go forleathan anois, agus tá muid tiomanta don bhua seo a roinnt leis an phobal ar fad”.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar an scoil, nó má tá tú ag iarraidh do pháiste a chlárú, ní mór teagmháil a dhéanamh le: Mary Nic Ailín, Príomhoide, Naíscoil agus Gaelscoil Éadain Mhóir, 128 Bóthar Leacaidh, Doire BT48 6NP, T: 028 71 268 020 nó seol ríomhphost chuig an scoil ag [email protected]

Comhghairdeas le scoilphobal Ghaelscoil Uí Dhochartaigh! D’éirigh le Gaelscoil Uí Dhochartaigh, An Srath Bán, An Duais Scoile Idirnáisiúnta a bhaint amach ar na mallaibh. Baineadh an duais seo mar gheall ar an obair mhór idirnáisiúnta a bhíonn ar siúl sa scoil. Chomh maith le gnáthobair churaclaim, ghlac an scoil páirt i gclár Comenius le sé thír eile – An Tuirc, An Rómáin, An Pholainn, An Spáinn, An Liotuáin agus An Phortaingéil. De réir an British Council bhí obair na Gaelscoile ar fheabhas ar a lán leibhéal agus bhí moladh mór tuillte ag na daltaí agus na múinteoirí ar aon. Maith sibh ar fad!

tuilleadh eolais: www.gaelscoileadainmhoir.com

Page 4: Scathán (Nollaig 2015)

Lch 4

Spiorad na Samhna

Spiorad na Samhna - Tá dhá scannán Éireannacha roghnaithe d’fhéile scannán Babel i Sardinia: Spiorad na Samhna, a thaiscéalann stair fhéile na Samhna i nDoire agus Rúbaí, scéal fá chailín óg a shocraíonn gur aindiachaí í sula ndéanann sí a Céad Chomaoineach. Is í Féile Scannán Babel an t-aon fhéile scannán ar domhan atá ag cur úsáid mionteangacha i ndéantús scannánaíochta chun cinn. I mbliana tá 79 scannán á dtaispeáint le 44 mionteanga san áireamh: Craís, Innu, an Choirdis, Sáimis, Svaihílise, Yazidi, Bascais, Breatnais, Catalóinis, Ladin, Ocsatainís agus Gaeilge ina measc. Dúirt stiúrthóir na féile go dtugann an fhéile seo ardán do mhionteangacha agus do na pobail a labhraíonn na teangacha seo, agus dúirt sé go leagann na mionteangacha béim níos láidre ar chruinneshamhail fhileata agus go bhfuil na teangacha seo níos cóngaraí do chroí an phobail. Déanann gearrscannán Spiorad na Samhna leis an scannanóir áitiúil Des Baker stair fhéile na Samhna i nDoire a thaiscéaladh. Tá an fhéile i nDoire ar an fhéile is mó sa tír agus insíonn an scannán an scéal fán dóigh a bunaíodh an fhéile le linn na dtríoblóidí sna 1980í. Téann an fhéile seo siar go dtí an tseanfhéile Cheilteach Samhain agus maireann na traidisiúin pháganacha seo go dtí an lá atá inniu ann. Comhghairdeas le Des Baker ar a bhfuil bainte amach aige! Is féidir leat amharc ar scannán iomlán Spiorad na Samhna trí cuairt a thabhairt ar an nasc seo: https://vimeo.com/101398600 Tá tuilleadh eolais maidir le Féile Scannán Babel ar fáil ag: www.babelfilmfestival.com/programma-2015/

Spiorad na Samhna le Des Baker

Oíche Shamhna i nDoire

Page 5: Scathán (Nollaig 2015)

Lch 5

Dialann an Phobail

Reáchtáilfidh Ciorcal Comhairle Thábhairne Derby Oíche LánGhaeilge ar an Satharn 12 Nollaig ó 8:30 go dtí 12:30. Tosóidh seisiún ceoil ag 8:30 agus beidh dioscó lán-Ghaeilge ann ina dhiaidh. Tá fáilte speisialta roimh cheoltóirí agus amhránaithe agus roimh Ghaeilgeoirí ag gach leibhéal cumais. Seo do sheans le do chuid Gaeilge a chleachtadh lasmuigh den seomra ranga i dtimpeallacht fhéiltiúil le comhluadar cairdiúil, ceol agus craic!

