nuachtlitir | conradh na gaeilge | aibreán 2014

12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. An Lá Dearg 2. Rath Rith 2014 2. Toscaireacht i nDoire 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Scríbhneoireacht Le Scriosadh? 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gaeilge sa Gharda Síochána 7. Liam ina Shíoladóir 7. Gradaim Go Leor 8. Ógras Lúraigh 8. Snámh Phádraig 9. Scéim Óige 9. Slán Le Seán 10. Uachtarán Úr ón Ard-Fheis 10. Reachtaíocht Thuaidh Theas 11. Aighneachtaí 11. An Ghaelbhratach 12. Is Leor Beirt 12. Buaiteoir an Chomortáis Eagrán 9.2. 16 Aibreán 2014 T háinig 10,000 duine amach ar shráideanna Bhéal Feirste chun Cearta, Cothromas agus Cóir a éileamh do phobal labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae ag An Lá Dearg ar 12 Aibreán 2014. Thosaigh an mórshiúl i gCultúrlann McAdam - Ó Fiach ar Bhóthar na bhFál agus thug na sluaite aghaidh ar Chearnóg Theach an Chustaim i lár na cathrach. Ba hiad na príomhéilimh a bhí ag lucht eagraithe an mhórshiúil ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann ná Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe; córas Gaeloideachais cuimsitheach; agus na hacmhainní cuí d’fhorbairt phobal na Gaeilge ó thuaidh. Cháin tuairisc Chomhairle na hEorpa an Feidhmeannas roinnte cumhachta as cosc a chur ar fhás agus ar chur chun na teanga ó thuaidh le déanaí. Ag labhairt thar cheann an Grúpa Oibre Feachtasaíochta, dúirt Caoimhe Chathail : “Chinn gníomhairí teanga sna Chontae gur chóir dúinn tógáil ar an tonn fuinnimh a d’fhás ó Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ón ócáid Slán Le Seán i gConamara. Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh Dearg Le Fearg sna cúinsí reatha ina bhfuil acmhainní teoranta s’againn curtha i mbaol ag ciorraithe stáit agus cearta teanga a séanadh orainn ar bhonn córasach.” Tháinig 15 bhus ó cheithre airde na hÉireann ag tacú leis An Lá Dearg, léiriú ar an bhfrustrachas atá ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge fud fad na tíre, ach léiriú ar an gcomhoibriú pobail agus ar an tacaíocht forleathan atá ann don fheachtas fosta. Ní neart go cur le chéile! An Lá Dearg © Seán Ó Mainnín www.seanomainnin.com

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 01-Mar-2016

242 views

Category:

Documents


0 download

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. An Lá Dearg 2. Rath Rith 2014 2. Toscaireacht i nDoire 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. Scríbhneoireacht Le Scriosadh? 5. Barrliosta na Leabhar 6. Gaeilge sa Gharda Síochána 7. Liam ina Shíoladóir 7. Gradaim Go Leor 8. Ógras Lúraigh 8. Snámh Phádraig 9. Scéim Óige 9. Slán Le Seán 10. Uachtarán Úr ón Ard-Fheis 10. Reachtaíocht Thuaidh Theas 11. Aighneachtaí 11. An Ghaelbhratach 12. Is Leor Beirt 12. Buaiteoir an Chomortáis

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. An Lá Dearg2. Rath Rith 20142. Toscaireacht i nDoire3. Nuacht Áitiúil4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne5. Scríbhneoireacht Le Scriosadh?5. Barrliosta na Leabhar6. Gaeilge sa Gharda Síochána7. Liam ina Shíoladóir7. Gradaim Go Leor8. Ógras Lúraigh8. Snámh Phádraig9. Scéim Óige9. Slán Le Seán10. Uachtarán Úr ón Ard-Fheis 10. Reachtaíocht Thuaidh Theas11. Aighneachtaí11. An Ghaelbhratach12. Is Leor Beirt12. Buaiteoir an Chomortáis

E agrán 9.2. 16 Aibreán 2014

Tháinig 10,000 duine amach

ar shráideanna Bhéal Feirste chun Cearta, Cothromas agus Cóir a éileamh do phobal labhartha na Gaeilge sna Sé Chontae ag An Lá Dearg ar 12 Aibreán 2014. Thosaigh an mórshiúl i gCultúrlann McAdam - Ó Fiach ar Bhóthar na bhFál agus thug na sluaite aghaidh ar Chearnóg Theach an Chustaim i lár na cathrach. Ba hiad na príomhéilimh a bhí ag lucht eagraithe an mhórshiúil ar Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann ná Acht Gaeilge cuimsitheach c e a r t - b h u n a i t h e ; córas Gaeloideachais cuimsitheach; agus na hacmhainní cuí d’fhorbairt phobal na Gaeilge ó thuaidh. Cháin tuairisc Chomhairle na hEorpa an Feidhmeannas roinnte cumhachta as cosc a chur ar fhás agus ar chur chun na teanga ó thuaidh le déanaí. Ag labhairt thar cheann an Grúpa Oibre Feachtasaíochta, dúirt Caoimhe Ní Chathail: “Chinn gníomhairí teanga

