nuachtlitir | conradh na gaeilge | aibreán 2013

12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Seachtain Spleodrach Eile! 2. Rí-Rá Le Hector 2013 2. Ard-Fheis na nGael 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Eoghan Ó hAnluain 5. Barrliosta na Leabhar 6. Comhdháil Chearta Teanga 6. Tóstal na nÓg 7. Bailte Slachtmhara 7. Saoire Thír Chonaill 8. Féile na Bealtaine 8. Ceiliúradh na Cumarsáide 9. Fuaim & Fís 9. Cailín Gaelach 2013 10. Seirbhís Dócmhain- neachta an Bhéarla 10. Deiseanna Oibre AE 11. Tairiscint Ghníomhach G 11. Tuarascáil an Choimisinéara 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 8.3 17 Aibreán 2013 C hláraigh 200 grúpa as gach cearn d’Éirinn agus 10 dtír eile 850 imeacht ar chlár oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2013 agus féile na bliana seo ar siúl ó 4 – 17 Márta 2013. Bhí na céadta scoil páirteach arís i mbliana le himeachtaí á reáchtáil acu ndaltaí féin, agus bhí an-tóir ar na comórtais náisiúnta. Bhí an- tóir freisin ar an bhfráma speisialta Gaeilgeoir na Seachtaine a chuir Seachtain na Gaeilge ar fáil dóibh i bpáirt le Bliain na Gaeilge 2013, agus sheol an oifig comórtas nua - Gradam na nÓgchlubanna - chun rannpháirtíocht ógchlubanna a spreagadh i mbliana leis. Ceann de bhuaicphointí na féile ná Seachtain na nÚdarás i dTithe an Oireachtais, i bhFoirgnimh na Parlaiminte in Stormont, agus sna iliomad údarás áitiúil eile le linn na féile. Bhí ócáid stairiúil ann nuair a sheol an tAire Carál Ní Chuilín an fhéile den chéad uair in Stormont ar 4 Aibreán 2013, agus bhí seoladh náisiúnta eile le hEvanne Ní Chuilinn agus Róisín Ní Thomáin - beirt de Phearsan na Seachtaine 2013 - i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath freisin ar an dáta céanna. Ba é Paddy Barnes, dornálaí Oilimpeach as Béal Feirste, ambasadóir eile na féile. Tá aiseolas anois á lorg ó na grúpaí uile a ghlac páirt i bhféile na bliana, go háirithe i dtaca leis an suíomh úr na Seachtaine ar www.snag.ie agus leis an bhfeidhmchlár Android agus iPhone a sheol an oifig níos luaithe i mbliana. Teagmháil: [email protected] Seachtain Spleodrach Eile!

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 21-Mar-2016

264 views

Category:

Documents


5 download

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Seachtain Spleodrach Eile! 2. Rí-Rá Le Hector 2013 2. Ard-Fheis na nGael 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Teicneolaíocht na Teanga 5. Eoghan Ó hAnluain 5. Barrliosta na Leabhar 6. Comhdháil Chearta Teanga 6. Tóstal na nÓg 7. Bailte Slachtmhara 7. Saoire Thír Chonaill 8. Féile na Bealtaine 8. Ceiliúradh na Cumarsáide 9. Fuaim & Fís 9. Cailín Gaelach 2013 10. Seirbhís Dócmhainneachta an Bhéarla 10. Deiseanna Oibre AE 11. Tairiscint Ghníomhach G 11. Tuarascáil an Choimisinéara 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Seachtain Spleodrach Eile!2. Rí-Rá Le Hector 20132. Ard-Fheis na nGael3. Nuacht Áitiúil4. Gaeilge na Cruinne4. Teicneolaíocht na Teanga5. Eoghan Ó hAnluain5. Barrliosta na Leabhar6. Comhdháil Chearta Teanga6. Tóstal na nÓg7. Bailte Slachtmhara7. Saoire Thír Chonaill 8. Féile na Bealtaine8. Ceiliúradh na Cumarsáide9. Fuaim & Fís9. Cailín Gaelach 201310. Seirbhís Dócmhain- neachta an Bhéarla10. Deiseanna Oibre AE11. Tairiscint Ghníomhach G11. Tuarascáil an Choimisinéara12. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 8.3 17 Aibreán 2013

