nuachtlitir nollaig 2006.qxp

2
Iml. 2 Eagrán 2 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 12 Nollaig 2006 SAN SAN EAGRÁN SEO: EAGRÁN SEO: 1. COTHROM NA FÉINNE DON GHAEILGE 2. ACHT 3. SPRAOI AG FÉILE NA MÍ 4. CRAOBH PHÁDRAIG MHIC PHIARAIS 5. CROSFHOCAL MHÍ NA NOLLAG 6. SEACHTAIN NA GAEILGE 7. CÁ BHFUIL ÁR SEIRBHÍS GHAEILGE 8. TIMPEALL NA TÍRE Léirsigh Conradh na Gaeilge taobh amuigh den Dáil, de Oifig Dháilcheantair an Aire Iompair, Martin Cullen i bPort Láirge, agus de Oifig Dháilcheantair an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív i nGaillimh, Dé Máirt, 28 Samhain 2006, le samhlacha ollmhóra de chomharthaí bóthair. Éilíonn Conradh na Gaeilge ar na hAirí seo agus ar an Rialtas trí chéile dearadh na síneacha tráchta a leasú chun go mbei- dh an téacs Gaeilge chomh feiceálach agus chomh hinléite leis an téacs Béarla orthu. Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: "Cuireann síneacha tráchta féiníomhá tíre in iúl agus bíonn tionchar acu ar dhearcadh an phobail i leith na teanga. Cuireann comharthaíocht a bhfuil an Ghaeilge in ait na leathphingne orthu, nó nach bhfuil aon Gaeilge in aon chor orthu, in iúl nach mbaineann an Ghaeilge leis an saol reatha agus ní mór é seo a athrú agus teacht le nósmhaireacht tíortha dátheangacha eile. "Cuimhnítear gurb iad na leaganacha Gaeilge dár logainmneacha na bunlea- ganacha soiléire sothuigthe ceart a bhfuil nádúr, stair agus seanchas ag baint leo agus nach bhfuil sna leaganacha truail- lithe Béarla a bhfuil tosaíocht anois acu ar chomharthaí bóithre na tíre ach gibiris." Seo chuid de fheachtas Chonradh na Gaeilge go neartófaí na dréacht-rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a foil- síodh le déanaí agus a rialaíonn dáthean- gachas maidir le comharthaíocht, stáisiúi- neoireacht, fógráin agus fógraírtí ó bhéal de chuid na gcomhlachtaí poiblí. Ní bhaineann na dréacht-rialacháin seo le síneacha tráchta beag ná mór, le fógraíocht, le lógónna, ná le gnó lasmuigh den Stát, agus ní bheidh siad i bhfeidhm go hiomlán go dtí 2026. Cothrom na Féinne don Ghaeilge Cothrom na Féinne don Ghaeilge Baill agus Cairde an Chonartha i bPort Láirge Bunaíodh brúghrúpa darb ainm ACHT ar an 2ú Nollaig 2006 le feachtas an-ghairid a reáchtáil dírithe ar éileamh phobal na Gaeilge maidir leis an Acht Gaeilge a gheall Rialtas na Breataine ag Cill Rímhinn. Tá an brúghrúpa comhdhéanta cheana féin d'ionadaithe ó eagraíochtaí uile-oileánda mar atá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar, na Gaeil Óga, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus d'ionadaithe ó ghrúpaí Tuaisceartacha mar atá Forbairt Feirste, Cultúrlann MacAdam/Ó Fiaich, an Gaeláras, Iontaobhas na Gaelscolaíochta, Taca, agus an Droichead. Tá an brúghrúpa oscailte do chách agus beidh grúpaí eile ag glacadh páirte sa bhrúghrúpa go luath. ACHT ACHT Beidh obair an fheachtais faoi stiúir ag an choiste agus idir lámha go deonach ag grúpaí agus aonaráin fud fad na tíre ar suim leo Acht na Gaeilge a fheiceáil i bhfeidhm roimh athb- hunú an Tionóil ó thuaidh. Molaimid agus tacaíonn