sna Sé Chontae gur chóir dúinn tógáil ar an tonn fuinnimh a d’fhás ó Lá Mór na Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ón ócáid Slán Le Seán i gConamara. Tá pobal na Gaeilge ó thuaidh Dearg Le Fearg sna cúinsí reatha ina bhfuil acmhainní teoranta s’againn curtha i mbaol ag ciorraithe stáit agus cearta teanga a séanadh orainn ar bhonn córasach.” Tháinig 15 bhus ó cheithre airde na hÉireann ag tacú leis An Lá Dearg, léiriú ar an bhfrustrachas atá ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge fud fad na tíre, ach léiriú ar an gcomhoibriú pobail agus ar an tacaíocht forleathan atá ann don fheachtas fosta. Ní neart go cur le chéile!

An Lá Dearg

© Seán Ó Mainnín www.seanomainnin.com

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

Bhí toscaireacht de Theachtaí Dála,

de Sheanadóirí agus d’Fheisirí Parlaiminte i nDoire le déanaí chun bualadh le gníomhaithe Gaeilge i gCultúrlann Uí Chanáin mar ar chuala siad éileamh go gcomhlíonann Rialtas na Breataine a ghealltanas Acht na Gaeilge a thabhairt isteach chun cearta phobal na Gaeilge sa tuaisceart a chaomhnú agus a chosaint. Ag tabhairt aithisc do chomhaltaí An Chomhchoiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta, dúirt Gearóid Ó hEára, Priomhfheidhmeannach na Cultúrlainne, go raibh an staid reatha éagórach agus leatromach agus ní thabharfaí faoi i gceart ach trí reachtaíocht: “Rinne Rialtas na Breataine gealltanas i gComhaontú an Chéasta gníomh diongbháilte a ghlacadh chun an teanga a chur chun cinn, ina

dhiaidh shínigh siad an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, agus d’aontaigh ag Cill Rímhinn Acht na Gaeilge a thabhairt in reachtaíocht. “Léiríonn an ceathrú tuairisc de Choiste na Saineolaithe ar an Chairt Eorpach go soiléir go bhfuil teipthe

glan ar Rialtas na Breataine a dhualgais idirnáisiúnta maidir leis an Ghaeilge a chomhlíonadh. Is trí reachtaíocht amháin a bheidh cosaint dhlíthiúil ag pobal na Gaeilge. Ba cheart don Chomhchoiste brú a chur ar Rialtas na Breataine maidir leis an cheist thábhachtach seo.” Mhol an tUasal Ó hEára fosta gur chóir don Chomhchoiste – ar a n-áirítear Frank Feighan TD, Joe McHugh TD, an Seanadóir Jim Darcy, Michelle Gildernew CTR, Mark Durkan FPE agus comhaltaí polaitíochta eile – plé le hAontachtaithe maidir lena mbuairimh i leith na Gaeilge.

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 B ealtaine 2014

Rath Rith 2014Ghlac breis agus

30,000 páirt i Rith 2014, ollrith náisiúnta agus féile phobail chun airgead a thiomsú don teanga thar 9 lá le linn Sheachtain na Gaeilge ó 7 – 15 Márta 2014. Chuaigh an baitín sealaíochta, ina raibh teachtaireacht rúnda ó Uachtarán na hÉireann laistigh de, ó ghrúpa go grúpa agus idir scoileanna, thuismitheoirí, chlubanna óige agus spóirt, ghrúpaí áitiúla, eagraíochtaí,

phobal na n-áiteanna, aghaidheanna aitheanta agus polaiteoirí éagsúla ag tabhairt faoin gcúrsa 1,000km trí 16 chontae. Ba iad na daoine óga croílár na féile ón gcéad lá reatha i mBaile Bhuirne, Co. Chorcaí, agus glac siad páirt lárnach sa raic Gaelach

a cruthaíodh ar bhóithre na hÉireann ar an mbealach go Béal Feirste. Buíochas ollmhór do gach duine a ghlac páirt – seo muid réidh do Rith 2016!