Chláraigh 200 grúpa as gach cearn d’Éirinn agus

10 dtír eile 850 imeacht ar chlár oifigiúil Sheachtain na Gaeilge 2013 agus féile na bliana seo ar siúl ó 4 – 17 Márta 2013. Bhí na céadta scoil pá i r teach arís i mbliana le himeachtaí á reáchtáil acu dá n d a l t a í féin, agus bhí an-tóir ar na comórtais náisiúnta. Bhí an-tóir freisin ar an bhfráma speisialta Gaeilgeoir na Seachtaine a chuir Seachtain na Gaeilge ar fáil dóibh i bpáirt le Bliain na Gaeilge 2013, agus sheol an oifig comórtas nua - Gradam na nÓgchlubanna - chun rannpháirtíocht ógchlubanna a spreagadh i mbliana leis. Ceann de bhuaicphointí na féile ná Seachtain na nÚdarás i dTithe an Oireachtais, i bhFoirgnimh na Parlaiminte in Stormont, agus sna

iliomad údarás áitiúil eile le linn na féile. Bhí ócáid stairiúil ann nuair a sheol an tAire Carál Ní Chuilín an fhéile den chéad uair in Stormont ar 4 Aibreán

2013, agus bhí seoladh ná i s i ún ta eile le h E v a n n e Ní Chuilinn agus Róisín Ní Thomáin - beirt de Ph e a r s a n

na Seachtaine 2013 - i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath freisin ar an dáta céanna. Ba é Paddy Barnes, dornálaí Oilimpeach as Béal Feirste, ambasadóir eile na féile. Tá aiseolas anois á lorg ó na grúpaí uile a ghlac páirt i bhféile na bliana, go háirithe i dtaca leis an suíomh úr na Seachtaine ar www.snag.ie agus leis an bhfeidhmchlár Android agus iPhone a sheol an oifig níos luaithe i mbliana. Teagmháil: [email protected]

Seachtain Spleodrach Eile!

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 B ealtaine 2013

Rí-Rá Le Hector 2013Tá scoth na n-amhrán

Gaeilge ó cheoltóirí Éireannacha clúiteacha le cloisteáil ar Rí-Rá Le Hector 2013! Áirítear leaganacha Gaeilge de chuid de na singlí nua-eisithe le Republic of Loose, The Coronas, Robb Murphy agus Walking On Cars ar an albam mar aon le ceol ó Keywest, This Club, Bitches With Wolves, Maud In Cahoots, The Shoos, Senakah, Aslan, The Spikes, The Pale, Traic Ó Braonáin agus Colm Ó Snodaigh. Is comhthogra

idir Conradh na Gaeilge, Seachtain na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, Bliain na Gaeilge 2013, Breakfast With Hector on RTÉ 2fm, Foinse agus an Irish Independent é albam na bliana seo. Mura éirigh leat cóip a fháil in aisce le Foinse Dé Céadaoin, 17 Aibreán 2013, ní gá duit ach ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

Gach eolas: www.rrr.ie & www.foinse.ie/ri-ra-le-hector/traiceanna

Bhí idir dhóchas agus dhúlagar sa chaint ar 120 Bliain Ag Fás Agus Cad Atá Os

Ár gComhair ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge 2013 ar an Iúr oíche Aoine, 05 Aibreán 2013, agus ba spreagúil an chaint ar Ghaeltacht Ó Meith Mara agus ar Choláiste Bhríde an mhaidin dar gcionn. Glacadh d’aon ghuth le rún éigeandála ag éileamh ar an Rialtas gan cur isteach ar pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí ó thaobh chúlra Gaeilge na dtuismitheoirí ná na ndaltaí de, sna sála ar dhearcadh an Aire Oideachais agus Scileanna a foilsíodh sna meáin chumarsáide i dtaobh pholasaí iontrála scoileanna le déanaí. Glacadh d’aon ghuth freisin leis na rúin ag éileamh go n-aithneofaí pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta mar gheallsealbhóirí i gcur i

bhfeidhm na Straitéise don Ghaeilge ó thuaidh ón tús, agus go gcuirfí struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na

húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge chun An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 ó dheas a chur i bhfeidhm go héifeachtach. Atoghadh Donnchadh Ó hAodha ina Uachtarán don tríú bliain as a chéile, agus

sheol Dominic Ó Brolcháin CTR Gaeláras Mhic Ardghail sna sála ar chluiche ceannais Fhéile Peile na nGael 2013 i gClub Seamróigí an Iúir Dé Sathairn. Comhghairdeas le Laochra Loch Lao, club lánGhaeilge Bhéal Feirste, a bhain idir chomórtas na bhfear agus chomórtas na mban! Buíochas ó chroí le gach duine a ghlac páirt in Ard-Fheis 2013 agus a chabhraigh lena heagrú.

Ard-Fheis na nGael

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilGaoth Dobhair

Bhí idir dhíospóireacht, cheol agus chaint eagraithe ag Cóiste Áitiúil Éigse Uladh

i gcomhar le Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair d’ócáid na bliana seo. Labhair Dónal Ó Cnáimhsí; Noel Ó Gallchóir; Marina Nic Giolla Bhríde; Antoin Delap; agus an tAthair Brian Ó Fearraigh ar an téama Áit an Óige i dTodhchaí na Gaeltachta ag oscailt Éigse Uladh 2013 in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i bPáirc Ghnó Ghaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall oíche Aoine, 8 Márta 2013. Reáchtáladh Fóram don Óige sa Chrannóg Dé Sathairn, áit ar labhair Aodhán Ó Gallchóir; Simon Mac Giolla Easpaig; Rónán Mac Aodha Bhuí; agus Áine Ní Bhreisleáin leis an slua.

