scéal na gaeilge

36
Scéal na Gaeilge An Ghaeilge i nDoire 1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 1 06/12/2013 15:50

Upload: pol-o-frighil

Post on 07-Mar-2016

297 views

Category:

Documents


24 download

DESCRIPTION

:An Ghaeilge i nDoire: Stair na Gaeilge i gceantar Chomhairle Cathrach Dhoire ó thús ama go dtí an lá atá inniu ann.

TRANSCRIPT

Page 1: Scéal na Gaeilge

Scéal na GaeilgeAn Ghaeilge i nDoire

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 1 06/12/2013 15:50

Page 2: Scéal na Gaeilge

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 2 06/12/2013 15:50

Page 3: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

Clár

1. I dTús Ama 5

2.Meath na Gaeilge 11

3. Athbheochan 17

4. Fás agus Forbairt 21

5. An Ghaeilge i nDoire inniu 25

6. Scéal Nua 31

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 3 06/12/2013 15:50

Page 4: Scéal na Gaeilge

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 4 06/12/2013 15:50

Page 5: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

5

Tá an Ghaeilge ar cheann de na teangacha is sine ar domhan.

Is teanga Cheilteach í mar aon le Gaeilge na hAlban, Breatnais, Gaeilge Mhanann, Briotáinis agus Coirnis.

Labhraítear an Ghaeilge ar fud fad oileán na hÉireann, i nDoire san áireamh. Síolraíonn an logainm Derry ón fhocal Gaeilge ‘Doire’ a chiallaíonn áit a fhásann crainn daracha.

1. I dTús Ama

Síltear gur tháinig leagan ársa den Ghaeilge go dtí an t-oileán seo roimh 300RC. Roimh theacht na Críostaíochta go hÉireann baineadh úsáid as Ogham: córas stríoc agus eangaí a cleachtadh sa 4ú haois agus an scríobh is luaithe atá againn. ‘Aibítir na gCrann’ a thugtar air chomh maith nó de réir traidisiúin amháin ba ónár gcuid crann a fuair na litreacha a n-ainmneacha - ‘b’ = beith, ‘f’ = fearn, ‘s’ = sail, ‘d’ = dair, agus araile.

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 5 06/12/2013 15:50

Page 6: Scéal na Gaeilge

6

I d T ú s A m a

Ba í an Laidin teanga na hEaglaise in aimsir Cholm Cille agus d’fhág sin a lorg féin ar an Ghaeilge. Is ón Laidin a thagann focail mar ‘cill’ agus ‘teampall’ - focail atá le sonrú go fóill i logainmneacha an cheantair - Cill Fhionnáin agus Teampall Mór mar shampla.

Tugtar Ré Órga na Gaeilge ar an tréimhse idir an 5ú agus an 9ú haois nuair a bhí traidisiún liteartha na nGael i mbarr a réime. Tugadh ‘tír na naomh agus na n-ollamh’ ar Éirinn.

Sa 6ú haois, thug Colmcille an Chríostaíocht isteach go hAlbain agus faoin 9ú haois spréigh an Ghaeilge a fhad le hAlbain agus Manainn áit ar tháinig Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann chun cinn. Deirtear gur ‘deirfiúracha’ iad Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann mar go bhfuil siad dlúthghaolta le chéile.

Nuair a bunaíodh an Chríostaíocht in Éirinn sa 5ú haois, thosaigh na manaigh ag baint úsáid as an aibítir Rómhánach le lámhscríbhinní áille a mhaisiú le dánta agus scéalta i Laidin agus i nGaeilge. Is í an lámhscríbhinn is sine a mhaireann go fóill ná An Cathach, cóip de na Sailm a scríobhadh ag Colm Cille, éarlamh Dhoire. De réir finscéil, bhunaigh Colm Cille mainistir ar chnoc Dhoire ar bhruacha an Fheabhail in 546 AD. Scríobh Colm Cille an véarsa seo le cur síos a dhéanamh ar a chion ar Dhoire: Is air a charaim Doire Ar a réidhe ar a ghlaine Is ar iomad na n-aingeal fionnAr gach duille de dhoirí Dhoire

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 6 06/12/2013 15:50

Page 7: Scéal na Gaeilge

7

Cosnaíonn Colm Cille na Filí

Bhí ardmheas ag na Gaeil ar na filí. Bhí stádas iontach ard ag an fhile riamh anall ach tharla in aimsir Cholmcille gur éirigh aighneas idir na filí agus na huaisle a thug coimirce dóibh. Chonacthas do na huaisle gur éirigh na filí róshotalach agus róshantach agus d’fhógair an tArdrí go ruaigfí as Éirinn iad. Ach labhair Colmcille, arbh fhile é féin, go láidir ar a son ag Mórdháil Dhroim Ceat in aice le Léim an Mhadaidh agus ceadaíodh dóibh fanacht.