Toscaireacht i nDoire

© Lorcan Doherty Photography

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilÁth Cliath

Tá céim shuntasach chun tosaigh glactha ag an nGaeloideachas meánscoile

lánGhaeilge sa phríomhchathair! Tá an seanchlochar Loreto Abbey ar Bhóthar na Gráins, Rath Fearnáin, ceannaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, agus beidh Gaelcholáiste an Phiarsaigh lonnaithe ann faoi Mheán Fómhair na bliana seo, in am do thús na scoilbhliana acadúla 2014 – 2015. Ceapadh Joe Mac Suibhne ina phríomhoide ar an nGaelcholáiste nua seo, a bheidh ag freastal ar mhórcheantar Dhún Droma i nDeisceart Átha Cliath, agus tá sé ag súil go rachaidh a thaithí fhada sa Ghaeloideachas chun tairbhe dó agus Gaelcholáiste den chaighdeán oideachais is airde á sholáthar ag Gaelcholáiste an Phiarsaigh. Tuilleadh eolais: www.gaelcholaiste.com

Baile an Fheirtéaraigh

Tá cúrsa 4 lá á reáchtáil ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i mBaile an

Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí sa Ghaeilge, sa stair áitiúil agus sa bhéaloideas ó 22-25 Aibreán 2014. Tá €190 ar an gcúrsa agus tá sé dírithe ar dhaoine a bhfuil líofacht éigin acu sa Ghaeilge cheana féin. Reáchtálfar ranganna nó seisiúin chainte sa Ghaeilge ar maidin agus beidh cainteanna nó léachtaí ar siúl san iarnóin ar ghnéithe de stair ársa áitiúil agus de mhórscéalta béaloideasa Chorca Dhuibhne. Tabharfar turas ar chuid de na láithreacha staire agus seandálaíochta is ársa agus is mó sa cheantar chomh maith le Músaem Chorca Dhuibhne i rith an chúrsa. Tuilleadh Eolais: www.oidhreacht.ie

Nuachtlitir Dháil na Mumhan ar fáil ó: [email protected]

Leitir Ceanainn

Tá daltaí Choláiste Áiligh i Leitir Ceanainn ag iarraidh ar an Chomairle Chontae

lánaí rothaíochta an bhaile a fheabhsú. Tá daltaí OSSP na tríú bliana - i gcomhar lena múinteoir Méabhá Ní Chailín agus le

pobal iomlán na scoile - ag iarraidh a chur in iúl don Chomhairle Contae go bhfuil lánaí rothaíochta an bhaile i bhfad ró-dhainséarach do dhaoine óga. Rinne siad suirbhé

ar dhaltaí na scoile agus d’aontaigh 52% nach raibh na lánaí sábháilte. Fosta rinne siad achainí agus fuair siad níos mó ná 400 síniú, ag léiriú go bhfuil daoine óga ag iarraidh níos mó lánaí rothaíochta sa bhaile. Twitter: @Rothaí_Ailigh14

Maigh Eo

Beidh seimineár ar Litríocht agus Scríobh na Gaeilge ar siúl in Óstán an Breaffy

Woods i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo, níos déanaí an mhí seo, Dé Sathairn, 26 Aibreán 2014. Máirtín Mac Donnchadha, craoltóir agus amhránaí, a bheidh ina chathaoirleach ar an seimineár arna eagrú ag Togra Mhaigh Eo de Chonradh na Gaeilge ó 10.00rn – 1.15in. Beidh Nollaig Ó Muraíle, léachtóir agus scríbhneoir; Michael Mullen, scríbhneoir; Máirtín G. Ó Maicín, colúnaí; Collette Nic Aoidh, file; Áine Ní Chiaráin, iriseoir; agus Colmán Ó Raghallaigh, scríbhneoir agus foilsitheoir, a bheidh ina n-aoichainteoirí ag an seimineár. Eolas: [email protected]

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 B ealtaine 2014

Ag na toghcháin Eorpacha ag teannadh orainn go gasta,

is iontach an áis eolais é suíomh idirlín Pharlaimint na hEorpa www. toghcha i n2014 .eu agus an cuntas Twitter ag @Europarl_GA a chuireann eolas ón bParlaimint ar fáil go hiomlán trí Ghaeilge. Nó más ar thóir na Gaeilge níos faide i gcéin atá tú, b’fhiú súil a chaitheamh ar an suíomh Gaeilínis ag www.gaeilinis.wordpress.com. Is clár idirmhalartaithe teanga agus cultúir idir daltaí Choláiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath agus mic léinn Ollscoil Léinn Idirnáisiúnta Bhéising sa tSín é an suíomh. Bíonn na daltaí agus na mic léinn ag cur aithne ar a chéile agus ag plé ceisteanna a bhaineann lena gcultúr féin agus a gcuid tuisceana ar an gcultúr eile trí mheán blagphostálacha,

faoi stiúir John Uí Liodáin i mBéising agus Ms. E. Brophy in Éirinn. Más ag iarraidh eolas ar-líne a chruinniú le chéile as Gaeilge atá tú, tá feidhmchlár nua forbartha ag Dónall Mac Billing. Is iarracht é an t-innéacs Gaelach seo chun sampla de ghnéithe éagsúla na Gaeilge atá ar fáil ar an idirlíon a nascadh

le chéile – idir shuímh idirlín, thráchtanna, fhíseáin, leathanaigh Facebook, tagairtí Twitter agus eile - in aon fheidhmchlár simplí amháin. Is féidir an feidhmchlár a íoslódáil ar do ghuthán glic nó ar do ríomhaire pearsanta ach An Ghaeilge 130 nó Corrmhéar na Gaeilge 130 a lorg i nGoogle Play, sa Monkey Market nó san App Store, nó ón suíomh http://fanapp.mobi/anghaeilge130. Eolas breise: www.softwareinirish.com