Cluain Meala

Tá áthas ar Ógras a fhógairt go bhfuil dhá chlub ag an eagraíocht i gCluain

Meala, Co. Thiobraid Árann anois. D’oscail an dara club ar an mbaile le déanaí agus tagann Club Ógras do dhéagóirí le chéile i Halla an Choiste Ghairmoideachais ar an Meal ar an Máirt idir 7.30 - 8.30in, fad agus a thagann an Club Óg-Ógras do dhaltaí idir Rang 2 agus Rang 6 le chéile ag Gaelscoil Chluain Meala i mBaile Gaelach ar an dara Céadaoin dheireanach den mhí ó 7.15 - 8.30in. Tugann Clubanna Ógras agus Óg-Ógras deis iontach do dhaoine óga taitneamh a bhaint as imeachtaí éagsúla agus turais trí mheán na Gaeilge. Breis eolais: www.ogras.ie

Iúr Cinn Trá

Beidh Deireadh Seachtaine Náisiúnta den Rince Céilí arna eagrú ag Cairde

Rince Céilí na hÉireann ar siúl san Ionad Sprioradálta agus Comhdhála, Dromantine, An tIúr, Co. an Dúin. Beidh bus ag fágáil Bhaile Átha Cliath ar an Domhnach, 5

Bealtaine 2013, le freastal ar imeachtaí an Domhnaigh den deireadh seachtaine agus clúdóidh €45 an turas bus, lón, cainteanna, Aifreann dhátheangach agus an Fíor-Chéilí le Banna Céilí Mhuintir Uí Dhaithí. Beidh na himeachtaí go léir thart ar 5.00in (fillfidh an bus díreach go Baile Átha Cliath ansin).

Áirithintí: Eilís Ní Mhearraí, Rúnaí Náisiúnta +353 (0)87 2770873 www.ceilidancing.com

Cill Chaoi

Beidh siúlóid chuimhneacháin i gcuimhne ar an nGorta Mór ar siúl i gCill Chaoi, Co.

an Chláir Dé Sathairn, 11 Bealtaine 2013. Tosóidh sé ag an ardán ceolbhuine cois trá ag 9.45rn. Beidh an tsiúlóid 15.2 km / 9.44 míle san iomlán. Ag gabháil bóthar úd na scéime faoisimh, déanaimis machnamh ar ár muintir atá imithe romhainn a bhí ag obair ar an scéim seo agus scéimeanna nach iad, iad ocrach gan seans sa saol. Níl an tsiúlóid seo oiriúnach do pháistí. Solas na Soilse agus radharc na Tríonóide dóibh uile. Mar eolas, bíonn ciorcal comhrá i gCill Chaoi go minic freisin agus feartar fáilte roimh chách chuige seo chomh maith. Tuilleadh eolais: +353 (0)87 6305915

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 B ealtaine 2013

Tá obair mhór déanta ag pobal

Gaeilge na Fraince chun suíomh nua a sheoladh ar http://soiscealanlae.org. Bhí idir Fhrancaigh agus Éireannaigh ag obair i bPáras, i Strasbourg agus i Mont Sant Michel ar leagan Gaeilge den suíomh Francach cáiliúil L’Évangile au Quotidien le bliain anuas. Cuireann an suíomh ar http://levangileauquotidien.org seirbhís in aisce ar fáil ar-líne i bhFraincis, fad agus atá leagan Béarla ar fáil ó The Daily

Gospel ar http://dailygospel.org, áit a sheoltar ríomhphost le léachtaí ón mBíobla chuig breis agus 500,000 duine. Tá an tseirbhís ar fáil san iliomad teangacha eile freisin - Spáinnis

agus Gearmáinis san áireamh - agus anois tá an Ghaeilge ina measc! Aistriúchán ón mbuntéacs (An Sagart, Maigh Nuad 2000) atá i gceist leis an leagan Gaeilge den Bhíobla atá ar fáil ar an suíomh. Gach eolas: http://soiscealanlae.org