7

S c é a l n a G a e i l g e

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 7 06/12/2013 15:50

Page 8: Scéal na Gaeilge

8

Sa 9ú haois rinne na Lochlannaigh ionradh ar Éirinn agus bhronn siad roinnt mhaith focal orainn. Is ón Lochlainnis a fuair muid na focail ‘bróg’, ‘fuinneog’ agus ‘seol’ mar shampla.

Fuair muid roinnt ainmneacha pearsanta uathu chomh maith; is ón ainm pearsanta Olaf a thagann an sloinne Mac Amhlaoibh agus tháinig Mac Oitir ó Otar, ainm coitianta eile ag na Lochlannaigh. Chuir na Gaeil spéis in ainmneacha úra i gcónaí agus rinne siad iad a ghaelú, mar shampla, bhí dúil ag na Gaeil san ainm Magnus agus is uaidh a thagann an t-ainm Gaelach Mánas chugainn agus ar ndóigh an logainm áitiúil Sleacht Mhánasa.

Sa 12ú haois, tháinig an Fhraincis chun na tíre seo leis na Normannaigh. Is ón tseanFhraincis a thagann na focail ‘seomra’ ó chambre agus ‘garsún’ ó garçon mar shampla.

Suas go dtí an 15ú haois ba í an Ghaeilge an phríomhtheanga ar fud fad na hÉireann, ach bhí athrú le teacht ar an scéal.

© Seoirse Ó Dochartaigh

I d T ú s A m a

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 8 06/12/2013 15:50

Page 9: Scéal na Gaeilge

9

Na Teaghlaigh Léannta

Bhí caomhnú an léinn i seilbh roinnt teaghlaigh léannta sna meánaoiseanna, ceird faoi leith ag léanúint ó ghlúin go glúin sa chóras Gaelach. Bhí iomrá ar mhuintir Uí Chasaide mar lucht leighis, cuir i gcás, lean muintir Uí Dhálaigh, muintir Uí Uiginn, muintir Uí Ghnímh agus Clann Mhic an Bhaird ceird na filíochta, agus bhí seanchas na tíre i dtaisce ag muintir Uí Cheallaigh. I nDoire bhí iomrá an léinn ar Chlann Uí Bhrolcháin, agus ar Fhlaitheartach Ó Brolcháin go mór mór, mar ba é comharba Cholm Cille agus deirtear gur thóg sé na chéad bhallaí timpeall na cathrach sa bhliain 1162AD!

S c é a l n a G a e i l g e

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 9 06/12/2013 15:50

Page 10: Scéal na Gaeilge

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 10 06/12/2013 15:50

Page 11: Scéal na Gaeilge

1 1

S c é a l n a G a e i l g e

Ón 15ú go dtí an 17ú haois, plandáladh an tír le lonnaitheoirí ó Shasana agus ón Albain. In 1607 theith na huaisle Gaelacha nuair a theip orthu cur i gcoinne choncas na Sasanach ar Éirinn: tugtar ‘Imeacht na nIarlaí’ ar an teitheadh seo. Tháinig deireadh le riail na nGael in Éirinn agus d’éirigh leis an Bhéarla mar theanga dlí agus riaracháin. Is mar seo a cuireadh tús le hiompú teanga in Éirinn ón Ghaeilge go Béarla.

Ba sa tréimhse seo a tháinig na leaganacha galldaithe dár logainmneacha agus sloinnte chun cinn, cuireadh Rogers ar Mhac Ruairí mar shampla agus Peoples ar Ó Duibhne, agus tugadh Eglinton ar an Mhagh agus Derry ar Dhoire.

In 1695 tugadh isteach na Péindlíthe: cuireadh cosc ar labhairt na Gaeilge agus cuireadh an cultúr Gaelach faoi chois. Mheath an Ghaeilge de réir a chéile agus thiontaigh daoine ar an Bhéarla, teanga a d’oscail doirse eacnamaíochta do dhaoine.

2. Meath na Gaeilge

Thosaigh daoine ag spreagadh a gcuid páistí le Béarla a labhairt in áit na Gaeilge mar gur shíl siad go raibh smál ar an Ghaeilge mar theanga na mbocht. D’fhás canúint nua Bhéarla – Béarla na hÉireann - a raibh tionchar láidir ag an Ghaeilge uirthi.