Ó Chiorcal Comhrá Connecticut agus Mardi Gras LánGhaeilge in Ambasáid

na hÉireann sa Fhrainc, go Seachtain na Gaeilge den scoth i Manchain agus Féile Bhia na Gaeilge i Nua Eabhrac, tá teanga na nGael ag leathnú go leanúnach! Beidh deireadh seachtaine tumtha ar siúl i mBloomington, Indiana sna Stáit Aontaithe ó 2 – 4 Bealtaine 2014 agus tá praghas lascaine de $100 ar fáil do theaghlaigh agus do chairde; bíonn $125 ar chlárúchán de ghnáth. Is féidir íoc ar-líne ag

h t tp s :// squareup.com/market/indiana-celtic-community nó is féidir seic a sheoladh chuig Indiana Celtic

Community, P.O. Box 3524, Bloomington, Indiana 47402. Beidh cúrsa tumoideachais seachtaine á sholáthar do thosaitheoirí agus do chainteoirí ar ardchumas araon i mButte, Montana i Meiriceá chomh maith níos déanaí an samhradh

seo, ó 19 - 26 Iúil 2014.Breis eolais:[email protected]

Teicenolaíocht na Teanga

Gaeilge na Cruinne

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

Cáineann Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge beartais Fhoras na Gaeilge

chun deireadh a chur le maoiniú nuachtán agus irisí Gaeilge. Iarrann an Conradh ar an bhForas tábhacht scríbhneoireacht agus smaointeoireacht na Gaeilge a aithint, agus a dheimhniú go gcuirfidh an Foras maoiniú sásúil ar fáil chun a chinntiú gur féidir leis na meáin chlóite Gaeilge maireachtáil agus forbairt. Tá gá le hearnáil fuinniúil, nua-aimseartha,

iriseoireachta Gaeilge a fhreastalóidh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus a thabharfaidh ardán do dhearcaidh éagsúla agus do stíleanna éagsúla scríbhneoireachta laistigh de phobal ilghnéitheach na Gaeilge. Baineann tábhacht ollmhór leis an bhfocal scríofa i gcothú agus i mbuanú teanga, mar aon leis an smaointeoireacht neamhspleách go bhfuil gá léi as Gaeilge. Feictear dúinn go bhfuil Foras na Gaeilge ag déanamh cinnidh fáil réidh le soláthair agus le seirbhísí luachmhara scríbhneoireachta agus iriseoireachta Gaeilge gan soláthar sásúil litríochta a chur ina n-áit. Iarrann Conradh na Gaeilge ar an bhForas na pleananna atá acu d’earnáil litríochta na Gaeilge a fhoilsiú agus gan pobal na teanga a fhágáil i bhfolús.

Athbhliain faoi mhaise ó gach duine ins An Siopa Leabhar! Seo a leanas na leabhair is mó díolta go dtí seo sa Bhliain Úr:

Páistí agus Daoine Óga1. Uinseann Donn - Tadhg Mac

Dhonnagáin - Futa Fata - €9.952. Corgaillín - Liam Prút

- An Gúm - €6.503. An Bata Draíochta - Irene Ní

Mhuireagáin, An Gúm, €8.504. Vroom Town - Emer Conlon - €10.505. An Measín Ama - Máire Ní

Ghallchobhair - Leabhar Breac - €7.50

Daoine Fásta1. Leabhar Mór na nAmhrán

- Mícheál Ó Conghaile - CIC - €252. 1916 Seachtar Dearmadta

- Aindrias Ó Cathasaigh - €103. Punt Isló -

Maidhc Dainín Ó Sé - Coiscéim - €84. An Fuíoll Feá - Liam Ó Muirthile

- Cois Life - €205. Rocky Ros Muc - Rónán Mac Con

Iomaire - CIC - €15

Eolas & orduithe: [email protected] +353 (0)1 4783814 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Scríbhneoireacht faoi bhrú?

Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 B ealtaine 2014

Gaeilge sa Gharda SíochánaTá Coiste Feidhmithe Bheartas na Gaeilge

an Gharda Síochána tar éis an Ghaeilge a neartú san eagraíocht le tamall beag anuas, agus béim níos mó á cur ag lucht ard-bhainistíocht na nGardaí ar thábhacht na teanga san fhórsa. I mí na Nollag 2013, d’fhógair an Garda Síochána go mbeadh sraith ar leith do chainteoirí líofa Gaeilge sa phróiseas nua earcaíochta le freastal ar cheapacháin sa Ghaeltacht. Leithdháilfear na hiarrthóirí seo ón tsraith Gaeilge, a n-éiríonn leo na cáilíochtaí incháilitheachta ar fad a chomhlíonadh, go limistéir Gaeltachta ar feadh tréimhse suas go cúig bliana. Beidh suas le 10% den chéad ghrúpa d’earcaigh nua ina gcainteoirí líofa Gaeilge. Cinnteoidh an polasaí nua seo go mbeidh gach comhalta a bhíonn lonnaithe i gceantar Gaeltachta in ann a gcuid gnó a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge agus seirbhís iomlán póilíneachta trí Ghaeilge a sholáthar don phobal sin. Táthar ag déanamh gach iarracht feasacht teanga a threisiú i measc na gcomhaltaí freisin agus dearadh mionchártaí Gaeilge do chomhaltaí an Gharda Síochána i 2013 chuige seo. Tá nathanna úsáideacha Gaeilge le fáil sna cártaí chomh maith le meabhrúcháin go bhfuil dualgais reachtúla teanga ag an eagraíocht agus go bhfuil an fhórsa tiomanta do chur chun feidhme Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Bhí Seastáin Eolais ag an nGarda Síochána ag Oireachtas na Gaeilge den chéad uair i 2013

agus táthar ag súil go mbeidh seastán ag an eagraíocht i gCill Airne arís i mbliana. Ina theannta sin, cuirfear clár oiliúna ar bun i gColáiste an Gharda Síochána d’ábhair Ghardaí maidir le dualgais reachtúla na heagraíochta i dtaca leis an nGaeilge agus na dualgais reachtúla teanga atá ag an bhfórsa. Tá an-bhéim curtha ag an

eagraíocht ar chúrsaí oiliúna Ghaeilge agus tá tumchlár Gaeilge sa Ghaeltacht ar siúl ag an nGarda Síochána ó 2011. Faoin gclár seo cuirtear gearrchúrsaí Gaeilge ar fáil do chomhaltaí

i nGaeltachtaí éagsúla ar fud na tíre i bpáirtíocht le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá cúig chúrsa Gaeltachta curtha ar bun go dtí seo agus cuirfear ceithre chúrsa ar siúl i 2014 i gcomhar leis na n-eagraíochtaí thuasluaite chomh maith le Coláiste na Rinne agus Ionad Oileáin Chléire. Freastalaíonn Coimisinéir Cúnta Fintan Fanning ar na cúrsaí seo chun dualgais teanga na heagraíochta a athneartú i measc na gcomhaltaí. Tá forbairt leanúnach gairmiúil sa Ghaeilge ar fáil do chomhaltaí ar bhonn seachtainiúil i dtrí réigiún i láthair na huaire freisin - Gaillimh, Ciarraí agus Dún na nGall. Rinne seachtar comhalta an scrúdú Teastas Eorpach na Gaeilge le hOllscoil na hÉireann, Má Nuad i 2013, agus bhronn Coimisinéir Cúnta Dónall Ó Cualáin agus Siuán Ní Mhaonaigh, stiúrthóir TEG, teastais orthu.

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Liam Ina ShíoladóirBhronn Bord na Gaeilge UCD Gradam

Shíoladóir na Teanga ar Liam Ó Maolaodha ag ócáid i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, le déanaí. Tá Liam Ó Maolaodha ag obair mar Stiúrthóir ar Oireachtas na Gaeilge ó mhí Feabhra 1996, agus bhí sé ina Bhainisteoir Stiúrtha ar Choláiste na bhFiann roimhe sin. Dar le Liam Ó Maolaodha féin: “Is cúis áthais agus bróid dom gur roghnaigh Bord na Gaeilge UCD mé le haghaidh an Ghradaim seo. Thug mo shaol oibre, i gColáiste na bhFiann agus in Oireachtas na Gaeilge, deiseanna dom síol na teanga a chur, síol na

hathbheochana, síol an chultúir agus na hoidhreachta, agus cuireann sé ríméad i gcónaí orm aon uair a bhfeicim toradh ar sin,” a dúirt sé. Comhghairdeas leat a Liam!

Fógraíodh gearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le

déanaí agus beidh an searmanas bronnta ar siúl in Óstán Chuan na Gaillimhe Dé hAoine, 16 Bealtaine 2014. Beidh Aengus Mac Grianna, craoltóir nuachta RTÉ, ar ais arís mar Fhear an Tí ar an oíche agus tabharfar ómós do na haisteoirí, na hiriseoirí, na láithreoirí, lucht déanta na gclár agus daoine eile san earnáil a rinne sár-ionchur sa ghort sin le bliain anuas. Tá clár faisnéise faoin imreoir peile Páidí Ó Sé i measc na n-ainmniúchán do ghradaim na bliana seo, mar aon le suímh nuachta Ghaeilge, an gearrscannán Rúbaí, colúnaithe Irish Times, *Nós agus iGaeilge, agus láithreoirí teilifíse agus raidió araon. Agus ní hamháin gur ainmníodh Raidió na Life ar

ghearrliosta Stáisiún Raidió na Bliana arís ag Féile na Meán Ceilteach 2014, ach tá an tsraith 20 Bliain agus an