Ba é an stáisiún teilifíse Gaeilge a sheol an chéad Sheinnteoir riamh in

Éirinn sa bhliain 2002, agus tá TG4 ag treabhadh ghort na teicneolaíochta arís sa lá atá inniu ann! Tá feidhmchlár iPad nua seolta ag an stáisiún chun gur féidir lena lucht féachana teacht ar an Seinnteoir TG4 ar ghléasanna móibíleacha agus ar ríomhairí araon. Doras isteach ar ábhar chláir an stáisiúin atá san fheidhmchlár atá ar fáil ar www.TG4.tv agus ón App Store. Sheol TG4 leagan iPad dá Sheinnteoir clár i dtráth Sheachtain na Gaeilge an mhí seo caite agus cuireann an áis úr seo ar chumas úsáideoirí an fhearais sin iar-fhéachaint ar ábhar Gaeilge ar Sheinnteoir TG4 ó áit ar bith ar domhan, agus dar ndóigh beidh teacht ar an ábhar ar ghutháin chliste leis. Cláir

Ghaeilge ar fad atá ar an bhfeidhmchlár seo mar aon le fotheidil Bhéarla, agus tá teacht ann ar chláir ó réimsí éagsúla

de sceideal TG4: faisnéis, drámaíocht, siamsaíocht, ceol agus ealaíona, saol-chlár, daoine óga agus cúrsaí reatha. Cuireann an feidhmchlár go mór le seirbhís TG4 do lucht úsáide na Gaeilge agus é ina phointe teagmhála laethúil leis an teanga ar fud

na cruinne. Ní hamháin sin ach tá an feidhmchlár ar fáil iomlán in aisce ach TG4 a chuardach san App Store ar an iPad nó ar www.AppStore.com. Tá lucht féachana na Gaeilge ullamh faoi choinne réabhlóid an scáileáin thadhaill anois is cosúil! Breis eolais: +353 (0)91 [email protected]

Gaeilge na Cruinne

Teicneolaíocht na Teanga

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

18 n-aiste le hEoghan Ó hAnluain atá i gceist leis an cnuasach nua d’aistí liteartha Eoghan Ó hAnluain: Creidim

fós agus aistí eile, curtha in eagar ag Éilis Ní Anluain. Is é seo an chéad teideal atá foilsithe sa tsraith Saol agus Saothar, áit a dhéanfar ceiliúradh ar shaothar scríbhneora nó ar phearsa aitheanta agus a gcuid saothar. Léachtóir sinsearach sa Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile,

Baile Átha Cliath ba ea Eoghan Ó hAnluain (1938 - 2012) a raibh suim faoi leith aige sa nualitríocht agus san fhilíocht go háirithe. Eagarthóir Comhar a bhí ann ó 1966 - 1970 agus bhí dlúthbhaint aige ón tús le coiste Chumann Merriman agus é ina stiúrthóir ar 24 Scoil Gheimhridh Merriman. Sheol an Dr Caoimhín Mac Giolla Léith an saothar ag ócáid ag Scoil Gheimhridh Merriman 2013 i gCathair na Mart ar 2 Feabhra 2013, cothrom le bliain ó bhás Eoghain. Tuilleadh eolais: (0)1 6785443+353 (0)87 [email protected]

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Páistí agus Daoine Óga1. An Tornapa Mór Millteach

- An Gúm - €4.50 2. Cleasaí an Choinín

- Móinín - €7.50 3. An Sionnach Glic agus

an Chircín Rua - An Gúm - €4.50 4. Seachain do Bhrístín!

- An Gúm - €7.50 5. An Daid is cliste ar fad

- An Gúm - €7

Daoine Fásta1. The Islander - aistrithe ag Gary

Bannister - G&M - €24.992. Our Fada - Rossa Ó Snodaigh

& Mícheál Ó Domhnaill - Coiscéim - €10

3. Cuaifeach Mo Londubh Buí - Séamas Mac Annaidh - Coiscéim - €10

4. Dúil - Liam Ó Flatharta - CIC - €125. Gealach - Seán Mac Mathúna

- Leabhar Breac - €9

Eolas & orduithe: [email protected] +353 (0)1 4783814 / 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Eoghan Ó hAnluain Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 B ealtaine 2013

Comhdháil Chearta TeangaBeidh Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta

Teanga ar siúl in Óstán Hilton, Plás Charlemont, Baile Átha Cliath ó 23 – 25 Bealtaine 2013, arna eagrú ag Oifig an Choimisinéara Teanga, Fiontar DCU agus Ollscoil Caerdydd, An Bhreatain Bheag. Is iad príomhchuspóirí na comhdhála ná deis a chur ar fáil dea-chleachtas a roinnt, eolas a mhalartú agus plé a dhéanamh ar na ceachtanna atá foghlamtha i réimse na dteangacha. Tá súil go mbeidh gach

coimisinéir teanga ar domhan i láthair le labhairt ag an ócáid, le hionadaíocht ann ó Cheanada go dtí an Chosaiv, ón bpobal Ionúiteach sa réigiún Artach go dtí ár gcomharsana sa Bhreatain Bheag, ón

bhFionlainn go hAlbain. Tá 10 mbliana caite ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) agus tá an reachtaíocht sin á athbhreithniú faoi láthair. Áirithintí: [email protected]