Buille thubaisteach eile don Ghaeilge i nDoire ba é an Gorta Mór agus an imirce a tháinig sna sála air nó b’iad na bochtáin a ba mhó a fuair bás de bharr ocrais is aicídí agus b’iad a ba mhó a d’fhág port Dhoire ina mílte, ná na daoine céanna a raibh an Ghaeilge mar mháthairtheanga acu.

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 11 06/12/2013 15:50

Page 12: Scéal na Gaeilge

Faoi dheireadh an 19ú haois bhí an teanga ruaigthe amach as an chathair agus í á labhairt ag pobail tuaithe ar nós an Ladhar agus Sleacht Mhánasa. Nuair a thug an staraí Seán Ó Donnabháin cuairt ar Dhoire sna 1830í, thug sé faoi deara go raibh dúil ag na daoine sa scéalaíocht trí Ghaeilge, ach sa chathair bhí an teanga imithe le

sruth. Fuair an cainteoir dúchais Gaeilge deireanach as Doire, Eilís Ní Chleircín, as Baile na Scríne, bás in 1935.

I gcaitheamh an ama seo bhí daoine ag teacht isteach sa dúiche ó ceantair Ghaeltachta i dTír Chonaill ag cuartú oibre agus tá an dlúthcheangal seo le Tír Chonaill le sonrú go soiléir ar shloinnte an cheantair; tá leithéid Ó Gallchóir, Ó Baoill, Ó Dochartaigh, Mag Fhionnlaoch, agus Ó Frighil le fáil go flúirseach i nDoire.

D’fhág an Ghaeilge a lorg ar an Bhéarla a labhraítear anseo agus ar fud an domhain. Níos faide i gcéin thug na céadta míle a d’fhág Port Dhoire le dul ar imirce go hAlbain, Ceanada is Meiriceá, focail ar nós ‘tuig’ ‘dig it’ do mhuintir Nua Eabhrac, ‘is maith sin’ nó ‘smashin’ do bhunadh Londan, agus ‘tabhair aire’ nó ‘ta-ra’ do phobal Learphoill agus Mhanchain.

1 2

M e a t h n a G a e i l g e

Imircigh ag Port Dhoire

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 12 06/12/2013 15:50

Page 13: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

Sloinnte Coitianta Gaelacha i nDoire

Mac Giolla Chomhghaill = CoyleDuine a lean Naomh Comhghall

Ó Dochartaigh = DohertyDuine de shliocht an Dochartaigh

Mag Fhionnlaoch = McGinleyCumaisc de ‘fionn’ agus ‘laoch’

Mac Lochlainn = McLaughlinMac le Lochlann

Ó Frighil = FrielAinm a chiallaíonn ‘fear cróga’

Mac Gabhann = McGowanMac an Ghabha

Ó Gallchóir = GallagherCumaisc de ‘Gall’ agus ‘Cabhair’

Ó hUiginn = HigginsDuine de shliocht na Lochlannach

S c é a l n a G a e i l g e

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 13 06/12/2013 15:50

Page 14: Scéal na Gaeilge

1 4

Logainmneacha Dhoire

Is iontach go deo saibhreas ár logainmneacha i nDoire agus tá a scéal féin taobh thiar de gach aon cheann acu. Tugann ‘Tamhnach Uí Earáin’ Tamnaherin le fios gurbh leis an teaghlach sin an baile fearainn, cuimhníonn ‘Taobh an Bhogaigh’ Bogside ar sheanchúrsa an Fheabhail anallód, tugann ‘Seantalamh’ Shantallow le fios go bhfuil daoine ag déanamh cónaí ann leis na mílte bliain, agus tagann an t-ainm Ness ó Bhaile an Easa.

Tá oidhreacht luachmhar de mhionlogainmneacha sa cheantar, ainmneacha nach bhfuil ar aon léarscáil ach atá beo i mbéal na ndaoine go fóill. Samplaí den saibhreas seo is ea An Abar agus Carraig Bhríde i gcomharsanacht Shliabh Boc, nó Cnoc an Iolair, Toigh na nUan agus Sú na Cloiche Báine atá fá shráidbhaile na Páirce.