láithreoir Cian Mac Cárthaigh ainmnithe do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014 chomh maith. Cuirfear córas nua vótála i bhfeidhm do na gradaim i mbliana agus roghnóidh painéal moltóirí na buaiteoirí. Beidh ar na

hainmnithigh samplaí dá gcuid oibre a chur isteach agus tabharfaidh painéal saineolaithe marcanna dóibh bunaithe ar chritéir faoi leith. Beidh gné nua, spraíúil i gceist ag bronnadh na ngradam i mbliana leis, áit a roghnófar an bhean is fearr éide agus an fear is fearr éide ar an oíche, agus cuirfidh Rónán Mac Aodha Bhuí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta a Cabaret Craiceáilte ar siúl tar éis an bhronnta.

Gradaim Go Leor

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 B ealtaine 2014

Ógras LúraighBhí lá iontach ag baill d’Ógras Lúraigh nuair

a chuaigh siad go Dún Dónaill chun an lá a chaitheamh ag scátáil ar an oighear agus ag babhláil ina dhiaidh. Bhí an-chraic ag na déagóirí agus iad ag labhairt i nGaeilge i rith an ama. Ghlac na déagóirí leis an scátáil go gasta i ndiaidh dóibh na buataisí cearta a chur orthu. Bhí lear mór daoine ar an rinc scátála agus b’éigean bheith iontach cúramach gan sleamhnú isteach insna daoine eile. Bhí sé deacair ar dtús báire fanacht ar na cosa, agus bhí cúpla tóin nimhneach ann roimh dheireadh an tseisiúin! Ach i ndiaidh dul thart cúpla uair bhí sé níos fusa agus níos compardaí ar an oighear. Bhí sé greannmhar daoine a fhéicéail agus iad ag tarraingt go tobann nó iad ag iarraidh greim a fháil ar lámh a gcarad sula dtitfeadh siad. Bhain gach duine sult as an uair a chaith muid ar an

oighear, ansin bhí sé in am dúinn bogadh ar aghaidh chuig an bhabhláil. D’imir muid cluiche, na ceannairí san áireamh ach, ba iad na gasúraí a tháinig amach ar an bharr sa deireadh agus dhá chluiche bainte acu. Ina dhiaidh seo uilig bhí muid stiúgtha leis an ocras mar sin de fuair muid béile breá in McDonald’s agus bhí muid réidh le dul abhaile i ndiaidh dúinn lá iontach a bheith againn i gcuideachta a chéile ag labhairt inár dteanga dhúchais.

D’éirigh le Snámh Phádraig breis agus €33,000 a thiomsú ar son Phádraig

Schäler, Gaeilgeoir óg aitheanta agus snámhaí den scoth as Baile Átha Cliath a gortaíodh go dona i Meiriceá anuraidh. Bhí Pádraig - iar-reachtaire Chumann Gaelach TCD - ar víosa J1 tar éis dó bunchéim a bhaint amach i gColáiste na Tríonóide nuair a leag veain é den rothar ar a bhealach chun na hoibre, agus fágadh é i gcóma ó shin. Chaith sé dhá sheachtain in aonad dianchúraim sna Stáit Aontaithe sular fhill sé go hÉirinn. Ghlac a mhuintir an cinneadh é a bhogadh chun na Gearmáine cúpla mí ina dhiaidh sin, áit ina bhfuil sé ag fáil an chúraim chuí agus ag déanamh dul chun cinn de réir a chéile faoi láthair. Ghlac 50 duine óga páirt sa snámh tiomsaithe ó 12 – 13

Aibreán 2014 le cabhrú lena theaghlach íoc as a chúram leighis, agus thaisteal na rannpháirtithe go gach contae in

Éirinn le cósta – sin 17 gcontae ar an iomlán! Arsa Aodhán Ó Deá, eagraí an tsnámha: “Tá buíochas agus aitheantas ollmhór tuillte ag gach duine rannpháirteach san

imeacht agus ag na daoine ar fad a dheonaigh airgead dúinn. Léiríodh tacaíocht thar na beirte don imeacht fud fad na tíre, bhí atmaisféar ar leith ann agus baineadh díol fir as carachtar agus spiorad Phádraig leis an imeacht seo.” Is féidir airgead a dheonú leis an gciste Caring for Pádraig go fóill: www.bit.ly/donatepadraig.Tuilleadh eolais:www.caringforpadraig.orgwww.hospi-tales.com

Snámh Phádraig

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Scéim ÓigeTá maoiniú á chur ar fáil

ag Foras na Gaeilge d’imeachtaí óige trí Ghaeilge don aos óg lasmuigh den Ghaeltacht trí Scéim na nImeachtaí Óige 2014 – 2015. Ta uasmhéid maoinithe de €5000 / £3500 ar fáil d’imeachtaí óige oiriúnacha trí Ghaeilge don aos óg (3 bliana - 18 bliana d’aois) a bhfuil sé mar aidhm acu an Ghaeilge a threisiú trí mheascán d’imeachtaí; nach Imeachtaí cónaithe iad; a bheidh á reáchtáil idir 1 Meán Fómhair 2014 agus