Agus Bliain na Gaeilge á ceiliúradh i gcomhar le Tóstal Éireann 2013 i

mbliana, tháinig 18 déagóirí ó Ghaelsgoil Glaschù in Alban chun páirt a ghlacadh sna Cluichí Tailteann arna eagrú ag Ógras ó 22 - 24 Márta 2013, ag déanamh seó ardáin mar chuid den chomórtas tallainne agus ag imirt camánaíochta / iománaíochta. Chuir na cuairteoirí aithne ar 100 ball de chlubanna éagsúla Ógras ó cheann ceann na tíre, ach níorbh é seo an chéad mhalartú óige a rinne Gaelsgoil Ghlaschù leis an ógeagraíocht. Ghlac muintir na hAlban páirt i malartú leis An Chrann Óg i nGaoth Dobhair anuraidh, ach is le grúpa as Cill Dhéagláin, Co. na Mí a nasc na hAlbanaigh i mbliana. Ag labhairt faoin deireadh seachtaine, dúirt Ríonach Ní Scolaí, Oifigeach Forbartha Ógras:

“Deis iontach a bhí anseo do bhaill Ógras chun aithne a chuir ar Ghaeil óga Ghlaschú, chun spraoi a bheith acu ag labhairt Gaeilge agus Gàidhlig

lena chéile agus iad ag foghlaim faoi chluichí traidisiúnta agus faoi cheol na hAlban. Feiceann muid go mbaineann na daoine óga an-sult as an nasc agus go gcabhraíonn sé leo tuiscint a fháil ar an ghaol láidir atá idir an dá thír.” Chomh maith le déagóirí Chill

Dhéagláin, ghlac clubanna Ógras as Baile an Chaistil, Co. Aontroma; Dún Phádraig; Carn Tóchair; Nás na Ríogh; agus Gleann na Life páirt i gCluichí Tailteann 2013. Teagmháil: [email protected]+353 (0)87 6173093

Tóstal na nÓg

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Bailte SlachtmharaSheol an tAire Comhshaoil,

Pobail agus Rialtas Áitiúil, Phil Hogan TD, agus Martin Kelleher, Stiúrthóir Bainistíochta SuperValu, Comórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2013 go hoifigiúil le déanaí. Léiríonn an comórtas an tiomantas agus an díograis atá ag daoine fud fad na tíre dá bpobal áitiúil, agus tugann iarrachtaí daoine áitiúla sochair ollmhóra dá gcuid pobal. Tá SuperValu i mbun urraíochta ar chomórtas náisiúnta na mBailte Slachtmhara le 22 bhliain anuas i mbliana, agus chuir os

cionn 850 cathair, baile agus sráidbhaile isteach ar an gcomórtas anuraidh. Chomh maith leis an bpríomhchomórtas tá 10 gComórtas Speisialta a fhéadfar cur isteach orthu freisin. Moltar do ghrúpaí Bailte Slachtmhara leas a bhaint as an gréasán

Oibrithe Deonacha na hÉireann ar www.volunteer.ie. Spriocdháta iontrála: 23 Bealtaine 2013. Tuilleadh eolais & foirmeacha iarratais: www.tidytowns.iewww.supervalu.ie

Beidh turas báid ar na hoileáin bheaga timpeall ar Oileán Árainn Mhóir

ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge a bheidh ar siúl ar Oileán Árainn Mhóir, Co. Dhún na nGall ó 4 – 7 Iúil 2013. Cuirfear tús leis an Tionól le fáiltiú in Óstán an Ghleanna tráthnóna Déardaoin agus cuirfidh an ócáid seo tús le deireadh seachtaine imeachtaí a thabharfaidh deis do chuairteoirí eolas a chur ar an gceantar chomh maith le scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an saol. Déanfaidh Conradh na Gaeilge scrúdú ar an staid reatha den phleanáil teanga sa Ghaeltacht agus ar fheidhmiú Bhille na Gaeltachta 2012 ag Seimineár an Tionóil oíche Aoine, 5 Iúil 2013, áit ina mbeidh Anna Ní

Ghallchóir, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta, ina haoi-chainteoir. Tá pacáiste speisialta curtha le chéile

ag Conradh na Gaeilge a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin go dtí an Domhnach; béilí tráthnóna; turas ar na hoileáin Inis Doirn, Inis Cú agus An tÍochtar, agus Inis Chaorach; Seimineár an Tionóil; dráma le hAisteoirí an Lóchrainn ó Cheatharlach oíche Shathairn; na seisiúin ceoil agus na himeachtaí sóisialta ar fad, Tráth na

gCeist agus turas chuig an Teach Solais le siúlóid timpeall ar an gcuid thiar d’Oileán Árainn Mhóir tráthnóna Shathairn san áireamh. Tá an pacáiste seo ar fáil ar €240 agus is féidir clárú don Tionól ag www.cnag.ie.