Baile Dhúdhoire (Ballougry) place of the dark oakwood

Tearmann Bacach (Termonbacca) the sanctuary of the beggars

Ard na Sí (Ardnashee) the fairy mound

Baile na Saileog (Ballynashallog)place of the willow wood

Cois Caoine (Coshquin) beside the gentle river

An Glaiseach (Glassagh) place of many streams

Lios Leathan (Lislane) the wide fort

Sliabh Mór (Slievemore) the great hill

M e a t h n a G a e i l g e

Tá a scéal féin ag gach aon logainm…

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 14 06/12/2013 15:50

Page 15: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

Teampall Mór (Templemore) the great temple

Seantalamh (Shantallow) old ground

Baile na gCailleach (Galliagh) townland of the nuns

Cnoc an Chairn (Carnhill) place of the grave mound

Baile Mhic Rabhartaigh (Ballymagroarty) townland of the Magroarty family

Baile an Tobair (Springtown) place of the wells

An Creagán (Creggan) the rocky place

Tobar an Fhíoruisce (Brandywell) the freshwater well

Eanach (Enagh) a marsh

Míodún (Maydown) broad meadow

Ailt Uí Dhoibhleacháin (Altnagelvin) a steep little glen in the territory of the Ó Doibhleacháin family

Gob na Scáile (Gobnascale) a point of land that casts a shadow, or perhaps point of the 'ghost'

Préachán (Prehen) a place of crows Droim na hUamha (Drumahoe) ridge of the underground cave

Tulaigh Álainn (Tullyally) beautiful hill

Corrach an Iarainn (Currynierin) marsh of the bog iron

1 5

S c é a l n a G a e i l g e

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 15 06/12/2013 15:50

Page 16: Scéal na Gaeilge

1 6

O r i g i n s

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 16 06/12/2013 15:50

Page 17: Scéal na Gaeilge

1 7

S c é a l n a G a e i l g e

Sna blianta i ndiaidh an Ghorta Mhóir, lean meath na Gaeilge lasmuigh de cheantair thuaithe. Léiríonn daonáireamh na hEireann ó 1851 go raibh an Ghaeilge á labhairt ag 23% den daonra ach faoi 1891 thit an líon seo go 14.5%. Ag deireadh na 19ú haoise, thosaigh daoine ag cur suim athnuaite sa Ghaeilge agus rinne siad iarrachtaí leis an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn: tugadh an Athbheochan Ghaelach air seo.

3. Athbheochan

Mionúir Cholmcille in úsáid ag an Chonradh sna luathbhlianta sin agus d’fhreastail idir Caitlicigh agus Protastúnaigh ar imeachtaí – bhí 84 cruinniú in 1900 amháin, idir ranganna teanga, amhránaíocht, turais staire, cainteanna agus damhsaí! Tháinig Dubhghlas De hÍde ar cuairt go Doire in 1912 agus bhí slua an-mhór i láthair, go leor aontachtach ina measc.

In 1893 bunaíodh Conradh na Gaeilge agus é mar chuspóir aige úsáid na Gaeilge a spreagadh sa saol laethúil. I measc na ndaoine a thacaigh go mór leis an athbheochan bhí daoine ó chúlraí Protastúnacha. Bunaíodh craobhacha de Conradh na Gaeilge ar fud fad oileán na hÉireann. Bhí cúig chraobh de Conradh na Gaeilge i nDoire. Bhí Halla

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 17 06/12/2013 15:50

Page 18: Scéal na Gaeilge

1 8

Tháinig laghdú i mbrí an Chonartha i nDoire sna fichidí agus sna tríochaidí ach tháinig beocht úr sa Chonradh sna 1940í agus 1950í, nuair a tháinig glúin úr de Ghaeilgeoirí óga i méadaíocht. Bhunaigh siad Craobh Sheáin Uí Dhubhláin agus bhí níos mó ná céad ball acu. Faoi 1946 bhí 182 craobh de Conradh na Gaeilge ar fud fad thuaisceart na hÉireann. I rith na tréimhse seo rinne scoileanna áitiúla a lán oibre leis an teanga a chur chun cinn agus shíolraigh siad a lán gníomhairí teanga.

Tá cuimhne go fóill ar an chuairt a thug Éamon de Valera ar an chathair i mí Iúil 1951 leis an tSeachtain Ghaelach a oscailt. Tháinig na mílte amach le fáilte a chur roimhe agus é ar a thuras fríd an chathair go dtí ollchruinniú i bPáirc na gCeilteach.

Tá roinnt scoláirí as Doire a thuill áit i scéal na Gaeilge:

Richard Best

Rugadh Richard Best ar 17ú Eanáir 1872 ar Shráid an Easpaig i nDoire. Mórscoláire Gaeilge, Ceiltise agus béaloidis a bhí ann a thuill clú agus cáil dó féin i dtréimhse na hAthbheochana, cé gur beag caint air ina bhaile dúchais sa lá atá inniu ann. Mac le Henry Best a bhí ann, oifigeach máil a bhí ag obair i bPéaslaí na hAlban ag an am. Fuair sé a oideachas luath i gColáiste an Fheabhail sular ghlac sé post mar státsheirbhíseach i mBaile Átha Cliath. Best a ba chúis le bunú Scoil Ard-Léinn na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus bhí sé ina ollamh sinsearach san Institiúid agus ina uachtarán ar Acadamh Ríoga na hÉireann. D’éag Richard Best i mBaile Átha Cliath in 1959 agus is ann atá sé curtha.