Beidh Seachtain na Gaeilge 2016 ar siúl ó 1-17 Márta 2016 agus de thairbhe gur bliain speisialta í 2016 tá

catagóir breise imeachtaí ann dar teideal Féile na Físe.

Tá dhá phríomh-spriocdháta ann chun imeachtaí a

chlárú: 18 Nollaig 2015 d’imeachtaí móra; agus 29 Eanáir 2016 do gach imeacht eile. Tuilleadh eolais ó

Oifig Sheachtain na Gaeilge [email protected]

………………………………………………………………………………

…..

Scríobh litir chuig Daidí na Nollag

Oíche Lán-Ghaeilge Seachtain na Gaeilge 2016

“A Dhaidí na Nollag, a chara….”

Scéim Nollag do Ghaelscoileanna - Tá fáilte roimh pháistí atá ag freastal ar Ghaelscoileanna i gceantar Chomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin litir a scríobh chuig Daidí na Nollag agus freagra a fháil ar ais uaidh i nGaeilge in am don Nollaig! Ní mór do pháistí litir a scríobh i nGaeilge agus í bheith faighte ag an Chomhairle faoin Aoine 11 Nollaig 2015. Déan cinnte go bhfuil ainm, seoladh agus postchód an pháiste scríofa go soiléir ar an litir, le cinntiú go sroichfidh an cárta a cheann scríbe. Is féidir litreacha a sheoladh sa phost chuig seoladh na Comhairle nó iad a fhágáil ag oifigí na Comhairle i nDoire nó ar an tSrath Bán. Tuilleadh eolais : Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin, 98 Bóthar na Trá, Doire nó 47 Bóthar Dhoire, An Srath Bán, T: 028 71 376 579, nó seol ríomhphost chuig [email protected]

Page 6: Scathán (Nollaig 2015)

Lch 6

………………………………………………………………………………….

Island Voices An Gorta Mór agus an Ghaeilge

Oifigeach Gaeilge

Pól Ó Frighil

Oifigeach Gaeilge

Comhairle Chathair Dhoire &

Cheantar an tSratha Báin

98 Bóthar na Trá

Doire BT48 7NN

T: (028) 71 376 579

www.derrystrabane.com/gaeilge

[email protected]

Seirbhísí Gaeilge curtha ar fáil le

caoinmhaoiniú ó

Fhoras na Gaeilge:

FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís

uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait i

nGaeilge téigh chuig www.derrystrabane.com/gaeilge Má tá eolas uait ar aon

seirbhísí eile sa Chomhairle déan teagmháil linn. Má tá aon fhormáid eile den

nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn. GAEILGE & FÁILTE

Dr Fionntán de Brún, léachtóir sinsearach le Gaeilge ag

Ollscoil Uladh a thug léacht dar teideal ‘The Great Famine and the Irish Language’ mar chuid de shraith léachtaí

Island Voices ag Iarsmalann an Túir, Doire. I mbliana,

labhair cainteoirí faoi thionchar na himirce ar thírdhreach

na dteangacha sa taobh seo tíre le 200 bliain anuas.

Island Voices - Thug an Dr Fionntán de Brún, léachtóir sinsearach Gaeilge de chuid Ollscoil Uladh léacht dar teideal ‘An Gorta Mór agus an Ghaeilge’ ag Iarsmalann an Túir i nDoire ar an Déardaoin 26 Samhain 2016 mar chuid de shraith léachtaí Island Voices.

Thagair sé do lámhscríbhinní agus fhigiúirí daon-áirimh ó am an Ghorta Mhóir a léirigh an tionchar tubaisteach a bhí ag an ghorta ar líon na nGaeilgeoirí sa tír ach thug sé léargas fosta ar an pháirt mhór a bhí ag Robert Shipboy McAdam i scéal na Gaeilge ó Thuaidh i ndiaidh aimsir an Ghorta Mhóir. Bhí McAdam líofa sa Ghaeilge agus rinne sé a lán leis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn ag am nuair a bhí an Ghaeilge ag teacht faoi bhrú méadaithe ón Bhéarla.

Fillfidh Island Voices ar an bhliain seo chugainn le clár dúshlánach a chuirfidh cúrsaí teanga i gcomhthéacs bhliain an comórtha faoi chaibidil. Más mian leat ábhar nó téama a mholadh, gabh i dteagmháil le Pól Ó Frighil Oifigeach Gaeilge ag T: 028 71 376 579 nó [email protected]

Lean muid ar líne www.facebook.com/foramphobalnagaeilge