Saoire Thír Chonaill

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 B ealtaine 2013

Féile na BealtaineMás mian leat tús

spleodrach a chur leis an samhradh ar an gcéad dheireadh seachtaine fada eile, tabhair aghaidh ar Chorca Dhuibhne i gCo. Chiarraí, áit a mbeidh Féile na Bealtaine 2013 ar siúl ó 2 - 6 Bealtaine 2013! Tá clár an-leathan curtha le chéile agus beidh imeachtaí ar siúl a fheilfidh do dhaoine fásta agus do pháistí araon. Beidh Duke Special, Damien Dempsey, ConTempo Quartet, agus Walking on

Cars i measc na gceoltóirí a bheidh ar an ardán mar aon le himeachtaí drámaíochta, litríochta, ealaíne, damhsa, polaitíochta agus eile. Taispeánfar scannán amuigh faoin aer ar 3 Bealtaine 2013 mar shampla, agus is le rothaíocht amháin a ghinfear an chumhacht chun

é a choinneáil ar siúl! €85 atá ar thicéad deireadh seachtaine. Tuilleadh eolais: www.feilenabealtaine.ie

Fógraíodh an gearrliosta do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2013 le

déanaí agus bronnfar na gradaim ar na buaiteoirí in Óstán Bhá na Gaillimhe oíche Aoine, 17 Bealtaine 2013. Beidh Aengus Mac Grianna, craoltóir nuachta RTÉ, ina Fhear an Tí arís don ócáid agus déanfar ceiliúradh ar an gcuid is fearr den éacht oibre a chuirtear i gcrích in earnáil na cumarsáide Gaeilge gach bliain ag an mbronnadh. Arsa Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais: “Cé go raibh ciorruithe móra sna meáin chumarsáide Gaeilge le bliain anuas níor maolaíodh beocht ná fuinneamh ná cruthaitheacht na hearnála. Chuir an dul chun cinn sa teicneolaíocht ar chumas na hearnála forbairt a dhéanamh agus bhain pobal na Gaeilge úsáid fíor-éifeachtach as na

deiseanna a bhí ar fáil dá bharr.” Is ar an gcúis sin go bhfuil rannóg nua ann do

Láithreán Gréasáin na Bliana i mbliana. Tá an craoltóir aitheanta Bláthnaid Ní Chofaigh i measc na n-ainmniúchán i mbliana, ach tá sí ainmnithe sa rannóg Aisteoir na Bliana dá ról mar Maeve Kelly-Clarke, an bhean teasaí sa

sobalchlár Crisis Eile ar TG4. Tá Orla Nic Cárthaigh ó Raidió Rí-Rá ainmnithe don ghradam Craoltóir Raidió na Bliana i dteannta láithreoirí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Raidió na Life, fad agus atá na hiriseoirí Máirtín Ó Catháin agus Conall Ó Móráin ón nuachtán Gaelscéal ainmnithe sa rannóg Colúnaí na Bliana taobh le Seán Tadhg Ó Gairbhí agus Pól Ó Muirí. Gach eolas: www.antoireachtas.ie

Ceiliúradh na Cumarsáide

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Fís & FuaimBunaíodh an Scéim um

Maoiniú Craolacháin (Sound & Vision II) le maoiniú a chur ar fáil chun tacaíocht a thabhairt do chláir ar ardchaighdeán mar gheall ar chultúr, ar oidhreacht agus ar thaithí na hÉireann, agus do chláir chun feabhas a chur ar litearthacht d’aosaigh. Rinne an tAcht Craolacháin, 2009 an scéim a leathnú le maoiniú a thairiscint do chláir a phléann téamaí a bhaineann le litearthacht sna meáin agus le cúrsaí domhanda.

Mhéadaigh an tAcht freisin leibhéal céatadáin an mhaoiniúcháin don Scéim tríd an táille ceadúnais teilifíse go dtí 7%. Baineann na spriocdhátaí seo a leanas leis na babhtaí maoiniúcháin d’iarratais teilifíse agus raidió: 6 Meitheamh

2013; agus 19 Meán Fómhair 2013. Tá treoir d’iarratasóirí agus foirm iarratais ar fáil ar-líne. Gach eolas: www.bai.ie/?lang=ga