A t h b h e o c h a n

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 18 06/12/2013 15:50

Page 19: Scéal na Gaeilge

1 9

S c é a l n a G a e i l g e

1 9

Énrí Ó Muirgheasa

Ba i gCaisleán Thoir, Co Mhuineacháin a rugadh Énrí Ó Muirgheasa ar 14 Eanáir 1874, ach tá dlúthcheangal idir é agus Doire agus tá bailiúchan dá chuid leabhar le fáil i gColáiste Mhig Aoidh sa chathair. Dhírigh Énrí é féin ar obair bhailiúcháin agus lean sé air ar feadh a shaoil. Ar ndóigh b’iontach an bailiúchán amhrán is béaloidis a chuir sé i dtoll a chéile ó cheoltóirí i seanghaeltachtaí Chúige Uladh agus tá go leor de na h amhráin chéanna foilsithe i dhá leabhar iomráiteacha leis, mar atá Céad de Cheoltaibh Uladh agus Dhá Chéad de Cheoltaibh Uladh. D’éag Ó Muirgheasa in 1945.

Liam Ó hAnluain

Is dóigh gurbh é seo an gramadóir is mó a chuir comaoin ar scríbhneoirí is ar mhúinteoirí na Gaeilge ó 1960 amach. I nDoire Trasna a rugadh é ar 11ú Eanáir 1910, áit a raibh siopa agus tábhairne ag a mhuintir ann. Fuair sé a oideachas ag Scoil na mBráithre, Éadan an Chnoic i nDoire. In 1925 bhí a aigne socair aige bheith ina Bhráthair Críostaí agus glacadh leis i gColáiste Iósaif, Baile Dúill. I ndiaidh dó cúpla bliain a chaitheamh ag teagasc ag Coláiste Mhuire, Marino, bhain sé céim amach in Ollscoil Chorcaí. In 1958, agus cónaí air i mBaile Átha Cliath, d’iarr an Proibhinseach air ‘Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí’ a scríobh. In 1960 toghadh é ina Ard-Rúnaí ar na Bráithre. Sa Róimh a chaithfeadh sé an chuid is mó dá raibh fágtha dá shaol i mbun dualgais an phoist sin. D’éag sé i mBaile Átha Cliath ar an 16ú Aibreán 1992.

S c é a l n a G a e i l g e

Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 19 06/12/2013 15:50

Page 20: Scéal na Gaeilge

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 20 06/12/2013 15:50

Page 21: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

2 1

I rith na 1960í agus na 1970í lean pobal na Gaeilge i nDoire ag fás. Cuireadh dlús leis an fhás seo sna 1980í nuair a tháinig gníomhairí teanga éagsúla le chéile le cumainn agus eagraíochtaí a bhunú chun freastal ar éilimh ón phobal ar ranganna Gaeilge agus le tacaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeilge.

4. Fás agus Forbairt

I gcaitheamh na mblianta bhí réimse daoine aonáracha agus eagraíochtaí i dtús cadhnaíochta maidir le cur chun cinn na teanga:

An Cumann Gaelach: Sna 1960í thosaigh baicle de Ghaeilgeoirí óga An Cumann Gaelach ar an bhaile. Cumann sóisialta a bhí ann a tháinig le chéile os cionn siopa ar Bhóthar na Trá. Ceann de na rudaí is tábhachtaí a chuir an grúpa seo i gcrích ná bunú an Ghaeloideachais sa chathair nó is iadsan i bpáirt le Bunscoil Bhaile Stíl a chuir an chéad aonad ar bun sa scoil sin.

Bunscoil Cholmcille

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 21 06/12/2013 15:50

Page 22: Scéal na Gaeilge

2 2

F á s a g u s F o r b a i r t

Conradh na Gaeilge - Craobh Cholmcille In 1985, bhunaigh Craobh Cholmcille de Chonradh na Gaeilge oifig i dTeach an Choilm. Ina dhiaidh sin, bhog an Chraobh chuig Mórshráid Shéamais agus d’fhás sí ina heagras, An Gaeláras. I rith na 1990í d’fhás An Gaeláras go raibh sé ar an eagraíocht Ghaeilge is mó sa chathair. Chuir An Gaeláras ranganna Gaeilge ar fáil agus dhírigh sé isteach ar thionscnaimh straitéiseacha a fhorbairt le cur le fás na teanga go fadtéarmach. D’éirigh an t-eagras rómhór don áitribh ina raibh sé lonnaithe agus thug coiste An Ghaelárais faoi thionscnamh uaillmhianach chaipitil le cultúrlann nua saintógtha a dhearadh agus a thógail ar Mhórshráid Shéamais. D’éirigh leis an togra agus osclaíodh Cultúrlann Uí Chanáin, mórionad Gaeilge úrscothach ar 4ú Meán Fómhair 2009.

