carraigeacha
TRANSCRIPT
CarraigeachaAn t-ábhar crua atá le fáil ar screamh an
Domhain.
Carraigeacha (rocks)• Cruthaítear carraigeacha nuair a stroighnítear
roinnt mianraí le chéile go nádúrtha.
• Déantar rangú idir carraigeacha ag brath ar: an méid mianraí a bhíonn iontu, a ndath, a gcruas agus a n-uigeacht.
• Tá 3 chineál carraig ann: bruthcharraigeacha, carraigeacha dríodair agus carraigeacha meiteamorfacha.
Bruthcharraigeacha (igneous rocks)
Carraigeacha dríodair (sedimentary rocks)
Carraigeacha meiteamorfacha
(metamorphic rocks)
TearmaíochtBruthcharraigeacha: - Basalt = basalt- Granite = eibhear
Carraigeacha dríodair:- Limestone = aolchloch- Sandstone = gainneamhchloch- Shales = sceall
Carraigeacha meiteamorfacha:- Quarztite = grianchloicít- Marble = marmar
An fharraige
Foirmiú na gcarraigeacha
• Bruthcharraigeacha – Foirmíonn siad de bharr gníomhaíocht bholcánach. Fuaraíonn magma te leáite go dlúthcharraig ar dromchla an Domhain nó laistigh den screamh.
• Carraigeacha dríodair – Foirmíonn siad ó caithníní na gcarraigeacha agus na plandaí agus ainmhithe marbha. Síl-leagadh iad ar ghrinneall na bhfarraigí agus lochanna. Bhí siad seo comhbhrúite agus stroighnithe le chéile de réir a chéile.
• Carraigeacha meiteamorfacha – D'athraigh cruth na gcarraigeacha meiteamorfacha de bharr teas agus brú. Is carraigeacha dríodair agus bruthcharraigeacha iad sular tháinig athrú orthu.
1. BruthcharraigeachaIs iad an dá bhruthcharraig is coitianta ná eibhear
agus basalt.
Eibhear
Basalt
Eibhear (granite)• Cruthaíodh eibhear nuair a rinne magma leáite a
bhealach isteach sa screamh.
• D'fhuaraigh sé go mall thar na milliúin bhlianta agus leis sin, cruthaíodh criostail mhóra (grianchloch san áireamh).
• Shroich an t-eibhear an dromchla faoi dheiridh nuair a bhí na carraigeacha os a chion creimthe.
• Bíonn eibhear ildaite - liath, bándearg nó dubh.
• Úsáidtear i dtionscal na tógála é agus do shéadchomharthaí.
• Tá eibhear le fáil i Sléibhte Chill Mhantáin agus i mBeanna Boirche.
Eibhear
Basalt• Cruthaíodh basalt nuair a scaip laibhe amach
ar dhromchla an domhain.• D'fhuaraigh an laibhe go tapa agus chruaigh sí
mar gheall gur nochtadh don aer í. Mar thoradh air, tá criostail bheaga bhídeacha sa bhasalt nach bhfeiceann an ngnáthshúil.
• Bíonn dathanna éagsúla ar bhasalt: dúliath nó dubh.
• Tá basalt le fáil in Ardchlár Aontroma-Dhoire (Antrim Derry Plateau), m.sh Clochán an Aifir (Giant's Causeway).
Basalt
ComparáidEibhear
• D'fhuaraigh an laibhe go mall.
• Criostail mhóra.• Dath gheal.
Basalt
• D'fhuaraigh an laibhe go tapa.
• Criostail bheaga bhídeacha.
• Dath dhorcha.
2. Carraigeacha dríodair
I measc na gcarraigeacha dríodair tá aolchloch, gainneamhchloch agus sceall.
Gainneamhchloch
Aolchloch
Sceall
Aolchloch (limestone)• Cruthaíodh aolchloch ar ghrinneall na n-aigéan tanaí, te as
cnámharlaigh d'ainmhithe mara, as éisc agus as sliogáin.
• Thosaigh grúpaí díobh seo ag bailiú le chéile thar na milliúin de bhlianta.
• Bhí na caithníní (particles) seo comhbhrúite agus stroighnithe le chéile. Tugtar iontaise (fossil) air nuair a bhíonn cnámharlach le feiceáil sa charraig.
• Bíonn dathanna idir bán agus liath ar aolchloch agus tá sí tréscaoilteach (pervious - ligeann sé d'uisce síleadh tríd) agus leagtar síos í ina sraitheanna.
• Áit = An Bhoireann, Co. an Chláir
• Úsáid = Déantúsaíocht séadchomharthaí, foirgnimh poiblí agus stroighin.
Aolchloch
Pábháil Aolchloiche
Aolchloch i sraitheanna
Gaineamhchloch• Cruthaíodh gaineamhchloch nuair a creimeadh go leor
gainimh ó dhromchla an Domhain agus nuair a d'iompar an ghaoth agus na haibhneacha í.
• Síl-leagadh an gaineamh sin ar ghrinneall na lochanna, na bhfarraigí agus i ngaineamhlaigh.
• Bhailigh sraitheana gainimh le chéile agus comhbhrúdh agus stroighníodh iad seo chun gaineamhchloch a chruthú.
• Bíonn dathann éagsúla ar ghaineamhchloch idir donn agus dearg.
• Uaireanta, úsáidtear i dtionscal na tógála í.• Tá gaineamhchloch le fáil i Sléibhte na Mumhan, amhail, na
Cruacha Dubha agus na Comaraigh.
Gaineamhchloch
Carraigeacha Meitemorfacha
I measc na gcarraigeacha meitemorfacha tá marmar (marble), grianchloicít (quartzite) agus
slinn (slate).
GrianchloicítMarmar
Slinn
Meiteamorfacht (metamorphism)• Cruthaítear carraigeacha meitemorfacha de
bharr próiséas ar a dtugtar meiteamorfacht.• Meiteamorfacht: Athrú a thagann ar structúr
charraig de bharr teas agus/nó brú M.sh: Aolchloch ag athrú go Marmar.
Marmar• Cruthaítear magma nuair a dhéanann magma
leáite a bhealach isteach i gceantar aolchloiche. Cuireann sé brú air agus teas uafásach. Athraíonn an aolchloch go marmar.
• Bíonn dath bán ar mharmar glan ach d'fhéadfadh go n-athróidh an dath go dearg, glas nó dubh dá meascadh sé le mianraí eile.
• Is carraig chrua é marmar agus bíonn criostail measctha leis freisin.
• Faightear marmar bhán i Reachlainn, marmar ghlas i gConamara agus marmar dhearg i gCorcaigh.
Marmar
Grianchloicít• Is éard atá i ngrianchloicít ná gráinní grianchloiche
brúite isteach ina chéile.
• Tharla sé nuair a d'athraigh gainneamhchloch mar gur mheasc sí le magma a bhí go domhain i screamh an domhain.
• Tharla sé go hiondúil i rith tréimhsí inár cruthaíodh fillsléibhte.
• Bíonn dathanna éagsúla uirthi idir liath agus bán.
• Faightear í i sléibhte na hÉireann, m.sh Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo.
Grianchloicít