Sna sála ar Sheachtain na Gaeilge lán le himeachtaí in íoslach Uimhir 6 an

mhí seo caite, bhí Club Chonradh na Gaeilge dubh le daoine arís déanaí nuair a chabhraigh Bláthnaid Ní Chofaigh Cailín Gaelach 2013 a roghnú do Na Gaeil Óga CLG, an t-aon chlub Chumann Lúthchleas Gael a fheidhmíonn trí Ghaeilge amháin sa phríomhchathair. Is láithreoir teilifíse agus aisteoir aitheanta as Ráth Cairn i nGaeltacht na Mí í Ní Chofaigh, agus ba mhór leis NGÓ go raibh an craoltóir clúiteach ina moltóir ag Comórtas an Chailín Ghaelaigh 2013 oíche Aoine, 12 Aibreán 2013. Bhí Marcas Ó Léanacháin, traenálaí Fhoireann na bhFear; Emma Nic Lochlainn, Cailín Gaelach Na Gaeil Óga 2012; agus Ciarán Ó Feinneadha, bainisteoir an chlub ar an bpainéal moltóireachta freisin.

Roghnaigh siad Ciara Ní Éanacháin, mac léinn Bleá Cliathach i gColáiste na Tríonóide, le bheith ina hionadaí don

chlub peile lánGhaeilge ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2013 ar an Rinn, Co. Phort Láirge an samhradh seo. Comhghairdeas ó chroí léi! Bhí ardchaighdeán tallainne agus plúr na mban ar an ardán ar an oíche, chomh maith le scoth an cheoil as Gaeilge ón mbanna Na Taoisigh agus amhránaíocht ar an sean-nós le hIrial Ó Ceallaigh. Bíonn dhá Fhoireann na bhFear, ar Fhoireann na mBan agus ar an bhFoireann Iománaíochta ag traenáil i bPáirc an

Fhionnuisce ar oícheanta éagsúla i rith na seachtaine agus fáiltíonn Na Gaeil Óga roimh imreoirí nua i gcónaí! Tuilleadh eolais: www.nagaeiloga.iewww.anclub.ie

Cailín Gaelach 2013

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

Is ábhar ollmhór díomá do Chonradh

na Gaeilge nach bhfuil seirbhís Ghaeilge curtha ar fáil go comhuaineach agus Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann seolta ag an Rialtas le déanaí. Níl teacht ar leagan Gaeilge den suíomh ar www.isi.gov.ie; níl aon de na treoirlínte nó aon chuid den cháipéisíocht ar fáil i nGaeilge; ná níl aon bhealach ann le teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís ach trí fhoirm

teagmhála atá i mBéarla amháin. Táimid ag impí ar dhaoine teagmháil a dhéanamh le Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann agus le hOifig an Choimisinéara Teanga láithreach chun

gearán a dhéanamh mar gheall ar an easpa Ghaeilge seo agus an cás ar son do chearta teanga a dhéanamh. Tuilleadh eolais: [email protected]://www.isi.gov.ie

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 B ealtaine 2013

Seirbhís Dócmhainneachta an Bhéarla

D’fhógair an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) comórtas chun

dlítheangeolaithe a earcú sa dara leath den bhliain le déanaí. Poist bhuana a bheidh i gceist leis na poist seo a bheidh ar fáil sa Chomhairle agus sa Pharlaimint. Is chuige seo go bhfuil seimineár á reáchtáil ag Craobh na gCeithre Cúirteanna sa Léachtlann thuas staighre in Óstaí an Rí, Sráid Henrietta, Baile Átha Cliath 1 tráthnóna Aoine, 26 Aibreán 2013, ó 4.00 - 6.00in. Seimineár ar na deiseanna oibre den scoth atá ar fáil do chéimithe le Gaeilge leis an Aontas Eorpach atá ann, faoi chathaoirleacht an Onóraigh Colm Mac Eochaidh, Breitheamh den Ardchúirt. In ainneoin poist den scoth a bheith ar fáil le hinstitiúidí an Aontais do chéimithe le Gaeilge líofa, ní chuireann

líon an-ard iarrthóirí isteach orthu le hais teangacha eile. Tá maolú sealadach ar stádas na Gaeilge mar theanga oifigiúil

den AE - mar a bhíodh i gcás na Máltaise - toisc deacrachtaí praiticiúla tosaigh maidir le hearcú d l í - t heangeo la i t he , aistritheoirí, ateangairí agus foireann tacaíochta. Tá an leibhéal fostaíochta sna haonaid Ghaeilge níos ísle ná mar atá sna

haonaid teanga eile cosúil le Máltais nó Eastóinis. Gan maolú, meastar go gcruthófaí suas le 200 folúntas, agus tá an maolú seo le breithniú i mí na Nollag 2015. Is deis é an seimineár seo na geallshealbhóirí éagsúla a thabhairt le chéile chun na deiseanna fostaíochta seo le hinstitiúidí an AE a phoibliú agus a phlé. Gach eolas: [email protected]