Cumann Gaelach Chnoc na Rós Bhunaigh fear áitiúil, Ivor Ferris as ceantar Chnoc na Rós, an grúpa seo ag deireadh na 1980í. Bunaíodh é mar eagraíocht phobail le buntáistí oideachasúla na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh, chomh maith leis an ealaín agus leis an cheardaíocht Ghaelach a chur chun cinn agus le freastal ar an éileamh ar chúrsaí foirmeálta a bhí ag fás ag an am sin. Reáchtáil siad na chéad ranganna Gaeilge san Áislann i gCnoc na Rós ar dtús. D’fhás an cumann in 1992 nuair a bhog siad na ranganna oíche isteach i mBunscoil Naomh Áine sa cheantar céanna. D’fháiltigh an coiste isteach cúntóirí teanga as Tír Chonaill a thacaigh le forbairt na heagraíochta ó shin. In 2000 d’oscail Cumann Gaelach Chnoc na Rós a chéad oifig i Sráid Diúic i nDoire Trasna le go mbeadh an eagraíocht in ann cur le gnéithe trasphobail a hoibre. Leis na blianta beaga anuas, tá obair mhór déanta ag an eagraíocht ag forbairt imeachtaí d’fhoghlaimeoirí na teanga ar nós Seachtain na Gaeilge agus Scéim na Scoláireachtaí Gaeltachta.

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 22 06/12/2013 15:50

Page 23: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

Teach an Chomair: Tá Teach an Chomair suite ar bhruach na Fochaine i gClóidigh. Sna 1980í agus sna 1990í baineadh feidhm as mar chlubtheach agus mar áis phobail i gcoitinne ach is mó an cháil a bhí air mar lárionad Gaeilge. Beidh ainm fi r amháin i dtólamh luaite le Teach an Chomair, is é sin Seán De Búrca as sráidbhaile Chlóidigh, nó Johnny Burke mar ab fhearr aithne air. Chuir Johnny rang Gaeilge ar bun i gClóidigh agus d’oibrigh sé go dícheallach ag cur na teanga chun cinn go dtí gur éag sé in 2010. Ar na mallaibh tá eagraíocht úr bunaithe i gClóidigh darb ainm Glór Chlóidigh a chuireann ranganna Gaeilge agus ranganna ceoil ar fáil don phobal áitiúil.

2 3

Baill de Chraobh Dhoire

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 23 06/12/2013 15:50

Page 24: Scéal na Gaeilge

2 4

O r i g i n s

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 24 06/12/2013 15:50

Page 25: Scéal na Gaeilge

2 5

S c é a l n a G a e i l g e

Is iontach go deo an fás atá tagtha ar shaol na Gaeilge i nDoire le blianta beaga anuas. De réir daonáirimh 2011, tá Gaeilge ag 14.13% (14,605) den daonra i gceantar na comhairle cathrach i nDoire. Is féidir a lán den fhorbairt seo a chur síos do bhonneagar daingean Gaeilge a bhfuil gníomhairí teanga, eagraíochtaí tacaíochta, Gaeloideachas agus oideachas tríú leibhéal ag a chroí.

5. An Ghaeilge i nDoire inniu

Sa cheantar seo tá breis agus 300 páiste ag freastal ar Ghaelscoileanna. Foghlaimíonn na páistí seo a gcuid ábhar ar fad trí Ghaeilge. Mar aon le ceithre naíscoil mar atá Naíscoil Éadain Mhóir, Naíscoil Mhaol Íosa, Naíscoil Dhoire agus Naíscoil Cholmcille tá trí Gaelscoil i gcathair Dhoire, mar atá Bunscoil Cholmcille i mBaile Stíl, Gaelscoil Éadain Mhóir atá suite in aice leis an Gháslann, agus Gaelscoil na Daróige i mBaile Mhic Rabhartaigh.

Bunscoil CholmcilleTá Bunscoil Cholmcille suite i mBaile Stíl. Ba é an pobal féin a spreag forbairt an oideachais lán-Ghaeilge nuair a tháinig tuismitheoirí le chéile ar mian leo Gaeloideachas a fháil dá gcuid páistí. Bhuail siad le heaspag na cathrach, An tEaspag Edward Daly, agus is de thairbhe an chruinnithe sin a thosaigh cúrsaí pleanála don tionscnamh.Seo an dara tionscnamh lánGhaeilge a forbraíodh i dTuaisceart Éireann agus a d’oscail mar aonad i mBunscoil Bhaile Stíl in 1983.