muid leis an obair uilig ata déanta ag POBAL maidir leis an ACHT go dtí seo. Beimid ag obair as lámha a chéile leis an Acht a bhaint amach. Maoinithe ag: 1. Vót Vót aíocht Nua ar Shuíomh aíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Idirlín an Chonartha Ar cheart go mbeadh comharthaí bóthair i nGaeilge amháin i gceantair Ghaeltachta • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gab- háil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag [email protected] Trasna 1 gáir mhaíte (3) 3 beagán; giota beag (3) 5 cur leis an bhfírinne; áiféis (7) 7 measartha; réasúnta (11) 8 bean a bhfuil a fear céile marbh (10) 12 giota; píosa beag (6) 14 amhras; dabht (3) 15 moncaí mór gan eireaball (3) 16 timpeall na háite; ar gach taobh (8) 17 dream; lucht; daoine (3) Síos 1 iarratas; fabhar (5) 2 bean (2) 3 leiceann (4) 4 gaiste; dol; súil ribe (3) 6 cinneadh cúise i gcúirt dlí (11) 9 bothán adhmaid (5) 10 seal ama; tréimhse (3) 11 fráma a úsáidtear chun comhaireamh a dhéanamh (6) 12 duine mallintinneach (5) 13 aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5) Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Seán de Paor, Baile Átha Cliath. Más spéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit an crosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a chur chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2. Seacht Seacht ain na Gaeilge ain na Gaeilge Crosfhocal Mhí na Nollag Crosfhocal Mhí na Nollag A chara, Táim ag scríobh chugat ó oifig Sheachtain na Gaeilge chun tú a chur ar an eolas maidir leis an bhféile i 2007. Dar ndóigh, táimid ag súil go mór le do chomhoibriú arís i mbliana agus ba bhreá linn aon chabhair is féidir a thabhairt duit agus tú ag reáchtáil imeachtaí. Má tá moltaí nó tuairimí ar bith agat faoin tSeachtain, cuir ar aghaidh chugainn iad chomh luath agus is féidir. Dátaí Tábhachtacha SnaG 2007 : • 3ú - 17ú Márta - I mbliana tá coicís iomlán i gceist don fhéile ón Spriocdhátaí : • 22-12-06 - Dáta deiridh le foirmeacha imeachtaí a bheith istigh, nó imeachtaí a bheith cláraithe ar an Suíomh • 19-01-07 - Dáta deiridh le hathraithe a dhéanamh don chlár • 26-01-07 - Dáta deiridh d'ordaithe ar ábhair thacaíochta • 29-03-07 - Dáta deiridh le haghaidh iarratais na gcomórtas Cláraigh ó mhí na Nollag ar aghaidh ar an Suíomh www.snag.ie Déan cinnte go gcláraíonn tú luath go leor ionas go mbeimid in ann poiblíocht a dhéanamh ar do chuid ócáidí san fhorlíonadh 'Sult' a bheidh san Irish Daily Star. Ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceisteanna ar bith agat. Beir bua agus beannacht, Orla Nic Shuibhne Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge. Ríomhphost: [email protected] FÓGRA TÁBHACHTACH Ní mór do gach craobh den Chonradh clárú leis an Ard-Oifig roimh 31 Deireadh Fómhair le vóta a chaitheamh ag an Ard-Fheis agus chun go bhféadfadh leis an gcraobh rúin a chur isteach ag an Ard-Fheis. Le haghaidh foirm chláraithe déan teagmháil le foireann na hArd-Oifige a luaithe agus is féidir . 4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 09-Mar-2016