Deiseanna Oibre AE

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Tairiscint Ghníomhach GBa í an láithreoir

teilifíse agus iar-mhac léinn Evanne Ní Chuilín a sheol dara scéim teanga Ollscoil Éireann, Gaillimh i measc fhoireann agus mhic léinn an choláiste le déanaí. Thug Ní Chuilinn ardmholadh don Ollscoil as cur chun cinn leanúnach na Gaeilge ar champas agus í ag seoladh na scéime nua mar aon le feachtas poiblíochta na siombaile G. Is tairiscint ghníomhach í an siombail nua shainiúil seo atá deartha go

speisialta ag an Ollscoil ionas go mbeidh a fhios ag pobal na hOllscoile go bhfuil seirbhísí trí Ghaeilge ar fáil faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Nuair a fheictear an tsiombail G, beidh a fhios ag an bpobal ar an bpointe

boise cá bhfuil fáil ar sheirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fud an champais. Tuilleadh eolais: www.oegaillimh.iewww.coimisineir.ie

Tugann tuarascáil bhliantúil an Choimisinéara Teanga léargas

cuimsitheach ar chuid mhór de na fadhbanna le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus teipeanna eile an Stáit maidir lena chuid freagrachtaí le seirbhísí Gaeilge agus tacaíochtaí bunreachtúla a sholáthar do phobal na Gaeilge. Tá sé scannalach, mar shampla, go bhfuil 75% de na scéimeanna teanga Gaeilge a dearbhaíodh ag comhlachtaí poiblí ó thús an Achta imithe in éag gan athnuachan; níor aontaíodh ach 9 scéim teanga leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta anuraidh. Tá easpa shuntasach d’fhostaithe sa státseirbhís le Gaeilge líofa ar cheann de phríomhthorthaí a d’eascair ó mheasúnú an Choimisinéara ar na fadhbanna a bhaineann le cur i bhfeidhm

na scéimeanna freisin. Ina measc siúd, is léir ón tuarascáil go bhfuil tuairim choitianta i measc na nGardaí gur cheart

plé leis an nGaeilge amhlaidh teanga eachtrach, ach aithníonn Conradh na Gaeilge sásamh an Choimisinéara Teanga le dearcadh dearfach bhainistíocht shinsearach agus Choimisinéir an Gharda Síochána i leith na moltaí a rinne An Coimisinéir Teanga leo le déanaí. D’eascair na moltaí seo ón gcás uafásach, do-ghlactha inar gabhadh ball den Chonradh toisc gur lorg sé seirbhís trí Ghaeilge ó na Gardaí. Ní hí seo an chéad uair ná an t-aon uair go raibh

drochthoradh agus taithí dhiúltach ag baill an Chonartha as Gaeilge a roghnú le húsáid leis na Gardaí, agus táimid ag súil go gcuirfidh An Garda Síochána moltaí an Choimisinéara Teanga i bhfeidhm ina n-iomláine.

Tuarascáil an Choimisinéara 2013

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2013

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 B ealtaine 2013

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Ceiliúradh Cainte:

• An raibh Ceiliúradh Cainte ar siúl sa scoil / sa chlub spóirt áitiúil i do cheantar?

• Ar ghlac tú páirt sa Cheiliúradh Cainte náisiúnta ar 17 Aibreán 2013?

• Ar thiomsaigh tú airgead don charthanacht Headstrong?

• An bhfaca tú an haischlib #caint in úsáid ar Twitter?• Cá háit / Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge den chuid is mó?• An mbíonn drogall ort Gaeilge a labhairt le daoine nach bhfuil aithne agat orthu?• An bhfuil sé níos éasca teanga a chleachtadh le strainséirí nó le cairde?• An bhfuil cur amach ar an obair a dhéanann Headstrong?• Cad é an rud is fearr ar an suíomh www.headstrong.ie dar leatsa?• An dóigh leat go bhfuil a dhóthain á dhéanamh ag an Rialtas ar son sláinte intinne

óige na hÉireann?• Ar imir tú cluiche Scrabble / Comhaireamh Síos trí Ghaeilge riamh?• Cad iad na frásaí Gaeilge is mó a úsáideann daoine gach lá de ghnáth?• Cad a dhéanann tú má tá tú faoi bhrón / faoi ghruaim / in ísle brí?• Cad / Cé a chuireann dea-aoibh ort?• Cé a spreagann tú sa saol?

Sláinte intinne: brú / strus, frustrachas, fadhbanna oibre, buairimh airgeadais, buairt, breoiteacht / tinneas, dúlagar gruaime / duibhe, cian, gruaim, dólás, duairceas, dúlagar iarbhreithe, maoithneachas / lionn dubh, faoi smúit, in ísle brí, tuirse / scís, uamhan / eagla / faitíos, dea-aoibh, aoibhneas, dea-spin, aiteas, dea-ghiúmar, sonas, sólás, sásamh / sástacht, áthas