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 25 06/12/2013 15:50

Page 26: Scéal na Gaeilge

5 . A n G h a e i l g e i n D o i r e i n n i u

2 6

An chéad lá ag Gaelscoil Éadain Mhóir

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 26 06/12/2013 15:50

Page 27: Scéal na Gaeilge

2 7

S c é a l n a G a e i l g e

Ba é an chéad tionscnamh tumoideachais le bheith maoinithe sa Tuaisceart. D'oscail an scoil le 24 páiste agus múinteoir amháin ach d'fhás an t-aonad ó bhliain go bliain go dtí deich mbliana ina dhiaidh sin, nuair a rinneadh an cinneadh go bhfágfadh an t-aonad lán-Ghaeilge an mháthairscoil Bhéarla agus go mbunófaí gaelscoil úr neamhspleách darbh ainm Bunscoil Cholmcille. I mí Mheán an Fhómhair 1993 d'oscail Bunscoil Cholmcille le 183 páiste agus foireann oidí de naonúr. In 2000 bunaíodh seirbhís úr naíscolaíochta, Naíscoil Dhoire, ar shuíomh na bunscoile fosta.

Gaelscoil Éadain MhóirNuair a d’oscail Gaelscoil Éadain Mhóir a cuid doirse an chéad lá, ní raibh ach seisear páistí aici. Bhí an scoil suite ar an Chreagán an

t-am sin. Chuaigh an scoil ó neart go neart agus d’aistrigh sí go dtí suíomh úr sa Gháslann in 2001, agus fuair sí stádas oifigiúil ón Roinn Oideachais in 2002. Tá an scoil ag fás go gasta agus tá anois breis agus 140 páiste sa bhunscoil agus 26 páiste i naíscoil reachtúil a osclaíodh in 2009. Gaelscoil na DaróigeBunaíodh Gaelscoil na Daróige i Meán Fómhair 2005 de bharr brú ó thuismitheoirí a raibh a gcuid páistí ag freastal ar Naíscoil Mhaol Íosa. Tugadh faoi deara go raibh bunús na bpáistí a bhí ag imeacht as an naíscoil ag dul ar aghaidh chuig bunscoileanna Béarla sa cheantar as siocair go raibh na Gaelscoileanna eile sa chathair rófhada ar shiúl. Bhain an scoil stádas oifigiúil amach in 2009.

An chéad lá ag Gaelscoil Éadain Mhóir

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 27 06/12/2013 15:50

Page 28: Scéal na Gaeilge

2 8

Ollscoil Uladh In 2009 lonnaigh Ollscoil Uladh ceanncheathrú Institiúid Taighde na Gaeilge agus an Léinn Cheiltigh i nDoire. Tá an Institiúid anois ar na hionaid taighde is rafaire sa Léann Cheilteach in Éirinn agus sa Bhreatain. In 2013 bunaíodh Scoil Theanga agus Litríocht na Gaeilge agus a ceanncheathrú i nDoire. Cuireann an scoil cúrsaí ar fáil i nDoire agus i mBéal Feirste. Oibríonn foireann na scoile i gcomhpháirtíocht le pobal na Gaeilge sa dá chathair. Tuigtear go bhfuil Scoil na Gaeilge de chuid Ollscoil Uladh ar an tríú roinn teangeolaíochta is fearr amach as an 248 roinn atá sa Ríocht Aontaithe.

Cultúrlann Uí Chanáin Is mórionad Gaeilge, ealaíon agus cultúir é Cultúrlann Uí Chanáin atá suite ar Mhórshráid Shéamais cóngarach do lár chathair Dhoire. Osclaíodh í ar an 4ú Meán Fómhair 2009 agus tá idir ranganna, imeachtaí cultúrtha, gnónna Gaeilge agus imeachtaí óige ag dul ar aghaidh laistigh dá ballaí. Is Gael-ionad ealaíon agus cultúir saintógtha í Cultúrlann Uí Chanáin atá mar chuid de chomhlacht An Ghaelárais. Tá ionad ealaíon ilfheidhmeach, amharclann 200 suíocháin, coláiste phobail do fhoghlaimeoirí fásta, club óige, siopa leabhar agus ceirde, caife, aonad goradán gnó agus oifigí inti. Chruthaigh na hailtirí foirgneamh a chuireann le stádas agus gradam phobal na Gaeilge agus aithníonn ailtireacht uathúil an fhoirgnimh pobal Gaeilge atá ag amharc chun tosaigh.civic leader in the promotion of the Irish language in the Derry City