279 views

Category:

Documents


8 download

DESCRIPTION

Ar cheart go mbeadh Déan cinnte go gcláraíonn tú luath go leor ionas go mbeimid in ann poiblíocht a dhéanamh ar do chuid ócáidí san fhorlíonadh 'Sult' a bheidh san Irish Daily Star. Ná bíodh leisce ar bith ort teagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceisteanna ar bith agat. 8. TIMPEALL NA TÍRE FÓGRA TÁBHACHTACH 2. ACHT comharthaí bóthair i Iml. 2 Eagrán 2 chur isteach ag an Ard-Fheis. Le haghaidh le vóta a chaitheamh ag an Ard-Fheis agus Idirlín an Chonartha ag Ghaeltachta

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir Nollaig 2006.qxp

Iml. 2 Eagrán 2 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 12 Nollaig 2006

SANSAN EAGRÁN SEO:EAGRÁN SEO:

1. COTHROM NAFÉINNE DONGHAEILGE

2. ACHT

3. SPRAOI AG FÉILENA MÍ

4. CRAOBH PHÁDRAIGMHIC PHIARAIS

5. CROSFHOCAL MHÍNA NOLLAG

6. SEACHTAIN NAGAEILGE

7. CÁ BHFUIL ÁRSEIRBHÍS GHAEILGE

8. TIMPEALL NA TÍRE

Léirsigh Conradh na Gaeilge taobhamuigh den Dáil, de Oifig Dháilcheantairan Aire Iompair, Martin Cullen i bPortLáirge, agus de Oifig Dháilcheantair anAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agusGaeltachta, Éamon Ó Cuív i nGaillimh, DéMáirt, 28 Samhain 2006, le samhlachaollmhóra de chomharthaí bóthair. Éilíonn Conradh na Gaeilge ar na hAiríseo agus ar an Rialtas trí chéile dearadhna síneacha tráchta a leasú chun go mbei-dh an téacs Gaeilge chomh feiceálachagus chomh hinléite leis an téacs Béarlaorthu.Dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, UachtaránChonradh na Gaeilge: "Cuireann síneachatráchta féiníomhá tíre in iúl agus bíonntionchar acu ar dhearcadh an phobail ileith na teanga. Cuireann comharthaíochta bhfuil an Ghaeilge in ait na leathphingneorthu, nó nach bhfuil aon Gaeilge in aonchor orthu, in iúl nach mbaineann anGhaeilge leis an saol reatha agus ní mór éseo a athrú agus teacht le nósmhaireachttíortha dátheangacha eile."Cuimhnítear gurb iad na leaganachaGaeilge dár logainmneacha na bunlea-ganacha soiléire sothuigthe ceart a bhfuilnádúr, stair agus seanchas ag baint leo

agus nach bhfuil sna leaganacha truail-lithe Béarla a bhfuil tosaíocht anois acu archomharthaí bóithre na tíre ach gibiris."Seo chuid de fheachtas Chonradh naGaeilge go neartófaí na dréacht-rialacháinfaoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a foil-síodh le déanaí agus a rialaíonn dáthean-gachas maidir le comharthaíocht, stáisiúi-neoireacht, fógráin agus fógraírtí ó bhéalde chuid na gcomhlachtaí poiblí. Níbhaineann na dréacht-rialacháin seo lesíneacha tráchta beag ná mór, lefógraíocht, le lógónna, ná le gnó lasmuighden Stát, agus ní bheidh siad i bhfeidhmgo hiomlán go dtí 2026.

Cothrom na Féinne don GhaeilgeCothrom na Féinne don Ghaeilge

Baill agus Cairde an Chonartha i bPort Láirge

Bunaíodh brúghrúpa darb ainm ACHT ar an2ú Nollaig 2006 le feachtas an-ghairid areáchtáil dírithe ar éileamh phobal naGaeilge maidir leis an Acht Gaeilge a gheallRialtas na Breataine ag Cill Rímhinn.Tá an brúghrúpa comhdhéanta cheana féind'ionadaithe ó eagraíochtaí uile-oileándamar atá Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge,Conradh na Gaeilge, Glór na nGael,Comhluadar, na Gaeil Óga, Aontas na MacLéinn in Éirinn agus d'ionadaithe ó ghrúpaíTuaisceartacha mar atá Forbairt Feirste,Cultúrlann MacAdam/Ó Fiaich, anGaeláras, Iontaobhas na Gaelscolaíochta,Taca, agus an Droichead. Tá an brúghrúpaoscailte do chách agus beidh grúpaí eile agglacadh páirte sa bhrúghrúpa go luath.

ACHTACHT

Beidh obair an fheachtais faoi stiúir ag anchoiste agus idir lámha go deonach ag grúpaíagus aonaráin fud fad na tíre ar suim leo Achtna Gaeilge a fheiceáil i bhfeidhm roimh athb-hunú an Tionóil ó thuaidh. Molaimid agustacaíonn muid leis an obair uilig ata déanta agPOBAL maidir leis an ACHT go dtí seo. Beimidag obair as lámha a chéile leis an Acht a bhaintamach.

Maoinithe ag: 1.