30 Meitheamh 2015; agus nach féilte, comórtais, nó imeachtaí aon lae amháin iad. Molann Foras na Gaeilge d’iarratasóirí comhmhaoiniú a lorg le haghaidh tionscadal, nuair is cuí, agus comhoibriú le heagraíochtaí eile leis an luach is fearr

a fháil ó dheontas Fhoras na Gaeilge. Spriocdháta iarratais: 12.00 meánlae, Dé hAoine, 16 Bealtaine 2014. Tuilleadh eolais, critéir & treoirlínte: [email protected]

Ghlac pobal na Gaeltachta buíochas ó chroí le Seán Ó Cuirreáin ag an

mórshiúl Slán Le Seán i gConamara nuair a d’éirigh sé as oifig mar Choimisinéir Teanga ar 24 Feabhra 2014, an chéad ombudsman riamh le seasamh siar de bharr easpa gnímh an Rialtais. Tá imeallú leatromach á dhéanamh ar an teanga agus ar an nGaeltacht de bharr an easpa gnímh seo, agus níl an Rialtas sásta seirbhísí Ghaeilge a chinntiú do phobal na Gaeltachta gan ceist gan coinníoll. Tá an státchóras ag brú Béarla ar phobal na Gaeltachta agus ag cur le meath na Gaeltachta dá réir agus ina theannta sin, níl a dhóthain státseirbhísigh ó dheas gur féidir leo seirbhísí a chur ar fáil don phobal trí chéile as Gaeilge sa chuid eile den

tír ach oiread. D’fháiltigh Conradh na Gaeilge roimh cheapachán Rónáin Uí Dhomhnaill mar Choimisinéir Teanga nua an mhí seo caite áfach,

agus roimh chinneadh an Rialtais gan Oifig an Choimisinéara Teanga a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman, mar a bhí beartaithe acu a dhéanamh le breis agus dhá bhliain anuas. Tá Conradh na Gaeilge den tuairim, áfach, go bhfuil go leor leasaithe

fós ag teastáil ar Cheannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 má tá an Rialtas ó dheas dáiríre faoin reachtaíocht a chosnaíonn cearta daonna bunúsacha phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a láidriú, ní a lagú, agus beidh an eagraíocht ag cur moltaí an phobail chun cinn go láidir sna seachtainí amach romhainn.

Slán Le Seán

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

Toghadh Cóilín Ó Cearbhaill,

Bleá Cliathach agus Tánaiste ar Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge roimhe seo, ina Uachtarán ar an bhfóram daonlathach do phobal na Gaeilge ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán na nAirde, Cill Airne, Co. Chiarraí, ag tús na míosa. Tá Uachtarán Ó Cearbhaill ag iarraidh tosaíocht a dhéanamh de chearta teanga ina ról úr, agus thug sé le fios: “Tá pobal

na Gaeilge agus na Gaeltachta thuaidh theas spreagtha chun gnímh agus a gcearta teanga á lorg acu ó na Rialtais. Ní mór do na státchórais agus na polaiteoirí sa ar fud an oileáin cosaint agus tacaíocht shásúil a thabhairt do phobal na Gaeilge ar fud na tíre,

agus go gcinntítear go mbíonn Gaeilge líofa ag fostaithe stáit a bheidh ag freastal ar phobal na Gaeltachta, gan cheist, gan choinníoll, faoi dheireadh 2016.”

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 B ealtaine 2014

Uachtarán Úr ón Ard-Fheis

Ritheadh rún éigeandála d’aon ghuth ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge

2014 mar gheall gur diúltaíodh giúiré dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla a cheadú i gcás Pheadair Uí Mhaicín ó Ros Muc, Co. na Gaillimhe, i mbreithiúnas ón gCúirt Uachtarach ó dheas ar 27 Feabhra 2014. Is mór an náire náisiúnta í gurb í Poblacht na hÉireann an t-aon tír neamhspleách nach féidir dul chun dlí i dteanga náisiúnta na tíre agus go dtuigfí thú sa chúirt gan ateangaire. Mhol an rún leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003, chun a chinntiú go mbeidh ar chumas saoránach - as an nGaeltacht go háirithe – a bheith cinnte go dtuigfidh gach duine den ghiúiré an fhianaise go cruinn, gan cabhair, gan cúnamh. Mhol an Ard-Fheis go ndéanfaí aisghairm freisin ar an Acht

um Riar na Córa (Teanga) (Éire), 1737, a chuireann cosc ar úsáid teanga ar bith eile seachas an Béarla in imeachtaí cúirte ó thuaidh. Phléigh Mícheál Ó Flanagáin ó Chraobh na Cúirte i mBéal Feirste ceist na reachtaíochta

seo ag Seimineár na hArd-Fheise Dé hAoine. Labhair An Dr. Pádraig Breandán Ó Laighin; Roibeard Ó hEartáin, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Chontae Chiarraí; agus Niamh Ní Chróinín, Cumann Gaelach Choláiste na Tríonóide, maidir le Cearta agus

Comhionannas - Gaeilge sa Bhaile, Gaeilge san Eoraip leis. Ritheadh rúin Ard-Fheise eile ag tacú leis an bhfeachtas chun cothrom na Féinne a bhaint amach do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud an oileáin freisin.