5 . A n G h a e i l g e i n D o i r e i n n i u

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 28 06/12/2013 15:50

Page 29: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

Comhairle Cathrach DhoireIs treoireagraíocht chathartha í Comhairle Cathrach Dhoire atá go mór chun tosaigh i bhforbairt na teanga sa cheantar comhairle. Cuireann an chomhairle chathrach réimse seirbhísí ar fáil i nGaeilge agus in 2011 bhunaigh sí Fóram Phobal na Gaeilge, a raibh sé mar chuspóir aige deiseanna comhoibre a chothú i measc eagraíochtaí éagsúla Gaeilge sa cheantar comhairle le cur le fás agus forbairt na teanga ar bhonn ceantair.

Tá an Ghaeilge aitheanta anois sa reachtaíocht; i gComhaontú Aoine an Chéasta (1998) agus sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, ach níos tábhachtaí fós, tá dearcthaí an phobail agus an stáit i leith na Gaeilge ag feabhsú.

Ar fud fad oileán na hÉireann, tá clú ar Dhoire mar cheantar ina bhfuil cur chun cinn na Gaeilge ag dul i méid. In 2006 bhí an chathair ina hóstach do Oireachtas na Gaeilge – an fhéile Ghaeilge agus chultúir Ghaelaigh is mó ar an oileán agus in 2013 tháinig Fleadh Cheoil na hÉireann go Doire, an chéad uair riamh a eagraíodh an fhéile ó Thuaidh ó bunaíodh í 60 bliain ó shin. Tá stádas níos fearr ag an Ghaeilge san am atá i láthair ná mar a bhí ag aon phointe eile le 200 bliain anuas. Léiríonn an fás seo dúthracht agus dícheall phobal na Gaeilge atá tiomanta do shochaí dhátheangach a bhaint amach sa chathair agus sa cheantar máguaird.

2 9

S c é a l n a G a e i l g e

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 29 09/12/2013 10:50

Page 30: Scéal na Gaeilge

3 0

O r i g i n s

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 30 06/12/2013 15:50

Page 31: Scéal na Gaeilge

3 1

S c é a l n a G a e i l g e

Cá rachaidh an scéal?In 2013, tháinig pobail Dhoire le chéile le bliain mhór a cheiliúradh: Cathair an Chultúir. Ba é seo ár n-am le scéal nua a insint don domhan mór. Tá an Ghaeilge mar chuid dár seanscéal agus dár scéal nua; gné dár gcomhoidhreacht agus dár gcomhthodhchaí.

6. Scéal Nua

Is féidir linn bheith ag súil le todhchaí na Gaeilge le dóchas. Tá an Ghaeilge níos láidre anois ná mar a bhí sí le 100 bliain anuas agus tá sí le feiceáil agus le cluinstin ar fud fad na cathrach; tá an Ghaeilge mar chuid de charachtar uathúil cultúrtha Dhoire agus tá grá ag a lán daoine anseo don teanga.

Brathann todhchaí na Gaeilge anseo ar an tuiscint seo: níl seilbh ag duine ar bith ar an Ghaeilge. Is le gach duine an Ghaeilge. Is teanga í atá ar fáil do chách. Is liomsa í, is leatsa í, is linne go léir í.

Sa chathair seo lán de chultúir éagsúla, tá áit do gach scéal. Seo ár scéal. Le chéile, is féidir linn scéal nua a insint.

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 31 09/12/2013 10:50

Page 32: Scéal na Gaeilge

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 32 06/12/2013 15:50

Page 33: Scéal na Gaeilge

S c é a l n a G a e i l g e

Éist le scéalta ó dhaoine áitiúla ag caint faoi Scéal na Gaeilge: www.btportraitofacity.com

Scéal na Gaeilge

An Teanga Bheo

Beo go Deo

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 33 06/12/2013 15:50

Page 34: Scéal na Gaeilge

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 34 06/12/2013 15:50

Page 35: Scéal na Gaeilge

www.derrycity.gov.uk/gaeilge

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 35 06/12/2013 15:50

Page 36: Scéal na Gaeilge

Tá an cháipéis seo ar fáil ar iarratas i leaganacha éagsúla: cló mór, Braille, PDF, closchaiséad agus mionteangacha..

Tuilleadh eolais:teileafón (028) 7136 5151téacsfón: (028) 7137 6646 nóríomhphost: [email protected]

1809_DCC_StoryOfIrish_GAEILGE.indd 36 06/12/2013 15:50