VótVótaíocht Nua ar Shuíomhaíocht Nua ar ShuíomhIdirlín an ChonarthaIdirlín an Chonartha

Ar cheart go mbeadhcomharthaí bóthair inGaeilge amháin i gceantairGhaeltachta

• Ba cheart• Níor cheart

Má tá tuairim agat maidir leisan gceist seo thuas is féidirvóta a chaitheamh ach gab-háil isteach ar ShuíomhIdirlín an Chonartha [email protected]

Trasna1 gáir mhaíte (3)3 beagán; giota beag (3)5 cur leis an bhfírinne; áiféis (7)7 measartha; réasúnta (11)8 bean a bhfuil a fear céile marbh (10)12 giota; píosa beag (6)14 amhras; dabht (3)15 moncaí mór gan eireaball (3)16 timpeall na háite; ar gach taobh (8)17 dream; lucht; daoine (3)Síos1 iarratas; fabhar (5)2 bean (2)3 leiceann (4)4 gaiste; dol; súil ribe (3)6 cinneadh cúise i gcúirt dlí (11)9 bothán adhmaid (5)10 seal ama; tréimhse (3)11 fráma a úsáidtear chun comhaireamh a

dhéanamh (6)12 duine mallintinneach (5)13 aon rud a dhíoltar nó a cheannaítear (5)

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoirmhí na Samhna: Seán de Paor, Baile Átha Cliath. Másspéis leat cur isteach ar an duais seo ní mór duit ancrosfhocal (agus é líonta amach i gceart agat) a churchuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile ÁthaCliath 2.

SeachtSeachtain na Gaeilgeain na Gaeilge

Crosfhocal Mhí na NollagCrosfhocal Mhí na Nollag

A chara,Táim ag scríobh chugat ó oifig Sheachtain naGaeilge chun tú a chur ar an eolas maidir leis anbhféile i 2007. Dar ndóigh, táimid ag súil go mór ledo chomhoibriú arís i mbliana agus ba bhreá linnaon chabhair is féidir a thabhairt duit agus tú agreáchtáil imeachtaí. Má tá moltaí nó tuairimí arbith agat faoin tSeachtain, cuir ar aghaidhchugainn iad chomh luath agus is féidir.

Dátaí Tábhachtacha SnaG 2007:• 3ú - 17ú Márta - I mbliana tá coicís iomlán igceist don fhéile ón

Spriocdhátaí:• 22-12-06 - Dáta deiridh le foirmeacha imeachtaía bheith istigh, nó imeachtaí a bheith cláraithe aran Suíomh• 19-01-07 - Dáta deiridh le hathraithe adhéanamh don chlár • 26-01-07 - Dáta deiridh d'ordaithe ar ábhairthacaíochta • 29-03-07 - Dáta deiridh le haghaidh iarratais nagcomórtas

Cláraigh ó mhí na Nollag ar aghaidh ar an Suíomhwww.snag.ie

Déan cinnte go gcláraíonn tú luath go leor ionasgo mbeimid in ann poiblíocht a dhéanamh ar dochuid ócáidí san fhorlíonadh 'Sult' a bheidh sanIrish Daily Star. Ná bíodh leisce ar bith ortteagmháil a dhéanamh linn má bhíonn ceisteannaar bith agat.

Beir bua agus beannacht,Orla Nic ShuibhneBainisteoir Sheachtain na Gaeilge.Ríomhphost: [email protected]

FÓGRA TÁBHACHTACHNí mór do gach craobh den Chonradh clárúleis an Ard-Oifig roimh 31 Deireadh Fómhairle vóta a chaitheamh ag an Ard-Fheis aguschun go bhféadfadh leis an gcraobh rúin achur isteach ag an Ard-Fheis. Le haghaidhfoirm chláraithe déan teagmháil le foireann nahArd-Oifige a luaithe agus is féidir.

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Page 2: Nuachtlitir Nollaig 2006.qxp

TTimpeall na Tíreimpeall na TíreCéilí na Nollag do Ghaeil i mBeannchar, Co. na Dúin

Beidh céilí na Nollag ag Craobh Bheannchair denChonradh i Halla Scoile Naomh Chomhaill, BótharBrunswick, Beannchar, Déardaoin 14ú Nollaig idir 8.00-10.00. Cuirfear fáil te is fiche roimh chách, teaghlaighach go háirithe. Is é €2.00 an cead an táille a ghearrfarag an doras agus cuirfear sóláistí ar fáil chomh maith leballduaiseanna.