Reachtaíocht Thuaidh Theas

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

AighneachtaíTá An tÚdarás Clárúcháin

Maoine (ÚCM) ag ullmhú scéime nua de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus tá uiríll i ndáil leis an scéim á lorg ag an Údarás ó pháirtithe leasmhara anois. Na príomhfheidhmeanna atá ag an ÚCM nua ná bainistiú agus rialú a dhéanamh ar Chlárlann na nGníomhas agus ar Chlárlann na Talún, agus an córas clárúchán um theideal maoine a fhorleathnú agus a chur chun cinn. Is ceart aighneachtaí - a

chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin an Údaráis - a sheoladh go leictreonach chuig [email protected] nó is féidir iad a chur leis an bpost chuig: Margaret Mulhair, Rannán na Seirbhísí Corparáideacha, An tÚdarás Clárúcháin Maoine, Sráid na Seansaireachta, Baile Átha Cliath 7. Spriocdháta: 5.00in, Dé Luain, 28 Aibreán 2014.

Tuilleadh eolais:www.prai.ie

Is scéim tacaíochta í An Ghaelbhratach chun cumarsáid na Gaeilge a

spreagadh i measc phobail iomlána na scoileanna atá páirteach inti, agus seoladh an scéim phíolótach ag ócáid speisialta i Meánscoil Loreto, Bré i gCo. Chill Mhantáin ar 7 Márta 2014. Mar thoradh ar a gcuid oibre ar son na teanga, agus nuair atá spriocanna áirithe bainte amach acu, beidh scoileanna ag an mbun- agus ag an meánleibhéal i dteidil cur isteach ar bhratach le cur ar foluain i gclós na scoile. Ba í Máire-Treasa Ní Dhubhghaill, láithreoir agus tráchtaire rugbaí le TG4 agus ambasadóir Sheachtain na Gaeilge 2014, a sheol an scéim go hoifigiúil ar an lá. Bhain na daltaí scoile ard-thaitneamh as siamsaíocht an lae, Giggles an fear grinn agus ceol bríomhar ón ngrúpa

Mo Hat Mo Gheansaí san áireamh. Léiríodh teachtaireachtaí ó Dhara Ó Briain, Des Bishop, Laura Whitmore

agus peileadoirí agus aisteoirí aitheanta ar an scáileán sa scoil agus iad uile ag guí áidh mhóir ar an scéim. Deir Siún Ní Dhuinn, Oifigeach Feidhmiúcháin na Gaelbhrataí sna meánscoileanna: “Lá iontach a bhí ann don

Ghaelbhratach, do scoileanna na scéime, agus go háirithe don choiste Gaeilge i meánscoil Loreto, Bré, mar chonaic siad torthaí a gcuid oibre nuair a seoladh an scéim go fuinniúil agus go spreagúil sa scoil.” Tá an scéim á maoiniú ag Foras na Gaeilge agus tá Gael-Linn agus Conradh na Gaeilge ag comhoibriú le chéile ar an togra.Breis eolais:[email protected]

An Ghaelbhratach

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Aibreán 2014

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 14 B ealtaine 2014

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

• Cúrsaí Snámha

• An bhfuil snámh agat?• An dtéann tú ag snámh go rialta?• Ar fhreastail tú ar ranganna snámha riamh?• An fearr leat snámh san fharraige nó i linn snámha?• Cá háit a bhfuil an trá is deise in Éirinn?• An ndéanann tú bolg le gréin agus tú thar lear?• An ndeachaigh tú ag snámh san fharraige ar Lá Nollag riamh?• Ar chuala tú faoin snámh tiomsaithe Snámh Phádraig?• An bhfuil scileanna tarrthála agat?• An ndearna tú cúrsa sábháilteachta uisce riamh?• An mbíonn tú féinchoinsiasach i gculaith snámha?• An gcaitheann tú culaith fhliuch san uisce?• Cé hé / hí an snámhaí is cáiliúla ar d’aithne?• An dóigh leat gur scil thábhachtach í an snámh?• An aontaíonn tú leis an bpisreog nár chóir d’iascairí snámh a fhoghlaim?• Ar bhreathnaigh tú ar na rásaí snámha le linn na gCluichí Oilimpeacha?• An dóigh leat gur chóir scileanna snámha a mhúineadh ar scoil?• Cad iad na buntáistí aclaíochta atá ag baint leis an snámh, meas tú?