Club Leabhar Chonradh na Gaeilge

Buailfidh club leabhar Chonradh na Gaeilge i gcathair naGaillimhe le chéile arís Déardaoin 14 Nollaig i gClubÁrus na nGael, Sráid Doiminic ag 8.30i.n. chun Buaic leDermot Somers a phlé. Tuilleadh eolais ó:[email protected]

Oíche Shóisialta 'Gaeilge Locha Riach’

D'éirigh go hiontach leis an oíche mhór a d'eagraighGaeilge Locha Riach i dTigh Connolly's le déanaí. Ghlacgo leor páirt in imeachtaí na hoíche agus deis ag GaeilOirthear na Gaillimhe sult a bhaint as spraoi issiamsaíocht na hócáide.Rinneadh ceiliúradh ar an mhéid a bhí curtha i gcrích agfoghlaimeoirí ó Bhaile Átha an Rí, Ghort Inse Guaire,Bhéal Átha na Slua, Port Omna agus ó Bhaile LochaRiach agus bronnadh teastais orthu siúd a d'fhreastail arna cúrsaí do dhaoine fásta. Eagraíodh Tráth na gCeist agus chuaigh an t-airgeadiontála ar fad chun sochair d'áiseanna a fhorbairt saNaíonra áitiúil.Bhí 40 spotduais urraithe ag comhlachtaí, gnónna is grú-paí áitiúla agus go leor daoine ag dul abhaile le rud éiginina ngleic acu.Bronnadh duaiseanna ar thrí fhoireann agus duaisspeisialta le póstaer ildaite de churaidh na Cúige'Iománaithe Locha Riach' deartha ag 'Lá' ar dhream acu

siúd. Bhí neart éilimh ar na póstaeir chéanna gurcuireadh luach iontach leis an duais seo go háirithe. Baiad an fhoireann 'M&M's' a tháinig sa chéad áit áfach.Chuir seisiún ceoil is amhránaíochta clabhsúr lehimeachtaí na hoíche. Frank Healy an aoi speisialta abhí ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann don ócáid. Is cosúilgur thaitin an oíche le gach duine agus tharla go raibhroinnt daoine ag dul abhaile mall go leor.

Sraith Nua Cúrsaí Gaeilge san Ard-Oifig

Beidh sraith nua cúrsaí Gaeilge ag tosú in Ard-Oifig anChonartha ar 16, 17 agus 18 Eanáir agus beidh cúigleibhéal éagsúla ann: Tosaitheoirí, Bunrang, Meánrang,Ardrang agus Rang Cruinnis atá oiriúnach dóibh siúd atáag obair in earnáil na Gaeilge nó dóibh siúd a labhraíonnGaeilge gach lá. Is ranganna dhá uair an chloig na ran-ganna seo a mhairfidh deich seachtain. €180 an táille abheidh ar na ranganna agus cuirfear na cúrsaí in oiriúintdo shiollabais Theastas Eorpach na Gaeilge.

Acht Gaeilge ó Thuaidh

Más mian leat tacú le hiarrachtaí an ghrúpa nuabhu-naithe Acht agus, dar ndóigh, iarrachtaí POBAL AchtGaeilge a bhaint amach don Tuaisceart is féidir achainíar-líne POBAL a shíniú ag an seoladh idirlín seo aleanas; http://www.petitiononline.com/acht/

Aighneachtaí á lorg ag Gailearaí Náisiúnta na hÉire-ann de réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Tá aighneachtaí maidir le hullmhú dréachtscéime á lorgag Gailearaí Naisiúnta ó aon pháirtí leasmhar. Bachóiraighneachtaí a sheoladh isteach go leictreonach [email protected][email protected] nó tríd an bpostchuig an Oifigeach Seirbhísí Cuairteora, GailearaíNaisiúnta na hÉireann, Átha Cliath 2.

Le bhur dtoil seolaigí ríomhphost chuig Vodafone, Meteor,O2, 3 ag lorg seirbhíse Gaeilge ar bhur bhfóin phóca agusleagan Gaeilge de Shuíomh Idirlín an chomhlachta. Pointí úsáideacha:

• Is custaiméir dílis thú féin, agus do chairde, • Tá sé de cheart agat seirbhís Ghaeilge a bheith agat, • Muna ndéanfar soláthar ar do riachtanais athróidh túféin agus do chairde chuig comhlachta eile, • Léireoidh polasaí teanga dea-mhéin an chomhlachtadá gcustaiméirí in Éirinn, agus d'Éireannaigh thar lear. • Tá 33,000 míle duine óg ag fáil a gcuid oideachais tríGhaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, agus deir níos mó

ná 1.57m duine go bhfuil Gaeilge acu de réir na daonáirimh.

Sonraí Teagmhála:Vodafone: [email protected] Meteor: [email protected]: [email protected]: http://www.three.ie/ihygiene/customerFeedback.aspx

Seán Ó hAdhmaill,Cathaoirleach, Na Gaeil Óga

Cá bhfuil ár Seirbhís Ghaeilge?Cá bhfuil ár Seirbhís Ghaeilge?

2. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.

Bhí an saol is a mháthair i láthair ag Féile na Mí i Ráth Cairnidir 17-19 Samhain. I measc na n-imeachtaí éagsúla a bhíar siúl thar an deireadh seachtaine bhí comórtais amhrá-naíochtaí ar an sean-nós agus oíche cheoil in ómós doBhrian Ó Broin oíche Dé hAoine, ceardlann lúibíní agusagallamh beirte, comórtais damhsa agus amhránaíochta aran sean-nós chomh maith le seoltaí leabhair agus dlúthd-hiosca ar an Satharn agus ar an Domhnach bhí seisúnálainn ceoil in Áras an Phobail. Bhain gach duine a bhí ilathair an-sult agus taitneamh as an deireadh seachtaine.Ba é Coiste Dúiche na Mí de Chonradh na Gaeilge a bhu-naigh an Fhéile sa bhliain 1974 agus eagraíodh an fhéilegach bliain ó shin i leith. Bronntar Gradam Uí Ghramhnaighgach bliain mar chuid de Fhéile na Mí ar dhuine éigin atá agsaothrú go dian do phobal na Gaeilge sa chontae. I mblianabronnadh an gradam ar Joe Ó Méalóid. Ciara Ní Mhaoinile agus cairde ag Feile na Mí

Tá an-obair go deo ar bun ag Craobh PhádraigMhic Phiarais, Glaschú, i láthair na huaire. Bíonnranganna Gaeilge ar siúl acu, do gach grád, saGovanhill Neighbourhood Centre, Daisy Street,Glaschú agus tá ag éirí go hiontach leis na ran-ganna sin.I rith na bliana, bíonn an chraobh ag céiliúradh LáFhéile Bríde le céilí agus le déanamh crosógBhríde. Lá Fhéile Pádraig, tugtar cuireadh doshagart as an Ghaeltacht theacht agus aifreannas Gaeilge a léamh dóibh. Bíonn ceoltóirí anChomhaltais 'The Irish Minstrels' ag seinm ag anAifreann freisin.Chomh maith leis sin, tugann siad tacaíocht dona heagraíochtaí Éireannacha eile sa chathair;Feis Ghlaschú, Cumann Lúthchleas Gael agusComhaltas Ceoltóirí Éireann. Ba mhaith leo nasci bhfad níos láidre a bheith acu le gasraícultúrtha Éireannacha eile agus, ar ndóigh, leGaeil na hAlban.Le linn na bliana cuireadh tús le ceardlannaGaeilge i Daisy Street. Tháinig foireann iontachmúinteoirí as Éirinn: Éamonn Ó Dónail l , ansaineolaí i modhanna teagaisc teangacha, CóilínÓ Floinn agus Éabha Ní Mhonacháin. TháinigNoeleen Ní Cholla isteach san fhoireann chomhmaith. Bhí Éamonn i mbun an ardranga, Cóilínleis an mheánrang agus Éabha leis an bhunrang.Bhí ranganna breise ag Noeleen sa 'Bhealachisteach sa Ghaei lge' agus ceardlann

amhránaíochta. Bhí scaifte maith i láthair níhamháin daoine as na ranganna ach tosaitheoiríagus daoine ón phobal Gáidhlige. Mhair naceardlanna óna deich go dtí a ceathair, agusbhain achan duine sult astu. Tá súil acu go mbei-dh na ceardlanna seo ag tarlú níos minicí as seoamach. Is cinnte go dtabharfaí iarrachtaí móra na Craoibheseo spreagadh agus muinín do chraobhacha eile inÉirinn agus, dar ndóigh, timpeall an domhain.

Beannachtaí na Nollag is na hAthbhlianaGuíonn Uachtarán Chonradh na Gaeilge, DáithíMac Cárthaigh, agus foireann na hArd-OifigeNollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise dobhaill agus do chairde uile an Chonartha.

Craobh Phádraig Mhic PhiaraisCraobh Phádraig Mhic Phiarais

Cairde Chonradh na Gaeilge i nGlaschú

SSpraoi ag Féile na Mípraoi ag Féile na Mí